1.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 100/43


Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

(2022/C 100/10)

Leis an bhfoilsiú seo, tugtar an ceart freasúra a thaisceadh i gcomhréir le hAirteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta foilsithe an iarratais seo.

DOICIMÉAD AONAIR

“ Cidre du Perche / Perche ”

Uimh. AE: PDO-FR-2648 – 1 Nollaig 2020

STFC (X) TGFC ( )

1.   Ainm/ainmneacha

“ Cidre du Perche / Perche ”

2.   Ballstát nó tríú tír

an Fhrainc

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra

3.1.   Cineál táirge

Aicme 1.8 – Táirgí eile ó Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh (spíosraí, etc.).

3.2.   Tuairisc ar an táirge a bhfuil an t-ainm dá dtagraítear i bpointe 1 air

Ceirtlis shúilíneach leath-thirim nó amh is ea í “Cidre du Perche / Perche”, a fhaigheann a cuid cúir tríd an dara coipeadh nádúrtha sa bhuidéal, gan aon ghásúchán agus gan í a bheith paistéartha. Is as fíorshú úll de chineálacha sonracha úll ceirtlise atá sí déanta.

An cheirtlis “Cidre du Perche/Perche”, sainaithnítear í ar an dath atá uirthi agus é idir órbhuí agus flannbhuí, a cruinne, a cothromaíocht ó thaobh blasanna siúcra, géire agus seirbhe de, na nótaí torthaíocha agus géire éadrom i lár an bhéil chomh maith le nóta úire ag an deireadh ar fad.

Ar na saintréithe anailíseacha atá ag “Cidre du Perche/Perche”, tá an méid seo a leanas:

neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 3,5 % toirte ;

neart alcóil iomlán de réir toirte nach lú ná 6 % toirte ;

cion siúcra ar mhéid is mó ná 18 g/líotar nó cothrom leis;

Brú íosta de 1,5 bar ag 20 °C.

Na húlla ceirtlise a úsáidtear chun “Cidre du Perche / Perche” a tháirgeadh, is ó na húlloird atá suite sa cheantar geografach a thagann siad.

Tá féar faoi bhun na gcrann sna húlloird sin, cé is moite den talamh ag bun na gcrann (ar gha 0,30 m nó ar stiall de mhéadar amháin faoi bhun na sraithe), agus is féidir a féar sin a ghlanadh amach go hiomlán.

Crainn de ghais arda atá i 30 % ar a laghad d’achar dromchla iomlán an úlloird.

Sna húlloird, tá na cineálacha úll ceirtlise seo a leanas:

Príomhchinealacha:

Cineálacha géara:

Ameret nó Améret blanc

Fréquin blanc

Fréquin long

Fréquin rouge

Gringoire

Médaille d’or

Tardive de la Sarthe

Cineálacha géar-mhilse:

Argile grise

Argile rouge

Bedan ou Calotte

Binet rouge

Bois droit ou Drébois

Cartigny

Damelot

Moulin à vent nó Moulin à vent de l’Eure nó Moulin à vent petit de l’Eure

Noël des Champs

(Petit) Jaunet pointu

Saint-Hilaire

Cineálacha milse:

Atroche nó Troche

Bérat blanc

Coquerelle

Doux Normandie nó Normandie

Fréquin Lacaille

Grise de l’Eure

Muscadet petit de l’Orne nó Muscadet doré

Petite sorte

Pilée

Roger Guyot

Rouge Duret

Doux Normand

Doux Véret de Carrouges

Rousse de l’Orne nó Rousse de la Sarthe

Cineálacha searbha:

Groseille

Locard blanc

Locard vert

Pomme de Boué nó Pomme de Bouet nó Boué de Bonnétable

Pomme de fer

Queue torse

Marnière

Cineálacha tánaisteacha:

Cineálacha géara:

Kermerrien

Peau de chien

 

Cineálacha géar-mhilse:

Bisquet

Clos Renaux

Douce Moën

Cineálacha milse:

Douce Coët Ligné

 

 

Cineálacha searbha:

Avrolles

Petit jaune

 

Chun éagsúlacht cineálacha a chaomhnú, údaraítear cineálacha úll ceirtlise a fhástar ar chrainn a bhfuil gas ard acu agus nach bhfuil liostaithe thuas, ach sin teoranta d’uasmhéid 20 % de dhromchla an úlloird. Meastar gur cineálacha tánaisteacha iad na cineálacha sin.

Ar na ceirtlisí i ngach umar, tá:

ceirtlisí atá déanta as úlla a baineadh i rith fhómhar na bliana céanna,

ar lú ná 20 % den umar an cion a fhaightear ó chineálacha searbha, nó cothrom leis, agus

ceirtlisí ina bhfuil an cion a fhaightear ó phríomhchineálacha úll níos mó ná 50 % den umar, nó cothrom leis.

3.3.   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

3.4.   Céimeanna sonracha den táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

Ní mór na húlla a thairgeadh agus an cheirtlis a dhéanamh sa limistéar geografach.

3.5.   Sainrialacha is infheidhme maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú, etc., an táirge dá dtagraíonn an t-ainm

Ceirtlis shúilíneach is ea í “Cidre du Perche/Perche” a fhaigheann a cuid cúir tríd an dara coipeadh nádúrtha sa bhuidéal. Ní féidir í a dhíol ach san fhoirm pacáistithe amháin chun a bhrú a choinneáil, agus mar sin ní mór pacáistiú a dhéanamh sa limistéar geografach.

3.6.   Sainrialacha is infheidhme maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm

I dteannta na sonraí sainordaitheacha dá bhforáiltear sa reachtaíocht maidir le lipéadú agus cur i láthair earraí bia, beidh ainm an ainmnithe agus na focail “AOP” [PDO] nó “Appellation d’Origine Protégée” [sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint] ar an lipéadú i gcarachtair dhoscriosta atá soiléir, inléite, chun idirdhealú soiléir a dhéanamh idir iad agus na sonraí scríofa nó líníochta eile go léir.

I gcur i láthair an lipéid, cuirtear na focail “Appellation d’Origine Protégée” díreach faoi ainm an ainmnithe gan aon fhaisnéis bhreise.

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

An limistéar geografach, cumhdaíonn sé críoch na mbardas seo a leanas agus sin bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2019:

An Roinn Eure-et-Loir (28)

Na bardais ina n-iomláine: Arcisses, Argenvilliers, Authon-du-Perche, Beaumont-les-Autels, Belhomert-Guéhouville, Béthonvilliers, Champrond-en-Perchet, Charbonnières, Coudray-au-Perche, Les Etilleux, La Gaudaine, La Loupe, Marolles-les-Buis, Meaucé, Miermaigne, Montireau, Montlandon, Nogent-le-Rotrou, Saint-Bomer, Saintigny, Saint-Jean-Pierre-Fixte, Saint-Victor-de-Buthon, Souancé-au-Perche, Trizay-Coutretot-Saint-Serge, Vaupillon, Vichères.

An Roinn Orne (61)

Na bardais ina n-iomláine: Appenai-sous-Bellême, Bazoches-sur-Hoëne, Belforêt-en-Perche, Bellavilliers, Bellême, Bellou-le-Trichard, Berd’huis, Bizou, Bretoncelles, Ceton, Champeaux-sur-Sarthe, La Chapelle-Montligeon, La Chapelle-Souëf, Comblot, Corbon, Coulimer, Courgeon, Courgeoût, Cour-Maugis sur Huisne, Dame-Marie, Fay, Feings, Ferrières-la-Verrerie, Igé, Loisail, La Madeleine-Bouvet, Le Mage, Mahéru, Mauves-sur-Huisne, Les Menus, Montgaudry, Mortagne-au-Perche, Moulins-la-Marche, Moutiers-au-Perche, Parfondeval, Le Pas-Saint-l’Homer, Perche en Nocé, Pervenchères, Le Pin-la-Garenne, Pouvrai, Rémalard en Perche, Réveillon, Sablons sur Huisne, Saint-Agnan-sur-Sarthe, Saint-Aquilin-de-Corbion, Saint-Aubin-de-Courteraie, Saint-Cyr-la-Rosière, Saint-Denis-sur-Huisne, Saint-Germain-de-la-Coudre, Saint-Germain-de-Martigny, Saint-Germain-des-Grois, Saint-Hilaire-le-Châtel, Saint-Hilaire-sur-Erre, Saint-Jouin-de-Blavou, Saint-Langis-lès-Mortagne, Saint-Mard-de-Réno, Saint-Martin-des-Pézerits, Saint-Martin-du-Vieux-Bellême, Saint-Ouen-de-Sécherouvre, Saint-Pierre-la-Bruyère, Soligny-la-Trappe, Val-au-Perche, Vaunoise, Verrières, Villiers-sous-Mortagne.

Cuid de na bardais, mar a leanas: Tourouvre au Perche (críoch na mbardas tarmligthe, agus iad amháin, is iad sin Autheuil, Bivilliers, Bubertré, Tourouvre), Longny les Villages (críoch na mbardas tarmligthe, agus iad amháin, is iad sin Longny-au-Perche, Maletable, Monceaux-au-Perche, Moulicent, Saint-Victor-de-Réno).

An Roinn Sarthe (72)

Na bardais ina n-iomláine: Avezé, La Chapelle-du-Bois, Cormes, Courgenard, Gréez-sur-Roc, Nogent-le-Bernard, Préval, Saint-Ulphace, Souvigné-sur-Même, Théligny.

Cuid de na bardais: Cherré-au (críoch an bhardais tharmligthe, Cherreau, agus é amháin).

5.   Nasc leis an limistéar geografach

An “Cidre du Perche/Perche”, is ó dhálaí ithreach agus aeráide an cheantair a fhaigheann sé a saintréithe sonracha, go háirithe an aeráid dhéanach, a thug ar tháirgeoirí a gcleachtais a oiriúnú i dtéarmaí cineálacha úll a shaothraítear agus modhanna táirgthe araon.

Dá bhrí sin, na cineálacha úll a úsáidtear, is iad na cineálacha a roghnaítear go háitiúil nó cineálacha a cuireadh in oiriúint d’aeráid dhéanach logánta an limistéir. Déantar an fómhar a bhaint agus na torthaí a phróiseáil tráth theacht an fhuachta, rud a chuidíonn leis an gcoipeadh a mhoilliú síos agus, dá bhrí sin, spreagann sé forbairt na gcumhrachtaí.

Sainiúlacht an limistéir gheografaigh

Tosca nádúrtha

Tá limistéar geografach an tsonrúcháin tionscnaimh “Cidre du Perche / Perche” suite i limistéar idirchriosach idir an mhais Armarcach san iarthar agus imchuach Pháras san oirthear. Aonán amháin is ea é arb é is príomhthréith dó tírdhreacha droimneacha ina bhfuil idir chnoic ghlasa agus foraoisí fairsinge agus iad ag síneadh amach thar na ranna Eure-et-Loir, Orne agus Sarthe.

Baineann formhór na bhfo-ithreacha le foirmíochtaí a rinneadh sa tréimhse Iúrasach agus sa tréimhse Chailceach Ceineamánach. Ithreacha cré aolchloiche nó ithreacha gainmheacha is coitianta atá sa limistéar : Cailc Rouen, créanna glasa, gaineamh den Perche. Tá cré breochloiche le sonrú ann freisin, a táirgeadh nuair a rinneadh an brat cailce a dhíchailcú, rud a chumhdaítear le sioltchré ina n-ardchláracha tiubha, a bheag nó a mhór. Tá doimhneacht mhaith ithreach inúsáidte agus draenáil mhaith sna foshraitheanna seo go léir.

Ó thaobh aeráide de, tá an Perche suite ag an bpointe teagmhála idir tionchar na farraige móire san iarthar agus an tionchar ilchríochach ar an taobh thoir. Is é an toradh atá air sin aeráid dhíghrádaithe aigéanach arb é is príomhthréith di raonta teochta bliantúla suntasacha idir an geimhreadh a bhíonn fuar (is annamh go dtiteann sneachta ach is féidir suas le 60 lá seaca a bheith ann in aghaidh na bliana) agus an samhradh a bhíonn te.

Léiriú ar an tionchar ilchríochach is ea a mhinice a bhíonn sioc déanach ann, mar is minic a bhíonn sé ag cur seaca i mí na Bealtaine agus i mí an Mheithimh.

Tosca a bhaineann leis an duine

Más ársa traidisiún na gcrann úll sa Normainn, níor cuireadh tús le forbairt na n-úllord go dtí an 16ú haois, agus sin ar eastáit na n-ord crábhaidh nó na n-uasal. Faoin 17ú agus an 18ú haois chlúdaigh siad sciar mór de thuatha an Perche. Úlla ceirtlise den chuid is mó a fásadh, rud a d’éirigh ina deoch choitianta a tháirgeadh i mbeagnach gach ceann de na feirmeacha sa Perche.

Sa 19ú haois, is i dtreo thógáil tréada bó agus capall a d’imigh an talmhaíocht de réir a chéile sa Perche, ach choinníodh le táirgeadh na ceirtlise san am céanna. Mar thoradh air sin, tháinig Perche chun bheith ina limistéar ilsaothraithe measctha, rud is cúis le saintréith an limistéir, is é sin páirceanna curaíochta a bhfuil crainn úll curtha iontu chomh maith.

Sa chéad leath den 20ú haois, táirgeadh “Cidre du Perche / Perche” i ngach feirm agus i ngléasraí speisialaithe ceirtlise a bunaíodh ar fud an chúige. Is minic a d’fhág táirgeadh na n-úll go raibh fheirmeoirí in ann a n-ioncam a dhúbailt sna blianta idir 1930 agus 1950.

Mar sin féin, ó 1950 amach, ó tharla gur dúnadh gléasraí tionsclaíocha ceirtlise, go ndearnadh an t-innealra talmhaíochta a mheicniú agus gur cuireadh le diansaothrú na talmhaíochta, fágadh gur bheag nár imigh na crainn úll ar fad ón talamh féaraigh agus ón talamh treafa sa Perche.

B’éigean fanacht go dtí deireadh na 1980í, tráth a thosaigh roinnt táirgeoirí feirme ag déanamh speisialtóireachta de tháirgeacht ceirtlise, rud a d’fhág go raibh siad in ann an earnáil cheirtlise a athbheochan sa Perche. Is trí fhios gnó traidisiúnta a úsáid a dhéanann na táirgeoirí sin Cidricoles du Perche, mar shampla cineálacha déanacha úll a úsáid, torthaí a bhaint agus iad aibí nó tríd an dara coipeadh spontáineach mall agus an cúr a dhéanamh go nádúrtha.

An fheirmeoireacht bheostoic mheasctha, córas traidisiúnta feirmeoireachta sa Perche, d’fhág sé go raibh ualach mór oibre le déanamh i mí Mheán Fómhair agus mí Dheireadh Fómhair. Ar an mbonn sin, is é an gá leis an obair thalmhaíochta a spréadh amach agus a oiriúnú d’aeráid an Perche a rinne treoir don rogha cineálacha úll. Tugadh tús áite do chineálacha crann úll a thagann faoi bhláth go déanach mar gur lú an tionchar a bhíonn ag sioc earraigh orthu agus go dtéann na torthaí in aibíocht níos déanaí. Cé is moite de na cineálacha a roghnaíodh go háitiúil, tugadh isteach cineálacha eile sa Perche agus chuaigh siad in oiriúint go maith. Is féidir difríochtaí idir ceantair a thabhairt faoi deara i dtaca leis na dátaí aibíochta ó thaobh an chineáil chéanna crainn úill, agus is é an Perche an ceantar is déanaí. Ar na cineálacha is coitianta, tá Bedan, Doux Normandie, Tardive de la Sarthe, Saint-Hilaire, Fréquin Rouge agus Binet Rouge.

Baintear na húlla nuair a thagann siad chun aibíochta, de ghnáth cuirtear tús le baint an fhómhair ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair agus leanann sé ar aghaidh go dtí mí na Nollag le haghaidh na gcineálacha is déanaí. Déantar grúdaireacht den chuid is mó ó lár mhí na Samhna ar aghaidh. An teocht íseal sa tráth sin bliana, cuireann sé teorainn le forbairtí miocróbacha a d’fhéadfadh cáilíocht an táirge a athrú rud a fhágann gur féidir tús mall a chur leis an gcoipeadh. An coipeadh in umar, gan giostaí a chur leis, maireann sé ar feadh 8 seachtaine ar a laghad i gcomparáid le 6 seachtaine sna i gceantair eile na Normainne.

Sainiúlacht an táirge

Ceirtlis is ea í “Cidre du Perche / Perche” a fhaigheann a cuid cúir tríd an dara coipeadh nádúrtha sa bhuidéal. Tá aici:

dath idir órbhuí agus flannbhuí;

blasanna atá cothromaithe idir géire, milse agus seirbhe;

géire bheag i lár an bhéil agus nóta úire ag an deireadh ar fad;

agus tréith shúilíneach bheoga gan a bheith rófhlúirseach.

Nasc cúisíoch

Is iad saintréithe topagrafacha, aeráide agus geolaíocha an limistéir gheografaigh is cúis le mórláithreacht na gcrann úll. I gceantar an Perche, tá dálaí fabhracha a théann chun sochair don bharr talmhaíochta seo, is é sin a thír-raon droimneach agus a chuid ithreacha gairbhe, ina bhfuil draenáil mhaith, rud a ligeann don uisce sileadh agus scaipeadh go réidh agus na mianraí is gá sholáthar san am céanna.

Is é cleachtas traidisiúnta an ilsaothraithe mheasctha chomh maith le tréith dhéanach na haeráide sa Perche a rinne treoir do na feirmeoirí ó thaobh roghanna na gcineálacha crann úll. Is in úlloird an Perche atá daichead cineál crann úll as measc na 200 cineál crann úll ceirtlise atá le fáil sa Normainn.

Sna cumaisc a chleachtar, déanann siad saintréithe gach ceann de na catagóirí de chineálacha úll a chur le chéile chun ceirtlis a dhéanamh ina bhfuil blasanna atá cothromaithe idir géire, siúcra agus seirbhe: Na cineálacha géara agus géar-mhilse úll, atá saibhir i gcomhdhúile feinólacha, is iadsan a dhéanann an dath idir órbhuí agus flannbhuí agus a thugann an blas éadroim géire i lár an bhéil, agus na cineálacha milse agus géar-mhilse agus na cineálacha searbha, tugann siad an nóta beag úire dó, ach sin ar cion teoranta.

Is é aibiú déanach na dtorthaí a fhágann nach mór an grúdaireacht a dhéanamh ó mhí na Samhna amach den chuid is mó. Ó tharla na teochtaí a bheith níos ísle sa tréimhse seo ná mar a bhíonn siad i mí Mheán Fómhair agus i mí Dheireadh Fómhair, is go mall réidh a dhéantar an coipeadh, rud a fhágann gur féidir na cumhrachtaí a fhorbairt, cumhrachtaí ar saintréithe sonracha na ceirtlise “Cidre du Perche/Perche” iad.

Is é an dara coipeadh nádúrtha sa bhuidéal a thugann a tréith shúilíneach di, tréith atá beoga gan a bheith rófhlúirseach.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-964fa31f-76f5-4816-ad72-ff8e3bcb255a


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.