6.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 151/7


Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh

(2022/C 151/07)

De bhun Airteagal 9(1)(a) de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (1), leasaítear leis seo na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh (2) mar a leanas:

Ar leathanach 31, sa Nóta Míniúcháin a ghabhann leis na fo-cheannteidil “ 0302 33 10 agus 0302 33 90 Boiníotó aigéanach ” cuirtear an téacs seo a leanas in ionad na míre deireanaí:

0302 33 10 agus 0302 33 90

“Ní chumhdaíonn na fo-cheannteidil seo an boiníotó Atlantach (Sarda sarda), boiníotó a bhfuil bandaí fiara ar a dhroim. Is faoi fho-cheannteideal 0302 49 90 a aicmítear an t-iasc sin, bíodh sé úr nó fuaraithe.”

Ar leathanach 32, i ndiaidh an Nóta Míniúcháin a ghabhann leis an bhfo-cheannteideal AC “ 0302 43 90 Saláin (Sprattus Sprattus) ” cuirtear isteach an téacs seo a leanas:

0302 49 90

Eile

Cuimsítear freisin iad seo a leanas faoin bhfo-cheannteideal seo:

1.

an boiníotó Atlantach (Sarda sarda), boiníotó a bhfuil bandaí fiara ar a dhroim, chomh maith le gach spéiceas eile Sarda;

2.

an caibeallán (Mallotus villosus).”

Ar leathanach 33, sa Nóta Míniúcháin a ghabhann leis an bhfo-cheannteideal “0302 89 90 Eile” cuirtear an téacs seo a leanas in ionad an téacs atá ann:

0302 89 90

Eile

Ar na héisc sáile a chuimsítear faoin bhfo-cheannteideal seo, tá siad seo a leanas:

1.

an troscán stopóige (Trisopterus luscus agus Trisopterus esmarki);

2.

an ciaradóir (Serranus spp.) agus an garúpach (Epinephelus spp.);

3.

an lannach riabhach (Mullus barbatus) agus an milléad dearg (Mullus surmuletus);

4.

an cnúdán (Trigla, Eutrigla, Aspitrigla, Lepidotrigla agus Trigloporus spp.);

5.

an scairpiasc (Scorpaena spp.);

6.

an loimpre mhara (Petromyzon marinus);

7.

an chorr uaine (Belone belone) agus an goineadóir (Trachinus spp.);

8.

an smealt (Osmerus spp.);

9.

éisc den spéiceas Kathetostoma giganteum.”

Ar leathanach 34, sa Nóta Míniúcháin a ghabhann leis an bhfo-cheannteideal “ 0305 63 00 Ainseabhaithe (Engraulis spp.) ” cuirtear an téacs seo a leanas in ionad an téacs atá ann:

0305 63 00

Ainseabhaithe (Engraulis spp.)

Is ainseabhaithe nach ndearnadh aon ullmhú breise orthu na hainseabhaithe faoi sháile atá faoin bhfo-cheannteideal seo. Cuirtear ar an margadh iad i mbairillí beaga nó, go minic, i gcrúscaí beaga nó i gcannaí a shéalaítear go heirméiteach agus nach ndéantar aon teaschóireáil orthu tar éis a ndúnta.”


(1)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

(2)  IO C 119, 29.3.2019, lch. 1.