20.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 166/9


Fógra d’allmhaireoirí

Allmhairí gairleoige isteach sa Chomhphobal

(2022/C 166/07)

Le fógra d’allmhaireoirí a foilsíodh in Iris Oifigiúil C 197 an 12 Lúnasa 2005, lch. 8, i gcás oibreoirí an Aontais Eorpaigh a dhearbhaíonn / a chuireann i láthair cruthúnas doiciméadach tionscnaimh le haghaidh gairleog a allmhairítear faoin gceannteideal taraife CN 0703 20 00, a dhearbhaítear faoi tharaifchuóta CGTT oscailte le Cinneadh 2001/404/CE ón gComhairle (1), nó faoi fhabhair atá i gcomhaontuithe Comhphobail nó faoi shocruithe aontaobhacha fabhar, mhol an Coimisiún dóibh na réamhchúraimí uile is gá a dhéanamh mar gheall ar amhras réasúnta a bhaineann le tionscnamh an táirge sin. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go n-eascródh fiach custaim as scaoileadh i saorchúrsaíocht na dtáirgí sin, agus go mbeadh calaois in aghaidh leasanna airgeadais an Chomhphobail mar thoradh air.

Tar éis fhoilsiú an fhógra, tháinig laghdú ar líon allmhairí calaoiseacha an Aontais. Thairis sin, níor cuireadh aon fhaisnéis shubstaintiúil maidir le cúbláil nua isteach le blianta beaga anuas.

Dá bhrí sin, tá an fógra d’allmhaireoirí a foilsíodh in Iris Oifigiúil C 197 an 12 Lúnasa 2005 gan aon chuspóir a mhéid a bhaineann le coinsíneachtaí an táirge lena mbaineann arna ndearbhú lena scaoileadh i saorchúrsaíocht ar dháta foilsithe an fhógra seo nó dá éis, agus tarraingítear siar leis seo é.


(1)  Cinneadh 2001/404/CE an 28 Bealtaine 2001 maidir le Comhaontú a thabhairt i gcrích i bhfoirm malartú litreacha idir an Comhphobal Eorpach agus an Airgintín de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 maidir le modhnú lamháltas i ndáil le gairleog dá bhforáiltear i Sceideal CXL atá i gceangal le CGTT (IO L 142, 29.5.2001, lch. 7) agus Rialachán (CE) Uimh. 565/2002 ón gCoimisiún an 2 Aibreán 2002 lena mbunaítear an modh chun taraifchuótaí a bhainistiú agus lena dtugtar isteach córas maidir le deimhnithe tionscnaimh le haghaidh gairleog a allmhairítear ó thríú tíortha (IO L 86, 3.4.2002, lch. 11).