12.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 349/11


Foilsiú iarratais ar fhormheas a dhéanamh ar leasú nach mion ar shonraíocht táirge, de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

(2022/C 349/07)

Leis an bhfoilsiú seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne chur i bhfeidhm an leasaithe de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo.

IARRATAS AR FHORMHEAS A DHÉANAMH AR LEASÚ NACH MION MAIDIR LE SONRAÍOCHT TÁIRGE LE hAGHAIDH SONRÚCHÁN TIONSCNAIMH FAOI CHOSAINT NÓ TÁSC GEOGRAFACH FAOI CHOSAINT

Iarratas ar cheadú ar leasú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

“Salers”

Uimh. AE: PDO-FR-0134-AM02 - 3.8.2021

STFC (X) TGFC ( )

1.   Grúpa iarratasóra agus leas dlisteanach

An Comhchoiste Trádála um Cháiseanna a tháirgtear i roinn Cantal agus i limistéar geografach sonrúchán tionscnaimh “Cantal” (Comité Interprofessionnel des Fromages, CIF)

Seoladh: 52 avenue des Pupilles de la Nation – BP 124 – 15001 Aurillac cedex

Fón +33 471483994

R-phost: info@aop-cantal.com

Is de chomhdhéanamh feirmeoirí agus affineurs é an grúpa, agus dá bhrí sin tá sé i dteideal leasuithe ar an sonraíocht a iarraidh.

2.   Ballstát nó tríú tír

An Fhrainc

3.   Ceannteideal sa tsonraíocht táirge a ndéanann an leasú (na leasuithe) difear dó

Ainm an táirge

Tuairisc ar an táirge

Limistéar geografach

Cruthúnas tionscnaimh

An modh táirgthe

Nasc

Lipéadú

Eile: sonraí teagmhála chomhlacht an Bhallstáit is iomchuí agus an ghrúpa iarrthach is iomchuí, an comhlacht cigireachta, na ceanglais náisiúnta

4.   Cineál an leasú nó na leasuithe

Leasú ar shonraíocht táirge STFC nó TGFC cláraithe nach bhfuil le cáiliú mar mhionleasú i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

Leasú ar shonraíocht táirge STFC nó TGFC cláraithe nár foilsíodh Doiciméad Aonair (ná doiciméad coibhéiseach) ina leith nach bhfuil le cáiliú mar mhionleasú i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

5.   Leasú nó leasuithe

5.1.   Leasuithe a dhéanann difear d’eilimintí criticiúla

An roinn “Tuairisc ar an táirge”

Athraíodh íosmhéid na saille a bhíonn i 100 g cáise nuair a bhíonn sí go hiomlán triomaithe ó 45 g (an leagan a bhí ann roimhe) go 44 g. Athraíodh íosmheáchan na cáise ó 35 kg (an leagan a bhí ann roimhe) go 30 kg. Cláraíodh na hathruithe sin i Rialachán (CE) Uimh. 828/2003 ón gCoimisiún an 14 Bealtaine 2003 (2), agus cuireadh isteach sa tsonraíocht agus i bpointe 3.2 den doiciméad aonair iad.

An tagairt sa tsonraíocht do raimhre agus d’uigeacht mhín thaos “Salers” (an leagan a bhí ann roimhe) tá tagairt eile ina hionad anois. Chun go dtabharfar tuairisc níos cruinne, baineann an tagairt sin le taos a bhfuil saintréith d’uigeacht dhlúth aige, ar de dhéantús grutha mheilte agus bhrúite é.

Tagraítear sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe do dhath an chraicinn a bheith ag athrú “ó liathbhán go dtí ócair, agus flioscaí de phaistí dearga agus flannbhuí” ann. Cuireadh tagairt do dhath an chraicinn ina hionad sin, is é sin go bhfuil an dath “idir órga agus ócair agus go bhféadfadh paistí d’fhlioscaí nádúrtha de chaonach liath, idir dearg, flannbhuí agus buí, a bheith ann”. Leis an leasú sin soláthraítear tuairisc níos iomláine agus níos cruinne ar an táirge sa leagan den leasú atá ar fáil don tomhaltóir.

Cuireadh leis an tuairisc orgánaileipteach sa tsonraíocht ar an táirge. Cuireadh coinníoll leis an tuairisc ar an gcraiceann, ceanglaítear leis go mbeidh sé “breac”, rud a chiallaíonn go mbeadh goiríní beaga cruinne scaipthe go neamhrialta ann, agus ceanglaítear chomh maith go mbeidh tuairisc ar dhea-bholaithe saibhre agus ilchineálacha “Salers”. Tá cuma “breac” an chraicinn ina saintréith infheicthe shainaitheanta de “Salers”. Rinneadh tuairisc ar dhea-bholaithe “Salers” le linn í a bhlaiseadh agus anailís chéadfach a dhéanamh uirthi. Léirítear sna dea-bholaithe an éagsúlacht i bhflóra na cluana, saibhreas micribhitheolaíochta gach gerle [dabhach adhmaid] agus an saineolas feirmeoireachta tipiciúil atá ag gach táirgeoir. De bharr na dtosca sin uile is cáis uathúil í “Salers”.

Cuireadh na forálacha a eascraíonn as na trí leasuithe sin isteach i bpointe 3.2 den doiciméad aonair.

Cuireadh ceanglas isteach sa tsonraíocht sin, agus i bpointe 3.5 den doiciméad aonair, nach mór roinnt craicinn a bheith san áireamh i bpíosaí cáise réamhphacáistithe. Áirithítear leis sin go n-áirítear gné infheicthe, ar saintréith den táirge í, i dtáirgí a dhíoltar gearrtha agus réamhphacáistithe.

An roinn “Limistéar geografach”

Laghdaíodh teorainneacha an limistéir gheografaigh a raibh roinn iomlán Cantal agus cantúin imill i ranna máguaird áirithe ann sa chaoi go bhfuil cuid de roinn Cantal agus roinnt cantún agus bardas i ranna máguaird ann anois. Cláraíodh an leasú sin i Rialachán (CE) Uimh. 828/2003 ón gCoimisiún. Cuireadh an leasú leis an tsonraíocht i bhfoirm liosta nuashonraithe de bhardais, nó de chodanna de bhardais, bunaithe ar an staid riaracháin a bhí ann in 2020. Cuireadh é leis an doiciméad aonair i bpointe 4 freisin.

5.2.   Leasuithe nach ndéanann difear d’eilimintí criticiúla

An roinn “Tuairisc ar an táirge”

Cuireadh leis an tsonraíocht sa chaoi gur cuireadh in iúl go ndéantar “Salers” as bainne bó amh (ní as bainne atá caighdeánaithe i dtéarmaí saille nó próitéine). Bhí sé mar choinníoll cheana sa tsonraíocht a bhí ann roimhe nach mór úsáid a bhaint as bainne amh i dtáirgeadh na cáise. Anois luaitear bainne amh sa tuairisc ar tháirge freisin toisc gur ghné shonrach de charactar “Salers” é. Cuireadh an fhoráil sin le pointe 3.3 den doiciméad aonair freisin.

Cuireadh tagairt don taos daingean a bhíonn i “Salers” leis an tsonraíocht freisin. Tá tagairt do cháis a bhíonn ag bolgadh beagán ar an dá thaobh curtha in ionad na tagartha do cháis a bhíonn barrchaolaithe beagán ag na pointí deiridh di. Rud breise a cuireadh leis an tsonraíocht is ea go dtugtar an meáchan a bhíonn sa cháis tar éis íostréimhse aibithe de 3 mhí ó dháta dhéantús na cáise aonair. Tá íosmhéid 58 % curtha leis an meáchan le haghaidh chion an ábhair thirim. De bharr na leasuithe uile ar an tsonraíocht is féidir tuairisc níos cruinne agus níos iomláine a chur i láthair, rud atá fóinteach chun críocha seiceála. Cuireadh na forálacha a eascraíonn as na leasuithe sin le pointe 3.2 den doiciméad aonair.

Tá trastomhas na cáise mar a cuireadh in iúl é scriosta ón tsonraíocht. Measadh go mbeadh sé ní b’fhearr méid an mhúscáin a chur in iúl sa tsonraíocht sa roinn a bhaineann leis an modh táirgthe. Níor cuireadh na forálacha sin leis an doiciméad aonair.

Tá an tagairt don dath bánbhuí atá ar an taos scriosta ón tsonraíocht. Scriosadh í toisc go bhfuil tagairt sa tsonraíocht cheana féin do raon dathanna, idir an dath eabhartha agus an dath buí amhail tuí, atá leordhóthanach chun tuairisc a thabhairt ar an táirge. Cuireadh an tuairisc ar raon datha an taois eadhon idir an dath eabhartha agus an dath buí amhail tuí le pointe 3.2 den doiciméad aonair.

An roinn “Cruthúnas tionscnaimh”

Mar thoradh ar athruithe a rinneadh ar reachtaíocht agus rialacha náisiúnta, cuireadh míreanna éagsúla leis an tsonraíocht, a dtugtar tuairisc leo ar na dearbhuithe a cheanglaítear ar na hoibreoirí, ar na cláir nach mór a choimeád, agus ar na modhanna le haghaidh an táirge a shainaithint agus a sheiceáil. Leis an bhfaisnéis sin éascaítear seiceálacha ar chomhlíontacht na sonraíochta agus ar inrianaitheacht an táirge. Níor cuireadh na leasuithe sin leis an doiciméad aonair.

Sa roinn “Lipéadú” den tsonraíocht a bhí ann roimhe scriosadh an modh a bhí ann chun an cháis a sainaithint. In ionad an mhodha sin, cuireadh faisnéis leis an roinn sa tsonraíocht a bhaineann le “Fianaise gur de thionscnamh an limistéir gheografaigh shainithe é an táirge”. Mínítear leis an bhfaisnéis sin go sainaithnítear an cháis trí bhíthin marc aitheantais a chuirtear uirthi tráth dhéantús na gcáiseanna. Sainmhínítear an marc sin le reachtaíocht náisiúnta. Tá na rialacha sin inrochtana ag gach oibreoir.Leagtar síos dearadh an mhairc aitheantais go sonrach leo, chomh maith leis an bhfaisnéis a bhíonn le feiceáil air. Anois ar gach cáis taispeántar an dáta (an lá den bhliain) ar a rinneadh í. Bíonn an fhaisnéis sin fóinteach le haghaidh inrianaitheacht táirge agus faireacháin.

Faoi Rialachán (CE) Uimh. 828/2003 ón gCoimisiún, áiríodh sa roinn maidir le “Lipéadú” forálacha a bhaineann le stampa cabhartha a úsáid chun na cáiseanna a shainaithint. Tá na forálacha sin aistrithe go dtí an roinn sa tsonraíocht a bhaineann le “Fianaise gur de thionscnamh an limistéir gheografaigh shainithe é an táirge”. Rinneadh na forálacha a leathnú ionas go míneofar go gcuirtear na stampaí cabhartha ar na cáiseanna aonair tráth a ndéantúis. I gcás cáiseanna a dhéantar as bainne de chuid eallaigh den phór Salers go heisiach, cuirtear íomhánna de chinn bó Salers ar na cáiseanna, tráth a chuirtear ar an margadh iad, le stampaí dúigh nó le muislín. Cuireadh tuairisc isteach freisin ar mhéid agus suíomh íomhánna chinn na mbó. Tá na treoracha sin fóinteach maidir le seiceálacha a dhéanamh agus is féidir na táirgí a chur i láthair ar bhealach aonfhoirmeach mar gheall orthu.

Cuireadh míreanna maidir le lipéadú le pointe 3.6 den doiciméad aonair, a mhéid a bhaineann leis na cáiseanna a shainaithint de bhíthin mairc aitheantais: stampa cabhartha de chomhdhéanamh ainm an tsonrúcháin i ndúblach. Bíonn na focail “tradition salers” agus íomhánna de chinn bó salers priontáilte ar cháiseanna a dhéantar as bainne de chuid eallaigh den phór Salers go heisiach. Áirítear sa roinn chéanna den doiciméad aonair anois freisin an rogha chun ainm na feirme tionscnaimh a phriontáil ar na cáiseanna leis na focail “Ferme de...”.

Cuireadh rialacha maidir le dáileadh agus aistarraingt marc aitheantais agus stampaí leis an tsonraíocht chun a áirithiú go ndéanfar iad a bhainistiú mar is ceart. Luaitear sna rialacha go ndáiltear na marcanna aitheantais agus na stampaí ar na monaróirí uile a chomhlíonann an tsonraíocht. Déantar iad a tharraingt siar má tá ceadúnas monaróra tarraingthe siar nó curtha ar fionraí nó má chuirtear aicmiú na cáise ar ceal. Níor cuireadh an leasú sin leis an doiciméad aonair.

An roinn “Modh táirgthe”

Tá sonraí breise den iliomad gnéithe den mhodh táirgthe le fáil sa tsonraíocht. Tugtar tuairisc níos fearr inti ar choinníollacha táirgthe bainne agus ar phróiseas déantúis “Salers” i gcomhréir leis na cleachtais traidisiúnta.

Fotheideal “Táirgeadh bainne”

De réir Rialachán (CE) Uimh. 828/2003 ón gCoimisiún, déantar “Salers” idir an 15 Aibreán agus an 15 Samhain tráth a bhíonn na hainmhithe amuigh ar an bhféarach. Cuireadh leis an bhforáil sin sa tsonraíocht le tagairt do “Salers” a bheith á déanamh ar an ngabháltas as bainne a táirgeadh ar an ngabháltas sin freisin. Tá an tagairt sin curtha in ionad na tagartha i dtaca leis an gcáis a bheith á déanamh ar an bhfeirm in burons [botháin aoire] idir an 1 Bealtaine agus an 31 Deireadh Fómhair, tagairt a bhí le feiceáil sa roinn “Nasc leis an gcomhshaol geografach” den tsonraíocht a bhí ann roimhe seo. Is éard a bhíodh sna Burons áiteanna ina ndéantaí cáis go traidisiúnta sa samhradh. De réir a chéile scoireadh d’úsáid a bhaint astu mar gheall ar athruithe sna struchtúir feirme agus mar gheall ar nuachóiriú. Níor cuireadh an leasú sin leis an doiciméad aonair.

Chun seiceálacha a éascú, tá an tagairt ábhartha sa tsonraíocht anois chun tréad gabháltais aonair a shainaithint, eadhon an uimhir aitheantais uathúil arna heisiúint ag Údaráis na Ranna Cláraithe Beostoc. Níor cuireadh an leasú sin leis an doiciméad aonair.

Sa tsonraíocht, rinneadh na rialacha i ndáil le beatha na mbó déiríochta a leathnú chun comhdhéanamh ciondála bunúsaí na mbó déiríochta (go heisiach ó bheith ar thalamh féaraigh sa limistéar geografach) a shonrú agus chun beatha forlíontach a theorannú go 25 % den ábhar tirim a itear. Cuireadh na forálacha sin le pointe 3.3 den doiciméad aonair. Ráthaítear leo go bhfaightear trí cheathrú ar a laghad de bheatha na mbó déiríochta as an limistéar geografach. Ní féidir cineálacha áirithe beathaithe comhlántaí a fháil ón limistéar geografach toisc nach féidir iad a fhás mar gheall ar an topagrafaíocht, na dálaí aeráide agus an airde.

Tá liosta cuimsitheach den bheatha ainmhithe a údaraítear mar fhorlíonta do chiondáil bhunúsach na mbó déiríochta le feiceáil anois sa tsonraíocht. Leis sin éascaítear bainistíocht, dearbhú agus seiceáil níos éifeachtaí ar bheatha ainmhithe. Áiríodh tagairt don liosta cuimsitheach sin i bpointe 3.3 den doiciméad aonair.

Fotheideal “Déanamh cáise”

Is ar fheirmeacha go heisiach a dhéantar STFC “Salers”. Cuirtear in iúl sa tsonraíocht anois nach gceadaítear saoráidí déantúis cáise a chomhroinnt le gabháltais eile. Déantar amhlaidh chun an fíoras go ndéantar an cháis ar an ngabháltas a chur i dtreis, ar áit í ina a gcuirtear saineolas monaraíochta traidisiúnta an STFC sin i gcleachtas. Níor cuireadh an leasú sin leis an doiciméad aonair.

Sa tsonraíocht, rinneadh an ceanglas nach mór an cháis a dhéanamh le bainne iomlán a leathnú leis an gcoinníoll “nach mbeidh an bainne caighdeánaithe le saill ná le próitéin”. Rinneadh amhlaidh chun a áirithiú nach n-úsáidfear aon chóireáil caighdeánaithe bainne. Cuireadh an fhoráil a eascraíonn as an leasú sin le pointe 3.3 den doiciméad aonair.

Ní mór na ba a chrú díreach isteach in gerle, is gabhdán adhmaid é sin, a bhfuil cruth barrchaolaithe nó sorcóireach air, agus mbaineann toilleadh éagsúil leis. Cuireadh an ceanglas sin leis an tsonraíocht d’fhonn cleachtais traidisiúnta a chur ar bhonn foirmiúil agus a áirithiú go gcoinneofar ar bun iad. Is éard is gerle ann gabhdán traidisiúnta nach féidir leis an mbainne fuarú ró-thapa nó fuarú an iomarca ann, agus áirithítear an teocht cheart le haghaidh gruthaithe dá bharr sin. Cumasaítear ionaclú nádúrtha an bhainne ann freisin. Níor cuireadh an leasú sin leis an doiciméad aonair.

Cuireadh forálacha éagsúla leis an tsonraíocht chun úsáid cóireálacha agus breiseán i dtaca leis na cáiseanna a rialú, i gcomhréir leis na cleachtais atá ann faoi láthair. Áirítear orthu sin: liosta cuimsitheach de na comhábhair, na háiseanna monaraíochta agus na breiseáin atá údaraithe lena gcur sa bhainne agus le bheith in úsáid le linn an phróisis táirgthe; toirmeasc ar an mbainne a chomhdhlúthú trí chuid den uisce a bhaint amach roimh théachtadh; toirmeasc ar ábhair dhéiríochta amha, táirgí atá críochnaithe go páirteach, gruth agus cáis úr a chaomhnú ar theochtaí faoi bhun 0 céim; agus toirmeasc ar cháiseanna úra a chaomhnú in atmaisféar modhnaithe. Is é is cuspóir do na coinníollacha sin staid a sheachaint amach anseo ina bhféadfaí dochar a dhéanamh do shaintréithe “Salers” mar gheall ar chleachtais neamhrialaithe. Níor cuireadh na leasuithe sin leis an doiciméad aonair.

Leagtar amach na céimeanna i dtáirgeadh “Salers” i Rialachán (CE) Uimh. 828/2003 ón gCoimisiún. Áiríodh tuairisc shonrach ar na céimeanna sin sa tsonraíocht, rud a cuireadh in ionad na tuairisce giorra a bhí sa tsonraíocht roimhe. Tugtar tuairisc ar an méid a leanas: oibriú na binide sa gerle (raon na teochta, binid a úsáid ina haonar, an t-am a thógann sé chun oibriú); gearradh agus múnlú an ghrutha (am, modh, uirlisí, cuspóir); an chéad bhrú (modh, uirlis, cuspóir); aigéadú agus aibiú (fad, cuspóir); meilt agus sailleadh an ghrutha (modh, méid an tsalainn, cuspóir); múnlú na gcáiseanna (modh, foirm agus méid an mhúnla); agus an brú (uirlis, fad, modh). Toisc go soláthraítear creat le haghaidh na n-oibríochtaí sin is féidir cáilíocht na gcáiseanna agus saineolas dhéantóirí na gcáiseanna a chaomhnú. Ní dhéanann na coinníollacha a cuireadh isteach aon difear don bhealach a dhéantar an táirge leis. Is féidir, mar gheall orthu, áfach, tuairisc níos mionsonraithe a thabhairt ar an modh, agus caomhnaítear na cleachtais traidisiúnta dá bharr sin. Níor cuireadh na leasuithe sin leis an doiciméad aonair.

Fotheideal “Aibiú”

Cuirtear in iúl sa tsonraíocht anois go ndéantar íosmhéid ama an aibithe a chomhaireamh ó lá mhúnlú na gcáiseanna. Tá an tsonraíocht sin fóinteach i dtaca leis na seiceálacha a dhéanamh. Cuireadh an tsonraíocht sin le pointe 3.2 den doiciméad aonair freisin.

Leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 828/2003 ón gCoimisiún na coinníollacha maidir le teocht, bogthaise choibhneasta agus cúram agus aire le linn na tréimhse aibithe, lena n-airítear na cáiseanna a chasadh thart agus a chuimilt go tráthrialta. Cuireadh na coinníollacha sin leis an tsonraíocht. Níor cuireadh na coinníollacha sin leis an doiciméad aonair.

Mar atá i gceist leis an bhforoinn maidir le “Déanamh cáise”, cuireadh foráil leis an tsonraíocht chun úsáid cóireálacha agus breiseán i dtaca leis na cáiseanna a rialú, i gcomhréir leis na cleachtais atá ann faoi láthair. Go sonrach, is toirmeasc ar cháiseanna úra a chaomhnú in atmaisféar modhnaithe le linn aibithe atá i gceist léi. Níor cuireadh an leasú sin leis an doiciméad aonair.

An roinn “Nasc”

Athscríobhadh go hiomlán an roinn den tsonraíocht a bhaineann le “Nasc leis an limistéar geografach”. Tá sí curtha in ionad na roinne a bhí sa tsonraíocht roimhe seo maidir le “Stair” agus “Nasc leis an gcomhshaol geografach”. Is é is cuspóir don mhéid sin an nasc idir “Salers” agus an limistéar geografach a ghabhann léi a léiriú ar bhealach níos fearr, gan substaint an naisc a athrú.De bharr na tuairisce áirithe ar an nasc sin tarraingítear béim ar leith ar an bhfíoras go ndéantar an cháis sa tréimhse a mbíonn na ba ag innilt lena linn ar fhéarach i dtírdhreacha atá bolcánach go bunúsach. Leagtar béim freisin ar an úsáid a bhaintear as bainne amh a tháirgtear ar an ngabháltas le hábhair shonracha agus modhanna traidisiúnta. Tá an tagairt do na cáiseanna a bheith á ndéanamh in burons teoranta do chleachtas stairiúil anois.

Tá an leagan nua den nasc sa tsonraíocht atáirgthe faoi phointe 5 den doiciméad aonair.

An roinn “Lipéadú”

Íosmhéid ainm an tsonrúcháin ar an lipéadú, cuireadh isteach sa tsonraíocht í. Mar gheall air sin cuirfear ar chumas tomhaltóirí an sonrúchán a shainaithint láithreach. Cuirtear in iúl sa tsonraíocht freisin nach mór ainm an tsonrúcháin tionscnaimh agus lógó STFC an Aontais Eorpaigh a bheith sa réimse radhairc chéanna. Arís, is é is cuspóir don mhéid sin sainaithint an táirge a éascú le haghaidh tomhaltóirí. Cuireadh na forálacha sin le pointe 3.6 den doiciméad aonair.

Cuireadh mír leis an tsonraíocht agus le pointe 3.6 den doiciméad aonair lena gcuirtear toirmeasc ar úsáid a bhaint as aon cheann de na haidiachtaí nó na focail eile a ghabhann le hainm an tsonrúcháin tionscnaimh. Tá feidhm aige sin maidir le lipéadú, fógraíocht, sonraisc agus doiciméid tráchtála. Ní ann d’eisceachtaí ach amháin ainmneacha branda sonracha nó trádmharcanna, agus na focail “tradition salers”. Rinneadh é sin d’fhonn cosc a chuir ar thomhaltóirí a bheith curtha amú de bharr éileamh gan bhunús.

5.3.   Leasuithe eagarthóireachta

Tugadh sonraí teagmhála an údaráis inniúil cothrom le dáta sa roinn den tsonraíocht ‘Údarás inniúil sa Bhallstát.

Tugadh ainm, sonraí teagmhála agus comhdhéanamh an ghrúpa iarrthaigh cothrom le dáta sa roinn “Grúpa iarrthaigh” den tsonraíocht.

Níor cuireadh an fhaisnéis sin leis an doiciméad aonair.

Cuireadh liosta de na céimeanna uile a bhíonn ar bun sa limistéir geografach leis an roinn den tsonraíocht a bhaineann le “Limistéar geografach” agus le pointe 3.4 den doiciméad aonair.

Cuireadh an dáta ar ar críochaíodh an limistéar geografach (15 Meitheamh 1999) leis an roinn den tsonraíocht a bhaineann leis an “Limistéar geografach”. Cuireadh isteach liosta de na bardais atá sa limistéar geografach, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2020. Cuireadh nóta isteach gur féidir faisnéis chartagrafach faoin limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin Institiúid Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta na Fraince (INAO). Níor cuireadh na leasuithe sin leis an doiciméad aonair.

Níl an tagairt don nós imeachta formheasa le haghaidh táirgí bainne ábhartha a thuilleadh. Tarraingíodh siar ón roinn maidir le “Tagairtí don chomhlacht cigireachta” sa tsonraíocht í. Tá faisnéis ina hionad anois maidir leis na húdaráis náisiúnta atá freagrach as seiceálacha a dhéanamh. Níor cuireadh na forálacha sin leis an doiciméad aonair.

Níl na tagairtí do lógó agus túslitreacha “INAO” ábhartha a thuilleadh agus dá bhrí sin tarraingíodh siar ón roinn “Lipéadú” den tsonraíocht iad. Níor cuireadh na coinníollacha sin leis an doiciméad aonair.

An tagairt don fhoraithne náisiúnta maidir leis an sonrúchán tionscnaimh cláraithe, tarraingíodh siar ón roinn maidir le “Ceanglais náisiúnta” sa tsonraíocht í. Cuireadh tábla isteach ina leagtar síos na príomhphointí atá le seiceáil, chomh maith lena luachanna tagartha agus na modhanna meastóireachta. Níor cuireadh na forálacha sin leis an doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

“Salers”

Uimh. AE: PDO-FR-0134-AM02 - 3.8.2021

STFC (X) TGFC ( )

1.   Ainm(neacha)

“Salers”

2.   Ballstát nó tríú tír

An Fhrainc

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra

3.1.   An cineál táirge

Aicme 1.3 – Cáiseanna

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Is éard atá i gceist le “Salers” cáis theann, bhrúite, neamhchócaráilte a dhéantar as bainne bó.

Cuirtear í i láthair i bhfoirm sorcóir a mbíonn a thaobhanna ag bolgadh beagán. Meáchan idir 30 agus 50 kg a bhíonn sa cháis tar éis íostréimhse aibithe de 3 mhí a ríomhtar ó lá mhúnlú na gcáiseanna aonair.

Idir eabhartha agus buí amhail tuí a bhíonn raon dhath an taois. Bíonn an uigeacht dlúth, amhail gruth meilte agus brúite.

Bíonn an craiceann tirim, breac, agus idir órga agus ócair an dath a bhíonn air agus d’fhéadfadh paistí d’fhlioscaí nádúrtha de chaonach liath, dearg, flannbhuí agus buí a bheith ann.

Bíonn éagsúlacht leathan agus saibhir i gceist le dea-bholaithe “Salers”, agus bíonn blasanna lachtacha (im agus uachtar coipthe), blasanna plandaí (allia, féar agus féar tirim), agus dea-bholaithe torthaíocha (citreas, gallchnó agus cnó coill) le fáil go flúirseach iontu.

Is é 44 ghram in aghaidh 100 gram de cháis iomlán triomaithe méid saille íosta “Salers”. Ní mór nach mbeidh cion an ábhair thirim níos lú ná 58 gram in aghaidh 100 gram de cháis aibithe.

3.3.   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

Is as an limistéar geografach a fhaightear ciondáil bhunúsach na beatha le haghaidh na mbó déiríochta agus is de chomhdhéanamh féaraigh go heisiach í.

Tá forlíonta le ciondáil bhunúsach na beatha le haghaidh na mbó déiríochta teoranta do 25 % den ábhar tirim a itheann siad. Ní cheadaítear aon amhábhair seachas iad siúd atá sonraithe i liosta cuimsitheach.

Leis na forálacha sin is féidir a ráthú go bhfaightear trí cheathrú ar a laghad de bheatha na mbó déiríochta as an limistéar geografach. Ní féidir cineálacha áirithe beathaithe comhlántaí a fháil ón limistéar geografach toisc nach féidir iad a fhás mar gheall ar an topagrafaíocht, na dálaí aeráide agus an airde.

Déantar na cáiseanna as bainne bó iomlán go heisiach, ní dhéantar iad a chaighdeánú i dtéarmaí saille nó próitéine, bainne amh a úsáidtear.

3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

Táirgtear an bainne agus déantar agus aibítear an cháis laistigh den limistéar geografach.

3.5.   Rialacha sonracha maidir le slisniú, grátáil, pacáistiú etc. An táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Má dhíoltar an cháis i bpíosaí réamhphacáistithe, ní mór cuid de chraiceann sainiúil an tsonrúcháin a bheith ar na píosaí uile.

3.6.   Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

De bhreis ar an bhfaisnéis éigeantach a cheanglaítear faoi na rialacha maidir le lipéadú agus cur i láthair bia-earraí, ó thaobh lipéadú cáiseanna ar a mbeidh an sonrúchán tionscnaimh “Salers”, ní mór an méid seo a leanas a bheith san áireamh sa réimse radhairc chéanna:

ainm sonrúcháin thionscnaimh i gcarachtair atá dhá thrian de mhéid na gcarachtar is mó ar an lipéad ar a laghad;

lógó STFC an Aontais Eorpaigh.

Sainaithnítear na cáiseanna tríd an marc aitheantais a chuirtear ar an gcáis, agus trí stampa cabhartha de chomhdhéanamh an tsonrúcháin i ndúblach a bhíonn ar bharr na cáise. De bhreis air sin, is féidir stampa cabhartha a bheith ar bharr na gcáiseanna uile freisin agus na focail “Ferme de...”. air.

Bíonn stampa cabhartha freisin ar thaobh na gcáiseanna a dhéantar as bainne a fhaightear ó thréada ar de chomhdhéanamh iomlán phór Salers iad agus bíonn na focail “tradition Salers” agus íomhánna de chinn bha Salers orthu.

Gan beann ar na coinníollacha rialála is infheidhme maidir le gach aon cháis, tá toirmeasc ar aon aidiacht nó aon fhocal a úsáid a ghabhann leis an sonrúchán tionscnaimh i lipéadú, fógraíocht, sonraisc agus doiciméid tráchtála, cé is moite den méid seo a leanas:

ainmneacha branda sonracha nó trádmharcanna;

na focail “tradition salers”.

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Roinn Aveyron

Bardais iomlána: Brommat, Lacroix-Barrez, Mur-de-Barrez, Taussac agus Thérondels.

Roinn Cantal

Cantúin iomlána: Mauriac, Murat, Naucelles agus Riom-ès-Montagnes.

Bardais iomlána: Arches, Arnac, Arpajon-sur-Cère, Aurillac, Ayrens, Badailhac, Brezons, Carlat, Cézens, Cros-de-Ronesque, Cussac, Ferrières-Saint-Mary, Giou-de-Mamou, Gourdièges, Jaleyrac, Jou-sous-Monjou, Lacapelle-Barrès, Lascelle, Malbo, Mandailles-Saint-Julien, La Monselie, Le Monteil, Narnhac, Nieudan, Pailherols, Paulhac, Paulhenc, Pierrefort, Polminhac, Raulhac, Saint-Cirgues-de-Jordanne, Saint-Clément, Saint-Étienne-de-Carlat, Saint-Jacques-des-Blats, Saint-Martin-sous-Vigouroux, Saint-Santin-Cantalès, Saint-Simon, Saint-Victor, Sainte-Marie, Sourniac, Thiézac, Valuéjols, Vebret, Velzic, Vézac, Vic-sur-Cère, Yolet agus Ytrac.

Codanna de bhardais: Mentières (roinn B 1 Uimh. 122 agus 146; roinn ZM Uimh. 25, 29, 33 agus 40; roinn ZP Uimh. 27, 29, 30 agus 31; roinn ZK Uimh. 25, 3, 40 agus 41); Neuvéglise-sur-Truyère (críoch bhardais tarmligthe Neuvégélise agus Oradour); Saint-Flour (roinn AE Uimh. 110, 112 go 114, 116 agus 117; roinn AH Uimh. 380); Saint-Mamet-la-Salvetat (roinn B 2 Uimh. 281, 282 agus 286); Vieillespesse (roinn C 2 Uimh. 100, 102 agus 117; roinn ZX Uimh. (20); Ydes (roinn AP Uimh. 222).

Roinn Corrèze

Bardais iomlána: Rilhac-Xaintrie.

Codanna de bhardais: Pandrignes (roinn B 3 Uimh. 513, 514, 531, 534 go 538, 543, 545, 547, 557, 559, 560, 564, 565, 568, 569, 572, 573, 577, 578, 872, 891, 896).

Roinn Haute-Loire

Codanna de bhardais: Lubilhac (roinn E 2 Uimh. 277, 289 go 291, 471, 480, 483, 484, 492, 520, 900).

Roinn Puy-de-Dôme

Bardais iomlána: Anzat-le-Luguet, Besse-et-Saint-Anastaise, La Bourboule, Chambon-sur-Lac, Chastreix, Compains, Égliseneuve-d’Entraigues, Espinchal, La Godivelle, Laqueuille, Mazoires, Mont-Dore, Murat-le-Quaire, Picherande, Roche-Charles-la-Mayrand, Saint-Alyre-ès-Montagne, Saint-Donat, Saint-Genès-Champespe, Saint-Pierre-Colamine, Saint-Sauves-d’Auvergne, Saint-Victor-la-Rivière, Tauves, La Tour-d’Auvergne agus Valbeleix.

Codanna de bhardais: Sayat (roinn AO 19, 20, 33 agus 226).

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Is cáis í “Salers” atá thar a bheith dea-bholaithe toisc go ndéantar í as bainne amh a tháirgtear ar an ngabháltas, le linn tréimhse ina mbíonn na ba ag innilt ar fhéarach i dtírdhreacha atá bolcánach go bunúsach. Bíonn ábhair shonracha amhail gerles agus cantaoirí cáise agus modhanna traidisiúnta de dhíth sa táirgeadh freisin. Tá uigeacht agus craiceann sainiúil ag “Salers” de bharr na n-ábhar sin, chomh maith lena cáilíochtaí coinneála.

Tá limistéar geografach sonrúcháin thionscnaimh “Salers” comhfhreagrach, a bheag nó a mhór, le Sléibhte Cantal, arb é Plomb du Cantal an pointe is airde, is é sin 1 855 méadar. Aeráid sléibhe tipiciúil atá ann, bíonn sé tais agus fionnuar ann agus bíonn leibhéal sonrach báistí ann, is é sin de bhreis ar 1 000 milliméadar in aghaidh na bliana. Is de bhunús bolcánach go príomha na hithreacha agus tá an acmhainneacht coinneála uisce go maith. Fásann an féar go flúirseach agus go leantach ón earrach go dtí an fómhar dá bharr sin.

Tá an talamh talmhaíochta cumhdaithe le féar den chuid is mó. Tá na hithreacha bolcánacha saibhir ó thaobh aigéad fosfarach, potais agus maignéis de, agus titeann an-chuid báistí orthu. Mar gheall ar an méid sin cuirtear le fás an fhéaraigh úir mhéith agus an fhásra fhlúirsigh fhiáin, fásra atá ilchineálach, sainiúil, a bhfuil dea-bholadh uaidh agus plandaí amhail meum, Dearna Mhuire agus Rú Muire mar chuid de.

Bhí cáil cheana ar na cáiseanna a táirgeadh sa limistéar geografach le linn ré na Rómhánach. Is cuid de shaol na tuaithe leis na céadta iad. Ba sa tréimhse den samhradh a mbíodh na hainmhithe ar an bhféarach lena linn go príomha a táirgeadh “Salers” sna burons, is é sin sna foirgnimh thraidisiúnta de dhéantús cloch a úsáideadh go comhuaineach le haghaidh cóiríocht, spás don obair agus stóráil. Déantar an cháis as bainne ó bha a chrúitear faoi dhó in aghaidh an lae agus a chothaítear ar fhéarach cnoic atá lán d’fhásra ilchineálach. San fhómhar díoladh na cáiseanna a rinneadh sa samhradh le ceannaithe sna gleannta de ghnáth. Choimeád siadsan na cáiseanna ina gcuid uaimheanna féin go dtí go n-éireoidís níos aibí agus go ndíolfaidís le díoltóirí iad lena n-iompar go dtí an áit a n-íosfaí iad. Bhí caomhnú agus iompar an bhainne thar tréimhsí ama fada i gceist le próiseas táirgthe “Salers” dá bhrí sin.

Aithníodh an t-ainm “Salers” mar shonrúchán tionscnaimh trí fhoraithne an 21 Nollaig 1961.

Coinníodh prionsabail dhéanamh “Salers” ar bun le himeacht ama: ar an bhfeirm, le linn na tréimhse innilte, ag úsáid teicnicí agus ábhar traidisiúnta.

Déantar “Salers” inniu, dá bhrí sin, ar an ngabháltas talmhaíochta, tar éis an chrú, ag úsáid bainne amh ó bha d’aon tréad amháin. Déantar an cháis idir an 15 Aibreán agus an 15 Samhain, tráth a bhíonn na hainmhithe amuigh ar an bhféar.

Déantar an bainne a ghruthú i ndabhcha adhmaid dá ngairtear gerles. Gearrtar an gruth agus cuirtear trí chantaoir roinnt uaireanta é chun fáil réidh leis an meadhg agus an t-ábhar tirim a mhéadú. Na bloic a dhéantar dá thoradh sin, fágtar i bhfos iad ar feadh roinnt uaireanta lena n-aibiú, fad a bhíonn aigéadú ar siúl. Déantar lán an ghrutha a mheilt agus a shailleadh ansin. Tar éis tréimhse aibithe, déantar an gruth saillte a bhrú isteach sa mhúnla de láimh chun an cháis aonair a mhúnlú. Déantar gach aon cháis a bhrú go leantach ar feadh dhá lá nó mar sin, á gcasadh go rialta chun draenáil chothrom a bhaint amach.

Maireann an t-aibiú ar feadh íostréimhse 3 mhí, a ríomhtar ó lá mhúnlú na cáise. Déantar na cáiseanna a aibiú in uaimheanna fionnuara, bogthaise. Déantar iad a chasadh agus a chuimilt go tráthrialta.

Is cáis mhór idir 30 agus 50 kg í “Salers” a mbíonn coibhneas ard d’ábhar tirim inti: íosmhéid 58 %. Déantar ar an bhfeirm í, ag úsáid bainne amh, agus déantar í a aibiú ar feadh 3 mhí ar a laghad. Déantar an taos a bhrú, ní dhéantar é a chócaráil agus bíonn an uigeacht dlúth. Bíonn cuma bhreac ar an gcraiceann.

Mar gheall ar chleachtais agus saineolas a mhair feadh na gcéadta, is ann anois do na modhanna traidisiúnta táirgthe bainne agus déanaimh agus aibithe “Salers”. Is é an toradh a bhíonn ar an méid sin cáis fhad-coinneála, saibhir le dea-bholaithe éagsúla, a mbíonn iomadúlacht de bhlasanna lachtacha, blasanna plandaí agus blasanna torthaí uirthi.

Mar gheall ar airíonna na n-ithreacha bolcánacha sa limistéar geografach, mar aon le leibhéil arda báistí, fásann an féar go flúirseach agus go leantach ón earrach go dtí an fómhar. Is le linn thréimhse innilte na mbó déiríochta agus lena linn sin amháin a tháirgtear “Salers”, mar sin baintear an leas is fearr is féidir as an acmhainn sin. Toisc go gcothaítear na ba ar fhéarach go príomha, itheann siad plandaí a dtagann dea-bholaithe uathu agus cuireann sin le dea-bholaithe an bhainne agus, dá thoradh sin leis an gcáis “Salers” a dhéantar as.

Caomhnaítear micreaflóra antaibheathach an bhainne agus é i riocht amh mar úsáidtear é díreach tar éis na ba a chrú, rud eile a chuireann leis an saibhreas i ndea-bholadh “Salers”.

Is sa gerle a tharlaíonn na chéad chéimeanna, suas go dtí gearradh an ghrutha, i saothrú an bhainne, rud a bhfuil ról rí-tábhachtach aige i gcarachtar sonrach “Salers”. Tarlaíonn sin mar thoradh ar an éiceolaíocht mhiocróbach ón adhmad as a dhéantar gerle. Tugann an éiceolaíocht mhiocróbach ionaclú nádúrtha le haghaidh an bhainne, rud atá sonrach ó thaobh gach ionad táirgthe de agus a mbíonn blas uathúil na cáise mar thoradh air.

Mar gheall ar fhad thréimhse aigéadú agus aibiú na gcáiseanna spreagtar forbairt na saothrán lachtach a bhíonn sa bhainne.

Úsáidtear cantaoirí chun an cháis a dhraenáil, agus brúitear gach cáis aonair sa mhúnla ansin. Leis an méid sin cumasaítear taos brúite neamhchócaráilte a tháirgeadh ina mbíonn coibhneas ard d’ábhar tirim, rud lena ráthaítear, cáilíochtaí coinneála na cáise faoi seach.

Le meilt an ghrutha idir brúnna éiríonn uigeacht an taois dlúth.

Forbraítear raon de dhea-bholaithe le linn na tréimhse aibithe trí ghníomhaíocht na miocrorgánach agus na n-einsímí a bhíonn ar bharr na cáise agus taobh istigh di. Cumasaítear forbairt chraiceann breac saintréitheach “Salers” de bharr an chúraim agus an aire a thugtar le linn na tréimhse sin.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta

https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-f9c3c64b-069f-4206-94d4-402bd9601d5e


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)  IO L 120, 15.5.2003, lch. 3.