21.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 405/53


TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN

Formheas inneachair dréachta le haghaidh Rialachán ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh 1217/2010 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le tréimhse cur chun feidhme an Rialacháin sin

(2022/C 405/03)

D’fhormheas an Coimisiún inneachar dréachta le haghaidh Rialachán ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh 1217/2010 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le tréimhse cur chun feidhme an Rialacháin sin an 14 Deireadh Fómhair 2022.

Tá an dréacht le haghaidh Rialachán ón gCoimisiún i gceangal mar Iarscríbhinn a ghabhann leis an Teachtaireacht seo.

Tá an dréacht le haghaidh Rialacháin ón gCoimisiún curtha ar fáil don phobal ar:

http://ec.europa.eu/competition/consultations/open.html


IARSCRÍBHINN

RIALACHÁN (AE) 2022/… ÓN gCOIMISIÚN an 14 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh 1217/2010 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann lena thréimhse cur i bhfeidhm

DRÉACHT

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CEE) Uimh. 2821/71 ón gComhairle an 20 Nollaig 1971, maidir le hAirteagal 85(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le haicmí comhaontuithe, cinntí agus cleachtas chomhbheartaithe (1),

Tar éis dó dréacht den Rialachán seo a fhoilsiú (2)

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Chleachtais Shriantacha agus Monaplachtaí,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CEE) Uimh. 2821/71 tugtar de chumhacht don Choimisiún a dhearbhú, le rialú agus i gcomhréir le hAirteagal 101(3) den Chonradh, nach mbeidh feidhm ag Airteagal 101(1) den Chonradh maidir le haicmí áirithe comhaontuithe taighde agus forbartha.

(2)

Le Rialachán (CEE) Uimh. 1217/2010 (3) sainítear aicmí comhaontuithe taighde agus forbartha a measann an Coimisiún go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 101(3) den Chonradh de ghnáth. Rachaidh an Rialachán sin in éag an 31 Nollaig 2022.

(3)

An 5 Meán Fómhair 2019 lainseáil an Coimisiún meastóireacht ar Rialachán (AE) Uimh. 1217/2010. De réir na fianaise atá bailithe sa mheastóireacht, is cosúil gur uirlis úsáideach a bhí i Rialachán (AE) Uimh. 1217/2010 agus go bhfuil na rialacha ann ábhartha fós do pháirtithe leasmhara. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta, an 7 Meitheamh 2021, lainseáil an Coimisiún measúnú tionchair ar roghanna beartais i leith rialachán blocdhíolúine nua a ghlacadh le haghaidh comhaontuithe taighde agus forbartha.

(4)

Chun go mbeidh go leor ama ag an gCoimisiún chun an próiseas chun rialachán blocdhíolúine nua a ghlacadh le haghaidh comhaontuithe taighde agus forbartha a chríochnú agus de bhun na cumhachta atá ag an gCoimisiún faoi Airteagal 2(1) de Rialachán (CEE) Uimh. 2821/71, ba cheart síneadh 6 mhí a chur le tréimhse cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1217/2010.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1217/2010 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1217/2010, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

“Rachaidh sé in éag an 30 Meitheamh 2023.”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 285, 29.12.1971, lch 46. Le héifeacht ón 1 Nollaig 2009, rinneadh Airteagal 101 den Chonradh d’Airteagal 81 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (Airteagal 85 de Chonradh CEE roimhe sin). Is ionann an dá fhoráil sin, go bunúsach. Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart a thuiscint gur tagairtí d’Airteagal 101 den Chonradh iad na tagairtí d’Airteagal 85 nó Airteagal 81 de Chonradh CE, i gcás inarb iomchuí.

(2)  IO C 405, 21.10.2022, lch 53.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1217/2010 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2010 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le haicmí áirithe comhaontuithe taighde agus forbartha (IO L 335, 18 Nollaig 2010, lch 36).