|
11.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 390/44 |
Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas leasaithe chaighdeánaigh ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún
(2022/C 390/10)
Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).
FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL
“Coteşti”
STFC-RO-A1577-AM03
Dáta teachtaireachta: 15 Iúil 2022
TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS
Tásca roghnacha a chur leis an lipéadú
Cuirtear forálacha breise leis an tsonraíocht maidir le tásca roghnacha ar lipéadú fíonta a thagraíonn do mhodhanna áirithe táirgthe (téarmaí a úsáid a chomharthaíonn cleachtais fíonóireachta arna gcur i bhfeidhm ar fud an domhain a thugann saintréithe céadfacha sainiúla do na fíonta, a leagann an tomhaltóir tábhacht orthu maidir le cáilíocht, aibíocht agus aosú).
Leasaítear Caibidil V den tsonraíocht agus pointe 9 den doiciméad aonair.
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm(neacha)
Coteşti
2. Cineál an táisc gheografaigh
STFC – Sonrúchán Tionscnaimh Faoi Chosaint
3. Catagóirí táirgí fíniúna
|
1. |
Fíon |
4. Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta
1. Saintréithe orgánaileipteacha agus anailíseacha fíonta nuair a scaoiltear iad lena n-ól
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Fetească albă – fíon fíneáilte, neodrach ó thaobh dea-bholaidh; nuair a choiptear ar theochtaí ísle é, féadfaidh sé dea-bholaithe coipthe áirithe a fhorbairt.
Fetească regală – beoga agus suaimhneasach an tráth céanna, le dea-bholadh éadrom úll, blas bláthanna.
Galbenă de Odobești – dea-bholadh éadrom, fíon a bhfuil neart íseal alcóil féideartha aige.
Tămâioasă românească – Tá saibhreas aramatach air ina chéad bhlianta, agus dea-bholadh rósanna milse; le haosú, tá dea-bholadh muisc, rísíní, meala agus spíosraí aige.
Șarbă – citreas, nótaí luibhe, le beogacht, úire, dea-bholaithe bláthacha róis, basail.
Frâncușa – fíonta a bhfuil neart alcóil measartha agus saintréithe aramatacha acu.
Crâmpoșia – dath scothbhuí/bán le fordhathanna scothghlasa agus dea-bholadh fíneáilte de thorthaí úra.
Riesling – blas neodrach.
Sauvignon – fíonta tirime, le haigéadacht mheánach nó ard, úire shuntasach, blasanna luibhe, nó dea-bholaithe torthaí trópaiceacha milse, dea-bholadh bláthanna fíniúna go minic.
Chardonnay – dea-bholaithe éagsúla, neodracha, ime, trópaiceacha; a bhuí lena aigéadacht, is amhábhar an-mhaith é le haghaidh fíon súilíneach.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt): |
15 |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt): |
9 |
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine: |
3,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach |
|
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir): |
20 |
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
250 |
2. Saintréithe orgánaileipteacha agus anailíseacha fíonta nuair a scaoiltear iad lena n-ól
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Fetească neagră – saintréithe géara, déantar an fhíonóireacht chun fíon leath-thirim agus leathmhilis a dhéanamh lena gcuirtear béim ar dhea-bholadh sonrach na bplumaí griantriomaithe, dath dearg-chorcairghorm i bhfíonta óga.
Băbească neagră – neart alcóil féideartha 10-11 % de réir toirte.
Cabernet Sauvignon – oiriúnach le haghaidh aibithe agus aosaithe, é aramatach le blasanna fiáine, adhmaid, agus dea-bholaithe piobar glas agus cuiríní dubha aige.
Merlot – tathag measartha, dea-bholaithe láidre sútha craobh, plumaí agus cuiríní dubha, an cineál is fearr lena chumasc le Cabernet Sauvignon go príomha.
Pinot noir – mar fhíon óg, bíonn blasanna silíní, plumaí agus sútha talún (torthaí aibí agus dearga) air, de réir mar a théann sé in aois, bíonn blasanna rísíní, féir thirim, tobaic, leathair, muisiriún agus piobair dhuibh air, agus bíonn dath ruadhonn trédhearcach air.
Syrah – fíon a bhfuil blas cumhachtach air a chuireann torthaí na foraoise duibhe, spíosraí, liocras, seacláid dhubh agus piobar i gcuimhne. Tá a dhlús os cionn an mheáin, agus is iondúil go mbíonn cion ard tainnine aige, rud a fhágann go n-oireann sé go maith do bhia spíosrach, uaineoil agus géim. Sa phróiseas fíonóireachta, is iondúil go mbíonn sé go maith mar fhíonchaor aonair, ach is an-mhinic a chuirtear le cineálacha eile é, Cabernet Sauvignon nó Merlot de ghnáth, rud a chuireann le fíon snasta a bhfuil fad saoil iontach aige.
Bíonn cion ard siúcra agus cion ard alcóil aige, bíonn dath glédhearg air, le gealáin chorcra uaireanta, bíonn sé dian, le dea-bholaithe casta piobair, silíní dubha, torthaí foraoise úra, aigéadacht chothromaithe agus uigeacht veilbhite.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt): |
15 |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt): |
9 |
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine: |
3,5 i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir |
|
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir): |
20 |
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
250 |
5. Cleachtais fíonóireachta
5.1. Cleachtais fíonóireachta shonracha
1.
Cleachtas fíonóireachta sonrach
Is féidir fíonta geala agus rosé a fháil ó na cineálacha Pinot gris agus Traminer roz, ag brath ar roghanna teicneolaíochta an táirgeora.
5.2. Uastáirgeacht
1.
14 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir
2.
14 500 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir
3.
15 500 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir
4.
18 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir
5.
21 500 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir
6.
17 500 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir
7.
135 heictilítear in aghaidh an heicteáir
8.
130 heictilítear in aghaidh an heicteáir
6. Limistéar geografach críochaithe
|
|
Contae Vrancea
|
|
|
Contae Buzau
|
7. Cineál/cineálacha fíniúna
|
|
Aligoté B - Plant de trois, Plant gris, Vert blanc, Troyen blanc |
|
|
Burgund Mare N - Grosser burgunder, Grossburgunder, Blaufrankisch, Kekfrankos, Frankovka, Limberger |
|
|
Busuioacă de Bohotin Rs - Schwarzer Muscat, Muscat fioletovâi, Muscat violet cyperus, Tămâioasă violetă |
|
|
Babeasca gri G |
|
|
Băbească neagră N - Grossmuttertraube, Hexentraube, Crăcana, Rară neagră, Căldăruşă, Serecsia |
|
|
Cabernet Sauvignon N - Petit Vidure, Burdeos tinto |
|
|
Cadarcă N - Schwarzer Kadarka, Rubinroter Kadarka, Lugojană, Gâmză, Fekete budai |
|
|
Chardonnay B - Gentil blanc, Pinot blanc Chardonnay |
|
|
Crâmpoşie selecţionată B |
|
|
Fetească albă B - Păsărească albă, Poama fetei, Mädchentraube, Leanyka, Leanka |
|
|
Fetească neagră N - Schwarze Mädchentraube, Poama fetei neagră, Păsărească neagră, Coada rândunicii |
|
|
Fetească regală B - Königliche Mädchentraube, Königsast, Kiralyleanka, Dănășană, Galbenă de Ardeal |
|
|
Frâncuşă B - Vinoasă, Mildweisser, Mustoasă de Moldova, Poamă creaţă |
|
|
Furmint B - Furmin, Șom szalai, Szegszolo |
|
|
Galbenă de Odobești B - Galbenă de Căpătanu, Galbenă Uriașă, Galbenă |
|
|
Merlot N - Bigney rouge |
|
|
Muscat Ottonel B – Muscat Ottonel blanc |
|
|
Mustoasă de Măderat B - Lampau, Lampor, Mustafer, Mustos Feher, Straftraube |
|
|
Negru Aromat N |
|
|
Pinot Gris G - Affumé, Grauer Burgunder, Grauburgunder, Grauer Mönch, Pinot cendré, Pinot Grigio, Ruländer |
|
|
Pinot noir N - Blauer Spätburgunder, Burgund mic, Burgunder roter, Klăvner Morillon Noir |
|
|
Riesling de Rhin B - Weisser Riesling, White Riesling |
|
|
Riesling italian B - Olasz Riesling, Olaszriesling, Welschriesling |
|
|
Sauvignon B - Sauvignon verde |
|
|
Syrah N - Shiraz, Petit Syrah |
|
|
Traminer Rose Rs - Rosetraminer, Savagnin Rose, Gewürztraminer |
|
|
Tămâioasă românească B - Rumänische Weihrauchtraube, Tamianka |
|
|
Şarba B |
8. Tuairisc ar an nasc (na naisc)
8.1. Mionsonraí an limistéir gheografaigh
Tá limistéar STFC Cotești lonnaithe ar thaobh deisceartach bhunchnoic Vrancea ar an taobh thoir de na Sléibhte Cairp agus na Sléibhte Fo-Chairp, agus é mar shíneadh d’fhíonghoirt Panciu agus Odobești, atá lonnaithe ó thuaidh. Le chéile, déanann na trí cinn acu “Fíonghoirt Vrancea” nó “Fíonghoirt Putna” a bhfuil an-aithne orthu. Leagtar amach i rónna é ag rith ón tuaisceart go dtí an deisceart idir gleannta aibhneacha Milcov agus Râmna. Forleagann sé an crios trasdula bunchnoic bitheolaíochta, péideolaíochta agus aeráide idir 'Câmpia Română' (an Mhá Rómáinis) ar an taobh thoir (airdí faoi 100 m) agus an stua Fo-Chairp ar an taobh thiar (Cnoc Deleanu, 698 m agus Cnoc Căpățânei, 592 m) ar airde níos mó ná 300 m.
An cineál carraige - Sealaíocht idir gainimh agus gairbhéal na mbunchnoc ón bPléisticéineach Íochtarach agus Meánach, cumhdaithe le maintlín dríodair lóis chré agus ghainmhigh. Tá an spruadar ilchríochach Pléisticéineach sin ar bharr na cré muirí, an ghainimh agus na ndríodar marla Pléicéineach.
Rilíf - Leathan, stráicí garchothrománacha idir aibhneacha, le solas gréine orthu ó theas agus ó thoir go príomha, ach tairbhíonn na fánaí thiar de sholas gréine leordhóthanach freisin agus, mar sin, tá siad oiriúnach chun fíniúnacha a shaothrú, ar léir uaidh sin líon ard na bhfíonghort.
Aeráid - Soláthraíonn an steip fhoraoise sa limistéar seo go sonrach dálaí den scoth chun cineálacha fíonchaor ardcháilíochta a fhás, a bhuí le teas gréine saibhir agus réim báistí fhabhrach go príomha. Leis an bhflosc radantach flúirseach agus na meán-uaireanta gréine, áirithítear go bhfuil na dálaí barrmhaithe ann le haghaidh fás fíniúnacha, aibiú fíonchaor agus tiúchan siúcra i bhfíonchaora.
8.2. Mionsonraí an táirge, idirghníomhaíocht chúisíoch
Bíonn dath dian ar na fíonta dearga, bíonn tathag measartha acu, le dea-bholaithe aramatacha príomha de shútha craobh, prúnaí, cuiríní, silíní, sútha talún, rísíní, beacáin agus piobar dubh, le haigéadacht chothromaithe, veilbhite.
Bíonn na fíonta geala úr, le dea-bholaithe citris nó torthaí trópaiceacha, dea-bholaithe bláthacha róis, basail de ghnáth, le blas úr, an aigéadacht bharrmhaith, dea-bholadh úll glas úr uaireanta freisin.
A bhuí le haigéadacht na hithreach, bíonn úire agus saintréithe fíona ag na fíonta geala, le bolaithe de thorthaí úra.
Bíonn na fíonta dearga veilbhitiúil le tainniní dea-chomhtháthaithe a bhuí leis an aeráid ar leith atá sa steip foraoise lena ngabhann acmhainní teirmeacha gréine. Leis an meánfhad gréine, áirithítear an fhorbairt bharrmhaith de na fíniúnacha agus an tiúchan siúcra sna fíonchaora.
9. Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)
Maolú ar tháirgeadh
Creat dlíthiúil:
i reachtaíocht an Aontais
An cineál coinníll bhreise:
Maolú ar tháirgeadh sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll:
I ndálaí aeráide áirithe, a mbíonn tionchar dearfach acu, i gcomhar le acmhainn cineálacha áirithe, ar thorthaí plandálacha sa limistéar críochaithe, is féidir na muisc agus/nó na fíonta lena ngabhann STFC Cotești a phróiseáil lasmuigh den limistéar críochaithe freisin, sa limistéar comharsanach ina gcuireann na lárionaid fíona an acmhainneacht is fearr ar fáil. Leis an limistéar gaolmhar arna ainmniú chun na críche sin le haghaidh fíonóireacht tapa, fíonóireacht ar theocht rialaithe agus coipeadh ar theocht rialaithe chun acmhainn aramatach roinnt cineálacha a choimeád, áirítear na bardais a leanas de Chontae Vrancea: Panciu, Movilița, Odobești, Unirea, Jariștea agus Bolotești.
Ag gach céim den phróiseas táirgeachta agus i ndiaidh measúnú a dhéanamh ar shaintréithe agus cáilíochtaí an táirge a fhaightear, is féidir leis an táirgeoir na táirgí fíona a athaicmiú sna catagóirí táirge dá bhforáiltear sa reachtaíocht atá i bhfeidhm, chun comhlíontacht a choinneáil ar bun.
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Creat dlíthiúil:
I Reachtaíocht an Aontais
An cineál coinníll bhreise:
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Féadfar roinnt tásc a thagraíonn do mhodhanna áirithe táirgthe a úsáid ar bhonn deonach, mar seo a leanas:
|
|
féadfar na tásca “fermentat in barrique [coipthe i mbairillí]”, “maturat in barrique [aibithe i mbairillí]”“fermentat în prezența așchiilor de stejar [coipthe i láthair slisíní darach]” agus “maturat în prezența așchiilor de stejar [aibithe i láthair slisíní darach)” a thaispeáint ar an lipéadú i Rómáinis, nó féadfar téarmaí i dteangacha a úsáidtear go hidirnáisiúnta a úsáid chun an tomhaltóir a chur ar an eolas go mbaintear úsáid as an bpróiseas luaite, amhail ceann ar bith de na tásca a leanas: |
|
|
“fume” nó “smoked” nó “toasted” sa Bhéarla, cibé acu atá nó nach bhfuil an téarma in éineacht leis a thugann tuairisc ar dhéine na cóireála teasa arna cur i bhfeidhm ar an adhmad darach a úsáidtear, i.e. “éadrom”, “measartha” nó “trom”. |
|
|
“fumé” nó “fumée” i bhFraincis, cibé acu atá nó nach bhfuil an téarma in éineacht leis a thugann tuairisc ar dhéine na cóireála teasa arna cur i bhfeidhm ar an adhmad darach a úsáidtear, i.e. “légère”, “moyenne”, “forte” nó “petite fumé”, “demi fumé”, “intense fumé”. |
Féadfaidh na tásca sin a bheith in aon teanga eile a úsáidtear go hidirnáisiúnta nó i dteanga na tíre ina bhfuil sé beartaithe an táirge fíona a mhargú má roghnaíonn an táirgeoir fíona amhlaidh, chun an tomhaltóir a chur ar an eolas faoi úsáid cleachtas arna gcur i bhfeidhm ar fud an domhain chun fíonta a fháil lena ngabhann saintréithe céadfacha sainiúla.
I gcás fíonta a théann faoi thréimhse aibithe nó aosaithe ar na moirt, féadfaidh an lipéad téarmaí a chuimsiú mar “sur lie”, “bâttonnage” nó “aosaithe ar na moirt”.
Nasc chuig an tsonraíocht táirge
https://www.onvpv.ro/sites/default/files/caiet_sarcini_doc_cotesti_modificat_cf_cererilor_96_2017_1836_2017_1423_2019_473_01.03.2022_no_track_changes_0.pdf