26.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 322/6


Foilsiú an doiciméid aonair leasaithe tar éis mionleasú a fhormheas de bhun an dara fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

(2022/C 322/03)

Tá an mionleasú sin formheasta ag an gCoimisiún Eorpach i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 6(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún (1).

Is féidir an t-iarratas ar fhormheas an mhionleasaithe seo a fheiceáil i mbunachar sonraí eAmbrosia de chuid an Choimisiúin.

DOICIMÉAD AONAIR

“KORČULANSKO MASLINOVO ULJE”

Uimh. AE: PDO-GA-01351-AM01 — 5.5.2022

STFC (X) TGFC ( )

1.   Ainm(neacha)

“Korčulansko maslinovo ulje”

2.   Ballstát nó tríú tír

an Chróit

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra

3.1.   Cineál táirge

Aicme 1.5. Olaí agus saillte (im, margairín, ola, etc.)

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Is éard atá in “Korčulansko maslinovo ulje” ola olóige úríon a fhaightear go díreach ó thoradh an chrainn ológ trí mhodhanna meicniúla amháin.

Tráth a chuirtear ar an margadh é, ní mór na hairíonna fisiceimiceacha agus orgánaileipteacha seo a leanas a bheith ag “Korčulansko maslinovo ulje”:

cion saoraigéid shailligh ≤ 0,6 %;

luach sárocsaíde ≤ 12 mEq/kg;

K232 ≤ 2,50

K270 ≤ 0,22

dath atá idir buí órga agus uaine;

dea-bholadh suntasach torthaí glasa agus duilleog ológ (an meán i gcomhair “fruity” ≥ 2.5);

blas searbh géar idir meánach agus dian, é suntasach aonchineálach, agus iarbhlas fada aige (an meán i gcomhair searbhas agus géire ≥ 3).

3.3.   Beatha (i gcás táirgí de bhunús ainmhíoch amháin) agus amhábhair (i gcás táirgí próiseáilte amháin)

Is iad na hamhábhair bhunúsacha chun “Korčulansko maslinovo ulje” a tháirgeadh ológa na saothróg dúchasach “Lastovka” agus “Drobnica”, astu féin nó i gcomhcheangal le chéile agus a bhfuil 80 % ar a laghad den táirge iontu. Maidir le saothróga ológ eile a fhástar sa limistéar geografach a shainítear faoi phointe 4, ní mó ná 20 % iad de na hológa uile a phróiseáiltear chun “Korčulansko maslinovo ulje” a tháirgeadh agus ní bhíonn tionchar suntasach acu ar cháilíocht an táirge deiridh.

3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a thógáil sa limistéar geografach sainithe

Gach céim de tháirgeadh “Korčulansko maslinovo ulje” (saothrú, buain agus próiseáil na n-ológ), ní mór iad a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe dá dtagraítear faoi phointe 4.

3.5.   Rialacha sonracha maidir le slisniú, grátáil, pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Ní mór an ola a stóráil agus a bhuidéalú freisin sa limistéar geografach sainithe dá dtagraítear faoi phointe 4 d’fhonn airíonna orgánaileipteacha sonracha agus cáilíocht an táirge a chaomhnú, rud ar a bhféadfaí drochthionchar a imirt ach a ndéanfaí é a scinceáil. Gach uair ina dhiaidh sin a dhéantar an ola a scinceáil lasmuigh den limistéar geografach sainithe, nó a iompar de mhuir thar achair fhada, d’fhéadfaí tionchar díobhálach a imirt ar cháilíocht na hola mar gheall ar na hidirbhealaí iompair idir oileán Korčula agus an mhórthír a bhféadfadh srianta a bheith leo. Ar na cúiseanna sin, ní féidir an táirge a bhuidéalú lasmuigh den limistéar geografach sainithe. Cuirtear “Korčulansko maslinovo ulje” ar an margadh i gcoimeádáin ghloine (dorcha) nach mó a dtoilleadh ná 1 lítear. Is féidir coimeádáin stáin atá beartaithe don chineál seo táirge agus toilleadh suas le 5 lítear a úsáid freisin más rud é go bhfuil córas dúnta acu nach féidir a chur ar ais ina riocht bunaidh tar éis a oscailte.

3.6.   Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Ní mór bliain an fhómhair a léiriú ar an lipéad táirge. Ní mór an t-aitheantóir comónta a bheith ar gach coimeádán a chuirfear ar an margadh. Taispeántar dearadh an aitheantóra chomónta thíos.

Image 1

Tá sé de cheart ag úsáideoirí uile an tsonrúcháin tionscnaimh a chuireann an táirge ar an margadh i gcomhréir lena shonraíocht úsáid a bhaint as an aitheantóir coiteann, faoi na coinníollacha céanna.

4.   Sainmhíniú gonta ar an limistéar geografach

I limistéar táirgthe‘Korčulansko maslinovo ulje’ tá oileán uile Korčula, i.e. na bardais chadastracha Vela Luka, Blato, Smokvica, Čara, Račišće, Pupnat, Žrnovo, Korčula agus Lumbarda.

San iarthar, tá an t-oileán scartha ó oileán Hvar le Cainéal Korčula atá 15 chiliméadar ar fhad, ar an taobh thuaidh, tá sé scartha ó Leithinis Pelješac le Cainéal Pelješac atá 2.5 chiliméadar ar fhad, agus ar an taobh theas, tá sé scartha ó oileán Lastovo le Cainéal Lastovo atá 13 chiliméadar ar fhad.

5.   Baint leis an limistéar geografach

Sainiúlacht an limistéir gheografaigh

Is éard is suntasaí faoi oileán Korčula an tír-raon carraigeach sléibhtiúil inar carraigeacha is mó atá ann, agus inar beag talamh arúil atá ann. Tá na carraigeacha bainte den talamh arúil a rinneadh a thiontú ina hardáin. An charraig a bhaintear as an talamh, úsáidtear í ansin chun ballaí cloiche singile a thógáil agus is iad na ballaí cloiche singile atá timpeall ar na léibhinn. Leis na ballaí cloiche singile coinnítear an ithir thorthúil ar na léibhinn; i bhfocail eile, ní ligeann siad don bháisteach an ithir a ghlanadh léi. San ithir thorthúil sin atá ar an taobh istigh de na ballaí cloiche singile, cuirtear garráin ológ ina bhfuil crainn de chuid na saothróg dúchasach “Lastovka” agus “Drobnica”.

Is féidir na príomhchineálacha talún arúla a roinnt ina dhá ghrúpa: reigeasail léibheannacha agus reigeasail goirt. Is minic a bhíonn ithreacha donna calcacha agus terra rossa in ithreacha reigeasail.

Tá aeráid na Meánmhara ag oileán Korčula, geimhrí cineálta agus samhraí tirime aige. Is de thoradh an nochta aird ar sholas na gréine é an mheánteocht ard. Is idir 15,6 °C agus 16,8 °C a bhíonn an mheánteocht bhliantúil ar oileán Korčula. Is é mí Iúil an mhí is teo, agus meánteocht 25,9 °C ann, ach is é Feabhra an mhí is fuaire, agus meánteocht 9,1 °C ann.

Ó thaobh an nochta ar sholas na gréine de, tá Korčula an-oiriúnach do shaothrú ológ. Is i mí Iúil atá an líon is mó uaireanta an chloig de sholas na gréine (373,7 nó thart ar 12 uair an chloig gréine in aghaidh an lae), agus is i mí na Nollag atá an líon is lú díobh (125,3 nó thart ar 4 uair an chloig in aghaidh an lae).

Maidir leis an bhfrasaíocht bhliantúil, is saintréith d’aeráid oileán Korčula í an bhogthaise. Faightear an chuid is mó den fhrasaíocht sa chuid is fuaire den bhliain, ó mhí Dheireadh Fómhair go mí an Mhárta, nuair a bhíonn an mheánfhrasaíocht mhíosúil idir 80 mm agus 150 mm. Faightear an chuid is lú den fhrasaíocht ó mhí an Mheitheamh go mí Lúnasa, ag dul ó 30 mm go 45 mm ar an meán.

Tosca a bhaineann leis an duine

Bhí príomhról ag daonra oileán Korčula maidir le tírdhreach an oileáin a chruthú. D’oibrigh saothróirí ológ an tír-raon sléibhe carraigeach, é á chlaochlú ina thalamh arúil léibheannach agus á chur in oiriúint do shaothrú na gcrann ológ atá ar an taobh istigh de na ballaí cloiche singile. Cuireann an deacracht a bhaineann le rochtain a fháil ar ardáin cnoic cosc ar úsáid a bhaint as innealra mór. Déantar an fómhar de láimh agus le huirlisí láimhe meicniúla.

Tháinig athrú ar úinéirí oileán Korčula go minic ón tréimhse réamhstairiúil, agus mar sin bhí tionchar ag an iliomad imeachtaí stairiúla ar an saol agus ar fhorbairt na mbarr airgid ar an oileán. Tá flúirse fianaise stairiúil lena léirítear go bhfuil ológa á saothrú agus ola olóige á táirgeadh ar oileán Korčula ó thréimhse an choilínithe Shean-Ghréigigh agus faoi riail na Róimhe agus na Veinéise. Tá foinsí i scríbhinn ón tréimhse ina raibh Korčula faoi riail na Veinéise ina luaitear gur “cheannaigh rialtas na Veinéise ola ar phraghas an-íseal, rud a thug ar áitritheoirí an oileáin í a smugláil.” Cé gur tugadh isteach pionóis dhiana, tá figiúirí lena léirítear gur éirigh le hola Korčula a fhad le Trieste, fiú.’ (S. Dokoza, Iz gospodarske i društvene povijesti Blata do XVIII. st., Zbornik radova, Blato, 2003).

Sainiúlacht an táirge

Eascraíonn sainiúlacht “Korčulansko maslinovo ulje” as an meascán de shaothróga dúchasacha ológ “Lastovka” agus “Drobnica” arb iad 80 % de na hológa atá ar oileán Korčula.

Ina chuid oibre eolaíochta (Elajografija otoka Korčule (1995)), is éard a deir Pavle Bakarić nach ionann na saothróga ológ dúchasacha “Lastovka” agus “Drobnica” agus cineálacha eile ar oileán Korčula (“Velika Lastovka”, “Vrtušćica”, “Oblica”) i dtéarmaí a saintréithe moirfeolaíocha, bitheolaíocha agus tráchtála. Is éard a deir sé freisin gur mó an cion ola a fhaightear sa dá shaothróg sin (ó 16.40 % go 24 %) ná ológa úra na saothróg eile.

Eascraíonn sainiúlacht “Korčulansko maslinovo ulje” as a dhea-bholadh (lena dtugtar chun cuimhne torthaí glasa agus duilleoga ológ) agus as a bhlas (blas searbh géar idir meánach agus dian, é suntasach aonchineálach) ar de thoradh a sciar ard d’fheanóil iomlána iad, agus arb iad is cúis lena n-airíonna céadfacha, i.e. seirbhe agus géire. Cruthaíodh é sin trí thaighde (M. Žanetić, D. Škevin, E. Vitanović, M. Jukić Špika agus S. Perica, Ispitivanje fenolnih spojeva agus profil Dalmatinskih djevičanskih maslinovih ulja, Pomologia croatica vol. 17, 2011), fuarthas amach gur mó an cion feanól iomlán (níos mó ná 350 mg/kg) in ola olóige na saothróg “Lastovka” agus “Drobnica” ná an cion ó na saothróga eile a ndearnadh anailís orthu (“Oblica” agus “Levantinka”), a raibh cion feanóil iomlán 161.15 mg/kg iontu. Fuarthas amach freisin gur ag an tsaothróg “Lastovka” an cion is mó hiodrocsaitíreasóil (214,32 mg/kg), agus gur ag “Drobnica”, an cion is mó tíreasóil (84,37 mg/kg) de na saothróga a ndearnadh anailís orthu. Is ó chomhdhúile feanólacha san ola ó na saothróga “Lastovka” agus “Drobnica” a fhaightear an chobhsaíocht ocsaídiúcháin ard agus an seilfré fhada. Bíonn tionchar ag cion ard na gcomhdhúl feanólach ar sheirbhe agus ar ghéire “Korčulansko maslinovo ulje” (an meán i gcomhair seirbhe agus géire ≥ 3), agus is fearr a léirítear an chothromaíocht idir an dá thréith sin sna saothróga “Drobnica” agus “Lastovka”, na saothróga óna dtáirgtear an ola olóige thuasluaite.

Tá thart ar 1 000 gabháltas talmhaíochta agus 10 muileann ológ ag gabháil do shaothrú ológ agus do tháirgeadh ola olóige ar oileán Korčula inniu. Is gníomhaíocht eacnamaíoch thábhachtach é saothrú na n-ológ ar an oileán, agus úsáidtear an t-ainm “Korčulansko maslinovo ulje” sa lá atá inniu fós, agus ar an margadh (nóta seachadta agus loingseoireachta, Presa d.o.o., Zlokić d.o.o., 2014).

Nasc cúisíoch

Bhí lámh ag na dálaí peidichlíomacha sonracha ar oileán Korčula agus ag gníomhaíocht an duine i gcruthú shainiúlacht “Korčulansko maslinovo ulje”.

Rinne na háitritheoirí áitiúla tír-raon carraigeach agus sléibhtiúil an oileáin a athrú ina léibhinn ithreach ar an taobh istigh de bhallaí cloiche singile d’fhonn é a shaothrú. Cuireadh garráin ológ sna léibhinn ar crainn ológ de chuid na saothróg “Lastovka” agus “Drobnica” iad. Is gnéithe barántúla de thírdhreach an oileáin iad na léibhinn a bhfuil balla agus crainn ológ timpeall orthu.

Tá táirgeoirí tar éis na saothróga “Lastovka” agus “Drobnica” a roghnú mar gurb iad is fearr a oireann do na dálaí peidichlíomacha sonracha. Is iad 80 % de na hológa a fhástar ar oileán Korčula.

Mar gheall ar shuíomh geografach Korčula, bíonn teocht laethúil an-ard den chuid is mó ann agus tá líon an-ard uaireanta de sholas na gréine ann. Leis sin, éascaítear saothrú agus fás na n-ológ, go háirithe na saothróga “Lastovka” agus “Drobnica”, ar saothróga iad atá an-díonach ar thriomach agus a bhfuil tréimhse fómhar an-fhada acu (ó mhí Dheireadh Fómhair go tús mhí Feabhra).

De bharr go ndéantar na hológa a phiocadh de láimh, is féidir le táirgeoirí áitiúla an t-am is fearr a shocrú chun iad a bhuain. Is é an toradh a bhíonn air sin ológa a bhfuil cion feanóil ard iontu, rud a thugann do “Korčulansko maslinovo ulje” blas searbh géar atá idir meánach agus dian.

Is é an toradh indíreach a bhíonn ar dhálaí aeráide sonracha Korčula, áit ina mbíonn leor uaireanta an chloig de sholas na gréine agus frasaíocht íseal i míonna an tsamhraidh, mhéadú ar chion feanóil na n-olaí ó na saothróga “Lastovka” agus “Drobnica”. Léiríodh in anailísí gur mó an cion seo ná cineálacha eile a ndearnadh tástáil orthu, rud a thugann do “Korčulansko maslinovo ulje” a thréith shonrach.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

https://poljoprivreda.gov.hr/UserDocsImages/dokumenti/hrana/proizvodi_u_postupku_zastite-zoi-zozp-zts/Izmijenjena_specifikacija_Korculansko_maslinovo_ulje_012022.pdf


(1)  IO L 179, 19.6.2014, lch. 17.