23.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 87/2


Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frithdhumpála is infheidhme i dtaca le hallmhairí snáthanna ardrighnis as poileistir de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

(2022/C 87/02)

Tar éis fhoilsiú an Fhógra maidir le dul in éag atá le tarlú (1) i dtaca leis na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm ar allmhairí snáthanna ardrighnis as poileistir de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (“an tír lena mbaineann” nó “an tSín”), fuair an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) iarraidh ar athbhreithniú de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (2) (“an bun-Rialachán”).

1.   Iarraidh ar athbhreithniú

Is é CIRFS – European Manmade Fibres Association (“an t-iarratasóir”) a chuir an iarraidh isteach an 24 Samhain 2021 thar ceann thionscal an Aontais i leith snáthanna ardrighnis áirithe as poileistir de bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán.

Tá leagan oscailte den iarraidh mar aon le hanailís ar a mhéid a thacaíonn táirgeoirí de chuid an Aontais leis an iarraidh ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara. I roinn 5.6 den Fhógra seo, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar an gcomhad le haghaidh páirtithe leasmhara.

2.   Táirge faoi athbhreithniú

Is éard atá sa táirge faoin athbhreithniú seo ná snáth ardrighnis as poileistir, nach bhfuil cóirithe lena mhiondíol, lena n-áirítear aonfhiliméad ar lú ná 67 ndeiciteics, (seachas snáithe fuála nó snáth iolrach Z-chasta (fillte) nó cáblaithe, le haghaidh snáithe fuála a tháirgeadh, atá réidh lena ruaimniú agus le bailchríoch a chur air, casta go scaoilte timpeall ar fheadán plaisteach pollta), a thagann faoin gcód CN ex 5402 20 00 faoi láthair (cód TARIC 5402 2000 10). Is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar na cóid AC agus TARIC.

3.   Bearta atá ann cheana

Dleacht frithdhumpála chinntitheach arna forchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/325 ón gCoimisiún (3) arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1159 ón gCoimisiún (4) atá sna bearta atá i bhfeidhm faoi láthair.

4.   Forais leis an athbhreithniú

Tá an iarraidh bunaithe ar na forais gur dócha go leanfar den dumpáil agus den díobháil do thionscal an Aontais de thoradh dhul in éag na mbeart.

4.1.    An líomhain gur dócha go leanfar den dumpáil

Mhaígh an t-iarratasóir nach bhfuil sé iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tír lena mbaineann, i ngeall gurb ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a), pointe (b), den bhun-Rialachán.

Chun bunús a thabhairt leis na líomhaintí maidir le saobhadh suntasach, bhí an t-iarratasóir ag brath ar an bhfaisnéis atá sa tuarascáil tíre a chuir seirbhísí an Choimisiúin ar fáil an 20 Nollaig 2017 inar tugadh tuairisc ar imthosca sonracha an mhargaidh sa tír lena mbaineann (5). Go háirithe, rinne an t-iarratasóir tagairt do shaobhadh a bhí ann i ngeall ar bhaint a bheith ag an stát i gcoitinne le hearnáil na gceimiceán agus an stát a bheith ag déanamh difear don earnáil go sonrach), don roinn maidir le hamhábhair (a úsáidtear chun snáthanna ardrighnis as poileistir a tháirgeadh, i.e. aigéad teireatalach íonaithe agus gliocól eitiléine) agus rinne sé tagairt do chaibidlí maidir le saobhadh ginearálta fuinnimh agus saothair. .

Dá bhrí sin, i bhfianaise Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, an líomhain go bhfuiltear ag leanúint den dumpáil ón tír lena baineann, tá sí bunaithe ar chomparáid idir gnáthluach ríofa ar bhonn costais táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí (is í an Tuirc rogha an iarratasóra) agus praghas onnmhairiúcháin an táirge faoi athbhreithniú (ar leibhéal an phraghais díreach ón monarcha) ón tír lena mbaineann nuair a dhíoltar an táirge lena onnmhairiú chuig an Aontas.

Ar an mbonn sin, is suntasach na corrlaigh dhumpála a ríomhtar i gcás na tíre lena mbaineann.

I bhfianaise na faisnéise atá ar fáil, measann an Coimisiún gur leor an fhianaise atá ann de bhun Airteagal 5(9) den bhun-Rialachán a léiríonn de ghnáth, i ngeall ar shaobhadh suntasach a dhéanann difear do phraghsanna agus do chostais, go bhfuil úsáid na bpraghsanna agus na gcostas náisiúnta sa tír lena mbaineann míchuí, rud a fhágann gur gá imscrúdú a thionscnamh de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

Tá an tuarascáil tíre ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála (6).

4.2.    An líomhain gur dócha go leanfar den díobháil

Líomhnaíonn an t-iarratasóir gur dócha go leanfar den díobháil. I ndáil leis sin, chuir an t-iarratasóir fianaise leordhóthanach ar fáil go bhfuil allmhairí an táirge faoi athbhreithniú ón tír lena mbaineann chuig an Aontas fós suntasach i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí sciar den mhargadh.

I measc iarmhairtí eile, is éard a léiríonn an fhianaise a chuir an t-iarratasóir ar fáil go raibh tionchar diúltach ar leibhéal na bpraghsanna a bhí á ngearradh ag tionscal an Aontais de dheasca mhéid an táirge faoi athbhreithniú a allmhairíodh agus a chuid praghsanna, rud a d’fhág go raibh tionchar substaintiúil diúltach ar fheidhmíocht fhoriomlán agus ar staid airgeadais thionscal an Aontais.

Chuir an t-iarratasóir fianaise ar fáil freisin, dá ligfí do na bearta dul in éag, gur dócha go dtiocfaidh méadú ar leibhéal reatha allmhairí an táirge faoi athbhreithniú ón tír lena mbaineann chuig an Aontas de bharr gurb ann d’acmhainneacht neamhúsáidte saoráidí monaraíochta na dtáirgeoirí sa tír lena mbaineann agus de bharr a tharraingtí atá margadh an Aontais. Ina theannta sin, in éagmais beart, bheadh praghsanna onnmhairiúcháin na Síne ar leibhéal íseal go leor chun tuilleadh díobhála a dhéanamh do thionscal an Aontais.

5.   Nós imeachta

Arna chinneadh don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán, gur leor an fhianaise atá ann gur dócha go bhfuil dumpáil agus díobháil ann chun údar maith a thabhairt le tionscnamh an athbhreithnithe éaga, tá an Coimisiún, leis seo, ag tionscnamh athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán.

Is éard a chinnfear leis an athbhreithniú éaga, an dócha go leanfar den dumpáil nó go dtarlóidh sí arís de thoradh dhul in éag na mbeart maidir leis an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh na tíre lena mbaineann, agus an dócha go leanfar den díobháil do thionscal an Aontais nó go dtarlóidh sí arís.

Rud eile a chuireann an Coimisiún ar a súile do na páirtithe is ea an Fógra (7) a foilsíodh faoi na hiarmhairtí atá ag ráig COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais, imscrúduithe a bhféadfadh feidhm a bheith acu maidir leis an nós imeachta seo.

5.1.    Tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú

An t-imscrúdú chun a fháil amach an leanfar den dumpáil nó an dtarlóidh sí arís, cumhdóidh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021 (“tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin”). An t-imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an dóchúlacht go leanfar den díobháil nó go dtarlóidh sí arís, cumhdóidh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go deireadh thréimhse an imscrúdaithe (“an tréimhse faoi bhreathnú”).

5.2.    Barúlacha faoin iarraidh agus faoi thionscnamh an imscrúdaithe

Ní mór do na páirtithe leasmhara uile ar mian leo barúil a thabhairt maidir leis an iarraidh (lena n-áirítear ábhair a bhaineann leis an díobháil leanúint ar aghaidh nó tarlú arís nó le cúisíocht) nó aon ghné a bhaineann le tionscnamh an imscrúdaithe (lena n-áirítear an méid tacaíochta don iarraidh) é sin a dhéanamh laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (8).

Ní mór aon iarraidh ar éisteacht maidir le tionscnamh an imscrúdaithe a chur isteach laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.

5.3.    Nós imeachta um chinneadh na dóchúlachta go leanfar den dumpáil nó go dtarlóidh sí arís

In athbhreithniú éaga, déanann an Coimisiún scrúdú ar allmhairí a cuireadh chuig an Aontas i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin agus, gan beann ar allmhairí chuig an Aontas, measann sé an rud é, de thoradh staid na gcuideachtaí a tháirgeann agus a dhíolann an táirge faoi athbhreithniú sa tír lena mbaineann, gurb amhlaidh gur dócha go leanfar den allmhairiú ar phraghsanna dumpáilte nó go dtarlóidh sé arís má théann na bearta in éag.

Dá bhrí sin, táirgeoirí (9) uile a allmhairíonn an táirge faoi athbhreithniú chuig an Aontas ón tír lena mbaineann, lena n-áirítear na táirgeoirí nár chomhoibrigh leis an imscrúdú arb iad na bearta atá i bhfeidhm ba thoradh air, iarrtar orthu a bheith rannpháirteach in imscrúdú an Choimisiúin.

5.3.1.   Imscrúdú a dhéanamh ar tháirgeoirí sa tír lena mbaineann

Ó tharla go bhféadfadh líon mór táirgeoirí sa tír lena mbaineann a bheith bainteach leis an athbhreithniú éaga seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh de na teorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur le líon réasúnta táirgeoirí a ndéanfar imscrúdú orthu trí shampla a roghnú (déantar tagairt don phróiseas sin freisin leis an bhfocal “sampláil”). Déanfar an tsampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, iarrtar ar gach táirgeoir, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a cheann, lena n-áirítear na táirgeoirí nár chomhoibrigh leis an imscrúdú arb iad na bearta atá faoi réir an athbhreithnithe seo ba thoradh air, an fhaisnéis faoina chuideachtaí a chur ar fáil don Choimisiún laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo. Ní mór an fhaisnéis seo a chur ar fáil trí TRON.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi/form/R760_SAMPLING_FORM_FOR_EXPORTING_PRODUCER . I roinn 5.6 agus roinn 5.9 thíos, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar TRON.tdi.

An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach chun an sampla de tháirgeoirí a roghnú, chun an fhaisnéis sin a fháil, déanfaidh sé teagmháil le húdaráis na tíre lena mbaineann freisin agus féadfaidh sé teagmháil a dhéanamh le haon chomhlachas aitheanta táirgeoirí sa tír lena mbaineann.

Má tá gá le sampla, roghnófar na tairgeoirí ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó táirgeadh, díolachán nó allmhairí ar féidir imscrúdú a dhéanamh air go réasúnta laistigh den am atá ar fáil. Gach táirgeoir aitheanta sa tír lena mbaineann, údaráis na tíre lena mbaineann, agus comhlachais táirgeoirí, tabharfaidh an Coimisiún fógra dóibh, trí údaráis na tíre lena mbaineann más iomchuí, faoi na cuideachtaí a roghnaíodh le bheith sa sampla.

Nuair a gheobhaidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá chun sampla de tháirgeoirí a roghnú, cuirfidh sé na páirtithe lena mbaineann ar an eolas faoina chinneadh iad a roghnú nó gan iad a roghnú le bheith sa sampla. Beidh ar na táirgeoirí sampláilte ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra dóibh faoin gcinneadh iad a roghnú le bheith sa sampla, mura sonraítear a mhalairt.

Cuirfidh an Coimisiún nóta leis an gcomhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara a léireoidh roghnú an tsampla. Ní mór aon bharúil maidir le roghnú an tsampla a fháil laistigh de 3 lá ón dáta a tugadh fógra an chinnidh faoin sampla.

Tá cóip den cheistneoir do tháirgeoirí sa tír lena mbaineann ar fáil sa chomhad le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála (https://trade.ec.europa.eu/tdi/case_details.cfm?id=2582).

Gan dochar do chur i bhfeidhm féideartha Airteagal 18 den bhun-Rialachán, na cuideachtaí a bhí toilteanach a bheith sa sampla ach nár roghnaíodh iad le bheith ann, measfar gur cuideachtaí comhoibríocha atá iontu.

5.3.2.   Nós imeachta breise maidir leis an tír lena mbaineann atá faoi réir saobhadh suntasach

Faoi réir fhorálacha an Fhógra seo, leis seo, iarrtar ar gach páirtí leasmhar a chuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach, agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Mura sonraítear a mhalairt, ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.

Go háirithe, iarrann an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara uile a dtuairim a chur in iúl maidir leis na hionchuir agus maidir le cóid an Chórais Chomhchuibhithe (HS) a sholáthraítear san iarraidh, tír ionadaíoch nó tíortha ionadaíocha iomchuí a mholadh agus céannacht táirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú sna tíortha sin a chur ar fáil. Ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.

De bhun Airteagal 2(6a), pointe (e) den bhun-Rialachán, go luath tar éis dó an t-imscrúdú a thionscnamh, cuirfidh an Coimisiún na páirtithe san imscrúdú ar an eolas faoi na foinsí ábhartha a bhfuil sé beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach sa tír lena mbaineann a chinneadh de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, agus déanfaidh sé amhlaidh trí bhíthin nóta a ghabhann leis an gcomhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara. Cumhdófar leis sin na foinsí uile, lena n-airítear, i gcás inarb iomchuí, roghnú tríú tír iomchuí. Nuair a chuirfear an nóta leis an gcomhad sin, beidh 10 lá ag na páirtithe san imscrúdú ón dáta sin chun a gcuid barúlacha a chur isteach.

De réir na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún, d’fhéadfadh an Tuirc a bheith ina tríú tír ionadaíoch don tír lena mbaineann sa chás seo. D’fhonn an tríú tír ionadaíoch iomchuí a roghnú ar deireadh, scrúdóidh an Coimisiún an bhfuil tíortha ann a bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche acu atá comhchosúil le leibhéal forbartha eacnamaíche na tíre lena mbaineann, ina bhfuil táirgeadh agus díolachán an táirge faoi athbhreithniú agus ina bhfuil sonraí ábhartha ar fáil go héasca. I gcás ina bhfuil níos mó ná rogha amháin ann i ndáil le tír ionadaíoch, tabharfar tús áite, i gcás inarb iomchuí, do thíortha inar leordhóthanach leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil atá iontu.

Maidir leis na foinsí ábhartha, iarrann an Coimisiún ar tháirgeoirí uile na tíre lena mbaineann faisnéis a chur ar fáil maidir leis na hábhair (amhábhair agus ábhair phróiseáilte) agus fuinneamh a úsáidtear chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo. Ní mór an fhaisnéis seo a chur ar fáil trí TRON.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi/form/R760_INFO_ON_INPUTS_FOR_EXPORTING_PRODUCER_FORM . I roinn 5.6 agus roinn 5.9 thíos, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar TRON.tdi.

Thairis sin, ní mór aon fhaisnéis fhíorasach a chuirtear isteach chun luach a chur ar chostais agus ar phraghsanna de bhun phointe (a) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chomhdú laistigh de 65 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo. Níor cheart faisnéis fhíorasach den sórt sin a thógáil ach amháin ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí.

An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe i ndáil le saobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, chun an fhaisnéis sin a fháil, cuirfidh an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na tíre lena mbaineann freisin.

5.3.3.   Imscrúdú a dhéanamh ar allmhaireoirí neamhghaolmhara (10) (11)

Allmhaireoirí neamhghaolmhara a allmhairíonn an táirge faoi athbhreithniú chuig an Aontas ón tír lena mbaineann, lena n-áirítear na hallmhaireoirí nár chomhoibrigh leis an imscrúdú arb iad na bearta atá i bhfeidhm ba thoradh air, iarrtar orthu a bheith rannpháirteach san imscrúdú seo.

Ó tharla go bhféadfadh líon mór allmhaireoirí neamhghaolmhara a bheith bainteach leis an athbhreithniú éaga seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh de na teorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur le líon allmhaireoirí neamhghaolmhara réasúnta a ndéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú (déantar tagairt don phróiseas sin freisin leis an bhfocal “sampláil”). Déanfar an tsampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, iarrtar ar gach allmhaireoir neamhghaolmhar, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a cheann, lena n-áirítear na hallmhaireoirí nár chomhoibrigh leis an imscrúdú arb iad na bearta atá faoi réir an athbhreithnithe seo ba thoradh air, iad féin a chur in aithne don Choimisiún. Ní mór do na páirtithe sin déanamh amhlaidh laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, tríd an bhfaisnéis faoina gcuideachta nó faoina gcuideachtaí arna hiarraidh san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhFógra seo a thabhairt don Choimisiún.

An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach chun an sampla d’allmhaireoirí neamhghaolmhara a roghnú, chun an fhaisnéis sin a fháil, féadfaidh sé teagmháil a dhéanamh freisin le haon chomhlachas aitheanta táirgeoirí.

Má tá gá le sampla, féadfar na hallmhaireoirí a roghnú ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó díolachán den táirge faoi athbhreithniú ón tír lena mbaineann san Aontas, ar méid é ar féidir imscrúdú a dhéanamh air go réasúnta laistigh den am atá ar fáil. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do gach allmhaireoir neamhghaolmhar aitheanta agus do gach comhlachas aitheanta allmhaireoirí faoi na cuideachtaí a roghnaíodh le bheith sa sampla.

Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún nóta leis an gcomhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara a léireoidh roghnú an tsampla. Ní mór aon bharúil maidir le roghnú an tsampla a fháil laistigh de 3 lá ón dáta a tugadh fógra an chinnidh faoin sampla.

An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe, chun an fhaisnéis sin a fháil, cuirfidh sé ceistneoirí ar fáil do na hallmhaireoirí neamhghaolmhara sampláilte. Ní mór do na páirtithe sin ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra faoi roghnú an tsampla, mura sonraítear a mhalairt.

Tá cóip den cheistneoir d’allmhaireoirí neamhghaolmhara ar fáil sa chomhad le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála (https://trade.ec.europa.eu/tdi/case_details.cfm?id=2582).

5.4.    Nós imeachta um chinneadh na dóchúlachta go leanfar den díobháil nó go dtarlóidh sí arís

Chun a shuíomh an dócha go leanfar den díobháil do thionscal an Aontais nó go dtarlóidh sí arís, iarrann an Coimisiún ar tháirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú san Aontas a bheith rannpháirteach san imscrúdú.

5.4.1.   Imscrúdú a dhéanamh ar tháirgeoirí de chuid an Aontais

Ó tharla go bhféadfadh líon mór táirgeoirí de chuid an Aontais a bheith bainteach leis an athbhreithniú éaga seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh de na teorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur le líon réasúnta táirgeoirí de chuid an Aontais a ndéanfar imscrúdú orthu trí shampla a roghnú (déantar tagairt don phróiseas sin freisin leis an bhfocal “sampláil”). Déantar an tsampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

Tá sampla de tháirgeoirí de chuid an Aontais roghnaithe go sealadach ag an gCoimisiún. Is féidir sonraí a fháil sa chomhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara.

Leis seo, iarrtar ar pháirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt maidir leis an sampla sealadach. Táirgeoirí eile de chuid an Aontais, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a gceann, lena n-airítear táirgeoirí de chuid an Aontais nár chomhoibrigh san imscrúdú arb iad na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair ba thoradh air, ar táirgeoirí iad a mheasann go bhfuil cúiseanna ann ar cheart dóibh a bheith sa sampla, ní mór dóibh dul i dteagmháil leis an gCoimisiún laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo. Ní mór na barúlacha ar fad maidir leis an sampla sealadach a fháil laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt.

Tabharfaidh an Coimisiún fógra sa sampla do gach táirgeoir aitheanta de chuid an Aontais agus/nó do gach comhlachas aitheanta táirgeoirí de chuid an Aontais faoi na cuideachtaí a roghnaíodh faoi dheireadh le bheith sa sampla.

Beidh ar na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra dóibh faoin gcinneadh iad a roghnú le bheith sa sampla, mura sonraítear a mhalairt.

Tá cóip den cheistneoir le haghaidh tháirgeoirí an Aontais ar fáil sa chomhad lena scrúdú ag páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála (https://trade.ec.europa.eu/tdi/case_details.cfm?id=2582).

5.5.    Nós imeachta um leas an Aontais a mheasúnú

Má dheimhnítear gur dócha go leanfar den dumpáil agus den díobháil nó go dtarlóidh siad arís, déanfar cinneadh, de bhun Airteagal 21 den bhun-Rialachán, an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais dá gcoinneofaí na bearta frith-dhumpála i bhfeidhm.

Táirgeoirí de chuid an Aontais agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí tomhaltóirí ionadaíocha, iarrfar orthu faisnéis a thabhairt don Choimisiún maidir le leas an Aontais.

Aon fhaisnéis maidir le measúnú ar leas an Aontais, ní mór í a chur isteach laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt. Féadfar an fhaisnéis sin a sholáthar i bhformáid shaor, sin nó an ceistneoir atá ullmhaithe ag an gCoimisiún a líonadh isteach.

Tá cóip de na ceistneoirí, lena n-áirítear an ceistneoir d’úsáideoirí an táirge atá faoi athbhreithniú, ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála (https://trade.ec.europa.eu/tdi/case_details.cfm?id=2582). In aon chás, aon fhaisnéis a chuirtear isteach de bhun Airteagal 21, ní chuirfear san áireamh í ach amháin má tá fianaise fhíorasach ann a thacaíonn le bailíocht na fianaise sin tráth a chuirtear isteach í.

5.6.    Páirtithe leasmhara

Chun bheith rannpháirteach san imscrúdú, ní mór do pháirtithe leasmhara, amhail táirgeoirí sa tír lena mbaineann, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí tomhaltóirí ionadaíocha, ní mór dóibh a léiriú i dtús báire gurb ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi athbhreithniú.

Táirgeoirí sa tír lena mbaineann, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus comhlachais ionadaíocha a chuir faisnéis ar fáil i gcomhréir leis na nósanna imeachta a bhfuil tuairisc orthu i roinn 5.3.1, roinn 5.3.3 agus roinn 5.4.1, measfar gur páirtithe leasmhara atá iontu má tá nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi athbhreithniú.

Ní bheidh páirtithe eile in ann a bheith rannpháirteach san imscrúdú mar pháirtithe leasmhara go dtí go gcuirfidh siad iad féin in aithne, agus ar choinníoll gurb ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi athbhreithniú. Má mheastar gur páirtithe leasmhara iad, tá sé gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 18 den bhun-Rialachán.

Déantar rochtain ar an gcomhad atá ar fáil do pháirtithe leasmhara lena iniúchadh trí TRON.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI. Lean na treoracha ar an leathanach sin chun rochtain a fháil (12).

5.7.    Aighneachtaí eile i scríbhinn

Faoi réir fhorálacha an Fhógra seo, iarrtar ar gach páirtí leasmhar, leis seo, a chuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach, agus fianaise thacaíochta a sholáthar. Mura sonraítear a mhalairt, ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.

5.8.    Deis éisteacht a fháil le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin

Féadfaidh gach páirtí leasmhar éisteacht le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin a iarraidh. Ní mór aon iarraidh ar éisteacht a fháil a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór cúiseanna na hiarrata a shonrú ann chomh maith le hachoimre ar an méid is mian leis an bpáirtí leasmhar a phlé le linn na héisteachta. Beidh an éisteacht teoranta do na saincheisteanna a leag na páirtithe leasmhara amach i scríbhinn roimh ré.

I bprionsabal, ní bhainfear úsáid as éisteachtaí chun faisnéis fhíorasach nach bhfuil ar chomhad fós a chur i láthair. Mar sin féin, ar mhaithe le dea-riarachán agus chun seirbhísí an Choimisiúin a chumasú chun dul ar aghaidh leis an imscrúdú, féadfar treoir a thabhairt do pháirtithe leasmhara faisnéis fhíorasach nua a sholáthar tar éis éisteachta.

5.9.    Treoracha maidir le haighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh, agus maidir le ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras a sheoladh

Maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche imscrúduithe cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipchirt. Ní mór do pháirtithe leasmhara, sula gcuirfidh siad faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipchearta tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear don Choimisiún a) an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críoch an nós imeachta cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú seo i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gcearta chun cosanta a fheidhmiú.

Gach aighneacht i scríbhinn, lena n-áirítear an fhaisnéis a iarrtar san fhógra seo, ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras arna gcur ar fáil ag páirtithe leasmhara a n-iarrtar gur i modh rúin a chaithfear leo, is mar “Íogair” (13) a dhéanfar iad a lipéadú. Páirtithe a chuireann faisnéis isteach le linn an imscrúdaithe seo, iarrtar orthu cúis a thabhairt lena n-iarraidh go gcaithfí i modh rúin leo.

Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis “íogair” achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 19(2) den bhun-Rialachán, achoimrí a gcuirfear lipéad orthu a shonrófar “lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara”. Ní mór do na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe a ndóthain ionas go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún a thuiscint go réasúnta. Mura féidir leis an bpáirtí a sholáthraíonn faisnéis rúnda cúis mhaith a thaispeáint lena iarraidh gur i modh rúin a gcaithfí léi nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus sa cháilíocht a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart.

Iarrtar ar pháirtithe leasmhara gach aighneacht agus iarraidh a dhéanamh trí TRON.tdi (https://tron.trade.ec.europa.eu/ tron/TDI) lena n-áirítear iarratas ar chlárúchán mar pháirtí leasmhar, cumhachtaí aturnae agus bileoga deimhniúcháin scanta. Trí úsáid a bhaint as TRON.tdi nó ríomhphost, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go gcomhaontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad dar teideal “CORRESPONDENCE WITH THE EUROPEAN COMMISSION IN TRADE DEFENCE CASES” [COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA], doiciméad a foilsíodh ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: http://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2011/june/tradoc_148003.pdf. Ní mór do na páirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuireann siad ar fáil, agus gur seoladh é a sheiceáiltear gach lá. Tráth a chuirfear sonraí teagmhála ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, seachas sa chás go n-iarrfaidh siad na doiciméid uile ar an gCoimisiún trí mheán eile cumarsáide go sainráite, nó mura rud é gur gá post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear prionsabail a bhaineann le haighneachtaí trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, ba cheart do pháirtithe leasmhara féachaint ar na treoracha maidir le cumarsáid le páirtithe leasmhara dá dtagraítear thuas.

Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais:

an Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na Trádála

Stiúrthóireacht G

Oifig: CHAR 04/039

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

TRON. tdi: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi

Ríomhphost:

TRADE-R760-HTYP-INJURY@ec.europa.eu

TRADE-R760-HTYP-DUMPING@ec.europa.eu

6.   Sceideal an imscrúdaithe

De ghnáth, cuirfear an t-imscrúdú i gcrích laistigh de 12 mhí agus in aon chás tráth nach déanaí ná 15 mhí ó dháta foilsithe an Fhógra seo, de bhun Airteagal 11(5) den bhun-Rialachán.

7.   Faisnéis a chur isteach

De ghnáth, ní fhéadfaidh na páirtithe leasmhara faisnéis a chur isteach ach amháin sna tréimhsí a shonraítear i roinn 5 den Fhógra seo.

D’fhonn an t-imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh de na spriocdhátaí éigeantacha, ní ghlacfaidh an Coimisiún le haighneachtaí ó pháirtithe leasmhara tar éis an spriocdháta chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh nó, más infheidhme, tar éis an spriocdháta chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh breise.

8.   Deis barúlacha a thabhairt maidir le haighneachtaí páirtithe eile

Chun cearta na cosanta a ráthú, ba cheart an deis a bheith ag páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir le faisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile isteach. Agus sin á dhéanamh acu, ní fhéadfaidh páirtithe leasmhara aghaidh a thabhairt ach ar na saincheisteanna a ardaítear in aighneachtaí na bpáirtithe leasmhara eile agus ní fhéadfaidh siad saincheisteanna nua a tharraingt anuas.

Na barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar nochtadh na dtorthaí cinntitheacha, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 5 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis na torthaí cinntitheacha, mura sonraítear a mhalairt. Más ann don nochtadh deiridh breise, na barúlacha faoin bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar nochtadh eile na dtorthaí cinntitheacha sin, ba cheart iad sin a chur isteach laistigh de 1 lá ón sprioc-am chun barúil a thabhairt maidir le nochtadh breise sin, mura sonraítear a mhalairt.

Tá na tréimhsí a leagtar amach gan dochar do cheart an Choimisiúin faisnéis bhreise a iarraidh ar pháirtithe leasmhara i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

9.   Síneadh a chur leis na teorainneacha ama a shonraítear san Fhógra seo

Féadfar síntí ar theorainneacha ama dá bhforáiltear san Fhógra seo a dheonú arna iarraidh sin do pháirtithe leasmhara a léiríonn cúis chuí.

Níor chóir aon síneadh ar na teorainneacha ama dá bhforáiltear san Fhógra seo a iarraidh ach amháin in imthosca eisceachtúla agus ní dheonófar é ach amháin má tá údar cuí leis. I gcás ar bith, beidh teorainn 3 lá de ghnáth le síneadh ar an sprioc-am chun freagra a thabhairt ar cheistneoirí, agus mar riail ghinearálta ní rachaidh sé thar 7 lá. Teorainneacha ama maidir le faisnéis eile a shonraítear san Fhógra tionscnaimh a chur isteach, beidh teorainn 3 lá leis na síntí ach amháin má léirítear gurb ann d’imthosca eisceachtúla.

10.   Neamh-chomhoibriú

I gcás ina ndiúltaíonn aon pháirtí leasmhar rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis is gá nó mura gcuireann sé an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de na teorainneacha ama, nó má chuireann sé bac suntasach ar an imscrúdú, féadfar na torthaí, bíodh siad deimhneach nó diúltach, a bhunú ar na fíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

I gcás inar léir gur sholáthair páirtí leasmhar faisnéis bhréagach nó mhíthreorach, féadfar neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin agus féadfar úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil.

Mura gcomhoibríonn páirtí leasmhar nó mura gcomhoibríonn sé ach i bpáirt agus, dá bhrí sin, má tá na torthaí bunaithe ar fhíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an toradh chomh fabhrach céanna don pháirtí sin agus a bheadh dá mbeadh comhoibriú déanta aige.

Ní mheasfar gur neamh-chomhoibriú é mainneachtain freagra leictreonach a thabhairt, ar choinníoll go léiríonn an páirtí leasmhar go mbeadh ualach breise nó costas breise mí-réasúnach mar thoradh ar an bhfreagra a thabhairt ar an mbealach ar iarradh é. Ba cheart don pháirtí leasmhar teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún láithreach.

11.   Oifigeach Éisteachta

Féadfaidh páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta in imeachtaí trádála a iarraidh. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, ar iarrataí ar shíneadh teorainneacha ama agus ar aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta páirtithe leasmhara agus tríú páirtithe faoi mar a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn an imeachta.

Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta éisteachtaí a eagrú agus idirghabháil a dhéanamh idir an páirtí nó na páirtithe leasmhara agus seirbhísí an Choimisiúin chun a áirithiú go bhfuil cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara á bhfeidhmiú ina n-iomláine. Ba cheart iarraidh ar éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna atá leis na hiarrataí. Níor cheart na héisteachtaí sin a reáchtáil ach amháin murar réitíodh na saincheisteanna le seirbhísí an Choimisiúin in am trátha.

Ní mór aon iarraidh a chur isteach in am trátha agus go gasta ionas nach gcuirfear stiúradh ordúil na n-imeachtaí i mbaol. Chuige sin, ba cheart do na páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh a luaithe is féidir tar éis an teagmhais arb é is údar le hidirghabháil den sórt sin a bheith ann. I gcás ina gcuirtear iarrataí éisteachta isteach lasmuigh de na tréimhsí ábhartha, déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú freisin ar na cúiseanna le hiarrataí déanacha den sórt sin, ar chineál na saincheisteanna a tarraingíodh anuas agus ar thionchar na saincheisteanna sin ar chearta cosanta, ag féachaint go cuí do leasanna dea-riaracháin agus do chríochnú tráthúil an imscrúdaithe.

Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: http://ec.europa.eu/trade/trade-policy-and-you/contacts/hearing-officer/.

12.   Deis athbhreithniú a iarraidh faoi Airteagal 11(3) den bhun-Rialachán

Ó tharla go dtionscnaítear an t-athbhreithniú éaga seo i gcomhréir le forálacha Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán, ní leasófar na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair i ngeall ar thorthaí an athbhreithnithe, ach déanfar na bearta sin a aisghairm nó a choinneáil ar bun i gcomhréir le hAirteagal 11(6) den bhun-Rialachán.

Má mheasann aon pháirtí leasmhar go bhfuil údar le hathbhreithniú ar na bearta ar dhóigh a d’fhágfadh go bhféadfaí na bearta a leasú, féadfaidh an páirtí sin athbhreithniú a iarraidh de bhun Airteagal 11(3) den bhun-Rialachán.

Aon pháirtí ar mian leis athbhreithniú den sórt sin a iarraidh, ar athbhreithniú é a dhéanfaí go neamhspleách ar an athbhreithniú éaga a luaitear san Fhógra seo, féadfaidh sé dul i dteagmháil leis an gCoimisiún ag an seoladh a shonraítear thuas.

13.   Sonraí pearsanta a phróiseáil

Is i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) a chaithfear le haon sonraí pearsanta a bhaileofar san imscrúdú seo.

Tá fógra cosanta sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, fógra a chuireann gach duine aonair ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin: http://ec.europa.eu/trade/policy/accessing-markets/trade-defence/


(1)  IO C 205, 31.5.2021, lch. 4.

(2)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/325 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí snáthanna ardrighnis as poileistir de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 49, 25.2.2017, lch. 6).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1159 an 29 Meitheamh 2017 ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1105/2010 ón gComhairle agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/325 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis an sainmhíniú ar raon feidhme an táirge sna bearta frithdhumpála atá ann faoi láthair maidir le hallmhairí snáthanna ardrighnis poileistir de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, agus lena ndéantar foráil go bhféadfaí dleachtanna a aisíoc nó a loghadh i gcásanna áirithe (IO L 167, 30.6.2017, lch. 31).

(5)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála, an 20 Nollaig 2017, SWD(2017) 483 final/2, ar fáil faoi: https://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2017/december/tradoc_156474.pdf

(6)  Féadfar na doiciméid a luaitear sa tuarascáil tíre a fháil freisin arna iarraidh sin go cuí-réasúnaithe.

(7)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52020XC0316%2802%29

(8)  Is ionann gach tagairt d’fhoilsiú an Fhógra seo agus tagairt d’fhoilsiú an Fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, mura sonraítear a mhalairt.

(9)  Is éard is táirgeoir ann aon chuideachta sa tír lena mbaineann a tháirgeann an táirge faoi athbhreithniú, lena n-áirítear aon cheann dá chuideachtaí gaolmhara a bhfuil baint aici le táirgeadh, díolacháin intíre nó onnmhairí an táirge faoi athbhreithniú.

(10)  Ní féidir ach allmhaireoirí nach bhfuil gaol acu leis na táirgeoirí sa tír nó sna tíortha lena mbaineann a shampláil, agus iad amháin. Ní mór d’allmhaireoirí atá gaolmhar le táirgeoirí Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gceistneoir le haghaidh na dtáirgeoirí sin a líonadh isteach. I gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, measfar beirt a bheith gaolmhar le chéile: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más le tríú páirtí 5 % nó níos mó de na stoic nó de na scaireanna le cearta vótála de chuid na beirte acu, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má rialaíonn duine amháin acu an duine eile go díreach nó go hindíreach; (f) má tá an bheirt acu faoi stiúradh díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; nó (h) más baill den teaghlach céanna iad (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558). Ní mheasfar daoine a bheith in aon teaghlach le chéile ach amháin má tá siad in aon ghaol acu seo a leanas le chéile: (i) fear céile agus bean chéile, (ii) tuismitheoir agus leanbh, (iii) deartháir agus deirfiúr (más ionann athair agus máthair dóibh nó más ionann tuismitheoir amháin dóibh), (iv) seanathair nó seanmháthair agus garleanbh, (v) uncail nó aintín agus nia nó neacht, (vi) tuismitheoir céile agus cliamhain nó banchliamhain, (vii) deartháir céile agus deirfiúr chéile. I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, ciallaíonn “duine” duine nádúrtha, duine dlítheanach agus aon chumann de dhaoine nach bhfuil ina dhuine dlítheanach ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlí a dhéanamh (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(11)  Na sonraí a chuireann allmhaireoirí neamhghaolmhara ar fáil, féadfar iad a úsáid i ndáil le gnéithe den imscrúdú seo nach mbaineann leis an dumpáil a chinneadh.

(12)  I gcás fadhbanna teicniúla, déan teagmháil leis an Deasc Seirbhíse Trádála trí ríomhphost a sheoladh chuig trade-service-desk@ec.europa.eu nó ar an nguthán +32 22979797.

(13)  Is éard is doiciméad “íogair” ann doiciméad a meastar é a bheith rúnda de bhun Airteagal 19 den bhun-Rialachán agus Airteagal 6 de Chomhaontú EDT maidir le cur chun feidhme Airteagal VI de GATT 1994 (An Comhaontú Frithdhumpála). Is doiciméad é freisin atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(14)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN

Leagan “íogair”

Leagan “lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara”

(cuir tic sa bhosca iomchuí)

IMEACHTAÍ FRITHDHUMPÁLA I NDÁIL LE HALLMHAIRÍ SNÁTHANNA ARDRIGHNIS AS POILEISTIR DE THIONSCNAMH DHAON-PHOBLACHT NA SÍNE

FAISNÉIS MAIDIR LE SAMPLA NA N-ALLMHAIREOIRÍ NEAMHGHAOLMHARA A ROGHNÚ

Tá an fhoirm seo ceaptha chun cabhrú le hallmhaireoirí neamhghaolmhara freagairt don iarraidh ar fhaisnéis shamplála a dhéantar i bpointe 5.3.3 den fhógra tionscnaimh.

Ba cheart an leagan “íogai” r agus an leagan “lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara” a chur ar ais chuig an gCoimisiún mar a leagtar amach san fhógra tionscnaimh.

1.   CÉANNACHT AGUS SONRAÍ TEAGMHÁLA

Tabhair na sonraí seo a leanas faoi do chuideachta:

Ainm na cuideachta

 

Seoladh

 

Teagmhálaí

 

Seoladh ríomhphoist

 

Teileafón

 

2.   LÁIMHDEACHAS AGUS MÉID NA NDÍOLACHÁN

Léirítear láimhdeachas iomlán na cuideachta in euro (EUR), an luach in euro (EUR) agus an méid i dtonaí i gcás allmhairí chuig an Aontas agus athdhíol ar mhargadh an Aontais tar éis allmhairiú ó Dhaon-Phoblacht na Síne, le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, an táirge faoi athbhreithniú mar a shainmhínítear san fhógra tionscnaimh.

 

Méid i dtonaí

Luach in euro (EUR)

Láimhdeachas iomlán do chuideachta in euro (EUR)

 

 

Allmhairiú an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an Aontas

 

 

Allmhairiú an táirge faoi athbhreithniú chuig an Aontas (de gach tionscnamh)

 

 

Athdhíol ar mhargadh an Aontais tar éis an táirge faoi athbhreithniú a allmhairiú ó Dhaon-Phoblacht na Síne

 

 

3.   GNÍOMHAÍOCHTAÍ DO CHUIDEACHTA FÉIN AGUS NA GCUIDEACHTAÍ GAOLMHARA (1)

Tabhair sonraí maidir le gníomhaíochtaí beachta na cuideachta agus gach cuideachta gaolmhaire (liostaigh iad agus sonraigh an gaol idir iad agus do chuideachta) atá bainteach le táirgeadh agus/nó díol (onnmhairiúcháin agus/nó intíre) an táirge faoi athbhreithniú. D’fhéadfaí a áireamh ar ghníomhaíochtaí den sórt sin ceannach an táirge faoi athbhreithniú, é a tháirgeadh faoi shocruithe fochonraitheoireachta, nó é a phróiseáil nó a thrádáil, ach gan a bheith teoranta don mhéid sin.

Ainm na cuideachta agus suíomh na cuideachta

Gníomhaíochtaí

Gaol

 

 

 

 

 

 

 

 

 

4.   FAISNÉIS EILE

Tabhair aon fhaisnéis ábhartha eile a mheasann an chuideachta a bheith úsáideach chun cuidiú leis an gCoimisiún an sampla a roghnú.

5.   DEIMHNIÚCHÁN

Tríd an bhfaisnéis thuasluaite a chur ar fáil, comhaontaíonn an chuideachta go bhféadfaí í a chur san áireamh sa sampla. Má roghnaítear an chuideachta le bheith mar chuid den sampla, is é a bheidh i gceist leis sin ceistneoir a líonadh isteach agus glacadh le cuairt ar a háitreabh chun a freagra a fhíorú. Má thugann an chuideachta le fios nach gcomhaontaíonn sí lena cur isteach sa sampla, measfar nár chomhoibrigh sí leis an imscrúdú. Tá torthaí an Choimisiúin maidir le hallmhaireoirí neamh-chomhoibríocha bunaithe ar na fíricí atá ar fáil agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh an toradh chomh fabhrach don chuideachta sin agus a bheadh dá mbeadh comhoibriú déanta aici.

Síniú an oifigigh údaraithe:

Ainm agus teideal an oifigigh údaraithe:

Dáta:


(1)  I gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, measfar beirt a bheith gaolmhar le chéile: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más le tríú páirtí 5 % nó níos mó de na stoic nó de na scaireanna le cearta vótála de chuid na beirte acu, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má rialaíonn duine amháin acu an duine eile go díreach nó go hindíreach; (f) má tá an bheirt acu faoi stiúradh díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; nó (h) más baill den teaghlach céanna iad (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558). Ní mheasfar daoine a bheith in aon teaghlach le chéile ach amháin má tá siad in aon ghaol acu seo a leanas le chéile: (i) fear céile agus bean chéile, (ii) tuismitheoir agus leanbh, (iii) deartháir agus deirfiúr (más ionann athair agus máthair dóibh nó más ionann tuismitheoir amháin dóibh), (iv) seanathair nó seanmháthair agus garleanbh, (v) uncail nó aintín agus nia nó neacht, (vi) tuismitheoir céile agus cliamhain nó banchliamhain, (vii) deartháir céile agus deirfiúr chéile. I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, ciallaíonn “duine” duine nádúrtha, duine dlítheanach agus aon chumann de dhaoine nach bhfuil ina dhuine dlítheanach ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlí a dhéanamh (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).