17.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 199/12


Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas, ar leasú ar shonraíocht táirge atá ann le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus Airteagal (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 199/10)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

TEACHTAIREACHT MAIDIR LE LEASÚ CAIGHDEÁNACH AG ATHRÚ AN DOICIMÉID AONAIR

“Penedès”

PDO-ES-A1551-AM05

Dáta teachtaireachta: 18.2.2022

TUAIRISC AR AGUS CÚISEANNA LEIS AN LEASÚ FORMHEASTA

1.   Leasuithe ar an tuairisc ar fhíonta súilíneacha ar ardchaighdeán

TUAIRISC:

Cuireadh leis an tuairisc gur féidir fíonta súilíneacha a dhéantar ag úsáid modh aoisithe fada a mhaireann 4 bliana ar a laghad ón mbuidéalú, agus ina n-úsáidtear stopalláin choirc sa phróiseas buidéalaithe, a chur ar an margadh gan dímhoirtiú. Toirmisctear úsáid aidiúvach. Sonraítear sa leasú freisin na táirgí is féidir a úsáid chun licéar dáileogachta a dhéanamh, i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais.

Baineann an leasú seo le pointe 2.1.2 den tsonraíocht táirge ach ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair.

Meastar gur leasú caighdeánach é mar ní chomhfhreagraíonn sé d’aon cheann de na cineálacha a liostaítear in Airteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún.

CÚISEANNA:

Is é is aidhm leis an leasú cáilíocht fíonta súilíneacha a ndéantar a aoisiú ar feadh tréimhse fada ar an moirt tar éis coipthe sa bhuidéal a chosaint. Ar choinníoll nach n-úsáidtear comhaidiúvaigh, féadfar na fíonta sin a chur ar an margadh gan a bheith dímhoirtithe.

Maidir le licéar dáileogachta, cumhdaítear gach ceann de na táirgí a cheadaítear faoi dhlí an Aontais.

2.   Aonaid gheografacha níos lú a chur leis

TUAIRISC:

Sainaithníodh agus críochaíodh 10 n-aonad gheografacha níos lú. Bunaíodh rialacha maidir leis an uair is féidir ainmneacha na n-aonad geografach níos lú sin a bheith ar na lipéid (go háirithe, ní mór na fíniúna a bheith suite laistigh den aonad sin agus ní mór iad a fhás ag úsáid modhanna fíonsaothraithe orgánacha, chomh maith le ceanglais a bhaineann leis an áit agus leis an gcaoi a ndéantar iad, etc.). Cuireadh rialacha leis freisin maidir leis an mbealach inar cheart na hainmneacha agus na cineálacha sin a úsáidtear chun an fíon a dhéanamh a shonrú ar na lipéid.

Dá réir sin, cuireadh ranna nua (pointí 4.2, 8.5.2 agus 8.7.2) leis an tsonraíocht táirge agus leasaíodh pointí 6 agus 9 den doiciméad aonair.

Meastar gur leasú caighdeánach é mar ní chomhfhreagraíonn sé d’aon cheann de na cineálacha a liostaítear in Airteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún.

CÚISEANNA:

Tá sé d’aidhm ag an leasú sin ar an tsonraíocht táirge rialacha a bhunú le haghaidh na 10 n-aonad gheografacha níos lú ina bhfuil críocha STFC “Penedès” roinnte. Cuireadh tús leis an obair sin in 2010 bunaithe ar na difríochtaí idir na fíonta a tháirgtear i ngach ceann de na haonaid gheografacha níos lú sin. Rinneadh staidéar cuimsitheach ar na hithreacha agus an aeráid sa limistéar iomlán a bhaineann le STFC “Penedès” in 1995. Mar chuid den obair sin roinneadh an limistéar iomlán ina aonaid de 5 heicteár, lenar bunaíodh poll triallach amháin in aghaidh an aonaid agus rinneadh 12 thástáil anailíse ithreach ar gach aonad. Ghabh staidéar a rinneadh cheana féin ar aeráid STFC “Penedès” leis an obair sin. Cuireadh aghaidh agus fána na bhfíonghort san áireamh freisin, chomh maith leis na cineálacha fíonchaoire agus na fréamhstoic a aimsíodh i ngach aonad. Úsáideadh an obair sin chun an limistéar geografach a roinnt ina 10 n-aonad gheografacha níos lú idir 2010 agus 2018, agus bhí an roinnt sin bunaithe ar na paraiméadair sin uile.

Tá sé beartaithe leis an obair sin luach na bhfíonta a chumhdaítear faoi STFC “Penedès” a fheabhsú, trí fhaisnéis a thabhairt do thomhaltóirí faoi na fíonchaora óna ndéantar na fíonta.

3.   Na téarmaí “Vino de Mas” agus “Gran Vino de Mas” a chur leis

TUAIRISC:

Cruthaíodh na téarmaí “Vino de Mas” agus “Gran Vino de Mas” agus bunaíodh rialacha maidir le cathain is féidir na téarmaí sin a úsáid (uastoradh níos ísle in aghaidh an heicteáir, coinníollacha fíonóireachta agus ceanglais maidir le lipéadú). Beidh na fíonta a cháilítear chun na téarmaí sin a úsáid faoi réir coinníollacha speisialta chun comhlíontacht leis an tsonraíocht táirge a fhíorú agus coinneofar liosta cothrom le dáta dá n-ainmneacha.

Baineann an leasú seo le pointí 5.1, 8.5.3, 8.7.1, 8.7.3, 8.9.3 agus 9.2.2 den tsonraíocht táirge agus le pointí 5.2 agus 9 den doiciméad aonair.

Meastar gur leasú caighdeánach é mar ní chomhfhreagraíonn sé d’aon cheann de na cineálacha a liostaítear in Airteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún.

CÚISEANNA:

Déantar an t-idirdhealú sin le haghaidh fíonta atá cumhdaithe faoi STFC “Penedès” a shaothraítear ar ghabháltais atá nasctha leis na feirmeacha coitianta “maso” (Catalóinis) nó “masía” (Spáinnis) a aimsítear go coitianta i gcríocha STFC “Penedès”. Is éard atá i gceist leis na struchtúir sin “masía” (áitreabh ag a bhfuil foirgnimh talmhaíochta in aice láimhe) agus gabháltas talmhaíochta. Meastar é a bheith ar an struchtúr talmhaíochta ba choitianta i limistéar Penedès sular tháinig dúchán phylloxera.

Tá roinnt fíonta a chumhdaítear faoi STFC “Penedès” faoi láthair a dhéantar as fíonchaora a fhástar ar na feirmeacha traidisiúnta sin. Tá meas mór ag daoine ar na fíonta sin ar an leibhéal áitiúil agus ar an gcoigríoch.

Tá sé beartaithe leis an síneadh sin go gcuirfeadh na téarmaí nua sin luach leis na fíonta sin trína stádas agus a n-inrianaitheacht a dhearbhú, agus le cáilíocht an fhíona freisin.

Tá sé de chuspóir ag na téarmaí “Vino de Mas” agus “Gran Vino de Mas” a chur i dtábhacht go bhfuil fíonta a tháirgtear ag feirm “mas” thraidisiúnta á ndéanamh ag saothraithe fíniúna agus i bhfíonlanna agus a chur ar chumas na dtomhaltóirí na fíonta sin a aithint.

4.   Rialacha nua maidir le lipéadú

TUAIRISC:

Athraíodh an ceanglas a bhaineann le méid an chló le haghaidh na bhfocal “Denominación de Origen” [Sonrúchán Tionscnaimh] i ndáil le “Penedès”. Roimhe seo, níor mhór an cló a bheith leath den mhéid, ach níor cheart an cló a bheith níos mó ná 1.2 mm anois.

I gcás ina n-úsáidtear an marc cigireachta dronuilleogach ag a bhfuil na toisí oifigiúla (60 x 13 mm) agus lena n-áirítear na focail “Penedès Denominación de Origin”, tarscaoiltear an ceanglas chun an t-ainm “Penedès” a bheith ar an lipéad príomha.

Ní mór “Penedès. Denominación de Origen” [Penedès. Sonrúchán Tionscnaimh] a bheith ann i gcónaí in éineacht leis na focail “Clàssic Penedès”.

Tá an téarma “no degollado” [gan a bheith dímhoirtithe] bunaithe le haghaidh fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán a dhéantar de réir an mhodha thraidisiúnta a chomhlíonann na coinníollacha maidir le dímhoirtiú a sheachaint.

Maidir le fíonta súilíneacha, bunaíodh rialacha maidir leis na cineálacha is féidir a chur ar an lipéad príomha agus ar an lipéad tánaisteach.

Leasaíodh pointe 8.7.1 den tsonraíocht táirge agus pointe 9 den doiciméad aonair dá réir.

Meastar gur leasú caighdeánach é mar ní chomhfhreagraíonn sé d’aon cheann de na cineálacha a liostaítear in Airteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún.

CÚISEANNA:

Tá sé d’aidhm ag an leasú sin feabhas a chur ar chur i láthair na bhfíonta a chumhdaítear faoi STFC “Penedès” agus dá bhrí sin iad a dhéanamh inaitheanta go héasca do thomhaltóirí.

5.   Feabhsanna ar an modheolaíocht a bhaineann le cigireachtaí

TUAIRISC:

Cuireadh ceanglas chun inrianaitheacht gach fíon ar a bhfuil na téarmaí “Finca Calificada” [Eastát Cáilithe] agus “Gran Vino de Mas” agus fíon amháin ar a laghad ar a bhfuil an t-ainm “Vino de Mas” a fhíorú leis an iniúchadh bliantúil. Ní mór an ceanglas sin a chomhlíonadh anuas ar na seiceálacha atá éigeantach cheana féin le haghaidh fíonta eile.

Baineann an leasú seo le pointe 9.2.2 den tsonraíocht táirge ach ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair.

Meastar gur leasú caighdeánach é mar ní chomhfhreagraíonn sé d’aon cheann de na cineálacha a liostaítear in Airteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún.

CÚISEANNA:

Ní mór rialuithe níos doichte a bheith ann in éineacht le haitheantas níos mó ar na fíonta.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm(neacha)

Penedès

2.   Cineál táisc gheografaigh

STFC – Sonrúchán Tionscnaimh Faoi Chosaint

3.   Catagóirí táirgí fíniúna

1.

Fíon

3.

Fíon licéir

5.

Fíon súilíneach ar ardchaighdeán

8.

Fíon leathshúilíneach

16

. Fíon ó fhíonchaora ró-aibí

4.   Tuairisc ar an bhfíon (ar na fíonta)

1.   FÍON - Fíon geal agus rosé

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Fíon geal: CUMA: Dath idir buí éadrom agus dorcha air. Níl aon mhodarthacht ann, cuma ghlan agus gheal air. I gcás fíon a tháirgtear ag úsáid mhodh “dulce de frío” [oighearfhíon]: dath ómra, órga, dearg agus rósta. DEA-BHOLADH: Dea-bholaithe príomha de thorthaí bána agus trópaiceacha. Má coimeádadh an fíon i mbairille, beidh dea-bholaithe de thorthaí aibí agus treasacha air. Maidir le fíonta a tháirgtear ag úsáid mhodh “dulce de frío” [oighearfhíon], dea-bholaithe de thorthaí criostalaithe, atá uathúil don chineál. Blasanna den aoisiú agus den tréimhse a chaith sé i mbairillí. Níl aon drochbholadh ná locht. BLAS: Torthaíoch. Beagán aigéadach, mín, blas úr, blasanna den aoisiú, más infheidhme. Gan lochtanna.

Fíon rosé: CUMA: Bíonn dath idir bándearg éadrom agus caordhearg air. Níl aon mhodarthacht ann, glan agus geal. DEA-BHOLADH: dea-bholadh torthaíoch de thorthaí dearga. Níl aon drochbholadh ná locht. BLAS: Torthaíoch, beagán aigéadach, mín agus blas úr. Gan lochtanna.

*

I gcás teorainneacha nach bhfuil sonraithe, ní mór an reachtaíocht atá i bhfeidhm a chomhlíonadh.

*

Ní mór neart alcóil iarbhír íosta 9.5 % de réir toirte agus méid siúcra laghdaithe 70-150 g/l a bheith ag an bhfíon a dhéantar de réir mhodh “dulce de frío” [oighearfhíon].

*

Fíonta a aoisítear nó a dhéantar i mbairille, ní fhéadfaidh siad aigéadacht luaineach níos mó ná 20 mEq/l a bheith acu. Ní fhéadfaidh fíonta a dhéantar de réir mhodh “dulce de frío” [oighearfhíon] 33.33 mEq/l a shárú.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

11

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

11,67

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

2.   FÍON - Fíon dearg

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

CUMA: Dath dúdhearg dian ar na fíonta óga. Dath dearg rósta ar na fíonta aoisithe. Níl aon mhodarthacht ann, glan agus geal. DEA-BHOLADH: torthaí dearga. Níl aon drochbholadh ná locht. BLAS: Torthaíoch, beagán aigéadach, blas mín, blasanna den aoisiú i gcás inarb infheidhme. Gan lochtanna.

*

I gcás teorainneacha nach bhfuil sonraithe, ní mór an reachtaíocht atá i bhfeidhm a chomhlíonadh.

*

Ní fhéadfaidh fíonta a aoistear nó a dhéantar i mbairille aigéadacht luaineach níos mó ná 20 mEq/l a bheith acu.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

12

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

11,67

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

3.   FÍON LICÉIR

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

CUMA: Buí, ómra, órga, dearg, rósta. Níl aon mhodarthacht ann, cuma ghlan agus gheal. DEA-BHOLADH: dea-bholaithe de thorthaí criostalaithe, atá sonrach don chineál. Blasanna den aoisiú, má tá tréimhse caite ag an bhfíon i mbairillí. Níl aon drochbholadh ná locht.

*

I gcás teorainneacha nach bhfuil sonraithe, ní mór an reachtaíocht atá i bhfeidhm a chomhlíonadh.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

15

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

4.   FÍON SÚILÍNEACH AR ARDCHAIGHDEÁN

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

CUMA: Dath idir buí agus bándearg éadrom, ach níl sé ómra ná caordhearg. Tá broidearnach leanúnach aige, gan a bheith corraitheach. Níl aon mhodarthacht ann, glan agus geal. DEA-BHOLADH: dea-bholaithe príomha, torthaí trópaiceacha bána. Níl aon drochbholadh ná locht. BLAS: Torthaíoch, beagán aigéadach, blas mín, blasanna den aoisiú i gcás inarb infheidhme. Gan lochtanna.

*

I gcás teorainneacha nach bhfuil sonraithe, ní mór an reachtaíocht atá i bhfeidhm a chomhlíonadh.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

11

Íosmhéid aigéadachta iomláine

5 ghram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

13,33

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

185

5.   FÍON LEATHSHÚILÍNEACH

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

CUMA: Dath idir buí éadrom agus bándearg éadrom, agus broidearnach leanúnach aige, gan a bheith corraitheach. Níl aon mhodarthacht ann, glan agus geal. DEA-BHOLADH: dea-bholaithe príomha, torthaí trópaiceacha bána. Níl aon drochbholadh ná locht. BLAS: Torthaíoch, beagán aigéadach, blas mín, blasanna den aoisiú i gcás inarb infheidhme. Gan lochtanna.

*

I gcás teorainneacha nach bhfuil sonraithe, ní mór an reachtaíocht atá i bhfeidhm a chomhlíonadh.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

9,5

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

6.   FÍON Ó FHÍONCHAORA RÓ-AIBÍ

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

CUMA: Buí, ómra, órga, dearg, rósta. Níl aon mhodarthacht ann, glan agus geal. DEA-BHOLADH: de thorthaí criostalaithe, atá sonrach don chineál. Níl aon drochbholadh ná locht. BLAS: Torthaíoch, beagán aigéadach, mín, blas te gan lochtanna.

*

I gcás teorainneacha nach bhfuil sonraithe, ní mór an reachtaíocht atá i bhfeidhm a chomhlíonadh.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

12

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

33,33

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

5.   Cleachtais fíonóireachta

5.1.   Cleachtais fíoneolaíochta áirithe

Cleachtas saothraithe

Ní fhéadfar uisciú a dhéanamh ach d’fhonn feabhas a chur ar cháilíocht an fhíonchaoire i dtosca nach bhféadfaí an leibhéal cáilíochta is fearr a bhaint amach mar gheall ar an soláthar uisce chuig na ceapacha agus ar choinníollacha éiceolaíocha na fíniúna, rud a chiallaíonn gur gá a áirithiú go bhfuil an táirgeadh agus na torthaí a fhaightear i gcomhréir le forálacha na sonraíochta seo. Má mheasann comhlacht bainistíochta an tSonrúcháin Thionscnaimh go ndéantar dochar don cháilíocht leis an gcleachtas sin nó go bhféadfar na rialacha a shárú leis, féadfaidh sé an cleachtas sin a thoirmeasc i gceapach sonrach.

Féadfar na ceapacha fíniúna a athchothromú i dtéarmaí soláthair uisce, i gcomhréir le tosca taise na hithreach agus le coinníollacha comhshaoil na fíniúna.

Ní fhéadfaí uisciú a údarú in aon chás i ndiaidh fhás na bhfíonchaor.

Ní féidir cineálacha Forcada agus Moneu, i gcás fíniúnacha a cuireadh as an nua i ndiaidh an 1 Lúnasa 2019, a shaothrú ach ag úsáid treoraíocht cuaiche thraidisiúnta nó modhanna leath-treoraithe amháin. Ní mór gach plandáil de chineál Forcada agus Moneu a bheith deimhnithe ag Consell Català de la Producció Agrària Ecològica [Bord Feirmeoireachta Orgánaí na Catalóine] nó ag comhlacht eile atá creidiúnaithe go cuí chun táirgí orgánacha a dheimhniú.

I gcás cineálacha Forcada agus Moneu, ní mór an fómhar a dhéanamh de láimh.

Cleachtais fíoneolaíochta shonracha

Ní mór an toradh úsctha a bheith níos airde ná 66.6 lítear fíona le haghaidh cineálacha geala agus 70 lítear fíona le haghaidh cineálacha dearga, in aghaidh gach 100 kg a bhuaintear.

5.2.   Uastáirgeacht

1.

Cineálacha geala agus cineálacha fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán

12 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

79,92 heictilítear in aghaidh an heicteáir

2.

Cineálacha geala agus cineálacha fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán de “Vino de Mas” agus “Gran Vino de Mas

10 200 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

67,93 heictilítear in aghaidh an heicteáir

3.

Cineálacha fíonchaor dearg

9 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

63 heictilítear in aghaidh an heicteáir

4.

Cineálacha dearga de “Vino de Mas” agus “Gran Vino de Mas

7 650 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

53,55 heictilítear in aghaidh an heicteáir

5.

Cineál Forcada

8 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

53,28 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.

Cineál Forcada de “Vino de Mas” agus “Gran Vino de Mas

6 800 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

45,29 heictilítear in aghaidh an heicteáir

7.

Cineál Moneu

7 650 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

53,55 heictilítear in aghaidh an heicteáir

8.

Cineál Moneu de “Vino de Mas” agus “Gran Vino de Mas

6 503 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

45,52 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Tá na bardais a leanas i gCúige Barcelona agus Tarragona sa limistéar táirgthe, mar a chuirtear in iúl thíos:

Abrera (1)

Aiguamúrcia (2)

Albinyana(2)

L’Arboç(2)

Avinyonet del Penedès (1)

Banyeres del Penedès(2)

Begues (1)

Bellvei (2)

La Bisbal del Penedès(2)

Bonastre(2)

Les Cabanyes (1)

Calafell(2)

Canyelles (1)

Cabrera d’Igualada (1)

Castellet i la Gornal (1)

Castellví de la Marca (1)

Castellví de Rosanes (1)

Cervelló (1)

Corbera de Llobregat (1)

Cubelles (1)

Cunit(2)

Font-rubí (1)

Gelida (1)

La Granada (1)

Els Hostalets de Pierola (1)

La Llacuna (1)

Llorenç del Penedès(2)

Martorell (1)

Masquefa (1)

Mediona (1)

Montmell(2)

Olèrdola (1)

Olesa de Bonesvalls (1)

Olivella (1)

Pacs del Penedès (1)

Piera (1)

El Pla del Penedès (1)

Pontons (1)

Puigdàlber (1)

Sant Cugat Sesgarrigues (1)

Sant Esteve Sesrovires (1)

Sant Jaume dels Domenys(2)

Sant Llorenç d’Hortons (1)

Sant Martí Sarroca (1)

Sant Pere de Ribes (1)

Sant Pere de Riudebitlles (1)

Sant Quintí de Mediona (1)

Sant Sadurní d’Anoia (1)

Santa Fe del Penedès (1)

Santa Margarida i els Monjos (1)

Santa Maria de Miralles (1)

Santa Oliva (2)

Sitges (1)

Subirats (1)

Torrelavit (1)

Torrelles de Foix (1)

Vallirana (1)

El Vendrell (2)

Vilafranca del Penedès (1)

Vilanova i la Geltrú (1)

Vilobí del Penedès (1)

(1)

Cúige Barcelona

(2)

Cúige Tarragona

Is mar a leanas atá ainmneacha na n-aonad geografach níos lú is féidir le fíonlanna a roghnú lena n-úsáid ar bhonn breise (sa chás sin ní mór dóibh a bheith le feiceáil ar an lipéad) ag brath ar thionscnamh na bhfíonchaor:

 

Alts d’Ancosa

 

Conca del Foix

 

Costers de l’Anoia

 

Costers de Lavernó

 

Costers del Montmell

 

Marina del Garraf

 

Massís del Garraf

 

Muntanyes d’Ordal

 

Turons de Vilafrana

 

Vall Bitlles-Anoia

Féach ar an nasc a leanas chun liosta a fháil de na dáileachtaí a áirítear sna haonaid gheografacha níos lú a luaitear thuas:

https://eur03.safelinks.protection.outlook.com/?url=http%3A%2F%2Fincavi.gencat.cat%2F.content%2F005-normativa%2Fplecs-condicions-do-catalanes%2FArxius-plecs%2FUnitats-Geografiques-Menors-DOP-Penedes.xls&data=04%7C01%7Ccristina.aguilar%40gencat.cat%7Cece5eb52d2674b51591008d9efc0405a%7C3b9427dcd30e43bc8c06ff7253676fec%7C1%7C0%7C637804431255942038%7CUnknown%7CTWFpbGZsb3d8eyJWIjoiMC4wLjAwMDAiLCJQIjoiV2luMzIiLCJBTiI6Ik1haWwiLCJXVCI6Mn0%3D%7C3000&sdata=w3r%2B0CrU5SoJ%2B8p7fukBEvO3MWDfG9LgQAWu1lMsabo%3D&reserved=0

7.   Cineál/cineálacha fíniúna

 

MACABEO – VIURA

 

MERLOT

 

PARELLADA

 

XARELLO

8.   Tuairisc ar an nasc(na naisc)

8.1.   Fíon

Tá cáil ar fhíonta geala Penedès mar thoradh ar an mblas úr, aigéadach agus torthaíoch atá acu mar thoradh ar an gcineál ithreach agus ar an aeráid uathúil. Is mar gheall ar an toisc dhaonna a bhaineann leis na daoine a bhíonn ag obair ar na fíniúnacha nach féidir na fíonta céanna a dhéanamh trí na cineálacha céanna i limistéir eile a úsáid. Ní féidir le cineálacha geala Penedès an aibiú optamach is gá a bhaint amach chun na fíonta sin a dhéanamh ach amháin i réigiún Penedès. Ní aimsítear an meascán d’ithir, d’aeráid agus de chleachtais fíonóireachta ach i réigiún Penedès.

I gcás fíonta rosé ó réigiún Penedès, tá cáil orthu mar thoradh ar an dath atá orthu, an dea-bholadh agus an blas torthaíoch a bhaineann leo agus ní bhaineann na gnéithe sin ach leis na cineálacha a úsáidtear chun na fíonta sin a dhéanamh mar is ón ithir agus ón aeráid a dtagann siad. Cuireann an obair a dhéanann daoine a thugann aire do na fíniúnacha agus do na fíonlanna leis na saintréithe uathúla sin atá ag fíonta rosé “Penedès” freisin.

Tá fíonta dearga ó réigiún Penedès sonrach mar thoradh ar an struchtúr agus an tathag, na hantóiciaininí, na tainniní míne atá acu, agus thar aon ní eile, an dea-bholadh, an blas fada agus an t-iarbhlas dian a bhaineann leo.

Cuirtear le haibiú maith mar thoradh ar an idirghníomhú idir an aeráid agus an ithir i réigiún Penedès. Bíonn tionchar ag an difríocht teochta istoíche agus i rith an lae le linn mhí Iúil agus mhí Lúnasa ar an aibiú maith sin freisin. Mar thoradh ar na tosca sin in éineacht lena chéile, tá líon ard antóiciaininí agus tainniní i bhfíonchaora dearga a fhástar i réigiún Penedès agus iad aibí, agus bíonn siad lán le dea-bholaithe de thorthaí dearga freisin. Fágann sé sin nach féidir na fíonta dearga a tháirgtear i réigiún Penedès a chruthú i limistéir eile.

8.2.   Fíon súilíneach ar ardchaighdeán

Tá fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán ó STFC Penedès uathúil agus an-éagsúil leis na fíonta a tháirgtear i limistéir eile. Tá an difríocht sin mar thoradh ar na cineálacha i bpáirt, ach thar aon toisc eile, mar thoradh ar an aeráid, ar an ngrian agus ar na modhanna a úsáidtear sa chéad agus sa dara coipeadh. Ní féidir na fíonta súilíneacha sin a dhéanamh i limistéir eile.

8.3.   Fíon leathshúilíneach

Is fíonta traidisiúnta iad fíonta leath-súilíneacha i réigiún Penedès. Tá na fíonta sin oiriúnaithe go han-mhaith ar chineálacha réigiún Penedès, agus ar aeráid agus ithir an limistéir.

8.4.   Fíon licéir

Fágann aeráid réigiún Penedès, in éineacht leis an gcineál ithreach agus na cineálacha fíonchaoire, gur féidir úrfhíon aibí a úsáid chun fíonta licéir agus fíonta ó fhíonchaora ró-aibí a dhéanamh. Is mar thoradh ar an aoisiú atá mar chuid den mhodh agus na dálaí aeráide ag an bhfíonlann gur féidir fíonta milse, séimhe, aoisithe a dhéanamh, agus blas na dtorthaí agus na dea-bholaithe a bhaineann go sonrach leis an bpróiseas aoisithe á gcaomhnú.

8.5.   Fíon ó fhíonchaora ró-aibí

Cuireann aeráid réigiún Penedès, in éineacht leis an gcineál ithreach agus na cineálacha fíonchaoire, leis na fíonchaora a bheith ró-aibí, trí iarracht ó dhaoine, agus déantar fíonta uathúla ag a bhfuil saintréithe galánta mar thoradh air sin.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Creat dlíthiúil:

Sa reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll bhreise:

Pacáistiú laistigh den limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Ní mór an pacáistiú a dhéanamh laistigh den limistéar táirgthe amháin le haghaidh fíonta STFC “Penedès”. Ní mór é sin a dhéanamh toisc nach féidir fíonta a tháirgtear ar an mórchóir a iompar thar achair fhada agus a áirithiú san am céanna go gcoinnítear cáilíocht agus saintréithe na bhfíonta ag a bhfuil an STFC. Tráth a chuirtear na fíonta i mbuidéil, coinnítear na saintréithe agus an cháilíocht a bhaineann leo, gnéithe a bhfuil meas ag tomhaltóirí orthu. Is í sin an fáth nach mór an buidéalú a dhéanamh faoi na coinníollacha cearta.

Creat dlíthiúil:

Sa reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll bhreise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Ní mór na carachtair a úsáidtear chun “Penedès” a chur in iúl a bheith idir 3 mm (ar a laghad) agus 7 mm (ar a mhéad) in airde. Ní mór an fhoclaíocht “Denominación de Origen” [Sonrúchán Tionscnaimh] a bheith 1.2 mm ar airde ar a laghad.

Go ginearálta, i gcás ina bhfuil foclaíocht éigeantach ar chúl an bhuidéil (ar an lipéad ar a dtugtar an lipéad tánaisteach), lena n-áirítear an fhoclaíocht “PENEDÈS Denominación de Origen” [Sonrúchán Tionscnaimh PENEDÈS], ar an lipéad príomha in éineacht leis an trádmharc, ní mór an t-ainm “PENEDÈS” a bheith ann i litreoireacht atá idir 3 mm agus 7 mm ar airde.

I gcás ina n-úsáidtear an marc cigireachta dronuilleogach ag a bhfuil na toisí oifigiúla (60 x 13 mm) agus lena n-áirítear na focail “Penedès Denominación de Origin”, tarscaoiltear an ceanglas chun an t-ainm “Penedès” a bheith ar an lipéad príomha. Beidh na marcanna cigireachta éagsúil le haghaidh fíonta ar a bhfuil na téarmaí “Vino de Mas” agus “Gran Vino de Mas”.

Má tá an fhoclaíocht éigeantach grúpáilte le chéile ar an lipéad in éineacht leis an trádmharc agus leis an bhfoclaíocht “PENEDÈS Denominación de Origen” [Sonrúchán Tionscnaimh PENEDÈS], níl sé éigeantach an focal “Penedès” a áireamh ar an lipéad tánaisteach.

Féadfar faisnéis a chur ar fáil ar lipéid maidir leis an méid a leanas: na cineálacha (ní féidir ach roinnt cineálacha a lua ar an lipéad príomha, i gcás fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán, an bhliain fíona agus an téarma “Vino de Finca” [Fíon ó eastát], faoi réir coinníollacha áirithe. Ní mór an méid a leanas a lua ar lipéid: sonraí an duine a rinne an fíon a bhuidéalú/an onnmhaireora, neart alcóil iarbhír, má tá suilfítí ann, cláruimhir an duine a rinne an fíon a bhuidéalú, an bhliain fíona agus an dáta dímhoirtithe i gcás fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán, an uimhir baisce, “Vino de Mas” nó “Gran Vino de Mas” (chun tosaigh ar an lipéad agus an bhliain fíona á lua), “Classic Penedès” (faoi réir coinníollacha lena úsáid) agus na focail “No degollado” [gan a bheith dímhoirtithe] (i gcás fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán a dhéantar de réir an mhodha thraidisiúnta agus faoi réir coinníollacha áirithe).

Tá cnuasach mór rialacha ann maidir leis na coinníollacha faoina n-úsáidtear na haonaid gheografacha níos lú agus na téarmaí “Vino de Mas” agus “Gran Vino de Mas”.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

http://incavi.gencat.cat/web/.content/03-denominacions-origen/documents/plecs/penedes/fitxers-binaris/plec-dop-penedes-mod-04.pdf


(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.