3.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 296/6


Fógra d’oibreoirí

Allmhairí amhola nó táirgí peitriliam na Rúise isteach san Aontas

(2022/C 296/05)

Le Rialachán (AE) 2022/879 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014, maidir le bearta sriantacha mar fhreagairt ar fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin, tugadh isteach toirmeasc ar amhola nó táirgí peitriliam a cheannach, a allmhairiú ní a aistriú, go díreach nó go hindíreach, mar a liostaítear in Iarscríbhinn XXV a ghabhann leis an Rialachán, más de thionscnamh na Rúise iad nó más ón Rúis a onnmhairítear iad, ón lá tar éis lá a fhoilsithe (Airteagal 3m de Rialachán 833/2014 ón gComhairle) (1). Foráiltear d’idirthréimhsí go dtí an 5 Nollaig 2022 le haghaidh earraí a thagann faoi AC 2709 00 agus go dtí an 5 Feabhra 2023 le haghaidh earraí a thagann faoi CN 2710.

Déantar foráil san Airteagal seo maidir le maoluithe agus díolúintí sonracha agus sealadacha le haghaidh roinnt Ballstát, táirgí nó modhanna iompair.

Ola ón Rúis a iompraítear in éineacht le hola de thionscnamh eile i bhfoirm mheasctha, tá sí faoi réir an toirmisc: toisc gur ábhar idirmhalartach í an ola nach féidir a leithscaradh go fisiceach ag brath ar an tionscnamh, tá ola de thionscnamh na Rúise a allmhairítear, a aistrítear nó a cheannaítear san Aontas mar aon le hola de thionscnamh eile faoi réir na smachtbhannaí, ach amháin más féidir sciar cruinn an táirge nach de thionscnamh na Rúise é a léiriú go soiléir d’údaráis náisiúnta an Bhallstáit. I gcás den sórt sin, is féidir an chuid chruinn d’ola nach de thionscnamh na Rúise é a cheadú isteach san Aontas.

Tá allmhairí san Aontas freagrach as forálacha Airteagal 3m a chomhlíonadh, go háirithe mír 3(c) de. Moltar d’oibreoirí eacnamaíocha a bhfuil baint acu le hallmhairí amhola agus/nó táirgí peitriliam na bearta díchill chuí uile is gá a dhéanamh chun a áirithiú nach n-allmhaireofar aon amhola atá faoi smachtbhannaí na Rúise, fiú má chumasctar í le cion tromlaigh ola de thionscnamh tríú tír, agus chun a chruthú gurb amhlaidh atá, murar féidir sciar beacht an táirge nach de thionscnamh na Rúise é a léiriú go soiléir d’údaráis náisiúnta an Bhallstáit. Is féidir é sin a dhéanamh trí mhodhanna éagsúla, amhail cruthúnais maidir le tionscnamh na hola a luchtaítear sa long nó, más féidir, trí thorthaí anailíse ceimicí. Moltar d’allmhaireoirí freisin clásal a scríobh sa chonradh ceannaigh ar dá réir a dhearbhaíonn an t-onnmhaireoir nach bhfuil aon ola ón Rúis san ola a dhíoltar agus más amhlaidh an cás, bheadh an t-onnmhaireoir freagrach go conarthach as aon mhídhearbhú.

Beidh allmhairí ola faoi réir rialuithe, lena n-áirítear seiceálacha doiciméadacha (e.g. iarraidh ar fhaisnéis mhionsonraithe lena gcruthaítear tionscnamh na hola atá ann) agus, de réir mar is iomchuí agus má tá fáil uirthi, anailís cheimiceach (fíorú saotharlainne). I gcás inar féidir leis an allmhaireoir an cion d’amhola nach de thionscnamh na Rúise í sa lastas a chruthú, ceadófar an chainníocht a chomhfhreagraíonn don sciar sin a dhíluchtú. Ní mór cead isteach i gcríoch chustaim an Aontais Eorpaigh a dhiúltú don chuid eile den lastas. Sa chás nach féidir an sciar cruinn d’ola nach de thionscnamh na Rúise í a chinneadh, má fhaightear amach go bhfuil ábhar amhola na Rúise ann, ní cheadófar an lastas iomlán a dhíluchtú san Aontas.

Moladh d’údaráis chustaim Bhallstáit an Aontais na bearta uile is gá a dhéanamh agus dícheall ar leith a dhéanamh chun an riosca go rachfar timpeall ar smachtbhannaí allmhairithe na Rúise ar amhola a mhaolú tríd an gcumasc le hola de thionscnamh tríú tíortha. Go háirithe, iarrfaidh siad fianaise dhoiciméadach nó fianaise iomchuí eile nach bhfuil ola de thionscnamh na Rúise sna lastais ola.

Cé gurb iad na hallmhaireoirí atá freagrach go príomha as na smachtbhannaí a bhaineann le hola a chomhlíonadh, moltar do gach gníomhaí atá bainteach le hallmhairí ola isteach san Aontas - lena n-áirítear iompróirí, árachóirí agus institiúidí airgeadais a osclaíonn línte creidmheasa nó a eisíonn litreacha creidmheasa - dícheall cuí a dhéanamh ionas nach mbeidh siad ag iompar amhola na Rúise atá le hallmhairiú isteach san Aontas nó ionas nach mbeidh siad ag árachú iompar na hamhola sin. Eascraíonn sé sin as an toirmeasc ar chúnamh teicniúil, maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar i ndáil le hamhola agus táirgí peitriliam a cheannach, a allmhairiú nó a aistriú, mar a leagtar amach in Airteagal 3m mír 2 de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle.

Moltar d’allmhaireoirí agus do gach oibreoir eacnamaíoch an t-eolas is déanaí ina leith sin a leanúint, a fhoilsítear go rialta ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh (2).


(1)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A02014R0833-20220604

(2)  Smachtbhannaí a glacadh tar éis fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin |An Coimisiún Eorpach (europa.eu)