13.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 473/19


Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 473/08)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1)

FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL

“Beaujolais”

PDO-FR-A0934-AM02

Dáta teachtaireachta: 28 Meán Fómhair 2022

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS

1.   Sonraíochtaí geografacha agus tásca forlíontacha

I gCaibidil I, roinn II, pointe 4 den tsonraíocht, scriosadh na focail “nó ainm bhardas bunúis na bhfíonchaor”. Is é is aidhm don leasú sin, lena mbaineann an fhéidearthacht fíonta a tháirgeadh a bhfuil na téarmaí “primeur” agus “nouveau” araon orthu mar aon le hainm bhardas bunúis na bhfíonchaor a bhaint, sainiúlacht vin de garde [fíon le stóráil] a bhunú leis an sonrúchán “Beaujolais” agus ainm bhardas bunúis na bhfíonchaor ina dhiaidh.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

2.   Limistéar geografach

I gCaibidil I, roinn IV, pointe 1(a), (b) agus (c) den tsonraíocht, sa leagan Fraincise cuirtear na focail “ont lieu” [tarlaítear] in ionad na bhfocal “sont assurés” [déantar] [Nóta an aistritheora: ní dhéanann an leasú seo aon difear don leagan Béarla]. Anuas air sin, cuireadh na focail “bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021” isteach i ndiaidh “na bardais a leanas”.

Leis an leasú eagarthóireachta sin, ligtear don limistéar geografach a bheith aitheanta le tagairt do leagan 2021 den Chód Tíreolaíoch Oifigiúil, a choinníonn an Institiúid Náisiúnta Staidrimh agus Staidéar Eacnamaíoch (INSEE) cothrom le dáta agus a thugann deimhneacht dhlíthiúil don sainmhíniú ar an limistéar geografach freisin.

Tugadh liosta na mbardas atá sa limistéar geografach agus a n-ainmneacha cothrom le dáta gan, teorainn an limistéir gheografaigh a athrú, chun na hathruithe riaracháin a rinneadh ar an gCód Geografach Oifigiúil a chur san áireamh.

Leasaíodh pointe 6 doiciméad aonair.

Cuireadh abairt freisin le pointe 1 de Roinn IV ina mínítear go bhfuil léarscáileanna a chumhdaíonn an limistéar geografach ar fáil ar shuíomh gréasáin na hInstitiúide Náisiúnta um Thionscnamh agus Cháilíocht (INAO).

3.   Limistéar díreach in aice láimhe

I gCaibidil I, roinn IV, pointe 3(a) den tsonraíocht, cuireadh na focail “bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021” isteach i ndiaidh “na bardais a leanas”.

Leis an leasú eagarthóireachta seo is féidir an limistéar atá gar dá chéile a shainaithint le tagairt do leagan 2021 den Chód Geografach Oifigiúil, arna fhoilsiú ag INSEE.

Leis an tagairt seo tugtar deimhneacht dhlíthiúil don sainmhíniú ar an limistéar atá díreach i ngaireacht dó.

Rinneadh liosta na mbardas ina bhfuil an ceantar gar dá chéile, lena n-áirítear a n-ainmneacha, a thabhairt cothrom le dáta, gan athruithe a dhéanamh ar an teorainn, chun na hathruithe riaracháin atá déanta a chur san áireamh.

Leasaíodh an roinn den doiciméad aonair dar teideal “Coinníollacha breise”.

4.   Na rialacha maidir le treilísiú agus le hairde duilliúir

I gCaibidil I, roinn IV, pointe 1(c) den tsonraíocht, scriosadh na focail “tá sé mar íosluach freisin” ón bhforáil maidir le hairde duilliúir fíniúnacha neamh-threilíse le haghaidh fíonta dearga agus rosé a tháirgeadh. Is ceartúchán é sin ar earráid dréachtaithe sa tsonraíocht atá ann faoi láthair.

Ní bhaineann an leasú seo leis an doiciméad aonair.

5.   Forálacha speisialta maidir leis an bhfómhar a iompar

I gCaibidil I, roinn VII, pointe 1(b) den tsonraíocht, scriosadh an fhoráil a bhaineann le doimhneacht fhómhar na bhfíonchaor sna coimeádáin ina n-iompraítear ón dáileacht go dtí an fhíonlann é mar chuid d’fhómhar meicniúil na bhfíonchaor le haghaidh fíonta dearga agus rosé.

Chomhtháthaigh na táirgeoirí an cleachtas sin agus níor cheart é a mheas mar riail táirgthe a thuilleadh.

Leasaíodh an doiciméad aonair faoin gceannteideal “Cleachtais fíoneolaíochta shonracha”.

6.   Fíonta atá incháilithe maidir leis an téarma “primeur” nó “nouveau” a bheith orthu

Cuireadh an fhoráil maidir leis an méid táirgeachta fíona atá incháilithe don téarma “primeur” [luath] nó “nouveau” [nua] a bheith uirthi, a bhí i gCaibidil I, roinn IX, pointe 2(a), cuireadh i gCaibidil I, roinn VIII, pointe 1 den tsonraíocht í. Os rud é go mbaineann an fhoráil le méid táirgeachta, ba cheart di bheith sa mhír a bhaineann le táirgeachtaí.

Chun teacht níos gaire le sainiúlacht na bhfíonta atá le stóráil a bhfuil an téarma “Villages” orthu, cuireadh comhéifeacht leis a bhaineann leis na fíonta sin go sonrach chun an méid a ríomh, atá níos ísle ná an chomhéifeacht a bhaineann le fíonta a bhfuil an sonrúchán “Beaujolais” orthu gan téarma breise.

Sonraíodh freisin cén chuid den ghabháltas ar ar féidir na comhéifeachtaí sin a chur i bhfeidhm.

Ní bhaineann an leasú seo leis an doiciméad aonair.

7.   Rialú teochta

I gCaibidil I, roinn IX, pointe 1(f) den tsonraíocht, scriosadh an fhoráil shonrach a bhaineann le siléir choipthe ina ndéantar fíon ó fhíonchaora a buanadh go meicniúil. Tá na siléir feistithe mar is ceart anois agus measann táirgeoirí an tsonrúcháin go bhfuil an fhoráil ghinearálta leordhóthanach.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

8.   Forálacha de réir cineáil táirge

I gCaibidil I, roinn IX, pointe 2(a) den tsonraíocht, scriosadh an fhoráil maidir leis an méid táirgeachta fíona atá incháilithe don téarma “primeur” [luath] nó “nouveau” [nua] a bheith uirthi.

Cuireadh pointe (c) nua leis a bhaineann leis an dáta ónar féidir fíonta a bhfuil na téarmaí “primeur” nó “nouveau” orthu a bheith iompartha idir trádstórais údaraithe. Is gá cloí leis an dáta sin (an 38ú lá roimh an tríú Déardaoin i mí na Samhna den bhliain fíona) chun cáilíocht na bhfíonta a choimeád, mar tá riosca ann go dtiocfaidh meath ar na fíonta neamhchríochnaithe má iompraítear ró-luath iad.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

9.   Forálacha a bhaineann le hullmhú margaidh

I gCaibidil I, roinn IX, pointe 3(a) den tsonraíocht, cuireadh síneadh ama ar an tréimhse coinneála le haghaidh na dtuarascálacha anailíse a dhéantar roimh phacáistiú na bhfíonta ó 6 mhí go 1 bhliain, chun seiceálacha ar oibreoirí a éascú go háirithe.

I bpointe 3(b), cuireadh síneadh ama leis an dáta deiridh chun fíonta a bhfuil an téarma “primeur” nó “nouveau” orthu a phacáistiú ón 1 Nollaig go dtí an 31 Nollaig den bhliain fíona chun teorainn a chur leis na cásanna nach n-úsáidtear an téarma “primeur” ná “nouveau”. De thoradh na gcásanna sin cuirtear fíonta a rinneadh chun saintréithe an fhíona “primeur” a thaispeáint ar an margadh gan an téarma sin ar a lipéadú.

Ní bhaineann an leasú seo leis an doiciméad aonair.

10.   Iompar idir stórais údaraithe

Scriosadh pointe 5(b) de roinn IX de Chaibidil I den tsonraíocht, maidir leis an dáta ónar féidir na fíonta a iompar idir trádstórais údaraithe.

Gabhann an scrios sin leis an méid a cuireadh le pointe (c) faoin gceannteideal “Foráil de réir cineáil táirge” le haghaidh fíonta “primeur” nó “nouveau”.

Leasaíodh teideal phointe 5 de roinn IX trí na focail “iompar táirgí agus” a bhaint.

Scriosadh teideal phointe 5(a) de roinn IX.

Ní dhéanfaidh na leasuithe seo difear don doiciméad aonair.

11.   Tuairisc ar na tosca nádúrtha is ábhartha don nasc

I gCaibidil I, roinn X, pointe 1(a) den tsonraíocht, leasaíodh líon na mbardas atá sa limistéar geografach chun na hathraithe riaracháin a rinneadh a chur san áireamh.

Déantar difear don doiciméad aonair faoin gceannteideal “Nasc leis an limistéar geografach”.

12.   Tuairisc ar na tosca daonna is ábhartha don nasc

I gCaibidil I, roinn X, pointe 1(b) den tsonraíocht, cuireadh na sonraí faoin earnáil ó 2018 in ionad na sonraí ó 2008.

Déantar difear don doiciméad aonair faoin gceannteideal “Nasc leis an limistéar geografach”.

13.   Faisnéis maidir le cáilíocht agus saintréithe an táirge

I gCaibidil I, roinn X, pointe 2 den tsonraíocht, leasaíodh tuairiscí orgánaileipteacha na dtáirgí chun ionchais an Rialacháin (CE) Uimh. 1308/2013 a chur san áireamh.

Déantar difear don doiciméad aonair faoin gceannteideal “Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta”.

14.   Bearta idirthréimhseacha

I gCaibidil I, roinn XI den tsonraíocht, scriosadh pointe 1 agus pointe 2(b). Tá na bearta idirthréimhseacha a ghabhann leo as feidhm anois. Leasaíodh uimhriú na míreanna i roinn XI chun na nithe sin a scriosadh a chur san áireamh.

Leasaíodh pointe 2 (pointe 3 roimhe seo) a ghabhann leis an mbeart idirthréimhseach maidir le dlús plandála íosta. Cuireadh síneadh ama ó 2015 go 2031 leis an údarú le haghaidh fíniúnacha a bhí ann ar an 28 Samhain 2004 a ghrafadh suas. Tá feidhm ag an maolú anois maidir le gach fíon dearg agus rosé, ní amháin leo siúd a bhfuil “Beaujolais” STFC orthu gan aon téarma eile luaite. Tá feidhm ag comhéifeacht laghdaithe shonrach maidir le fíniúnacha a ghrafar suas go nua. Is é is aidhm dó sin athstruchtúrú na bhfíonghort a dhéanamh níos tapa, faoi thosca eacnamaíocha deacra nach bhféadtar athphlandú ar scála mór a dhéanamh agus chun cur leis na fíonghoirt a mheicniú, agus ar an mbealach sin úsáid gliofosáite a laghdú.

Cuireadh beart idirthréimhseach leis freisin le haghaidh fíonta a bhfuil an sonrúchán “Beaujolais” orthu agus ainm bhardas bunúis na bhfíonchaor ina dhiaidh agus an téarma “primeur” nó “nouveau” curtha leis. Ós rud é nach bhfuil an dara téarma údaraithe a thuilleadh le haghaidh na bhfíonta faoin tsonraíocht táirge, deonaíodh idirthréimhse le haghaidh mhargaíocht na bhfíonta sin go dtí fómhar 2025 agus an fómhar sin san áireamh chun deis a thabhairt d’oibreoirí a bhain úsáid as an rogha sin ó fhómhar 2018 ar a laghad na táirgí a chuireann siad ar fáil a chur in oiriúint.

Ní bhaineann an leasú seo leis an doiciméad aonair.

15.   Ceanglais maidir le dearbhú

I gCaibidil II, roinn I den tsonraíocht, cuireadh an focal “faireachán” in ionad an fhocail “iniúchadh”, mar rinne an eagraíocht atá freagrach as an sonrúchán a chosaint agus a bhainistiú cinneadh an modh faireacháin a athrú.

I gCaibidil II, roinn I den tsonraíocht, cuireadh dearbhú intinne chun táirgeadh leis. Níl feidhm ag an dearbhú sin ach maidir le fíonta a bhfuil na téarmaí “primeur” nó “nouveau” orthu, agus baineann sé le hachair dhromchla, cineálacha táirge (dathanna, etc.) agus toirteanna na bhfíonta sin. Is é is aidhm dó a bheith ar an eolas, roimh an bhfómhar, faoi thoirteanna na bhfíonta ar dócha go mbeidh an téarma “primeur” orthu chun ríomh na comhéifeachta lena gcinntear toirteanna na bhfíonta is féidir a tháirgeadh mar fhíonta “primeur” a bheachtú, agus ar an mbealach sin teorainn a chur le toirteanna na bhfíonta sin nach féidir iad a chur ar an margadh leis an tásc sin mar gheall ar easpa éilimh.

Féadfar an dearbhú sin a leasú go dtí an 15 Lúnasa roimh an bhfómhar.

Leasaíodh an t-uimhriú laistigh de roinn XI chun an leasú sin a cuireadh leis a chur san áireamh.

Leasaíodh fo-phointe (a) de phointe 2 (pointe 1 roimhe sin) chun an fhaisnéis is gá sa dearbhú intinne a shonrú.

I bpointí 3, 4, 6, 7 agus 8, leasaíodh na forálacha maidir le teorainneacha ama le haghaidh oibleagáidí tuairiscithe chun seiceálacha a dhéanamh ar bhealach níos éasca.

I bpointe 3, sonraíodh nach féidir táirgí a dhíol i mbulc go dtí go bhfaightear freagra dearfach ar an dearbhú ón gcomhlacht faireacháin formheasta.

I bpointe 4, cuireadh leis gur dearbhú scaoilte lena thomhailt é aighneacht an oibreora den chlár dá dtagraítear in Airteagal D.645-18-II den Chód Iascaireachta Tuaithe agus Muirí a chur faoi bhráid na comhlachta faireacháin fhormheasta.

I bpointe 5, tá córas na ndearbhuithe achoimre ráithiúla le haghaidh na ndearbhuithe dá dtagraítear i bpointí 4 agus 7 ar fáil anois gan beann ar na toirteanna nó ar líon na n-idirbheart a dhéanann na hoibreoirí. Cuireadh tagairt don dearbhú um tharraingt siar leis chomh maith (pointe 8). Sonraíodh gur gá na dearbhaithe achoimre sin a sheoladh chuig an gcomhlacht faireacháin 10 lá roimh deireadh na ráithe ar a laghad.

I bpointe 6, sonraíodh nach féidir coinsíneachtaí fíona neamhphacáistithe atá beartaithe lena seoladh lasmuigh den chríocha náisiúnta a tharraingt siar go dtí go bhfuarthas freagra dearfach ar an dearbhú a bhaineann le seoladh lasmuigh den chríoch náisiúnta ón gcomhlacht faireacháin formheasta.

Tá mionsonraí i bpointe 8 maidir leis an dearbhú um tharraingt siar.

Ní bhaineann an leasú seo leis an doiciméad aonair.

16.   Tagairtí don chomhlacht rialaithe

I gCaibidil III, roinn II den tsonraíocht, tugadh seoladh an chomhlachta rialaithe cothrom le dáta.

Leasaíodh an chéad mhír agus scriosadh an dara mír chun na rialacha nua maidir le dréachtú a léiriú.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

17.   Cineálacha fíonchaoire

Liostaíodh na cineálacha a liostaítear sa tsonraíocht sa bhundoiciméad aonair (2011) faoin gceannteideal “Cineálacha fíonchaoire ar an liosta a bunaíodh an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon (OIV)”.

Ó bhí an chéad leagan ann, sonraítear sa tsonraíocht cineálacha príomha agus cineálacha tánaisteacha.

Aicmíodh iad mar “cineálacha” sa doiciméad aonair agus mar “cineálacha tánaisteacha” sa roinn “Coinníollacha Breise”.

Leasaíodh pointe 7 den doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm(neacha)

Beaujolais

2.   Cineál táisc gheografaigh

STFC – Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint

3.   Catagóirí na dTáirgí fíniúna

1.

Fíon

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

1.   Fíonta geala, fíonta geala a bhfuil an téarma “Villages” orthu nó ainm bhardas bunúis na bhfíonchaor

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Tá dath aoibhinn lonrach ar na fíonta geala a bhíonn lán le bolaithe, agus dea-bholaithe torthaí a bhfuil bia bán iontu agus torthaí citris, agus iarbhlas deas cothrom sa bhéal. Mar is amhlaidh le fíonta geala “Villages”, bíonn ruainnín fanaile iontu uaireanta i gcás inar aosaíodh i mbairillí iad. Bíonn réimse leathan dathanna órga ar na fíonta geala “Villages”, agus bíonn boladh a bhfuil blasanna bláthanna agus mianracha ann orthu agus bíonn siad tathagach agus cothrom sa bhéal. Bíonn neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte 10,5 % ag na fíonta geala agus, tar éis saibhrithe, ní bhíonn neart alcóil iomlán de réir toirte níos mó ná 13 %. Bíonn neart alcóil nádúrtha íosta de 11 % de réir toirte ag na fíonta a bhfuil an téarma “Villages” nó ainm bhardas bunúis na bhfíonchaor orthu agus, tar éis saibhrithe, ní bhíonn an neart alcóil iomlán níos mó ná 13,5 %.

Bíonn an méid siúcra coiptheach (fíonta críochnaithe atá réidh lena scaoileadh lena gcaitheamh) níos lú ná nó cothrom le 3 g/l, nó níos lú ná nó cothrom le 4 g/l má tá an aigéadacht iomlán (H2SO4) cothrom le nó níos mó ná 2,7 g/l.

Bíonn an cion aigéadachta so-ghalaithe níos lú ná nó cothrom le 14,17 milleachoibhéis/l (fíonta críochnaithe atá réidh lena scaoileadh lena gcaitheamh).

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

 

Íosmhéid aigéadachta iomláine

 

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

2.   Fíonta dearga nó fíonta rosé

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Bíonn dath éadrom ar na fíonta dearga agus tá cáil orthu mar gheall ar an mboladh torthaíoch atá orthu agus toisc go mbíonn siad éasca le hól, fíonta torthaíocha bláthacha as a mbaintear taitneamh agus iad an-óg. Bíonn dath geal ar na fíonta rosé go hiondúil, chomh maith le boladh úr agus blasanna torthaí dearga. Bíonn siad mín, bog agus fionnuar sa bhéal, agus óltar iad agus iad réasúnta óg. Bíonn dath lonrach ar fhíonta a bhfuil na téarmaí “primeur” [luath] nó “nouveau” [nua] orthu, a fhorchoimeádtar d’fhíonta dearga agus rosé, dath nach mbíonn chomh láidir leis na fíonta atá le stóráil. Is fíonta úra, deasa iad a mbíonn bolaithe áille orthu, agus a bhíonn torthaíoch agus aigéadach sa bhéal. Tá siad beartaithe lena gcaitheamh go tapa, laistigh de 6 go 12 mhí óna dtáirgeadh. Bíonn neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte 10 % ag na fíonta dearga agus rosé agus, tar éis saibhrithe, ní bhíonn an neart alcóil iomlán de réir toirte níos mó ná 12,5 %. Bíonn an méid siúcra coiptheach (fíonta críochnaithe atá réidh lena scaoileadh lena gcaitheamh) níos lú ná nó cothrom le 3 g/l. Bíonn an cion aigéadachta so-ghalaithe níos lú ná nó cothrom le 14,17 milleachoibhéis/l (fíonta críochnaithe atá réidh lena scaoileadh lena gcaitheamh), nó níos lú ná nó cothrom le 10,2 milleachoibhéis/l (baisc neamhphacáistithe) i gcás fíonta a bhfuil an téarma “primeur” nó “nouveau” orthu. Le haghaidh na bhfíonta “primeur” nó “nouveau” sin, bíonn an cion iomlán SO2 níos lú ná nó cothrom le 100 milleagram in aghaidh an lítir le haghaidh na bhfíonta dearga agus níos lú ná nó cothrom le 150 milleagram in aghaidh an lítir le haghaidh fíonta rosé (fíonta críochnaithe atá réidh lena scaoileadh lena gcaitheamh de réir bhrí Airteagal D.645-18-I den Chód Iascaireachta Tuaithe agus Muirí).

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

 

Íosmhéid aigéadachta iomláine

 

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

3.   Fíonta dearga nó rosé a bhfuil an téarma “Villages” nó “Supérieur” nó ainm bhardas bunúis na bhfíonchaor orthu

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Bíonn dath níos láidre ar fhíonta dearga a bhfuil an téarma “Villages” orthu chomh maith le boladh láidir agus bíonn siad cumhachtach, struchtúrtha agus comhchuí sa bhéal. Is féidir iad a choinneáil ar feadh roinnt blianta. Maidir le fíonta rosé a bhfuil an téarma “Villages” orthu, nach mbíonn ach líon teoranta díobh ann agus a mbíonn tóir níos mó orthu, bíonn dath idir pomaló agus dath na péitseoige orthu chomh maith le dea-bholaithe de thorthaí dearga searbha. Bíonn siad tathagach, úrbhriosc, bog agus úr sa bhéal.

Bíonn neart alcóil nádúrtha íosta de 10,5 % de réir toirte ag na fíonta dearga agus rosé a bhfuil an téarma “Villages”, “Supérieur” nó ainm bhardas bunúis na bhfíonchaor orthu agus, tar éis saibhrithe, ní bhíonn an neart alcóil iomlán níos mó ná 13 %.

Bíonn an méid siúcra coiptheach (fíonta críochnaithe atá réidh lena scaoileadh lena gcaitheamh) níos lú ná nó cothrom le 3 g/l.

Bíonn an cion aigéadachta so-ghalaithe níos lú ná nó cothrom le 14,17 milleachoibhéis/l (fíonta críochnaithe atá réidh lena scaoileadh lena gcaitheamh).

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

 

Íosmhéid aigéadachta iomláine

 

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

5.   Cleachtais fíonóireachta

5.1.    Cleachtais fíoneolaíochta shonracha

1.   

 

Cleachtas sonrach fíoneolaíochta

Ceadaítear teicnící laghdúcháin chun fíon a shaibhriú i gcás fíonta dearga suas le ráta tiúchana 10 %;

Toirmisctear an gualach fíoneolaíochta a úsáid agus fíonta rosé á ndéanamh, bíodh sé leis féin nó measctha in ullmhúcháin.

Chun cineál “primeur” na bhfíonta atá incháilithe maidir leis an téarma “primeur” nó “nouveau” a bheith orthu a choimeád:

Déantar na fíonta go heisiach as fíonchaora a bhuantar sa bhliain chéanna;

Ní mhaothaítear an fíon ar feadh níos mó ná 10 lá;

Tar éis saibhrithe, níor cheart neart alcóil iomlán de réir toirte na bhfíonta dearga agus na bhfíonta rosé a bheith níos airde ná 12,50 %.

I ndiaidh an tsaibhrithe, níor cheart do neart alcóil iarbhír de réir toirte na bhfíonta geala a bheith níos airde ná 13 %.

I dteannta leis an méid thuas, ní mór do na cleachtais fíonóireachta uile na ceanglais a leagtar síos ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus sa Chód um Ghnóthaí Tuaithe agus um Iascaireacht Mhuirí a chomhlíonadh freisin.

2.   

 

An modh saothraithe

Dlús plandála

Is é dlús plandála íosta na bhfíniúnacha 5 000 planda in aghaidh an heicteáir.

Is é 2,50 méadar nó níos lú an fad idir na rónna. Is é 0,80 méadar an t-íosfhad idir plandaí sa ró céanna.

Ar choinníoll go gcoinnítear an dlús íosta de 5 000 planda in aghaidh an heicteáir, chun críoch meicniúcháin, féadfar uasfhad 3 mhéadar a bheith idir rónna.

3.   

 

An modh saothraithe

Rialacha prúnála

Cuirtear an phrúnáil i gcrích faoin 15 Bealtaine.

Tagann na fíonta ó fhíniúnacha a phrúnáiltear de réir na bhforálacha a leanas:

Fíonta geala

modh Guyot aonair á úsáid agus cána ar a mbíonn 8 mbachlóg ar a mhéad agus spor amháin ar a mbíonn dhá bhachlóg ar a mhéad ar gach spor;

nó modh a bhfuil “taille à queue du Mâconnais” [prúnáil eireaball Mâconnais] air, i gcás ina mbíonn cána ar a mbíonn 12 bhachlóg ar a mhéad ag gach planda agus spor ar a mbíonn dhá bhachlóg ar a mhéad.

Fíon dearg agus fíon rosé

Ar a mbíonn 10 mbachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda:

prúnáil spoir (lena treoraítear chun cuacha, fean nó tródam Royat aonair, dúbailte nó “Charmet”) ag a mbíonn idir trí agus cúig spor ar a mbíonn dhá bhachlóg ar a mhéad. Chun críoch athghiniúna, féadfar spor a bheith ar gach planda ar a mbíonn dhá bhachlóg ar a mhéad a ghearrtar as péacán eipeachormánach a bhíonn ag fás as adhmaid buan;

nó modh Guyot aonair á úsáid agus cána ar a mbíonn 6 bhachlóg ar a mhéad agus spor amháin ar a mbíonn dhá bhachlóg ar a mhéad;

nó ar a mbíonn dhá shlat agus trí bhachlóg ar a mhéad ar gach ceann acu.

Le linn na prúnála tosaigh, nó tiontaithe chuig cineál prúnála difriúil, prúnáiltear fíniúnacha go 12 bhachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda.

Forálacha maidir le fómhar meicniúil dáileachtaí atá beartaithe chun fíonta dearga agus rosé a tháirgeadh

Déantar na coimeádáin as ábhar támh atá oiriúnach d’úsáid an bhia;

Áirítear le trealamh le haghaidh bhaint agus iompar an fhómhair córas speisialta draenála uisce nó córas cosanta.

5.2.    Uastáirgeacht

1.

Fíonta geala

75 heictilítear in aghaidh an heicteáir

2.

Fíon dearg agus fíon rosé

65 heictilítear in aghaidh an heicteáir

3.

Fíonta dearga a bhfuil an téarma “Supérieur” orthu

63 heictilítear in aghaidh an heicteáir

4.

Fíonta dearga nó rosé a bhfuil an téarma “Villages” nó ainm bhardas bunúis na bhfíonchaor orthu

63 heictilítear in aghaidh an heicteáir

5.

Fíonta geala a bhfuil an téarma “Villages” orthu nó ainm bhardas bunúis na bhfíonchaor

73 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

a)

- déantar na fíonchaora a bhuain agus na fíonta a tháirgeadh, a fhorbairt agus a thabhairt chun cineáil sna bardais seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:

Roinn Rhône: Alix, Anse, L’Arbresle, Les Ardillats, Arnas, Bagnols, Beaujeu, Belleville-en-Beaujolais, Belmont-d’Azergues, Blacé, Le Breuil, Bully, Chambost-Allières, Chamelet, Charentay, Charnay, Châtillon, Chazay-d’Azergues, Chénas, Chessy, Chiroubles, Cogny, Corcelles-en-Beaujolais, Denicé, Emeringes, Fleurie, Frontenas, Gleizé, Juliénas, Jullié, Lacenas, Lachassagne, Lancié, Lantignié, Légny, Létra, Limas, Lozanne, Lucenay, Marchampt, Marcy, Moiré, Montmelas-Saint-Sorlin, Morancé, Odenas, Le Perréon, Pommiers, Porte des Pierres Dorées, Quincié-en-Beaujolais, Régnié-Durette, Rivolet, Saint-Clément-sur-Valsonne, Saint-Cyr-le-Chatoux, Saint-Didier-sur-Beaujeu, Saint-Etienne-des-Oullières, Saint-Etienne-la-Varenne, Saint-Georges-de-Reneins, Saint-Germain-Nuelles, Saint-Jean-des-Vignes, Saint-Julien, Saint-Just-d’Avray, Saint-Lager, Saint-Romain-de-Popey, Saint-Vérand, Sainte-Paule, Salles-Arbuissonnas-en-Beaujolais, Sarcey, Ternand, Theizé, Val d’Oingt, Vaux-en-Beaujolais, Vauxrenard, Vernay, Ville-sur-Jarnioux Villié Morgon agus Vindry-sur-Turdine (an chuid i gcríoch iarbhardais Dareizé, Les Olmes agus Saint-Loup, agus an chuid sin amháin);

Roinn Saône-et-Loire: Chaintré, Chânes, La Chapelle-de-Guinchay, Chasselas, Crêches-sur-Saône, Leynes, Pruzilly, Romanèche-Thorins, Saint-Amour-Bellevue, Saint-Symphorien-d’Ancelles agus Saint-Vérand.

b)

Leis an téarma “Villages”, déantar na fíonchaora a bhuain agus déantar na fíonta a tháirgeadh, a fhorbairt agus a aosú sna bardais a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:

I roinn Rhône: Les Ardillats, Beaujeu, Blacé, Cercié, Charentay, Chénas, Chiroubles, Denicé, Emeringes, Fleurie, Juliénas, Jullié, Lancié, Lantignié, Marchampt, Montmelas-Saint-Sorlin, Odenas, Le Perréon, Quincié-en-Beaujolais, Régnié-Durette, Rivolet, Saint-Didier-sur-Beaujeu, Saint-Etienne-des-Oullières, Saint-Etienne-la-Varenne, Saint-Julien, Saint-Lager, Salles-Arbuissonnas-en-Beaujolais, Vaux-en-Beaujolais, Vauxrenard agus Villié-Morgon;

I roinn Saône-et-Loire: Chânes, La Chapelle-de-Guinchay, Leynes, Pruzilly, Romanèche-Thorins, Saint-Amour-Bellevue, Saint-Symphorien-d’Ancelles agus Saint-Vérand.

c)

I gcás fíonta atá incháilithe maidir leis an sonrúchán tionscnaimh cláraithe “Beaujolais” a bheith orthu mar aon le hainm bhardas bunúis na bhfíonchaor, déantar na fíonchaora a bhuain agus déantar na fíonta a tháirgeadh, a fhorbairt agus a aosú sna bardais a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:

I roinn Rhône: Les Ardillats, Beaujeu, Blacé, Cercié, Charentay, Denicé, Emeringes, Jullié, Lancié, Lantignié, Marchampt, Montmelas-Saint-Sorlin, Odenas, Le Perréon, Quincié-en-Beaujolais, Rivolet, Saint-Didier-sur-Beaujeu, Saint-Etienne-des-Oullières, Saint-Etienne-la-Varenne, Saint-Julien, Saint-Lager, Salles-Arbuissonnas-en-Beaujolais, Vaux-en-Beaujolais agus Vauxrenard;

I roinn Saône-et-Loire: Chânes, La Chapelle-de-Guinchay, Leynes, Pruzilly, Romanèche-Thorins agus Saint-Symphorien-d’Ancelles.

Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin (INAO).

7.   Cineál/cineálacha fíniúna

CHARDONNAY B

Gamay N

8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

8.1.    Tuairisc ar na tosca nádúrtha is ábhartha don nasc

Síneann an limistéar geografach feadh imeall thoir Massif Central, os cionn ghleann Saône, i gcroílár an réigiúin as a dtagann a ainm. Tá na fíonghoirt lonnaithe idir cathracha Lyon agus Mâcon, agus bíonn siad ag síneadh 55 km ó thuaidh agus ó dheas agus 15-20 km soir agus siar idir machaire Abhainn Saône, craobh-abhainn den Rhône, agus cnoic Beaujolais, agus airde idir 180 agus 550 méadar iontu.

Mar sin, clúdaíonn an limistéar geografach críoch 77 mbardas i roinn Jura agus críoch 11 bhardas i roinn Saône-et-Loire.

Tá an limistéar táirgthe atá cumhdaithe ag an téarma “Villages” lonnaithe sa chuid thuaidh den limistéar geografach i gcríoch 30 bardas i roinn Jura agus i gcríoch 8 mbardas i roinn Saône-et-Loire.

I dtírdhreach fíonsaothrúcháin Beaujolais, tá dhá ghrúpa mhóra d’fhoirmithe geolaíochta.

Ar an taobh thuaidh tá sean-fhoirmithe Pailéasócha lena gcruthaítear ceantair chnocacha ina bhfuil maoláin. Cruthaíodh na carraigeacha sin le linn an oraiginis Heircínigh – eibhir, porfaire, scealla agus carraigeacha bolcánacha dríodair, is carraigeacha meiteamorfacha iad go minic. Tagann díghrádú orthu agus bíonn ithreacha aigéadacha gainimh nó ithreacha créúla mar thoradh air sin.

Ó dheas tá foirmithe dríodair níos déanaí (foirmithe Triasacha agus foirmithe Iúrasacha ón ré Mhéiseasóch). Is carraigeacha aolchloiche iad sin donn chuid is mó, agus cruthaíonn siad tír-raon níos gairbhe ná mar atá sa tuaisceart, agus iad eagraithe i gcnoic fhadaithe. Is iondúil go mbíonn na hithreacha níos doimhne agus níos créúla.

Ag bun na bhfánaí, clúdaíonn foirmithe Ceathartha i bhfoirm sean-ardáin abhann, agus gaothráin snaíochir agus ghláracha na seanfhoshraithe.

Gan beann ar na foirmithe fo-ithreacha, bíonn aghaidh na bhfánaí soir agus ó dheas don chuid is mó.

Tá aeráid leath-mhuirí ag an réigiún ag a bhfuil tionchar ag an ilchríoch, amhail stoirmeacha samhraidh agus ceo geimhridh, agus ag an tuaisceart, amhail brothall an tsamhraidh agus an bháisteach is airde san fhómhar agus san earrach.

Tá ról ríthábhachtach ag cnoic Beaujolais ó thaobh cosaint a thabhairt ó ghaoth an iarthair, rud a laghdaíonn tionchar na mara. Leis an éifeacht foehn a chothaíonn siad, triomaítear aer an aigéin, agus laghdaítear na leibhéil scamall agus báistí.

Bíonn tionchar mór ag gleann mór Saône ar an aeráid áitiúil freisin trí shruthanna aeir a sheoladh ón deisceart, lena gcuirtear leis an leibhéal solais agus lena laghdaítear difríochtaí teochta.

8.2.    Tuairisc ar na tosca daonna is ábhartha don nasc

“It was not until the 3rd century AD that vine cultivation became truly established in the Lyonnais region [Ní go dtí an 3ú céad AD gur bunaíodh saothrú fíniúnacha i réigiún Lyonnais go hiomlán].” [Viala P. agus Vermorel V., 1902]. In 280 AD, thug an tImpire Probus cead do mhuintir na Gaille fíniúnacha a bheith acu, go háirithe in Monts d’Or, in aice le Lyon.

San 18ú céad, tháinig méadú ar thrádáil fhíonta Beaujolais, rud a raibh athruithe móra ar na fíonghoirt mar thoradh air. Le linn an ama sin, tháinig an cruth ar an tírdhreach a chonaiceamar in 2009. Le leathadh amach na gcathracha, an tionsclaíocht agus forbairt an bhonneagair iompair, ba thréimhse chinniúnach é an 19ú céad le haghaidh fíonghort. Thosaigh muintir an deiscirt ag táirgeadh fíonta torthaíocha éadroma a mhúchann an tart chun soláthar a dhéanamh ar an margadh máguaird in Lyon. B’fhearr le muintir an tuaiscirt, a dhírigh ar Mâcon agus ar na margaí i dtuaisceart na Fraince, fíonta níos comhdhlúite a tháirgeadh a bheadh oiriúnach lena stóráil agus lena n-iompar.

Ag deireadh na 1920idí cruthaíodh na chéad fíonlanna comhoibritheacha, agus ina dhiaidh sin tháinig an dara glúin de shiléir ar an bhfód sna 1950idí, rud a chuir le feabhas foriomlán ar cháilíocht na bhfíonta agus a d’fhág gurbh fhéidir forbairt agus sruthlíniú a dhéanamh ar fhíonta Beaujolais.

Aithníodh sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Beaujolais” le foraithne an 12 Meán Fómhair 1937. Maidir le táirgeoirí sna bardais ó thuaidh, a raibh a bhfíonta láidre agus oiriúnach lena stóráil i gcodarsnacht le fíonta níos éadroime agus níos torthaíche an deiscirt, ba mhian leo idirdhealú a dhéanamh idir iad féin agus táirgeoirí an deiscirt agus d’iarr siad go n-aithneofaí sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint ar leith. In 1943, mar thoradh ar a ngníomhartha foilsíodh liosta de na 31 bhardas a bhí údaraithe a n-ainmneacha a chur le sonrúchán “Beaujolais”. An 21 Aibreán 1950, rinneadh na 31 bhardas a ghrúpáil in aonad a shainaithnítear tríd an téarma “Villages” a chur leis.

Is é Beaujolais an t-aon réigiún fíonsaothrúcháin ina bhfuil cion an fhíona nouveau [nua] chomh hard agus atá sé, a bhuíochas go háirithe le cumas chineál Gamay N vin primeur [fíon luath] a tháirgeadh. Ón 19ú céad i leith, tá roinnt trádálaithe fíor-ghairmiúla ann a cheannaíonn an fíon a luaithe agus atá sé réidh, a mbeireann leo é láithreach agus a thugann, sna seachtainí ina dhiaidh sin, an “Beaujolais nouveau” do dháileoirí, agus d’úinéirí tithe tábhairne agus bialann i bPáras agus in Lyon. Is minic a chríochnaíonn na fíonta ag coipeadh agus iad á n-iompar, rud a chosnaíonn iad a oiread agus is féidir óna milleadh.

Bhí tionchar nach beag ag forbairtí rialála ar stair “Beaujolais nouveau”. In 1951, lorg an tAontas Viticole du Beaujolais cead a fhíonta a dhíol “go luath”, is é sin roimh an 15 Nollaig. Mar thoradh air sin foilsíodh fógra riaracháin maidir le cánacha indíreacha an 13 Samhain 1951 inar leagadh amach na coinníollacha “faoin bhféadfar fíonta áirithe a bhfuil sonrúchán faoi chosaint acu a mhargú faoi láthair, gan fanacht leis an eisiúint ghinearálta an 15 Nollaig.” Leis sin, tháinig feiniméan “Beaujolais nouveau” ar an bhfód go hoifigiúil. Ní go dtí 1985, áfach, gur cuireadh tús le “Beaujolais nouveau” a chur ar an margadh do thomhaltóirí ar an tríú Déardaoin i mí na Samhna.

Tháinig méadú mór ar na méideanna a cuireadh ar an margadh ó na 1960idí ar aghaidh, thart ar 500 000 heictilítir i lár na 1980idí, ach níor sháraigh sé riamh leath de tháirgeadh iomlán Beaujolais. Chun a áirithiú go mbeidh fíonta “luatha” réidh go tapa, go mbeidh an coipeadh malalachtach críochnaithe, agus go mbeidh na fíonta úr, aramatach agus torthaíoch agus éasca lena n-ól, tugann na táirgeoirí tús áite - ag brath ar an mbliain fíona- do na dáileachtaí is luaithe a thagann in aibíocht, baineann siad úsáid as aganna maothaithe níos giorra agus roghnaíonn siad cuvées a chuireann úire na bhfíonchaor agus na dea-bholaithe sonracha a thagann óna gcoipeadh chun tosaigh. Fágann na srianta teicniúla seo go ndéanann gach gabháltas táirgeadh fíonta “primeur” a theorannú go cuid den bhuaint amháin.

Sanntar fíonghoirt do tháirgeadh fíonta dearga, rosé agus geala. Maidir le fíonta dearga agus fíonta rosé, is é Gamay N an príomhchineál fíonchaoire. Chun torthúlacht an chineáil sin a rialú, déantar na fíniúnacha a phrúnáil ag úsáid an mhodha prúnála measctha, agus is cuachtraenáil a úsáidtear go príomha.

Déantar na fíonta geala go heisiach ó chineál Chardonnay B.

Chun na saintréithe torthaíocha a chaomhnú ar an mbealach is fearr, is gnách do tháirgeoirí úsáid a bhaint as teicníc fíonóireachta atá tipiciúil do Beaujolais, agus a bhfuil maothú leathcharbóineach mar bhonn léi.

Tá dáileachtaí beaga (0,3 heicteár ar an meán) ag baint le fíonghoirt “Beaujolais”, rud a chruthaíonn tírdhreach bhreacach fíonsaothrúcháin. In 2018, thart ar 4 500 heicteár a bhí i gceist le fíonta faoin sonrúchán tionscnaimh cláraithe “Beaujolais”, lenar táirgeadh 240 000 heictilítear, ach thart ar 3 700 heicteár a bhí i gceist le fíonta ar a bhfuil an téarma “Villages” nó ainm bhardas bunúis na bhfíonchaor le táirgeadh bliantúil de bheagnach 200 000 heictilítear fíona i measc 1 900 oibreoir, 9 chomhfhíonlann agus roinnt seomraí coipthe (déantóirí fíona is trádálaithe).

8.3.    Idirghníomhaíochtaí cúisíocha

Is réigiún fíonsaothrúcháin bunaidh é “Beaujolais” a chlúdaíonn achar thart ar 50 ciliméadar ó dheisceart Macon chomh fada le Lyon. Cé go mbíonn airde 1 000 m sa chúlchríoch uaireanta, ní bhíonn fíniúnacha le fáil os cionn 550 m. Is ar na fánaí a fhaigheann an ghrian agus í ag éirí a bhíonn siad don chuid is mó, agus iad ag tairbhiú d’aeráid mheasartha, uisciúchán rialta agus timpeallacht bhog a chuirfeadh an timpeallacht ar an taobh ó dheas agus i ngleann Rhône i gcuimhne. Tugann an sciath atá déanta ag “Monts du Beaujolais” ar an taobh thiar dálaí solais agus báistí don limistéar geografach atá go háirithe fabhrach d’aibíocht, do dhlús agus d’fholláine na bhfíonchaor.

Mar sin féin, cé go bhfuil an chuma ar an scéal gur limistéar geografach aonfhoirmeach atá ann tá éagsúlacht áirithe ann ó thaobh na geolaíochta agus an tírdhreacha. Léirítear an éagsúlacht sin le raon na bhfíonta, atá láidir agus daite go maith sa tuaisceart, áit a bhfásann siad in ithreacha aigéadacha, agus arb iondúil go mbíonn siad níos torthaíche agus níos éadroime sa deisceart, áit a bhfásann siad ar fhoshraitheanna aolchloiche go príomha.

Na dáileachtaí atá críochaithe le haghaidh bhuaint na bhfíonchaor, bíonn siad lonnaithe ar ithreacha bochta dea-dhraenáilte na bhfánaí eibhir agus cré-aolchloiche. Cosnaíonn an rilíf agus an tírdhreach leathan oscailte i dtreo an oirthir na fíonchaora ó dhrúcht na maidine, agus tugann ingearchló na gcnoc foscadh do na fíonghoirt ó cheo an gheimhridh a chlúdaíonn gleann Saône go minic.

Ní chuirtear fíniúnacha atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh fíonta ar a mbíonn an téarma “Villages” le feiceáil ach ar dháileachtaí le hithreacha aigéadacha, i dtuaisceart an limistéir gheografaigh, ar na foshraitheanna Pailéasócha nó ar na gaothairí Ceathartha a éiríonn astu.

I gcaitheamh na nglúnta, d’fhoghlaim daoine conas leas a bhaint as saintréithe na talún agus chuir siad a dteicnící fíonóireachta in oiriúint ag baint úsáid as cineál Gamay N. A bhuí le saintréithe sonracha an chineáil sin, bíonn fíonghoirt “Beaujolais” uathúil mar gheall ar a gclaonadh an-láidir i dtreo tháirgeadh fíonta óga. Is fíonta óga iad na fíonta nouveau seo, de réir a gcineáil, lena gcuirtear saibhreas aramatacha na bliana fíona in iúl agus lena léirítear na cáilíochtaí nirt agus cothromaíochta a bhainfear amach trí phróiseas maothaithe a d’fhéadfadh a bheith níos faide ach thar aon rud eile trí thréimhse aosaithe. Dá réir sin, maidir le fíonta a bhfuil an téarma “primeur” nó “nouveau” orthu, déantar an próiseas fíona a dhearadh ar bhealach a bheidh fabhrach d’fhíonta torthaíocha, fíneálta agus úra. Is iondúil go mbíonn maothú fíonta atá beartaithe lena n-aosú níos casta chun castacht aramatach agus struchtúr tainneach a fhorbairt, rud a chuireann le dea-aosú.

Mar gheall ar chré-ithreacha an limistéir gheografaigh den sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Beaujolais” is féidir cuvées a tháirgeadh a mbíonn dath saibhir orthu agus a bhíonn fíneálta. Le dáileachtaí atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh fíonta a mbíonn an téarma “Villages” le feiceáil orthu, agus a bhíonn lonnaithe ar ithreacha gainmheacha a dhíorthaítear ó charraig chriostalta, is féidir fíonta aramatacha, cothroma, binne buana a tháirgeadh.

D’ainneoin gur chuir ceirtleán Lyon margadh éasca ar fáil do na fíonta, bhí na fíonghoirt sin in ann cuid shuntasach dá dtáirgeadh a threorú go Páras, i bhfad roimh theacht na n-iarnród. Sa 19ú céad agus san 20ú céad, bhain fíonta “Beaujolais” leas as an tóir a bhí orthu a bhuí lena stádas i bPáras agus in Lyon chun iad a scaipeadh ar fud na Fraince agus ar fud an domhain. Uaireanta tugtar “tríú abhainn Lyon” ar “Beaujolais”, mar aon leis an Saône agus an Rhône, ag tagairt don tóir a bhí air. Chomh luath leis an 19ú céad, chuirfeadh táirgeoirí agus trádálaithe a bhfómhar ar an margadh go han-luath. Sna 1950idí, d’eagraigh gnólachtaí áitiúla margú fíonta “primeur” agus chuir siad dlús leis an margú sin.

Mar gheall ar an iliomad siléar blaisidh agus ar an mbealach úrnua fíona is féidir tomhaltóirí a mhealladh agus Saibhreas “Beaujolais” a chur in aithne dóibh.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Limistéar díreach in aice láimhe

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll bhreise

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll

Is é atá sa limistéar atá díreach in aice leis, a shainítear de mhaolú chun na fíonta a dhéanamh, a phróiseáil agus a aosú, críoch na mbardas seo a leanas, bunaithe ar an gCód Geografach Oifigiúil do 2021:

Roinn Côte-d’Or: Agencourt, Aloxe-Corton, Ancey, Arcenant, Argilly, Autricourt, Auxey-Duresses, Baubigny, Beaune, Belan-sur-Ource, Bévy, Bissey-la-Côte, Bligny-lès-Beaune, Boncourt-le-Bois, Bouix, Bouze-lès-Beaune, Brion-sur-Ource, Brochon, Cérilly, Chamboeuf, Chambolle-Musigny, Channay, Charrey-sur-Seine, Chassagne-Montrachet, Châtillon-sur-Seine, Chaumont-le-Bois, Chaux, Chenôve, Chevannes, Chorey-lès-Beaune, Collonges-lès-Bévy, Combertault, Comblanchien, Corcelles-les-Arts, Corcelles-les-Monts, Corgoloin, Cormot-Vauchignon, Corpeau, Couchey, Curley, Curtil-Vergy, Daix, Dijon, Ebaty, Echevronne, Epernay-sous-Gevrey, L’Etang-Vergy, Etrochey, Fixin, Flagey-Echézeaux, Flavignerot, Fleurey-sur-Ouche, Fussey, Gerland, Gevrey-Chambertin, Gilly-lès-Cîteaux, Gomméville, Grancey-sur-Ource, Griselles, Ladoix-Serrigny, Lantenay, Larrey, Levernois, Magny-lès-Villers, Mâlain, Marcenay, Marey-lès-Fussey, Marsannay-la-Côte, Massingy, Mavilly-Mandelot, Meloisey, Merceuil, Messanges, Meuilley, Meursanges, Meursault, Molesme, Montagny-lès-Beaune, Monthelie, Montliot-et-Courcelles, Morey-Saint-Denis, Mosson, Nantoux, Nicey, Noiron-sur-Seine, Nolay, Nuits-Saint-Georges, Obtrée, Pernand-Vergelesses, Perrigny-lès-Dijon, Plombières-lès-Dijon, Poinçon-lès-Larrey, Pommard, Pothières, Premeaux-Prissey, Prusly-sur-Ource, Puligny-Montrachet, Quincey, Reulle-Vergy, La Rochepot, Ruffey-lès-Beaune, Saint-Aubin, Saint-Bernard, Saint-Philibert, Saint-Romain, Sainte-Colombe-sur-Seine, Sainte-Marie-la-Blanche, Santenay, Savigny-lès-Beaune, Segrois, Tailly, Talant, Thoires, Valforêt (an chuid de chríoch iarbhardas Clémencey, agus an chuid sin amháin), Vannaire, Velars-sur-Ouche, Vertault, Vignoles, Villars-Fontaine, Villebichot, Villedieu, Villers-la-Faye, Villers-Patras, Villy-le-Moutier, Vix, Volnay, Vosne-Romanée agus Vougeot;

Limistéar díreach in aice láimhe

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll bhreise

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll

Is é atá sa limistéar atá díreach in aice leis, a shainítear de mhaolú chun na fíonta a dhéanamh, a phróiseáil agus a aosú, críoch na mbardas seo a leanas, bunaithe ar an gCód Geografach Oifigiúil do 2021:

Roinn Rhône: Chasselay, Dardilly, Deux-Grosnes (an chuid atá i gcríoch iar-bhardas Avenas amháin), Dracé, Fleurieux-sur-l’Arbresle, Sain-Bel, Taponas agus Villefranche-sur-Saône;

Roinn Saône-et-Loire: Aluze, Ameugny, Azé, Barizey, Beaumont-sur-Grosne, Berzé-la-Ville, Berzé-le-Châtel, Bissey-sous-Cruchaud, Bissy-la-Mâconnaise, Bissy-sous-Uxelles, Bissy-sur-Fley, Blanot, Bonnay, Bouzeron, Boyer, Bray, Bresse-sur-Grosne, Burgy, Burnand, Bussières, Buxy, Cersot, Chagny, Chalon-sur-Saône, Chamilly, Champagny-sous-Uxelles, Champforgeuil, Change, Chapaize, La Chapelle-de-Bragny, La Chapelle-sous-Brancion, Charbonnières, Chardonnay, La Charmée, Charnay-lès-Mâcon, Charrecey, Chassey-le-Camp, Château, Châtenoy-le-Royal, Chaudenay, Cheilly-lès-Maranges, Chenôves, Chevagny-les-Chevrières, Chissey-lès-Mâcon, Clessé, Cluny, Cormatin, Cortambert, Cortevaix, Couches, Créot, Cruzille, Culles-les-Roches, Curtil-sous-Burnand, Davayé, Demigny, Dennevy, Dezize-lès-Maranges, Donzy-le-Pertuis, Dracy-le-Fort, Dracy-lès-Couches, Epertully, Etrigny, Farges-lès-Chalon, Farges-lès-Mâcon, Flagy, Fleurville, Fley, Fontaines, Fragnes-La Loyère (an chuid i gcríoch iarbhardas La Loyère, agus an chuid sin amháin), Fuissé, Genouilly, Germagny, Givry, Granges, Grevilly, Hurigny, Igé, Jalogny, Jambles, Jugy, Jully-lès-Buxy, Lacrost, Laives, Laizé, Lalheue, Lournand, Lugny, Mâcon, Malay, Mancey, Martailly-lès-Brancion, Massilly, Mellecey, Mercurey, Messey-sur-Grosne, Milly-Lamartine, Montagny-lès-Buxy, Montbellet, Montceaux-Ragny, Moroges, Nanton, Ozenay, Paris-l’Hôpital, Péronne, Pierreclos, Plottes, Préty, Prissé, Remigny, La Roche-Vineuse, Rosey, Royer, Rully, Saint-Albain, Saint-Ambreuil, Saint-Boil, Saint-Clément-sur-Guye, Saint-Denis-de-Vaux, Saint-Désert, Saint-Gengoux-de-Scissé, Saint-Gengoux-le-National, Saint-Germain-lès-Buxy, Saint-Gervais-sur-Couches, Saint-Gilles, Saint-Jean-de-Trézy, Saint-Jean-de-Vaux, Saint-Léger-sur-Dheune, Saint-Mard-de-Vaux, Saint-Martin-Belle-Roche, Saint-Martin-du-Tartre, Saint-Martin-sous-Montaigu, Saint-Maurice-de-Satonnay, Saint-Maurice-des-Champs, Saint-Maurice-lès-Couches, Saint-Pierre-de-Varennes, Saint-Rémy, Saint-Sernin-du-Plain, Saint-Vallerin, Saint-Ythaire, Saisy, La Salle, Salornay-sur-Guye, Sampigny-lès-Maranges, Sancé, Santilly, Sassangy, Saules, Savigny-sur-Grosne, Sennecey-le-Grand, Senozan, Sercy, Serrières, Sigy-le-Châtel, Sologny, Solutré-Pouilly, Taizé, Tournus, Uchizy, Varennes-lès-Mâcon, Vaux-en-Pré, Vergisson, Vers, Verzé, Le Villars, La Vineuse sur Fregande (an chuid i gcríoch iarbhardais Donzy-le-National, Massy agus La Vineuse), Vinzelles agus Viré.

Limistéar díreach in aice láimhe

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll bhreise

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll

Is é atá sa limistéar atá díreach in aice leis, a shainítear de mhaolú chun na fíonta a dhéanamh, a phróiseáil agus a aosú, críoch na mbardas seo a leanas, bunaithe ar an gCód Geografach Oifigiúil do 2021:

Roinn Yonne: Aigremont, Annay-sur-Serein, Arcy-sur-Cure, Asquins, Augy, Auxerre, Avallon, Bazarnes, Beine, Bernouil, Béru, Bessy-sur-Cure, Bleigny-le-Carreau, Censy, Chablis, Champlay, Champs-sur-Yonne, Chamvres, La Chapelle-Vaupelteigne, Charentenay, Châtel-Gérard, Chemilly-sur-Serein, Cheney, Chevannes, Chichée, Chitry, Collan, Coulangeron, Coulanges-la-Vineuse, Courgis, Cruzy-le-Châtel, Dannemoine, Deux Rivières, Dyé, Epineuil, Escamps, Escolives-Sainte-Camille, Fleys, Fontenay-près-Chablis, Gy-l’Evêque, Héry, Irancy, Island, Joigny, Jouancy, Junay, Jussy, Lichères-près-Aigremont, Lignorelles, Ligny-le-Châtel, Lucy-sur-Cure, Maligny, Mélisey, Merry-Sec, Migé, Molay, Molosmes, Montholon (an chuid i gcríoch iarbhardais Champvallon, Villiers-sur-Tholon agus Volgré, agus an chuid sin amháin), Montigny-la-Resle, Mouffy, Moulins-en-Tonnerrois, Nitry, Noyers, Ouanne, Paroy-sur-Tholon, Pasilly, Pierre-Perthuis, Poilly-sur-Serein, Pontigny, Préhy, Quenne, Roffey, Rouvray, Saint-Bris-le-Vineux, Saint-Cyr-les-Colons, Saint-Père, Sainte-Pallaye, Sainte-Vertu, Sarry, Senan, Serrigny, Tharoiseau, Tissey, Tonnerre, Tronchoy, Val-de-Mercy, Vallan, Venouse, Venoy, Vermenton, Vézannes, Vézelay, Vézinnes, Villeneuve-Saint-Salves, Villy, Vincelles, Vincelottes, Viviers agus Yrouerre.

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll bhreise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Is féidir an téarma “Supérieur” a chur i ndiaidh ainm an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe.

Is féidir an téarma “Villages” a chur i ndiaidh ainm an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe.

Is féidir ainm an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe a chur i ndiaidh ainm bhardas bunúis na bhfíonchaor.

Is féidir an téarma “primeur” nó “nouveau” a chur le hainm an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe, cibé acu a leanann an téarma “Villages” é nó nach leanann.

Ní mór do na fíonta atá incháilithe maidir leis an téarma “primeur” nó “nouveau” a bheith orthu bliain an fhíona a lua.

Tagann ainm bhardas bunúis na bhfíonchaor tar éis ainm an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe, agus tá sé priontáilte i litreoireacht ar aon airde agus tiús leis na litreacha ina bhfuil ainm an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe scríofa.

I gcás fíonta lena ngabhann an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, féadfar an t-ainm aonaid gheografaigh níos lú a shonrú ar a lipéid, ar choinníoll gurb amhlaidh an méid seo a leanas:

ainm áite is ea é atá liostaithe i gclárlann na talún;

bíonn sé le feiceáil ar an dearbhú buainte.

Tá ainm an tsuímh chláraithe le feiceáil díreach tar éis an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe, agus tá sé priontáilte i litreoireacht nach mó, ar airde ná ar tiús, ná leath de mhéid na litreacha ina bhfuil ainm an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe scríofa.

Féadtar fíonta a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint seo acu an t-aonad geografach níos leithne “Vin de Beaujolais” a shonrú ar a lipéid.

Nasc chuig an tSonraíocht táirge

https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-fc518a15-dce5-4d62-b5f6-18cdbc38c8f2


(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.