|
11.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 192/92 |
FÓGRA FAISNÉISE – COMHAIRLIÚCHÁN POIBLÍ
Tásca Geografacha ó Eacuadór le cosaint mar Thásca Geografacha san Aontas Eorpach
(2022/C 192/08)
Mar a fhoráiltear in Airteagal 209 den Chomhaontú Trádála idir an tAontas, gona Bhallstáit, agus an Cholóim, Peiriú (1) agus Eacuadór (2), thíolaic údaráis Eacuadór an liosta atá san Iarscríbhinn de Thásca Geografacha, a chosnaítear mar Thásca Geografacha in Eacuadór, lena gcosaint faoin gComhaontú. Tá breithniú á dhéanamh ag an gCoimisiún Eorpach faoi láthair maidir le cé acu an gcosnófar na Tásca Geografacha sin faoin gComhaontú nó nach gcosnófar.
Iarrann an Coimisiún ar aon Bhallstát nó ar aon tríú tír nó ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige ann, atá ina chónaí i mBallstát nó i dtríú tír nó atá bunaithe i mBallstát nó i dtríú tír agóidí in aghaidh na cosanta sin a chur isteach trí ráiteas cuí-réasúnaithe a thaisceadh.
Ní mór do ráitis agóide an Coimisiún a bhaint amach laistigh de 2 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo. Ba cheart ráitis agóide a chur chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas:
AGRI-THE-AMERICAS@ec.europa.eu
Ní dhéanfar scrúdú ar ráitis agóide ach amháin má fhaightear laistigh den tréimhse a leagtar amach thuas iad agus má léirítear an méid seo a leanas leo:
|
(a) |
go mbeadh cosaint an ainm atá beartaithe ar neamhréir le hainm cineáil planda nó póir ainmhí agus mar gheall air sin gur dócha go gcuirfeadh sé an tomhaltóir amú maidir le fíorthionscnamh an táirge; |
|
(b) |
go mbeadh an t-ainm atá beartaithe comhainmneach go hiomlán nó i bpáirt le hainm a chosnaítear cheana san Aontais faoi Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (3), nó le ceann de na tásca geografacha ó thíortha nach tíortha de chuid an Aontais iad, ar tásca geografacha iad a chosnaítear san Aontas faoi chomhaontuithe déthaobhacha/iltaobhacha atá ar fáil go poiblí ag an seoladh seo a leanas: https://www.tmdn.org/giview/ |
|
(c) |
i bhfianaise an chlú agus na cáile atá ar thrádmharc agus an fad atá sé in úsáid, go mbeadh an baol ann go gcuirfeadh cosaint an ainm atá beartaithe an tomhaltóir amú maidir le fíorchéannacht an táirge; |
|
(d) |
go ndéanfadh cosaint an ainm atá beartaithe dochar do bheithsine ainm atá comhionann ina iomláine nó i bpáirt, do bheithsine trádmhairc nó dochar do bheithsine táirgí atá tar éis a bheith ar an margadh go dleathach le 5 bliana ar a laghad roimh dháta foilsithe an fhógra seo; |
|
(e) |
nó más féidir leis an bhfreasúra sonraí a thabhairt ónár féidir a chinneadh gur ainm cineálach é an t-ainm atá á mheas lena chosaint. |
Déanfar meastóireacht ar na critéir dá dtagraítear thuas i ndáil le críoch an Aontais, nach dtagraíonn, i gcás cearta maoine intleachtúla, ach don chríoch nó do na críocha ina gcosnaítear na cearta sin. Tá cosaint na n-ainmneacha sin san Aontas Eorpach faoi réir thabhairt chun críche rathúil an nós imeachta sin agus an ghnímh dlí a dhéanfar ina dhiaidh sin lena gcuirfear na hainmneacha sin leis an gComhaontú thuasluaite.
Liosta de Thásca Geografacha ó Eacuadór atá le cosaint mar Thásca Geografacha san Aontas Eorpach le haghaidh táirgí talmhaíochta agus bia-earraí (4)
|
Ainm |
Tuairisc ghairid |
|
CAFÉ DE GALAPAGOS |
Caife |
|
MANÍ DE TRANSKUTUKÚ |
Pis talún |
|
PITAHAYA AMAZÓNICA DE PALORA |
Toradh |
(1) IO L 354, 21.12.2012, lch. 1.
(2) IO L 356, 24.12.2016, lch. 1.
(3) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.
(4) Liosta arna sholáthar ag údaráis Eacuadór.