|
23.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 130/9 |
Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh agus/nó iad a úsáid
(foilsithe de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (1))
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 130/07)
Cinneadh lena ndeonaítear údarú
|
Tagairt an chinnidh (2) |
Dáta an Chinnidh |
Ainm na substainte |
Sealbhóir an údaraithe |
Uimhir údaraithe |
Úsáid údaraithe |
Dáta éaga na tréimhse athbhreithnithe |
Na cúiseanna atá leis an gcinneadh |
|
C(2022) 1506 |
16 Márta 2022 |
4-(1,1,3,3-Tetra meitiolbúitil)feanól, eatocsailithe (4-tert-OPnEO) Uimh. CE: -,Uimh. CAS:- |
Octapharma AB, Lars Forssells gata 23, SE-11275 Stockholm, An tSualainn Octapharma Produktionsgesel schaft Deutschland mbH, Wolfgang-Marguerre-Allee 1, 31832 Springe, an Ghearmáin Octapharma S.A.S. 72 rue du Maréchal Foch, 67381 Lingolsheim, An Fhrainc |
REACH/22/5/0 REACH/22/5/1 REACH/22/5/2 REACH/22/5/3 |
Mar ghlantach le haghaidh céim dhíghníomhachtaithe víreas (cóireáil tuaslagóra/ghlantach) le linn monarú táirgí íocshláinte, táirgí ar tháirgí athchuingreach agus de dhíorthach plasma iad |
4 Eanáir 2033 |
I gcomhréir le hAirteagal 60(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, is mó na sochair shocheacnamaíocha ná an riosca do shláinte an duine agus don chomhshaol de bharr úsáidí na substainte agus níl aon substaint ná teicneolaíocht mhalartach ann atá oiriúnach. |
|
Octapharma Pharmazeutika Produktionsgesellschaft m.b.H, Oberlaaer Straße 235, A-1100 Vín, an Ostair |
REACH/22/5/4 |
Mar chomhpháirt de thuaslagán athghiniúna le haghaidh colún crómatagrafaíochta nuair atá Fachtóir VIII á mhonarú, fachtóir a dhíorthaítear ó shubstaint athchuingreach |
4 Eanáir 2025 |
(1) IO L 396, 30.12.2006, lch. 1
(2) Tá an cinneadh le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ag: Authorisation (europa.eu)