1.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 145/6


Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh agus/nó iad a úsáid

(foilsithe de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (1))

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 145/05)

Cinneadh lena ndeonaítear údarú

Tagairt an chinnidh (2)

Dáta an chinnidh

Ainm na substainte

Sealbhóir an údaraithe

Uimhir an údaraithe

Úsáid údaraithe

Dáta éaga na tréimhse athbhreithnithe

Na cúiseanna atá leis an gcinneadh

C(2022) 1789

25 Márta 2022

4-Naoinilfeanól, brainseach agus líneach, eatocsailithe (4-NPnEO)

Uimh. CE: -, Uimh. CAS:-

Cytiva Sweden AB, Björkgatan 30, BA1-1, 75 184 Uppsala, an tSualainn

REACH/22/9/0

Úsáid thionsclaíoch eiblitheoirí ina bhfuil 4-NPnEO chun roisíní crómatagrafaíochta arna n-úsáid ag an tionscal bithchógaisíochta, ag earnáil an bhia agus na dí agus ag an saol acadúil a mhonarú

4 Eanáir 2033

I gcomhréir le hAirteagal 60(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, is mó na sochair shocheacnamaíocha ná an riosca do shláinte an duine agus don chomhshaol de bharr úsáidí na substainte agus níl aon substaint ná teicneolaíocht mhalartach ann atá oiriúnach.


(1)  IO L 396, 30.12.2006, lch. 1

(2)  Tá an cinneadh le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ag: Authorisation (europa.eu)