29.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 452/26


Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frithdhumpála is infheidhme i dtaca le hallmhairí trucailí pailléad láimhe agus a bpáirteanna bunriachtanacha de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

(2022/C 452/08)

Ó foilsíodh Fógra maidir le dul in éag atá le tarlú (1) i dtaca leis na bearta frithdhumpála ar allmhairí trucailí pailléad láimhe agus a bpáirteanna bunriachtanacha de thionscnamh Daon-Phoblacht na Síne (“an tír lena mbaineann”), fuair Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) iarraidh ar athbhreithniú de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 ar chosaint in aghaidh allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (2) (“an bun-Rialachán”).

1.   Iarraidh ar athbhreithniú

Is iad Toyota Material Handling Europe agus PR Industrial S.r.l. (“na hiarratasóirí”) a chuir an iarraidh isteach an 29 Lúnasa 2022 thar ceann thionscal an Aontais le haghaidh trucailí pailléad láimhe agus a páirteanna bunriachtanacha, de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán.

Tá leagan oscailte den iarraidh mar aon le hanailís ar a mhéid a thacaíonn táirgeoirí de chuid an Aontais leis an iarraidh ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. I roinn 5.6 den Fhógra seo, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar an gcomhad le haghaidh páirtithe leasmhara.

2.   An táirge faoi athbhreithniú

Is é an táirge atá faoi réir an athbhreithnithe seo trucailí pailléad láimhe agus a páirteanna bunriachtanacha, i.e. fonnadh agus hiodrálaic (“an táirge faoi athbhreithniú”), atá faoi láthair faoi chóid AC ex 8427 90 00 (cóid TARIC 8427900011, agus 8427900019) agus ex 8431 20 00 (cóid TARIC 8431200011, agus 8431200019). Is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar cóid AC agus TARIC.

3.   Na bearta atá ann cheana

Is dleacht frithdhumpála chinntitheach iad na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair arna forchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2206 ón gCoimisiún, (3) agus a leathnaíodh, trí bhíthin Rialachán (CE) Uimh. 499/2009 ón gComhairle (4) chun allmhairí arna gcur chun bealaigh ón Téalainn a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Téalainne iad nó ná bíodh, agus a leathnaíodh, trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1346 ón gCoimisiún (5), chun allmhairí trucailí pailléad láimhe atá modhnaithe beagán de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne a chumhdach.

4.   Foras an athbhreithnithe

Tá an iarraidh bunaithe ar an bhforas gur dócha go leanfar den dumpáil agus go gcuirfear tús arís leis an díobháil do thionscal an Aontais má théann na bearta in éag.

4.1.    An líomhain gur dócha go leanfar den dumpáil

4.1.1.   An líomhain gur dócha go leanfar den dumpáil ón tSín

Mhaígh na hiarratasóirí nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tSín, i ngeall gurb ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

Chun bunús a thabhairt leis na líomhaintí maidir le saobhadh suntasach, bhí na hiarratasóirí ag brath ar an bhfaisnéis atá sa tuarascáil tíre a chuir seirbhísí an Choimisiúin ar fáil an 20 Nollaig 2017 ina ndearnadh cur síos ar imthosca sonracha an mhargaidh sa tSín (6). Go háirithe, rinne na hiarratasóirí tagairt do shaobhadh arb é tionchar an Stáit i gcoitinne é, agus saobhadh níos sonraí a dhéanann difear don earnáil cruach (an príomh-amhábhar le haghaidh trucailí pailléad láimhe), agus tagairt do chaibidlí faoi dhlíthe féimheachta agus maoine, agus saobhadh maidir le talamh, fuinneamh, caipiteal, amhábhair agus saothar. Ina theannta sin, bhí na hiarratasóirí ag brath ar fhaisnéis a bhí ar fáil go poiblí, go háirithe maidir le torthaí an Choimisiúin le linn an imscrúdaithe frith-fhóirdheontais maidir le táirgí cothroma de chruach theorollta (7) ón tSín chomh maith le Gnólachtaí ECFE faoi úinéireacht an Stáit atá taobh thiar d’Fhiachas Corparáideach na Síne, Páipéir Oibre Roinn na hEacnamaíochta uimh. 1536, Feabhra 2019, an 14ú Plean Cúig Bliana de chuid Rialtas na Síne agus an iomad alt preasa.

Dá bhrí sin, i bhfianaise Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, an líomhain go bhfuiltear ag leanúint den dumpáil ón tSín, tá sí bunaithe ar chomparáid idir gnáthluach ríofa ar bhonn costais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmhairc neamhshaofa i dtír ionadaíoch iomchuí, agus praghas onnmhairiúcháin an táirge faoi athbhreithniú (ar leibhéal an phraghais díreach ón monarcha) ón tír lena mbaineann nuair a dhíoltar an táirge lena onnmhairiú chuig an Aontas.

Ar an mbonn sin tá na corrlaigh dumpála a ríomhtar suntasach don tSín.

I bhfianaise na faisnéise atá ar fáil, measann an Coimisiún gur leor an fhianaise atá ann de bhun Airteagal 5(9) den bhun-Rialachán a léiríonn i ngeall ar shaobhadh suntasach a dhéanann difear do phraghsanna agus do chostais, go bhfuil úsáid na bpraghsanna agus na gcostas náisiúnta sa tír lena mbaineann míchuí, rud a fhágann gur gá imscrúdú a thionscnamh de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

Tá an tuarascáil tíre ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála (8).

4.2.    An líomhain gur dócha go gcuirfear tús arís leis an díobháil

Is éard a líomhnaíonn na hiarratasóirí gur dócha go gcuirfear tús arís leis an díobháil ón tSín. I ndáil leis sin, chuir na hiarratasóirí fianaise leordhóthanach ar fáil freisin gur dócha, dá ligfí do na bearta dul i éag, go dtiocfaidh méadú ar leibhéal reatha allmhairiúcháin an táirge faoi athbhreithniú ón tSín chuig an Aontas de bharr gur ann d’acmhainneacht neamhúsáidte sa tSín. Tá sé sin amhlaidh freisin mar gheall ar a tharraingtí atá margadh an Aontais Eorpaigh ó thaobh méide de.

Ar deireadh, líomhnaíonn na hiarratasóirí gur tháinig deireadh leis an díobháil den chuid is mó mar gheall ar na bearta atá i bhfeidhm agus gur dócha go dtarlóidh an díobháil do thionscal an Aontais arís má chuirfear tús arís le hallmhairí substaintiúla ar phraghsanna dumpáilte ón tSín, dá ligfí do bhearta dul in éag.

5.   Nós imeachta

Arna chinneadh don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán, gur leor an fhianaise atá ann gur dócha go dtarlóidh dumpáil agus díobháil chun údar maith a thabhairt le tionscnamh an athbhreithnithe éaga, tá an Coimisiún, leis seo, ag tionscnamh athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán.

Is éard a chinnfear leis an athbhreithniú éaga an amhlaidh, má théann na bearta in éag, gur dócha go leanfar de dhumpáil an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh na Síne nó go gcuirfear tús arís leis an dumpáil sin, agus an amhlaidh go leanfar den díobháil do thionscal an Aontais nó go gcuirfear tús arís leis an díobháil sin.

Rud eile a chuireann an Coimisiún ar a súile do na páirtithe is ea an Fógra (9) a foilsíodh maidir le hiarmhairtí ráig COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais, imscrúduithe a bhféadfadh feidhm a bheith acu maidir leis an nós imeachta seo.

5.1.    Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus an tréimhse faoi bhreathnú

An t-imscrúdú chun a fháil amach an leanfar den dumpáil nó an gcuirfear tús léi arís, cumhdóidh sé an tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2021 go dtí an 30 Meán Fómhair 2022 (“tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe”). An t-imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an dóchúlacht go leanfar den díobháil nó go gcuirfear tús léi arís, cumhdóidh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go deireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (“an tréimhse faoi bhreathnú”).

5.2.    Barúlacha faoin iarraidh agus faoi thionscnamh an imscrúdaithe

Na páirtithe leasmhara uile ar mian leo barúil a thabhairt ar an iarraidh (lena n-áirítear ábhair a bhaineann le hatarlú díobhála agus le cúisíocht) nó aon ghné a bhaineann le tionscnamh an imscrúdaithe (lena n-áirítear an méid tacaíochta atá ann don iarraidh), ní mór dóibh é sin a dhéanamh laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (10).

Aon iarraidh ar éisteacht maidir le tionscnamh an imscrúdaithe, ní mór í a chur isteach laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.

5.3.    Nós imeachta um chinneadh na dóchúlachta go leanfar den dumpáil nó go gcuirfear tús léi arís

In athbhreithniú éaga, déanann an Coimisiún scrúdú ar onnmhairí a cuireadh chuig an Aontas i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus, gan beann ar onnmhairí chuig an Aontas, measann sé an rud é, de thoradh staid na gcuideachtaí a tháirgeann agus a dhíolann an táirge faoi athbhreithniú sa tír lena mbaineann, gur dócha go leanfar d’onnmhairí a chur chuig an Aontas ar phraghsanna dumpáilte nó go gcuirfear tús leis arís má théann na bearta in éag.

Dá bhrí sin, táirgeoirí uile (11) an táirge faoi athbhreithniú ón tír lena mbaineann, lena n-áirítear na táirgeoirí nár chomhoibrigh leis an imscrúdú nó leis na himscrúduithe arb iad na bearta atá i bhfeidhm ba thoradh orthu, iarrtar orthu a bheith rannpháirteach in imscrúdú an Choimisiúin.

5.3.1.   Imscrúdú a dhéanamh ar tháirgeoirí onnmhairiúcháin sa tír lena mbaineann

Ó tharla go bhféadfadh líon mór táirgeoirí sa tSín a bheith bainteach leis an athbhreithniú éaga seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche le linn na dteorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon táirgeoirí a ndéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar “sampláil” ar an bpróiseas sin freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán a dhéanfar an tsampláil.

Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, iarrtar ar gach táirgeoir, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a cheann, lena n-áirítear na táirgeoirí nár chomhoibrigh leis an imscrúdú arb iad na bearta atá faoi réir an athbhreithnithe seo ba thoradh air, faisnéis faoina chuideachtaí a chur ar fáil don Choimisiún laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo. Ní mór an fhaisnéis sin a chur ar fáil trí TRON.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi/form/R783_SAMPLING_FORM_FOR_EXPORTING_PRODUCER. I roinn 5.6 agus roinn 5.9 thíos, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar TRON.

D’fhonn an fhaisnéis a fháil a mheasann sé a bheith riachtanach chun sampla na dtáirgeoirí a roghnú, rachaidh an Coimisiún i dteagmháil le húdaráis na Síne freisin agus féadfaidh sé dul i dteagmháil le haon chomhlachas aitheanta de tháirgeoirí sa tír sin.

Má tá gá le sampla, roghnófar na tairgeoirí ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó de tháirgeacht, díolacháin nó onnmhairí ar féidir imscrúdú a dhéanamh air go réasúnta le linn an ama atá ar fáil. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do gach táirgeoir is eol sa tSín, d’údaráis na tíre lena mbaineann agus do chomhlachais táirgeoirí, trí údaráis na tíre lena mbaineann, más iomchuí, faoi na cuideachtaí a roghnófar le bheith sa sampla.

Nuair a gheobhaidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá chun sampla de na táirgeoirí a roghnú, cuirfidh sé na páirtithe lena mbaineann ar an eolas faoina chinneadh iad a roghnú nó gan iad a roghnú le bheith sa sampla. Beidh ar na táirgeoirí sampláilte ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra dóibh faoin gcinneadh iad a roghnú le bheith sa sampla, mura sonraítear a mhalairt.

Cuirfidh an Coimisiún nóta leis an gcomhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara a léireoidh roghnú an tsampla. Aon bharúil maidir le roghnú an tsampla, ní mór í a bheith faighte laistigh de 3 lá ón dáta a fógraíodh an cinneadh faoin sampla.

Beidh cóip den cheistneoir le haghaidh táirgeoirí sa tír nó sna tíortha lena mbaineann ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireachta na Trádála: https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2635

Gan dochar do chur i bhfeidhm féideartha Airteagal 18 den bhun-Rialachán, na cuideachtaí a bhí toilteanach a bheith sa sampla ach nár roghnaíodh iad le bheith ann, measfar gur cuideachtaí comhoibríocha atá iontu.

5.3.2.   Nós imeachta breise maidir le Daon-Phoblacht na Síne a bhfuil saobhadh suntasach inti

Faoi réir fhorálacha an Fhógra seo, leis seo, iarrtar ar gach páirtí leasmhar a chuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach, agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Mura sonraítear a mhalairt, ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.

Go háirithe, iarrann an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara uile a dtuairim a chur in iúl maidir leis na hionchuir agus maidir le cóid an Chórais Chomhchuibhithe (HS) a sholáthraítear san iarraidh, tír ionadaíoch nó tíortha ionadaíocha iomchuí a mholadh agus céannacht táirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú sna tíortha sin a chur ar fáil. Ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.

De bhun Airteagal 2(6a), pointe (e), den bhun-Rialachán, go luath tar éis dó an t-imscrúdú a thionscnamh, cuirfidh an Coimisiún na páirtithe san imscrúdú ar an eolas faoi na foinsí ábhartha a bhfuil sé beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach sa tSín a chinneadh de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, agus déanfaidh sé amhlaidh trí bhíthin nóta a ghabhann leis an gcomhad iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. Cumhdófar leis sin gach foinse, lena n-áirítear tríú tír ionadaíoch iomchuí a roghnú i gcás inarb iomchuí. Nuair a chuirfear an nóta leis an gcomhad sin, beidh 10 lá ag na páirtithe san imscrúdú ón dáta sin chun a gcuid barúlacha a chur isteach.

De réir na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún, is í an Bhrasaíl an tríú tír ionadaíoch a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh na Síne sa chás seo. D’fhonn an tríú tír ionadaíoch iomchuí a roghnú ar deireadh, scrúdóidh an Coimisiún an bhfuil tíortha ann a bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche acu atá cosúil le leibhéal na Síne, tíortha ina dtáirgtear agus ina ndíoltar an táirge faoi athbhreithniú agus ina bhfuil sonraí ábhartha ar fáil go héasca. I gcás ina bhfuil níos mó ná rogha amháin ann i ndáil le tír ionadaíoch, tabharfar tús áite, i gcás inarb iomchuí, do thíortha inar leordhóthanach leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil atá iontu.

Maidir leis na foinsí ábhartha, iarrann an Coimisiún ar tháirgeoirí uile na Síne faisnéis a chur ar fáil maidir leis na hábhair (amh agus próiseáilte) agus an fuinneamh a úsáidtear chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh agus sin a dhéanamh laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo. Ní mór an fhaisnéis sin a chur ar fáil trí TRON.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi/form/R783_INFO_ON_INPUTS_FOR_EXPORTING_PRODUCER_FORM. I roinn 5.6 agus roinn 5.9 thíos, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar TRON.

Thairis sin, ní mór aon fhaisnéis fhíorasach a chuirtear isteach chun luach a chur ar chostais agus ar phraghsanna de bhun phointe (a) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chomhdú laistigh de 65 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo. Níor cheart faisnéis fhíorasach den sórt sin a thógáil ach amháin ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí.

D’fhonn an fhaisnéis a fháil a mheasann sé a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe i ndáil le saobhadh suntasach líomhnaithe de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, cuirfidh an Coimisiún ceistneoir ar fáil do Rialtas na Síne freisin.

5.3.3.   Imscrúdú a dhéanamh ar allmhaireoirí neamhghaolmhara (12) (13)

Allmhaireoirí neamhghaolmhara a allmhairíonn an táirge faoi athbhreithniú chuig an Aontas ón tír lena mbaineann, lena n-áirítear na hallmhaireoirí nár chomhoibrigh leis an imscrúdú arb iad na bearta atá i bhfeidhm ba thoradh air, iarrtar orthu a bheith rannpháirteach san imscrúdú seo.

Ó tharla go bhféadfadh líon mór allmhaireoirí neamhghaolmhara a bheith bainteach leis an athbhreithniú éaga seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche le linn na dteorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon allmhaireoirí neamhghaolmhara a ndéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar “sampláil” ar an bpróiseas sin freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán a dhéanfar an tsampláil.

Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, iarrtar leis seo ar gach allmhaireoir neamhghaolmhar, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a gceann, lena n-áirítear na hallmhaireoirí nár chomhoibrigh leis an imscrúdú arb iad na bearta atá faoi réir an athbhreithnithe seo ba thoradh air, iad féin a chur in iúl don Choimisiún. Ní mór do na páirtithe sin déanamh amhlaidh laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, tríd an bhfaisnéis faoina gcuideachta nó faoina gcuideachtaí arna hiarraidh san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhFógra seo a thabhairt don Choimisiún.

D’fhonn an fhaisnéis a fháil a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach chun sampla na n-allmhaireoirí neamhghaolmhara a roghnú, is féidir go ndéanfaidh sé teagmháil le haon chomhlachas aitheanta d’allmhaireoirí.

Má tá gá le sampla, féadfar na hallmhaireoirí a roghnú ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó de dhíolacháin an táirge faoi athbhreithniú ón tír lena mbaineann san Aontas, ar méid é ar féidir imscrúdú a dhéanamh air go réasúnta le linn an ama atá ar fáil. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do gach allmhaireoir neamhghaolmhar agus do gach comhlachas allmhaireoirí faoi na cuideachtaí a roghnaíodh le bheith sa sampla.

Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún nóta leis an gcomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara a léireoidh roghnú an tsampla. Aon bharúil maidir le roghnú an tsampla, ní mór í a bheith faighte laistigh de 3 lá ón dáta a fógraíodh an cinneadh faoin sampla.

D’fhonn an fhaisnéis a mheasann sé a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe, cuirfidh an Coimisiún ceistneoirí ar fáil do na hallmhaireoirí neamhghaolmhara sampláilte. Ní mór do na páirtithe sin ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra faoi roghnú an tsampla, mura sonraítear a mhalairt.

Tá cóip den cheistneoir le haghaidh allmhaireoirí neamhghaolmhara ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta Trádála https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2635

5.4.    Nós imeachta um chinneadh na dóchúlachta go leanfar den díobháil nó go gcuirfear tús léi arís agus táirgeoirí de chuid an Aontais a imscrúdú

Chun a chinneadh an dócha go leanfar den díobháil do thionscal an Aontais nó go gcuirfear tús léi arís, iarrann an Coimisiún ar tháirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú san Aontas a bheith rannpháirteach san imscrúdú.

Ó tharla go bhféadfadh líon mór táirgeoirí de chuid an Aontais a bheith bainteach leis an athbhreithniú éaga seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche le linn na dteorainneacha ama reachtúla, chinn an Coimisiún teorainn a chur leis an líon táirgeoirí de chuid an Aontais a ndéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar “sampláil” ar an bpróiseas seo freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán a dhéantar an tsampláil.

Roghnaigh an Coimisiún sampla de tháirgeoirí de chuid an Aontais go sealadach. Is féidir na sonraí a fháil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara.

Leis seo, iarrtar ar pháirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt ar an sampla sealadach. Sa bhreis air sin, táirgeoirí eile de chuid an Aontais, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a gceann, lena n-airítear táirgeoirí de chuid an Aontais nár chomhoibrigh san imscrúdú nó sna himscrúduithe arb iad na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair ba thoradh air nó orthu, ar táirgeoirí iad a mheasann go bhfuil cúiseanna ann ar cheart dóibh a bheith sa sampla, ní mór dóibh dul i dteagmháil leis an gCoimisiún laistigh de 7 lá ó dháta fhoilsithe an Fhógra seo. Na barúlacha uile maidir leis an sampla sealadach, ní mór iad a bheith faighte laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt.

Tabharfaidh an Coimisiún fógra do gach táirgeoir aitheanta de chuid an Aontais agus/nó do gach comhlachas aitheanta de tháirgeoirí de chuid an Aontais faoi na cuideachtaí a roghnaíodh ar deireadh le bheith sa sampla.

Beidh ar na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra dóibh faoin gcinneadh iad a roghnú le bheith sa sampla, mura sonraítear a mhalairt.

Tá cóip den cheistneoir le haghaidh táirgeoirí de chuid an Aontais ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2635

5.5.    Nós imeachta um measúnú a dhéanamh ar leas an Aontais

Má dheimhnítear gur dócha go leanfar den dumpáil agus den díobháil nó go gcuirfear tú leo arís, déanfar cinneadh, de bhun Airteagal 21 den bhun-Rialachán, an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais dá gcoinneofaí na bearta frith-dhumpála i bhfeidhm.

Táirgeoirí de chuid an Aontais agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí tomhaltóirí ionadaíocha, iarrfar orthu faisnéis a thabhairt don Choimisiún maidir le leas an Aontais.

Aon fhaisnéis maidir le measúnú a dhéanamh ar leas an Aontais, ní mór í a chur isteach laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt. Féadfar an fhaisnéis seo a chur in iúl i bhformáid shaor nó trí cheistneoir arna ullmhú ag an gCoimisiún a líonadh isteach.

Tá cóip den cheistneoir, lena n-áirítear an ceistneoir le haghaidh úsáideoirí an táirge faoi imscrúdú, ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2635. In aon chás, aon fhaisnéis a chuirtear isteach de bhun Airteagal 21 den bhun-Rialachán, ní chuirfear san áireamh í ach amháin má tá fianaise fhíorasach ag gabháil léi tráth a chuirtear isteach í, ar fianaise í a thugann bunús lena bailíocht.

5.6.    Páirtithe leasmhara

Chun bheith rannpháirteach san imscrúdú, ní mór do pháirtithe leasmhara, amhail táirgeoirí sa tír lena mbaineann, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí tomhaltóirí ionadaíocha, ní mór dóibh a léiriú i dtús báire gurb ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi athbhreithniú.

Táirgeoirí sa tír lena mbaineann, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus comhlachais ionadaíocha a chuir faisnéis ar fáil i gcomhréir leis na nósanna imeachta a shonraítear i ranna 5.3.1, 5.3.3 agus 5.4, measfar gur páirtithe leasmhara atá iontu má tá nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi athbhreithniú.

Ní bheidh páirtithe eile in ann a bheith rannpháirteach san imscrúdú mar pháirtithe leasmhara go dtí go gcuirfidh siad iad féin in aithne, agus ar choinníoll gurb ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi imscrúdú. Is gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 18 den bhun-Rialachán a mheastar go bhfuil páirtí ina pháirtí leasmhar.

Is féidir an comhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara a rochtain trí TRON.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI. Lean na treoracha ar an leathanach sin chun rochtain a fháil (14).

5.7.    Aighneachtaí eile i scríbhinn

Faoi réir fhorálacha an Fhógra seo, iarrtar ar gach páirtí leasmhar, leis seo, a chuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach, agus fianaise thacaíochta a sholáthar. Mura sonraítear a mhalairt, ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.

5.8.    An deis éisteacht a fháil le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin

Féadfaidh gach páirtí leasmhar éisteacht a iarraidh le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiún. Aon iarraidh ar éisteacht, ní mór í a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór cúiseanna na hiarrata a shonrú inti mar aon le hachoimre ar an méid ar mian leis an bpáirtí leasmhar a phlé le linn na héisteachta. Beidh an éisteacht teoranta do na saincheisteanna arna leagan amach ag na páirtithe leasmhara i scríbhinn roimh ré.

I bprionsabal, ní úsáidfear éisteachtaí chun faisnéis fhíorasach nach bhfuil sa chomhad go fóill a chur i láthair. Mar sin féin, ar mhaithe le dea-riarachán agus chun gur féidir le seirbhísí an Choimisiúin dul ar aghaidh leis an imscrúdú, féadfar iarraidh ar pháirtithe leasmhara faisnéis fhíorasach nua ábhartha a chur ar fáil tar éis na héisteachta.

5.9.    Treoracha maidir le haighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh, agus maidir le ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras a sheoladh

Maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche imscrúduithe cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipcheart. Ní mór do pháirtithe leasmhara, sula gcuirfidh siad faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipchearta tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear don Choimisiún a) an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críoch an nós imeachta cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú sin i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gcearta cosanta a fheidhmiú.

Gach aighneacht i scríbhinn, lena n-áirítear an fhaisnéis a iarrtar san Fhógra seo, ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras arna gcur ar fáil ag páirtithe leasmhara a n-iarrtar gur i modh rúin a chaithfí leo, cuirfear an lipéad “Íogair” orthu (15). Páirtithe a chuireann faisnéis isteach le linn an imscrúdaithe seo, iarrtar orthu údar a thabhairt lena n-iarraidh go gcaithfear mar fhaisnéis rúnda í.

Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis “Íogair” achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 19(2) den bhun-Rialachán ar a gcuirfear an lipéad “Le hiniúchadh ag na páirtithe leasmhara”. Ba cheart do na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún a thuiscint go réasúnta. Mura féidir leis an bpáirtí a sholáthraíonn faisnéis rúnda cúis mhaith a thabhairt lena iarraidh gur i modh rúin a chaithfear léi nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus den cháilíocht a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart.

Iarrtar ar pháirtithe leasmhara gach aighneacht agus iarraidh a dhéanamh trí TRON.tdi (https://webgate.ec.europa.eu/tron/TDI) lena n-áirítear iarrataí ar chlárú mar pháirtithe leasmhara, cóipeanna scanta de chumhachtaí aturnae agus de dheimhniúcháin. Trí úsáid a bhaint as TRON.tdi nó ríomhphost, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go gcomhaontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad “COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA”, doiciméad a foilsíodh ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://circabc.europa.eu/ui/group/2e3865ad-3886-4131-92bb-a71754fffec6/library/c8672a13-8b83-4129-b94c-bfd1bf27eaac/details. Ní mór do na páirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuireann siad ar fáil, agus gur seoladh é a sheiceáiltear ar bhonn laethúil. Tráth a chuirfear sonraí teagmhála ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, seachas sa chás go n-iarrfaidh siad na doiciméid uile ar an gCoimisiún trí mheán eile cumarsáide go sainráite, nó mura rud é gur gá post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise a fháil maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear prionsabail a bhaineann le haighneachtaí trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, ba cheart do pháirtithe leasmhara féachaint ar na treoracha dá dtagraítear thuas maidir le cumarsáid le páirtithe leasmhara.

Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais:

Commission européenne

Direction Générale du Commerce

Direction G

Bureau: CHAR 04/039

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

TRON.tdi: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi

R-phost: TRADE-R783-HPT-DUMPING@ec.europa.eu; TRADE-R783-HPT-INJURY@ec.europa.eu

6.   Sceideal an imscrúdaithe

De ghnáth, cuirfear an t-imscrúdú i gcrích laistigh de 12 mhí agus in aon chás tráth nach déanaí ná 15 mhí ó dháta foilsithe an Fhógra seo, de bhun Airteagal 11(5) den bhun-Rialachán.

7.   Faisnéis a chur isteach

Go hiondúil, ní fhéadfaidh na páirtithe leasmhara faisnéis a chur isteach ach amháin laistigh de na creata ama a shonraítear i roinn 5 den Fhógra seo.

Chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh de na sprioc-amanna sainordaitheacha, ní ghlacfaidh an Coimisiún le haighneachtaí ó pháirtithe leasmhara tar éis an sprioc-ama chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh nó, i gcás inarb infheidhme, tar éis an sprioc-ama chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh breise.

8.   An deis barúlacha a thabhairt maidir le haighneachtaí ó pháirtithe eile

Chun cearta na cosanta a ráthú, ba cheart an deis a bheith ag páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir le faisnéis a chuireann páirtithe leasmhara eile isteach. Agus é sin á dhéanamh acu, féadfaidh na páirtithe leasmhara díriú ar shaincheisteanna a ardaítear in aighneachtaí o pháirtithe eile agus ar na saincheisteanna sin amháin, agus ní fhéadfaidh siad saincheisteanna nua a ardú.

Barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar nochtadh na dtorthaí cinntitheacha, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 5 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis na torthaí cinntitheacha, mura sonraítear a mhalairt. Más ann do nochtadh deiridh breise, barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar an nochtadh breise sin, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 1 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh breise sin, mura sonraítear a mhalairt.

An creat ama arna leagan amach, tá sé gan dochar do cheart an Choimisiúin faisnéis bhreise a iarraidh ar pháirtithe leasmhara i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

9.   Síneadh leis na teorainneacha ama a shonraítear san Fhógra seo

Níor cheart aon síneadh maidir leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear san Fhógra seo a iarraidh ach amháin in imthosca eisceachtúla, agus ní dhéanfar é a dheonú ach amháin má tá údar cuí leis. In aon chás, aon síneadh a chuirfear leis an sprioc-am chun freagra a thabhairt ar cheistneoirí, beidh sé teoranta do 3 lá go hiondúil, agus mar riail ghinearálta ní rachaidh sé thar 7 lá. Maidir le teorainneacha ama le haghaidh faisnéis eile seachas an fhaisnéis a shonraítear san Fhógra tionscnaimh a chur isteach, ní rachaidh aon síneadh ama thar 3 lá, mura léirítear gurb ann d’imthosca eisceachtúla.

10.   Neamh-chomhoibriú

I gcás ina ndiúltóidh aon pháirtí leasmhar rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis is gá nó mura gcuireann sé an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de na teorainneacha ama, nó má chuireann sé bac suntasach ar an imscrúdú, féadfar torthaí, bídís deimhneach nó diúltach, a bhunú ar na fíorais atá ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

I gcás ina ndéanfar amach gur sholáthair páirtí leasmhar faisnéis a bhí bréagach nó míthreorach, féadfar neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin agus úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil.

Mura gcomhoibríonn páirtí leasmhar nó mura gcomhoibríonn sé ach i bpáirt agus, dá bhrí sin, má tá na torthaí bunaithe ar fhíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, féadfaidh an toradh gan a bheith chomh fabhrach don pháirtí sin agus a bheadh dá mbeadh sé tar éis comhoibriú.

Mura dtugtar freagairt leictreonach, ní mheasfar go bhfuil neamh-chomhoibriú i gceist ar choinníoll go léireoidh an páirtí leasmhar lena mbaineann go mbeadh ualach breise míréasúnta nó costas breise míréasúnta ag baint leis an bhfreagairt a thíolacadh. Ba cheart don pháirtí leasmhar teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún láithreach.

11.   An tOifigeach Éisteachta

Féadfaidh páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta in imeachtaí trádála a iarraidh. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, ar iarrataí ar shíneadh teorainneacha ama agus ar aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta páirtithe leasmhara agus tríú páirtithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn an imeachta.

Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta éisteachtaí a eagrú agus idirghabháil a dhéanamh idir an páirtí nó na páirtithe leasmhara agus seirbhísí an Choimisiúin chun a áirithiú go bhfuil cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara á bhfeidhmiú ina n-iomláine. Ba cheart iarraidh ar éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna atá leis na hiarrataí. Níor cheart na héisteachtaí sin a reáchtáil ach amháin murar réitíodh na saincheisteanna le seirbhísí an Choimisiúin in am trátha.

Ní mór aon iarraidh a chur isteach in am trátha agus go gasta ionas nach gcuirfear stiúradh ordúil na n-imeachtaí i mbaol. Chuige sin, ba cheart do pháirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh a luaithe is féidir tar éis an teagmhais is údar le hidirghabháil den sórt sin a bheith ann. I gcás ina gcuirfear iarrataí éisteachta isteach lasmuigh de na tréimhsí ama ábhartha, déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna le hiarrataí déanacha den sórt sin, ar chineál na saincheisteanna a ardaíodh agus tionchar na saincheisteanna sin ar chearta cosanta, ag féachaint go cuí do leasanna an dea-riaracháin agus do chríochnú tráthúil an imscrúdaithe.

Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála:

https://policy.trade.ec.europa.eu/contacts/hearing-officer_en

12.   An deis athbhreithniú a iarraidh faoi Airteagal 11(3) den bhun-Rialachán

Ó tharla go dtionscnaítear an t-athbhreithniú éaga seo i gcomhréir le forálacha Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán, ní leasófar na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair i ngeall ar thorthaí an athbhreithnithe, ach déanfar na bearta sin a aisghairm nó a choinneáil ar bun i gcomhréir le hAirteagal 11(6) den bhun-Rialachán.

Má mheasann aon pháirtí leasmhar go bhfuil údar le hathbhreithniú ar na bearta ar dhóigh a d’fhágfadh go bhféadfaí na bearta a leasú, féadfaidh an páirtí sin athbhreithniú a iarraidh de bhun Airteagal 11(3) den bhun-Rialachán.

Féadfaidh páirtithe ar mian leo athbhreithniú den sórt sin a iarraidh, a dhéanfaí go neamhspleách ar an athbhreithniú éaga a luaitear san Fhógra seo, teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún ag an seoladh a thugtar thuas.

13.   Próiseáil sonraí pearsanta

Aon fhaisnéis phearsanta a bhailítear le linn an imscrúdaithe seo, caithfear léi i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16).

Tá fógra cosanta sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, fógra a chuireann gach duine aonair ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin:

https://circabc.europa.eu/ui/group/2e3865ad-3886-4131-92bb-a71754fffec6/library/cef4ace2-299e-4e29-a17e-d450f34a23a5/details


(1)  IO C 104, 4.3.2022, lch. 10.

(2)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(3)  RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2017/2206 ÓN gCOIMISIÚN an 29 Samhain 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí trucailí pailléad láimhe agus a bpáirteanna bunriachtanacha de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 314, 30.11.2017, lch. 12).

(4)  RIALACHÁN (CE) Uimh. 499/2009 ÓN gCOMHAIRLE an 11 Meitheamh 2009 lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach arna forchur le Rialachán (CE) Uimh. 1174/2005 ar allmhairí trucailí pailléad láimhe agus a bpáirteanna bunriachtanacha de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne chun allmhairí an táirge céanna arna gcur chun bealaigh ón Téalainn a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Téalainne iad nó ná bíodh (IO L 151, 16.6.2009, lch. 1).

(5)  RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2016/1346 ÓN gCOIMISIÚN an 8 Lúnasa 2016 lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach arna forchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1008/2011 ón gComhairle, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 372/2013 ón gComhairle, ar allmhairí trucailí pailléad láimhe agus a bpáirteanna bunriachtanacha de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, chun allmhairí trucailí pailléad láimhe atá modhnaithe beagán de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne a chumhdach (IO L 214, 9.8.2016, lch. 1).

(6)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar na Síne chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála, an 20 Nollaig 2017, SWD(2017) 483 final/2, ar fáil faoi: https://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2017/december/tradoc_156474.pdf

(7)  RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2017/969 ÓN gCOIMISIÚN an 8 Meitheamh 2017 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí táirgí cothroma teorollta áirithe d’iarann, de chruach neamh-chóimhiotail nó de chruach chóimhiotail eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/649 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí cothroma teorollta áirithe d’iarann, de chruach neamh-chóimhiotail nó de chruach chóimhiotail eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 146, 9.6.2017, lch. 17).

(8)  Féadfar na doiciméid a luaitear sa tuarascáil tíre a fháil freisin arna iarraidh sin go cuí-réasúnaithe.

(9)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52020XC0316%2802%29

(10)  Is ionann gach tagairt d’fhoilsiú an Fhógra seo agus tagairt d’fhoilsiú an Fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ach amháin má shonraítear a mhalairt.

(11)  Is éard is táirgeoir ann aon chuideachta sa tír lena mbaineann a tháirgeann an táirge faoi athbhreithniú, lena n-áirítear aon cheann dá cuideachtaí gaolmhara a bhfuil baint aici le táirgeadh, díolacháin náisiúnta nó onnmhairí an táirge faoi athbhreithniú.

(12)  Ní féidir ach allmhaireoirí nach bhfuil gaolmhar leis na táirgeoirí sa tír nó sna tíortha lena mbaineann a shampláil. Allmhaireoirí atá gaolmhar le táirgeoirí, ní mór dóibh Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gceistneoir le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sin a líonadh isteach. I gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, measfar beirt a bheith gaolmhar sna cásanna seo a leanas: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más le tríú páirtí 5 % nó níos mó de na stoic nó de na scaireanna le cearta vótála de chuid na beirte acu, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má stiúrann duine acu an duine eile go díreach nó go hindíreach; (f) má tá an bheirt acu faoi stiúradh díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; nó (h) más daoine ón teaghlach céanna iad (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558). Ní mheasfar daoine a bheith den teaghlach céanna ach amháin má tá siad in aon ghaol acu seo a leanas le chéile: (i) fear céile agus bean chéile, (ii) tuismitheoir agus leanbh, (iii) deartháir agus deirfiúr (más ionann athair agus máthair dóibh nó más ionann tuismitheoir amháin dóibh), (iv) seanathair nó seanmháthair agus garleanbh, (v) uncail nó aintín agus nia nó neacht, (vi) tuismitheoir céile agus cliamhain nó banchliamhain, (vii) deartháir céile agus deirfiúr chéile. I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, ciallaíonn “duine” duine nádúrtha, duine dlítheanach agus aon chumann de dhaoine nach bhfuil ina dhuine dlítheanach ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlíthiúla a dhéanamh (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(13)  Na sonraí a chuireann allmhaireoirí neamhghaolmhara ar fáil, féadfar iad a úsáid i ndáil le gnéithe den imscrúdú seo nach mbaineann le dumpáil a chinneadh.

(14)  I gcás fadhbanna teicniúla, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Deasc Seirbhíse Trádála trí ríomhphost a sheoladh chuig trade-service-desk@ec.europa.eu nó ar an nguthán +32 22979797.

(15)  Is éard is doiciméad “Íogair” ann doiciméad a meastar a bheith rúnda de bhun Airteagal 19 den bhun-Rialachán agus Airteagal 6 de Chomhaontú EDT maidir le cur chun feidhme Airteagal VI de GATT 1994 (An Comhaontú Frithdhumpála). Is doiciméad é freisin atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(16)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).