|
23.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CI 87/1 |
Fógra d’allmhaireoirí
Allmhairiú táirgí isteach san Aontas Eorpach faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin ó na limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais i gcúigí na hÚcráine Donetsk agus Luhansk
(2022/C 87 I/01)
Cuireann an Coimisiún Eorpach allmhaireoirí ar an eolas nach bhfuil na coinníollacha is gá i bhfeidhm chun gur féidir le húdaráis chustaim na hÚcráine bainistiú agus rialú éifeachtach a dhéanamh ar an gcóireáil fhabhrach taraife arna deonú faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Úcráine, den pháirt eile, le haghaidh táirgí a tháirgtear sna limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais i gcúigí na hÚcráine Donetsk agus Luhansk, nó le haghaidh earraí a onnmhairítear ó na limistéir sin.
In éagmais na féidearthachta go gcuirfeadh údaráis chustaim na hÚcráine forálacha ábhartha an Chomhaontaithe i bhfeidhm chun a ráthú go bhfuil táirgí ó na limistéir sin i dteideal cóireáil fhabhrach taraife agus chun a fhíorú go gcomhlíonann siad na ceanglais ar fad is gá, dá bhforáiltear go háirithe faoi Airteagal 33 de Phrótacal 1 den Chomhaontú Comhlachais, ní comhlíontar na coinníollacha chun gur féidir na hearraí sin tairbhiú den chóireáil fhabhrach taraife.
Dá bhrí sin, moltar d’oibreoirí san Aontas Eorpach gan cóireáil fhabhrach a éileamh le haghaidh allmhairiú isteach san Aontas Eorpach gach earra a tháirgtear sna limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais i gcúigí na hÚcráine Donetsk agus Luhansk, nó gach earra a onnmhairítear ó na limistéir sin, toisc go n-eascraíonn fiach custaim as scaoileadh na n-earraí sin i saorchúrsaíocht amhail ó dháta foilsithe an Fhógra seo.