|
12.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 159/44 |
Foilsiú iarratais ar fhormheas a dhéanamh ar leasú nach mion ar shonraíocht táirge de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
(2022/C 159/14)
Leis an bhfoilsiú seo, tugtar an ceart chun cur in aghaidh chur i bhfeidhm an leasaithe de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo.
IARRATAS AR FHORMHEAS A DHÉANAMH AR LEASÚ NACH MION MAIDIR LE SONRAÍOCHT TÁIRGE LE hAGHAIDH SONRÚCHÁN TIONSCNAIMH FAOI CHOSAINT NÓ TÁSC GEOGRAFACH FAOI CHOSAINT
Iarratas ar cheadú ar leasú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012
“Beurre Charentes-Poitou” / “Beurre des Charentes” / “Beurre des Deux-Sèvres”
Uimh. AE: PDO-FR-0137-AM01- 3.12.2020
STFC (X) TGFC ( )
1. Grúpa iarratasóra agus leas dlisteanach
Ainm: Syndicat des Laiteries Charentes-Poitou (Cumann Uachtarlanna Charentes-Poitou)
Seoladh: 44 rue Jean Jaurès, 17700 Surgeres, France
Fón +33 546075800
Facs +33 546076055
Ríomhphost: contact@aclccp.com
Comhdhéanamh agus leas dlisteanach: is cumann trádála de tháirgeoirí bainne, bailitheoirí bainne agus próiseálaithe/táirgeoirí bainne in “Beurre Charentes-Poitou” é Cumann Uachtarlanna Charentes-Poitou. Dá bhrí sin, tá an ceart dlisteanach aige leasuithe ar an tsonraíocht a iarraidh.
2. Ballstát nó tríú tír
An Fhrainc
3. Ceannteideal sa tsonraíocht táirge a ndéanann an leasú (na leasuithe) difear dó
|
☐ |
Ainm an táirge |
|
☒ |
Tuairisc ar an táirge |
|
☒ |
Limistéar geografach |
|
☒ |
Cruthúnas ar thionscnamh |
|
☒ |
An modh táirgthe |
|
☒ |
Nasc |
|
☒ |
Lipéadú |
|
☒ |
Eile: nuashonrú ar shonraí teagmhála an údaráis inniúil sa Bhallstát agus ar shonraí teagmhála an ghrúpa iarratasóra, an cineáil táirge, comhaltaí iniúchta, ceanglais náisiúnta |
4. Cineál an leasú nó na leasuithe
☐ Leasuithe ar an tsonraíocht táirge de STFC nó TGFC cáilithe nach bhfuil le cáiliú mar mhionleasú i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012
☒ Leasuithe ar shonraíocht STFC/TGFC cláraithe, nár foilsíodh doiciméad aonair (nó a chomhionann) ina leith, nach féidir a mheas gur mionleasú é de réir an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012
5. Leasú nó leasuithe
5.1. Tuairisc ar an táirge
Sa tsonraíocht táirge, an abairt a leanas:
“Ní mór go mbeadh blas glan agus dea-bhlas le him ag a bhfuil na sonrúchán tionscnaimh. Ní mór don bholadh a bheith fíneálta agus úr. Ní mór dath aonfhoirmeach a bheith air agus ní mór dó a bheith éasca le leathadh.”
cuireadh é seo ina ionad sin:
Déantar “Beurre Charentes-Poitou” / “Beurre des Charentes” / “Beurre des Deux-Sèvres” as bainne bó, tá dath aonfhoirmeach ó bhánbhuí go buí éadrom air agus boladh fíneálta lachtach agus blas deas de crème fraîche agus cnónna coill air.
Cuireadh an cineál bainne a úsáidtear (“déantar … as bainne bó”) leis.
Cuireadh leis an tuairisc ar dhath an ime (ag cur na bhfocal “ó bhánbhuí go buí éadrom”), chomh maith leis an tuairisc ar bholadh an ime (“boladh fíneáilte lachtach”) agus blas an ime (“blas de crème fraîche agus cnónna coill”).
Sa tsonraíocht táirge, an abairt a leanas:
“Ní mór dath aonfhoirmeach a bheith air agus ní mór dó a bheith éasca le leathadh.”
cuireadh é seo ina ionad sin:
“Leánn sé sa bhéal agus tá uigeacht aige atá idir dhaingean agus somhúnlaithe, rud a dhéanann an t-im an-oiriúnach chun taos lannaithe a dhéanamh.”
Leasaíodh an chuid a thagraíonn d’uigeacht an ime atá “éasca le leathadh” chun a uigeacht a shainiú ar bhealach níos soiléire.
Sa tsonraíocht táirge, cuireadh an abairt seo a leanas léi:
“D’fhéadfadh an t-im a bheith saillte nó neamhshaillte.”
Soiléiríodh sa roinn maidir le “Tuairisc” go bhféadfadh an t-im a bheith saillte nó neamhshaillte, á thabhairt i gcomhréir leis an roinn maidir le “An modh táirgthe”, ina bhforáiltear don fhéidearthacht a bhaineann le salann a chur leis le linn an táirgthe.
Sa tsonraíocht táirge, cuireadh an abairt seo a leanas léi:
“Tá pH ag 6 nó níos lú ag an im.”
Bogadh an abairt sin ón roinn maidir le “An modh táirgthe” chuig an roinn maidir le “Tuairisc” mar go gcuidíonn sé le príomh-shaintréithe an táirge a leagan amach.
Sa tsonraíocht táirge, scriosadh an abairt seo a leanas:
“Comhdhéanamh le haghaidh 100 g den táirge críochnaithe: 82 % saille ar a laghad, gan níos mó ná 2 g de sholaid neamhshaille agus gan níos mó ná 16 g d’uisce, suas le huasmhéid de 2 g in aghaidh gach 100 g.”
Rialaíonn dlí na gnéithe sin.
Sa tsonraíocht táirge, scriosadh an abairt seo a leanas:
“Toirmisctear dathúcháin, frithocsaídeoirí nó dí-aigéadathóirí a chur leis.”
Scriosadh an chuid a bhaineann leis an toirmisc ar dhathúcháin, frithocsaídeoirí nó dí-aigéadathóirí agus bogadh í chuig an roinn maidir le “An modh táirgthe”.
Sa tsonraíocht táirge, scriosadh an abairt seo a leanas:
“Ní mór don bhainne agus don uachtar a úsáidtear chun an t-im faoin sonrúchán tionscnaimh a bheith paistéartha.”
Scriosadh an ceanglas chun an bainne agus an t-uachtar a phaistéaradh ón tuairisc d’fhonn go bhféadfaí im amh a tháirgeadh faoi STFC. Le teacht an phaistéartha san 20ú haois, d’éirigh táirgeadh ime amh, a bhí ar an im tosaigh a táirgeadh sa réigiún, an-teoranta ach leanadh leis. Anois, ba mhian leis an ngrúpa iarratasóra a bheith in ann an táirge sin a aithint faoi STFC.
Leasaíodh an doiciméad aonair freisin.
An abairt a leanas:
“Im a bhfuil dath éadrom air agus uigeacht dhaingean leis, agus é sonrach mar gheall ar an dea-bholadh atá air.”
cuireadh é seo ina ionad sin:
Déantar “Beurre Charentes-Poitou” / “Beurre des Charentes” / “Beurre des Deux-Sèvres” as bainne bó, tá dath aonfhoirmeach ó bhánbhuí go buí éadrom air agus boladh fíneálta lachtach agus blas deas de crème fraîche agus cnónna coill air.
Leánn sé sa bhéal agus tá uigeacht aige atá idir dhaingean agus somhúnlaithe, rud a dhéanann an t-im an-oiriúnach chun taos lannaithe a dhéanamh.
D’fhéadfadh an t-im a bheith saillte nó neamhshaillte.
Tá pH 6 nó níos lú ag an im.
5.2. Limistéar geografach
Sa tsonraíocht táirge, níor athraíodh an limistéar geografach, ach rinneadh athbhreithniú ar an mbealach a gcuirtear é i láthair chun na ranna agus na bardais lena mbaineann a liostú. Rinneadh amhlaidh chun na treoirlínte chun doiciméid aonair a dhréachtú a chomhlíonadh agus mar gheall nach dtugtar faisnéis atá sách beacht do thomhaltóirí san fhoclaíocht “réigiúin Loire agus Poitou”. Luaitear inti anois nach mór an pacáistiú agus an reo a dhéanamh sa limistéar geografach freisin.
Maidir le pacáistiú, baineann an leasú seo le foráil atá ann cheana féin sa téacs náisiúnta ar an sonrúchán tionscnaimh a fágadh ar lár nuair a bhí an tsonraíocht le haghaidh STFC á tarraingt suas a ionchorprú sa leagan nua.
Maidir le reo, is rud nua a cuireadh léi é sin.
Ní mór an táirge a phacáistiú laistigh den limistéar geografach. Ní mór an pacáistiú a dhéanamh go gairid i ndiaidh an táirgthe. Cumasaítear leis an bpacáistíocht, go príomha, an t-im a mhúnlú san fhoirm ina ndíoltar é, ach cosnaíonn an phacáistíocht an t-im ar bhuillí freisin a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh dó agus ar bholaithe a d’fhéadfadh a shaintréithe a athrú. Fuaraítear an t-im ansin le ligean dó criostalú agus lena dhea-bholaithe agus a uigeacht a fhorbairt sula ndíoltar é.
Ní féidir ach im atá pacáistithe cheana féin agus atá beartaithe lena úsáid sa tionscal bia nó a onnmhairiú a reo. Ní mór an reo a dhéanamh laistigh de 30 lá ón táirgeadh. Reoitear an t-im i ndiaidh an chriostalaithe, dá bhrí sin ag ráthú shaintréithe orgánaileipteacha an ime reoite.
Tugadh tuairisc ar an méid sin uile i bpointe 3.5 den doiciméad aonair, agus rinneadh an limistéar geografach a shainiú a ghonta agus is féidir trí na ranna, na cantúin agus na bardais a liostú, i gcomhréir leis na treoirlínte dréachtaithe le haghaidh an doiciméid sin.
A mhéid a bhaineann le teorainneacha, níor athraíodh an limistéar geografach ina dtáirgtear an bainne ach athraíodh an bealach a gcuirtear i láthair é, agus cuireadh liosta de na ranna agus na bardais a dhéanann an limistéar geografach leis.
Ar deireadh, cuireadh an abairt seo a leanas leis an tsonraíocht táirge:
“Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin an Institut national de l’origine et de la qualité (an Institiúid Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta – INAO).”
5.3. Cruthúnas ar thionscnamh
I bhfianaise forbairtí i reachtaíocht agus rialacháin náisiúnta, cuireadh roinn dar teideal “Cruthúnas gur tionscnaíodh an táirge sa limistéar geografach” leis an tsonraíocht táirge, ag leagan amach na gceanglas dearbhaithe agus na gceanglas coimeádta taifead a mhéid a bhaineann le hinrianaitheacht táirge agus faireachán na ndálaí táirgthe.
Áirítear orthu sin:
|
— |
Dearbhú aitheantais le haghaidh oibreoirí ar mian leo a bheith rannpháirteach i gcuid den phróiseas, nó sa phróiseas iomlán, a bhaineann leis an mbainne a tháirgeadh, a bhailiú nó a phróiseáil: |
Cuireadh an mhír a leanas leis:
“4.1. Sainaithint oibreoirí
Éilítear ar oibreoirí ar mian leo a bheith rannpháirteach i gcuid den phróiseas, nó sa phróiseas iomlán, a bhaineann leis an mbainne a tháirgeadh, a bhailiú nó a phróiseáil, dearbhú aitheantais a chomhdú. Faigheann an grúpa an dearbhú sin agus cláraíonn an grúpa é. Ní mór é sin a dhéanamh i gcomhréir leis an tsamhail atá formheasta ag Stiúrthóir na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO).
Ní mór don ghrúpa liosta cothrom le dáta d’oibreoirí aitheanta a choimeád.”
|
— |
Ceanglais dearbhaithe éagsúla a bhaineann le scor sealadach táirgthe (“dearbhú roimh ré maidir le hintinn gan táirgeadh” agus “dearbhú roimh ré maidir le hatosú táirgthe”) agus dearbhú agus faireachán ar tháirgí atá beartaithe lena ndíol faoi STFC (faireachán a dhéanamh ar mhéideanna agus stoic): |
Cuireadh an mhír a leanas leis:
“4.2. Ceanglais maidir le dearbhú
|
(a) |
Dearbhú intinne gan táirgeadh agus dearbhú maidir le hatosú táirgthe |
I gcás inarb iomchuí, ní mór do tháirgeoirí dearbhú roimh ré maidir le hintinn gan táirgeadh faoin sonrúchán tionscnaimh, a bhféadfadh roinnt dá saoráidí táirgthe nó a saoráidí táirgthe iomlána, a chumhdach, a sheoladh chuig an ngrúpa 2 sheachtain ar a laghad sula scoirfidh siad den táirgeadh faoin sonrúchán tionscnaimh.
Ní mór don ghrúpa an comhlacht cigireachta a chur ar an eolas faoin méid sin agus an dearbhú a choimeád ar feadh 5 bliana.
Más mian leo an táirgeadh a atosú, ní mór d’oibreoirí dearbhú a sheoladh chuig an ngrúpa roimh ré maidir leis an atosú táirgthe 2 sheachtain ar a laghad sula n-atosaíonn siad an táirgeadh. Ní mór go luafaí sa dearbhú sin, go háirithe, an dáta a bhfuil sé beartaithe go n-atosófar an táirgeadh.
Ní mór don ghrúpa an comhlacht cigireachta a chur ar an eolas faoin méid sin agus an dearbhú a choimeád ar feadh 5 bliana.
|
(b) |
Ceanglais dearbhaithe maidir le fógra a thabhairt agus faireachán a dhéanamh ar tháirgí atá beartaithe lena ndíol faoin sonrúchán tionscnaimh |
Ag deireadh gach tréimhse 6 mhí, ní mór do na hoibreoirí lena mbaineann an méid iomlán ime a díola, ag léiriú an méid ime a díoladh faoin sonrúchán tionscnaimh agus na stoic atá i seilbh acu ar an lá deiridh den tréimhse 6 mhí sin atá díreach caite.
Ní mór don ghrúpa na doiciméid sin a choimeád ar feadh 5 bliana ar a laghad.
Gach bliain, ní mór don ghrúpa achoimre ar an staidreamh a bhaineann le ‘Beurre Charentes-Poitou’ a sheoladh chuig an Institiúid Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta.”
|
— |
Ceanglais maidir le taifid a choimeád, ina sonraítear d’oibreoirí clár d’ionchuir agus aschuir a choimeád d’fhonn a áirithiú gur féidir na cainníochtaí bainne agus uachtair a úsáidtear agus na cainníochtaí ime a táirgeadh, a pacáistíodh agus a reodh, a rianú: |
Cuireadh an mhír a leanas leis:
“4.3. Taifid a choimeád
Ní mór do gach oibreoir a gcláir agus aon doiciméad eile is gá chun tionscnamh, cáilíocht agus dálaí táirgthe an ime agus an bhainne a sheiceáil, a chur ar fáil do na comhlachtaí cigireachta.
|
(a) |
Inrianaitheacht |
Ní mór do gach oibreoir clár cothrom le dáta d’ionchuir agus aschuir, nó doiciméad cuntasaíochta coibhéiseacha eile, a choimeád. Ní mór don chlár sin an méid a leanas a shonrú go háirithe:
|
— |
na cainníochtaí bainne a bailíodh nó a ceannaíodh ón limistéar táirgthe bainne agus atá beartaithe chun im a tháirgeadh faoin sonrúchán tionscnaimh; |
|
— |
na cainníochtaí uachtair a bailíodh nó a ceannaíodh ón limistéar táirgthe bainne agus atá beartaithe chun im a tháirgeadh faoin sonrúchán tionscnaimh, chomh maith le tionscnamh an bhainne a úsáideadh; |
|
— |
na cainníochtaí ime a tháirgeadh faoin sonrúchán tionscnaimh; |
|
— |
i gcás inarb iomchuí, na cainníochtaí ime a ceannaíodh faoin sonrúchán tionscnaimh, ag sonrú thionscnamh an ime sin; |
|
— |
na cainníochtaí ime atá á sealbhú agus le díol faoin sonrúchán tionscnaimh, ag sonrú:
|
Ní mór do gach monarcha pacáistithe clár cothrom le dáta a choimeád ag sonrú na gcainníochtaí ime a chumhdaítear faoin sonrúchán tionscnaimh (ag teacht isteach agus ag dul amach).
Ní mór na doiciméid sin a choimeád ar feadh 2 bhliain ar a laghad tar éis bhliain na dtaifead.
Tá na bailitheoirí bainne faoi réir na n-oibleagáidí céanna a mhéid a bhaineann lena ngníomhaíochtaí.”
|
— |
Na doiciméid is gá chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht na ndálaí táirgthe a bhaineann le beatha (cineál, tionscnamh, cainníocht) agus bailiú an bhainne (nóta seachadta, sonrasc): |
Cuireadh an mhír a leanas leis:
|
“(b) |
Faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht na ndálaí táirgthe |
Ní mór do tháirgeoirí bainne doiciméid a chur ar fáil do na comhlachtaí cigireachta a léiríonn, go háirithe, cineál, tionscnamh agus cainníocht an fhodair agus na beatha a úsáidtear chun an tréad a bheathú. Ní mór dóibh dátaí na dtréimhsí innilte a thaifeadadh freisin.
Ní mór do tháirgeoirí bainne sonraisc agus/nó nótaí seachadta a léiríonn cainníochtaí agus tionscnamh aon beatha a ceannaíodh a choimeád.
Ní mór na doiciméid sin a choimeád ar feadh 5 bliana ar a laghad.
Ní mór do na próiseálaithe na doiciméid is gá a chur ar fáil do na comhlachtaí cigireachta chun an méid a leanas a fhíorú:”
|
— |
an crios bailithe laistigh den limistéar táirgthe bainne, |
|
— |
an dáta bailithe, |
|
— |
comhlíontacht na bparaiméadar táirgthe, |
|
— |
fad na tréimhse ama idir táirgeadh agus reo. |
Ní mór na doiciméid sin a choimeád ar feadh 2 bhliain.
Tá na bailitheoirí bainne faoi réir na n-oibleagáidí céanna a mhéid a bhaineann lena ngníomhaíochtaí.
Déantar foráil follasach maidir le seiceálacha ar tháirgí, a cumhdaíodh faoi théacsanna náisiúnta eile roimhe seo, sa tsonraíocht táirge anois. Tá siad bunaithe ar thástáil anailíseach agus chéadfach, a dhéantar gan réamhfhógra a thabhairt agus trí shamplaí a thógáil.
Cuireadh an mhír a leanas leis:
“4.4. Seiceálacha ar tháirgí
Déantar tástáil anailíseach agus chéadfach gan réamhfhógra a thabhairt agus trí shamplaí den im pacáistithe a thógáil.”
5.4. An modh táirgthe
5.1. Táirgí bainne
Cuireadh forálacha a bhaineann le táirgeadh bainne leis an tsonraíocht táirge. Neartaíonn na forálacha sin an nasc idir “Beurre Charentes-Poitou” / “Beurre des Charentes” / “Beurre des Deux-Sèvres” agus a áit tionscnaimh trí na cleachtais a leanann feirmeoirí beostoc áitiúla maidir leis an tréad a bheathú go ginearálta agus go háirithe ba déiríochta, a leagan síos.
Cuireadh an mhír a leanas leis:
|
“(a) |
Bainistíocht tréada: |
Chun críocha na sonraíochta táirge seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leanas:
|
— |
ciallaíonn ‘tréad’ an tréad iomlán bó déiríochta ar an bhfeirm, ina bhfuil ba atá ag lachtadh, ba tirime agus bodóga; |
|
— |
ciallaíonn ‘bodóga’ ainmhithe atá bainte de dhiúl ach nár bhreith lao go fóill; |
|
— |
ciallaíonn ‘ba déiríochta’ ba atá ag lachtadh, ba tirime agus bodóga 1 mhí amháin roimh lao a bhreith. |
Ní mór do gach feirm limistéir bharr fodair a bheith aici chun beatha a sholáthar don tréad, lena n-áirítear 0.2 ha ar a laghad d’fhéar nó maislín (meascán d’fhéir agus barra próitéine) in aghaidh na bó déiríochta.”
D’fhonn comhthacú leis an nasc, cuireadh caibidil maidir le tionscnamh na beatha, ag liostáil na n-amhábhar nach mór teacht ón limistéar agus ag lua nach mór do 80 % ar a laghad d’iontógáil bhunúsach an tréada teacht ón limistéar.
Cuireadh an mhír a leanas leis:
|
“(b) |
Tionscnamh na beatha |
Ní mór do na hamhábhair a leanas teacht ón limistéar táirgthe bainne:
|
— |
fodar: gach foirm idir úr agus leasaithe de phlandaí gránach iomlán, féar, plandaí luibheacha agus léagúim; tuí; |
|
— |
plandaí croisiféaracha (cabáistí, ráib olashíl, tornapaí agus ráib tornapa), agus iad leithdháilte úr; |
|
— |
fréamhacha agus tiúbair; |
|
— |
gráin ghránaigh, lena n-áirítear grán buí agus táirgí a dhíorthaítear as; |
|
— |
síolta ola agus síolta léagúim. |
Ní mór 80 % ar a laghad d’iontógáil bhliantúil an tréada, arna chur in iúl mar ábhar tirim, teacht ón limistéar táirgthe bainne.
Níor cheart don sciar de bheatha phróitéine bhreise ag a bhfuil méid iomlán ábhair nítriginigh de > 20 % / ábhair thirim iomláin ó lasmuigh den limistéar táirgthe a bheith níos mó ná 1 200 kg d’ábhar tirim in aghaidh na ba déiríochta in aghaidh na bliana féilire.
Féadfar táirgí a fhaightear ó na hamhábhair a liostaítear thuas ach a phróiseáltar lasmuigh den limistéar a áireamh i mbeatha an tréada agus cuirtear iad san áireamh sa chion de bheatha a tháirgtear laistigh den limistéar, faoi réir inrianaitheachta.”
Cuireadh liosta de chomhábhair bheatha atá toirmiscthe leis freisin.
Cuireadh an mhír a leanas leis:
“Tá siad seo a leanas toirmiscthe ó bheatha an tréada:”
|
— |
úiré agus a dhíorthaigh, mar a shainítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 maidir le breiseáin le húsáid i gcothú ainmhithe; |
|
— |
ola phailme, ola piseanna talún, ola lus na gréine, ola rois, ola olóige agus ola cnó cócó a úsáid i bhfoirm ola; ní dhéanann sé sin difear d’ola iarmharach ná d’ola a chuirtear leis le cuidiú leis an bpróiseáil nuair atá dlútháin á dtáirgeadh; |
|
— |
aon chóireáil cheimiceach (go háirithe sóid agus amóinia) ar an mbeatha atá beartaithe don tréad; |
|
— |
beatha a díorthaíodh ó tháirgí géinmhodhnaithe (OGManna). |
Tugadh soiléiriú a mhéid a bhaineann leis na breiseáin a cheadaítear in bhfodar freisin.
Cuireadh an abairt seo a leanas leis:
“Is iad einsímí agus ionacláin bhaictéaracha amháin na breiseáin a cheadaítear i bhfodar.”
Sonraíodh an cion laethúil de ghrán buí a thugtar do na ba déiríochta freisin. Cuireann an cion gránaigh bhuí sa bheatha le saintréithe ime faoi STFC “Beurre Charentes-Poitou” / “Beurre des Charentes” / “Beurre des Deux-Sèvres”. Cuireann sé le méid saille an bhainne agus an uachtair agus le huigeacht dhaingean agus shomhúnlaithe an ime, saintréith a mbíonn an-tóir ag báicéirí agus cócairí taosráin uirthi.
Leagtar amach sna míreanna a cuireadh leis na cleachtais a leanann na táirgeoirí bainne áitiúla, ar chuir siad an chaoi a mbainistíonn siad an tréad in oiriúint ar shrianta ithreach agus aeráide an limistéir gheografaigh. Saintréith shonrach a bhaineann leis an aiste bia sa réigiún is ea go mbíonn sí rialta agus comhsheasmhach, rud a chiallaíonn gur beag an éagsúlacht a bhíonn i gcomhdhéanamh an bhainne, an uachtair agus an ime.
Cuireadh an mhír a leanas leis:
|
“(d) |
Beatha le haghaidh ba déiríochta |
Ní mór don mhéid a leanas a bheith san áireamh, ó thaobh ábhar tirim de, san iontógáil laethúil in aghaidh na bó déiríochta:
|
— |
2 kg ar a laghad d’fhodar seachas grán buí foráiste, |
|
— |
íosmhéid de 50 % agus 7 kg ar a laghad de ghrán buí (i ngach foirm). |
Féadfar an chainníocht gránaigh bhuí a laghdú le linn na tréimhse innilte, ach ní bhféadfadh sé a bheith ní ba lú ná 1,5 kg.
Má áirítear plandaí croisiféaracha úra (cabáistí, ráib olashíl, tornapaí agus ráib tornapa) san iontógáil laethúil, ní mór dóibh a bheith mar 10 % ar a mhéad den ábhar tirim.
Tá an méid den bheatha bhreise a leanas a thugtar do na hainmhithe teoranta do 1 800 kg d’ábhar tirim in aghaidh na bó déiríochta in aghaidh na bliana féilire:
|
— |
gráin ghráinigh agus táirgí a dhíorthaítear uathu, |
|
— |
síolta ola agus síolta léagúim agus táirgí a dhíorthaítear astu, |
|
— |
mianraí agus táirgí a dhíorthaítear uathu, |
|
— |
vitimíní, |
|
— |
fotháirgí ó choipeadh miocrorgánach.” |
Ar deireadh, cuireadh na forálacha a leanas leis d’fhonn leas ainmhithe sna foirgnimh bheostoic (leaba, easair, aeráil) a áirithiú.
Cuireadh an mhír a leanas leis:
|
“(e) |
Dálaí fearachais |
Ní mór aeráil, trí aerchúrsaíocht nádúrtha, nó trí aeráil mheicniúil, a áirithiú nuair atá na hainmhithe ann.
Ní mór don leaba a bheith bog, chun an uasmhéid compoird a áirithiú do na hainmhithe.
Ní mór don tuí nó do na hábhair eile a úsáidtear mar easair a bheith ann i gcainníocht leordhóthanach agus ní mór é a athrú sách minic le háirithiú go bhfuil an easair tirim agus bog.
D’fhonn comhsheasmhach leis an tsonraíocht táirge a áirithiú, cuireadh na míreanna a leanas le pointe 3.3 den doiciméad aonair:
Ní fhéadfar beatha na mbó déiríochta a fháil go hiomlán ón limistéar geografach. Ní bhítear in ann riachtanais phróitéine na mbó a shásamh ina n-iomláine leis an talamh a shaothraítear laistigh den limistéar geografach, mar sin féin, ní mór go dtiocfadh 80 % ar a laghad d’iontógáil bhliantúil an tréada, arna chur in iúl mar ábhar tirim, ón limistéar táirgthe bainne.
Chun a áirithiú go bhfuil nasc dlúth idir an limistéar geografach agus an táirge, ní mór go dtiocfadh na hamhábhair a leanas ón limistéar táirgthe bainne:
|
— |
fodar: gach foirm idir úr agus leasaithe de phlandaí gránach iomlán, féar, plandaí luibheacha agus léagúim; tuí; |
|
— |
plandaí croisiféaracha (cabáistí, ráib olashíl, tornapaí agus ráib tornapa), agus iad leithdháilte úr; |
|
— |
fréamhacha agus tiúbair; |
|
— |
gráin ghránaigh, lena n-áirítear grán buí agus táirgí a dhíorthaítear as; |
|
— |
síolta ola agus síolta léagúim. |
Níor cheart don sciar de bheatha phróitéine bhreise ag a bhfuil méid iomlán ábhair nítriginigh de > 20 % / ábhair thirim iomláin ó lasmuigh den limistéar táirgthe a bheith níos mó ná 1 200 kg d’ábhar tirim in aghaidh na ba déiríochta in aghaidh na bliana féilire.
Tá siad seo a leanas toirmiscthe ó bheatha an tréada:
|
— |
úiré agus a dhíorthaigh, mar a shainítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 maidir le breiseáin le húsáid i gcothú ainmhithe. |
|
— |
ola phailme, ola piseanna talún, ola lus na gréine, ola rois, ola olóige agus ola cnó cócó a úsáid i bhfoirm ola; ní dhéanann sé sin difear d’ola iarmharach ná d’ola a chuirtear leis le cuidiú leis an bpróiseáil nuair atá dlútháin á dtáirgeadh; |
|
— |
aon chóireáil cheimiceach (go háirithe sóid agus amóinia) ar an mbeatha atá beartaithe don tréad; |
|
— |
beatha a díorthaíodh ó tháirgí géinmhodhnaithe (OGManna). |
|
— |
Is iad einsímí agus ionacláin bhaictéaracha amháin na breiseáin a cheadaítear i bhfodar. |
Ní mór don mhéid a leanas a bheith san áireamh, ó thaobh ábhar tirim de, san iontógáil laethúil in aghaidh na bó déiríochta:
|
— |
2 kg ar a laghad d’fhodar seachas grán buí foráiste, |
|
— |
íosmhéid de 50 % agus 7 kg ar a laghad de ghrán buí (i ngach foirm). |
Laghdaíodh an chainníocht de ghrán buí go 1,5 kg le linn na tréimhse innilte.
Má áirítear plandaí croisiféaracha úra (cabáistí, ráib olashíl, tornapaí agus ráib tornapa) san iontógáil laethúil, ní mór dóibh a bheith mar 10 % ar a mhéad den ábhar tirim.
Tá an méid den bheatha bhreise a leanas a thugtar do na hainmhithe teoranta do 1 800 kg d’ábhar tirim in aghaidh na bó déiríochta in aghaidh na bliana féilire:
|
— |
gráin ghráinigh agus táirgí a dhíorthaítear uathu, |
|
— |
síolta ola agus síolta léagúim agus táirgí a dhíorthaítear astu, |
|
— |
mianraí agus táirgí a dhíorthaítear uathu, |
|
— |
vitimíní, |
|
— |
fotháirgí ó choipeadh miocrorgánach.” |
5.2. Próiseáil
Sa tsonraíocht táirge, cuireadh leis an roinn maidir le próiseáil chun tuairisc níos fearr a thabhairt ar na dálaí táirgthe le haghaidh an ime chun na teicnící a úsáidtear sa limistéar táirgthe chun im a dhéanamh a leagan síos.
|
(a) |
Bailiú bainne |
Cuireadh leis an roinn maidir le bainne a bhailiú chun na cleachtais a leantar a rialú ar bhealach níos fearr.
Cuireadh an abairt seo a leanas leis:
“Ní mór an bainne a bhailiú laistigh de 72 uair an chloig ón gcrú is luaithe.”
Leis an teorainn ama sin, is féidir bailiú an bhainne a eagrú i limistéar atá sách mór agus bainne a bhailiú ó gach táirgeoir, gan beann ar a méid táirgthe. Socraíodh an teorainn ama sin ag 72 uair an chloig mar gheall go bhfuil na táirgeoirí bainne scartha amach óna chéile sa limistéar geografach agus níl ach líon beag díobh ann.
An abairt a leanas:
“Nuair a thagann sé chuig na huachtarlanna, déantar an bainne a stóráil ag an teocht bailithe i.e. idir 4 °C agus 6 °C sa limistéar sainithe.”
cuireadh é seo ina ionad sin:
“Nuair a thagann sé chuig na huachtarlanna, féadfar an bainne bailithe a stóráil.
Sa chás sin, ní mór an bainne a stóráil ag teocht idir 2 °C agus 6 °C.”
Scriosadh an ceanglas chun an bainne a stóráil, ach féadfar fós an bainne a stóráil ag na teochtaí sonraithe, ionas gur féidir mar sin an bainne a choimeád gan aon athrú teacht air. Leasaíodh an teocht ag a stóráiltear an bainne chun gur féidir é a stóráil ag teochtaí níos fuaire (idir 2 °C agus 6 °C seachas idir 4 °C agus 6 °C).
Cuireadh an abairt seo a leanas leis:
“D’fhéadfadh an bainne a bheith paistéartha.”
Scriosadh na ceanglais chun an bainne a phaistéaradh ón roinn maidir le “Tuairisc” ionas gur féidir im amh a tháirgeadh. Mar sin féin, ceadaítear paistéaradh fós.
Cuireadh an abairt seo a leanas leis:
“Tá toirmeasc ar dhathúcháin nó frithocsaídeoirí a úsáid agus ar dhíaigéadóirí a úsáid chun aigéadacht an bhainne a laghdú roimh an bpaistéaradh.”
Scriosadh an toirmeasc ar shubstaintí nó ábhair áirithe a úsáid ón roinn maidir le “Tuairisc” mar go mbaineann sé leis an modh táirgthe. Coinníodh é agus athluadh é ag gach céim táirgthe, lena n-áirítear i leith an bhainne.
Sa doiciméad aonair, cuireadh na míreanna a leanas le pointe 3.3:
“Tagann an bainne a úsáidtear chun ‘Beurre Charentes-Poitou’ a tháirgeadh ón limistéar geografach sainithe i gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.”
|
(b) |
Scimeáil |
An abairt a leanas:
“Roimh an táirgeadh, ardaítear teocht an bhainne go 40 °C lena scimeáil.”
cuireadh é seo ina ionad sin:
“Bíonn an teocht scimeála idir 40 °C agus 60 °C, ach amháin i gcás im amh, sa chás sin ní mór don teocht a bheith ag 40 °C nó níos lú.”
Socraíodh an teocht scimeála ag 40 °C i dtosach, ach, sa chleachtas ní fhéadfadh an luach sin a bheith socraithe, dá bhrí sin tá gá le raon a shocrú. Cuirtear an teocht scimeála in iúl mar raon idir 40 °C agus 60 °C anois. Mar gheall ar an raon teochta sin, is féidir níos mó den ábhar saille a bhaint den bhainne, ag brath ar na hábhair a úsáidtear, gan aon riosca ann go n-athrófar cáilíochtaí orgánaileipteacha an táirge.
Thairis sin, cuireadh teorainn shonrach leis chun im amh a tháirgeadh.
Cuireadh an abairt seo a leanas leis:
“Ní fhéadfar ach uachtar ó bhainne paistéartha a stóráil, ag teocht níos lú ná 6 °C, roimh an bpaistéaradh.”
Dá bhrí sin, tá toirmeasc ar uachtar ó bhainne amh a stóráil. Is táirge leochaileach é uachtar amh nach mór a úsáid a luaithe is féidir ar mhaithe le cobhsaíocht bhaictéareolaíoch.
Cuireadh an abairt seo a leanas leis:
“Ní mór méid saille an uachtair a bheith 36 g in aghaidh 100 g an táirge ar a laghad.”
Agus méid saille íosta a shocrú le haghaidh an uachtair is féidir cáilíocht an uachtair a úsáidtear chun an t-am dhéanamh a ráthú.
|
(c) |
Paistéaradh an uachtair |
Sa tsonraíocht táirge, leasaíodh an chuid a bhaineann le paistéaradh an uachtair chun na cleachtais a leantar a rialú.
An abairt a leanas:
“Ní mór don uachtar a fhaightear a bheith paistéartha […] chomh maith le húsáid dí-aigéadóirí, dathúcháin nó frithocsaídeoirí.”
cuireadh é seo ina ionad sin:
“Féadfaidh an t-uachtar a bheith paistéartha, agus sa chás sin ní mór tabhairt faoin bpaistéaradh ag teocht nach sáraíonn 96 °C agus le luach paistéartha atá níos mó ná, nó cothrom le 100 soicind.”
Mar is amhlaidh an cás leis an mbainne, níl paistéaradh an uachtair éigeantach a thuilleadh ach ceadaítear é fós agus tá sé rialaithe ag an tsonraíocht táirge anois. Leis na luachanna sonraithe, ligtear do chóireáil shéimh a dhéanamh ar an uachtar, rud a chuireann cosc ar an iomarca imoibriúchán Maillard ann, óna dtiocfadh blas cócaráilte.
Téitear i ngleic le hionaclú an uachtair i mír ar leithligh.
Cuireadh na habairtí a leanas leis:
“Tá toirmeasc ar dhathúcháin nó frithocsaídeoirí a úsáid agus ar dhí-aigéadóirí a úsáid chun aigéadacht an uachtair a laghdú roimh an bpaistéaradh.”
Toirmisctear aon chóireáil sláintíochta seachas paistéaradh a dhéanamh ar an uachtar.
Mar a luaitear thuas, scriosadh an toirmeasc ar shubstaintí nó ábhair áirithe a úsáid ón roinn “Tuairisc ar an táirge” agus bogadh é chuig gach ceann de na céimeanna táirgthe ábhartha nach mór é a choinneáil agus a chur in iúl arís ina leith.
Cuireadh toirmeasc ar aon chóireáil sláintíochta a úsáid seachas paistéaradh an uachtair leis. Níl teicnící den sórt sin i gcomhréir le cleachtais thraidisiúnta agus is dóchúil go ndéanfaidís difear do shaintréithe an táirge.
|
(d) |
Ionaclú an uachtair |
Sa tsonraíocht táirge, an mhír a leanas:
“agus fuaraítear é ansin go teocht thart ar 12 °C agus ar deireadh déantar é a ionaclú le saothráin shonracha. Tá toirmeasc ar uachtar meidhg nó uachtar reoite nó íosreoite a úsáid. […]”
cuireadh é seo ina ionad sin:
“Fuaraítear an t-uachtar agus déantar é a ionaclú ag teocht nach mó ná 21 °C.
Tá toirmeasc ar uachtar meidhg nó uachtar reoite nó íosreoite a úsáid.
Ní mór don tréimhse ama idir scimeáil an uachtair agus an t-ionaclú a bheith níos lú ná 48 uair an chloig.
Ní mór nach mbeadh ach tréithchineáil bhaictéaracha a chruthaíonn aigéad agus blas amháin san áireamh sna cineálacha saothrán a úsáidtear.
Cuirtear iad leis go díreach nó i bhfoirm túis ghabhála.
Ní fhéadfar aon tiúsóir ná aon bhlastán a chur leis.”
Rinneadh achoimre ar an gcéim ionaclaithe i dtosach leis na focail “ionaclaithe faoi dheireadh le saothráin shonracha”, ach leagtar an méid sin amach i mír eile ar leithligh. Cuireadh leis an tuairisc ar ionaclú an uachtair chun na dálaí teochta, an t-eatramh ama, na cineálacha saothrán a cheadaítear agus cleachtais thoirmiscthe a áirithiú inti.
Fuaraítear an t-uachtar tar éis na scimeála agus/nó an phaistéartha. Sonraíodh an teocht nach mór an t-uachtar a fhuarú chuici trí uasteorainn a thabhairt (≤ 21 °C). Rinneadh amhlaidh mar gheall nach bhféadfadh an fhoclaíocht “thart ar 12 °C” a bheith mar sprioc chun críocha faireacháin, agus mar gheall go mbíonn cleachtais oibreoirí difriúil lena chéile. Rinneadh an leasú chun saineolas na bpróiseálaithe aonair ar rogha agus ar úsáid saothrán lachtach chun im a dhéanamh a chur san áireamh.
Cuireadh toirmeasc ar úsáid uachtar reoite nó íosreoite leis an toirmeasc ar uachtar meidhg a úsáid.
Ní mór don ionaclú tarlúint a luaithe is féidir tar éis na scimeála, agus laistigh de 48 uair an chloig ar a mhéad, chun cáilíocht an ime a ráthú.
|
(e) |
Aibiú bitheolaíoch an uachtair |
An abairt a leanas:
“Tar éis aibithe ar feadh tréimhse íosta de 12 uair an chloig, fuaraítear an t-uachtar, maistrítear é agus déantar é a phacáistiú i bpacáistí aonair atá réidh lena ndíol.”
cuireadh é seo ina ionad sin:
“Tá aibiú bitheolaíoch an uachtair éigeantach. Tarlaíonn sé ar feadh tréimhse íosta de 16 uair an chloig ag teocht idir 7 °C agus 21 °C.”
Coinníodh an chéim fhíor-riachtanach seo a bhaineann le him a dhéanamh agus tá sí éigeantach fós. Déanann an chéim sin idirdhealú idir “Beurre Charentes-Poitou” / “Beurre des Charentes” / “Beurre des Deux-Sèvres” agus imeanna a tháirgtear go tionsclaíoch agus tá sí riachtanach le haghaidh cháilíocht an táirge.
Méadaíodh an tréimhse aibithe le haghaidh an uachtair ó 12 uair an chloig go 16 uair an chloig. Is rud dearfach é an tréimhse aibithe a mhéadú, mar gheall go gcuireann sé le forbairt na ndea-bholaithe.
Cuireann an chéim sin saineolas na n-oibritheoirí aonair chun tairbhe, agus an bhainistíocht oilte a dhéanann siad ar an gcaidreamh idir am agus teocht nasctha leis an rogha saothrán a úsáideann siad agus leis na spriocanna táirgthe. Ceadaíonn an chéim aibithe bhitheolaíoch na saothráin, agus dá bhrí sin na dea-bholaithe, a fhorbairt, ach ullmhaíonn sé na cruinníní saille don mhaistreadh agus dá bhrí sin bíonn tionchar aige ar phlaisteacht an ime. Ionas go mbeidh an chéim sin rathúil, ní mór an t-uachtar a théamh go roinnt leibhéil teochta éagsúla seachas é a choinneáil ag aon teocht amháin feadh an aibithe. Is chun na leibhéil teochta éagsúla, atá sonrach do shaineolas an déantóra ime agus don trealamh a úsáidtear, a chur san áireamh go bhfuil gá le raon teochta idir 7 °C agus 21 °C. Le bainistíocht oilte na teochta is féidir tionchar a imirt ar phlaisteacht an ime.
|
(f) |
Maistreadh an uachtair |
Cuireadh an mhír a leanas leis:
“Tar éis an t-uachtar a fhuarú, déantar é a mhaistreadh i gcuinneog adhmaid, i gcuinneog chruach dosmálta nó i meaisín chun im a dhéanamh.
Má mhaistrítear an t-uachtar i gcuinneog, ní mór na gránaigh ime a ní.”
Aistríonn maistreadh an t-uachtar go him, de réir mar a fhorbraítear gránaigh ime agus scarann siad ón mbláthach. Leis na nithe nua sin, sonraítear an trealamh is féidir a úsáid agus leagtar síos an cleachtas traidisiúnta a bhaineann leis na gránaigh ime a ní sa chuinneog.
|
(g) |
Na gránaigh ime a oibriú |
Cuireadh an mhír a leanas leis:
“Oibrítear leis na gránaigh ime ar feadh tréimhse uasta de 60 nóiméad i gcuinneog agus tréimhse uasta de 10 nóiméad i meaisín chun im a dhéanamh.
Níor cheart an t-im a mheascadh ná a choipeadh.”
Cuireadh an oibríocht nua sin leis chun an tuairisc ar an bpróiseas a bhaineann le him a dhéanamh a iomlánú.
An abairt a leanas:
“Féadfar salann a chur leis an im, suas go huasmhéid de 2 %.”
cuireadh é seo ina ionad sin:
“Féadfar salann a chur leis an im, suas go huasmhéid de 2,5 g in aghaidh gach 100 g le haghaidh salann mín nó 3 g in aghaidh gach 100 g le haghaidh salann criostail.”
Chun im saillte a tháirgeadh, cuirtear salann leis nuair atáthar ag oibriú leis na gránaigh ime. Rinneadh an abairt bhunaidh ón tsonraíocht táirge a ionchorprú sa mhír sin dá bhrí sin. Leasaíodh í chun an chainníocht salainn a chuirtear leis a shonrú, ag déanamh idirdhealú idir salann mín agus salann criostail. Méadaíodh an chainníocht salainn a chuirtear leis chun im saillte a tháirgeadh ó 2 g go 2,5 g in aghaidh gach 100 g le haghaidh salann mín agus socraíodh an chainníocht sin ag 3 g in aghaidh gach 100 g le haghaidh salann criostail. Is é is aidhm leis sin blas goirt a chur ar an im, rud a dhéanann é éagsúil ar bhealach sonrach le him neamhshaillte. Tá gá le cainníocht níos mó salann criostail chun éifeacht chomhchosúil orgánaileipteach a chruthú, mar bíonn leithdháileadh na gcriostal éagsúil san im.
An abairt a leanas:
“Tá toirmeasc ar shaothráin lachtacha a chur leis an im tráth atáthar ag obair leis na gránaigh ime.”
cuireadh é seo ina ionad sin:
“Tá toirmeasc ar aon nós imeachta atá beartaithe chun méid na solad neamhshaille san im a mhéadú, go háirithe saothráin lachtacha a chur leis an im tráth atáthar ag obair leis na gránaigh ime.”
Coinníodh agus athluadh an toirmeasc ar nósanna imeachta áirithe a úsáid.
Scriosadh an abairt seo a leanas:
“Níor cheart do pH ime ag a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh a bheith níos airde ná 6 tráth an phacáistithe.”
Bogadh é chuig an roinn “Tuairisc”.
Scriosadh an abairt seo a leanas:
“Thairis sin, ní mór don tástáil fosfatáise a dhéantar air a bheith diúltach.”
Is táscaire ar an bpaistéaradh í an fhosfatáis, agus i bhfianaise gur leathnaíodh an tsonraíocht táirge chun táirgeadh ime amh a áirithiú inti, scriosadh an ceanglas chun tástáil fosfatáise a dhéanamh.
|
(h) |
Forálacha speisialta a bhaineann le him atá beartaithe lena úsáid sa tionscal bia. |
Cuireadh an mhír a leanas leis:
“Ní fhéadfar cóireáil fhisiciúil le haghaidh criostalú rialaithe a dhéanamh ach ar im atá beartaithe lena úsáid sa tionscal bia.
Is éard atá i gceist leis sin próiseáil mheicniúil agus/nó fuarú i ndiaidh a chéile a dhéanamh ar an im, go dtí go sroicheann sé teocht faoi bhun 16 °C.”
Leis an leasú seo, ceadaítear cóireáil fhisiciúil a úsáid le haghaidh criostalú rialaithe ime atá beartaithe lena úsáid sa tionscal bia. Is é is aidhm leis na cleachtais a d’fhorbair na táirgeoirí ime áitiúla chun saintréithe meicniúla “Beurre Charentes-Poitou”/ “Beurre des Charentes”/ “Beurre des Deux-Sèvres” a threisiú agus oiriúnacht an ime chun taos lannaithe a dhéanamh a leagan síos. Ní athraíonn cóireáil den sórt sin blas an ime ar aon bhealach. Léirítear saintréithe STFC “Beurre Charentes-Poitou” ar bhealach éagsúil i dtáirgí báicéireachta agus taosráin.
Tá an chéim seo roghnach. Ní chuirtear gach im faoi chóireáil den sórt sin.
|
(i) |
Pacáistiú |
Cuireadh an mhír a leanas leis an tsonraíocht:
“Pacáistítear an t-im in aonaid nach nó ná 25 kg.
Cumasaítear leis an bpacáistíocht, go príomha, an t-im a mhúnlú san fhoirm ina ndíoltar é, ach cosnaíonn an phacáistíocht an t-im ar bhuillí freisin a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh dó agus ar bholaithe a d’fhéadfadh a shaintréithe a athrú. Fuaraítear an t-im ansin le ligean dó criostalú agus lena dhea-bholaithe agus a uigeacht a fhorbairt.
Toirmisctear im amh a reo.
Ní féidir ach im atá pacáistithe cheana féin agus atá beartaithe lena úsáid sa tionscal bia nó a onnmhairiú a reo sa limistéar geografach.
Ní mór an reo a dhéanamh laistigh de 30 lá ón táirgeadh. Reoitear an t-im i ndiaidh an chriostalaithe, dá bhrí sin ag ráthú shaintréithe orgánaileipteacha an ime reoite.
Coinnítear an t-im reoite ag íosteocht de –18 °C ar feadh tréimhse uasta de 12 mhí.
Má reoitear im atá beartaithe lena onnmhairiú chun é a iompar, ní mór é a leá lena dhíol do thomhaltóirí.”
Tá na forálacha sin beartaithe chun aon athrú ar cháilíochtaí orgánaileipteacha “Beurre Charentes-Poitou” / “Beurre des Charentes” / “Beurre des Deux-Sèvres” a chosc.
Maidir le pacáistiú, baineann an leasú seo le foráil atá ann cheana féin sa téacs náisiúnta ar an sonrúchán tionscnaimh a fágadh ar lár nuair a bhí an tsonraíocht le haghaidh STFC á tarraingt suas a ionchorprú sa leagan nua.
A mhéid a bhaineann le reo, is é is aidhm leis úsáid na teicníce leasaithe sin a rialú. Ní athraíonn reo saintréithe orgánaileipteacha an ime. Go deimhin, is cleachtas coitianta é, a úsáideadh go forleathan sa tionscal déiríochta, agus cruthaíodh a thairbhe chun cáilíochtaí orgánaileipteacha an ime a chaomhnú agus a leasú. Tá an méid nua sin beartaithe, go háirithe, chun onnmhairiú domhanda a éascú, agus níl rogha malartach ar an gcleachtas sin ann nuair atáthar ag onnmhairiú go domhanda. Sa chás sin, ní reoitear an t-im ach ar mhaithe le cúiseanna lóistíochtúla amháin, agus ní thiocfaidh an tomhaltóir deiridh ar im reoite i siopaí.
Ar son na gcúiseanna céanna agus d’fhonn comhsheasmhacht a áirithiú, cuireadh na míreanna a leanas le pointe 3.5 den doiciméad aonair:
“Pacáistítear an t-im sa limistéar geografach in aonaid nach nó ná 25 kg.
Cumasaítear leis an bpacáistíocht, go príomha, an t-im a mhúnlú san fhoirm ina ndíoltar é, ach cosnaíonn an phacáistíocht an t-im ar bhuillí freisin a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh dó agus ar bholaithe a d’fhéadfadh a shaintréithe a athrú.
Fuaraítear an t-im ansin le ligean dó criostalú agus lena dhea-bholaithe agus a uigeacht a fhorbairt.
Toirmisctear im amh a reo.
Ní féidir ach im atá pacáistithe cheana féin agus atá beartaithe lena úsáid sa tionscal bia nó a onnmhairiú a reo sa limistéar geografach.
Ní mór an reo a dhéanamh laistigh de 30 lá ón táirgeadh. Reoitear an t-im i ndiaidh an chriostalaithe, dá bhrí sin ag ráthú shaintréithe orgánaileipteacha an ime reoite. Is mar gheall ar an gcéim sin, a bhainistíonn na hoibritheoirí áitiúla go hoilte, gur féidir cáilíochtaí orgánaileipteacha an ime reoite a ráthú agus maoirseacht a dhéanamh ar na dálaí ina reoitear an t-im, ag áirithiú nach bhfuil aon bholadh eile ann mar tá an t-im an-soghabhálach i leith bolaithe.
Coinnítear an t-im reoite ag íosteocht de –18 °C ar feadh tréimhse uasta de 12 mhí.
Má reoitear im atá beartaithe lena onnmhairiú chun é a iompar, ní mór é a leá lena dhíol do thomhaltóirí.”
5.5. Nasc
Rinneadh an roinn “Nasc leis an limistéar geografach” den tsonraíocht táirge a scríobh arís ina hiomláine chun an nasc idir “Beurre Charentes-Poitou” / “Beurre des Charentes” / “Beurre des Deux-Sèvres” agus an limistéar geografach a dhéanamh níos soiléire, gan inneachar an naisc féin a athrú.
Leagadh béim áirithe ar shaintréithe “Beurre Charentes-Poitou” / “Beurre des Charentes” / “Beurre des Deux-Sèvres” agus an nasc atá idir na saintréithe sin agus aiste bia na mbó déiríochta, a mbíonn go leor grán buí inti. Is iad saintréithe geografacha sonracha an réigiúin a shocraíonn na cleachtais sin áit a mbíonn an aimsir te agus tirim le linn an tsamhraidh, rud a chiallaíonn go mbíonn táirgeadh déiríochta ag brath ar bharra gránaigh agus fodair a shaothrú chun an tréad a bheathú.
Athluaitear tosca nádúrtha agus daonna an limistéir gheografaigh sa phointe ar “Sainiúlacht an limistéir gheografaigh”, ag tabhairt achoimre ar ghnéithe stairiúla agus ag leagan béim ar shaineolas agus ar chleachtais shonracha.
Tá an pointe maidir le “Sainiúlacht an táirge” comhsheasmhach leis an tuairisc ar an táirge.
Ar deireadh, mínítear sa chuid “Nasc cúisíoch” na hidirghabhálacha idir na tosca nádúrtha agus daonna agus an táirge.
Tá an roinn maidir le nasc de shonraíocht táirge STFC le fáil arís ina hiomláine faoi phointe 5 den doiciméad aonair.
5.6. Lipéadú
Sa tsonraíocht táirge, an abairt a leanas:
“Ní mór go mbeadh na focail ‘Appellations d’Origine Contrôlée’ [Sonrúcháin Tionscnaimh Chláraithe] le feiceáil ar an bpacáistíocht ar ghreamán nach mór a bheith greamaithe nó atáirgthe i gcomhréir le hAirteagal 5 den Fhoraithne.”
cuireadh é seo ina ionad sin:
“Anuas ar an bhfaisnéis éigeantach a éilítear faoi na rialacha ar lipéadú agus cur i láthair ábhar bia, ní mór ainm cláraithe an táirge agus lógó STFC de chuid an Aontais Eorpaigh a bheith le feiceáil ar an lipéadú sa réimse amhairc céanna.
Má dhíoltar an t-im faoi lipéad príobháideach, ní mór do chód nó ainm na monarchan táirgthe a bheith le feiceáil go soiléir agus go hinléite ar an bpacáistíocht.”
Tugadh an roinn ar lipéadú cothrom le dáta chun forbairtí i reachtaíocht náisiúnta agus Eorpach a léiriú inti.
Cuireadh an mhír a leanas le pointe 3.6 den doiciméad aonair:
“Anuas ar an bhfaisnéis éigeantach a éilítear faoi na rialacha ar lipéadú agus cur i láthair ábhar bia, ní mór ainm cláraithe an táirge agus lógó STFC de chuid an Aontais Eorpaigh a bheith le feiceáil ar an lipéadú sa réimse amhairc céanna.
Má dhíoltar an t-im faoi lipéad príobháideach, ní mór do chód nó ainm na monarchan táirgthe a bheith le feiceáil go soiléir agus go hinléite ar an bpacáistíocht.”
5.7. Eile
Tugadh sonraí teagmhála na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO), agus í ar an údarás inniúil sa Bhallstát i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, cothrom le dáta.
Tugadh sonraí teagmhála an ghrúpa iarratasóra cothrom le dáta agus cuireadh sonraí maidir le cineál agus comhdhéanamh an ghrúpa leis.
An cineál táirge
Leasaíodh an tagairt don aicme táirge chun Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 a chomhlíonadh.
Cuireadh an leasú sin i bhfeidhm ar an doiciméad aonair freisin.
Tugadh ainm agus sonraí teagmhála na gcomhlachtaí oifigiúla cothrom le dáta. Tá sonraí teagmhála na n-údarás atá freagrach as iniúchtaí ar an leibhéal náisiúnta, i.e.: an Institiúid Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO) agus Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta, Gnóthaí Tomhaltóra agus Caolais a Chosc (DGCCRF) le fáil sa roinn seo. Cuireadh nóta leis ag lua gur féidir teacht ar ainm agus sonraí teagmhála an chomhlachta deimhnithe ar shuíomh gréasáin INAO agus ar bhunachar sonraí an Choimisiúin Eorpaigh.
Cuireadh roinn maidir le “Ceanglais náisiúnta” leis an tsonraíocht táirge. Tá tábla le fáil inti ina leagtar amach na príomhghnéithe atá le seiceáil, a luachanna tagartha agus na modhanna meastóireachta atá le húsáid.
DOICIMÉAD AONAIR
“Beurre Charentes-Poitou” / “Beurre des Charentes” / “Beurre des Deux-Sèvres”
Uimh. AE: PDO-FR-0137-AM01- 3.12.2020
STFC (X) TGFC ( )
1. Ainm nó ainmneacha [stfc nó tgfc]
“Beurre Charentes-Poitou” / “Beurre des Charentes” / “Beurre des Deux-Sèvres”
2. Ballstát nó tríú tír
An Fhrainc
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra
3.1. An cineál táirge
Aicme 1.5. Olaí agus saillte (im, margairín, ola, etc.)
3.2. Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)
Déantar “Beurre Charentes-Poitou” / “Beurre des Charentes” / “Beurre des Deux-Sèvres” as bainne bó, tá dath aonfhoirmeach ó bhánbhuí go buí éadrom air agus boladh fíneálta lachtach agus blas deas de crème fraîche agus cnónna coill air.
Leánn sé sa bhéal agus tá uigeacht aige atá idir dhaingean agus somhúnlaithe, rud a dhéanann an t-im an-oiriúnach chun taos lannaithe a dhéanamh.
D’fhéadfadh an t-im a bheith saillte nó neamhshaillte.
Tá pH 6 nó níos lú ag an im.
3.3. Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)
Ní fhéadfar beatha na mbó déiríochta a fháil go hiomlán ón limistéar geografach. Ní bhítear in ann riachtanais phróitéine na mbó a shásamh ina n-iomláine leis an talamh a shaothraítear laistigh den limistéar geografach, ach mar sin féin, ní mór go dtiocfadh 80 % ar a laghad d’iontógáil bhliantúil an tréada, arna chur in iúl mar ábhar tirim, ón limistéar táirgthe bainne.
Chun a áirithiú go bhfuil nasc dlúth idir an limistéar geografach agus an táirge, ní mór go dtiocfadh na hamhábhair a leanas ón limistéar táirgthe bainne:
|
— |
fodar: gach foirm idir úr agus leasaithe de phlandaí gránach iomlán, féar, plandaí luibheacha agus léagúim; tuí; |
|
— |
plandaí croisiféaracha (cabáistí, ráib olashíl, tornapaí agus ráib tornapa), agus iad leithdháilte úr; |
|
— |
fréamhacha agus tiúbair; |
|
— |
gráin ghránaigh, lena n-áirítear grán buí agus táirgí a dhíorthaítear as; |
|
— |
síolta ola agus síolta léagúim. |
Níor cheart don sciar de bheatha phróitéine bhreise ag a bhfuil méid iomlán ábhair nítriginigh de > 20 % / ábhair thirim iomláin ó lasmuigh den limistéar táirgthe a bheith níos mó ná 1 200 kg d’ábhar tirim in aghaidh na ba déiríochta in aghaidh na bliana féilire.
Tá siad seo a leanas toirmiscthe ó bheatha an tréada:
|
— |
úiré agus a dhíorthaigh, mar a shainítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 maidir le breiseáin le húsáid i gcothú ainmhithe; |
|
— |
ola phailme, ola piseanna talún, ola lus na gréine, ola rois, ola olóige agus ola cnó cócó a úsáid i bhfoirm ola; ní dhéanann sé sin difear d’ola iarmharach ná d’ola a chuirtear leis le cuidiú leis an bpróiseáil nuair atá dlútháin á dtáirgeadh; |
|
— |
aon chóireáil cheimiceach (go háirithe sóid agus amóinia) ar an mbeatha atá beartaithe don tréad; |
|
— |
beatha a díorthaíodh ó tháirgí géinmhodhnaithe (OGManna). |
Is iad einsímí agus ionacláin bhaictéaracha amháin na breiseáin a cheadaítear i bhfodar.
Ní mór don mhéid a leanas a bheith san áireamh, ó thaobh ábhar tirim de, san iontógáil laethúil in aghaidh na bó déiríochta:
|
— |
2 kg ar a laghad d’fhodar seachas grán buí foráiste; |
|
— |
íosmhéid de 50 % agus 7 kg ar a laghad de ghrán buí (i ngach foirm). |
Laghdaíodh an chainníocht de ghrán buí go 1,5 kg le linn na tréimhse innilte.
Má áirítear plandaí croisiféaracha úra (cabáistí, ráib olashíl, tornapaí agus ráib tornapa) san iontógáil laethúil, ní mór dóibh a bheith mar 10 % ar a mhéad den ábhar tirim.
Tá an méid den bheatha bhreise a leanas a thugtar do na hainmhithe teoranta do 1 800 kg d’ábhar tirim in aghaidh na bó déiríochta in aghaidh na bliana féilire:
|
— |
gráin ghráinigh agus táirgí a dhíorthaítear uathu; |
|
— |
síolta ola agus síolta léagúim agus táirgí a dhíorthaítear astu; |
|
— |
mianraí agus táirgí a dhíorthaítear uathu; |
|
— |
vitimíní; |
|
— |
fotháirgí ó choipeadh miocrorgánach. |
Tagann an bainne a úsáidtear chun “Beurre Charentes-Poitou” a dhéanamh ón limistéar geografach sainithe i gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.
3.4. Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór dóibh tarlú sa limistéar geografach sainithe
Táirgtear an bainne agus déantar an t-im laistigh den limistéar geografach a shainítear i bpointe 4.
3.5. Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Pacáistítear an t-im sa limistéar geografach in aonaid nach nó ná 25 kg.
Cumasaítear leis an bpacáistíocht, go príomha, an t-im a mhúnlú san fhoirm ina ndíoltar é, ach cosnaíonn an phacáistíocht an t-im ar bhuillí freisin a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh dó agus ar bholaithe a d’fhéadfadh a shaintréithe a athrú.
Fuaraítear an t-im ansin le ligean dó criostalú agus lena dhea-bholaithe agus a uigeacht a fhorbairt.
Toirmisctear im amh a reo.
Ní féidir ach im atá pacáistithe cheana féin agus atá beartaithe lena úsáid sa tionscal bia nó a onnmhairiú a reo sa limistéar geografach.
Ní mór an reo a dhéanamh laistigh de 30 lá ón táirgeadh. Reoitear an t-im i ndiaidh an chriostalaithe, dá bhrí sin ag ráthú shaintréithe orgánaileipteacha an ime reoite. Is mar gheall ar an gcéim sin, a bhainistíonn na hoibritheoirí áitiúla go hoilte, gur féidir cáilíochtaí orgánaileipteacha an ime reoite a ráthú agus maoirseacht a dhéanamh ar na dálaí ina reoitear an t-im, ag áirithiú nach bhfuil aon bholadh eile ann mar tá an t-im an-soghabhálach i leith bolaithe.
Coinnítear an t-im reoite ag íosteocht de –18 °C ar feadh tréimhse uasta de 12 mhí.
Má reoitear im atá beartaithe lena onnmhairiú chun é a iompar, ní mór é a leá lena dhíol do thomhaltóirí.
3.6. Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Anuas ar an bhfaisnéis éigeantach a éilítear faoi na rialacha ar lipéadú agus cur i láthair ábhar bia, ní mór ainm cláraithe an táirge agus lógó STFC de chuid an Aontais Eorpaigh a bheith le feiceáil ar an lipéadú sa réimse amhairc céanna.
Má dhíoltar an t-im faoi lipéad príobháideach, ní mór do chód nó ainm na monarchan táirgthe a bheith le feiceáil go soiléir agus go hinléite ar an bpacáistíocht.
4. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
Is leis na ranna, na cantúin agus na bardais a leanas a dhéantar an limistéar geografach le haghaidh STFC “Beurre Charentes-Poitou”:
|
— |
roinn Charente, ina hiomláine; |
|
— |
roinn Charente-Maritime, ina hiomláine; |
|
— |
roinn Dordogne: na bardais i gcantúin Périgord Vert Nontronnais (seachas bardais Champs-Romain, Milhac-de-Nontron, Saint-Front-la-Rivière, Saint-Pardoux-la-Rivière agus Saint-Saud-Lacoussière) agus Ribérac (seachas bardais Celles, Saint-André-de-Double agus Saint-Vincent-de-Connezac) agus bardais Brantôme en Périgord (bardas tarmligthe Saint-Crépin-de-Richemont amháin), Rudeau-Ladosse, Mareuil en Périgord, Parcoul-Chenaud, La Rochebeaucourt-et-Argentine, La Roche-Chalais, Saint Aulaye-Puymangou, Sainte-Croix-de-Mareuil, Saint-Félix-de-Bourdeilles, Saint Privat en Périgord, Saint-Vincent-Jalmoutiers agus Servanches; |
|
— |
roinn Gironde: na bardais i gcantún Nord-Gironde (seachas bardais Cubzac-les-Ponts, Gauriaguet, Périssac, Peujard, Saint-André-de-Cubzac, Saint-Genès-de-Fronsac, Saint-Gervais, Saint-Laurent-d’Arce, Val de Virvée agus Virsac) agus bardais Anglade, Braud-et-Saint-Louis, Les Eglisottes-et-Chalaures, Etauliers, Eyrans, Lapouyade, Pleine-Selve, Reignac, Saint-Antoine-sur-l’Isle, Saint-Aubin-de-Blaye, Val-de-Livenne, Saint-Christophe-de-Double, Saint-Ciers-d’Abzac, Saint-Ciers-sur-Gironde, Saint-Palais agus Tizac-de-Lapouyade; |
|
— |
roinn Indre: bardais Bélâbre, Chalais, Ciron, Concremiers, Ingrandes, Lignac, Lureuil, Mauvières, Pouligny-Saint-Pierre, Prissac, Saint-Hilaire-sur-Benaize, Tilly agus Tournon-Saint-Martin; |
|
— |
roinn Indre-et-Loire: na bardais i gcantúin Descartes (seachas bardais Betz-le-Château, Bossée, Bournan, La Chapelle-Blanche-Saint-Martin, Charnizay, Ciran, Cussay, Esves-le-Moutier, Ferrière-Larçon, Ligueil, Louans, Le Louroux, Manthelan, Mouzay, Saint-Flovier, Varennes agus Vou) agus Sainte-Maure-de-Touraine (seachas bardais Anché, Assay, Avon-les-Roches, Brizay, Champigny-sur-Veude, Chaveignes, Chezelles, Cravant-les-Côteaux, Crissay-sur-Manse, Crouzilles, L’Ile-Bouchard, Lémeré, Ligré, Panzoult, Parçay-sur-Vienne, Richelieu, Rilly-sur-Vienne, Sazilly, Tavant, Theneuil agus Trogues); |
|
— |
roinn Loire-Atlantique: bardais Boussay, Gétigné, Legé, La Planche, Remouillé, Corcoué-sur-Logne, Saint-Hilaire-de-Clisson agus Vieillevigne; |
|
— |
roinn Maine-et-Loire: na bardais i gcantúin Cholet, Cholet-2 (seachas bardais Cernusson, Montilliers agus Lys-Haut-Layon (bardais tharmligthe La Fosse-de-Tigné, Tancoigné, Tigné agus Trémont amháin)) agus Saint-Macaire-en-Mauges (seachas bardais May-sur-Evre agus Sèvremoine (bardais tharmligthe La Renaudière, Saint-Crespin-sur-Moine, Saint-Germain-sur-Moine, Saint-Macaire-en-Mauges agus Tillières amháin)) agus bardais Antoigné, (Le) Puy-Notre-Dame agus Saint-Macaire-du-Bois; |
|
— |
roinn Deux-Sèvres, ina hiomláine; |
|
— |
roinn Vendée, ina hiomláine; |
|
— |
roinn Vienne, ina hiomláine; |
|
— |
roinn Haute-Vienne: na bardais i gcantúin Châteauponsac (seachas bardais Balledent, Châteauponsac, Dompierre-les-Eglises, Droux, Magnac-Laval, Rancon, Saint-Amand-Magnazeix, Saint-Hilaire-la-Treille, Saint-Léger-Magnazeix, Saint-Sornin-Leulac agus Villefavard), Saint-Junien agus Val-d’Oire-et-Gartempe agus bardais La Chapelle-Montbrandeix, Chéronnac, Dournazac, Gajoubert, Maisonnais-sur-Tardoire, Marval, Val d’Issoire, Montrol-Sénard, Mortemart, Nouic, Pensol, Rochechouart, Saint-Martial-sur-Isop, Saint-Mathieu, Les Salles-Lavauguyon, Vayres agus Videix. |
Coimeádtar an sonrúchán tionscnaimh “Beurre Charentes-Poitou” le haghaidh im a tháirgtear, a phacáistítear agus, i gcás inarb infheidhme, a reoitear i monarchana i ranna Charente, Charente Maritime, Deux-Sèvres, Vendée agus Vienne.
Féadfar an sonrúchán tionscnaimh sin a ionadú le “Beurre des Charentes” le haghaidh im a tháirgtear, a phacáistítear agus, i gcás inarb infheidhme, a reoitear i ranna Charente nó Charente-Maritime, nó a ionadú le “Beurre des Deux-Sèvres” le haghaidh im a tháirgtear, a phacáistítear agus, i gcás inarb infheidhme, a reoitear i roinn Deux-Sèvres.
5. Nasc leis an limistéar geografach
Tá uigeacht ag “Beurre Charentes-Poitou” / “Beurre des Charentes” / “Beurre des Deux-Sèvres” atá daingean agus somhúnlaithe ag an am céanna, déanann an tsaintréith sin an t-im éagsúil ó imeanna eile atá ar an margadh agus bhí an-mheas agus an-tóir ag báicéirí gairmiúla agus cócairí taosráin air chun taos lannaithe a dhéanamh.
Tá uigeacht dhaingean agus shomhúnlaithe an ime agus, níos sonraí, a mhéid saille, nasctha go dlúth le haiste bia na mbó déiríochta ar mór an cion gráin atá inti. Bíonn an aimsir sa limistéar te agus tirim le linn an tsamhraidh, agus bíonn táirgeadh déiríochta ag brath a bheag nó a mhór ar bharra gránaigh agus fodair a shaothrú chun an tréad a bheathú. Comhfhreagraíonn an limistéar geografach do réigiún a bhí mar réigiún iompair agus aistrithe go stairiúil, agus é lonnaithe idir imchuach Páras agus imchuach Acatáine ar thaobh amháin agus Massif Central agus Massif Armoricain ar an taobh eile. Is minic a dhéanann tíreolaithe cur síos air mar thairseach thopagrafach, gheolaíoch agus aeráide. Is beag an rilíf atá le fáil ann. Is iad machairí móra, ardchláir ísle dhroimneacha, loig agus gleannta atá leathan go ginearálta le fánaí réidhe orthu atá líonta le sil-leagan glárach, atá le fáil go príomha sa tírdhreach.
Aistríonn an aeráid aigéanach ag an gcósta go tapa chuig aeráid aigéanach leasaithe istigh faoin tír, agus bíonn baol ann go mbeidh triomach leanúnach ann i gcaitheamh na míonna samhraidh.
Sa réigiún seo, a d’iompaigh chuig feirmeoireacht meascáin barr agus beostoc nuair a scrios géarchéim Phylloxera na fíonghoirt ag deireadh an 19ú haois, tá an aeráid oiriúnach chun grán buí a fhás, barr atá ar cheann de na barra is sine sa Fhrainc. Fástar grán buí mar fhodar agus tá sé mar phríomhbhia in aiste réime na mbó anois. Sa lá atá inniu ann, amhail san am atá thart, coimeádtar na hainmhithe faoi fhaireachas an-ghar; caitheann siad an chuid is mó dá gcuid ama sa bhóitheach agus beathaítear iad ann.
Le cruthú na chéad uachtarlainne comharchumainn gar do Surgères (Charente-Maritime) in 1888 tháinig tús le speisialtóireacht an réigiúin in im a dhéanamh, ag cur luach leis an mbainne a táirgeadh sa cheantar. An tráth sin, ní dhéantaí ach im amh. Ar son cúiseanna sláinteachais, scaip cleachtais an phaistéartha go tapa ar fud an tionscail déiríochta ag tús an 20ú haois, agus d’úsáidtí é chun gach táirge a tháirgeadh, agus im go háirithe. Ag feabhsú cháilíochtaí fanta an ime, leis an bpaistéaradh bhí daoine in ann é a leithdháileadh go forleathan agus cáil a fháil lasmuigh dá áit tionscnaimh. Mar sin féin, leantar d’im amh a tháirgeadh sa lá atá inniu ann.
Inniu, díríonn scileann na ndéantóirí ime ar aibiú bitheolaíoch an uachtair. Cruthaíonn an chéim sin idirdhealú idir é agus im a tháirgtear go tionsclaíoch agus tá sé ríthábhachtach dá cháilíocht chumhra. Baineann saineolas na ndéantóirí ime go príomha le saothráin a roghnú atá an-oiriúnach do chomhdhéanamh saille an bhainne a tháirgtear go háitiúil. Le déanaí, leis an bhforbairt a bhaineann le criostalú rialaithe le haghaidh ime atá beartaithe lena úsáid chun taos a dhéanamh, go háirithe, is féidir plaisteacht nádúrtha an ime a fheabhsú.
Díoladh an t-im ar bhonn tráchtála faoin ainm “Beurre Charentes-Poitou” i dtosach, ach de réir mar a d’éirigh an earnáil níos struchtúrtha agus mar a chruthaigh na ceardchumainn grúpaí, díoladh é faoi na hainmneacha “Beurre des Charentes” agus “Beurre des Deux-Sèvres” freisin.
Is saintréith shonrach é an chomhsheasmhacht datha, uigeachta agus bolaidh a bhaineann le “Beurre Charentes-Poitou” / “Beurre des Charentes” / “Beurre des Deux-Sèvres”. Tá dath aonfhoirmeach ó bhánbhuí go buí éadrom air agus leánn sé sa bhéal. Tá a uigeacht daingean agus somhúnlaithe ag an am céanna, rud a dhéanann é difriúil le himeanna eile atá ar an margadh.
Seasann “Beurre Charentes-Poitou” / “Beurre des Charentes” / “Beurre des Deux-Sèvres” amach mar gheall ar na saintréithe bolaidh a bhaineann leis freisin, go háirithe an blas de chnónna coill agus crème fraîche atá air.
Spreagann an bheatha a thugtar do na ba déiríochta táirgeadh bainne atá lán le saill agus dá bhrí sin tá sé an-oiriúnach chun im a dhéanamh de. Tá grán buí, barr atá mar chuid d’aiste bia na mbó ar feadh na bliana agus a n-itheann siad go leor de, ar cheann de na príomhrudaí a chinntíonn saintréithe an bhainne. Tá uigeacht dhaingean agus shomhúnlaithe an ime nasctha go dlúth leis an aiste bia sin. Bíonn bainne ag a bhfuil méid chomhsheasmhach saille agus leibhéil arda aigéad sailleach sáithithe go nádúrtha, rud atá go maith don intuargainteacht, mar thoradh ar an ngrán buí in aiste bia na mbó.
Thairis sin, fágann an córas ina rialaítear aiste bia na mbó go bhfuil an aiste bia sin comhsheasmhach i gcaitheamh na bliana gan beann ar an áit a bhfuil an fheirm lonnaithe laistigh den limistéar geografach. Léirítear an chobhsaíocht sin san aiste bia i gcomhsheasmhacht shaintréithe “Beurre Charentes-Poitou” / “Beurre des Charentes” / “Beurre des Deux-Sèvres”, cáilíocht a bhfuil an-mheas agus an-tóir ag úsáideoirí an táirge uirthi, go háirithe báicéirí agus cócairí taosráin. Is rogha é criostalú rialaithe le haghaidh níos mó éascaíochta nuair atá “Beurre Charentes-Poitou” / “Beurre des Charentes” / “Beurre des Deux-Sèvres” á úsáid chun taos agus cístí lannaithe a dhéanamh.
Léirítear i gcomhdhéanamh an ime go bhfuil neart leachtón ann, móilíní cumhra a bhaineann le blasanna torthaíocha. Tá an saibhreas cumhra sin mar thoradh ar aibiú bitheolaíoch fada an uachtair, céim atá ríthábhachtach le haghaidh cháilíocht chumhra an ime, agus a dhéanann “Beurre Charentes-Poitou” / “Beurre des Charentes” / “Beurre des Deux-Sèvres” difriúil le himeanna a tháirgtear go tionsclaíoch. Tugann an raon leathan comhdhúile a fhorbraítear le linn an aibithe cumhracht shonrach de dhea-bholaithe chomh maith le blas de chnónna coill agus crème fraîche do “Beurre Charentes-Poitou” / “Beurre des Charentes” / “Beurre des Deux-Sèvres”.
Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta
https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-5fce1a8c-5cdc-49ec-829a-1713050d597f