|
29.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 372/3 |
Fógra maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca le bearta frithdhumpála áirithe
(2022/C 372/03)
1.
Mar a fhoráiltear in Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), tá an Coimisiún ag tabhairt fógra go rachaidh na bearta frithdhumpála a luaitear thíos in éag ar an dáta a luaitear sa tábla thíos mura dtionscnófar athbhreithniú i gcomhréir leis an nós imeachta seo a leanas.
2. Nós imeachta
Féadfaidh táirgeoirí de chuid an Aontais iarraidh i scríbhinn ar athbhreithniú a chur isteach. Ní mór fianaise leordhóthanach a bheith san iarraidh sin gur dócha go leanfaí den dumpáil agus den díobháil nó go dtarlóidís arís mar thoradh ar dhul in éag na mbeart. Má chinneann an Coimisiún na bearta lena mbaineann a athbhreithniú, tabharfar deis ansin d'allmhaireoirí, d'onnmhaireoirí, d'ionadaithe na tíre is onnmhaireoir agus do tháirgeoirí de chuid an Aontais a mbarúil a thabhairt ar na hábhair atá leagtha amach san iarraidh ar athbhreithniú, nó béim a leagan ar na hábhair sin, nó iad a bhréagnú.
3. Teorainn ama
Ar bhonn an mhéid thuas féadfaidh táirgeoirí an Aontais iarraidh i scríbhinn a dhéanamh ar athbhreithniú, iarraidh nach mór a bheith faighte ag an gCoimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála (Aonad G-1), CHAR 4/39, 1049, an Bhruiséil, an Bheilg (2) aon tráth tar éis fhoilsiú an fhógra seo ach tráth nach déanaí ná trí mhí roimh an dáta a luaitear sa tábla thíos.
|
4. |
Foilsítear an fógra seo i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036.
|
(1) IO L 176, 30.6.2016, Lch. 21.
(2) TRADE-Defence-Complaints@ec.europa.eu
(3) Téann an beart in éag ag meán oíche (00:00) an lá a luaitear sa cholún seo