28.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 370/45


Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

(2022/C 370/08)

Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.

DOICIMÉAD AONAIR

“Íslenskt lambakjöt”

Uimh. AE: PDO-IS-2636 - 28/09/2020

STFC (X) TGFC ( )

1.   Ainm nó ainmneacha [STFC nó TGFC]

“Íslenskt lambakjöt”

2.   Ballstát nó Tríú Tír

An Íoslainn

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra

3.1.   An cineál táirge

Aicme 1.1 Feoil (agus cosamar feola) úr

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Tugtar an t-ainm “Íslenskt lambakjöt” ar fheoil ó uain Íoslannacha folaíochta, a bheirtear, a thógtar agus a mharaítear ar oileán na hÍoslainne san Aigéan Atlantach Thuaidh. Meánn an conablach cóirithe idir 15 agus 17 kg ag 4-6 mhí tráth a mharaítear uain. Bíonn an fheoil dúdhearg, bog le blas géimiúil. Féadfar an uaineoil a chur ar an margadh ina conablach iomlán nó i bhfoirm píosaí gearrtha (ceathrú thosaigh, raca, filléad, cos, gríscíní, lorgaí etc.), agus í úr nó reoite.

Is iad a leanas príomhshaintréithe sainiúla “Íslenskt lambakjöt”:

Blas: blas géimiúil.

Céatadán d’fheoil arna lagú de bharr struis: 1-2 % agus ph24 ag os cionn 5,8 %

Gan mórán righnis agus matáin droma boga.

Cion na n-aigéad sailleach óimige 3 i bhfosfailipidí: 16 %

Méid an mhatáin nach bhfuil fosfailipidí ann: 1 % de mheáchan an mhatáin.

Méid ard iarainn agus vitimíní B, féach tábla thíos.

Gearradh

& Inite

Kcal

Próitéin g/100 g

Saill

g/100 g

Vitimín B-1 mg/100 g

Vitimín B-2 mg/100 g

Iarann

mg/100 g

Sinc

mg/100g

Ceathrú thosaigh

76

283

15,1

25,1

0,2

0,3

1

3

Raca

78

335

15,8

30,6

0,1

0,2

1

2

Filléad

100

142

21,5

6,2

0,2

0,3

2

2

Cos

64

174

19,2

10,9

0,2

0,3

2

3

Gríscíní

69

315

16,6

28

0,1

0,3

2

2

Lorgaí

76

171

17,9

11,1

0,2

0,3

2

3

3.3.   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

Bíonn na huain ag innilt ar fhéarthalamh nó ar thalamh féaraigh saothraithe ón earrach go dtí an fómhar. Bíonn uain nuabheirthe ag innilt de ghnáth ar fhéarthalamh saothraithe go dtí go meastar féaraigh fhiáine a bheith oiriúnach d’innilt. Cuirtear formhór na gcaorach ar thalamh féaraigh fiáine idir 2 sheachtain agus 4 seachtaine i ndiaidh shéasúr breithe uan. Tá féaraigh fhiáine a úsáidtear le haghaidh innilt samhraidh san Íoslainn lonnaithe ar thalamh atá ina chuid d’fheirmeacha nó ar thalamh féaraigh. Dá bhrí sin, faightear an bheatha ar fad go hiomlán ón limistéar geografach.

3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór dóibh tarlú sa limistéar geografach sainithe

Ní mór gach céim a tharlú sa limistéar geografach sainithe.

3.5.   Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

-

3.6.   Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Cuireann Bord Margaíochta na hUaineola Íoslannaí ábhar fógraíochta ar fáil ag úsáid an chómhairc a leanas: “Saoirse Fánaíochta ag Uain Íoslannacha ó 874”.

Image 1

Tá an lógó agus na hábhair fógraíochta roghnach.

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Is é oileán na hÍoslainne san Aigéan Atlantach Thuaidh an limistéar geografach.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Tá traidisiún cultúrtha fada agus saibhir ag an bhfeirmeoireacht caorach san Íoslainn. Creidtear go forleathan nach mbeadh lonnaitheoirí in ann cur fúthu san Íoslainn na céadta bliana ó shin murach na caoirigh. Chothaigh caoirigh an náisiún: chothaigh an uaineoil glúin i ndiaidh glúine agus choinnigh olann agus seithí na n-uan ón bhfuacht iad. Is é ceann de na samplaí is fearr de chócaireacht Íoslannach atá in anraith uaineola, anraith a d’ití ar an Domhnach nó a bhíodh ina rud éigin speisialta ach a itear go laethúil anois. Tá oidhreacht chócaireachta na hÍoslainne fite fuaite le feirmeoireacht caorach agus táirgí caorach agus uan.

Is iad na tosca a bhfuil éifeacht acu maidir le fás agus sláinte caorach luach cothaitheach an bhia, cumas ithe agus úsáid bia. Is mar gheall ar thraidisiún fada na feirmeoireachta caorach a tháinig anuas ó ghlúin go glúin ar an oileán a bhfuil caighdeáin arda ann maidir le bainistíocht tréada agus modhanna innilte.

Coimeádann feirmeoirí Íoslannacha caoirigh fhásta a bheathaítear sa gheimhreadh laistigh mar gheall ar na dálaí aimsire. Beathaítear iad ar thuí a bhailíonn na feirmeoirí le linn an tsamhraidh. Tosaíonn séasúr breithe uan idir deireadh mhí Aibreáin agus tús mhí na Bealtaine agus maireann sé go dtí tús mhí an Mheithimh. Bíonn na huain ag innilt ar fhéarthalamh nó ar thalamh féaraigh saothraithe ón earrach go dtí an fómhar. De ghnáth is ar fhéarthalamh saothraithe a bhíonn uain nuabheirthe ag innilt, go dtí go meastar na féaraigh fhiáine a bheith oiriúnach don innilt. Cuirtear formhór na gcaorach ar thalamh féaraigh fiáine idir 2 sheachtain agus 4 seachtaine i ndiaidh shéasúr breithe uan. Tá féaraigh fhiáine a úsáidtear le haghaidh innilt samhraidh san Íoslainn lonnaithe ar thalamh atá ina chuid d’fheirmeacha nó ar thalamh féaraigh. Dá bhrí sin, faightear an bheatha ar fad go hiomlán ón limistéar geografach.

Ó lonnaíocht na hÍoslainne, táthar ag úsáid talamh féaraigh chun beostoc a chur ar féarach. Tá talamh den sórt sin lonnaithe den chuid is mó sna meán-ardchríocha, go príomha mar go mbaineann ráta fáis níos tapúla i gceist leis na huain a bhíonn ag innilt ann. Cé go mbaineann éagsúlacht mhór de ghnáth leis na féaraigh fhiáine a úsáidtear le haghaidh innilt samhraidh san Íoslainn, is gnách go mbíonn an méid is mó próitéin le fáil san fhásra ardchríche, agus is é seo ceann de na tosca a chuireann leis an ráta fáis luathaithe. Dá bhrí sin bíonn ráta fáis na n-uan i limistéir ísealchríche níos moille de ghnáth ná ráta fáis na n-uan a bhíonn ag fánaíocht i limistéir ardchríche agus a phiocann an fásra nuaphéactha, go háirithe ag tús an tsamhraidh agus i lár an tsamhraidh, ach cothromaítear a rátaí fáis faoi dheireadh mhí Lúnasa.

Ag tús mhí Mheán Fómhair, tosaíonn ráta fáis na n-uan ar fhéaraigh fhiáine ag maolú. Mura bhfuil méid oiriúnach i leith an mharaithe bainte amach acu faoin am sin, is féidir cur lena gcumas fáis trí iad a chur i limistéir saothraithe, i.e móinéir shaothraithe nó limistéir farae glas, ar feadh thréimhse idir 2 sheachtain agus 6 seachtaine. Sna cásanna sin cuirtear limistéir innilte eile, breise ar fáil do na huain. Is é aidhm don socrú sin meáchan inmhianaithe an chonablaigh a bhaint amach san fhómhar, agus rangú cuaintíle níos fearr a chur chun cinn sna seamlais.

Cruinníonn feirmeoirí caoirigh ón talamh féaraigh agus féaraigh fhiáine san fhómhar i bpróiseas a d’fhéadfadh tógáil suas le seachtain, ag brath ar limistéir gheografacha agus is traidisiún é a théann chomh fada siar le lonnaíocht san Íoslainn. Ó ré na lonnaíochta, tá feirmeoirí i ngach ceantar ag obair le chéile chun caoirigh ón talamh féaraigh agus ón talamh faoi úinéireacht phríobháideach a chur i gcró comhroinnte. Nuair a chruinnítear iad, sórtáiltear na caoirigh agus tugtar gach tréad abhaile lena úinéir nó le hionadaí dá chuid.

Bíonn uain ag innilt i limistéir níos torthúla den chuid is mó, féarthalamh agus móinteáin agus ligeann siad a scíth i limistéir níos creagaí. Is éard atá san fhásra plandaí ísle agus bíonn líon réasúnta beag speicis crann ann. Athraíonn rogha plandaí na n-uan de réir mar a athraíonn na séasúir agus de réir aibíocht na bplandaí, lorgaíonn an caora Íoslannach plandaí amhail peasairín trá, sú na mban mín, ainglice, lus na tine beag agus lus na laoch den chuid is mó. Is samplaí iad mionfhéar alpach, feorainn mhín, feorainn, cuise alpach, feisciú dearg agus giúnach caoráin de chineál féar, cíbeanna (cyperaceae) agus raithneach (teiridifíteanna) a mbíonn an-tóir ag caoirigh orthu. I measc na n-angaispeirmeacha a mbíonn na caoirigh ar féarach an-tógtha leo tá hocas alpach, rú léana artach, crobh fola adhmaid, coireán caonaigh, rabhán mara, rú crua, copóg crua, mórán réisc buí agus angaispeirmeacha eile. Is crainn agus toim na hÍoslainne ar maith leis na caoirigh a bheith ag beathú orthu sa samhradh iad, caorthann, saileach leathanduilleach, saileach lomrach agus saileach ghaelach, mar shampla. Is mar gheall ar fhéaraigh fhiáine chothaitheacha a laghdaítear an gá le farae, agus is fairsing an éagsúlacht fásra atá ar fáil don fhéarach. De bharr aeráid fhuar na hÍoslainne laghdaítear an gá le lotnaidicídí a úsáid i dtáirgeadh bia sna méideanna céanna a úsáidtear iad i roinnt tíortha eile. Is tosca an-tábhachtacha iad sin maidir le “Íslenskt lambakjöt” a tháirgeadh.

Le torthaí thionscadal na hEorpa maidir le huaineoil FAIR CT96-1768 (OVAX) Cáilíochtaí agus comhdhéanamh uaineola ó chineál chaorach Eorpacha a chomhlíonann ionchais thomhaltóirí réigiúnacha a shainaithint agus a athrú, rinneadh comparáid idir modh táirgthe na hÍoslainne le haghaidh uaineola agus modhanna táirgthe i gcúig thír Eorpacha eile. Measadh “Íslenskt lambakjöt” a bheith ina uaineoil is boige ag ionadaithe ó na tíortha rannpháirteacha uile. Deimhníodh é seo freisin i dtomhais de thréithe fisiceacha na huaineola a scrúdaíodh. Aois mharaithe agus intuaslagthacht chainníochta agus teasa collaigine ba chúis leis an gcuid seo den difríocht. Ina theannta sin, measadh gur thoisc í an difríocht a bhain le snáithín matáin i measc na stoc. Cuireadh in iúl leis na torthaí freisin gurbh iad a leanas príomhshaintréithe sainiúla “Íslenskt lambakjöt”:

Blas de géimiúil.

Céatadán íseal d’uaineoil arna lagú de bharr struis (1-2 % agus ph24 ag os cionn 5,8 %)

Gan mórán righnis agus matáin droma boga

Céatadán níos airde aigéad sailleach óimige 3. Tomhaiseadh an cion aigéad sailleach óimige 3 i bhfosfailipidí i matáin na n-uan Íoslannach ag 16 % agus is é an méid matáin nach bhfuil fosfailipidí ann 1 % de mheáchan an mhatáin.

Méid ard iarainn agus vitimíní B.

Is iad na saintréithe atá ag “Íslenskt lambakjöt” ar an gcéad dul síos leibhéal ard boige agus blas géimiúil. Tá blastacht “Íslenskt lambakjöt” mar thoradh ar shaoirse fánaíochta na n-uan ar thalamh féaraigh críochaithe fiáine agus mar thoradh ar fhás na n-uan i mórthimpeall fiáin, nádúrtha na hÍoslainne, áit a mbeathaíonn siad ar fhéar agus ar phlandaí eile.

I staidéar comparáideach idir uaineoil ó sé thír Eorpacha, Sasana, an Íoslainn, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil agus an Ghréig fuarthas amach go bhfuil “Íslenskt lambakjöt” níos saibhre ná na cineáil uaineola eile, maidir le méid agus céatadán na n-aigéad sailleach óimige 3.

Tá sé sin mar gheall ar chomhdhéanamh aigéid sailleach an fharae agus an fhásra féaraigh a bhfuil éifeacht aige ar chéatadán na n-aigéad sailleach óimige 3 i sraitheanna saille agus matáin na n-uan araon. Tá aeráid na Íoslainne ar cheann de na tosca is cúis leis an gcéatadán ard d’aigéid shailleacha. Idir réigiúin an Artaigh agus na réigiúin fo-artacha atá an Íoslainn. Is aeráid fho-artach atá i limistéir ísealchríche sa deisceart agus san oirdheisceart, agus i limistéir intíre áirithe i gcodanna thuaidh agus thoir den tír, ina mbíonn an teocht thart ar 10 C agus os a chionn i mí Iúil, agus os cionn -3 °C i mí Eanáir ar an meán. Is aeráid artach atá in ardchríocha na tíre agus i gcuid is mó de limistéir ísealchríche, ina mbíonn meánteochtaí i mí an Iúil faoi bhun 10 °C agus meánteochtaí mhí Eanáir faoi bhun -3 °C. Bíonn frasaíocht bhliantúil i limistéir ísealchríche idir 400-2 000 mm. Tá na hoighearshruthanna is mó lasmuigh de na réigiúin pholacha lonnaithe san Íoslainn agus i roinnt áiteanna síneann oighearshruthanna éalaithe go limistéir ísealchríche. Bíonn tionchar ag leibhéil ísle truaillithe, aer úr agus flúirse de spás cónaithe ar dhálaí feirmeoireachta caorach, mar a bhíonn tionchar ag truailliú íseal ar thalamh féaraigh, aire mhaith agus dálaí maireachtála maithe orthu freisin. Tá an féar a mbeathaíonn siad air saibhir san aigéad líonóiléineach óimige-3 agus vitimín E. Thairis sin, léiríodh nach mbíonn na huain Íoslannacha faoi strus roimh an marú nó lena linn, a áirithíonn leibhéil ísle aigéadachta san fheoil.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta

 


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.