21.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 280/23


Fógra maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca le bearta frithdhumpála áirithe

(2022/C 280/06)

1.   

Mar a fhoráiltear in Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), tá an Coimisiún ag tabhairt fógra go rachaidh na bearta frithdhumpála a luaitear thíos in éag ar an dáta a luaitear sa tábla thíos mura dtionscnófar athbhreithniú i gcomhréir leis an nós imeachta seo a leanas.

2.   Nós imeachta

Féadfaidh táirgeoirí de chuid an Aontais iarraidh i scríbhinn a dhéanamh ar athbhreithniú. Ní mór fianaise leordhóthanach a bheith san iarraidh sin gur dócha go leanfaí den dumpáil agus den díobháil nó go dtarlóidís arís mar thoradh ar dhul in éag na mbeart. Má chinneann an Coimisiún na bearta lena mbaineann a athbhreithniú, tabharfar deis ansin d’allmhaireoirí, d’onnmhaireoirí, d’ionadaithe na tíre is onnmhaireoir agus do tháirgeoirí de chuid an Aontais a mbarúil a thabhairt ar na hábhair atá leagtha amach san iarraidh ar athbhreithniú, nó béim a leagan ar na hábhair sin, nó iad a bhréagnú.

3.   Teorainn ama

Ar bhonn an mhéid thuas féadfaidh táirgeoirí an Aontais iarraidh i scríbhinn a dhéanamh ar athbhreithniú, iarraidh nach mór a bheith faighte ag an gCoimisiún Eorpach ag an seoladh Commission européenne, Commission européenne, direction générale du commerce (unité G-1), CHAR 4/39, B-1049 an Bhruiséil, an Bheilg (2) tráth ar bith tar éis fhoilsiú an fhógra seo ach tráth nach déanaí ná trí mhí roimh an dáta a luaitear sa tábla thíos.

4.

Is i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 a fhoilsítear an fógra seo.

Táirge

Tír thionscnaimh nó tír is onnmhaireoir

Bearta

Tagairt

Dáta éaga (3)

Téada agus cáblaí cruach

Daon-Phoblacht na Síne

Maracó

Poblacht na Cóiré

Dleacht frithdhumpála

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/607 ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2018 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí téada agus cáblaí cruach arna leathnú chun allmhairí téada agus cáblaí cruach a chuirtear chun bealaigh ó Mharacó agus ó Phoblacht na Cóiré, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na dtíortha sin iad nó ná bíodh, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 101, 20.4.2018, lch. 40)

21.4.2023


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  TRADE-Defence-Complaints@ec.europa.eu

(3)  Téann an beart in éag ag meán oíche (00:00) an lá a luaitear sa cholún seo