2.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 459/6


Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú ar an mbeart coimirce is infheidhme maidir le hallmhairí táirgí áirithe cruach

(2022/C 459/06)

An 31 Eanáir 2019, d’fhorchuir an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) beart coimirce cinntitheach ar tháirgí áirithe cruach (“an Rialachán maidir le Beart Coimirce Cinntitheach”) (1). Le Rialachán (AE) 2021/1029, chuir an Coimisiún fad leis an mbeart coimirce cruach go dtí an 30 Meitheamh 2024 (“an Rialachán maidir le Fadú”) (2). Is é an táirge faoi athbhreithniú táirgí cruach áirithe. Is éard atá sa táirge faoi athbhreithniú na 26 chatagóir táirgí atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhFógra seo.

1.   Raon feidhme an athbhreithnithe

In Aithris (85) den Rialachán maidir le Fadú, leagadh amach go ndéanfaidh an Coimisiún athbhreithniú chun a chinneadh ar cheart deireadh a chur leis an mbeart coimirce faoin 30 Meitheamh 2023, arb é sin bliain níos luaithe ná mar a bhí beartaithe. I gcomhréir lena ghealltanas faoin Rialachán maidir le Fadú, díreoidh an imscrúdú an athbhreithnithe ar aon fhianaise agus sonraí ábhartha a bhailiú agus a anailísiú chun a chinneadh an mbeadh údar cuí le deireadh a chur leis an mbeart faoin 30 Meitheamh 2023. Chuige sin, measann an Coimisiún gur gá faisnéis shonrach áirithe a bhailiú trí cheistneoirí (féach Roinn 2 thíos).

Ina theannta sin, ós rud é gur úsáid an Coimisiún sonraí a bhaineann le 2021 san athbhreithniú roimhe seo chun liosta na dtíortha i mbéal forbartha atá faoi réir an bhirt a thabhairt cothrom le dáta, féadfaidh an Coimisiún úsáid a bhaint as an athbhreithniú seo chun liosta den sórt sin a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise na sonraí le haghaidh 2022.

2.   Nós imeachta

I bhfianaise an mhéid thuas, leis seo tionscnaíonn an Coimisiún athbhreithniú ar an mbeart coimirce cruach atá ann faoi láthair agus is infheidhme maidir le hallmhairí táirgí áirithe cruach, agus é teoranta don raon feidhme a shonraítear i bpointe 1.

2.1.   Ceistneoirí do tháirgeoirí an Aontais

Iarrtar ar tháirgeoirí an Aontais na ceistneoirí a líonadh isteach agus a chur isteach, trína gcomhlachais faoi seach san Aontas i gcás inarb iomchuí, faoin 13 Eanáir 2023.

Tá teimpléad den cheistneoir ábhartha le fáil anseo: https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2645

2.2.   Ceistneoirí d’úsáideoirí an Aontais

Iarrtar ar úsáideoirí an Aontais na ceistneoirí a líonadh isteach agus a chur isteach, trína gcomhlachais faoi seach san Aontas i gcás inarb iomchuí, faoin 13 Eanáir 2023.

Tá teimpléad den cheistneoir ábhartha le fáil anseo: https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2645

2.3.   Aighneachtaí i scríbhinn

An fhaisnéis ábhartha uile a meastar a bhfuil gá léi le haghaidh an imscrúdaithe, chun an fhaisnéis sin a fháil, iarrtar ar na páirtithe leasmhara leis seo a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a sholáthar don Choimisiún. Ní mór an fhaisnéis sin agus an fhianaise thacaíochta a bheith faighte ag an gCoimisiún faoin 13 Eanáir 2023.

2.4.   An deis barúlacha a thabhairt maidir le haighneachtaí páirtithe eile

Chun cearta na cosanta a ráthú, ba cheart an deis a bheith ag páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir leis an bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile isteach. Agus sin á dhéanamh acu, ní fhéadfaidh páirtithe leasmhara aghaidh a thabhairt ach ar na saincheisteanna a ardaítear in aighneachtaí na bpáirtithe leasmhara eile agus ní fhéadfaidh siad saincheisteanna nua a tharraingt anuas.

Ní mór barúlacha den sórt sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 7 lá ón uair a chuirfear na haighneachtaí a luaitear i mír 2.3 ar fáil lena n-iniúchadh ag páirtithe leasmhara. Féadfaidh an Coimisiún freisin treoracha sonracha a eisiúint maidir le struchtúr na bhfrisnéisí ag céim níos déanaí sna himeachtaí. I gcás den sórt sin, chuirfeadh an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas dá réir sin trí Nóta a ghabhann leis an gcomhad in Tron.

Is féidir an comhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara a rochtain trí Tron.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI. Lean na treoracha ar an leathanach sin chun rochtain a fháil.

Tá an tráthchlár a leagtar amach gan dochar do cheart an Choimisiúin faisnéis bhreise a iarraidh ar pháirtithe leasmhara i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

Ós rud é gur gá an t-athbhreithniú a thabhairt chun críche laistigh de thréimhse ghearr – féach Roinn 6. thíos – agus ós rud é go dtabharfar an deis do pháirtithe leasmhara barúil a thabhairt ar aighneachtaí ó pháirtithe eile, rud a áiritheoidh gur leor na deiseanna a bheidh ann chun a leasanna a chosaint, ní eagróidh an Coimisiún éisteachtaí chun críoch an imscrúdaithe seo, mura gá leo in imthosca eisceachtúla.

2.5.   Faisnéis a chur isteach agus síneadh a chur leis na teorainneacha ama a shonraítear san Fhógra seo

Go hiondúil, ní fhéadfaidh na páirtithe leasmhara faisnéis a chur isteach ach amháin laistigh de na creata ama a shonraítear san Fhógra seo. Ní féidir aon síneadh maidir leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear san Fhógra seo a iarraidh ach amháin in imthosca eisceachtúla, agus ní dhéanfar é a dheonú ach amháin má tá údar cuí leis. I gcás síntí eisceachtúla leis an sprioc-am le haghaidh aighneachtaí a bhfuil údar cuí leo, is gnách nach mbeidh níos mó ná síneadh 3 lá i gceist leo.

Iarrtar ar pháirtithe leasmhara gan tuilleadh faisnéise a chur ar fáil lasmuigh de na tréimhsí a leagtar amach san Fhógra seo ná in aon chumarsáid eile a sheolann an Coimisiún. Chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche i gceart in am, féadfar neamhshuim a dhéanamh d’aon aighneacht, d’aon fhrisnéis nó d’aon doiciméad eile i scríbhinn nach gcomhlíonann na sprioc-amanna arna sonrú ag an gCoimisiún.

2.6.   Treoracha maidir le haighneachtaí scríofa a dhéanamh agus comhfhreagras

Maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche nós imeachta cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipcheart. Ní mór do pháirtithe leasmhara, sula gcuirfidh siad faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipchearta tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, cead a iarraidh go sonrach ó shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear don Choimisiún a) an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críoch an nós imeachta cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú sin i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gcearta cosanta a fheidhmiú.

Gach aighneacht i scríbhinn arna gcur ar fáil ag páirtithe leasmhara a n-iarrtar gur i modh rúin a chaithfí leo, cuirfear an lipéad “Teoranta” (3) orthu. Páirtithe a chuireann faisnéis isteach le linn an imscrúdaithe seo, iarrtar orthu údar a thabhairt lena n-iarraidh go gcaithfear mar fhaisnéis rúnda í.

Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis “Teoranta” achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/478 (4) agus Airteagal 5 de Rialachán AE 2015/755 (5). Cuirfear an lipéad “Le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara” ar na hachoimrí sin. Ba cheart do na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún a thuiscint go réasúnta agus ní mór dóibh a bheith faighte ag an gCoimisiún an tráth céanna leis an leagan “Teoranta”.

Mura féidir le páirtí a sholáthraíonn faisnéis rúnda cúis mhaith a thabhairt lena iarraidh gur i modh rúin a chaithfear léi nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus den cháilíocht a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin.

Moltar go láidir do pháirtithe leasmhara gach aighneacht agus iarraidh i scríbhinn a dhéanamh trí TRON.tdi ( https://webgate.ec.europa.eu/tron/TDI), lena n-áirítear cóipeanna scanta de chumhachtaí aturnae i gcás inarb iomchuí.

Trí úsáid a bhaint as TRON.tdi nó ríomhphost, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go n-aontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad “COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA”, doiciméad a foilsíodh ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: http://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2011/june/tradoc_148003.pdf.

Ní mór do na páirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir theileafóin agus a seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuirtear ar fáil, seoladh a sheiceáiltear ar bhonn laethúil. Tráth a chuirfear sonraí teagmhála ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, mura n-iarrfaidh siad go sainráite na doiciméid uile ón gCoimisiún trí mheán eile cumarsáide , nó mura gá post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear prionsabail a bhaineann le haighneachtaí trí TRON.tdi, ba cheart do pháirtithe leasmhara féachaint ar na treoracha maidir le cumarsáid le páirtithe leasmhara dá dtagraítear thuas.

Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais:

European Commission

Directorate-General for Trade

Directorate G, unit G5

Office: CHAR 03/66

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

TRON.tdi: https://webgate.ec.europa.eu/tron/tdi

Seoladh ríomhphoist: TRADE-SAFE009-REVIEW@ec.europa.eu

2.7.   Stádas na bpáirtithe leasmhara a leathnú go huathoibríoch

Mar an gcéanna leis na himscrúduithe athbhreithniúcháin a rinneadh roimhe seo, chinn an Coimisiún stádas na bpáirtithe leasmhara a leathnú go huathoibríoch chun go gcomhdófar na páirtithe sin uile a tháinig chun cinn agus a cláraíodh go cuí tráth éigin le linn na n-imeachtaí a tionscnaíodh an 23 Márta 2018. Dá bhrí sin, ní gá do na páirtithe sin iarratas breise a dhéanamh, de bhrí go ndeonófar a rochtain ar TRON go huathoibríoch.

Ar an taobh eile, iarrtar ar aon pháirtí nár cláraíodh roimhe seo in TRON mar pháirtí leasmhar sna himeachtaí coimirce, agus ar mian leis páirt a ghlacadh san imscrúdú seo, clárú mar pháirtí leasmhar de réir na dtreoracha i Roinn 2.6 thuas.

Meabhraíonn an Coimisiún nach bhfaighidh cuideachta, comhlachas tionscail, rialtas tríú tír, etc., nach cuid den eolaire cásanna fós é, agus dá bhrí sin nach páirtí leasmhar sa chás é, na cearta nós imeachta a bhaineann leis an imscrúdú athbhreithniúcháin sin ach amháin ón uair a chláróidh siad go cuí mar pháirtí leasmhar i gcomhréir leis na treoracha i Roinn 2.6 thuas.

Meabhraíonn an Coimisiún freisin, na páirtithe leasmhara sin a ndéanann gnólachtaí dlí nó ionadaithe seachtracha eile ionadaíocht orthu, go mbeidh orthu Cumhacht Aturnae nuashonraithe a chur ar fáil don imscrúdú seo.

3.   Sceideal an athbhreithnithe

Cuirfidh an Coimisiún an t-imscrúdú athbhreithniúcháin i gcrích faoin 30 Meitheamh 2023.

4.   Neamh-chomhoibriú

I gcásanna nach gcuireann aon pháirtí leasmhar an fhaisnéis is gá ar fáil a d’fhéadfadh a bheith iarrtha ag an gCoimisiún laistigh de na teorainneacha ama, nó ina gcuireann sé bac suntasach ar an imscrúdú, is ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil a d’fhéadfaí teacht ar na torthaí, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2015/478 agus le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2015/755. I gcás inar léir gur sholáthair páirtí leasmhar faisnéis bhréagach nó mhíthreorach, féadfar neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin agus féadfar úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil.

5.   An tOifigeach Éisteachta

Gníomhaíonn an tOifigeach Éisteachta mar phointe teagmhála idir na páirtithe leasmhara agus seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, ar iarrataí ar shíneadh a chur le teorainneacha ama agus ar aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta páirtithe leasmhara agus tríú páirtithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn na n-imeachtaí.

Féadfaidh páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh. I bprionsabal, beidh na hidirghabhálacha sin teoranta do na saincheisteanna a tháinig chun cinn i rith an imeachta athbhreithniúcháin seo.

Ba cheart iarraidh ar idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Iarrtar ar pháirtithe leasmhara cloí leis na tréimhsí ama a leagtar amach i ranna 2.3 go 2.5 den Fhógra seo, tréimhsí ama le hidirghabháil a iarraidh ar an Oifigeach Éisteachta. I gcás ina gcuirfear iarrataí den chineál sin isteach lasmuigh de na cláir ama ábhartha, féadfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú a dhéanamh freisin ar na cúiseanna leis na hiarrataí déanacha sin, ag féachaint go cuí do leasanna dea-riaracháin agus do chur i gcrích tráthúil an imscrúdaithe.

Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: http://ec.europa.eu/trade/trade-policy-and-you/contacts/hearing-officer/.

6.   Sonraí pearsanta a phróiseáil

Aon fhaisnéis phearsanta a bhailítear le linn an imscrúdaithe seo, is i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) a chaithfear léi.

Tá fógra cosanta sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, fógra a chuireann gach duine aonair ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin: http://trade.ec.europa.eu/doclib/html/157639.htm


(1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2019 lena bhforchuirtear bearta coimirce cinntitheacha ar allmhairí táirgí áirithe cruach (IO L 31, 1.2.2019, lch. 27).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1029 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún chun fad a chur leis an mbeart coimirce maidir le hallmhairí táirgí áirithe cruach (IO L 225, 25.6.2021, lch. 1).

(3)  Is éard is doiciméad “Teoranta” ann doiciméad a mheastar a bheith rúnda de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/478, Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2015/755 agus Airteagal 3.2 de Chomhaontú EDT maidir le Bearta Coimirce. Is doiciméad é freisin atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(4)  IO L 83, 27.3.2015, lch. 16.

(5)  IO L 123, 19.5.2015, lch. 33.

(6)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE, IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.


IARSCRÍBHINN

Catagóir an táirge Uimhir

Catagóir an táirge

1

Leatháin agus Stiallacha Teorollta de Chruach Neamh-Chóimhiotail agus de Chruach Chóimhiotail Eile

2

Leatháin Fhuar-rollta de Chruach Neamh-Chóimhiotail agus de Chruach Chóimhiotail Eile

3.A

Leatháin leictreacha (seachas GOES)

3.B

4.A

Leatháin a bhfuil brat miotalach orthu

4.B

5

Leatháin a bhfuil brat orgánach orthu

6

Táirgí ó Mhuileann Stáin

7

Plátaí Cuartó de Chruach Neamh-Chóimhiotail agus de Chruach Chóimhiotail Eile

8

Leatháin agus Stiallacha Teorollta Dosmálta

9

Leatháin agus Stiallacha Fuar-rollta Dosmálta

10

Plátaí Cuartó Teorollta Dosmálta

12

Barraí Cruach agus Cruach Thanaí de Chruach Neamh-Chóimhiotal agus de Chruach Chóimhiotal Eile

13

Barraí treisiúcháin

14

Barraí Cruach Dosmálta agus Cruach Thanaí Dhosmálta

15

Slat Sreinge Dosmálta

16

Slat Sreinge de Chruach Neamh-Chóimhiotail agus de Chruach Chóimhiotail Eile

17

Uillinneacha, Cruthanna agus Cónaisc d’Iarann nó de Chruach Neamh-Chóimhiotail

18

Bratphíleáil

19

Ábhar Déanta Iarnróid

20

Píopaí gáis

21

Cónaisc Chuasacha

22

Feadáin agus Píopaí Dosmálta Gan Uaim

24

Feadáin Eile Gan Uaim

25.A

Feadáin mhóra tháite

25.B

26

Píopaí eile táite

27

Barraí fuarchríochnaithe de chruach neamh-chóimhiotail agus de chruach chóimhiotail eile

28

Sreang Neamh-Chóimhiotail