14.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 118/1 |
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
Fógra ón gCoimisiún maidir le moltaí de réir Ballstáit agus de réir réigiúin i dtaobh thuarascálacha nuashonraithe 2018 maidir le hAirteagail 8, 9 agus 10 den Treoir Réime um Straitéis Mhuirí (2008/56/CE)
(2022/C 118/01)
1) RÉAMHRÁ
Is beartas iomlánaíoch í an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí (MFSD, 2008/56/CE) (1) chun comhshaol mhuirí na bhfarraigí atá timpeall na hEorpa a chosaint agus úsáid inbhuanaithe earraí agus seirbhísí muirí a chumasú ag an am céanna. Leis an mbeartas sin, ceanglaítear ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar stádas cáilíochta an chomhshaoil muirí, dea-stádas comhshaoil a chinneadh, spriocanna iomchuí comhshaoil a shocrú, cláir faireacháin leordhóthanacha a dhréachtú agus bearta a chur chun feidhme chun príomhsprioc na Treorach a bhaint amach, is é sin “dea-stádas comhshaoil” a áirithiú d’uiscí muirí uile an Aontais faoi 2020. Níor baineadh amach an sprioc sin in uiscí uile an Aontais i gcás tuairisceoirí uile na Treorach (2).
Le linn an dara timthriall de chur chun feidhme na Treorach, bhí na Ballstáit ceaptha a dtuarascálacha nuashonraithe maidir le hAirteagail 8, 9 agus 10 den Treoir (3) a chur faoi bhráid an Choimisiún faoin 15 Deireadh Fómhair 2018. Ní mór don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar thuarascálacha sin na mBallstát i gcomhréir le hAirteagail 12 agus 17(4) den Treoir.
Féadfaidh Ballstáit tuarascálacha téacsbhunaithe, struchtúraithe de réir riachtanais náisiúnta, a sholáthar chun a ndualgas dlíthiúil chun tuarascáil a thabhairt faoi MSD a chomhlíonadh. Le Straitéis Cur Chun Feidhme Coiteann MFSD, chomhaontaigh na Ballstáit freisin tuarascálacha leictreonacha a sholáthar le faisnéis struchtúraithe atá oiriúnach chun críocha mheasúnuithe Airteagal 12 agus atá oiriúnach lena scaipeadh ar leibhéal na hEorpa trí WISE Marine (4).
As na 23 Bhallstáit a bhfuil uiscí muirí acu (5) agus nach mór dóibh dá bhrí sin tuairisciú faoi Airteagal 17, fuarthas tuarascálacha ar pháipéar ó 22 acu faoi mhí Mheán Fómhair 2020. Ó am go chéile ag cruinnithe Straitéis Cur Chun Feidhme Coiteann MFSD cuireadh a n-oibleagáidí tuairiscithe i gcuimhne do na Ballstáit nach raibh tuarascálacha faighte uathu faoin spriocdháta mhí Dheireadh Fómhair 2018. Cuireadh tús le cásanna sáraithe maidir le neamhthuairisciú i gcoinne na Bulgáire, na Cróite, na Cipire, na Danmhairge, na hEastóine, na Fraince, na Gréige, na hÉireann, na hIodáile, na Laitvia, na Liotuáine, Mhálta, na Polainne, na Portaingéile, na Slóivéine, na Spáinne agus na Ríochta Aontaithe (6). I ndiaidh na dtuarascálacha a fháil, cuireadh deireadh le gach cás seachas an ceann i gcoinne na Bulgáire, nach raibh a tuarascálacha faighte uaithi go fóill i mí na Samhna 2021.
Faoi mhí Dheireadh Fómhair 2020, bhí tuarascálacha leictreonacha curtha isteach ag 20 Ballstát agus dá bhrí sin áirítear iad sa mheasúnú seo faoi Airteagal 12. Chomh maith leis an gcumarsáid trí Straitéis Cur Chun Feidhme Coiteann MFSD, rinneadh cumarsáid dhíreach leis an mBulgáir agus leis an nGréig lena n-iarradh orthu tuarascálacha leictreonacha a chur isteach (7). De bharr tuairisciú leictreonach déanach na mBallstát cuireadh moill ar an measúnú seo faoi Airteagal 12.
De thoradh an mheasúnaithe seo, rinneadh tuarascáil náisiúnta ar gach Ballstát (8) agus tuarascáil réigiúnach maidir le comhleanúnachas ar thrí cinn (9) de na ceithre réigiún mhuirí MSFD (an Mhuir Bhailt, an tAigéan Atlantach Thoir Thuaidh, agus an Mheánmhuir) (10).
Ina theannta sin, de thoradh an mheasúnaithe rinneadh sraith moltaí de réir Ballstáit agus de réir réigiúin (atá infheidhme go ginearálta maidir leis na Ballstáit go léir sna réigiúin sin). Tá sé d’aidhm ag na moltaí bealaí a shainaithint chun feabhas a chur ar na tuarascálacha faoi Airteagail 8, 9 agus 10 nuair a nuashonrófar iad an chéad uair eile i mí Dheireadh Fómhair 2024.
I gcomhthráth leis an anailís ar thuarascálacha na mBallstát don mheasúnú MFSD seo faoi Airteagal 12, lena soláthraítear aiseolas ar thuairisciú de réir Ballstáit, rinne Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh (JRC) anailís ar na tuarascálacha ó thaobh na heolaíochta de agus ón dtaobh teicniúil de. Mar thoradh air sin, tá 11 thuarascáil theicniúla lena soláthraítear forbhreathnú Eorpach a thugann tacaíocht do phróiseas cur chun feidhme MSFD (11).
Leis an bhfógra seo, agus leis an doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis (12), cuirtear i láthair na moltaí maidir leis na tíortha agus réigiúin go léir a ndearnadh measúnú orthu go dtí seo. Cuirtear in iúl iad i ndáil leis na trí airteagal (8, 9 agus 10) a ndearnadh tuairisciú orthu, agus i ndáil leis na tuairisceoirí a shainaithnítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le MSFD agus na critéir a shainaithnítear i gCinneadh (AE) 2017/848 ón gCoimisiún.
Sa doiciméad inmheánach oibre (13) a ghabhann leis an bhfógra seo, tá moltaí sonracha náisiúnta agus réigiúnach maidir leis na tíortha agus réigiúin go léir a ndearnadh measúnú ortha go dtí seo.
2) MOLTAÍ NÁISIÚNTA AGUS RÉIGIÚNACHA:
Airteagal |
Topaicí |
Líon na moltaí |
||||||||||
Airteagal 8 |
|
Náisiúnta - 5 |
||||||||||
|
Réigiúnach - 4 |
|||||||||||
Airteagal 9 |
|
Náisiúnta - 7 |
||||||||||
|
Réigiúnach - 7 |
|||||||||||
Airteagal 10 |
|
Náisiúnta - 5 |
||||||||||
|
Réigiúnach - 1 |
|||||||||||
Iomlán |
|
29 |
3) CONCLÚID
Chun go bhféadfaidh Ballstáit measúnú a dhéanamh ar na moltaí sin, go háirithe i gcás ina bhfuil gá le comhchuibhiú breise agus tuairisciú comhleanúnach, beidh gá le comhar teicniúil breise idir na Ballstáit i gcomhthéacs Straitéis Cur Chun Feidhme Coiteann MFSD (14), amhail i nGrúpaí Teicniúla MSFD agus i Líonraí Saineolaithe an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde.
(1) Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).
(2) COM/2020/259 final
(3) I gcomhréir le hAirteagal 17(2)(a) agus (b)
(4) GD14: guidance for 2018 reporting on Art. 8, 9 & 10 updates; Annex 2 worked examples.
(5) Sainmhínítear uiscí muirí in Airteagal 3(1) de MSFD. Is tíortha talamhiata iad an Ostair, an tSeicia, an Ungáir, Lucsamburg agus an tSlóvaic agus ní thuairiscíonn siad faoi Airteagal 17.
(6) Bhí an Ríocht Aontaithe fós ina Ballstáit den Aontas tráth na hoibleagáide tuairiscithe in 2018 ach ní raibh a tuairisciú leictreonach déanta in am don mheasúnú seo.
(7) Déanfar measúnú ar an dá Bhallstát eile (an Bhulgáir, an Ghréig) nuair a bheidh fáil ar a dtuarascálacha leictreonacha.
(8) Comhairleoir seachtrach a d’ullmhaigh na measúnuithe teicniúla tírshonracha don Choimisiún - féach https://circabc.europa.eu/ui/group/326ae5ac-0419-4167-83ca-e3c210534a69/library/31bf127a-ca1f-483e-a34e-e0243754ef81?p=1&n=10&sort=modified_DESC.
(9) Níl ach dhá Bhallstát (an Bhulgáir agus an Rómáin) i gceist leis an gceathrú réigiún muirí, an Mhuir Dhubh, agus ní féidir measúnú a dhéanamh air maidir le comhleanúnachas go dtí go soláthraíonn an Bhulgáir a tuarascálacha leictreonacha.
(10) Comhairleoir seachtrach a d’ullmhaigh na measúnuithe teicniúla réigiúnsonracha don Choimisiún - féach https://circabc.europa.eu/ui/group/326ae5ac-0419-4167-83ca-e3c210534a69/library/31bf127a-ca1f-483e-a34e-e0243754ef81?p=1&n=10&sort=modified_DESC.
(11) 9 Athbhreithnithe JRC: https://mcc.jrc.ec.europa.eu/main/dev.py?N=18&O=460.
(12) SWD(2022)55
(13) SWD(2022)55
(14) Is clár neamhfhoirmiúil comhordúcháin í an straitéis cur chun feidhme coiteann a bhunaigh an Coimisiún ina mbíonn Ballstáit, coinbhinsiúin réigiúnacha farraige agus páirtithe leasmhara eile rannpháirteach