18.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 80/1


TEACHTAIREACHT ÓN GCOIMISIÚN —

Treoirlínte maidir le státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh 2022

(2022/C 80/01)

Clár na nÁbhar

1.

RÉAMHRÁ 8

2.

RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE 9

2.1

Raon Feidhme 9

2.2

Bearta cabhrach a chumhdaítear leis na treoirlínte seo 10

2.3

Struchtúr na dtreoirlínte 11

2.4

Sainmhínithe 11

3.

MEASÚNÚ COMHOIRIÚNACHTA FAOI AIRTEAGAL 107(3), POINTE (C), DEN CHONRADH 21

3.1

Coinníoll dearfach: ní mór don chabhair forbairt gníomhaíochta eacnamaíche a éascú 22

3.1.1

Sainaithint na gníomhaíochta eacnamaíche atá á éascú ag an mbeart, a éifeachtaí dearfacha don tsochaí i gcoitinne agus, i gcás inarb infheidhme, a hábharthacht do bheartais shonracha an Aontais 22

3.1.2

Éifeacht dreasachta 22

3.1.3

Níor sáraíodh aon fhoráil ábhartha de dhlí an Aontais 23

3.2

Coinníoll diúltach: ní cheart don bheart cabhrach dochar a dhéanamh do dhálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann 23

3.2.1

Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála 23

3.2.1.1

Riachtanas na cabhrach 23

3.2.1.2

Oiriúnacht 24

3.2.1.2.1

Oiriúnacht i measc ionstraimí eile beartais 25

3.2.1.2.2

Oiriúnacht i measc ionstraimí éagsúla cabhrach 25

3.2.1.3

Comhréireacht 25

3.2.1.3.1

Carnadh 27

3.2.1.4

Trédhearcacht 27

3.2.2

Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil 28

3.3

Comparáid a dhéanamh idir éifeachtaí dearfacha agus éifeachtaí diúltacha na cabhrach ar iomaíocht agus ar thrádáil 29

4.

CATAGÓIRÍ CABHRACH 30

4.1

Cabhair chun astaíochtaí gas ceaptha teasa a laghdú agus a bhaint lena n-áirítear trí thacú le fuinneamh in-athnuaite agus le héifeachtúlacht fuinnimh 30

4.1.1

An Réasúnaíocht 30

4.1.2

Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht 31

4.1.2.1

Cabhair le haghaidh fuinneamh in-athnuaite 31

4.1.2.2

Cabhair eile chun astaíochtaí gás ceaptha teasa agus éifeachtúlacht fuinnimh a laghdú agus a bhaint 31

4.1.3

Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála 32

4.1.3.1

Riachtanas na cabhrach 32

4.1.3.2

Oiriúnacht 32

4.1.3.3

Incháilitheacht 32

4.1.3.4

Comhairliúchán poiblí 33

4.1.3.5

Comhréireacht 34

4.1.4

Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus ar thrádáil agus ar chomhardú 37

4.2

Cabhair chun feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh agus chomhshaoil foirgneamh 40

4.2.1

Réasúnaíocht maidir leis an gcabhair 40

4.2.2

Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht 40

4.2.3

Éifeachtdreasachta 41

4.2.4

Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála 41

4.2.4.1

Oiriúnacht 41

4.2.4.2

Comhréireacht 41

4.2.4.3

Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil agus cothromú 42

4.3

Cabhair le haghaidh soghluaisteacht ghlan 43

4.3.1

Cabhair chun feithiclí glana agus trealamh seirbhíse soghluaiste glan a fháil agus a leasú agus chun feithiclí agus trealamh seirbhíse soghluaiste a iarfheistiú 43

4.3.1.1

An réasúnaíocht atá ag an gcabhair 43

4.3.1.2

Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht 44

4.3.1.3

Éifeacht dreasachta 44

4.3.1.4

Saobhadh iomaíochta agus trádála a íoslaghdú 44

4.3.1.4.1

Oiriúnacht 44

4.3.1.4.2

Comhréireacht 44

4.3.1.5

Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus ar thrádáil agus ar chomhardú 46

4.3.2

Cabhair chun bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe a úsáid 47

4.3.2.1

Réasúnaíocht maidir leis an gcabhair 47

4.3.2.2

Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht 47

4.3.2.3

Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála 47

4.3.2.3.1

Riachtanas na cabhrach 47

4.3.2.3.2

Oiriúnacht 48

4.3.2.3.3

Comhréireacht 48

4.3.2.4

Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil agus cothromú 49

4.4

Cabhair le haghaidh éifeachtúlacht acmhainní agus chun tacú leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach 51

4.4.1

An réasúnaíocht atá ag an gcabhair 51

4.4.2

Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht 51

4.4.3

Éifeacht dreasachta 52

4.4.4

Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála 53

4.4.4.1

Riachtanas na cabhrach 53

4.4.4.2

Oiriúnacht 53

4.4.4.3

Comhréireacht 53

4.4.5

Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil 55

4.5

Cabhair chun truailliú seachas truailliú ó gháis ceaptha teasa a chosc nó a laghdú 55

4.5.1

An réasúnaíocht atá ag an gcabhair 55

4.5.2

Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht 55

4.5.3

Éifeacht dreasachta 56

4.5.4

Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála 56

4.5.4.1

Riachtanas na cabhrach 56

4.5.4.2

Comhréireacht 57

4.5.5

Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil 57

4.6

Cabhair chun damáiste don chomhshaol a leigheas, chun gnáthóga nádúrtha agus éiceachórais a athshlánú, chun an bhithéagsúlacht a chosaint nó a athbhunú agus chun réitigh dhúlrabhunaithe a chur chun feidhme maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide 58

4.6.1

An réasúnaíocht atá ag an gcabhair 58

4.6.2

Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht 58

4.6.3

Éifeacht dreasachta 59

4.6.4

Comhréireacht 59

4.7

Cabhair i bhfoirm laghduithe ar chánacha nó ar thobhaigh pharaifhioscacha 59

4.7.1

Cabhair i bhfoirm laghduithe ar chánacha comhshaoil nó ar thobhaigh pharaifioscacha 60

4.7.1.1

An réasúnaíocht atá ag an gcabhair 60

4.7.1.2

Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht 60

4.7.1.3

Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála 60

4.7.1.3.1

Riachtanas 61

4.7.1.3.2

Oiriúnacht 61

4.7.1.3.3

Comhréireacht 61

4.7.2

cabhair le haghaidh chosaint an chomhshaoil i bhfoirm laghduithe ar chánacha nó ar thobhaigh pharaifhioscacha 62

4.7.2.1

An réasúnaíocht atá ag an gcabhair 62

4.7.2.2

Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht 62

4.7.2.3

Éifeacht dreasachta 62

4.7.2.4

Comhréireacht 63

4.7.2.5

Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil 63

4.8

Cabhair le haghaidh shlándáil an tsoláthair leictreachais 63

4.8.1

An réasúnaíocht atá ag an gcabhair 63

4.8.2

Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht 63

4.8.3

Éifeacht dreasachta 64

4.8.4

Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála 64

4.8.4.1

Riachtanas 64

4.8.4.2

Oiriúnacht 65

4.8.4.3

Incháilitheacht 65

4.8.4.4

Comhairliúchán poiblí 66

4.8.4.5

Comhréireacht 67

4.8.5

Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil agus cothromú 67

4.9

Cabhair le haghaidh bonneagar fuinnimh 69

4.9.1

An réasúnaíocht atá ag an gcabhair 69

4.9.2

Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht 70

4.9.3

Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála 71

4.9.3.1

Riachtanas agus oiriúnacht 71

4.9.3.2

Comhréireacht na cabhrach 71

4.9.4

Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil agus cothromú 71

4.10

Cabhair le haghaidh téamh agus fuarú ceantair 72

4.10.1

An réasúnaíocht atá ag an gcabhair 72

4.10.2

Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht 72

4.10.3

Riachtanas agus oiriúnacht 73

4.10.4

Comhréireacht an bhirt cabhrach 73

4.10.5

Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil agus cothromú 74

4.11

Cabhair i bhfoirm laghduithe ar thobhaigh leictreachais d’úsáideoirí dianfhuinnimh 74

4.11.1

An réasúnaíocht atá ag an gcabhair 74

4.11.2

Raon feidhme: Tobhaigh ar ar féidir laghduithe a dheonú 75

4.11.3

Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála 75

4.11.3.1

Incháilitheacht 75

4.11.3.2

Comhréireacht an bhirt cabhrach 76

4.11.3.3

Foirm na státchabhrach 76

4.11.3.4

Iniúchtaí fuinnimh agus Córais Bhainistíochta 77

4.11.3.5

Rialacha idirthréimhseacha 77

4.12

Cabhair chun gléasraí cumhachta a úsáideann gual, móin nó scealla ola a dhúnadh mar aon le hoibríochtaí mianadóireachta a bhaineann le baint guail, móna nó scealla ola 78

4.12.1

Cabhair chun gníomhaíochtaí brabúsacha guail, móna agus scealla ola a dhúnadh go luath 78

4.12.1.1

An réasúnaíocht atá ag an gcabhair 78

4.12.1.2

Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht 79

4.12.1.3

Éifeacht dreasachta 79

4.12.1.4

Riachtanas agus oiriúnacht 79

4.12.1.5

Comhréireacht 79

4.12.1.6

Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil 80

4.12.2

Cabhair le haghaidh na gcostas eisceachtúil a bhaineann leis na gníomhaíochtaí neamhiomaíocha guail, móna agus scealla ola a dhúnadh 80

4.12.2.1

An réasúnaíocht atá ag an gcabhair 80

4.12.2.2

Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht 80

4.12.2.3

Riachtanas agus oiriúnacht 80

4.12.2.4

Éifeacht dreasachta agus comhréireacht 80

4.12.2.5

Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil 81

4.13

Cabhair le haghaidh staidéir nó seirbhísí comhairliúcháin maidir le hábhair a bhaineann leis an aeráid, le cosaint an chomhshaoil agus le fuinneamh 81

4.13.1

Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht 81

4.13.2

Éifeacht dreasachta 81

4.13.3

Comhréireacht 82

5.

MEASTÓIREACHT 82

6.

TUAIRISCIÚ AGUS FAIREACHÁN 83

7.

INFHEIDHMEACHT 83

8.

ATHBHREITHNIÚ 83

1.   RÉAMHRÁ

1.

Tá an Comhaontú Glas don Eoraip mar phríomhthosaíocht pholaitiúil ag an gCoimisiún d’fhonn an tAontas a chlaochlú ina shochaí chóir rathúil, ag a bhfuil geilleagar nua-aimseartha iomaíoch atá tíosach ar acmhainní., áit nach mbeidh aon ghlan-astaíochtaí gás ceaptha teasa ann faoi 2050, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte feasta ó úsáid acmhainní, gan aon duine a fhágáil chun deiridh. Treisíodh uaillmhianta aeráide an Choimisiúin in 2019 leis an Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (1), inar leagadh síos mar chuspóir nach mbeadh aon ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa ann faoi 2050. Chun ár ngeilleagar agus ár sochaí a chur ar bhealach cóir, glas agus rathúil chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990 (2). Tá na spriocanna uaillmhianacha sin cumhdaithe sa Dlí Aeráide Eorpach (3).

2.

Tacaíonn an pacáiste tograí reachtacha “Oiriúnach do 55” le baint amach na spriocanna sin (4) agus cuireann sé an tAontas ar an mbóthar ceart i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050.

3.

Maidir le comhlíonadh na gcuspóirí a bhaineann le haeráidneodracht, oiriúnú don athrú aeráide, éifeachtúlacht acmhainní agus fuinnimh agus bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, ciorclaíocht, truailliú nialasach agus aisghabháil na bithéagsúlachta agus maidir le tacú leis an aistriú glas sin, beidh iarrachtaí suntasacha agus tacaíocht leordhóthanach ag teastáil ina leith. D’fhonn an uaillmhian a leagtar amach sa Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach, beidh gá le hinfheistíocht shuntasach, lena n-áirítear infheistíocht i bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite. Mheas an Coimisiún go mbeidh gá le EUR 390 billiún d’infheistíocht bhliantúil bhreise chun spriocanna 2030 don aeráid, don fhuinneamh agus don iompar a bhaint amach, spriocanna a méadaíodh le gairid, i gcomparáid leis na leibhéil in 2011-2020 (5), agus go mbeidh gá le EUR 130 billiún breise in aghaidh na bliana i gcás na gcuspóirí comhshaoil eile a measadh roimhe seo (6). Mar gheall ar mhéid an dúshláin infheistíochta seo, ní mór an earnáil phríobháideach agus cistí poiblí araon a úsáid ar bhealach costéifeachtach. Beidh tionchar aige sin ar gach earnáil agus, dá bhrí sin, ar gheilleagar an Aontais ina iomláine.

4.

Tá ról tábhachtach ag an mbeartas iomaíochta agus ag na rialacha maidir le státchabhair go háirithe i dtaca leis an Aontas a chumasú agus tacú leis i gcomhlíonadh a chuspóirí beartais maidir leis an gComhaontú Glas. Luaitear go sonrach i dTeachtaireacht an Aontais maidir leis an gComhaontú Glas go ndéanfar na rialacha maidir le státchabhair a athbhreithniú chun na cuspóirí beartais sin a chur san áireamh, chun tacú le haistriú costéifeachtach agus cóir chuig aeráidneodracht, agus chun go n-éascófar deireadh a chur le breoslaí iontaise de réir a chéile, agus cothrom iomaíochta a áirithiú sa mhargadh inmheánach ag an am céanna. Léirítear an t-athbhreithniú sin leis na treoirlínte sin.

5.

Chun cosc a chur ar státchabhair saobhadh a dhéanamh ar iomaíocht sa mhargadh inmheánach nó ar an mbaol go ndéanfar saobhadh, agus ar dhifear a dhéanamh ar thrádáil idir Ballstáit, leagtar síos in Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an prionsabal go bhfuil toirmeasc ar státchabhair. I gcásanna áirithe, áfach, d’fhéadfadh an chabhair sin a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 107(2) agus (3) den Chonradh.

6.

Ní mór do na Ballstáit fógra a thabhairt maidir le státchabhair de bhun Airteagal 108(3) den Chonradh, cé is moite de bhearta a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán blocdhíolúine arna ghlacadh ag an gCoimisiún, de bhun Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2015/1588 ón gComhairle (7).

7.

Tugtar treoir sna treoirlínte sin maidir leis an gcaoi a ndéanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhoiriúnacht chosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear cosaint na haeráide, agus bearta cabhrach fuinnimh atá faoi réir an cheanglais maidir le fógra a thabhairt faoi Airteagal 107(3), pointe (c) den Chonradh. Aon tagairt do “chosaint an chomhshaoil” sna treoirlínte seo, ba cheart go dtuigfí gur tagairt í do chosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear cosaint na haeráide.

8.

Faoi Airteagal 107(3), pointe (c) den Chonradh, féadfar a dhearbhú go bhfuil beart cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar choinníoll go gcomhlíontar dhá choinníoll, ceann amháin dearfach agus ceann amháin diúltach. Is é an coinníoll dearfach nach mór don chabhair forbairt gníomhaíochta eacnamaíche a éascú. Is é an coinníoll diúltach nár cheart don chabhair dochar a dhéanamh do dhálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann.

9.

Glactar leis go ginearálta go mbíonn torthaí éifeachtúla ar phraghsanna, ar aschur agus ar úsáid acmhainní mar thoradh ar mhargaí iomaíocha. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le hidirghabháil ó Stát chun forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe a éascú, ar gníomhaíochtaí iad nach bhforbrófaí in aon chor nó nach bhforbrófaí ar an luas céanna nó faoi na coinníollacha céanna in éagmais cabhrach. Ar an gcaoi sin, cuireann an idirghabháil le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach.

10.

I gcomhthéacs chosaint an chomhshaoil, d’fhéadfadh sé, mar thoradh ar sheachtrachtaí comhshaoil, lochtanna faisnéise agus clistí comhordúcháin, nach gcuirfeadh rannpháirtithe sa mhargadh costais agus tairbhí gníomhaíochta eacnamaíche san áireamh go hiomlán agus cinntí tomhaltais, infheistíochta agus táirgthe á ndéanamh acu, d’ainneoin idirghabhálacha rialála. Maidir leis na clistí margaidh sin, is é sin le rá, cásanna nach dócha go mbeidh torthaí éifeachtúla ar na margaí má fhágtar ar a gconlán féin iad, nach mbeidh mar thoradh orthu an leas is fearr do thomhaltóirí agus don tsochaí i gcoitinne, rud a fhágann nach leor na leibhéil chosanta comhshaoil i ndáil leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a dhéantar in éagmais tacaíocht Stáit.

11.

Ba cheart d’údaráis na mBallstát a áirithiú nach sáróidh an beart cabhrach, na coinníollacha a ghabhann leis an mbeart, na nósanna imeachta chun an beart a ghlacadh agus an ghníomhaíocht dá dtugtar tacaíocht dlí comhshaoil an Aontais. Ba cheart d’údaráis na mBallstát a áirithiú freisin go bhfuil an deis ann dul i gcomhairle leis an bpobal lena mbaineann i ndáil le cinnteoireacht maidir le cabhair. Ar deireadh, ba cheart an deis a thabhairt do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí agóid a dhéanamh os comhair cúirteanna náisiúnta i gcoinne na cabhrach nó i gcoinne na mbeart lena gcuirtear an chabhair chun feidhme i gcás inar féidir leo fianaise a thabhairt ar aird nach bhfuil dlíthe comhshaoil an Aontais á gcomhlíonadh (8).

2.   RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

2.1   Raon Feidhme

12.

Baineann na treoirlínte seo le státchabhair a dheonaítear chun forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha a éascú ar bhealach a fheabhsaíonn cosaint an chomhshaoil, chomh maith le gníomhaíochtaí in earnáil an fhuinnimh a rialaítear leis an gConradh, a mhéid a chumhdaítear na bearta cabhrach sin le Roinn 2.2 de na treoirlínte seo. Dá bhrí sin, tá feidhm ag na treoirlínte sin freisin maidir leis na hearnálacha sin atá faoi réir rialacha sonracha an Aontais maidir le státchabhair, mura sonraítear a mhalairt sna rialacha sonracha sin de chuid an Aontais nó má tá forálacha iontu maidir le cabhair le haghaidh chosaint an chomhshaoil nó cabhair san earnáil fuinnimh a bhfuil feidhm acu maidir leis an mbeart céanna, agus sa chás sin tá forlámhas ag na rialacha earnáilsonracha. Tá forlámhas ag na treoirlínte sin ar phointe 17(b) de na Treoirlínte Eitlíochta (9) maidir le bearta cabhrach comhshaoil i bhfabhar aerfort mór ina bhfuil níos mó ná 5 mhilliún paisinéir in aghaidh na bliana.

13.

Ní bhaineann na treoirlínte sin leis na nithe seo a leanas:

a)

Státchabhair chun táirgí, innealra, trealamh nó modhanna iompair atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a dhearadh agus a mhonarú d“fhonn oibriú le níos lú acmhainní nádúrtha agus gníomhaíocht a dhéantar laistigh de ghléasraí nó d’aonaid táirgthe eile d”fhonn sábháilteacht nó sláinteachas a fheabhsú (10);

b)

Státchabhair le haghaidh taighde, forbairt agus nuálaíocht atá faoi réir na rialacha a leagtar amach sa Chreat um Státchabhair don taighde, don fhorbairt agus don nuálaíocht (11);

c)

Státchabhair a chumhdaítear leis na rialacha maidir le Státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus na foraoiseachta (12) nó in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe (13);

d)

Státchabhair le haghaidh fuinneamh núicléach.

14.

Níor cheart cabhair le haghaidh chosaint an chomhshaoil agus fuinneamh a dhámhachtain ar ghnóthais atá i gcruachás mar a shainmhínítear sna Treoirlínte ón gCoimisiún maidir le státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus chun athstruchtúrú a dhéanamh orthu (14).

15.

Nuair a bheidh cabhair i bhfabhar gnóthas atá faoi réir ordú gnóthaithe gan íoc á mheas ag an gCoimisiún, tar éis cinneadh roimhe sin ón gCoimisiún lena ndearbhaítear cabhair a bheith neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach, cuirfidh sé san áireamh méid na cabhrach atá fós le haisghabháil (15).

2.2   Bearta cabhrach a chumhdaítear leis na treoirlínte seo

16.

Shainaithin an Coimisiún roinnt catagóirí beart cosanta comhshaoil agus fuinnimh, bearta a bhféadfadh státchabhair a bheith comhoiriúnach ina leith maidir leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c) den Chonradh faoi choinníollacha áirithe:

a)

cabhair chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus a bhaint, lena n-áirítear trí thacaíocht don fhuinneamh in-athnuaite agus don éifeachtúlacht fuinnimh;

b)

cabhair chun feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh agus chomhshaoil foirgneamh;

c)

cabhair chun feithiclí glana (feithiclí a úsáidtear le haghaidh aeriompar, iompar de bhóthar, d’iarnród, d’uiscebhealaí intíre agus de mhuiriompar) agus trealamh seirbhíse soghluaiste glan a fháil agus a léasú agus chun feithiclí agus trealamh seirbhíse soghluaiste a iarfheistiú;

d)

cabhair chun bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe d’fheithiclí glana a úsáid;

e)

cabhair le haghaidh éifeachtúlacht acmhainní agus chun tacú leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach;

f)

cabhair chun truailliú seachas truailliú ó gháis ceaptha teasa a chosc nó a laghdú;

g)

cabhair chun damáiste don chomhshaol a leigheas, gnáthóga nádúrtha agus éiceachórais a athshlánú, an bhithéagsúlacht a chosaint nó a athbhunú agus réitigh dhúlrabhunaithe a chur chun feidhme maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide;

h)

cabhair i bhfoirm laghduithe ar chánacha nó ar thobhaigh pharaifhiosacha;

i)

cabhair le haghaidh shlándáil an tsoláthair leictreachais;

j)

cabhair le haghaidh bonneagar fuinnimh;

k)

cabhair le haghaidh téamh agus fuarú ceantair;

l)

cabhair i bhfoirm laghduithe ar thobhaigh leictreachais d’úsáideoirí dianfhuinnimh;

m)

cabhair chun gléasraí cumhachta a úsáideann gual, móin nó scealla ola a dhúnadh mar aon le hoibríochtaí mianadóireachta a bhaineann le baint guail, móna nó scealla ola;

n)

cabhair le haghaidh staidéir nó seirbhísí comhairliúcháin maidir le hábhair a bhaineann leis an aeráid, le cosaint an chomhshaoil agus le fuinneamh.

2.3   Struchtúr na dtreoirlínte

17.

I gCaibidil 3, leagtar amach na critéir chomhoiriúnachta a mbíonn feidhm acu go ginearálta maidir leis na catagóirí éagsúla cabhrach a chumhdaítear leis na treoirlínte seo. Tá feidhm ag roinn 3.2.1.3.1 maidir le carnadh maidir le gach catagóir cabhrach a chlúdaítear leis na treoirlínte seo. I gCaibidil 4, leagtar amach critéir chomhoiriúnachta shonracha a bhfuil feidhm acu maidir leis na bearta cabhrach a chumhdaítear sna ranna éagsúla den chaibidil sin. Tá feidhm ag na critéir chomhoiriúnachta i gCaibidil 3 ach amháin má tá forálacha níos sonraí leagtha síos sna ranna sonracha tiomnaithe i gCaibidil 4.

18.

Tá feidhm ag na coinníollacha a leagtar amach sna treoirlínte seo maidir le scéimeanna cabhrach agus cabhair aonair, cibé acu atá siad bunaithe ar scéim chabhrach nó má dheonaítear í ar bhonn ad hoc, mura sonraítear a mhalairt.

2.4   Sainmhínithe

19.

Chun críocha na dtreoirlínte seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1)

ciallaíonn “cabhair ad hoc” cabhair nach ndeonaítear ar bhonn scéim cabhrach;

2)

ciallaíonn “déine cabhrach” ollmhéid na cabhrach arna shloinneadh mar chéatadán de na costais incháilithe. Ní mór na figiúirí uile a úsáidtear a ghlacadh sula n-asbhaintear aon cháin nó aon tobhach. I gcás ina ndámhfar cabhair i bhfoirm nach deontas í, ní mór go mbeidh méid na cabhrach comhionann le coibhéis deontais chomhláin na cabhrach. An chabhair is iníoctha i dtráthchodanna éagsúla, ní mór a luach a ríomh tráth ar deonaíodh í. Is é an ráta úis a úsáidfear chun críocha lascainithe agus chun méid na cabhrach in iasacht ar lacáiste a ríomh (16) an ráta tagartha is infheidhme tráth an deontais. Déantar déine na cabhrach a ríomh in aghaidh an tairbhí;

3)

ciallaíonn “limistéir fhóirithinte” limistéir a ainmnítear, tráth dheonú na cabhrach, i mapa formheasta den chabhair réigiúnach agus Airteagail 107(3), pointí (a) agus (c) den Chonradh á gcur i bhfeidhm;

4)

i gcás an leictreachais, ciallaíonn “cothromú” cothromú mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán (AE) Uimh. 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17);

5)

ciallaíonn “páirtí atá freagrach as cothromú (BRP)” páirtí atá freagrach as cothromú mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 2019/943;

6)

ciallaíonn “bithéagsúlacht” bithéagsúlacht mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (15), de Rialachán (AE) Uimh. 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18);

7)

ciallaíonn “bithbhreoslaí” bithbhreoslaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (33) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19);

8)

ciallaíonn “bithghás” bithghás mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (28) de Threoir (AE) 2018/2001;

9)

ciallaíonn “bithleachtanna” bithleachtanna mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (32) de Threoir (AE) 2018/2001;

10)

ciallaíonn “bithmhais” an codán in-bhithmhillte de tháirgí, dramhaíl agus iarmhair de thionscnamh bitheolaíoch, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (24) de Threoir (AE) 2018/2001;

11)

ciallaíonn “breoslaí bithmhaise” breoslaí bithmhaise mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (27) de Threoir (AE) 2018/2001;

12)

ciallaíonn “sásra acmhainneachta” sásra acmhainneachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (22) de Rialachán (AE) 2019/943;

13)

ciallaíonn “gabháil agus stóráil carbóin” (CCS) tacar teicneolaíochtaí lenar féidir an dé-ocsaíd charbóin (CO2) a astaítear ó ghléasraí tionsclaíocha a ghabháil, lena n-áirítear astaíochtaí a fhaightear ó phróisis, nó í a ghabháil go díreach ón aer comhthimpeallach, í a iompar go láithreán stórála agus í a instealladh i bhfoirmíochtaí geolaíocha iomchuí faoi thalamh chun críche buanstórála;

14)

ciallaíonn “gabháil agus úsáid carbóin” (CCU) tacar teicneolaíochtaí lenar féidir an CO2 a astaítear ó ghléasraí tionsclaíocha a ghabháil, lena n-áirítear astaíochtaí a fhaightear ó phróisis, nó í a ghabháil go díreach ón aer comhthimpeallach, agus í a iompar go láithreán ídithe nó úsáide CO2 ionas go mbainfear úsáid iomlán as an CO2 sin;

15)

ciallaíonn “baint CO2” gníomhaíochtaí antrapaigineacha a bhaineann CO2 as an atmaisféar agus a stórálann go marthanach í i dtaiscumair gheolaíocha, dhomhanda nó aigéin, nó i dtáirgí. Áirítear leis sin feabhsú antrapaigineach atá ann cheana agus a d’fhéadfadh a bheith ann ar linnte bitheolaíocha nó geoiceimiceacha agus ar aeir a ghabháil agus a stóráil go díreach, ach eisiatar úsáid nádúrtha CO2 nach iad gníomhaíochtaí an duine is cúis léi go díreach;

16)

ciallaíonn “scéim oibleagáide na soláthróirí” scéim ina gcruthaítear luach chun earraí nó seirbhísí a sholáthar trí na hearraí nó na seirbhísí sin a dheimhniú agus trí oibleagáid a fhorchur ar sholáthraithe nó ar thomhaltóirí deimhnithe a cheannach;

17)

ciallaíonn “trealamh soghluaiste glan ar an talamh” trealamh soghluaiste a úsáidtear i ngníomhaíochtaí seirbhíse atá teagmhasach le haeriompar nó le muiriompar a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 aige;

18)

ciallaíonn “trealamh seirbhíse soghluaiste glan” trealamh críochfoirt soghluaiste glan agus trealamh soghluaiste glan ar an talamh;

19)

ciallaíonn “trealamh críochfoirt soghluaiste glan” trealamh soghluaiste a úsáidtear chun earraí agus aonaid luchtaithe idirmhódúla a luchtú, a dhíluchtú agus a thrasloingsiú, agus chun lasta a bhogadh laistigh de limistéar críochfoirt, trealamh a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 aige nó, murab ann do roghanna malartacha astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2, trealamh ag bhfuil astaíochtaí díreacha (sceithphíopa) CO2 aige atá i bhfad níos ísle ná mar atá ag gnáth-threalamh críochfoirt;

20)

ciallaíonn “feithicil ghlan” an méid seo a leanas:

a)

maidir le feithiclí dhá agus trí roth agus cuadrothair:

i)

feithicil a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 a bhfuil astaíochtaí nialasacha sceithphíopa CO2 aici, a ríomhtar i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 24 den Rialachán sin agus in Iarscríbhinn V a ghabhann leis;

b)

maidir le feithiclí bóthair saothair éadroim:

i)

feithicil de chatagóir M1, M2 nó N1 a bhfuil astaíochtaí nialasacha sceithphíopa CO2 aici, mar a chinntear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún (20);

ii)

feithicil ghlan mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4)(a), de Threoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21);

c)

maidir le feithiclí bóthair tromshaothair:

i)

feithicil tromshaothair astaíochtaí nialasacha mar a shainmhínítear in Airteagal 4(5) de Threoir 2009/33/CE;

ii)

go dtí an 31 Nollaig 2025, feithicil tromshaothair astaíochtaí ísle mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (12), de Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22);

iii)

go dtí an 31 Nollaig 2025, feithicil ghlan mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4)(b) de Threoir 2009/33/CE agus nach dtagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2019/1242;

d)

maidir le soithí uiscebhealaí intíre:

i)

soitheach intíre le haghaidh iompar paisinéirí nó lasta a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 aige;

ii)

soitheach intíre le haghaidh iompar paisinéirí a bhfuil inneall hibrideach nó inneall débhreosla aige agus a fhaigheann ar a laghad 50 % dá cuid fuinnimh ó bhreoslaí lena mbaineann astaíochtaí CO2 nialasacha (sceithphíopa) nó ó chumhacht inluchtaithe dá ngnáthoibríocht;

iii)

soitheach intíre le haghaidh iompar lasta a bhfuil astaíochtaí díreacha (sceithphíopa) CO2 in aghaidh an chiliméadair tona (gCO2/tkm) acu, a ríomhtar (nó a mheastar i gcás soithí nua) trí úsáid a bhaint as Táscaire Oibríochtúil Éifeachtúlachta Fuinnimh (EEOI) de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta, ar astaíochtaí iad atá 50 % níos ísle ná luach na n-astaíochtaí meán-tagartha CO2 a chinntear le haghaidh feithiclí tromshaothair (foghrúpa feithiclí 5-LH) i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/1242;

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún an gcáilíonn soitheach mar fheithicil ghlan, cuirfidh sé athruithe san earnáil lena mbaineann san áireamh, lena n-áirítear trí thagairt a dhéanamh do na critéir scagtha theicniúla faoina bhfuil gníomhaíocht cáilithe mar ghníomhaíocht a chuireann go substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide, mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe ábhartha faoi Rialachán (AE) 2020/852;

e)

maidir le soithí muirí:

i)

soitheach farraige agus cósta le haghaidh iompar paisinéirí nó lasta, le haghaidh oibríochtaí calafoirt nó le haghaidh gníomhaíochtaí cúnta a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 aige; nó

ii)

soitheach farraige agus cósta le haghaidh iompar paisinéirí nó lasta, le haghaidh oibríochtaí calafoirt nó gníomhaíochtaí cúnta, ar soitheach é a bhfuil inneall hibrideach nó débhreosla aige agus a fhaigheann ar a laghad 25 % dá chuid fuinnimh ó bhreoslaí lena mbaineann astaíochtaí CO2 nialasacha (sceithphíopa) nó ó chumhacht inluchtaithe dá ngnáthoibríocht ar muir agus i gcalafoirt nó a bhfuil Innéacs Éifeachtúlachta Fuinnimh Dearaidh (EEDI) de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta aige atá 10 % faoi bhun na gceanglas EEDI is infheidhme an 1 Aibreán 2022 agus atá in ann rith ar bhreoslaí lena mbaineann astaíochtaí CO2 nialasacha (sceithphíopa) nó ar bhreoslaí ó fhoinsí in-athnuaite; nó

iii)

soitheach farraige agus cósta le haghaidh iompar lasta a úsáidtear go heisiach chun seirbhísí cósta agus gearrthurais a oibriú, a dheartar chun aistriú córa iompair lasta a chumasú a dhéantar a iompar faoi láthair ar talamh go muir, soitheach a bhfuil astaíochtaí díreacha (sceithphíopa) CO2 aige, a trí úsáid a bhaint as EEDI, atá 50 % níos ísle ná luach na n-astaíochtaí meán-tagartha CO2 a shainmhínítear d’fheithiclí tromshaothair (foghrúpa feithiclí 5-LH) i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán 2019/1242;

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún an gcáilíonn soitheach mar fheithicil ghlan, cuirfidh sé athruithe san earnáil lena mbaineann san áireamh, lena n-áirítear trí thagairt a dhéanamh do na critéir scagtha theicniúla faoina bhfuil gníomhaíocht cáilithe mar ghníomhaíocht a chuireann go substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide, mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe ábhartha faoi Rialachán (AE) 2020/852;

f)

maidir le rothstoc iarnróid:

i)

rothstoc iarnróid a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 aige;

ii)

rothstoc a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha sceithphíopa CO2 aige nuair a oibrítear é ar rian a bhfuil an bonneagar is gá air, agus a úsáideann siad gnáth-inneall i gcás nach bhfuil bonneagar den sórt sin ar fáil (mód déach);

g)

maidir le haerárthaí:

i)

aerárthach a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 aige;

ii)

aerárthach a bhfuil feabhas mór tagtha ar an bhfeidhmíocht chomhshaoil i gcomparáid le haerárthach den mhais chéanna éirí de thalamh a chomhfhreagraíonn do rogha mhalartach atá ar fáil go forleathan ar an margadh;

21)

ciallaíonn “comhghiniúint” nó comhghiniúint cumhachta agus teasa comhghiniúint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (30) de Threoir (AE) 2012/27 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23);

22)

ciallaíonn “láithreán éillithe” láithreán ina ndeimhnítear go bhfuil ábhair nó substaintí ann, a bhfuil gníomhaíochtaí an duine ina gcúis leo, ar leibhéal chomh hard sin go bhfuil riosca suntasach ag baint leo do shláinte an duine nó don chomhshaol, agus úsáid reatha agus formheasta na talún, ghrinneall na farraige nó aibhneacha á cur san áireamh;

23)

ciallaíonn “tionscadal taispeántais” tionscadal taispeántais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (24) de Rialachán (AE) 2019/943;

24)

ciallaíonn “digitiú” glacadh teicneolaíochtaí a dhéantar le gléasanna leictreonacha agus/nó córais leictreonacha lenar féidir feidhmiúlacht táirgí a mhéadú, seirbhísí ar líne a fhorbairt, próisis a nuachóiriú, nó aistriú chuig samhlacha gnó atá bunaithe ar tháirgeadh earraí agus soláthar seirbhíse a dhí-idirmheánú, agus tionchar bunathraitheach á tháirgeadh aige sa deireadh;

25)

ciallaíonn “diúscairt” diúscairt mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 19, de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24);

26)

ciallaíonn “oibreoir córais dáileacháin” (DSO) oibreoir córais dáileacháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (29) de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25);

27)

ciallaíonn “téamh ceantair” nó “fuarú ceantair” téamh ceantair nó fuarú ceantair mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (19) de Threoir (AE) 2010/31 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26);

28)

ciallaíonn “córais téimh agus/nó fuaraithe ceantair” saoráidí giniúna téimh agus/nó fuaraithe, teirmeastóráil agus líonra dáileacháin, lena gcuimsítear líonra príomhúil píblínte tarchuir agus líonra tánaisteach píblínte tarchuir araon chun téamh nó fuarú a sholáthar do thomhaltóirí. Tá tagairt do théamh ceantair le léirmhíniú mar chórais téimh agus/nó fuaraithe ceantair, ag brath ar cibé acu a sholáthraíonn na líonraí téamh nó fuarú le chéile nó ar leithligh;

29)

ciallaíonn “éiceanuálaíocht” gach cineál gníomhaíochta nuálacha, lena n-áirítear próisis táirgthe nua, táirgí nó seirbhísí nua, agus bainistíocht agus modhanna gnó nua, a bhfuil feabhas suntasach ar chosaint an chomhshaoil mar thoradh orthu nó atá dírithe ar chosaint an chomhshaoil a fheabhsú go suntasach agus na tionchair a bhíonn ag truailliú ar an gcomhshaol a laghdú go suntasach. Chun críocha an tsainmhínithe seo, ní mheastar gur nuálaíochtaí iad na nithe seo a leanas:

a)

gníomhaíochtaí nach bhfuil ach mionathruithe nó mionfheabhsuithe ar chosaint an chomhshaoil mar thoradh orthu;

b)

méadú ar an gcumas táirgthe nó seirbhíse trí chórais mhonaraíochta nó lóistíochta atá an-chosúil leis na córais atá in úsáid cheana féin a chur leis;

c)

athruithe ar chleachtais ghnó, ar an eagrú san ionad oibre nó ar chaidreamh seachtrach atá bunaithe ar mhodhanna eagrúcháin atá in úsáid sa ghnóthas cheana féin;

d)

athruithe ar an straitéis bainistíochta;

e)

cumaisc agus éadálacha;

f)

scor de phróiseas a úsáid;

g)

caipiteal simplí a athsholáthar nó a shíneadh;

h)

athruithe a thagann as athruithe ar phraghsanna fachtóirí, oiriúnú, athruithe rialta séasúracha agus athruithe timthriallacha eile, agus as na nithe sin amháin;

i)

trádáil táirgí nua nó táirgí atá feabhsaithe go mór;

30)

ciallaíonn “éiceachóras” éiceachóras mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13) de Rialachán (AE) 2020/852;

31)

ciallaíonn “éifeachtúlacht fuinnimh” éifeachtúlacht fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 4, de Threoir 2012/27/AE;

32)

ciallaíonn “stóráil fuinnimh” stóráil fuinnimh sa chóras leictreachais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 59 de Threoir (AE) 2019/944;

33)

ciallaíonn “saoráid stórála fuinnimh” saoráid stórála fuinnimh sa chóras leictreachais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (60) de Threoir (AE) 2019/944;

34)

ciallaíonn “téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil” téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (41) de Threoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

35)

ciallaíonn “fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite” fuinneamh a tháirgeann gléasraí nach n-úsáideann ach foinsí fuinnimh in-athnuaite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1) de Threoir (AE) 2018/2001, chomh maith leis an sciar i dtéarmaí luach calrach an fhuinnimh a tháirgtear ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite i ngléasraí hibrideacha ina n-úsáidtear foinsí traidisiúnta fuinnimh freisin agus lena n-áirítear leictreachas in-athnuaite a úsáidtear chun córais stórála atá nasctha taobh thiar den mhéadar a líonadh (a shuiteáiltear le chéile nó mar rud breise a chuirtear leis an tsuiteáil in-athnuaite), ach ní áirítear leis leictreachas a tháirgtear mar thoradh ar chórais stórála;

36)

ciallaíonn “bonneagar fuinnimh” (27) aon trealamh fisiceach nó saoráid fhisiceach atá lonnaithe laistigh den Aontas nó a nascann an tAontas le tríú tír amháin nó níos mó agus a thagann faoi na catagóirí seo a leanas:

a)

maidir le leictreachas:

i)

córais tarchurtha agus dáileacháin, i gcás ina gciallaíonn “tarchur” leictreachas a iompar ar tír agus amach ón gcósta ar an gcóras idirnasctha breis-ardvoltais agus ardvoltais d’fhonn é a sheachadadh ar chustaiméirí deiridh nó ar dháileoirí, ach nach n-áirítear leis soláthar agus “dáileadh”, ciallaíonn sé sin leictreachais a iompar ar tír agus amach ón gcósta trí chórais dáileacháin ardvoltais, meánvoltais agus ísealvoltais d’fhonn é a sheachadadh ar chustaiméirí, ach gan an soláthar a áireamh ann;

ii)

aon trealamh nó suiteáil atá riachtanach i gcomhair fheidhmiú sábháilte, slán agus éifeachtúil na gcóras dá dtagraítear i bpointe (i), lena n-áirítear córais chosanta, faireacháin agus rialaithe ar gach leibhéal voltais agus gach fostáisiún;

iii)

comhpháirteanna lán-chomhtháite den líonra mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (51) de Threoir (AE) 2019/944;

iv)

eangacha leictreachais cliste, rud a chiallaíonn córais agus comhpháirteanna lena gcomhtháthaítear teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, trí ardáin oibríochtúla dhigiteacha, córais rialaithe agus teicneolaíochtaí braite ar leibhéal an tarchuir agus an dáileacháin araon, arb é is aidhm dóibh líonra tarchurtha agus dáileacháin leictreachais a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos cliste, acmhainneacht mhéadaithe chun foirmeacha nua giniúna, stórála agus tomhaltais a chomhtháthú agus samhlacha gnó agus struchtúir mhargaidh nua a éascú;

v)

eangacha leictreachais amach ón gcósta, rud a chiallaíonn aon trealamh nó suiteáil bonneagair tarchurtha nó dáileacháin leictreachais, mar a shainmhínítear i bpointe (i), atá défheidhmiúil: leictreachas in-athnuaite amach ón gcósta a idirnascadh agus a tharchur nó a dháileadh ó na láithreáin ghiniúna amach ón gcósta chuig dhá thír nó níos mó. Áirítear leis sin freisin eangacha cliste chomh maith le haon trealamh nó suiteáil amach ón gcósta atá in aice leo agus atá riachtanach chun oibriú go sábháilte, go slán agus go héifeachtúil, lena n-áirítear córais chosanta, faireacháin agus rialaithe, agus fostáisiúin riachtanacha más rud é go n-áirithíonn siad idir-inoibritheacht na teicneolaíochta freisin agus comhoiriúnacht comhéadain eile idir teicneolaíochtaí éagsúla;

b)

maidir le gás (gás nádúrtha, bithghás – lena n-áirítear bithmheatán – agus/nó gás in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch):

i)

píblínte tarchurtha agus dáileacháin chun gás a iompar ar cuid de líonra iad, seachas píblínte ardbhrú a úsáidtear chun gás nádúrtha a dháileadh in aghaidh srutha;

ii)

saoráidí stórála faoi thalamh atá nasctha leis na píblínte gáis ardbhrú a luaitear i bpointe (ii);

iii)

saoráidí glactha, stórála agus athghásaithe nó dí-chomhbhrúite le haghaidh gás leachtaithe nó comhbhrúite;

iv)

aon trealamh nó suiteáil atá riachtanach i gcomhair fheidhmiú sábháilte, slán agus éifeachtúil an chórais nó atá riachtanach chun acmhainneacht dhéthreoch a chumasú, lena n-áirítear stáisiúin chomhbhrúiteora;

v)

eangacha gáis cliste, rud a chiallaíonn aon cheann den trealamh nó den tsuiteáil seo a leanas arb é is aidhm dó comhtháthú gás in-athnuaite agus íseal-charbóin (lena n-áirítear hidrigin nó gáis de thionscnamh neamhbhitheolaíoch) a chumasú agus a éascú sa líonra: córais dhigiteacha agus comhpháirteanna lena gcomhtháthaítear teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide, córais rialaithe agus teicneolaíochtaí braite chun gur féidir faireachán, méadrú, rialú cáilíochta agus bainistiú a dhéanamh ar tháirgeadh, tarchur, dáileadh agus ídiú gás laistigh de ghréasán gáis. Ina theannta sin, féadfar a áireamh ar na heangacha cliste trealamh chun sreabha cúltreo a chumasú ón leibhéal dáileacháin go dtí an leibhéal tarchurtha agus uasghráduithe gaolmhara is gá ar an ngréasán atá ann cheana;

c)

maidir le hidrigin (28):

i)

píblínte tarchuir, le haghaidh iompar ardbhrú hidrigine, mar aon le píblínte dáileacháin le haghaidh dáileadh áitiúil hidrigine, lena dtabharfar rochtain d’ilúsáideoirí gréasáin ar bhonn trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach;

ii)

“saoráidí stórála” rud a chiallaíonn saoráidí a úsáidtear chun hidrigin a bhfuil íonacht ard aici a stocáil, lena n-áirítear an chuid de chríochfort hidrigine a úsáidtear le haghaidh stórála cé is moite den chuid a úsáidtear le haghaidh oibríochtaí táirgthe, agus lena n-áirítear saoráidí a fhorchoimeádtar go heisiach d’oibreoirí líonra hidrigine agus á bhfeidhmeanna á gcur i gcrích acu. Is é atá i gceist le saoráidí stórála hidrigine saoráidí stórála faoi thalamh atá nasctha leis na píblínte tarchurtha agus dáileacháin hidrigine ardbhrú dá dtagraítear i bpointe (i);

iii)

saoráidí seolta, glactha, athghásaithe nó dí-chomhbhrúite le haghaidh hidrigin nó hidrigin atá leabaithe i substaintí ceimiceacha eile chun an hidrigin a instealladh isteach san eangach gháis nó san eangach atá tiomnaithe do hidrigin;

iv)

críochfoirt, rud a chiallaíonn suiteálacha a úsáidtear chun hidrigin leachtach a chlaochlú ina hidrigin ghásach le hinstealladh isteach sa líonra hidrigine. Áirítear le críochfoirt trealamh coimhdeach agus stóráil shealadach atá riachtanach don phróiseas claochlaithe agus don instealladh isteach sa líonra hidrigine ina dhiaidh sin, ach ní áirítear leis aon chuid den chríochfort hidrigine a úsáidtear le haghaidh stórála;

v)

idirnascairí, rud a chiallaíonn líonra hidrigine (nó cuid de) a thrasnaíonn teorainn idir Ballstáit nó a théann thairsti, nó teorain idir Ballstát agus tríú tír suas go críoch na mBallstát nó suas le farraige theorann an Bhallstáit sin;

vi)

aon trealamh nó suiteáil atá riachtanach i gcomhair fheidhmiú sábháilte, slán agus éifeachtúil an chórais hidrigine nó atá riachtanach chun acmhainneacht dhéthreoch a chumasú, lena n-áirítear stáisiúin chomhbhrúiteora;

d)

maidir le dé-ocsaíd charbóin: (29):

i)

píblínte, seachas líonraí píblínte réamhtheachtach, a úsáidtear chun dé-ocsaíd charbóin a iompar ó níos mó ná foinse amháin, is é sin le rá, suiteálacha tionsclaíocha (lena n-áirítear gléasraí cumhachta) a tháirgeann gás dé-ocsaíde carbóin ó dhóchán nó ó imoibrithe ceimiceacha eile lena mbaineann comhdhúile iontaise nó neamhiontaise a bhfuil carbón iontu, chun dé-ocsaíd charbóin a bhuanstóráil go geolaíoch de bhun Airteagal 3 de Threoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30) nó chun dé-ocsaíd charbóin a úsáid mar bhunábhar nó chun toradh próiseas bitheolaíoch a fheabhsú;

ii)

saoráidí chun dé-ocsaíd charbóin a leachtú agus a stóráil ag féachaint dá hiompar nó dá stóráil;

iii)

bonneagar laistigh d’fhoirmíocht gheolaíoch a úsáidtear chun dé-ocsaíd charbóin a bhuanstóráil go geolaíoch de bhun Airteagal 3 de Threoir 2009/31/CE agus ná saoráidí dromchla agus insteallta a bhaineann leis sin;

iv)

aon trealamh nó suiteáil atá riachtanach i gcomhair fheidhmiú cuí, slán agus éifeachtúil an chórais i dtrácht, lena n-áirítear córais chosanta, faireacháin agus rialaithe. D’fhéadfaí a áireamh leis sin sócmhainní soghluaiste tiomnaithe chun dé-ocsaíd charbóin a iompar agus a stóráil, ar choinníoll go gcomhlíonann na sócmhainní soghluaiste sin an sainmhíniú ar fheithicil ghlan;

e)

bonneagar a úsáidtear chun fuinneamh teirmeach a tharchur nó a dháileadh mar ghal, mar uisce te nó mar leachtanna fuaraithe ó iltáirgeoirí/úsáideoirí, bunaithe ar úsáid fuinnimh in-athnuaite nó dramhtheas ó fheidhmeanna tionsclaíocha;

f)

tionscadail leasa choitinn mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4) de Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31) agus tionscadail chomhleasa dá dtagraítear in Airteagal 171 den Chonradh;

g)

catagóirí bonneagair eile a bhaineann le bonneagar lenar féidir fuinneamh in-athnuaite nó fuinneamh saor ó charbón a nascadh go fisiciúil nó gan sreang idir táirgeoirí agus úsáideoirí ó ilphointí rochtana agus imeachta agus ar a bhfuil rochtain ag tríú páirtithe nach bhfuil baint acu le gnóthais úinéir/bainisteora an bhonneagair;

37)

ciallaíonn “feidhmíocht fuinnimh” feidhmíocht fuinnimh foirgnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Threoir 2010/31/AE;

38)

ciallaíonn “coigilteas fuinnimh” coigilteas fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5) de Threoir 2012/27/AE;

39)

ciallaíonn “cosaint chomhshaoil” aon ghníomhaíocht atá ceaptha chun truailliú, tionchair dhiúltacha ar an gcomhshaol nó damáiste eile do thimpeallachtaí fisiceacha (lena n-áirítear aer, uisce agus ithir), d’éiceachórais nó d’acmhainní nádúrtha de dheasca ghníomhaíochtaí an duine a laghdú nó a chosc, lena n-áirítear chun an t-athrú aeráide a mhaolú, an baol go ndéanfar an damáiste sin a laghdú, an bhithéagsúlacht a chosaint agus a athbhunú nó úsáid níos éifeachtúla a bhaint as acmhainní nádúrtha, lena n-áirítear bearta coigiltis fuinnimh agus foinsí in-athnuaite fuinnimh agus teicnící eile a úsáid chun astaíochtaí gás ceaptha teasa agus truailleáin eile a laghdú, agus chun aistriú i dtreo samhlacha geilleagair chiorclaigh agus úsáid bunábhar a laghdú agus éifeachtúlachtaí a mhéadú. Cumhdaítear leis freisin gníomhaíochtaí lena neartaítear an acmhainneacht oiriúnaitheach agus a íoslaghdaíonn leochaileacht maidir le tionchair aeráide;

40)

ciallaíonn “cáin chomhshaoil nó tobhach paraifhioscach” cáin nó tobhach a chuirtear i bhfeidhm ar bhonn cánach, táirgí nó seirbhísí sonracha a bhfuil éifeacht dhiúltach shoiléir acu ar an gcomhshaol nó a fhéachann le gníomhaíochtaí, earraí nó seirbhísí áirithe a mhuirearú ionas go bhféadfar na costais chomhshaoil a áireamh sa phraghas nó ionas go mbeidh táirgeoirí agus tomhaltóirí dírithe ar ghníomhaíochtaí a thugann urraim níos fearr don chomhshaol;

41)

ciallaíonn “plean meastóireachta” doiciméad lena gcumhdaítear scéim chabhrach amháin nó níos mó agus ina bhfuil ar a laghad na gnéithe seo a leanas:

a)

na cuspóirí a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu,

b)

na ceisteanna meastóireachta,

c)

na táscairí torthaí,

d)

an modh a bheartaítear chun an mheastóireacht a dhéanamh,

e)

na ceanglais maidir le bailiú sonraí,

f)

uainiú beartaithe na meastóireachta, lena n-áirítear dáta chur isteach na dtuarascálacha meastóireachta eatramhacha agus na dtuarascálacha meastóireachta deiridh,

g)

an tuairisc ar an gcomhlacht neamhspleách a dhéanfaidh an mheastóireacht nó na critéir a úsáidfear lena roghnú agus na módúlachtaí chun an mheastóireacht a chur ar fáil go poiblí;

42)

ciallaíonn “scéim freagrachta leathnaithe táirgeora” scéim freagrachta leathnaithe táirgeora mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe(21) de Threoir 2008/98/CE;

43)

ciallaíonn “gineadóir” gnóthas a tháirgeann cumhacht leictreachais chun críoch tráchtála;

44)

ciallaíonn “gás ceaptha teasa” gás ar bith a chuireann leis an iarmhairt ceaptha teasa trí radaíocht infridhearg a ionsú, lena n-áirítear dé-ocsaíd charbóin, meatán, ocsaíd nítriúil agus gáis fhluairínithe amhail hidreafluaracarbóin;

45)

ciallaíonn “comhghiniúint ardéifeachtúlachta” comhghiniúint ardéifeachtúlachta mar a sainmhínítear in Airteagal 2, pointe (34) de Threoir 2012/27/AE;

46)

ciallaíonn “oibreoir líonra hidrigine” duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann an fheidhm maidir leis an líonra hidrigine a iompar i gcrích agus atá freagrach as an líonra hidrigine i limistéar ar leith, agus, i gcás inarb infheidhme, idirnaisc an líonra sin le líonra eile a oibriú, agus as an gcothabháil air a áirithiú agus, más gá, as an líonra sin a fhorbairt, agus as cumas an líonra san fhadtéarma a áirithiú i dtaca le héilimh réasúnta ar iompar hidrigine;

47)

ciallaíonn “éagothroime” éagothroime mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (8) de Rialachán (AE) 2017/2195 ón gCoimisiún;

48)

ciallaíonn “socraíocht éagothroime” socraíocht éagothroime mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9) de Rialachán (AE) 2017/2195 ón gCoimisiún;

49)

ciallaíonn “tréimhse shocraíochta éagothroime” tréimhse shocraíochta éagothroime mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (15) de Rialachán (AE) 2019/943;

50)

ciallaíonn “cabhair aonair” cabhair ad hoc agus dámhachtainí cabhrach infhógartha ar bhonn scéim cabhrach;

51)

ciallaíonn “scéim in-idirbhriste” beart maidir le slándáil an tsoláthair leictreachais a cheaptar chun minicíocht chobhsaí a áirithiú sa chóras leictreachais nó chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna gearrthéarmacha i dtaca le slándáil an tsoláthair, lena n-áirítear tríd an ualach a bhriseadh;

52)

ciallaíonn “micrifhiontar” gnóthas a chomhlíonann na coinníollacha maidir le micrifhiontair a leagtar síos sa Mholadh ón gCoimisiún maidir leis an sainmhíniú ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (32);

53)

ciallaíonn “réiteach dúlrabhunaithe” réiteach atá bunaithe ar an dúlra agus a fhaigheann tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, a chuireann tairbhí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha ar fáil ag an am céanna, agus a chuidíonn le hathléimneacht a chothú, agus a thugann níos mó gnéithe agus próisis atá níos ilghnéithí agus níos nádúrtha i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní;

54)

ciallaíonn “beart plódaithe líonra” beart maidir le slándáil an tsoláthair leictreachais a cheaptar chun neamhdhóthanacht sa líonra tarchurtha nó dáileacháin leictreachais a chúiteamh;

55)

ciallaíonn “truailleán” truailleán mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10) de Rialachán (AE) 2020/852;

56)

ciallaíonn “truaillitheoir” truaillitheoir mar a shainmhínítear san Iarscríbhinn, pointe 3 de Mholadh 75/436/Euratom, CEGC, CEE ón gComhairle (33);

57)

ciallaíonn “truailliú” truailliú mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 2 de Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34);

58)

ciallaíonn “an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as” gur cheart don pháirtí a rinne an truailliú costas na mbeart a bheidh le déanamh chun déileáil leis an truailliú a sheasamh;

59)

ciallaíonn “ullmhú le haghaidh athúsáide” ullmhú le haghaidh athúsáide mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 16 de Threoir 2008/98/CE;

60)

ciallaíonn “bonneagar athluchtaithe” bonneagar fosaithe nó soghluaiste lena soláthraítear leictreachas d’fheithiclí glana nó do threalamh seirbhísí soghluaiste glan;

61)

ciallaíonn “aisghabháil” aisghabháil mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (15), de Threoir 2008/98/CE;

62)

ciallaíonn “athchúrsáil” athchúrsáil mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (17), de Threoir 2008/98/CE;

63)

ciallaíonn “tionscadal tagartha” tionscadal samplach atá ionadaíoch ar mheántionscadal i gcatagóir tairbhithe incháilithe scéime cabhrach;

64)

ciallaíonn “bonneagar athbhreoslaithe” bonneagar fosaithe nó soghluaiste chun hidrigin, gás nádúrtha, i bhfoirm ghásach (gás nádúrtha comhbhrúite (GNC)) agus i bhfoirm leachtaithe (gás nádúrtha leachtaithe (GNL)), bithghás agus bithbhreoslaí lena n-áirítear bithbhreoslaí ardfhorbartha, nó breoslaí sintéiseacha a tháirgtear ó fhuinneamh in-athnuaite nó ísealcharbóin a sholáthar;

65)

ciallaíonn “athshlánú” gníomhartha bainistíochta comhshaoil a bhfuil sé mar aidhm acu leibhéal d’fheidhmiú an éiceachórais a athbhunú ar láithreáin dhíghrádaithe, arb é an sprioc soláthar athnuaite agus leanúnach seirbhísí éiceachórais seachas bithéagsúlacht agus sláine éiceachórais tagartha nádúrtha nó leathnádúrtha arna ainmniú;

66)

ciallaíonn “leigheas” gníomhaíochtaí bainistíochta comhshaoil, amhail éilleáin nó cothaithigh farasbairr a bhaint ó ithir agus ó uisce nó iad a dhíthocasiniú, gníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm acu foinsí díghrádaithe a bhaint;

67)

ciallaíonn “leictreachas in-athnuaite” leictreachas a ghintear ó fhoinsí in-athnuaite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1) de Threoir (AE) 2018/2001;

68)

ciallaíonn “pobal fuinnimh in-athnuaite” pobal fuinnimh in-athnuaite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (16) de Threoir (AE) 2018/2001;

69)

ciallaíonn “fuinneamh in-athnuaite” fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite nó fuinneamh in-athnuaite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1) de Threoir (AE) 2018/2001;

70)

ciallaíonn “hidrigin in-athnuaite” hidrigin a tháirgtear ó fhuinneamh in-athnuaite i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a leagtar amach maidir le breoslaí iompair in-athnuaite leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch i dTreoir (AE) 2018/2001;

71)

ciallaíonn “breoslaí iompair in-athnuaite leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch” breoslaí iompair in-athnuaite leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (36) de Threoir (AE) 2018/2001;

72)

ciallaíonn “leordhóthanacht acmhainní” leibhéal acmhainneachta a ghintear, ar leibhéal acmhainneachta é a mheastar a bheith leordhóthanach chun leibhéil éilimh i gcrios tairisceana a chomhlíonadh in aon tréimhse ar leith, bunaithe ar úsáid gnáththáscaire staidrimh a úsáideann eagraíochtaí a aithníonn institiúidí an Aontais go bhfuil ról bunriachtanach acu i gcruthú margaidh aonair sa leictreachas, mar shampla Líonra Eorpach d'Oibreoirí Córais Tharchurtha Leictreachais (ENTSO-E);

73)

ciallaíonn “éifeachtúlacht acmhainní” cainníocht na n-ionchur is gá chun aonad aschuir a tháirgeadh nó chun ionchuir thánaisteacha a chur in ionad ionchuir phríomhúla, an chainníocht sin a laghdú;

74)

ciallaíonn “athchóiriú” an próiseas trína gcabhraítear le téarnamh éiceachórais mar bhealach chun an bhithéagsúlacht a chaomhnú agus athléimneacht na n-éiceachóras a mhéadú, go háirithe i ndáil leis an athrú aeráide. Áirítear le hathchóiriú na n-éiceachóras bearta a dhéantar chun riocht éiceachórais a fheabhsú agus chun éiceachóras a athchruthú nó a athbhunú, ar éiceachóras é a chaill an riocht sin, agus athléimneacht na n-éiceachóras a fheabhsú agus oiriúnú don athrú aeráide;

75)

ciallaíonn “athúsáid” athúsáid mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (13) de Threoir 2008/98/CE agus áirítear leis aon oibríocht lena mbaintear úsáid in athuair as táirgí nó comhpháirteanna nach dramhaíl iad ar chúiseanna seachas na cúiseanna ar ceapadh iad an chéad lá;

76)

ciallaíonn “fiontar beag” gnóthas a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos maidir le fiontair bheaga sa Mholadh ón gCoimisiún maidir leis an sainmhíniú ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide;

77)

ciallaíonn “fiontar beag nó fiontar meánmhéide” (FBM) gnóthas a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos sa Mholadh ón gCoimisiún maidir leis an sainmhíniú ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide;

78)

ciallaíonn “cuideachta mheánchaipitlithe bheag” gnóthas nach fiontar beag agus meánmhéide é agus nach mó a líon fostaithe ná 499 nduine, a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagail 3 go 6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún (35), agus nach mó a láimhdeachas bliantúil ná EUR 100 milliún nó nach mó a chlár comhardaithe bliantúil ná EUR 86 mhilliún. Measfar roinnt eintiteas a bheith ina ngnóthas amháin má chomhlíontar aon cheann de na coinníollacha a liostaítear in Airteagal 3, pointe (3) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 651/2014;

79)

ciallaíonn “athluchtú cliste” oibríocht athluchtaithe ina ndéantar déine an leictreachais a sheachadtar chuig an gceallra a choigeartú i bhfíor-am, ar bhonn faisnéis a fhaightear trí chumarsáid leictreonach;

80)

ciallaíonn “ullmhacht chliste” acmhainn na bhfoirgneamh (nó na n-aonad foirgnimh) chun a n-oibriú a oiriúnú do riachtanais an áititheora, lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh agus feidhmíocht fhoriomlán a bharrfheabhsú, agus chun a n-oibriú a oiriúnú mar fhreagairt do chomharthaí ón eangach;

81)

ciallaíonn “freagrachtaí cothromaithe caighdeánacha” freagrachtaí cothromaithe neamh-idirdhealaitheacha thar theicneolaíochtaí nach bhfuil aon ghineadóir díolmhaithe ó fhreagracht as cothromú mar a leagtar amach in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/943;

82)

ciallaíonn “tús oibreacha” an chéad ghealltanas daingean (mar shampla, trealamh a ordú nó tús a chur leis an tógáil) a bhfuil sé mar thoradh air go mbeidh an infheistíocht dochúlaithe. Ní mheastar gur tús oibreacha é talamh a cheannach ná obair réamhullmhúcháin amhail ceadúnais a fháil agus réamhstaidéir indéantachta a dhéanamh. Maidir le táthcheangail, ciallaíonn “tús oibreacha” an tráth a fhaightear na sócmhainní a bhaineann go díreach leis an mbunaíocht arna fáil;

83)

ciallaíonn “cúlchiste straitéiseach” sásra acmhainneachta ina gcoinnítear acmhainneacht leictreachais, amhail giniúint, stóráil nó freagairt don éileamh, lasmuigh de mhargadh an leictreachais agus nach seoltar í ach amháin i gcúinsí sonracha;

84)

ciallaíonn “costas iomlán úinéireachta” an costas iomlán a bhaineann le feithicil a fháil agus le húinéireacht ar fheithicil dá saolré, lena n-áirítear na costais a bhaineann leis an bhfeithicil a fháil nó a léasú, costais bhreosla, costais chothabhála agus deisiúcháin, costais árachais, costais mhaoinithe, agus cánacha;

85)

ciallaíonn “oibreoir córais tarchurtha” (TSO) oibreoir córais tarchurtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (35) de Threoir (AE) 2019/944;

86)

ciallaíonn “feithicil” aon cheann de na nithe seo a leanas:

a)

feithicil bhóthair de chatagóir M1, M2, N1, M3, N2, N3 nó L;

b)

soitheach intíre nó soitheach farraige agus cósta le haghaidh iompar paisinéirí nó lasta;

c)

rothstoc;

d)

aerárthach;

87)

ciallaíonn “cóireáil” cóireáil mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 14 de Threoir 2008/98/CE;

88)

ciallaíonn “íosleibhéal cánach an Aontais” an t-íosleibhéal cánachais dá bhforáiltear i ndlí an Aontais; maidir le táirgí fuinnimh agus le leictreachas, ciallaíonn sé an t-íosleibhéal cánachais a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/96/CE ón gComhairle (36);

89)

Ciallaíonn “caighdeán de chuid an Aontais”:

a)

caighdeán éigeantach de chuid an Aontais lena leagfar síos na leibhéil atá le baint amach ag gnóthais aonair ó thaobh an chomhshaoil de, cé is moite de chaighdeáin nó spriocanna arna socrú ar leibhéal an Aontais atá ceangailteach ar na Ballstáit ach nach bhfuil ceangailteach ar ghnóthais aonair;

b)

an oibleagáid na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) a úsáid, mar a shainmhínítear i dTreoir 2010/75/AE, agus a áirithiú nach sáróidh na leibhéil astaíochtaí na leibhéil a bhainfí amach agus BAT á gcur i bhfeidhm; I gcás ina bhfuil leibhéil astaíochtaí a bhaineann le BAT (37) sainithe i ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoi Threoir 2010/75/AE nó faoi threoracha eile is infheidhme, beidh na leibhéil sin infheidhme chun críoch na dtreoirlínte seo; i gcás ina sloinnfear na leibhéil sin mar raon, beidh feidhm ag an teorainn ar a mbaintear an BAT amach ar dtús maidir leis an ngnóthas lena mbaineann;

90)

ciallaíonn “dramhaíl” dramhaíl mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1) de Threoir 2008/98/CE;

91)

ciallaíonn “dramhtheas” teas dramhaíola mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9) de Threoir (AE) 2018/2001.

3.   MEASÚNÚ COMHOIRIÚNACHTA FAOI AIRTEAGAL 107(3), POINTE (C), DEN CHONRADH

20.

Leagtar síos sna treoirlínte sin na critéir maidir le comhoiriúnacht, faoi Airteagal 107(3), pointe (c) den Chonradh, le bearta cabhrach i leith cosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear cosaint aeráide, agus cuspóirí fuinnimh atá faoi réir an cheanglais maidir le fógra a thabhairt in Airteagal 108(3) den Chonradh.

21.

Ar bhonn Airteagal 107(3), pointe (c) den Chonradh, féadfaidh an Coimisiún a mheas go bhfuil státchabhair chun forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe laistigh den Aontas a éascú (coinníoll dearfach) comhoiriúnach leis an margadh inmheánach nuair nach ndéanann an chabhair sin dochar do dhálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann (coinníoll diúltach).

22.

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún an féidir a mheas go bhfuil cosaint an chomhshaoil agus cabhair fuinnimh comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c) den Chonradh, déanfaidh sé anailís ar na gnéithe seo a leanas:

a)

maidir leis an gcéad choinníoll (dearfach), go n-éascaíonn an chabhair forbairt gníomhaíochta eacnamaíche:

i)

sainaithint na gníomhaíochta eacnamaíche atá á éascú ag an mbeart, a éifeachtaí dearfacha don tsochaí i gcoitinne agus, i gcás inarb infheidhme, a hábharthacht do bheartais shonracha an Aontais (féach Roinn 3.1.1);

ii)

éifeacht dreasachta na cabhrach (féach Roinn 3.1.2);

iii)

gan sárú a bheith ann ar aon fhoráil ábhartha de dhlí an Aontais (féach Roinn 3.1.3).

b)

maidir leis an dara coinníoll (diúltach), nach ndéanann an chabhair dochar do dhálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann:

i)

an gá atá le hidirghabháil Stáit (féach Roinn 3.2.1.1);

ii)

oiriúnacht na cabhrach (féach Roinn 3.2.1.2);

iii)

comhréireacht na cabhrach (cabhair atá teoranta don íosmhéid is gá chun a cuspóir a bhaint amach) lena n-áirítear carnadh (féach Roinn 3.2.1.3);

iv)

trédhearcacht na cabhrach (féach Roinn 3.2.1.4);

v)

éifeachtaí diúltacha míchuí na cabhrach ar iomaíocht agus ar thrádáil a sheachaint (féach Roinn 3.2.2);

vi)

éifeachtaí dearfacha agus diúltacha na cabhrach a mheas (féach Roinn 3.3).

3.1   Coinníoll dearfach: ní mór don chabhair forbairt gníomhaíochta eacnamaíche a éascú

3.1.1   Sainaithint na gníomhaíochta eacnamaíche atá á éascú ag an mbeart, a éifeachtaí dearfacha don tsochaí i gcoitinne agus, i gcás inarb infheidhme, a hábharthacht do bheartais shonracha an Aontais

23.

Agus fógra a thabhairt maidir le cabhair, ní mór do na Ballstáit na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a éascófar mar thoradh ar an gcabhair agus an chaoi a dtacaítear le forbairt na ngníomhaíochtaí sin a shainaithint.

24.

Cabhair chun éifeachtaí diúltacha gníomhaíochtaí eacnamaíocha ar an aeráid nó ar an gcomhshaol a chosc nó a laghdú, leis an gcabhair sin is féidir forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha a éascú trí inbhuanaitheacht na gníomhaíochta eacnamaíche lena mbaineann a mhéadú. Féadfar a áirithiú leis an gcabhair freisin go bhféadfar leanúint leis an ngníomhaíocht gan damáiste díréireach a dhéanamh don chomhshaol agus trí thacú le cruthú gníomhaíochtaí agus seirbhísí eacnamaíocha nua (ag tacú le forbairt an “gheilleagair ghlais” mar a thugtar air).

25.

Ní mór do na Ballstáit cur síos a dhéanamh freisin ar cibé acu a rannchuideoidh leis an gcabhair le cuspóirí bheartas aeráide, bheartas comhshaoil agus bheartas fuinnimh an Aontais a bhaint amach agus cén chaoi a ndéanfar sin, agus, go háirithe, tairbhí na cabhrach a bhfuiltear ag súil leo ó thaobh cur ar bhealach suntasach le cosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear maolú ar an athrú aeráide, nó feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh.

3.1.2   Éifeacht dreasachta

26.

Ní féidir a mheas go n-éascaíonn cabhair gníomhaíocht eacnamaíoch ach amháin má tá éifeacht dreasachta aici. Tarlaíonn éifeacht dreasachta nuair a spreagann an chabhair an tairbhí chun a iompar a athrú, chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht eacnamaíoch bhreise nó i ngníomhaíocht eacnamaíoch atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, rud nach ndéanfadh sé gan an chabhair nó a dhéanfadh sé ar bhealach srianta nó difriúil.

27.

Níor cheart go dtacódh an chabhair leis na costais a bhaineann le gníomhaíocht a dhéanfadh tairbhí na cabhrach pé scéal é agus níor cheart go gcúiteodh an chabhair an gnáthriosca gnó a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch (38).

28.

Is éard atá i gceist le héifeacht dreasachta a chruthú ná an cás fíorasach a shainaithint mar aon leis an gcás frithfhíorasach a d’fhéadfadh a bheith ann in éagmais cabhrach (39). Scrúdóidh an Coimisiún an méid sin bunaithe ar an gcainníochtú dá dtagraítear i Roinn 3.2.1.3.

29.

Measann an Coimisiún nach bhfuil éifeacht dreasachta ag an gcabhair don tairbhí i gcásanna inar cuireadh tús leis na hoibreacha ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht sula ndearna an tairbhí iarratas ar chabhair i scríbhinn chuig na húdaráis náisiúnta. I gcásanna ina dtosóidh an tairbhí ar thionscadal a chur chun feidhme sula ndéanfaidh sé iarratas ar chabhair, measfar, i bprionsabal, nach mbeidh aon chabhair a dheonófar i leith an tionscadail sin comhoiriúnach leis an margadh inmheánach.

30.

Féadfaidh an iarratas ar chabhair a bheith i bhfoirmeacha éagsúla, lena n-áirítear, mar shampla, tairiscint i bpróiseas tairisceana iomaíoch. Ní mór ainm an iarratasóra, tuairisc ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht, lena n-áirítear an suíomh, agus an méid cabhrach is gá chun é nó í a chur i gcrích a bheith ar áireamh in aon iarratas.

31.

I gcásanna eisceachtúla áirithe, féadfaidh éifeacht dreasachta a bheith ag cabhair, fiú amháin i gcás tionscadail ar cuireadh tús leo sula ndearnadh an iarratas ar chabhair. Go háirithe, meastar go bhfuil éifeacht dreasachta ag cabhair sna cásanna seo a leanas:

a)

go ndeonaítear an chabhair go huathoibríoch i gcomhréir le critéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha agus gan feidhmiú discréide ag an mBallstát, agus gur glacadh an beart agus go bhfuil sé i bhfeidhm sula gcuirfear tús leis an obair ar thionscadal nó ar ghníomhaíocht dá dtugtar cabhair, ach amháin i gcás scéimeanna comharbachta fioscacha ina raibh an ghníomhaíocht cumhdaithe cheana féin ag scéimeanna eile i bhfoirm buntáistí cánach;

b)

go bhfuil fógra foilsithe ag na húdaráis náisiúnta, roimh thús na n-oibreacha, á rá go bhfuil rún acu an beart cabhrach atá beartaithe a bhunú, ar choinníoll go bhformheasfaidh an Coimisiún an beart mar a cheanglaítear le hAirteagal 108(3) den Chonradh. Ní mór an fógra sin a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin poiblí nó ar mheáin eile a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu agus ar a bhfuil rochtain leathan agus éasca agus ní mór a shonrú go soiléir ann cineál na dtionscadal atá beartaithe ag an mBallstát a bheith incháilithe agus an pointe ama a bhfuil sé beartaithe ag an mBallstát go mbeidh tionscadail den sórt sin incháilithe. Níor cheart an incháilitheacht atá beartaithe a theorannú go míchuí. Ní mór é a bheith curtha in iúl don údarás deonúcháin ag an tairbhí roimh thús na n-oibreacha gur measadh gur coinníoll é an beart cabhrach atá beartaithe maidir leis na cinntí infheistíochta a rinneadh. I gcás ina mbeidh sé ag brath ar fhógra den sórt sin chun éifeacht dreasachta a léiriú, ní mór don Bhallstát, mar chuid dá fhógra maidir le státchabhair, na nithe seo a sholáthar: cóip den fhógra agus nasc chuig an suíomh gréasáin ar ar foilsíodh é nó cruthúnas go bhfuil sé curtha ar fáil don phobal;

c)

cabhair oibriúcháin arna deonú do shuiteálacha atá ann cheana le haghaidh táirgeadh atá neamhdhíobhálach don chomhshaol i gcás nár cuireadh tús leis na hoibreacha mar nach bhfuil aon infheistíocht shuntasach nua ann. Sna cásanna sin, is féidir an éifeacht dreasachta a léiriú tríd an tsuiteáil a oibriú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol seachas ar mhodh eile oibriúcháin atá níos saoire ach atá níos díobhálaí don chomhshaol.

32.

Measann an Coimisiún nach bhfuil aon éifeacht dreasachta, i bprionsabal, ag cabhair a dheonaítear chun an costas a bhaineann le hoiriúnú do chaighdeáin an Aontais a chumhdach. Mar riail ghinearálta, is féidir éifeacht dreasachta a bheith ag cabhair a théann thar chaighdeáin an Aontais, agus ag an gcabhair sin amháin. Mar sin féin, i gcásanna inar glacadh an caighdeán ábhartha de chuid an Aontais cheana ach nach bhfuil sé i bhfeidhm go fóill, is féidir éifeacht dreasachta a bheith ag cabhair má dhreasaíonn sé an infheistíocht atá le cur chun feidhme agus le tabhairt i gcrích ar a laghad 18 mí sula dtiocfaidh an caighdeán i bhfeidhm, mura léirítear a mhalairt i Ranna 4.1 go 4.13. Ionas nach mbeidh drogall ar na Ballstáit caighdeáin náisiúnta éigeantacha a leagan síos atá níos déine nó níos uaillmhianaí ná na caighdeáin chomhfhreagracha de chuid an Aontais, féadfaidh éifeacht dreasachta a bheith ag bearta cabhrach gan beann ar na caighdeáin náisiúnta sin a bheith ann. Is amhlaidh atá i gcás na cabhrach a dheonaítear i bhfianaise caighdeán náisiúnta éigeantach a ghlactar in éagmais caighdeáin de chuid an Aontais.

3.1.3   Níor sáraíodh aon fhoráil ábhartha de dhlí an Aontais

33.

Más rud é go bhfuil sárú ar dhlí ábhartha an Aontais i gceist leis an ngníomhaíocht dá tugtar tacaíocht, nó leis an mbeart cabhrach nó leis na coinníollacha a ghabhann leis, lena n-áirítear a mhodh maoiniúcháin nuair is cuid dhílis den bheart é, ní féidir a dhearbhú go bhfuil an chabhair comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. D’fhéadfadh an cás a bheith amhlaidh, mar shampla, i gcás ina mbeidh an chabhair faoi réir clásail lena ndéanfar í a chur mar choinníoll go díreach nó go hindíreach ar thionscnamh táirgí nó trealaimh, amhail ceanglais ar an tairbhí táirgí a tháirgtear go hinmheánach a cheannach.

3.2   Coinníoll diúltach: ní cheart don bheart cabhrach dochar a dhéanamh do dhálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann

3.2.1   Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála

3.2.1.1   Riachtanas na cabhrach

34.

Ní mór an beart státchabhrach atá beartaithe a dhíriú ar chás ina bhféadfadh sé a bheith ina chúis le forbairt ábhartha nach féidir leis an margadh amháin a bhaint amach, mar shampla trí chlistí margaidh a leigheas i ndáil leis na tionscadail nó na gníomhaíochtaí dá ndámhtar an chabhair. Cé go nglactar leis go ginearálta gur gnách torthaí éifeachtúla a bheith mar chuid de mhargaí iomaíocha maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha, praghsanna, aschur agus úsáid acmhainní a fhorbairt, i gcás clistí margaidh a bheith ann, d’fhéadfadh idirghabháil phoiblí i bhfoirm státchabhrach feidhmiú éifeachtach na margaí a fheabhsú agus ar an gcaoi sin cur le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche sa mhéid nach n-éiríonn leis an margadh féin toradh éifeachtach a bhaint amach. Na clistí margaidh a chuireann cosc ar leibhéal leordhóthanach cosanta comhshaoil a bhaint amach mar aon le margadh éifeachtúil inmheánach fuinnimh, ba cheart don Bhallstát na clistí sin a shainaithint. Is iad seo a leanas na príomhchlistí margaidh a bhaineann le cosaint an chomhshaoil agus le fuinneamh ar féidir leo an toradh is fearr a chosc agus a bhféadfadh toradh neamhéifeachtúil a bheith mar thoradh orthu:

a)

Seachtrachtaí diúltacha: is coitianta iad do bhearta cabhrach comhshaoil agus tagann siad chun cinn nuair nach mbíonn praghas leordhóthanach ar thruailliú, is é sin le rá, ní ghearrtar costas iomlán an truaillithe ar an ngnóthas lena mbaineann. Sa chás sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh dreasachtaí leordhóthanacha ag gnóthais atá ag gníomhú ar a leas féin chun na seachtrachtaí diúltacha a eascraíonn as a ngníomhaíocht eacnamaíoch a chur san áireamh nuair a roghnaíonn siad teicneolaíocht áirithe nó nuair a chinneann siad leibhéal an aschuir. Is é sin le rá, na costais a íocann an gnóthas, ní léiríonn siad go hiomlán na costais a íocann na tomhaltóirí agus an tsochaí i gcoitinne. Dá bhrí sin, de ghnáth ní bhíonn dreasacht leordhóthanach ann do ghnóthais leibhéal a dtruaillithe a laghdú ná bearta aonair a dhéanamh chun an comhshaol a chosaint.

b)

Seachtrachtaí dearfacha: ós rud é go bhfabhróidh cuid den tairbhe ó infheistíocht chuig rannpháirtithe sa mhargadh seachas an t-infheisteoir, d’fhéadfadh sé nach ndéanfaidh gnóthais dóthain infheistíochta. D’fhéadfadh seachtrachtaí dearfacha a bheith ann, mar shampla, i gcás infheistíochtaí in éiceanuálaíocht, cobhsaíocht an chórais, teicneolaíochtaí in-athnuaite nua agus nuálacha agus bearta nuálacha chun freagairt don éileamh nó i gcás bonneagair fuinnimh nó bearta maidir le slándáil an tsoláthair leictreachais a théann chun tairbhe do go leor Ballstát nó do líon níos leithne tomhaltóirí.

c)

Faisnéis neamhshiméadrach: tagann sé sin chun cinn i margaí ina bhfuil neamhréireacht ann idir an fhaisnéis atá ar fáil do thaobh amháin den mhargadh agus an fhaisnéis atá ar fáil don taobh eile. D’fhéadfadh sé sin tarlú, mar shampla, i gcás easpa faisnéise a bheith ag infheisteoirí airgeadais seachtracha maidir leis an toradh dóchúil agus na rioscaí a bhaineann le tionscadal. D’fhéadfadh sé teacht aníos freisin i gcás comhoibriú bonneagar trasteorann nuair atá míbhuntáiste faisnéise ag páirtí amháin i gcomparáid leis an bpáirtí eile. Cé nach riosca nó éiginnteacht iad féin is cúis le cliseadh margaidh, tá nasc idir fadhb na faisnéise neamhshiméadraí agus leibhéal an riosca agus na héiginnteachta sin. Is gnách go mbíonn an dá cheann acu níos airde i gcás infheistíochtaí comhshaoil a mbíonn tréimhse amúchta níos faide acu de ghnáth, rud a neartaíonn an bhéim ar ionchas gearrthéarmach a d’fhéadfaí éirí níos measa de dheasca coinníollacha maoiniúcháin d’infheistíochtaí den sórt sin go háirithe i gcás FBManna.

d)

Clistí comhordúcháin: d’fhéadfadh sé sin cosc a chur ar fhorbairt tionscadail nó ar a dhearadh mar gheall ar leasanna agus dreasachtaí éagsúla i measc infheisteoirí, ar a dtugtar “dreasachtaí deighilte”, na costais a bhaineann le socruithe árachais dliteanais nó socruithe conarthacha, éiginnteacht maidir leis an toradh comhoibríoch agus éifeachtaí líonra, mar shampla soláthar leictreachais gan bhriseadh. D’fhéadfadh na clistí comhordúcháin sin teacht chun cinn, mar shampla, sa chaidreamh idir úinéir foirgnimh agus tionónta maidir le réitigh atá tíosach ar fhuinneamh. D’fhéadfaí clistí comhordúcháin a dhéanamh níos measa fós mar gheall ar fhadhbanna faisnéise, go háirithe na fadhbanna sin a bhaineann le faisnéis neamhshiméadrach. D’fhéadfadh clistí comhordúcháin eascairt as an ngá atá le mais chriticiúil áirithe a bhaint amach sula mbeidh sé tarraingteach ó thaobh tráchtála de tús a chur le tionscadal, rud a d’fhéadfadh a bheith ina ghné ábhartha go háirithe i dtionscadail (trasteorann) bhonneagair.

35.

Ní leor clistí margaidh a bheith ann i gcomhthéacs áirithe, áfach, chun riachtanas na státchabhrach a chruthú. D’fhéadfadh beartais agus bearta eile a bheith i bhfeidhm cheana féin chun aghaidh a thabhairt ar roinnt de na clistí margaidh sainaitheanta. I measc na sampla tá rialáil earnála, caighdeáin éigeantacha an Aontais maidir le truailliú, oibleagáidí soláthair, sásraí praghsála amhail Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais (ETS) agus cánacha carbóin. Ní fhéadfar bearta breise, lena n-áirítear státchabhair, a dhíriú ach ar chlistí margaidh iarmharacha, is é sin le rá na bearta sin nach dtugtar aghaidh orthu i mbeartais agus bearta eile den sórt sin. Tá sé tábhachtach freisin a léiriú conas a neartaíonn státchabhair na beartais agus bearta eile atá i bhfeidhm a bhfuil sé d’aidhm acu na clistí margaidh sin a leigheas. Dá bhrí sin, tá sé níos deacra a léiriú go bhfuil gá le státchabhair má ghníomhaíonn sí in aghaidh beartais eile atá dírithe ar na clistí margaidh céanna. Dá bhrí sin, ba cheart don Bhallstát aon bheartas nó beart atá ann cheana agus atá dírithe ar na clistí sainaitheanta rialála nó margaidh a shainaithint freisin.

36.

Measfaidh an Coimisiún go bhfuil gá le cabhair má léiríonn an Ballstát go ndíríonn sí go héifeachtach ar chliseadh margaidh iarmharach, agus aon bheartas agus beart eile atá i bhfeidhm cheana féin chun aghaidh a thabhairt ar chuid de na clistí margaidh sainaitheanta á gcur san áireamh.

37.

I gcás ina ndéanfar státchabhair a dhámhachtain ar thionscadail nó ar ghníomhaíochtaí atá, maidir lena n-ábhar teicneolaíoch, a leibhéal riosca agus méid, cosúil leo siúd a rinneadh cheana laistigh den Aontas faoi dhálaí margaidh, glacfaidh an Coimisiún leis, i bprionsabal, nach bhfuil aon chliseadh margaidh ann agus go mbeidh tuilleadh fianaise ag teastáil ina leith chun a léiriú go bhfuil gá le státchabhair.

38.

D’fhonn a léiriú go bhfuil gá le cabhair, ní mór don Bhallstát a thaispeáint nach ndéanfaí an tionscadal, nó i gcás scéimeanna, an tionscadal tagartha, gan an chabhair sin. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an méid sin bunaithe ar an gcainníochtú dá dtagraítear i Roinn 3.2.1.3 nó ar anailís shonrach atá bunaithe ar fhianaise a thíolacfaidh an Ballstát agus lena léireofar riachtanas na cabhrach.

3.2.1.2   Oiriúnacht

39.

Ní mór don bheart cabhrach atá beartaithe a bheith ina ionstraim beartais iomchuí chun cuspóir beartaithe na cabhrach a bhaint amach, is é sin le rá, ní cheart beartas agus ionstraim cabhrach nach bhfuil chomh saobhach céanna a bheith ann a bheadh in ann na torthaí céanna a bhaint amach.

3.2.1.2.1   Oiriúnacht i measc ionstraimí eile beartais

40.

Ní hé státchabhair an t-aon ionstraim beartais atá ar fáil do na Ballstáit chun leibhéil mhéadaithe cosanta comhshaoil a chur chun cinn nó chun margadh inmheánach fuinnimh éifeachtúil a áirithiú. D’fhéadfadh ionstraimí eile atá níos iomchuí a bheith ar fáil, amhail ionstraimí margadhbhunaithe nó bearta atá dírithe ar an éileamh, lena mbaineann rialáil, comhlíonadh bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh (40), soláthar poiblí nó caighdeánú, chomh maith le méadú ar chistiú an bhonneagair phoiblí agus ar bhearta fioscacha ginearálta. D’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag ionstraimí boga, amhail éicilipéid dheonacha agus scaipeadh teicneolaíochtaí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, chun leibhéal níos airde cosanta comhshaoil a bhaint amach (41).

41.

D’fhéadfadh bearta éagsúla chun an cliseadh margaidh céanna a leigheas gníomhú in aghaidh a chéile. Is amhlaidh atá i gcás ina gcuirfear sásra margadhbhunaithe éifeachtúil i bhfeidhm chun dul i ngleic go sonrach le fadhb na seachtrachtaí, ETS an Aontais cuir i gcás. Tá an baol ann, le beart tacaíochta breise chun aghaidh a thabhairt ar an gcliseadh margaidh céanna, go mbainfí an bonn d’éifeachtúlacht an tsásra margadhbhunaithe. Dá bhrí sin, nuair atá sé d’aidhm ag scéim cabhrach aghaidh a thabhairt ar chlistí margaidh iarmharacha, ní mór an scéim cabhrach a cheapadh ar bhealach nach mbainfear an bonn d’éifeachtúlacht an tsásra margadhbhunaithe.

42.

An prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a chomhlíonadh trí reachtaíocht chomhshaoil, is é is aidhm dó a áirithiú go gceartófar cliseadh margaidh a bhaineann le seachtrachtaí diúltacha. Dá bhrí sin, ní ionstraim iomchuí í státchabhair agus ní féidir í a dheonú a mhéid a d’fhéadfaí tairbhí na cabhrach a chur faoi dhliteanas i leith an truaillithe faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta atá ann cheana.

3.2.1.2.2   Oiriúnacht i measc ionstraimí éagsúla cabhrach

43.

Is féidir státchabhair le haghaidh chosaint an chomhshaoil agus fuinneamh a dhámhachtain i bhfoirmeacha éagsúla. Ba cheart don Bhallstát a áirithiú, áfach, go ndámhfar an chabhair i bhfoirm ar dócha go gcruthófar an saobhadh is lú ar thrádáil agus ar iomaíocht.

44.

I ndáil leis an méid sin, maidir le cineálacha eile cabhrach nach bhfuil chomh saobhach sin, ní mór don Bhallstát a léiriú cén fáth nach bhfuil siad chomh hiomchuí céanna, amhail: airleacain inaisíoctha i gcomparáid le deontais dhíreacha; creidmheasanna cánach i gcomparáid le laghduithe cánach; nó cineálacha cabhrach atá bunaithe ar ionstraimí airgeadais, amhail fiachas i gcomparáid le hionstraimí cothromais, lena n-áirítear, mar shampla, iasachtaí ar ús íseal nó lacáistí ar ús, ráthaíochtaí Stáit, nó soláthar malartach maoinithe ar théarmaí fabhracha.

45.

Ba cheart rogha na hionstraime cabhrach a bheith iomchuí don chliseadh margaidh a bhfuil sé mar aidhm ag an mbeart cabhrach aghaidh a thabhairt air. I gcás ina bhfuil an t-ioncam iarbhír éiginnte, mar shampla i gcás bearta coigilte fuinnimh, féadfaidh airleacan inaisíoctha a bheith ar an ionstraim is iomchuí.

46.

Ní mór don Bhallstát a léiriú go bhfuil an chabhair agus dearadh na cabhrach iomchuí chun cuspóir an bhirt ar a ndírítear an chabhair a bhaint amach.

3.2.1.3   Comhréireacht

47.

Measfar an chabhair a bheith comhréireach má tá méid na cabhrach in aghaidh an tairbhí teoranta don íosmhéid is gá chun an tionscadal nó an ghníomhaíocht dá dtugtar cabhair a dhéanamh.

48.

Mar phrionsabal ginearálta, measfar an chabhair a bheith teoranta don íosmhéid is gá chun an tionscadal nó an ghníomhaíocht dá dtugtar cabhair a dhéanamh má chomhfhreagraíonn an chabhair don ghlanchostas breise (“an bhearna chistiúcháin”) is gá chun cuspóir an bhirt cabhrach a bhaint amach, i gcomparáid leis an gcás frithfhíorasach in éagmais cabhrach. Cinntear an glanchostas breise de réir na difríochta idir ioncam agus costais eacnamaíocha (lena n-áirítear an infheistíocht agus an oibríocht) an tionscadail dá dtugtar cabhair agus ioncam agus costais eacnamaíocha an tionscadail mhalartaigh a dhéanfadh tairbhí na cabhrach ar bhealach inchreidte in éagmais cabhrach.

49.

Ní bheidh gá le measúnú mionsonraithe ar an nglanchostas breise má chinntear méideanna na cabhrach trí phróiseas tairisceana iomaíoch, toisc go dtugann an próiseas sin meastachán iontaofa ar an íosmhéid cabhrach atá ag teastáil ó thairbhithe féideartha (42). Dá bhrí sin, measann an Coimisiún go n-áirithítear comhréireacht na cabhrach má chomhlíontar na critéir seo a leanas:

a)

go bhfuil an próiseas tairisceana iomaíoch, eadhon: go bhfuil sé oscailte, soiléir, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, bunaithe ar chritéir oibiachtúla, arna sainiú ex ante i gcomhréir le cuspóir an bhirt agus go n-íoslaghdaíonn sé riosca na dtairiscintí straitéiseacha;

b)

go bhfoilsítear na critéir fada go leor roimh an spriocdháta chun iarratais a chur isteach chun go gcumasófar iomaíocht éifeachtach (43);

c)

gur srian ceangailteach é an buiséad nó an méid a bhaineann leis an bpróiseas tairisceana sa mhéid is gur féidir a mheas nach bhfaighidh gach tairgeoir cabhair, gur leor líon measta na dtairgeoirí chun iomaíocht éifeachtach a áirithiú, agus go gceartófar dearadh na bpróiseas tairisceana nach bhfuil ró-éileamh orthu le linn cur chun feidhme scéime chun iomaíocht éifeachtach a athbhunú sna próisis tairisceana ina dhiaidh sin nó, ina éagmais sin, a luaithe is iomchuí;

d)

go seachnaítear coigeartuithe ex post ar thoradh an phróisis tairisceana (amhail caibidlíocht ina dhiaidh sin maidir le torthaí tairisceana nó ciondáil) toisc go bhféadfaidís an bonn a bhaint d’éifeachtúlacht thoradh an phróisis.

50.

Mar riail ghinearálta, na critéir roghnúcháin a úsáidtear chun tairiscintí a rangú agus, i ndeireadh thiar thall, chun an chabhair a leithdháileadh sa phróiseas tairisceana iomaíoch, ba cheart do na critéir sin cur le príomhchuspóirí an bhirt a chur i gcoibhneas díreach nó indíreach le méid na cabhrach arna iarraidh ag an iarratasóir. Féadfar é sin a chur in iúl, mar shampla, i dtéarmaí cabhrach in aghaidh an aonaid chosanta comhshaoil nó cabhrach in aghaidh an aonaid fuinnimh (44). D’fhéadfadh sé gurb iomchuí freisin critéir roghnúcháin eile a áireamh, ar critéir é nach mbaineann go díreach ná go hindíreach le príomhchuspóirí an bhirt. I gcásanna den sórt sin, caithfidh nach mó ná 30 % d’ualú na gcritéar roghnúcháin ar fad na critéir eile sin. Ní mór don Bhallstát cúiseanna a thabhairt maidir leis an gcur chuige atá beartaithe agus a áirithiú go bhfuil sé iomchuí do na cuspóirí atá á saothrú.

51.

I gcás nach ndeonaítear an chabhair faoi phróiseas tairisceana iomaíoch, ní mór an glanchostas breise a chinneadh trí chomparáid a dhéanamh idir brabúsacht na gcásanna fíorasacha agus frithfhíorasacha. Chun an bhearna chistiúcháin a chinneadh sna cásanna sin, ní mór don Bhallstát cainníochtú a chur isteach, maidir leis an gcás fíorasach agus le cás inchreidte frithfhíorasach, de na príomhchostais agus ioncam ar fad, meánchostas ualaithe caipitil (WACC) measta na dtairbhithe chun sreafaí airgid todhchaí a lascainiú, chomh maith le glanluach láithreach (NPV) na gcásanna fíorasacha agus frithfhíorasacha, thar shaolré an tionscadail. Fíoróidh an Coimisiún an bhfuil an cás frithfhíorasach sin réadúil nó nach bhfuil (45). Ní mór don Bhallstát cúiseanna a thabhairt maidir leis na toimhdí a úsáidtear i ngach gné den chainníochtú, agus ní mór dó míniú agus údar maith a thabhairt maidir le haon mhodheolaíocht a chuirtear i bhfeidhm. Is féidir an glanchostas breise tipiciúil a mheas mar an difríocht idir NPV an chás fhíorasaigh agus NPV an chás fhrithfhíorasaigh thar shaolré an tionscadail tagartha.

52.

D’fhéadfadh sé gurb é a bheadh i gceist le cás frithfhíorasach nach bhfuil gníomhaíocht ná infheistíocht á déanamh ag an tairbhí, nó go bhfuil sé ag leanúint dá ghnó á dhéanamh gan athrú. I gcás ina dtacaíonn fianaise gurb é seo an cás frithfhíorasach is dóichí, is féidir an glanchostas breise a neasú le NPV diúltach an tionscadail sa chás fíorasach gan chabhair thar shaolré an tionscadail (dá bhrí sin, glactar leis go hintuigthe go bhfuil NPV an cháis fhrithfhíorasaigh cothrom le nialas) (46). Go háirithe, is féidir leis a bheith amhlaidh i gcás tionscadail bonneagair.

53.

I gcás cabhair aonair agus scéimeanna a théann chun tairbhe do líon teoranta tairbhithe, is gá na ríomhanna agus na réamh-mheastacháin atá i bpointe 51 a thíolacadh ar leibhéal phlean gnó mionsonraithe an tionscadail, agus i gcás scéimeanna cabhrach ar bhonn tionscadail tagartha amháin nó níos mó. Ar an gcaoi chéanna, má tá feidhm ag pointe 52, is gá an fhianaise thacaíochta a chur i láthair ar leibhéal phlean gnó mionsonraithe an tionscadail, agus i gcás scéimeanna cabhrach ar bhonn tionscadail tagartha amháin nó níos mó.

54.

I gcúinsí áirithe, d’fhéadfadh sé a bheith deacair na tairbhí agus na costais a bhaineann leis an tairbhí a shainaithint go hiomlán agus, dá bhrí sin, an NPV sna cásanna fíorasacha agus frithfhíorasacha a chainníochtú. Féadfar cineálacha malartacha cur chuige a chur i bhfeidhm i gcás na gcásanna sin, mar a shonraítear i gCaibidil 4 maidir le cineálacha sonracha cabhrach. Sna cásanna sin, féadfar a mheas go bhfuil cabhair comhréireach i gcás nach dtéann méid na cabhrach thar an uasdéine cabhrach.

55.

I gcás nach mbainfear úsáid as próiseas tairisceana iomaíoch agus ina mbeidh méid mór éiginnteachta ag baint le forbairtí amach anseo i gcostais agus ioncam agus ina mbeidh neamhshiméadracht láidir faisnéise ann, féadfar a cheangal ar an mBallstát samhlacha cúitimh a thabhairt isteach, ar samhlacha iad nach mbeidh go hiomlán ex ante. Ina ionad sin, meascán de shamhlacha ex ante agus ex post a bheidh sna samhlacha sin nó tabharfar isteach sásraí aisghlámtha nó sásraí faireacháin costais ex post, agus dreasachtaí á gcoinneáil do na tairbhithe a gcostais a íoslaghdú agus a ngnó a fhorbairt ar bhealach níos éifeachtúla le himeacht ama.

3.2.1.3.1   Carnadh

56.

Féadfar cabhair a dhámhachtain i gcomhthráth faoi roinnt scéimeanna cabhrach nó féadfar í a charnadh le cabhair ad hoc nó de minimis i ndáil leis na costais incháilithe chéanna, ar choinníoll nach mbeidh róchúiteamh mar thoradh ar mhéid iomlán na cabhrach a thabharfar do thionscadal nó gníomhaíocht agus nach rachaidh sé thar an uasmhéid cabhrach a cheadaítear faoi na treoirlínte seo. Má cheadaíonn an Ballstát cabhair faoi bheart amháin a charnadh le cabhair faoi bhearta eile, ní mór dó, i gcás gach birt, an modh a úsáidtear chun a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach sa phointe seo a shonrú.

57.

Cistiú ón Aontas atá faoi bhainistíocht lárnach agus nach bhfuil á rialú ag an mBallstát go díreach nó go hindíreach, ní hionann sin agus státchabhair. I gcás ina ndéanfar an cistiú sin ón Aontas a chur in éineacht le státchabhair, ní mór a áirithiú nach mbeidh róchúiteamh mar thoradh ar mhéid iomlán an chistithe phoiblí arna dheonú i ndáil leis na costais cháilithe chéanna.

3.2.1.4   Trédhearcacht

58.

Chun éifeachtaí diúltacha a laghdú trína áirithiú go mbeidh rochtain ag iomaitheoirí ar fhaisnéis ábhartha maidir le gníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht, ní mór don Bhallstát lena mbaineann a áirithiú go bhfoilseofar, i modúl dámhachtana trédhearcachta an Choimisiúin (47) nó ar shuíomh gréasáin cuimsitheach Státchabhrach, ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, na nithe seo a leanas:

(a)

téacs iomlán na scéime cabhrach formheasta nó an chinnidh deonúcháin cabhrach aonair agus a fhorálacha cur chun feidhme, nó nasc chuige;

(b)

faisnéis maidir le gach dámhachtain cabhrach aonair a deonaíodh ad hoc nó faoi scéim cabhrach arna formheas ar bhonn na dtreoirlínte sin agus ar mó ná EUR 100 000 iad (48).

59.

Ní mór do na Ballstáit a suíomhanna gréasáin cuimsitheacha maidir le státchabhair a eagrú, suíomhanna ar a mbeidh an fhaisnéis a cheanglaítear leis an Roinn seo le foilsiú, ar bhealach lena gceadófar rochtain éasca ar an bhfaisnéis. Ní mór faisnéis a fhoilsiú i bhformáid scarbhileoige sonraí neamhdhílsithe, lena bhféadfar na sonraí a chuardach, a bhaint amach, a íoslódáil agus a roinnt go héasca ar an idirlíon, mar shampla i bhformáid CSV nó XML. Ní mór rochtain a bheith ag an bpobal i gcoitinne ar an suíomh gréasáin gan srianta. Ní theastóidh aon chlárú úsáideora roimh ré chun rochtain ar an suíomh gréasáin a fháil.

60.

Maidir le scéimeanna i bhfoirm buntáistí cánach nó tobhach paraifhioscacha, measfar na coinníollacha a leagtar amach i bpointe 58(b) a bheith comhlíonta má fhoilsíonn na Ballstáit an fhaisnéis is gá maidir le méideanna cabhrach aonair sna réimsí seo a leanas (in EUR milliúin):

 

0.1 -0.5;

 

0.5-1;

 

1-2;

 

2-5;

 

5-10;

 

10-30;

 

30-60;

 

60-100;

 

100-250;

 

250 agus níos mó.

61.

Ní mór an t-eolas dá dtagraítear i bpointe 58(b) a fhoilsiú laistigh de 6 mhí ón dáta a deonaíodh an chabhair, nó i gcás cabhair i bhfoirm buntáistí cánach, laistigh de bhliain amháin ón dáta a bheidh an dearbhú cánach dlite (49). I gcás cabhair atá neamhdhleathach ach comhoiriúnach, ceanglófar ar na Ballstáit a áirithiú go bhfoilseofar an fhaisnéis ex post laistigh de 6 mhí ó dháta an chinnidh ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair comhoiriúnach. Ionas go bhféadfar na rialacha maidir le státchabhair a fhorfheidhmiú faoin gConradh, ní mór an fhaisnéis a bheith ar fáil ar feadh tréimhse 10 bliana ar a laghad ón dáta a deonaíodh an chabhair.

62.

Foilseoidh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin na naisc chuig na suíomhanna gréasáin maidir le státchabhair dá dtagraítear i bpointe 59.

3.2.2   Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil

63.

In Airteagal 107(3), pointe (c) den Chonradh, ceadaítear don Choimisiún a dhearbhú go bhfuil cabhair chun forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe nó limistéar eacnamaíoch áirithe a éascú comhoiriúnach, ach amháin “nuair nach ndéanann an chabhair sin dochar do dhálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann”.

64.

Chun an coinníoll diúltach sin a chur i bhfeidhm, is gá, ar an gcéad dul síos, measúnú a dhéanamh ar iarmhairt shaobhach na cabhrach atá i gceist ar dhálaí trádála. De bharr a chineáil, cruthóidh aon bheart cabhrach saobhadh ar an iomaíocht, nó bheadh an baol ann go gcruthódh sé saobhadh den sórt sin, agus beidh tionchar aige ar thrádáil idir na Ballstáit toisc go neartaíonn sé seasamh iomaíoch na dtairbhithe, fiú más rud é go bhfuil an beart cabhrach riachtanach, iomchuí, comhréireach agus trédhearcach.

65.

Is gnách go dtabharfaidh cabhair comhshaoil, de bharr a cineáil, tús áite do tháirgí agus do theicneolaíochtaí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus táirgí agus teicneolaíochtaí eile atá níos truaillithe a bheith thíos leis, agus ní mheasfar, i bprionsabal, gurb ionann éifeacht na cabhrach agus saobhadh míchuí ar an iomaíocht, ós rud é go dtugtar aghaidh ar chlistí margaidh is cúis leis an chabhair sin a bheith riachtanach. Ina theannta sin, cuideoidh tacaíocht le haghaidh táirgí agus teicneolaíochtaí atá neamhdhíobhálach don aeráid le cuspóirí an Dlí Aeráide Eorpaigh le haghaidh 2030 agus 2050 a bhaint amach. I gcás bearta i leith cosaint an chomhshaoil, déanfaidh Coimisiún a machnamh, dá bhrí sin, ar na hiarmhairtí saobhacha ar iomaitheoirí a fheidhmíonn ar an mbealach céanna ar bhonn atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, fiú gan chabhair.

66.

Measann an Coimisiún go bhfuil, nó gur dócha go mbeidh, iarmhairt shaobhach níos teoranta ar an iomaíocht ag scéimeanna atá oscailte do réimse níos leithne tairbhithe féideartha ná tacaíocht atá dírithe ar líon teoranta tairbhithe sonracha amháin, go háirithe i gcás ina n-áirítear ar raon feidhme an bhirt gach iomaitheoir atá toilteanach an tseirbhís, an táirge nó an sochar céanna a sholáthar.

67.

D’fhéadfadh sé go mbeadh éifeacht gan choinne ag státchabhair le haghaidh cuspóirí comhshaoil agus fuinnimh, rud a bhainfeadh an bonn ó luach saothair le haghaidh na dtáirgeoirí is éifeachtúla agus is nuálaí chomh maith le dreasachtaí le haghaidh na dtáirgeoirí is lú éifeachtúlacht chun an margadh a fheabhsú, a athstruchtúrú nó a fhágáil. D’fhéadfadh bacainní neamhéifeachtúla ar theacht isteach iomaitheoirí féideartha níos éifeachtúla nó níos nuálaí a bheith mar thoradh air sin freisin. San fhadtéarma, d’fhéadfadh saobhadh den sórt sin srian a chur ar an nuálaíocht, an éifeachtúlacht agus glacadh teicneolaíochtaí níos glaine. D’fhéadfadh tábhacht ar leith a bheith leis na hiarmhairtí saobhacha sin nuair a thugtar an chabhair do thionscadail a chuireann tairbhe sealadach teoranta ar fáil ach nach mbaineann úsáid as teicneolaíochtaí níos glaine go fadtéarmach, lena n-áirítear na teicneolaíochtaí sin atá riachtanach chun na spriocanna aeráide meántéarmacha agus fadtéarmacha a chumhdaítear faoin Dlí Aeráide Eorpach a bhaint amach. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, mar shampla, maidir le tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí áirithe a úsáideann breoslaí iontaise lena laghdaítear astaíochtaí gáis ceaptha teasa láithreach, ach a mbíonn laghduithe níos moille ar astaíochtaí mar thoradh orthu san fhadtéarma. Agus gach ní eile mar a chéile, dá ghiorracht don spriocdháta ábhartha atá an infheistíocht dá dtugtar cabhair, is ea is mó an dóchúlacht go bhféadfadh na dídhreasachtaí féideartha i leith teicneolaíochtaí níos glaine a bheith níos mó ná na tairbhí sealadacha. Dá bhrí sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh sa mheasúnú a dhéanfaidh sé na héifeachtaí diúltacha gearrthéarmacha agus fadtéarmacha sin a d’fhéadfadh a bheith ann ar iomaíocht agus ar thrádáil.

68.

Féadfaidh cabhair iomaíocht a shaobhadh freisin trí chumhacht shuntasach mhargaidh an tairbhí a neartú nó a choinneáil ar bun. Fiú nuair nach neartaíonn cabhair an chumhacht shuntasach mhargaidh go díreach, féadfaidh sí é sin a dhéanamh go hindíreach trí leathnú iomaitheoirí atá ann cheana a dhíspreagadh nó imeacht ón margadh a spreagadh nó iontráil iomaitheoirí nua a dhíspreagadh. Ní mór é sin a chur san áireamh, go háirithe i gcás ina bhfuil an beart tacaíochta dírithe ar líon teoranta tairbhithe sonracha nó i gcás ina bhfuair sealbhóirí cumhacht margaidh sular léirscaoileadh an margadh, rud a tharlaíonn uaireanta sna margaí fuinnimh. Tá sé seo ábhartha freisin i bpróisis tairisceana iomaíocha i margaí nuaghinte, nuair a bhíonn baol ann go n-éireoidh le gníomhaí a bhfuil seasamh láidir margaidh aige i bhformhór na dtairiscintí agus go gcuirfear cosc ar iontráil nua shuntasach.

69.

Seachas saobhadh ar na margaí táirgí, d’fhéadfadh cabhair tionchar a imirt ar thrádáil agus ar rogha an tsuímh. D’fhéadfadh an saobhadh sin teacht chun cinn ar fud na mBallstát, nuair a bhíonn gnóthais in iomaíocht le chéile thar theorainneacha nó nuair a dhéanann siad áiteanna éagsúla infheistíochta a mheas. Cabhair atá dírithe ar ghníomhaíocht eacnamaíoch a chaomhnú i réigiún amháin nó ar í a mhealladh ó réigiúin eile laistigh den mhargadh inmheánach, d’fhéadfadh an chabhair sin gníomhaíochtaí nó infheistíochtaí a aistriú ó réigiún amháin go réigiún eile gan aon tionchar glan ar an gcomhshaol. Fíoróidh an Coimisiún nach mbeidh aon éifeacht diúltach follasach ar iomaíocht ná ar thrádáil mar thoradh ar an gcabhair. Mar shampla, cabhair le haghaidh cuspóirí comhshaoil agus fuinnimh nach mbíonn de thoradh uirthi ach athrú ar shuíomh na gníomhaíochta eacnamaíche gan feabhas a chur ar an leibhéal reatha cosanta comhshaoil sna Ballstáit, ní mheasfar í a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach.

70.

Déanfaidh an Coimisiún bearta a fhormheas faoi na treoirlínte sin ar feadh uastréimhse 10 bliana, ach d’fhéadfaí an tréimhse sin a theorannú a thuilleadh i gcásanna áirithe (féach pointe 76). Más mian le Ballstát tréimhse an bhirt a shíneadh thar an uastréimhse sin, féadfaidh sé fógra a thabhairt an athuair maidir leis an mbeart. Ciallaíonn sé sin go bhféadfaí cabhair a dheonú faoi bhearta formheasta laistigh d’uastréimhse 10 mbliana ón dáta a dtugtar fógra faoin gcinneadh ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair comhoiriúnach.

3.3   Comparáid a dhéanamh idir éifeachtaí dearfacha agus éifeachtaí diúltacha na cabhrach ar iomaíocht agus ar thrádáil

71.

Mar chéim dheiridh, comhardóidh an Coimisiún na héifeachtaí diúltacha sainaitheanta ar dhálaí iomaíochta agus trádála an bhirt cabhrach agus éifeachtaí dearfacha na cabhrach atá beartaithe ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha dá dtugtar tacaíocht, lena n-áirítear an méid a chuireann sí le cosaint an chomhshaoil agus le cuspóirí an bheartais fuinnimh agus, go háirithe, leis an aistriú i dtreo gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus le baint amach na spriocanna atá ceangailteach ó thaobh dlí de faoin Dlí Aeráide Eorpach agus faoi spriocanna 2030 an Aontais maidir le fuinneamh agus aeráid.

72.

Sa chleachtas sin maidir le comhardú, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852, lena n-áirítear an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” (50), nó modheolaíochtaí inchomparáide eile. Ina theannta sin, mar chuid den mheasúnú ar na héifeachtaí diúltacha ar iomaíocht agus ar thrádáil, cuirfidh an Coimisiún san áireamh, i gcás inarb ábhartha, seachtrachtaí diúltacha na gníomhaíochta dá dtugtar cabhair i gcás ina n-imreoidh na seachtrachtaí sin drochthionchar ar iomaíocht agus ar thrádáil idir na Ballstáit an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann trí neamhéifeachtúlachtaí sa mhargadh a chruthú nó cur leis na neamhéifeachtúlachtaí sin, lena n-áirítear go háirithe na seachtrachtaí sin a d’fhéadfadh bac a chur ar ghnóthú na gcuspóirí aeráide a leagtar amach faoi dhlí an Aontais (51).

73.

Ní mheasfaidh an Coimisiún beart cabhrach a bheidh comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ach amháin i gcás inar mó na héifeachtaí dearfacha ná na héifeachtaí diúltacha. I gcásanna nach dtugann an beart cabhrach atá beartaithe aghaidh ar chliseadh margaidh sainaitheanta ar bhealach iomchuí agus comhréireach, mar gheall ar chineál sealadach na tairbhe agus an saobhadh fadtéarmach atá i gceist leis an tairbhe sin mar a leagtar amach i bpointe 67, cuir i gcás, is gnách gur mó na hiarmhairtí diúltacha saobhacha ar iomaíocht ná éifeachtaí dearfacha an bhirt. Dá bhrí sin, is dócha go gcinnfidh an Coimisiún nach bhfuil an beart cabhrach atá beartaithe comhoiriúnach.

74.

Maidir le bearta a thacaíonn go díreach nó go hindíreach le breoslaí iontaise, go háirithe na breoslaí iontaise is mó truailliú, ní dócha go mbeidh éifeachtaí dearfacha acu ar an gcomhshaol agus is minic a bhíonn éifeachtaí diúltacha móra acu toisc gur féidir leo seachtrachtaí diúltacha comhshaoil sa mhargadh a mhéadú. Is amhlaidh atá i gcás bearta a bhaineann infheistíochtaí nua i ngás nádúrtha leo, ach amháin má léirítear nach bhfuil aon éifeacht ghlasála ann (52). Fágfaidh sé sin, i bprionsabal, nach dócha go mbeidh comhardú dearfach ann i gcás na mbeart sin, mar a mhínítear a thuilleadh i gCaibidil 4.

75.

Dé ghnáth, bíonn an Coimisiún i bhfabhar gnéithe beart atá beartaithe ag na Ballstáit chun rannpháirtíocht FBManna agus, i gcás inarb ábhartha, na bpobal fuinnimh in-athnuaite i bpróisis tairisceana iomaíocha a éascú, ar choinníoll gur mó na héifeachtaí dearfacha a bhaineann le rannpháirtíocht agus glacadh a áirithiú ná na hiarmhairtí saobhacha a d’fhéadfadh a bheith ann.

76.

Is iad seo a leanas fachtóirí eile atá le cur san áireamh chun cothromaíocht fhoriomlán catagóirí áirithe scéimeanna cabhrach a chinneadh i gcásanna áirithe:

a)

ceanglas maidir le meastóireacht ex post a ndéantar cur síos air i gCaibidil 5; i gcásanna den sórt sin, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur le fad na scéimeanna (go ceithre bliana nó níos lú, de ghnáth) agus féadfaidh sé fógra a thabhairt an athuair ina dhiaidh sin maidir le síneadh a chur leo;

b)

ceanglas – in éagmais próiseas tairisceana iomaíoch – maidir le fógra aonair a thabhairt do thionscadail tacaíochta de mhéid áirithe nó a bhfuil tréithe áirithe ag baint leo;

c)

ceanglas go mbeadh bearta cabhrach faoi réir teorainn ama.

4.   CATAGÓIRÍ CABHRACH

4.1   Cabhair chun astaíochtaí gas ceaptha teasa a laghdú agus a bhaint lena n-áirítear trí thacú le fuinneamh in-athnuaite agus le héifeachtúlacht fuinnimh

4.1.1   An Réasúnaíocht

77.

Sa Dlí Aeráide Eorpach, tá spriocanna ceangailteacha agus uaillmhianacha leagtha síos ag an Aontas maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú le haghaidh 2030 agus 2050. I Rialachán (AE) 2018/1999, tá spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais leagtha amach ag an Aontas. Sa Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, tá spriocanna ceangailteacha éifeachtúlachta fuinnimh leagtha síos ag an Aontas le haghaidh 2030. D’fhéadfadh gá a bheith le státchabhair chun rannchuidiú le gnóthú na spriocanna sin de chuid an Aontais agus na rannchuidithe náisiúnta gaolmhara.

4.1.2   Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht

78.

Leagtar síos i Roinn 4.1 na rialacha comhoiriúnachta maidir le beart i dtaca le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite, lena n-áirítear cabhair chun fuinneamh in-athnuaite nó breoslaí sintéiseacha a tháirgeadh, ar fuinneamh nó breoslaí iad a tháirgtear trí úsáid a bhaint as fuinneamh in-athnuaite. Leagtar síos ann freisin na rialacha comhoiriúnachta maidir le bearta cabhrach a bhaineann le raon leathan teicneolaíochtaí eile arb é is aidhm dóibh go príomha astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú (53).

4.1.2.1   Cabhair le haghaidh fuinneamh in-athnuaite

79.

Leagtar síos sa Roinn seo na rialacha comhoiriúnachta maidir le bearta chun tacú le gach cineál fuinnimh in-athnuaite.

80.

Ní féidir tacaíocht do bhithbhreoslaí, bithleachtanna, bithghás (lena n-áirítear bithmheatán) agus breoslaí bithmhaise a fhormheas ach amháin sa mhéid go bhfuil na breoslaí dá dtugtar cabhair i gcomhréir leis na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i dTreoir (AE) 2018/2001 agus ina gníomhartha cur chun feidhme nó tarmligthe.

81.

Féadfar a chinneadh go bhfuil cabhair chun fuinnimh a ghiniúint ó dhramhaíl comhoiriúnach faoin alt seo a mhéid atá an chabhair sin teoranta do dhramhaíl a thagann faoin sainmhíniú ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh.

82.

Féadfar cabhair chun hidrigin in-athnuaite (54) a tháirgeadh a mheasúnú faoin Roinn seo.

4.1.2.2   Cabhair eile chun astaíochtaí gás ceaptha teasa agus éifeachtúlacht fuinnimh a laghdú agus a bhaint

83.

Na teicneolaíochtaí uile a chuireann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, tá na teicneolaíochtaí sin incháilithe, i bprionsabal, lena n-áirítear cabhair chun fuinneamh ísealcharbóin nó breoslaí sintéiseacha a tháirgeadh trí úsáid a bhaint as fuinneamh ísealcharbóin, cabhair le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh lena n-áirítear comhghiniúint ardéifeachtúlach, cabhair le haghaidh CCS/CCU, cabhair le haghaidh freagairt don éileamh agus stóráil fuinnimh i gcás ina laghdaítear astaíochtaí leis sin, agus cabhair chun astaíochtaí a eascraíonn as próisis thionsclaíocha a laghdú nó a sheachaint, lena n-áirítear amhábhair a phróiseáil. Cumhdaítear leis freisin tacaíocht chun gáis ceaptha teasa a bhaint ón gcomhshaol. Níl feidhm ag an Roinn seo maidir le bearta nach bhfuil sé de phríomhchuspóir acu astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú nó a bhaint. I gcás ina gcuireann beart le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus le truailliú seachas astaíochtaí gás ceaptha teasa a chosc nó a laghdú araon, déanfar comhoiriúnacht an bhirt a mheas ar bhonn na Roinne seo nó ar bhonn Roinn 4.5, ag brath ar cé acu den dá chuspóir is mó.

84.

Cumhdaítear leis an Roinn seo freisin tionscadail thiomnaithe bhonneagair (lena n-áirítear maidir le hidrigin, gáis ísealcharbóin eile agus dé-ocsaíd charbóin lena stóráil/úsáid) nach dtagann faoin sainmhíniú ar bhonneagar fuinnimh, chomh maith le tionscadail lena gcuimsítear bonneagar tiomnaithe nó bonneagar fuinnimh, nó an dá rud, in éineacht le táirgeadh nó tomhaltas/úsáid.

85.

Sa mhéid go n-éascaíonn cabhair infheistíochtaí chun feidhmíocht fuinnimh gníomhaíochtaí tionsclaíocha a fheabhsú, tá feidhm ag an Roinn seo freisin maidir le cabhair le haghaidh FBManna agus cuideachtaí lárchaipitlithe beaga a sholáthraíonn bearta feidhmíochta feabhsaithe fuinnimh, chun conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a éascú de réir bhrí Airteagal 2, pointe (27) de Threoir 2012/27/AE.

86.

Féadfar a chinneadh go bhfuil cabhair chun fuinnimh a ghiniúint ó dhramhaíl comhoiriúnach faoin Roinn seo a mhéid atá an chabhair sin teoranta do dhramhaíl a úsáidtear i suiteálacha breosla a thagann faoin sainmhíniú ar chomhghiniúint ardéifeachtach.

87.

Féadfar cabhair chun hidrigin ísealcharbóin a tháirgeadh a mheasúnú faoin Roinn seo.

88.

Maidir le cabhair chun tacú le leictriú a bhaineann úsáid as leictreachas in-athnuaite agus/nó leictreachas ísealcharbóin, féadfar an chabhair sin a mheasúnú faoin Roinn seo, lena n-áirítear tacaíocht do phróisis téimh agus thionsclaíocha.

4.1.3   Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála

4.1.3.1   Riachtanas na cabhrach

89.

Níl feidhm a pointí 34 go 37 maidir le bearta chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Ní mór don Bhallstát na bearta beartais atá i bhfeidhm cheana féin a shainaithint chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Mar sin féin, cé go ndéantar cuid de na costais a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a inmheánú le ETS an Aontais agus le beartais agus bearta gaolmhara, d’fhéadfadh sé nach ndéanfaidh siad na costais sin a inmheánú ina n-iomláine go fóill.

90.

Ba cheart don Bhallstát a léiriú go bhfuil gá le cabhair le haghaidh na ngníomhaíochtaí atá beartaithe de réir mar a cheanglaítear faoi phointe 38, agus an cás frithfhíorasach á chur san áireamh (55) mar aon le costais agus ioncam ábhartha lena n-áirítear costais agus ioncam a bhaineann le ETS agus beartais agus bearta gaolmhara a shainaithnítear i bpointe89. I gcás ina bhfuil éiginnteacht shuntasach ann maidir le forbairtí margaidh amach anseo a bhaineann le cuid mhór den chás gnó (d’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh i gcás infheistíochtaí fuinnimh in-athnuaite nuair nach gcuirtear ioncam leictreachais le costais ionchuir, cuir i gcás), féadfar a mheas go bhfuil gá le tacaíocht i bhfoirm luach saothair ráthaithe áirithe chun an nochtadh do chásanna diúltacha a theorannú agus a áirithiú go ndéanfar an infheistíocht phríobháideach. I gcásanna den sórt sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le teorainneacha ar bhrabúsacht agus/nó aisghlámadh a bhaineann le cásanna dearfacha féideartha chun comhréireacht a áirithiú.

91.

I gcás ina léireoidh an Ballstát go bhfuil gá le cabhair faoi phointe 90, glacfaidh an Coimisiún leis go bhfuil cliseadh margaidh iarmharach fós ann, ar féidir aghaidh a thabhairt air trí chabhair le haghaidh dícharbónú, in éagmais aon fhianaise a thabharfadh a mhalairt le fios.

92.

I gcás scéimeanna a mhairfidh níos faide ná 3 bliana, ní mór don Bhallstát a dheimhniú go dtabharfaidh sé cothrom le dáta a anailís ar chostais agus ioncam ábhartha gach 3 bliana ar a laghad nó, i gcás scéimeanna lena mbaineann deonú cabhrach nach bhfuil chomh minic céanna, go ndéanfaidh sé amhlaidh sula ndeonófar cabhair, chun a áirithiú go bhfuil gá fós le cabhair i gcás gach catagóire incháilithe tairbhí. I gcás nach mbeidh gá le cabhair a thuilleadh le haghaidh catagóir tairbhí, ba cheart an chatagóir sin a bhaint sula ndeonófar aon chabhair bhreise (56).

4.1.3.2   Oiriúnacht

93.

Níl feidhm ag Roinn 3.2.1.2 maidir le bearta chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Glacann an Coimisiún leis gur féidir, i bprionsabal, státchabhair a bheith ina beart iomchuí chun spriocanna maidir le dícharbónú a bhaint amach, ós rud é gur gnách nach leor ionstraimí beartais eile chun na spriocanna sin a bhaint amach, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha comhoiriúnachta eile go léir. I bhfianaise scála agus phráinn an dúshláin maidir le dícharbónú, féadfar ionstraimí éagsúla a úsáid, lena n-áirítear deontais dhíreacha.

94.

Maidir le cabhair chun conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a éascú, dá dtagraítear i bpointe 85, féadfaidh an chabhair sin a bheith i gceann amháin de na foirmeacha seo a leanas, agus sna foirmeacha sin amháin:

a)

iasacht nó ráthaíocht do sholáthraí na mbeart feidhmíochta feabhsaithe fuinnimh faoi chonradh feidhmíochta fuinnimh;

b)

táirge airgeadais a bhfuil mar aidhm leis an soláthraí lena mbaineann a athmhaoiniú (fachtóireacht nó forfáil, cuir i gcás).

4.1.3.3   Incháilitheacht

95.

Maidir le bearta dícharbónaithe lena ndírítear ar ghníomhaíochtaí sonracha a bhíonn in iomaíocht le gníomhaíochtaí neamh-fhóirdheontais eile, is féidir a bheith ag súil leis go mbeidh saobhadh iomaíochta níos mó ann de bharr na mbeart sin, i gcomparáid le bearta atá oscailte do na gníomhaíochtaí iomaíocha uile. Dá bhrí sin, ba cheart don Bhallstát cúiseanna a thabhairt maidir le bearta nach gcuirtear na teicneolaíochtaí agus na tionscadail iomaíocha uile ar áireamh iontu – gach tionscadal atá ag oibriú i margadh an leictreachais, cuir i gás, nó gach gnóthas a tháirgeann táirgí inionadaithe agus atá in ann cur go héifeachtúil le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa (57). Ba cheart na cúiseanna sin a bheith bunaithe ar bhreithnithe oibiachtúla a bhaineann le héifeachtúlacht nó le costais nó le cúinsí ábhartha eile, cuir i gcás. Féadfaidh na cúiseanna sin tarraingt ar an bhfianaise a bailíodh ón gcomhairliúchán poiblí dá dtagraítear i Roinn 4.1.3.4 i gcás inarb infheidhme.

96.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na cúiseanna a thabharfar agus measfaidh sé, mar shampla, nach ndéanfaidh incháilitheacht níos teoranta an iomaíocht a shaobhadh go míchuí sna cásanna seo a leanas:

a)

go ndíríonn beart ar sprioc shonrach earnálach nó sprioc shonrach atá bunaithe ar theicneolaíocht arna bunú i ndlí an Aontais (58), amhail scéim fuinnimh in-athnuaite nó scéim éifeachtúlachta fuinnimh (59);

b)

go bhfuil sé d’aidhm shonrach ag beart tacú le tionscadail taispeántais;

c)

go bhfuil sé d’aidhm ag beart aghaidh a thabhairt ní hamháin ar dhícharbónú ach ar cháilíocht an aeir nó ar thruailliú eile freisin;

d)

go sainaithníonn Ballstát cúiseanna le bheith ag súil leis go bhfuil sé d’acmhainn ag earnálacha incháilithe nó teicneolaíochtaí nuálacha cur go mór, agus ar bhealach cost-éifeachtúil, le cosaint an chomhshaoil agus le dícharbónú domhain san fhadtéarma;

e)

go bhfuil beart ag teastáil chun an t-éagsúlú is gá a bhaint amach ionas nach gcuirfear leis na saincheisteanna a bhaineann le cobhsaíocht an líonra (60);

f)

gur féidir a bheith ag súil leis go mbeidh costais níos ísle ag baint le cosaint an chomhshaoil a bhaint amach mar thoradh ar chur chuige níos roghnaí (trí chostais laghdaithe maidir le comhtháthú córas mar thoradh ar éagsúlú, lena n-áirítear idir foinsí in-athnuaite, lena bhféadfaí freagairt don éileamh agus/nó stóráil a áireamh, cuir i gcás), agus/nó saobhadh iomaíochta a bheith mar thoradh air;

g)

go ndéanfar tionscadal a roghnú tar éis glao oscailte chun a bheith mar chuid de mhórthionscadal comhtháite trasteorann, arna chomhdhearadh ag roinnt Ballstát agus a bhfuil sé d’aidhm aige cur go mór le cosaint an chomhshaoil ar mhaithe le leas coiteann an Aontais, agus cuirtear teicneolaíocht nuálach i bhfeidhm leis, a leanann as gníomhaíocht taighde agus forbartha agus nuálaíochta atá á reáchtáil ag an tairbhí nó ag eintiteas eile chomh fada agus a fhaigheann an tairbhí na cearta chun torthaí na gníomhaíochta taighde agus forbartha agus nuálaíochta roimhe sin a úsáid, nó go bhfuil sé i measc luathghlacadóirí teicneolaíochta nuálaí san earnáil lena mbaineann.

97.

Ní mór do na Ballstáit athbhreithniú rialta a dhéanamh ar na rialacha incháilitheachta agus ar aon riail a bhaineann leo chun a áirithiú go leanfaidh na cúiseanna a thugtar chun údar a thabhairt le hincháilitheacht níos teoranta, go leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu ar feadh shaolré gach scéime, is é sin le rá, chun a áirithiú gur féidir údar maith a thabhairt i gcónaí le haon teorainn ar incháilitheacht nuair a bheidh teicneolaíochtaí nó cineálacha cur chuige nua á bhforbairt nó nuair a bheidh níos mó sonraí ar fáil.

4.1.3.4   Comhairliúchán poiblí

98.

Tá feidhm ag Roinn 4.1.3.4 ón 1 Iúil 2023.

99.

Sula dtabharfar fógra maidir le cabhair, seachas in imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, ní mór do na Ballstáit tuairimí an phobail a lorg maidir le tionchair iomaíochta agus comhréireacht na mbeart ar ghá fógra a thabhairt fúthu faoin Roinn seo. Níl feidhm ag an oibleagáid comhairliúchán a dhéanamh maidir le leasuithe ar bhearta a formheasadh cheana, bearta nach n-athraíonn a raon feidhme ná a n-incháilitheacht nó nach gcuireann síneadh lena bhfad go ceann tréimhse níos faide ná 10 mbliana ón dáta a thabharfar fógra faoin gcinneadh bunaidh ón gCoimisiún lena gcinntear go bhfuil an chabhair comhoiriúnach, ná i ndáil leis na cásanna dá dtagraítear i bpointe 100. Chun a chinneadh an bhfuil údar le beart, agus na critéir sna treoirlínte sin á gcur san áireamh, tá gá leis an gcomhairliúchán poiblí seo a leanas (61):

a)

i gcás bearta ina bhfuil an mheánchabhair bhliantúil mheasta atá le deonú comhionann le EUR 150 milliún in aghaidh na bliana ar a laghad, comhairliúchán poiblí a mhairfidh sé seachtaine ar a laghad, lena gcumhdófar an méid seo a leanas:

i)

incháilitheacht;

ii)

modh agus meastachán an fhóirdheontais in aghaidh an tona d’astaíochtaí coibhéiseacha CO2 (62) a seachnaíodh (in aghaidh an tionscadail nó an tionscadail tagartha);

iii)

an úsáid atá beartaithe agus raon feidhme na bpróiseas tairisceana iomaíoch agus aon eisceacht atá beartaithe;

iv)

na príomhpharaiméadair i gcás próiseas leithdháilte cabhrach (63) lena n-áirítear chun iomaíocht idir cineálacha éagsúla tairbhí a chumasú (64);

v)

na príomhthoimhdí lena gcuirtear in iúl an cainníochtú a úsáideadh chun an éifeacht dreasachta a léiriú, agus an riachtanas agus comhréireacht;

vi)

i gcás ina bhféadfar tacú le hinfheistíochtaí nua i nginiúint atá bunaithe ar ghás nádúrtha nó i dtáirgeadh tionsclaíoch, coimircí beartaithe chun comhoiriúnacht le spriocanna aeráide an Aontais a áirithiú (féach pointe 129);

b)

i gcás bearta ina mbeidh an mheánchabhair bhliantúil mheasta atá le deonú faoi bhun EUR 150 milliún in aghaidh na bliana, comhairliúchán poiblí a mhairfidh ceithre seachtaine ar a laghad, lena gcumhdófar:

i)

incháilitheacht;

ii)

an úsáid atá beartaithe agus raon feidhme na bpróiseas tairisceana iomaíoch agus aon eisceacht atá beartaithe;

iii)

i gcás ina bhféadfar tacú le hinfheistíochtaí nua i nginiúint atá bunaithe ar ghás nádúrtha nó i dtáirgeadh tionsclaíoch, coimircí beartaithe chun comhoiriúnacht le spriocanna aeráide an Aontais a áirithiú (féach pointe 129);

100.

Níl gá le haon chomhairliúchán poiblí i gcás bearta a thagann faoi phointe 99(b) ina n-úsáidtear próisis tairisceana iomaíocha agus nach dtacaíonn an beart le hinfheistíochtaí i nginiúint fuinnimh, i dtáirgeadh fuinnimh ná i ngníomhaíochtaí eile atá bunaithe ar bhreosla iontaise.

101.

Ní mór ceistneoirí comhairliúcháin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin poiblí. Ní mór do na Ballstáit freagra ar an gcomhairliúchán a fhoilsiú ina ndéanfar achoimre ar an ionchur a fhaightear agus ina dtabharfar aghaidh ar an ionchur sin. Ba cheart go n-áireofaí leis sin míniú ar an gcaoi a ndearnadh an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ar iomaíocht a íoslaghdú trí raon feidhme nó incháilitheacht an bhirt atá beartaithe. Ní mór do na Ballstáit nasc a sholáthar chuig a bhfreagra ar an gcomhairliúchán mar chuid den fhógra maidir le bearta cabhrach faoin Roinn seo.

102.

I gcásanna eisceachtúla agus cuí-réasúnaithe, d’fhéadfadh an Coimisiún modhanna eile comhairliúcháin a mheas ar choinníoll go gcuirfear tuairimí na bpáirtithe leasmhara san áireamh agus an chabhair á cur chun feidhme (ar bhonn leanúnach). I gcásanna den sórt sin, d’fhéadfadh sé gur ghá na modhanna malartacha a chomhcheangal le gníomhartha ceartaitheacha chun iarmhairtí saobhacha a d’fhéadfadh a bheith ag an mbeart a laghdú.

4.1.3.5   Comhréireacht

103.

Ba cheart, go ginearálta, go ndeonaítear cabhair chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú trí phróiseas tairisceana iomaíoch mar a thuairiscítear i bpointí 49 agus 50, ionas gur féidir cuspóirí an bhirt (65) a bhaint amach ar bhealach comhréireach lena n-íoslaghdófar saobhadh ar iomaíocht agus ar thrádáil. Is srian ceangailteach é an buiséad nó an méid a bhaineann leis an bpróiseas tairisceana sa mhéid is gur féidir a mheas nach bhfaighidh gach tairgeoir cabhair, gur leor líon measta na dtairgeoirí chun iomaíocht éifeachtach a áirithiú, agus go gceartófar dearadh na bpróiseas tairisceana nach bhfuil ró-éileamh orthu le linn cur chun feidhme scéime chun iomaíocht éifeachtach a athbhunú sna próisis tairisceana ina dhiaidh sin nó, ina éagmais sin, a luaithe is iomchuí (66).

104.

Ba cheart, i bprionsabal, go mbeadh an próiseas tairisceana oscailte do gach tairbhí incháilithe chun leithdháileadh costéifeachtach cabhrach a chumasú agus chun saobhadh iomaíochta a laghdú. Mar sin féin, is féidir an próiseas tairisceana a theorannú do chatagóir shonrach amháin tairbhí nó níos mó i gcás ina gcuirtear fianaise ar fáil, lena n-áirítear aon fhianaise ábhartha a bailíodh le linn an chomhairliúcháin phoiblí, agus an méid seo a leanas á léiriú, mar shampla:

a)

go mbeadh toradh fo-optamach ar phróiseas aonair a bheadh ar oscailt do gach tairbhí incháilithe nó nach bhféadfaí cuspóirí an bhirt a bhaint amach; féadfar tagairt a dhéanamh leis an réasúnú sin do na critéir i bpointe 96;

b)

go bhfuil diallas suntasach idir na leibhéil tairisceana a bhfuiltear ag súil leis go dtairgfidh catagóirí éagsúla tairbhithe (b’amhlaidh a bheadh sé, de ghnáth, i gcás ina mbeadh difríocht níos mó ná 10 % idir na leibhéil iomaíocha tairisceana a bhfuiltear ag súil leo a shainaithnítear ar bhonn na hanailíse a cheanglaítear faoi phointe 90); sa chás sin, féadfar próisis tairisceana iomaíocha ar leithligh a úsáid ionas go mbeidh catagóirí tairbhithe a bhfuil costais chomhchosúla acu in iomaíocht le chéile.

105.

I gcás ina mbeidh Ballstát ag brath ar na heisceachtaí i bpointe 104 (b) le haghaidh scéim a mhairfidh níos faide ná 3 bliana, ba cheart a mheas san anailís a éilítear i bpointe 92 freisin an féidir brath ar na heisceachtaí sin fós. Go háirithe, ní mór do na Ballstáit a dheimhniú go ndéanfar na scéimeanna sin a oiriúnú le himeacht ama chun a áirithiú go dtairgfear teicneolaíochtaí a bhfuiltear ag súil leis go ndéanfaidh siad tairiscint laistigh de 10 % dá chéile tríd an bpróiseas tairisceana iomaíoch céanna. Ar an gcaoi chéanna, féadfaidh an Ballstát a roghnú tairiscintí ar leithligh a shocrú i gcás ina léirítear san anailís nuashonraithe faoi phointe 92 go bhfuil an oiread sin éagsúlachta sna costais go bhfuil difríocht níos mó ná 10 % idir na tairiscintí.

106.

I gcás ina léireofar san anailís a cheanglaítear faoi phointe 90 go bhféadfadh diallas suntasach a bheith ann idir na leibhéil tairisceana a bhfuiltear ag súil leis go dtairgfidh catagóirí éagsúla tairbhithe, ba cheart do na Ballstáit baol an róchúitimh i leith teicneolaíochtaí níos saoire a bhreithniú. Cuirfidh an Coimisiún an méid sin san áireamh sa mheasúnú a dhéanfaidh sé freisin. I gcás inarb iomchuí, d’fhéadfadh go mbeadh ar uasteorainneacha ar thairiscintí teorainn a chur leis an tairiscint uasta ó thairgeoirí aonair i gcatagóirí áirithe. Ba cheart údar a bheith le haon uasteorainn ar thairiscintí i dtaca leis an gcainníochtú i leith tionscadail tagartha dá dtagraítear i bpointí 51, 52 agus 53.

107.

Is féidir údar a bheith le heisceachtaí ón gceanglas cabhair a leithdháileadh agus leibhéal na cabhrach a chinneadh trí phróiseas tairisceana iomaíoch i gcás ina gcuirfear fianaise ar fáil, lena n-áirítear an fhianaise sin a bailíodh ón gcomhairliúchán poiblí, go bhfuil feidhm ag ceann amháin díobh seo a leanas:

a)

nach leor an soláthar féideartha ná líon na dtairgeoirí féideartha chun iomaíocht a áirithiú; sa chás sin, ní mór don Bhallstát a léiriú nach féidir iomaíocht a mhéadú tríd an mbuiséad a laghdú nó rannpháirtíocht sa phróiseas tairisceana a éascú (trí thalamh breise a shainaithint le haghaidh forbartha nó ceanglais réamhcháilithe a oiriúnú, cuir i gcás) de réir mar is iomchuí;

b)

gur tionscadail bheaga iad tairbhithe, a shainmhínítear mar seo a leanas:

i)

i gcás tionscadail giniúna nó stórála leictreachais – tionscadail atá faoi bhun nó cothrom le 1 MW d’acmhainneacht suiteáilte;

ii)

i gcás tomhaltas leictreachais – tionscadail ag a bhfuil an t-éileamh uasta faoi bhun nó cothrom le 1 MW;

iii)

i gcás tionscadail giniúna nó stórála leictreachais – tionscadail atá faoi bhun nó cothrom le 1 MW d’acmhainneacht suiteáilte, nó a chomhionann;

iv)

i gcás tionscadail atá 100 % faoi úinéireacht FBManna nó faoi úinéireacht pobal fuinnimh in-athnuaite atá cothrom le 6 MW d’acmhainneacht suiteáilte nó faoina bhun, nó cothrom leis an éileamh uasta nó faoina bhun;

v)

i gcás tionscadail atá 100 % faoi úinéireacht fiontar beag agus micrifhiontar nó faoi úinéireacht pobal fuinnimh in-athnuaite i gcás giniúint gaoithe amháin atá cothrom le nó faoi bhun 18 MW d’acmhainneacht suiteáilte;

vi)

i gcás bearta éifeachtúlachta fuinnimh nach mbaineann giniúint fuinnimh leo agus a théann chun tairbhe do FBManna, i gcás ina bhfaigheann tairbhithe níos lú ná EUR 300 000 in aghaidh an tionscadail.

c)

go gcomhlíonann tionscadail aonair an dá choinníoll seo a leanas:

i)

gur roghnaíodh an tionscadal tar éis glao oscailte chun a bheith mar chuid de mhórthionscadal comhtháite trasteorann, arna chomhdhearadh ag roinnt Ballstát agus a bhfuil sé d’aidhm aige cur go mór le cosaint an chomhshaoil ar mhaithe le leas coiteann an Aontais;

ii)

go mbaineann an tionscadal le teicneolaíocht nuálach a leanann as gníomhaíocht taighde agus forbartha agus nuálaíochta arna déanamh ag an tairbhí nó ag eintiteas eile fad is a fhaigheann an tairbhí na cearta chun torthaí na gníomhaíochta taighde agus forbartha agus nuálaíochta roimhe sin a úsáid, nó go bhfuil sé i measc luathghlacadóirí teicneolaíochta nuálaí san earnáil lena mbaineann.

108.

Féadfaidh na Ballstáit deimhnithe iomaíocha nó scéimeanna oibleagáide na soláthróirí a úsáid freisin chun méid na cabhrach a leagan síos agus cabhair a leithdháileadh, ar choinníoll:

a)

go ndéantar an t-éileamh sa scéim a shocrú faoi bhun an tsoláthair fhéideartha;

b)

an praghas ceannaigh thar barr amach nó an praghas pionóis a ghearrtar ar thomhaltóir nó soláthróir nár cheannaigh líon na ndeimhnithe atá de dhíth (is é sin le rá, an praghas arb ionann é agus an t-uasmhéid a d’íocfaí as tacaíocht), socraítear é ar leibhéal sách ard chun comhlíonadh na hoibleagáide a dhreasú. Ba cheart, áfach, an praghas pionóis a bheith bunaithe ar an gcainníochtú dá dtagraítear i bpointí 51, 52 agus 53, chun róchúiteamh mar thoradh ar leibhéal ró-ard a sheachaint;

c)

i gcás ina bhfuil tacaíocht do bhithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise i gceist le scéimeanna, ní mór do na Ballstáit an fhaisnéis maidir le tacaíocht a fuarthas cheana ó dhoiciméadacht a bhaineann leis an gcóras cothromúcháin maise faoi Airteagal 30 de Threoir (AE) 2018/2001 a chur san áireamh chun róchúiteamh a sheachaint.

109.

Féadfaidh na Ballstáit scéimeanna tacaíochta a cheapadh freisin atá dírithe ar dhícharbónú nó éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirm laghduithe ar chánacha nó tobhaigh pharaifhioscacha amhail tobhaigh lena maoinítear cuspóirí beartais comhshaoil. Níl sé éigeantach próiseas tairisceana iomaíoch a chur i bhfeidhm i gcás na scéimeanna sin. Mar sin féin, ní mór cabhair den sórt sin a dheonú, i bprionsabal, ar an mbealach céanna i gcás gach gnóthais cháilithe atá ag oibriú san earnáil chéanna de ghníomhaíocht eacnamaíoch agus atá sa chás fíorasach céanna nó i gcás fíorasach comhchosúil i ndáil le haidhmeanna nó cuspóirí an bhirt cabhrach. Ní mór don Bhallstát a thugann fógra sásra faireacháin bliantúil a chur ar bun chun a fhíorú go bhfuil gá leis an gcabhair go fóill. Ní chumhdaítear leis an Roinn seo laghduithe ar chánacha ná ar thobhaigh, laghduithe lena gcuirtear san áireamh na costais riachtanacha a bhaineann le fuinneamh nó seirbhísí gaolmhara a sholáthar. Mar shampla, déantar laghduithe ar mhuirir ghréasáin nó ar mhuirir lena maoinítear sásraí acmhainneachta a eisiamh ó raon feidhme na Roinne seo.

110.

I gcás ina laghdaíonn laghdú ar cháin nó ar thobhach paraifhioscach costais oibriúcháin athfhillteacha, ní rachaidh méid na cabhrach thar an difríocht idir costais an tionscadail nó na gníomhaíochta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus costais an cháis fhrithfhíoraisigh is mó díobháil. I gcás ina bhféadfadh coigilteas costais nó ioncam breise a bheith mar thoradh ar thionscadal nó gníomhaíocht atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, ní mór iad sin a chur san áireamh agus comhréireacht na cabhrach á cinneadh.

111.

Agus scéimeanna cabhrach á ndearadh, ní mór don Bhallstát an fhaisnéis maidir le tacaíocht a fuarthas cheana ó dhoiciméadacht a bhaineann leis an gcóras cothromúcháin maise faoi Airteagal 30 de Threoir (AE) 2018/2001 a chur san áireamh.

112.

I gcás ina ndámhfar lamháltais nó sochair eile mar chuid de bhearta cabhrach – amhail an ceart talamh, grinneall na farraige nó aibhneacha a úsáid nó ceart ar nasc bonneagair – ní mór do na Ballstáit a áirithiú go ndámhtar lamháltais den sórt sin ar bhonn critéar oibiachtúil agus trédhearcach atá nasctha le cuspóirí an bhirt (féach pointe 50).

113.

I gcás ina mbeidh an chabhair i bhfoirm iasachta sinsearaí do sholáthraí na mbeart feidhmíochta feabhsaithe fuinnimh faoi chonradh feidhmíochta fuinnimh, ba cheart go n-áiritheofaí le hionstraimí iasachta ráta suntasach comhinfheistíochta ó sholáthraithe tráchtála cistithe fiachais. Glactar leis gurb amhlaidh an cás más rud é nach bhfuil an ráta sin níos lú ná 30 % de luach phunann an tsoláthraí maidir leis an mbunchonradh feidhmíochta fuinnimh. Ní mór aisíocaíocht na mbeart feidhmíochta feabhsaithe fuinnimh ag an soláthraí a bheith cothrom, ar a laghad, le luach ainmniúil na hiasachta. I gcás ina ndeonaítear an chabhair i bhfoirm ráthaíochta, ní fhéadfaidh an ráthaíocht phoiblí a bheith os cionn 80 % de phríomhshuim na buniasachta agus ní mór don institiúid creidmheasa agus don Stát caillteanais a sheasamh go comhréireach agus faoi na coinníollacha céanna. Ní mór an méid ráthaithe a laghdú go comhréireach, ionas nach gcumhdaíonn an ráthaíocht níos mó ná 80 % den iasacht gan íoc. An iasacht nó ráthaíocht phoiblí do sholáthraí na mbeart feidhmíochta feabhsaithe fuinnimh, ní mór í a bheith teoranta do 10 mbliana ar a mhéad.

4.1.4   Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus ar thrádáil agus ar chomhardú

114.

Cé is moite de phointe 70, níl feidhm ag Ranna 3.2.2 ná 3.3 maidir le bearta chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.

115.

Beidh feidhm ag an bpointe sin ón 1 Iúil 2023. Ní mór meastachán a dhéanamh ar an bhfóirdheontas in aghaidh an tona d’astaíochtaí coibhéiseacha CO2 maidir le gach tionscadal, nó i gcás scéimeanna, maidir le gach tionscadal tagartha, agus na toimhdí agus an mhodheolaíocht a bhaineann leis an ríomh sin a chur ar fáil. A mhéid is féidir, ba cheart go sainaithneofaí sa mheastachán sin an glanlaghdú ar astaíochtaí ón ngníomhaíocht, agus astaíochtaí saolré a cruthaíodh nó a laghdaíodh á gcur san áireamh. Thairis sin, ba cheart idirghníomhaíochtaí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha le haon bheartas nó beart ábhartha eile, lena n-áirítear ETS an Aontais, a chur san áireamh. Chun gur féidir comparáid a dhéanamh idir na costais a bhaineann le bearta éagsúla cosanta comhshaoil, ba cheart, i bprionsabal, go mbeadh an mhodheolaíocht comhchosúil i gcás na mbeart ar fad a chuireann Ballstát chun cinn (67).

116.

Chun éifeachtaí dearfacha ar an gcomhshaol i ndáil le dícharbónú a bhaint amach, is gá go ndéanfaidh an chabhair níos mó na hastaíochtaí a aistriú ó earnáil amháin go hearnáil eile agus ní mór di laghduithe foriomlána ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach.

117.

Chun an riosca a sheachaint go mbeadh fóirdheontais dhúbailte ann agus chun a áirithiú go bhfíorófar na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, ní mór don chabhair chun gníomhaíochtaí tionsclaíocha a dhícharbónú na hastaíochtaí a thagann go díreach ón ngníomhaíocht thionsclaíoch sin a laghdú. An chabhair chun éifeachtúlacht fuinnimh na ngníomhaíochtaí tionsclaíocha a fheabhsú, ní mór di feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh ghníomhaíochtaí na dtairbhithe.

118.

Mar eisceacht ón gceanglas a leagtar amach san abairt dheireanach de phointe 117, is féidir tacú le feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh gníomhaíochtaí tionsclaíocha le cabhair a deonaíodh chun conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a éascú.

119.

I gcás nach ndeonófar cabhair chun conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a éascú mar thoradh ar phróiseas tairisceana iomaíoch, ní mór státchabhair a dheonú, i bprionsabal, ar an mbealach céanna i gcás gach gnóthais cháilithe atá ag oibriú san earnáil chéanna de ghníomhaíocht eacnamaíoch agus atá sa chás fíorasach céanna nó i gcás fíorasach comhchosúil i ndáil le haidhmeanna nó cuspóirí an bhirt cabhrach.

120.

Ionas nach leithdháilfear buiséad ar thionscadail nach bhfuil curtha i gcrích, rud a d’fhéadfadh bac a chur ar iontráil nua sa mhargadh, ní mór do na Ballstáit a léiriú go nglacfar bearta réasúnta chun a áirithiú go bhforbrófar tionscadail a ndeonófar cabhair iarbhír dóibh, mar shampla, spriocdhátaí soiléire a leagan síos maidir le tionscadail a chur i gcrích, féidearthacht an tionscadail a sheiceáil mar chuid den réamhcháiliú chun cabhair a fháil, a éileamh go n-íocfaidh rannpháirtithe comhthaobhacht, nó monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairt agus ar thógáil tionscadal. Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit níos mó solúbthachta a dheonú maidir le ceanglais réamhcháiliúcháin le haghaidh tionscadail arna bhforbairt ag FBManna nó pobail fuinnimh in-athnuaite agus atá 100 % faoi úinéireacht FBManna nó pobal fuinnimh in-athnuaite mar mhodh chun bacainní ar a rannpháirtíocht a laghdú (68).

121.

D’fhéadfadh foirmeacha éagsúla a bheith i gceist le cabhair le haghaidh dícharbónú, lena n-áirítear deontais láithreacha agus conarthaí le haghaidh íocaíochtaí leanúnacha cabhrach amhail conarthaí difríochta (69). Cabhair lena gcumhdaítear costais a bhaineann den chuid is mó le hoibriú seachas le hinfheistíocht, níor cheart an chabhair sin a úsáid ach amháin i gcás ina léireoidh an Ballstát gurb é an toradh a bheidh air sin cinntí oibriúcháin atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol.

122.

I gcás ina bhfuil gá le cabhair go príomha chun costais ghearrthéarmacha a d’fhéadfadh a bheith athraitheach a chumhdach amhail costais bhreosla bithmhaise nó costais ionchuir leictreachais, agus a íoctar thar thréimhsí is faide ná aon bhliain amháin, ba cheart do na Ballstáit a dheimhniú go ndéanfar faireachán ar na costais táirgthe ar a bhfuil méid na cabhrach bunaithe agus go ndéanfar méid na cabhrach a nuashonrú uair sa bhliain ar a laghad.

123.

Ní mór an chabhair a dhearadh chun saobhadh míchuí ar fheidhmiú éifeachtach na margaí a chosc agus, go háirithe, chun dreasachtaí éifeachtúla oibriúcháin agus comharthaí praghsála a chaomhnú. Mar shampla, ba cheart go leanfadh tairbhithe de bheith neamhchosanta ar éagsúlacht praghsanna agus ar riosca margaidh, ach amháin i gcás ina gcuirfidh sé isteach ar chuspóir na cabhrach a bhaint amach. Go háirithe, níor cheart tairbhithe a dhreasú chun a n-aschur a thairiscint faoi bhun a gcostas imeallach agus níor cheart dóibh cabhair a fháil le haghaidh táirgthe in aon tréimhse ina bhfuil luach margaidh an tairgthe sin diúltach (70).

124.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú cás ar chás ar bhearta a bhfuil tionscadail thiomnaithe bhonneagair san áireamh iontu. Ina mheasúnú, measfaidh an Coimisiún, i measc nithe eile, méid an bhonneagair i ndáil leis an margadh ábhartha, an tionchar ar an dóchúlacht go mbeidh infheistíochtaí breise margadhbhunaithe ann, a mhéid atá an bonneagar beartaithe ar dtús d’úsáideoir aonair nó do ghrúpa úsáideoirí agus an ann do phlean inchreidte nó gealltanas daingean chun nascadh le líonra níos leithne, fad aon mhaoluithe nó díolúintí ó reachtaíocht an mhargaidh inmheánaigh, struchtúr an mhargaidh ábhartha agus seasamh na dtairbhithe sa mhargadh sin.

125.

Mar shampla, i gcás nach gceanglóidh an bonneagar ach líon teoranta úsáideoirí ar dtús, féadfar an iarmhairt shaobhach a mhaolú i gcás inar cuid de phlean í chun gréasán níos leithne de chuid an Aontais a fhorbairt ar bhonn na gcritéar seo a leanas:

a)

gur cheart an chuntasaíocht i ndáil leis an mbonneagar a bheith scartha ó aon ghníomhaíocht eile agus ba cheart na costais a bhaineann le rochtain agus úsáid a bheidh trédhearcach;

b)

mura gcuirfidh sé sin isteach ar chuspóir na cabhrach a bhaint amach, ba cheart go mbeadh cabhair faoi réir gealltanas an bonneagar a oscailt (71) do thríú páirtithe ar théarmaí cothroma, réasúnacha agus neamh-idirdhealaitheacha (lena n-áirítear glaonna poiblí ar nasc a iarraidh ar choinníollacha coibhéiseacha);

c)

gur ghá an buntáiste a fhaigheann na tairbhithe go dtí go ndéanfar forbairt níos leithne a fhritháireamh, mar shampla trí chur le síneadh breise an líonra;

d)

gur ghá an buntáiste a fhaigheann na húsáideoirí tiomnaithe a theorannú agus/nó a roinnt le himreoirí eile.

126.

Ionas nach mbainfí an bonn de chuspóir an bhirt nó de chuspóirí eile an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil, níor cheart dreasachtaí a chur ar fáil chun fuinneamh a ghiniúint ar fuinneamh é lena gcuirfear cineálacha fuinnimh is lú truailliú as áit. Mar shampla, i gcás ina dtugtar tacaíocht do chomhghiniúint atá bunaithe ar fhoinsí neamh-inathnuaite, nó i gcás ina dtugtar tacaíocht do tháirgeadh fuinnimh ó bhithmhais, a mhéid is féidir, níor cheart dóibh dreasachtaí a fháil chun leictreachas nó teas a ghiniúint má chiallaíonn sé sin go laghdófar foinsí fuinnimh in-athnuaite atá saor ó aerthruailliú.

127.

D’fhéadfadh cabhair le haghaidh dícharbónú an iomaíocht a shaobhadh go míchuí i gcás ina gcuirfidh sí infheistíochtaí i roghanna níos glaine atá ar fáil ar an margadh cheana as áit, nó i gcás ina ndéanfaidh sí teicneolaíochtaí áirithe a ghaibhniú, rud a chuirfidh bac ar fhorbairt níos leithne ar mhargadh le haghaidh réitigh níos glaine agus ar úsáid na réiteach sin. Dá bhrí sin, fíoróidh an Coimisiún freisin nach spreagfaidh an beart cabhrach ídiú breoslaí iontaise agus fuinnimh iontaise, nó nach gcuirfidh sé le fad an ídithe sin (72), rud a chuirfidh bac ar roghanna malartacha níos glaine a fhorbairt agus a laghdóidh go suntasach an tairbhe fhoriomlán a bhaineann leis an infheistíocht ó thaobh an chomhshaoil de. Ba cheart do na Ballstáit míniú a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe acu an riosca sin a sheachaint, lena n-áirítear trí bhíthin gealltanais cheangailteacha chun breoslaí in-athnuaite nó ísealcharbóin a úsáid den chuid is mó nó deireadh a chur le foinsí breoslaí iontaise.

128.

Measann an Coimisiún go bhfuil éifeachtaí diúltacha ag bearta áirithe cabhrach ar iomaíocht agus ar thrádáil agus nach dócha go ndéanfar iad a fhritháireamh. Go háirithe, d’fhéadfadh bearta áirithe cabhrach clistí margaidh a ghéarú, agus neamhéifeachtúlachtaí a chruthú a dhéanfadh dochar do thomhaltóirí agus don leas sóisialta. Mar shampla, bearta a spreagann infheistíochtaí nua i dtáirgeadh fuinnimh nó tionsclaíoch atá bunaithe ar na breoslaí iontaise is mó truailliú, amhail gual, díosal, lignít, ola, móin agus scealla ola, méadaíonn na bearta sin na seachtrachtaí diúltacha comhshaoil sa mhargadh. Measfar nach mbeidh aon tionchar dearfach acu ar an gcomhshaol, i bhfianaise neamh-chomhoiriúnacht na mbreoslaí sin le spriocanna aeráide an Aontais.

129.

Ar an gcaoi chéanna, bearta lena spreagfar infheistíochtaí nua i dtáirgeadh fuinnimh nó tionsclaíoch atá bunaithe ar ghás nádúrtha, féadfaidh na bearta sin astaíochtaí gás ceaptha teasa agus truailleáin eile a laghdú sa ghearrthéarma ach cur le seachtrachtaí diúltacha comhshaoil san fhadtéarma, i gcomparáid le hinfheistíochtaí malartacha. Chun go measfar go bhfuil tionchar dearfach ar an gcomhshaol ag infheistíochtaí sa ghás nádúrtha, ní mór do na Ballstáit a mhíniú conas a áiritheoidh siad go gcuirfidh an infheistíocht le sprioc aeráide 2030 an Aontais agus sprioc 2050 an Aontais maidir leis an aeráidneodracht a bhaint amach. Go háirithe, ní mór do na Ballstáit a mhíniú conas a sheachnófar glasáil na giniúna fuinnimh gásadhainte sin nó an trealaimh táirgthe gásadhainte sin. Mar shampla, d’fhéadfadh sé sin a bheith bunaithe ar phlean náisiúnta dícharbónaithe a bhfuil spriocanna ceangailteacha ag gabháil leis agus/nó plean a bhféadfadh gealltanais cheangailteacha ón tairbhí a bheith ar áireamh ann chun teicneolaíochtaí dícharbónaithe amhail CCS/CCU a chur chun feidhme nó gás in-athnuaite nó ísealcharbóin a chur in ionad gáis nádúrtha nó an gléasra a dhúnadh de réir amlíne atá i gcomhréir le spriocanna aeráide an Aontais. Ba cheart a áireamh sna gealltanais sin garsprioc inchreidte amháin nó níos mó maidir le hastaíochtaí a laghdú i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050.

130.

Trí bhithbhreoslaí a tháirgeadh ó bharra bia agus beatha, d’fhéadfaí éileamh breise ar thalamh a chruthú agus d’fhéadfadh talamh talmhaíochta a leathnú isteach i limistéir ina bhfuil stoc ardcharbóin amhail foraoisí, bogaigh agus talamh portaigh, rud a mhéadódh na hastaíochtaí gás ceaptha teasa. Is é sin an fáth a gcuirtear teorainn, le Treoir (AE) 2018/2001, le líon na mbithbhreoslaí, na mbithleachtanna agus na mbreoslaí bithmhaise atá bunaithe ar bharra bia agus beatha agus a dhéantar a áireamh i dtreo na spriocanna fuinnimh in-athnuaite. Measann an Coimisiún gur féidir le bearta áirithe cabhrach cur le seachtrachtaí diúltacha indíreacha. Dá bhrí sin, measfaidh an Coimisiún, i bprionsabal, nach dócha go mbeidh éifeachtaí dearfacha ag státchabhair le haghaidh bithbhreoslaí, bithleachtanna, bithghás agus breoslaí bithmhaise a sháraíonn na huasteorainneacha lena gcinntear a n-incháilitheacht chun olltomhaltas deiridh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a ríomh sa Bhallstát lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 26 de Threoir (AE) 2018/2001, ar éifeachtaí dearfacha iad a d’fhéadfadh a bheith níos mó ná éifeachtaí diúltacha an bhirt.

131.

I gcás ina sainaithneofar rioscaí maidir le saobhadh iomaíochta breise nó i gcás ina mbeidh na bearta an-nuálach nó an-chasta, féadfaidh an Coimisiún coinníollacha a fhorchur mar a leagtar amach i bpointe 76.

132.

I gcás bearta aonair cabhrach nó scéimeanna a théann chun tairbhe do líon teoranta tairbhithe nó tairbhí atá ann faoi láthair, ba cheart do na Ballstáit, ina theannta sin, a léiriú nach mbeidh saobhadh iomaíochta ann mar thoradh ar an mbeart cabhrach atá beartaithe, mar shampla, trí chumhacht mhéadaithe sa mhargadh. Fiú nuair nach neartaíonn an chabhair an chumhacht mhargaidh go díreach, féadfaidh sí é sin a dhéanamh go hindíreach trí leathnú iomaitheoirí atá ann cheana a dhíspreagadh nó imeacht ón margadh a spreagadh nó iontráil iomaitheoirí nua a dhíspreagadh. Agus éifeachtaí diúltacha na mbeart cabhrach sin á meas ag an gCoimisiún, díreoidh sé a anailís ar an tionchar intuartha a d’fhéadfadh a bheith ag an gcabhair ar iomaíocht idir gnóthais sa mhargadh táirgí lena mbaineann, agus i margaí réamhtheachtacha nó iartheachtacha i gcás inarb ábhartha, agus ar an riosca maidir le ró-acmhainneacht. Déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar na héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann ar thrádáil, lena n-áirítear an riosca go mbeadh rás fóirdheontais idir na Ballstáit a d’fhéadfadh teacht chun cinn go háirithe maidir le suíomh a roghnú.

133.

I gcás ina ndeonófar an chabhair gan próiseas tairisceana iomaíoch agus go rachaidh an beart chun tairbhe líon teoranta tairbhithe nó tairbhí atá ann faoi láthair, féadfaidh an Coimisiún a cheangal ar an mBallstát a áirithiú go scaipfidh an tairbhí an saineolas a fuarthas mar thoradh ar an tionscadal cabhrach agus é mar aidhm aige dlús a chur le leathadh na dteicneolaíochtaí a léiríodh go rathúil.

134.

Ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha comhoiriúnachta eile ar fad, is iondúil go gcinnfidh an Coimisiún go bhfuil tionchar dearfach ag na bearta dícharbónaithe (is é sin le rá, gur mó na héifeachtaí dearfacha ná an saobhadh sa mhargadh inmheánach) i bhfianaise a mhéid a chuireann siad leis an maolú ar an athrú aeráide, rud a shainmhínítear mar chuspóir comhshaoil i Rialachán (AE) 2020/852 agus/nó i bhfianaise a mhéid a chuireann siad le cuspóirí fuinnimh agus aeráide an Aontais a bhaint amach, fad is nach léirítear nach bhfuil an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” á chomhlíonadh (73). I gcás nach mbeidh feidhm ag an toimhde thuas, déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh ar mó na héifeachtaí dearfacha (lena n-áirítear comhlíonadh na bpointí i Roinn 4.1.4 agus aon ghealltanas a bhaineann le pointe 129) ná na tionchair dhiúltacha ar an margadh inmheánach.

4.2   Cabhair chun feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh agus chomhshaoil foirgneamh

4.2.1   Réasúnaíocht maidir leis an gcabhair

135.

Leis na bearta atá dírithe ar fheidhmíocht fuinnimh agus chomhshaoil foirgneamh a fheabhsú, dírítear ar sheachtrachtaí diúltacha trí dhreasachtaí aonair a chruthú chun spriocanna maidir le coigilteas fuinnimh a bhaint amach agus chun astaíochtaí gás ceaptha teasa agus astaíochtaí truailleán aeir a laghdú. De bhreis ar na clistí margaidh ginearálta a shainaithnítear i gCaibidil 3, d’fhéadfadh clistí margaidh sonracha teacht chun cinn i réimse feidhmíocht fuinnimh agus chomhshaoil foirgneamh. Mar shampla, i gcás oibreacha athchóirithe i bhfoirgnimh, ní gnách gurb é úinéir an fhoirgnimh amháin a fhaigheann na tairbhí a bhaineann le bearta feidhmíochta fuinnimh agus comhshaoil, ach an tionónta freisin, cé gurb é an t-úinéir a íocann as costais an athchóirithe de ghnáth. Measann an Coimisiún, dá bhrí sin, go bhféadfadh sé go mbeadh gá le státchabhair chun infheistíochtaí a chur chun cinn arb é is aidhm dóibh feidhmíocht fuinnimh agus chomhshaoil foirgneamh a fheabhsú.

4.2.2   Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht

136.

Féadfar cabhair a dheonú chun éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú.

137.

Féadfar an chabhair sin a chur le cabhair le haghaidh aon cheann nó gach ceann de na bearta seo a leanas:

a)

suiteálacha comhtháite fuinnimh in-athnuaite ar an láthair a ghineann leictreachas, teas nó fuarú a shuiteáil;

b)

trealamh a shuiteáil chun an fuinneamh a ghineann suiteálacha fuinnimh in-athnuaite ar an láthair a stóráil;

c)

bonneagar athluchtaithe a thógáil agus a shuiteáil lena úsáid ag úsáideoirí an fhoirgnimh, agus bonneagar lena mbaineann, amhail duchtú, i gcás ina bhfuil na saoráidí páirceála suite laistigh den fhoirgneamh nó i gcás ina bhfuil siad taobh leis an bhfoirgneamh;

d)

trealamh a shuiteáil chun bainistiú agus rialú comhshaoil agus fuinnimh an fhoirgnimh a dhigitiú, go háirithe chun a ullmhacht chliste a mhéadú, lena n-áirítear sreangú éighníomhach inmheánach nó cáblú struchtúrtha éighníomhach le haghaidh líonraí sonraí agus an chuid choimhdeach den líonra éighníomhach ar an maoin lena mbaineann an foirgneamh, ach gan sreangú nó cáblú le haghaidh líonraí sonraí lasmuigh den mhaoin a áireamh;

e)

infheistíochtaí eile lena gcuirtear feabhas ar fheidhmíocht fuinnimh nó chomhshaoil an fhoirgnimh, lena n-áirítear infheistíochtaí i ndíonta glasa agus trealamh chun uisce báistí a bhailiú.

138.

Féadfar cabhair a dheonú freisin chun feidhmíocht fuinnimh an trealaimh téimh agus fuaraithe laistigh den fhoirgneamh a fheabhsú. Cabhair le haghaidh trealamh téimh agus fuaraithe atá nasctha go díreach le córais téimh agus fuaraithe ceantair, déanfar an chabhair sin a mheasúnú faoi na coinníollacha is infheidhme maidir le cabhair le haghaidh téamh agus fuarú ceantair mar a leagtar amach i Roinn 4.10. Cabhair chun éifeachtúlacht fuinnimh na bpróiseas táirgthe a fheabhsú agus cabhair le haghaidh trealamh lena ngintear fuinnimh a úsáidtear chun innealra a chumhachtú, déanfar an chabhair sin a mheasúnú faoi na coinníollacha is infheidhme maidir le cabhair chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus a bhaint mar a leagtar amach i Roinn 4.1.

139.

Ní mór don chabhair na nithe seo a leanas a spreagadh:

a)

i gcás athchóiriú na bhfoirgneamh atá ann cheana, feabhsuithe ar fheidhmíocht fuinnimh as a dtiocfaidh laghdú 20 % ar a laghad ar an éileamh ar fhuinneamh príomhúil i gcomparáid leis an staid roimh an infheistíocht nó, i gcás inar cuid d’athchóiriú céimneach na feabhsúcháin, laghdú 30 % ar a laghad ar an éileamh ar fhuinneamh príomhúil i gcomparáid leis an staid a bhí ann roimh an infheistíocht, thar thréimhse cúig bliana,

b)

i gcás bearta athchóirithe a bhaineann le cineál amháin codanna foirgnimh a shuiteáil nó a athsholáthar (74) de réir bhrí Airteagal 2, pointe 9, de Threoir 2010/31/AE, laghdú 10 % ar a laghad ar an éileamh ar fhuinneamh príomhúil i gcomparáid leis an staid roimh an infheistíocht, ar choinníoll go léiríonn an Ballstát go bhfuil éifeacht shuntasach fhoriomlán ag an mbeart ar leibhéal na scéime maidir le laghdú ar an éileamh príomhúil ar fhuinneamh,

c)

i gcás foirgnimh nua, feabhsuithe ar fheidhmíocht fuinnimh as a dtiocfaidh laghdú 10 % ar a laghad ar an éileamh príomha ar fhuinneamh i gcomparáid leis an tairseach a leagtar síos le haghaidh na gceanglas i leith foirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh i mbearta náisiúnta lena gcuirtear Treoir 2010/31/AE chun feidhme.

140.

Féadfar cabhair chun feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh a dheonú freisin do FBManna agus cuideachtaí lárchaipitlithe beaga a sholáthraíonn bearta feidhmíochta feabhsaithe fuinnimh, chun conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a éascú de réir bhrí Airteagal 2, pointe (27) de Threoir 2012/27/AE.

4.2.3   Éifeachtdreasachta

141.

Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointí 142 agus 143 i dteannta na gceanglas a leagtar amach i Roinn 3.1.2.

142.

Measann an Coimisiún, i bprionsabal, nach bhfuil éifeacht dreasachta ag cabhair le haghaidh tionscadal ag a bhfuil tréimhse aisíoca (75) níos lú ná cúig bliana. Féadfaidh an Ballstát fianaise a sholáthar, áfach, chun a léiriú go bhfuil gá le cabhair chun athrú iompraíochta a spreagadh, fiú amháin i gcás tionscadail ag a bhfuil tréimhse aisíoca níos giorra.

143.

Nuair a fhorchuirtear íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh ar ghnóthais faoi dhlí an Aontais, ar íoschaighdeáin iad a cháilíonn mar chaighdeáin de chuid an Aontais, measfar go mbeidh éifeacht dreasachta ag cabhair le haghaidh na n-infheistíochtaí ar fad is gá a chuireann ar chumas gnóthas na caighdeáin sin a chomhlíonadh, ar choinníoll go ndeonófar an chabhair sula mbeidh na ceanglais éigeantach don ghnóthas lena mbaineann (76). Ní mór don Bhallstát a áirithiú go soláthróidh na tairbhithe plean agus clár ama athchóirithe beacht a léireoidh gur leor an t-athchóiriú a dtugtar cabhair dó chun go gcomhlíonfaidh an foirgneamh na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh sin.

4.2.4   Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála

4.2.4.1   Oiriúnacht

144.

Tá feidhm ag an gceanglas a leagtar amach i bpointe 145 i dteannta na gceanglas a leagtar amach i Roinn 3.2.1.2.

145.

Féadfaidh cabhair chun conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a éascú a bheith i bhfoirm iasachta nó ráthaíochta do sholáthraí na mbeart feidhmíochta feabhsaithe fuinnimh faoi chonradh feidhmíochta fuinnimh nó féadfaidh gur táirge airgeadais atá dírithe ar an soláthraí a mhaoiniú atá i gceist (mar shampla, fachtóireacht nó forfáidiú).

4.2.4.2   Comhréireacht

146.

Is iad na costais incháilithe na costais infheistíochta atá nasctha go díreach le leibhéal níos airde feidhmíochta fuinnimh nó comhshaoil a bhaint amach.

147.

Ní rachaidh an déine cabhrach thar 30 % de chostais incháilithe na mbeart a shonraítear i bpointí 139(a) agus (c). I gcás na mbeart a shonraítear i bpointe 139(b), ní rachaidh an déine cabhrach thar 25 %. I gcás ina ndeonófar cabhair le haghaidh infheistíochtaí lena gcumasaítear do ghnóthais íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a cháilíonn mar chaighdeáin an Aontais a chomhlíonadh tráth is lú ná 18 mí sula dtiocfaidh caighdeáin an Aontais i bhfeidhm, ní rachaidh an déine cabhrach thar 20 % de chostais incháilithe na mbeart a shonraítear i bpointe 139(a) agus (c), ná thar 15 % de chostais incháilithe na mbeart a shonraítear i bpointe 139(b).

148.

Maidir le cabhair a dheonaítear chun feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh atá ann cheana, féadfar méid na cabhrach a mhéadú 15 phointe céatadáin i gcás ina mbeidh laghdú 40 % ar a laghad ar an éileamh ar fhuinneamh príomha mar thoradh ar na feabhsuithe ar fheidhmíocht fuinnimh. Ní bheidh feidhm ag an méadú sin ar an déine cabhrach, áfach, i gcás nach bhfeabhsóidh an tionscadal feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh thar an leibhéal a fhorchuirtear leis na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a cháilíonn mar chaighdeáin de chuid an Aontais agus a thagann i bhfeidhm laistigh de tréimhse is giorra ná 18 mhí, cé go ndéantar laghdú 40 % nó níos mó ar an éileamh ar fhuinneamh príomhúil a chur i gcrích.

149.

Féadfar méid na cabhrach a mhéadú 20 pointe céatadáin i gcás cabhrach a dheonaítear do ghnóthais bheaga nó 10 bpointe céatadáin i gcás cabhrach a dheonaítear do ghnóthais mheánmhéide.

150.

Féadfar an déine cabhrach a mhéadú 15 phointe céatadáin i gcás infheistíochtaí atá lonnaithe i limistéir fhóirithinte a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 107(3), pointe (a), den Chonradh nó 5 phointe céatadáin i gcás infheistíochtaí atá lonnaithe i limistéir fhóirithinte a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 107(3), pointe (c) den Chonradh.

151.

Ag brath ar shaintréithe an bhirt, féadfaidh an Ballstát a léiriú freisin, bunaithe ar anailís ar bhearnaí cistiúcháin, mar a leagtar amach i bpointí48, 51 agus 52, go bhfuil gá le méid níos airde cabhrach. Ní mór nach rachaidh méid na cabhrach thar an mbearna chistiúcháin, mar a leagtar amach i bpointí 51 agus 52. I gcás ina ndeonófar cabhair le haghaidh infheistíochtaí lena gcumasaítear do ghnóthais íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a cháilíonn mar chaighdeáin an Aontais a chomhlíonadh tráth is lú ná 18 mí sula dtiocfaidh caighdeáin an Aontais i bhfeidhm, ní rachaidh uasmhéid na cabhrach thar 70 % den bhearna chistiúcháin.

152.

I gcás ina ndeonófar an chabhair tar éis próiseas tairisceana iomaíoch arna dhéanamh i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i bpointí 49 agus 50, meastar go bhfuil méid na cabhrach comhréireach. I gcás ina ndeonófar cabhair le haghaidh infheistíochtaí lena gcumasaítear do ghnóthais íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a cháilíonn mar chaighdeáin an Aontais a chomhlíonadh tráth is lú ná 18 mhí sula dtiocfaidh caighdeáin an Aontais i bhfeidhm, ní mór don Bhallstát a áirithiú go dtabharfar aghaidh go hiomchuí ar bhaol an róchúitimh, mar shampla trí uasteorainneacha ar thairiscintí a shocrú.

153.

Cabhair a dheonaítear i bhfoirm ionstraimí airgeadais, ní an chabhair sin faoi réir na n-uasdéiní cabhrach a leagtar amach i bpointí 147 go 151. I gcás ina ndeonófar an chabhair i bhfoirm ráthaíochta, níor cheart go rachadh an ráthaíocht thar 80 % den bhuniasacht. I gcás ina ndeonófar an chabhair i bhfoirm iasachta, an aisíocaíocht a dhéanann úinéir nó úinéirí an fhoirgnimh leis an gciste éifeachtúlachta fuinnimh nó leis an gciste fuinnimh in-athnuaite nó le hidirghabhálaí airgeadais eile, ní mór don aisíocaíocht sin a bheith cothrom le luach ainmniúil na hiasachta ar a laghad.

4.2.4.3   Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil agus cothromú

154.

Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointí 155 go dtí 157 i dteannta na gceanglas a leagtar amach i Roinn 3.2.2.

155.

Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i dtrealamh a úsáideann gás nádúrtha atá dírithe ar éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú, d’fhéadfadh an chabhair sin a bheith ina cúis le laghdú ar an éileamh ar fhuinneamh sa ghearrthéarma ach seachtrachtaí diúltacha comhshaoil a dhéanamh níos measa san fhadtéarma, i gcomparáid le hinfheistíochtaí malartacha. Cabhair chun trealamh a úsáideann gás nádúrtha a shuiteáil, d’fhéadfadh an chabhair sin an iomaíocht a shaobhadh go míchuí i gcás ina gcuirfidh sí infheistíochtaí i roghanna níos glaine atá ar fáil ar an margadh cheana as áit, nó i gcás ina ndéanfaidh sí teicneolaíochtaí áirithe a ghaibhniú, agus, ar an gcaoi sin, go gcuirfidh sí bac ar fhorbairt margaidh le haghaidh teicneolaíochtaí níos glaine agus úsáid na dteicneolaíochtaí sin. Ní dócha gur mó na héifeachtaí dearfacha a bheadh ag bearta a chruthaíonn éifeachtaí díláithrithe nó glasála den sórt sin ná na héifeachtaí diúltacha a bheadh acu ar an iomaíocht. Mar chuid dá mheasúnú, measfaidh an Coimisiún an gcuirfear an trealamh a úsáideann gás nádúrtha in ionad an trealaimh fuinnimh a úsáideann na breoslaí iontaise is mó truailliú amhail ola agus gual.

156.

Tá roghanna malartacha ar threalamh fuinnimh a úsáideann breoslaí iontaise truaillitheacha amhail ola agus gual ar fáil ar an margadh cheana. Sa chomhthéacs sin, ní mheastar go mbeidh na héifeachtaí dearfacha céanna ag cabhair chun trealamh fuinnimh atá tíosach ar fhuinneamh a shuiteáil, ar trealamh é a úsáideann na breoslaí sin, agus ag cabhair chun trealamh fuinnimh níos glaine a shuiteáil. Ar an gcéad dul síos, déantar an feabhas fánach ó thaobh laghdú ar an éileamh ar fhuinneamh a fhrithchothromú leis na hastaíochtaí carbóin a bhaineann le húsáid breoslaí iontaise. Ar an dara dul síos, maidir le cabhair a dheonaítear chun trealamh fuinnimh a úsáideann breoslaí iontaise soladacha nó leachtacha a shuiteáil, tá riosca suntasach ann go ndéanfar teicneolaíochtaí breoslaí iontaise a ghaibhniú agus go gcuirfear infheistíochtaí i roghanna malartacha níos glaine agus níos nuálaí atá ar fáil ar an margadh as áit tríd an éileamh ar threalamh fuinnimh nach n-úsáideann breoslaí iontaise soladacha nó leachtacha a laghdú. Bheadh sé sin ina dhíspreagadh chun forbairt bhreise a dhéanamh ar an margadh le haghaidh teicneolaíochtaí breoslaí neamh-iontaise. Dá bhrí sin, maidir le cabhair le haghaidh trealamh fuinnimh a úsáideann breoslaí iontaise soladacha nó leachtacha, measann an Coimisiún nach dócha go ndéanfar éifeachtaí diúltacha na cabhrach sin ar iomaíocht a fhritháireamh.

157.

I gcás ina ndeonófar an chabhair i bhfoirm dearlaice, cothromais, ráthaíochta nó iasachta do chiste éifeachtúlachta fuinnimh nó do chiste fuinnimh in-athnuaite nó d’idirghabhálaí airgeadais eile, fíoróidh an Coimisiún go bhfuil coinníollacha i bhfeidhm chun a áirithiú nach bhfaighidh an ciste éifeachtúlachta fuinnimh nó an ciste fuinnimh in-athnuaite nó idirghabhálaithe airgeadais eile aon bhuntáiste míchuí agus go gcuirfidh sé straitéis infheistíochta atá fónta ó thaobh na tráchtála de i bhfeidhm chun an beart cabhrach maidir le feidhmíocht fuinnimh a chur chun feidhme. Go háirithe, ní mór na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

a)

go ndéanfar idirghabhálaithe airgeadais nó bainisteoirí cistí a roghnú trí phróiseas oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a dhéantar i gcomhréir le dlíthe an Aontais agus leis na dlíthe náisiúnta is infheidhme;

b)

go bhfuil coinníollacha i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéanfar idirghabhálaithe airgeadais, lena n-áirítear cistí éifeachtúlachta fuinnimh nó cistí fuinnimh in-athnuaite, a bhainistiú ar bhonn tráchtála agus go n-áiritheofar cinntí maoiniúcháin dírithe ar bhrabús;

c)

go dtabharfar bainisteoirí an chiste éifeachtúlachta fuinnimh nó an chiste fuinnimh in-athnuaite nó idirghabhálaithe airgeadais eile an buntáiste is mó is féidir do na tairbhithe deiridh (úinéir nó úinéirí nó tionónta nó tionóntaí an fhoirgnimh), i bhfoirm méideanna níos airde maoinithe, ceanglas comhthaobhachta níos ísle, préimheanna ráthaíochta níos ísle nó rátaí úis níos ísle.

4.3   Cabhair le haghaidh soghluaisteacht ghlan

158.

Leagtar amach i Ranna 4.3.1 agus 4.3.2 na coinníollacha faoinar féidir le státchabhair le haghaidh infheistíochtaí áirithe chun astaíochtaí CO2 agus truailleáin eile ó earnáil an aeriompair, earnáil an iompair de bhóthar, earnáil an iarnróid, earnáil an iompair d’uisce agus earnáil an mhuiriompair a laghdú nó a sheachaint, forbairt gníomhaíochta eacnamaíche a éascú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, gan dochar a dhéanamh do dhálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann do leas coiteann an Aontais.

159.

Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i bhfeithiclí bóthair saothair éadroim agus tromshaothair a úsáideann gás (go háirithe GNL, GNC agus bithghás), agus sa bhonneagar ábhartha athbhreoslaithe gáis le haghaidh feithiclí bóthair, cé is moite de bhonneagar GNL a úsáidtear go heisiach le haghaidh athbhreoslú feithiclí bóthair tromshaothair, ní thagann an chabhair sin faoi raon feidhme na dtreoirlínte seo. Bunaithe ar staid reatha na forbartha margaidh, táthar ag súil leis go mbeidh cumas i bhfad níos ísle ag na teicneolaíochtaí sin cur leis an maolú ar an athrú aeráide agus leis an laghdú ar aerthruailliú, i gcomparáid le roghanna malartacha atá níos glaine agus níos nuálaí agus, dá bhrí sin, táthar ag súil leis go ndéanfaidh siad an iomaíocht a shaobhadh go míchuí trí infheistíochtaí sna roghanna malartacha níos glaine sin a chur as áit agus trí réitigh shoghluaisteachta nach bhfuil i gcomhréir leis na spriocanna le haghaidh 2030 agus 2050 a ghaibhniú.

4.3.1   Cabhair chun feithiclí glana agus trealamh seirbhíse soghluaiste glan a fháil agus a leasú agus chun feithiclí agus trealamh seirbhíse soghluaiste a iarfheistiú

4.3.1.1   An réasúnaíocht atá ag an gcabhair

160.

Chun cuspóir aeráidneodrachta an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a bhaint amach faoi 2050, bunaíodh le Teachtaireacht an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip an sprioc astaíochtaí iompair a laghdú 90 % ar a laghad i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2050. Sa Teachtaireacht maidir le Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste (77), leagtar amach bealach chun an cuspóir sin a bhaint amach trí na modhanna iompair aonair agus an slabhra iompair ina iomláine a dhícharbónú (78).

161.

Cé go bhféadfar, leis na beartais atá ann cheana, dreasachtaí a sholáthar le haghaidh glacadh feithiclí glana, trí spriocanna ceangailteacha astaíochtaí CO2 a leagan síos don fhlít feithiclí bóthair nua atá ag monaróirí (79), trí inmheánú a dhéanamh ar na seachtrachtaí aeráide agus comhshaoil (80), nó trí éileamh ar fheithiclí a mhéadú trí sholáthar poiblí (81), d’fhéadfadh sé nach leor na beartais sin chun aghaidh a thabhairt go hiomlán ar chlistí margaidh a dhéanann difear don earnáil lena mbaineann. D’ainneoin na mbeartas atá ann cheana, d’fhéadfadh sé nach dtabharfaí aghaidh ar bhacainní áirithe margaidh ná ar chlistí áirithe margaidh, lena n-áirítear inacmhainneacht feithiclí glana i gcomparáid le gnáthfheithiclí, fáil theoranta bonneagair athluchtaithe nó athbhreoslaithe agus seachtrachtaí comhshaoil. Dá bhrí sin, féadfaidh na Ballstáit cabhair a thabhairt chun dul i ngleic leis na clistí margaidh iarmharacha sin agus chun tacú le forbairt na hearnála soghluaisteachta glaine.

4.3.1.2   Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht

162.

Féadfar cabhair a dheonú chun feithiclí glana nua nó úsáidte a fháil agus a léasú agus chun trealamh seirbhíse soghluaiste glan a fháil agus a léasú.

163.

Féadfar cabhair a dheonú freisin le haghaidh iarfheistiú, iarfheistiú agus oiriúnú feithiclí nó trealaimh seirbhíse soghluaiste sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás inar féidir leo cáiliú mar fheithiclí glana nó mar threalamh seirbhíse soghluaiste glan; nó

(b)

i gcás inar gá cead a thabhairt do shoithí agus d’aerárthaí bithbhreoslaí agus breoslaí sintéiseacha a úsáid, nó an sciar díobh a mhéadú, lena n-áirítear breoslaí in-athnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch, de bhreis ar bhreoslaí iontaise-bhunaithe nó mar rogha malartach ar na breoslaí sin; nó

(c)

i gcás inar gá cead a thabhairt do shoithí tiomáint ghaothchuidithe a úsáid.

4.3.1.3   Éifeacht dreasachta

164.

Tá feidhm ag na coinníollacha a leagtar amach i bpointí 165 go dtí 169 i dteannta na gcoinníollacha a leagtar amach i Roinn 3.1.2.

165.

In éagmais cabhrach, ní mór don Bhallstát cás inchreidte frithfhíorasach a chur ar fáil. Comhfhreagraíonn cás frithfhíorasach d’infheistíocht ag a mbeidh an acmhainneacht chéanna, an saolré chéanna agus, i gcás inarb iomchuí, na saintréithe ábhartha teicniúla eile agus atá ag infheistíocht atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. I gcás ina mbainfidh an infheistíocht le feithiclí glana nó trealamh seirbhíse soghluaiste glan a fháil nó a léasú, is éard atá sa chás frithfhíorasach de ghnáth feithiclí nó trealamh seirbhíse soghluaiste den chatagóir chéanna agus den acmhainneacht chéanna a fháil nó a leasú, feithiclí nó trealamh a chomhlíonann, ar a laghad, caighdeáin an Aontais, i gcás inarb infheidhme, agus a gheofaí nó a léasófaí gan chabhair.

166.

D’fhéadfadh an cás frithfhíorasach comhfhreagairt do chothabháil na feithicle nó an trealaimh seirbhíse soghluaiste atá ann cheana agus atá ag feidhmiú ar feadh tréimhse a chomhfhreagraíonn do shaolré na hinfheistíochta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. Sa chás sin, ba cheart na costais lascainithe chothabhála, deisiúcháin agus nuachóirithe thar an tréimhse sin a chur san áireamh.

167.

I gcásanna eile, d’fhéadfadh sé gurb é a bheadh sa chás frithfhíorasach an fheithicil nó an trealamh seirbhíse soghluaiste a athsholáthar ina dhiaidh sin, agus sa chás sin ba cheart luach lascainithe na feithicle nó an trealaimh seirbhíse soghluaiste a chur san áireamh agus an difríocht i saolré eacnamaíoch an trealaimh a chothromú. D’fhéadfadh an cur chuige sin a bheith ábhartha go háirithe i gcás feithiclí a bhfuil saol eacnamaíoch níos faide acu, amhail soithí, rothstoc iarnróid nó aerárthaí.

168.

I gcás feithiclí nó trealamh seirbhíse soghluaiste atá faoi réir socruithe léasaithe, ba cheart an luach lascainithe a bhaineann leis na feithiclí glana nó an trealamh seirbhíse soghluaiste glan a léasú a chur i gcomparáid leis an luach lascainithe a bhaineann leis an bhfeithicil nó an trealamh seirbhíse soghluaiste is mó díobháil don chomhshaol a d’úsáidfí in éagmais na cabhracha a léasú.

169.

I gcás inarb é atá i gceist leis an infheistíocht trealamh a chur le feithicil nó trealamh seirbhíse soghluaiste atá ann cheana chun a fheidhmíocht chomhshaoil a fheabhsú (mar shampla, iarfheistiú córas rialaithe truaillithe), d’fhéadfadh costais iomlána infheistíochta a bheith i gceist leis na costais incháilithe.

4.3.1.4   Saobhadh iomaíochta agus trádála a íoslaghdú

4.3.1.4.1   Oiriúnacht

170.

Tá feidhm na ceanglais a leagtar amach i bpointe 171 i dteannta na gceanglas a leagtar amach i Roinn 3.2.1.2.

171.

Agus oiriúnacht á fíorú i measc ionstraimí eile beartais, ba cheart go gcuirfí san áireamh an acmhainneacht atá ann maidir le cineálacha eile idirghabhála seachas státchabhair chun forbairt an mhargaidh soghluaisteachta ghlain agus an tionchar a mheastar a bheidh acu a spreagadh i gcomparáid leis an mbeart atá beartaithe. Féadfar a áireamh ar na hidirghabhálacha eile sin bearta ginearálta a thabhairt isteach arb é is aidhm dóibh fáil feithiclí glana a chur chun cinn, amhail scéimeanna bónais éiceolaíocha nó scéimeanna traipisithe nó saincheantair astaíochtaí ísle a chruthú sa Bhallstát lena mbaineann.

4.3.1.4.2   Comhréireacht

172.

Ní rachaidh an chabhair thar an gcostas is gá chun forbairt na gníomhaíochta eacnamaíche atá i gceist a éascú ar bhealach a mhéadóidh leibhéal cosanta an chomhshaoil (is é sin le rá, trí aistriú ó ghnáthfheithiclí go feithiclí glana agus trealamh seirbhíse soghluaiste glan), i gcomparáid leis an gcás frithfhíorasach in éagmais cabhrach. Féadfar a mheas go bhfuil státchabhair comhréireach i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointí 173 agus 181.

173.

Mar riail ghinearálta, ní mór an chabhair a dheonú tar éis próiseas tairisceana iomaíoch i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i bpointí 49 agus 50.

174.

Má áirítear critéir seachas an méid cabhrach arna iarraidh ag an iarratasóir i gcomhthéacs an phróisis tairisceana iomaíoch, beidh feidhm ag pointe 50. D’fhéadfadh baint a bheith ag na critéir roghnúcháin leis na sochair chomhshaoil a bhfuiltear ag súil leo ón infheistíocht i dtéarmaí CO2 coibhéiseach nó laghduithe ar thruailleáin eile le linn a saolré, cuir i gcás. Sna cásanna sin, chun sainaithint na sochar comhshaoil a éascú, féadfaidh an Ballstát a cheangal ar na hiarratasóirí leibhéal measta na laghduithe ar astaíochtaí a bheidh mar thoradh ar an infheistíocht a léiriú ina dtairiscintí, i gcomparáid le leibhéal astaíochtaí feithicle inchomparáide a chomhlíonann caighdeáin an Aontais, i gcás inarb infheidhme. Féadfar breithnithe saolré a áireamh ar na critéir chomhshaoil a úsáidtear sa phróiseas tairisceana iomaíoch amhail an tionchar comhshaoil a bhaineann le bainistiú deireadh ré an táirge.

175.

Le dearadh an phróisis tairisceana iomaíoch, ní mór a áirithiú go bhfuil dóthain dreasachtaí ann d’iarratasóirí chun tairiscint a dhéanamh ar thionscadail a bhaineann le feithiclí astaíochtaí nialasacha a fháil, ar feithiclí iad atá níos costasaí de ghnáth ná roghanna eile atá níos díobhálaí don chomhshaol, sa mhéid go bhfuil siad ar fáil don mhodh iompair sin. Áirítear leis sin a áirithiú nach gcuirfear na tionscadail sin faoi mhíbhuntáiste de bharr chur i bhfeidhm na gcritéar roghnúcháin i gcomparáid le feithiclí glana eile, ar feithiclí iad nach gcáilíonn mar fheithiclí astaíochtaí nialasacha. Mar shampla, d’fhéadfaí critéir chomhshaoil a cheapadh mar phréimheanna lena bhféadfaí scór níos airde a shannadh do thionscadail a mbeidh sochair chomhshaoil ag baint leo thar na cinn sin a eascraíonn as ceanglais incháilitheachta nó príomhchuspóir an bhirt. I gcás inarb iomchuí, d’fhéadfadh go mbeadh ar uasteorainneacha ar thairiscintí teorainn a chur leis an tairiscint uasta ó thairgeoirí aonair i gcatagóirí áirithe. Ba cheart údar a bheith le haon uasteorainn ar thairiscintí i dtaca leis an gcainníochtú i leith tionscadail tagartha dá dtagraítear i bpointí 51, 52 agus 53.

176.

De mhaolú ar phointí 173 go 175, féadfar cabhair a dheonú gan próiseas tairisceana iomaíoch sna cásanna seo a leanas:

a)

i gcás nach leor an líon rannpháirtithe a bhfuiltear ag súil leo chun iomaíocht éifeachtach a áirithiú nó chun tairiscintí straitéiseacha a sheachaint;

b)

i gcás ina dtugann an Ballstát údar cuí nach bhfuil próiseas tairisceana iomaíoch, mar a thuairiscítear i bpointí 49 agus 50, iomchuí chun comhréireacht na cabhrach a áirithiú agus nach méadófaí an riosca a bhaineann le saobhadh míchuí ar iomaíocht (82) trí úsáid a bhaint as na modhanna malartacha i bpointí 177 go 180, ag brath ar shaintréithe an bhirt nó ar shaintréithe na n-earnálacha nó na modhanna iompair lena mbaineann; nó

c)

i gcás ina ndeonaítear é chun feithiclí a fháil nó a léasú, ar feithiclí iad atá ceaptha lena n-úsáid ag gnóthais atá gníomhach in earnáil an iompair phoiblí do phaisinéirí de thalamh, d’iarnród nó d’uisce.

177.

Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe 176, féadfar a mheas go bhfuil an chabhair comhréireach mura dtéann sí thar 40 % de na costais incháilithe. Féadfar an déine cabhrach a mhéadú 10 bpointe céatadáin i gcás feithiclí astaíochtaí nialasacha agus 10 bpointe céatadáin i gcás fiontair mheánmhéide nó 20 pointe céatadáin i gcás fiontair bheaga.

178.

Is iad na costais incháilithe glanchostais bhreise na hinfheistíochta. Déantar iad a ríomh mar an difríocht, ar thaobh amháin, idir costas iomlán úinéireachta na feithicle glaine a bhfuiltear ag súil lena fáil nó lena léasú, agus ar an taobh eile an chabhair agus an costas iomlán úinéireachta sa chás frithfhíorasach. Costais nach bhfuil nasctha go díreach le leibhéal níos airde cosanta comhshaoil a bhaint amach, níl na costais sin incháilithe.

179.

Maidir le hiarfheistiú feithiclí nó trealaimh seirbhíse soghluaiste, i gcomhréir le pointe 169, d’fhéadfadh gurb iad na costais incháilithe costais iomlána an iarfheistithe, ar choinníoll go gcoinneoidh na feithiclí nó an trealamh seirbhíse soghluaiste an saolré eacnamaíoch céanna in éagmais an iarfheistithe.

180.

Ag brath ar shaintréithe an bhirt, féadfaidh an Ballstát a léiriú freisin, bunaithe ar anailís ar bhearnaí cistiúcháin, mar a leagtar amach i bpointí48, 51 agus 52, go bhfuil gá le méid níos airde cabhrach. I gcás den sórt sin, ní mór don Bhallstát faireachán ex post a dhéanamh chun na toimhdí a rinneadh maidir leis an leibhéal cabhrach is gá a fhíorú agus sásra aisghlámtha a chur ar bun, mar a leagtar amach i bpointe 55. Ní mór nach rachaidh méid na cabhrach thar an mbearna chistiúcháin, mar a leagtar amach i bpointí 51 agus 52.

181.

I gcás cabhair aonair, ní mór méid na cabhrach a chinneadh ar bhonn anailís ar bhearnaí cistiúcháin mar a leagtar amach i bpointí 48, 51 agus 52. Sna cásanna sin, ní mór don Bhallstát faireachán ex post a dhéanamh chun na toimhdí a rinneadh maidir leis an leibhéal cabhrach is gá a fhíorú agus sásra aisghlámtha a chur ar bun mar a leagtar amach i bpointe 55.

4.3.1.5   Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus ar thrádáil agus ar chomhardú

182.

Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointí 183 go dtí 189 i dteannta na gceanglas a leagtar amach i Roinn 3.2.2.

183.

Maidir le cabhair le haghaidh infheistíochtaí i bhfeithiclí agus trealamh seirbhíse soghluaiste a úsáideann gás nádúrtha, measann an Coimisiún go bhféadfaidh laghdú teacht ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus truailleáin eile dá bharr sa ghearrthéarma ach go gcuirfidh sí le seachtrachtaí diúltacha comhshaoil san fhadtéarma, i gcomparáid le hinfheistíochtaí malartacha. Cabhair chun feithiclí agus trealamh seirbhíse soghluaiste a úsáideann gás nádúrtha a fháil, d’fhéadfadh an chabhair sin an iomaíocht a shaobhadh go míchuí i gcás ina gcuirfidh sí infheistíochtaí i roghanna níos glaine atá ar fáil ar an margadh cheana as áit, nó i gcás ina ndéanfaidh sí teicneolaíochtaí áirithe a ghaibhniú, agus, ar an gcaoi sin, go gcuirfidh sí bac ar fhorbairt margaidh le haghaidh teicneolaíochtaí níos glaine agus úsáid na dteicneolaíochtaí sin. Dá bhrí sin, sna cásanna sin, measann an Coimisiún nach dócha go ndéanfar éifeachtaí diúltacha na cabhrach le haghaidh feithiclí agus trealamh seirbhíse soghluaiste a úsáideann gás nádúrtha a fhritháireamh.

184.

Féadfar a mheas, áfach, nach mbeidh éifeachtaí fadtéarmacha glasála ag baint le cabhair chun feithiclí GNL agus GNL a fháil nó a léasú le haghaidh iompair d’uisce agus trealamh seirbhíse soghluaiste ná nach gcuirfear infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí níos glaine as áit má léiríonn an Ballstát nach bhfuil roghanna malartacha níos glaine ar fáil ar an margadh agus go bhfuiltear ag súil leis nach mbeidh siad ar fáil sa ghearrthéarma (83).

185.

Tá roghanna malartacha ar fheithiclí a úsáideann na breoslaí iontaise is mó truailliú, amhail díosal, peitreal nó gás peitriliam leachtaithe (GPL) ar fáil cheana ar an margadh lena n-úsáid in earnálacha an iompair de bhóthar, iompair d’uisce agus iompair d’iarnród. I ngeall ar chabhair a dheonú do na feithiclí sin, tá riosca suntasach ann go ndéanfar na gnáththeicneolaíochtaí a ghaibhniú agus infheistíochtaí i roghanna malartacha níos glaine atá ar fáil ar an margadh a chur as áit tríd an éileamh ar fheithiclí atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol a laghdú. Bheadh sé sin ina dhíspreagadh chun forbairt bhreise a dhéanamh ar an margadh le haghaidh teicneolaíochtaí breoslaí neamh-iontaise. Sa chomhthéacs sin, maidir le cabhair chun na feithiclí sin a fháil nó a léasú, lena n-áirítear glúin nua feithiclí a théann thar chaighdeáin an Aontais i gcás inarb infheidhme, ní mheastar go mbeidh na héifeachtaí dearfacha céanna ag an gcabhair sin agus atá ag cabhair chun feithiclí glana a bhfuil astaíochtaí (sceithphíopa) CO2 níos ísle acu a fháil nó a léasú. Dá bhrí sin, maidir le cabhair le haghaidh feithiclí a úsáideann na breoslaí iontaise is mó truailliú, amhail díosal, peitreal nó GPL, measann an Coimisiún nach dócha go ndéanfar éifeachtaí diúltacha na cabhrach sin ar iomaíocht a fhritháireamh.

186.

Ní mheastar go mbeidh aerárthaí astaíochtaí nialasacha ar fáil ar an margadh sa ghearrthéarma, bíodh siad leictreach nó á gcumhachtú le hidrigin. Ar an mbonn sin, measann an Coimisiún go bhféadfar éifeachtaí diúltacha na státchabhrach le haghaidh aerárthaí glana seachas aerárthaí astaíochtaí nialasacha a fhritháireamh trí éifeachtaí dearfacha i gcás ina gcuidíonn sí le haerárthaí nua, níos éifeachtúla agus níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol a thabhairt isteach ar an margadh nó le glacadh gasta na n-aerárthaí sin, i gcomhréir le bealach i dtreo na haeráidneodrachta, gan teicneolaíochtaí áirithe a ghaibhniú agus infheistíochtaí i roghanna malartacha níos glaine a chur as áit.

187.

Maidir le haeriompar, i gcás inarb iomchuí chun iarmhairtí saobhacha na cabhrach a mhaolú, lena n-áirítear ag féachaint do sheasamh an tairbhí sa mhargadh, nó chun éifeachtaí dearfacha na mbeart a mhéadú, féadfaidh an Coimisiún a cheangal ar an tairbhí líon coibhéiseach aerárthaí a dhíchoimisiúnú, ar aeráthaí iad is mó díobháil don chomhshaol ag a bhfuil mais éirí de thalamh atá comhchosúil leis an aerárthach a fuarthas nó a léasaíodh le státchabhair.

188.

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar shaobhadh iomaíochta a thagann as an gcabhair chun feithiclí nó trealamh seirbhíse soghluaiste a fháil nó a léasú, déanfaidh sé a mheas an gcuirfear le clistí margaidh atá ann cheana mar thoradh ar fheithiclí nua a chur i seirbhís, amhail ró-acmhainneacht san earnáil lena mbaineann.

189.

Chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí saobhacha níos airde a mheastar a bheidh ag bearta lena dtugtar tacaíocht spriocdhírithe do thairbhí aonair nó do líon teoranta tairbhithe sonracha (84) in éagmais tairiscintí iomaíocha, ní mór don Bhallstát údar maith a thabhairt do dhearadh an bhirt, agus a léiriú go dtugtar aghaidh mar is iomchuí ar na rioscaí níos airde maidir le saobhadh iomaíochta (85).

4.3.2   Cabhair chun bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe a úsáid

4.3.2.1   Réasúnaíocht maidir leis an gcabhair

190.

Tá gá le líonra cuimsitheach bonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe ionas go mbainfear úsáid fhorleathan as feithiclí glana, agus chun go mbeifear in ann aistriú i dtreo soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha. Go deimhin, bac criticiúil ar ghlacadh feithiclí glana sa mhargadh is ea fáil theoranta bonneagair chun iad a athluchtú nó a athbhreoslú. Thairis sin, níl an bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe scaipthe go cothrom ar fud na mBallstát. Fad is a bheidh teorainn le sciar na bhfeithiclí glana atá in úsáid, d’fhéadfadh sé nach n-éireodh leis an margadh féin an bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe is gá a chur ar fáil.

191.

Le Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (86), cruthaítear creat coiteann de bhearta chun bonneagar breoslaí malartacha a úsáid le haghaidh iompar san Aontas agus leagtar amach creat de bhearta coiteanna chun an bonneagar sin a úsáid. Thairis sin, le beartais eile lena gcuirtear glacadh feithiclí glana chun cinn, d’fhéadfadh sé go ndearnadh foráil cheana maidir le comharthaí infheistíochta chun bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe a úsáid. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé nach leor na beartais sin chun aghaidh a thabhairt go hiomlán ar na clistí margaidh sainaitheanta. Dá bhrí sin, féadfaidh na Ballstáit cabhair a dheonú chun dul i ngleic leis na clistí margaidh iarmharacha sin agus chun tacú le húsáid bonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe.

4.3.2.2   Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht

192.

Féadfar cabhair a dheonú chun bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe a thógáil, a shuiteáil, a uasghrádú nó a shíneadh.

193.

Féadfar a áireamh ar na tionscadail freisin suiteálacha le haghaidh oibríochtaí luchtaithe cliste agus le haghaidh táirgeadh ar an láthair leictreachais in-athnuaite nó hidrigine in-athnuaite nó ísealcharbóin atá ceangailte leis an mbonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe trí nasc díreach, chomh maith le haonaid stórála ar an láthair chun leictreachas nó hidrigin in-athnuaite nó ísealcharbóin atá le soláthar mar bhreoslaí iompair a stóráil. Ba cheart go mbeadh acmhainneacht táirgthe ainmniúil na suiteála táirgthe leictreachais nó hidrigine ar an láthair i gcomhréir le hacmhainneacht aschuir rátaithe nó athbhreoslaithe an bhonneagair athluchtaithe nó athbhreoslaithe a bhfuil sé nasctha leis.

4.3.2.3   Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála

4.3.2.3.1   Riachtanas na cabhrach

194.

Ní mór don Bhallstát a fhíorú an bhfuil gá le cabhair a dhreasú chun bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe a sholáthar; bonneagar den chatagóir chéanna leis an mbonneagar a dhreasófaí le státchabhair (87) trí bhíthin comhairliúchán poiblí oscailte ex ante, staidéar neamhspleách margaidh nó ar bhonn aon fhianaise iomchuí eile mar a leagtar amach i Roinn 3.2.1.1. Go háirithe, ní mór don Bhallstát a léiriú nach dócha go bhforbrófar bonneagar comhchosúil ar théarmaí tráchtála sa ghearrthéarma (88) agus ní mór dó tionchar CTA a mheas, i gcás inarb infheidhme.

195.

Agus measúnú á dhéanamh ar an ngá atá le cabhair chun bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe a úsáid atá oscailte chun rochtana ag úsáideoirí eile seachas tairbhí nó tairbhithe na cabhrach, lena n-áirítear bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá inrochtana go poiblí, a mhéid a théann na feithiclí glana i bhfód ar an margadh a bhfreastalódh an bonneagar sin orthu, agus féadfar an méid tráchta sa réigiún nó sna réigiúin lena mbaineann a mheas.

4.3.2.3.2   Oiriúnacht

196.

Tá feidhm ag an gceanglas a leagtar amach i bpointe 197 sa bhreis orthu sin a leagtar amach i Roinn 3.2.1.2.

197.

Agus oiriúnacht á fíorú i measc ionstraimí beartais malartacha, ba cheart a chur san áireamh an acmhainneacht atá ann maidir le hidirghabhálacha rialála nua chun an t-aistriú i dtreo na soghluaisteachta glaine a spreagadh, mar aon leis an tionchar a mheastar a bheidh acu i gcomparáid leis an tionchar a mheastar a bheidh ag an mbeart atá beartaithe.

4.3.2.3.3   Comhréireacht

198.

Ní rachaidh an chabhair thar an gcostas is gá chun forbairt na gníomhaíochta eacnamaíche atá i gceist a éascú, ar bhealach a mhéadóidh leibhéal chosaint an chomhshaoil. Féadfar a mheas go bhfuil an chabhair comhréireach i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointí 199 go 204.

199.

Ní mór an chabhair a dheonú tar éis próiseas tairisceana iomaíoch a dhéanfar i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i bpointí 49 agus 50. Agus an próiseas tairisceana iomaíoch á dhearadh, ní mór a áirithiú go mbeidh dreasachtaí leordhóthanacha fós ann d’iarratasóirí chun tairiscint a dhéanamh ar thionscadail a bhaineann le bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe nach soláthraíonn ach leictreachas in-athnuaite nó hidrigin in-athnuaite. Ní mór nach bhfágfadh cur i bhfeidhm na gcritéar dámhachtana go gcuirfear tionscadail a bhaineann le bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe nach soláthraíonn ach leictreachas in-athnuaite nó hidrigin in-athnuaite faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le tionscadail a bhaineann le bonneagair athluchtaithe nó athbhreoslaithe lena soláthraítear freisin leictreachas nó hidrigin atá níos déine ó thaobh CO2 de i gcomparáid le leictreachas in-athnuaite nó hidrigin in-athnuaite nach bhfuil in-athnuaite. I gcás inarb iomchuí, d’fhéadfaí uasteorainneacha ar thairiscintí a cheangal chun teorainn a chur leis an uastairiscint ó thairgeoirí aonair i gcatagóirí áirithe. Ba cheart údar maith a bheith le haon uasteorainn ar thairiscintí agus tagairt ag dul léi don chainníochtú le haghaidh na dtionscadal tagartha dá dtagraítear i bpointí 51, 52 agus 53.

200.

De mhaolú ar phointe 199, féadfar an chabhair a dheonú ar bhonn modhanna seachas próiseas tairisceana iomaíoch sna cásanna seo a leanas:

a)

i gcás nach leor an líon rannpháirtithe a bhfuil coinne leis chun iomaíocht éifeachtach a áirithiú nó chun tairiscint straitéiseach a sheachaint;

b)

i gcás nach féidir próiseas tairisceana iomaíoch, mar a leagtar amach i bpointí 49 agus 50, a eagrú;

c)

i gcás ina ndeonaítear an chabhair le haghaidh bonneagair athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá beartaithe go heisiach nó go príomha lena úsáid ag gnóthais atá gníomhach in earnáil an iompair phoiblí do phaisinéirí de thalamh, d’iarnród nó d’uisce (89);

d)

i gcás ina ndeonaítear an chabhair le haghaidh bonneagair athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá beartaithe go heisiach nó go príomha lena úsáid ag tairbhí na cabhrach agus nach bhfuil inrochtana don phobal (90), má thugann an Ballstát lena mbaineann údar leordhóthanách leis; nó

e)

i gcás ina ndeonaítear an chabhair le haghaidh bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá beartaithe lena úsáid ag cineálacha áirithe feithiclí a bhfuil an ráta ábhartha dul i bhfód ar an margadh (in aghaidh an chineáil ábhartha feithicle) sa Bhallstát lena mbaineann nó na méideanna tráchta sa réigiún nó sna réigiúin lena mbaineann an-teoranta (91).

201.

Sna cásanna a liostaítear i bpointe 200, féadfar méid na cabhrach a chinneadh ar bhonn anailís ar bhearnaí cistiúcháin mar a leagtar amach i bpointí 48, 51 agus 52. Ní mór don Bhallstát faireachán ex post a dhéanamh chun na toimhdí a fhíorú maidir leis an leibhéal cabhrach a bhfuil ceanglas leis agus ní mór dó sásra aisghlámtha a chur ar bun mar a leagtar amach i bpointe 55.

202.

De rogha ar phointe 201, féadfar a mheas go bhfuil an chabhair comhréireach mura sáróidh sí 30 % de na costais incháilithe nó, i gcás nach soláthraíonn an bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe ach leictreachas in-athnuaite nó hidrigin in-athnuaite, mura sáróidh sí 40 % de na costais incháilithe. Féadfar méid na cabhrach a mhéadú 10 bpointe céatadáin le haghaidh fiontair mheánmhéide nó 20 pointe céatadáin le haghaidh fiontair bheaga. Féadfar déine na cabhrach a mhéadú 15 phointe céatadáin i gcás infheistíochtaí atá lonnaithe i limistéir fóirithinte a chomhlíonann na coinníollacha in Airteagal 107(3), pointe (a), den Chonradh nó 5 phointe céatadáin i gcás infheistíochtaí atá lonnaithe i limistéir fóirithinte a chomhlíonann na coinníollacha in Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh.

203.

I gcásanna den sórt sin, is iad na costais incháilithe na costais infheistíochta go léir chun bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe a thógáil, a shuiteáil, a uasghrádú nó a leathnú. Mar shampla, d’fhéadfadh costais na nithe seo a leanas a bheith san áireamh:

a)

an bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe agus an trealamh teicniúil gaolmhar;

b)

suiteáil comhpháirteanna leictreacha nó comhpháirteanna eile nó uasghrádú orthu, lena n-áirítear cáblaí leictreacha agus trasfhoirmeoirí cumhachta, atá riachtanach chun an bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe a nascadh leis an eangach nó le haonad áitiúil táirgthe nó stórála leictreachais nó hidrigine agus chun ullmhacht chliste an bhonneagair athluchtaithe a áirithiú;

c)

oibreacha innealtóireachta sibhialta, oiriúnuithe talún nó bóithre, costais suiteála agus costais a bhaineann le ceadanna gaolmhara a fháil.

204.

I gcás ina n-áirítear i dtionscadal táirgeadh leictreachais in-athnuaite nó hidrigine in-athnuaite nó ísealcharbóin ar an láthair, nó stóráil leictreachais nó hidrigine in-athnuaite nó ísealcharbóin ar an láthair, féadfar a áireamh sna costais incháilithe costais infheistíochta na n-aonad táirgthe nó costais sin na saoráidí stórála.

4.3.2.4   Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil agus cothromú

205.

Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointí 206 go 216 sa bhreis orthu sin a leagtar amach i Roinn 3.2.2.

206.

Bonneagar athluchtaithe nua lenar féidir leictreachas a aistriú a bhfuil aschur cumhachta suas le 22 kW aige, ní mór sin a bheith in ann tacú le feidhmiúlachtaí athluchtaithe cliste. D’áiritheofaí leis sin go ndéanfaí oibríochtaí athluchtaithe a bharrfheabhsú agus a bhainistiú ar bhealach nach mbeadh ina gcúis le plódú agus lena mbainfí leas iomlán as infhaighteacht leictreachais in-athnuaite agus as praghsanna ísle leictreachais sa chóras.

207.

Chun dúbláil an bhonneagair a sheachaint agus chun úsáid a bhaint as sócmhainní nár tháinig deireadh lena saolré eacnamaíoch go fóill, i gcás bonneagar athbhreoslaithe d’iompar ar uisce-iompartha agus le haghaidh iompar d’uisce aeriompair lena soláthraítear breoslaí sintéiseacha, lena n-áirítear breoslaí iompair leachtacha agus gásacha in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch, nó bithbhreoslaí (92), ní mór don Bhallstát údar maith a thabhairt leis an ngá atá le bonneagar nua, agus saintréithe teicniúla an bhreosla nó na mbreoslaí atá le soláthar leis an mbonneagar sin á gcur san áireamh. I gcás breoslaí sintéiseacha intiteáin nó bithbhreoslaí (93), ní mór don Bhallstát breithniú a dhéanamh ar a mhéid is féidir bonneagar atá ann cheana a úsáid chun breoslaí sintéiseacha intiteáin nó bithbhreoslaí a sholáthar.

208.

Cabhair chun bonneagar athbhreoslaithe a thógáil, a shuiteáil, a uasghrádú nó a leathnú, féadfaidh sí saobhadh míchuí a dhéanamh ar an iomaíocht i gcás ina gcuirtear infheistíochtaí i roghanna malartacha níos glaine atá ar fáil ar an margadh cheana as áit, nó i gcás ina nglasálfar teicneolaíochtaí áirithe, rud a chuirfidh bac ar fhorbairt margaidh teicneolaíochtaí níos glaine agus ar a n-úsáid. Dá bhrí sin, sna cásanna sin, measann an Coimisiún nach dócha go gcúiteofar na héifeachtaí diúltacha ar iomaíocht na cabhrach le haghaidh bonneagar athbhreoslaithe lena soláthraítear breoslaí atá bunaithe ar ghás nádúrtha.

209.

I bhfianaise chéim reatha na forbartha ar an margadh teicneolaíochtaí glana soghluaisteachta sna hearnálacha mara, féadfar a mheas nach mbeidh éifeachtaí fadtéarmacha glasála ag bonneagar athbhreoslaithe GNC agus GNL a thógáil, a shuiteáil, a uasghrádú nó a leathnú le haghaidh iompar d’uisce agus nach gcuirfear infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí níos glaine as áit má léiríonn an Ballstát nach bhfuil roghanna malartacha níos glaine ar fáil go héasca ar an margadh agus nach bhfuil coinne leis go mbeidh fáil orthu sa ghearrthéarma (94), agus ar choinníoll go n-úsáidfí an bonneagar chun an t-aistriú chuig breoslaí ísealcharbóin a spreagadh. Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar chabhair den sórt sin, cuirfidh sé san áireamh an bhfuil an infheistíocht ina cuid de bhealach dícharbónaithe inchreidte agus an gcuireann an chabhair sin le baint amach na spriocanna a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais maidir le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid.

210.

I réimse an iompair de bhóthar, is rogha réalaíoch cheana féin iad feithiclí astaíochtaí nialasacha, go háirithe i gcás feithiclí saothair éadroim. A mhéid a bhaineann le feithiclí tromshaothair, meastar go mbeidh fáil níos forleithne orthu ar an margadh go luath amach anseo. Dá bhrí sin, is dócha go mbeidh éifeachtaí diúltacha ar iomaíocht ag cabhair le haghaidh bonneagar athbhreoslaithe GNL i gcomhair feithiclí tromshaothair a dheonófar tar éis 2025, éifeachtaí nach dócha go gcúiteofar iad le haon éifeachtaí dearfacha. Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar chabhair le haghaidh bonneagar athbhreoslaithe i gcomhair feithiclí tromshaothair, cuirfidh sé san áireamh an gcuireann sí le baint amach na spriocanna a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais maidir le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid.

211.

Tá roghanna malartacha ar bhreoslaí iontaise ar fáil cheana féin ar an margadh lena n-úsáid in earnáil an iompair de bhóthar agus i gcodanna áirithe in earnáil an iompair d’uisce agus d’iarnród. Sa chomhthéacs sin, ní mheastar go mbeidh na héifeachtaí dearfacha céanna ag cabhair chun bonneagar athbhreoslaithe a úsáid lena soláthraítear breoslaí a tháirgtear trí fhoinsí atá bunaithe ar iontaise nó ar fhuinneamh, lena n-áirítear hidrigin iontaise (95), agus a bhíonn ag cabhair chun bonneagar athbhreoslaithe a úsáid lena soláthraítear breoslaí neamh-iontaise nó ísealcharbóin. Ar an gcéad dul síos, is dócha go ndéanfar na laghduithe ar astaíochtaí CO2 arna mbaint amach in earnáil an iompair a chúiteamh trí leanúint le hastaíochtaí CO2 atá nasctha le táirgeadh agus úsáid breoslaí iontaise, go háirithe i gcás nach ndéantar iad a ghabháil agus a stóráil go héifeachtach. Ar an dara dul síos, maidir le cabhair a dheonú le haghaidh bonneagair athbhreoslaithe lena soláthraítear breoslaí iontaise nach breoslaí ísealcharbóin iad, d’fhéadfaí baol a bheith ann go nglasálfar teicneolaíochtaí áirithe táirgthe, agus ar an gcaoi sin infheistíochtaí i roghanna malartacha níos glaine a chur as áit tríd an éileamh a bhogadh ó phróisis táirgthe nach mbaineann úsáid as foinsí iontaise ná as fuinneamh iontaise, nó ó phróisis ísealcharbóin. Chuirfeadh sé sin in aghaidh fhorbairt an mhargaidh teicneolaíochtaí glana neamh-iontaise le haghaidh soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha, agus le haghaidh táirgeadh breoslaí agus fuinnimh neamh-iontaise. Dá bhrí sin, na héifeachtaí diúltacha ar iomaíocht na cabhrach le haghaidh bonneagair athbhreoslaithe lena sholáthraítear breoslaí iontaise, lena n-áirítear hidrigin iontaise, i gcás nach ngabhtar gáis ceaptha teasa a astaítear mar chuid den táirgeadh hidrigine, measann an Coimisiún nach dócha go gcúiteofar na héifeachtaí diúltacha sin, in éagmais bealach inchreidte chun breoslaí in-athnuaite nó ísealcharbóin a sholáthar agus a úsáid sa mheántéarma.

212.

Dá bhrí sin, an cabhair le haghaidh bonneagair athbhreoslaithe hidrigine nach soláthraíonn hidrigin in-athnuaite nó hidrigin ísealcharbóin go heisiach, féadfar a mheas nach mbeidh éifeachtaí fadtéarmacha glasála aige agus nach gcuirfear infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí níos glaine as áit mar gheall ar an gcabhair sin, má léiríonn an Ballstát bealach inchreidte i dtreo deireadh a chur de réir a chéile le hidrigin nach bhfuil in-athnuaite ná ísealcharbóin chun bonneagar athbhreoslaithe a sholáthar faoi 2035.

213.

In éagmais coimircí iomchuí, d’fhéadfadh an chabhair seasaimh cumhachta margaidh a chruthú nó a threisiú, rud a d’fhéadfadh iomaíocht éifeachtach i margaí nua nó i margaí atá i mbéal forbartha a chosc nó a dhochrú. Dá bhrí sin, ní mór don Bhallstát a áirithiú go mbeidh coimircí iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sin i ndearadh an bhirt cabhrach. Is féidir a áireamh ar na coimircí sin, mar shampla, céatadán uasta den bhuiséad don bheart a bhunú is féidir a leithdháileadh ar aon ghnóthas amháin agus air sin amháin.

214.

I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún measúnú an bhfuil coimircí leordhóthanacha i bhfeidhm chun a áirithiú nach ndéanfaidh oibreoirí bonneagair athluchtaithe nó athbhreoslaithe a thairgeann nó a ligeann íocaíochtaí atá bunaithe ar chonradh maidir lena mbonneagar, nach ndéanfaidh siad idirdhealú míchuí idir soláthraithe seirbhísí soghluaisteachta, mar shampla trí choinníollacha rochtana fabhracha nach bhfuil údar maith leo a chur i bhfeidhm, nó trí phraghsanna a dhifreáil gan údar maith. I gcás nach bhfuil coimircí den sórt sin i bhfeidhm, measann an Coimisiún gur dócha go mbeidh éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht i mhargadh na seirbhísí soghluaisteachta ina dthoradh ar an mbeart.

215.

Maidir le haon lamháltas nó aon ní eile a thugtar do thríú páirtí chun an bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe a oibriú, ní mór é a dhámhachtain ar bhonn iomaíoch trédhearcach neamh-idirdhealaitheach, agus aird chuí á tabhairt ar rialacha soláthair phoiblí an Aontais, i gcás inarb infheidhme.

216.

I gcás ina ndeonaítear cabhair chun bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe a thógáil, a shuiteáil, a uasghrádú agus a leathnú atá oscailte chun rochtana ag úsáideoirí eile seachas tairbhí nó tairbhithe na cabhrach, lena n-áirítear bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá inrochtana go poiblí, ní mór an bonneagar a bheith inrochtana ag an bpobal agus rochtain neamh-idirdhealaitheach a sholáthar d’úsáideoirí, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, i ndáil le taraifí, fíordheimhniú agus modhanna íocaíochta agus téarmaí agus coinníollacha eile úsáide. Ina theannta sin, ní mór don Bhallstát a áirithiú go mbeidh na táillí a ghearrtar ar úsáideoirí eile seachas tairbhí nó tairbhithe na cabhrach as an mbonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe a úsáid, go mbeidh na táillí sin ag freagairt do phraghsanna an mhargaidh.

4.4   Cabhair le haghaidh éifeachtúlacht acmhainní agus chun tacú leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach

4.4.1   An réasúnaíocht atá ag an gcabhair

217.

Leis an bPlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach (“CEAP”) (96) cuirtear clár oibre atá dírithe ar an todhchaí ar fáil is é is aidhm dó dlús a chur le haistriú an Aontais chuig geilleagar ciorclach mar chuid den athrú ó bhonn a chuirtear chun cinn leis an Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip. Cuireann an CEAP próisis um gheilleagar ciorclach chun cinn, spreagann sé ídiú agus táirgeadh inbhuanaithe, agus tá sé d’aidhm aige a áirithiú go gcoiscfear dramhaíl agus go gcoinneofar na hacmhainní úsáidte laistigh de gheilleagar an Aontais chomh fada agus is féidir. Is réamhriachtanas iad na spriocanna sin freisin chun sprioc 2050 an Aontais maidir le haeráidneodracht a bhaint amach agus geilleagar níos glaine níos inbhuanaithe a bhaint amach freisin.

218.

Luaitear go sonrach sa CEAP an gá atá ann cuspóirí a bhaineann leis an ngeilleagar ciorclach a léiriú i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar na treoirlínte maidir le státchabhair i réimse an chomhshaoil agus an fhuinnimh. Ina leith sin, is féidir ról lárnach a bheith ag tacaíocht airgeadais i bhfoirm státchabhrach, in éineacht le rialacha leathana soiléire comhsheasmhacha, chun tacú le ciorclaíocht i bpróisis táirgthe mar chuid de chlaochlú níos leithne ar thionscal an Aontais i dtreo aeráidneodrachta agus iomaíochas fadtéarmach. Is féidir ról lárnach a bheith aici freisin ó thaobh cuidiú le margadh dea-fheidhmiúil a chruthú san Aontas le haghaidh amhábhair thánaisteacha lena laghdófar an brú ar acmhainní nádúrtha agus lena gcruthófar fás inbhuanaithe agus poist, agus lena dtreiseofar an athléimneacht.

219.

Aithnítear freisin leis an CEAP go bhfuil méadú ag teacht ar an tábhacht a bhaineann le hacmhainní bitheolaíocha mar phríomh-ionchur i ngeilleagar an Aontais. I gcomhréir le Straitéis Bhithgheilleagair an Aontais Eorpaigh (97), tá an bithgheilleagar ina thacú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, toisc go gcuireann sé le geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de, go bhfeabhsaíonn sé inbhuaine comhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta agus go gcuirtear fás glas chun cinn leis. Is féidir ról lárnach a bheith ag tacaíocht airgeadais i bhfoirm státchabhrach chun tacú le cleachtais bhithgheilleagair inbhuanaithe a úsáid, amhail tacaíocht le hábhair agus táirgí bithbhunacha a tháirgtear go hinbhuanaithe, ar tacaíocht í lena bhféadfar cuidiú le haeráidneodracht a bhaint amach agus nach nglacfadh an margadh leis é féin.

4.4.2   Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht

220.

Féadfar cabhair faoin Roinn seo a dheonú do na cineálacha infheistíochta seo a leanas:

a)

infheistíochtaí arb é is aidhm dóibh éifeachtúlacht acmhainní a fheabhsú trí aon cheann díobh seo a leanas:

i)

glanlaghdú ar na hacmhainní arna n-ídiú i dtáirgeadh na cainníochta céanna aschuir (98);

ii)

amhábhair nó bunábhair thánaisteacha (iad athúsáidte nó athchúrsáilte) nó aisghafa a chur in ionad amhábhair nó bunábhair phríomha; nó

iii)

amhábhair nó bunábhair bithbhunaithe a chur in ionad amhábhair nó bunábhair iontaise;

b)

infheistíochtaí chun an dramhaíl arna giniúint ag an tairbhí a laghdú, a chosc, a ullmhú dá hathúsáid, a dhí-éilliú, a athchúrsáil, agus chun aisghabháil ábhair a dhéanamh ina leith (99);

c)

infheistíochtaí chun an dramhaíl arna giniúint ag tríú páirtithe a ullmhú dá hathúsáid, a dhí-éilliú, a athchúrsáil, agus chun aisghabháil ábhair a dhéanamh ina leith, ar dramhaíl í a dhiúscrófaí de ghnáth, nó a chóireálfaí ar bhonn oibriú uisce nach mbeadh chomh hard ó thaobh ord na réiteach dramhaíola (100) de nó ar bhealach nach bhfuil chomh héifeachtúil sin ó thaobh acmhainní de, nó a mbeadh caighdeán athchúrsála íseal mar thoradh uirthi;

d)

infheistíochtaí chun táirgí, ábhair ó substaintí eile arna nginiúint ag an tairbhí nó ag tríú páirtithe a laghdú, a chosc, a ullmhú dá n-athúsáid, a dhí-éilliú, a athchúrsáil, agus chun aisghabháil ábhair a dhéanamh ina leith (101), ar nithe iad nach meastar gur dramhaíl iad agus nach n-úsáidfí de ghnáth nó a dhiúscrófaí nó a d’aisghabhfaí de ghnáth ar bhealach nach bhfuil chomh héifeachtúil sin ó thaobh acmhainní de, nó a mbeadh ina dramhaíl murach a n-athchúrsáil nó a mbeadh caighdeán athchúrsála íseal mar thoradh orthu;

e)

infheistíochtaí chun dramhaíl nó táirgí, ábhair nó substaintí eile a bhailiú agus a shórtáil ar leithligh (102) d’fhonn ullmhú d’athúsáid nó athchúrsáil.

221.

Faoi choinníollacha áirithe, féadfar cabhair a dheonú chun costais oibriúcháin a chumhdach le haghaidh bailiú agus sórtáil ar leithligh dramhaíola i ndáil le sruthanna sonracha dramhaíola nó cineálacha sonracha dramhaíola (féach pointe 247).

222.

Cabhair a bhaineann le haisghabháil teasa iarmharaigh ó phróisis táirgthe nó cabhair a bhaineann le CCU, déanfar measúnú orthu faoi na coinníollacha is infheidhme maidir le cabhair chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú mar a leagtar amach i Roinn 4.1.

223.

Cabhair a bhaineann le bithbhreoslaí, bithleachtanna, bithghás agus breosla bithmhaise a tháirgtear le dramhaíl, déanfar measúnú orthu faoi na coinníollacha is infheidhme maidir le cabhair chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú mar a leagtar amach i Roinn 4.1.

224.

Cabhair chun cumhacht a ghiniúint le dramhaíl, déanfar measúnú uirthi faoi na coinníollacha is infheidhme maidir le cabhair chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú mar a leagtar amach i Roinn 4.1. I gcás ina mbaineann sí le hinfheistíochtaí i gcórais téimh agus fuaraithe ceantair nó infheistíochtaí le haghaidh a n-oibrithe, déanfar measúnú ar an gcabhair chun fuinneamh nó teas a tháirgeadh le dramhaíl faoi na coinníollacha is infheidhme maidir le cabhair le haghaidh téamh nó fuarú ceantair a leagtar amach i Roinn 4.10.

4.4.3   Éifeacht dreasachta

225.

Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointí 226 go 233 sa bhreis orthu sin a leagtar amach i Roinn 3.1.2.

226.

A mhéid a bhaineann leis an gceanglas a leagtar amach i bpointe 28 gur cheart don Bhallstát cás frithfhíorasach inchreidte a shainaithint,, beidh an cás frithfhíorasach ag freagairt go ginearálta d’infheistíocht a bhfuil an acmhainn chéanna aici, an saolré chéanna aici agus, i gcás inarb iomchuí, na saintréithe ábhartha teicniúla céanna aici, agus a bheidh ag an infheistíocht atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.

227.

D’fhéadfadh sé gurb é a bheadh sa chás frithfhíorasach na suiteálacha nó an trealamh atá i bhfeidhm cheana a choinneáil ar bun ar feadh tréimhse a chomhfhreagraíonn do shaolré na hinfheistíochta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. Sa chás sin, ba cheart na costais cothabhála, deisiúcháin agus nuachóirithe lascainithe thar an tréimhse sin a chur san áireamh.

228.

I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé gurb é a bheadh sa chás frithfhíorasach athsholáthar níos déanaí ar na suiteálacha nó ar an trealamh, agus sa chás sin ba cheart luach lascainithe na suiteálacha agus an trealaimh a chur san áireamh agus ba cheart an difríocht i saolré eacnamaíoch na suiteálacha nó an trealaimh faoi seach a chothromú.

229.

I gcás trealamh atá faoi réir socruithe léasaithe, ba cheart an luach lascainithe a bhaineann le léasú an trealaimh atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a chur i gcomparáid leis an luach lascainithe a bhaineann le léasú an trealaimh nach bhfuil chomh díobhálach sin don chomhshaol agus a d’úsáidfí in éagmais na cabhrach sin.

230.

Sa chás gurb é atá i gceist leis an infheistíocht suiteálacha nó trealamh a chur le saoráidí, suiteálacha nó trealamh atá ann cheana, beidh na costais iomlána infheistíochta i gceist leis na costais incháilithe.

231.

Measann an Coimisiún, i bprionsabal, nach bhfuil éifeacht dreasachta ag cabhair le haghaidh tionscadail a bhfuil tréimhse aisíoca is lú ná cúig bliana acu. Mar sin féin, féadfaidh an Ballstát fianaise a sholáthar chun a léiriú go bhfuil gá le cabhair chun athrú iompraíochta a spreagadh, fiú i gcás tionscadail a bhfuil tréimhse aisíoca níos giorra acu.

232.

Cabhair le haghaidh infheistíochtaí lena gcumasaítear do ghnóthais gan ach caighdeáin éigeantacha an Aontais atá i bhfeidhm cheana féin a chomhlíonadh (féach pointe32), ní mheasfar go mbeidh éifeacht dreasachta aici sin. Mar a mhínítear i bpointe 32, féadfar a mheas go bhfuil éifeacht dreasachta ag cabhair i gcás ina gcuireann sí ar a chumas do ghnóthas leibhéal a chosanta comhshaoil a mhéadú i gcomhréir le caighdeáin náisiúnta éigeantacha atá níos déine ná caighdeáin an Aontais nó a ghlactar in éagmais caighdeán ón Aontas.

233.

Cabhair le haghaidh oiriúnú chaighdeáin an Aontais arna nglacadh ach nach bhfuil i bhfeidhm go fóill, measfar go mbeidh éifeacht dreasachta ag an gcabhair sin má chuirfear an infheistíocht chun feidhme agus má thugtar chun críche í 18 mí ar a laghad sula dtiocfaidh caighdeáin sin an Aontais i bhfeidhm.

4.4.4   Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála

4.4.4.1   Riachtanas na cabhrach

234.

Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointí 235 agus 236 sa bhreis orthu sin a leagtar amach i Roinn 3.2.1.1.

235.

Ní mór don infheistíocht dul thar na cleachtais sheanbhunaithe tráchtála a chuirtear i bhfeidhm go ginearálta ar fud an Aontais agus ar fud na dteicneolaíochtaí (103).

236.

I gcás cabhrach le haghaidh bailiú agus sórtáil ar leithligh dramhaíola agus táirgí, ábhar agus substaintí eile, ní mór don Bhallstát a thaispeáint go bhfuil an bailiú agus sórtáil ar leithligh sin tearcfhorbartha sa Bhallstát sin (104). I gcás ina ndeonaítear cabhair chun costais oibriúcháin a chumhdach, ní mór don Bhallstát a léiriú go bhfuil gá leis an gcabhair sin le linn idirthréimhse chun forbairt na ngníomhaíochtaí a bhaineann le bailiú agus sórtáil ar leithligh dramhaíola a éascú. Ní mór don Bhallstát a chur san áireamh aon oibleagáid atá ag gnóthais faoi scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora, ar oibleagáidí iad a d’fhéadfadh a bheith curtha chun feidhme aige de bhun Airteagal 8 de Threoir 2008/98/CE.

4.4.4.2   Oiriúnacht

237.

Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointe 238 sa bhreis orthu sin a leagtar amach i Roinn 3.2.1.2.

238.

I gcomhréir leis an “bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as” (105), níor cheart na costais a bhaineann le cóireáil dramhaíola a scaoileadh ó na gnóthais a ghineann dramhaíl. Dá bhrí sin, níor cheart gnóthais a scaoileadh leis an gcabhair, ar gnóthais iad a ghineann dramhaíl ó aon chostas nó oibleagáid a bhaineann le cóireáil dramhaíola a bhfuil siad faoi dhliteanas ina leith faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, lena n-áirítear faoi scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora. Ina theannta sin, níor cheart gnóthais a scaoileadh ó chostais ar cheart a mheas mar ghnáthchostais an ghnóthais mar gheall ar an gcabhair.

4.4.4.3   Comhréireacht

239.

Is éar atá sna costais incháilithe na costais infheistíochta bhreise arna gcinneadh trí chostais infheistíochta iomlána an tionscadail a chur i gcomparáid le costais iomlána tionscadail nó gníomhaíochta nach bhfuil chomh díobhálach sin don chomhshaol, agus féadfar aon cheann de na nithe seo a leanas a bheith i gceist:

a)

infheistíocht inchomparáide dá dtugtar tuairisc faoi phointe 226 a bhféadfaí a dhéanamh go hinchreidte gan aon chabhair agus nach mbainfidh an leibhéal céanna éifeachtúlachta acmhainní amach;

b)

an dramhaíl a chóireáil ar bhonn oibriú uisce nach mbeadh chomh hard ó thaobh ord na réiteach dramhaíola de nó ar bhealach nach bhfuil chomh héifeachtúil sin ó thaobh acmhainní de;

c)

an gnáthphróiseas táirgthe a bhaineann leis an amhábhar príomha nó leis an táirge príomha, más féidir, ar bhonn teicniúil agus ar bhonn eacnamaíoch, an táirge athúsáidte nó athchúrsáilte (tánaisteach) a ionadú leis an amhábhar príomha nó leis an táirge príomha;

d)

aon chás frithfhíorasach eile bunaithe ar thoimhdí a bhfuil údar cuí leo.

240.

I gcás ina bhféadfaí a rá gur dramhaíl atá sa táirge, sa tsubstaint nó san ábhar mura n-athúsáidtear é, nó mura bhfuil aon cheanglas dlíthiúil ann go ndéanfaí an táirge, an tsubstaint nó an t-ábhar sin a dhiúscairt nó a chóireáil ar shlí eile, féadfaidh na costais incháilithe comhfhreagairt don infheistíocht is gá chun an táirge, an tsubstaint nó an t-ábhar lena mbaineann a aisghabháil.

241.

Ní mór nach rachaidh an déine cabhrach thar 40 % de na costais incháilithe.

242.

Féadfar méid na cabhrach a mhéadú 10 bpointe céatadáin le haghaidh fiontair mheánmhéide nó 20 pointe céatadáin le haghaidh fiontair bheaga.

243.

Féadfar déine na cabhrach a mhéadú 15 phointe céatadáin i gcás infheistíochtaí atá lonnaithe i limistéir fóirithinte a chomhlíonann na coinníollacha in Airteagal 107(3), pointe (a), den Chonradh nó 5 phointe céatadáin i gcás infheistíochtaí atá lonnaithe i limistéir fóirithinte a chomhlíonann na coinníollacha in Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh.

244.

Féadfar déine na cabhrach a mhéadú 10 bpointe céatadáin le haghaidh gníomhaíochtaí éiceanuálaíochta ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha carnacha seo a leanas:

a)

ní mór an ghníomhaíocht éiceanuálaíochta a bheith nua nó feabhsaithe go mór i gcomparáid le húrscothacht a tionscail féin san Aontas (106);

b)

ní mór an sochar comhshaoil a bhfuil coinne leis a bheith i bhfad níos airde ná an feabhas a thiocfaidh as éabhlóid ghinearálta na húrscothachta i ngníomhaíochtaí inchomparáide (107);

c)

baineann leibhéal soiléir riosca, ó thaobh na teicneolaíochta, an mhargaidh nó an airgeadais de, le gné nuálach na gníomhaíochta, ar riosca é atá níos airde ná an riosca a bhaineann go ginearálta le gníomhaíochtaí inchomparáide neamh-nuálaíocha (108).

245.

De mhaolú ar phointí 241 go 244, féadfaidh an Ballstáit a léiriú freisin, ar bhonn anailís ar bhearnaí cistiúcháin, mar a leagtar amach i bpointí 48, 51 agus 52, gur gá déine cabhrach níos airde. I gcás den chineál sin, ní mór don Bhallstát faireachán ex post a dhéanamh chun na toimhdí a fhíorú maidir leis an leibhéal cabhrach a bhfuil ceanglas leis agus ní mór dó sásra aisghlámtha a chur ar bun mar a leagtar amach i bpointe 55. Ní mór nach rachaidh méid na cabhrach thar an mbearna chistiúcháin, mar a leagtar amach i bpointí 51 agus 52.

246.

I gcás ina ndeonaítear an chabhair tar éis próiseas tairisceana iomaíoch a dhéanfar i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i bpointí 49 agus 50, meastar go bhfuil méid na cabhrach comhréireach.

247.

Féadfaidh an chabhair na costais oibriúcháin a chumhdach i gcás ina mbaineann sí le bailiú agus sórtáil ar leithligh dramhaíola nó táirgí, ábhair nó substaintí eile a bhaineann le sruthanna sonracha dramhaíola nó cineálacha sonracha dramhaíola d’fhonn ullmhú d’athúsáid nó athchúrsáil, agus sa chás sin ní mór na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

a)

ní mór an chabhair a dheonú tar éis próiseas tairisceana iomaíoch a dhéanfar i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i bpointí 49 agus 50 nach mór a bheith oscailte, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, do gach oibreoir a sholáthraíonn seirbhísí bailithe agus sórtála ar leithligh;

b)

i gcás ina bhfuil ardleibhéal éiginnteachta ann maidir le hathrú na gcostas oibriúcháin amach anseo go ceann thréimhse an bhirt, féadfar a áireamh sa phróiseas tairisceana iomaíoch rialacha lena dteorannaítear cabhair in imthosca áirithe atá sainaitheanta go maith, ar choinníoll go mbunaítear na rialacha agus na himthosca sin ar bhonn ex ante;

c)

aon chabhair infheistíochta a dheonaítear do shuiteáil a úsáidtear chun dramhaíl a bhailiú agus a shórtáil ar leithligh i ndáil le sruthanna sonracha dramhaíola nó cineálacha sonracha dramhaíola, ní mór í sin a asbhaint ón gcabhair oibriúcháin a dheonaítear don tsuiteáil chéanna nuair a chumhdaíonn an dá chineál cabhrach na costais incháilithe chéanna;

d)

féadfar an chabhair a dheonú go ceann uastréimhse cúig bliana.

4.4.5   Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil

248.

Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointí 249 go 252 sa bhreis orthu sin a leagtar amach i Roinn 3.2.2.

249.

Ní féidir giniúint dramhaíola ná úsáid mhéadaithe acmhainní a dhreasú leis an gcúnamh.

250.

Ní mór go ndéanfar níos mó leis an gcabhair ná méadú a dhéanamh ar an éileamh ar dhramhaíl nó ar ábhair agus acmhainní eile a bheartaítear lena n-athúsáid, a n-athchúrsáil nó a n-aisghabháil gan bailiú na n-ábhar sin a mhéadú.

251.

Agus measúnú á dhéanamh aige ar thionchar na cabhrach ar an margadh, cuirfidh an Coimisiún san áireamh éifeachtaí na cabhrach a d’fhéadfadh a bheith ann ar fheidhmiú na margaí ábhar príomha agus tánaisteach a bhaineann leis na táirgí lena mbaineann.

252.

Go háirithe, agus measúnú á dhéanamh ar thionchar na cabhrach ar an margadh i leith costas oibriúcháin a bhaineann le bailiú agus sórtáil ar leithligh dramhaíola nó táirgí, ábhar nó substaintí eile a bhaineann le sruthanna sonracha dramhaíola nó cineálacha sonracha dramhaíola d’fhonn ullmhú d’athúsáid nó athchúrsáil, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na hidirghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora sa Bhallstát lena mbaineann.

4.5   Cabhair chun truailliú seachas truailliú ó gháis ceaptha teasa a chosc nó a laghdú

4.5.1   An réasúnaíocht atá ag an gcabhair

253.

An uaillmhian maidir le truailliú nialasach ar mhaithe le comhshaol saor ó thocsain, rud a luaitear sa Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, ba cheart an uaillmhian sin truailliú a laghdú faoi 2050 go dtí leibhéil nach ndéanann dochar a thuilleadh do dhaoine ná d’éiceachórais nádúrtha agus na teorainneacha is féidir leis an bpláinéad déileáil leo a urramú freisin, rud a chruthódh comhshaol saor ó thocsain, i gcomhréir le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe de chuid na Náisiún Aontaithe (109) agus le cuspóirí fadtéarmacha an 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol (110). Tá spriocanna sonracha leagtha amach ag an Aontas chun an leibhéal truaillithe a laghdú, amhail aer níos glaine (111) agus truailliú nialasach na ndobharlach (112), níos lú torainn, úsáid agus scaoileadh substaintí ar díol imní iad a íoslaghdú, bruscar plaisteach agus truailliú agus dramhaíl micreaphlaisteach (113), chomh maith le spriocanna i ndáil le cothaithigh bhreise agus leasacháin bhreise, lotnaidicídí guaiseacha agus substaintí is cúis le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha (114).

254.

Is féidir tacaíocht airgeadais i bhfoirm státchabhrach cur go mór leis an gcuspóir comhshaoil maidir le cineálacha truaillithe seachas truailliú ó astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.

4.5.2   Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht

255.

Féadfar cabhair a dheonú chun truailliú seachas truailliú ó gháis ceaptha teasa a chosc nó a laghdú d’infheistíochtaí a chuirtear ar a gcumas do ghnóthais dul thar chaighdeáin an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil, an leibhéal cosanta comhshaoil a mhéadú in éagmais caighdeán ón Aontas nó caighdeáin ón Aontas a chomhlíonadh, ar caighdeáin iad atá glactha ach nach bhfuil i bhfeidhm fós.

256.

I gcás ina ndeonaítear an chabhair i bhfoirm ceadanna intrádála (115), ní mór an beart cabhrach a cheapadh sa chaoi go gcoiscfear nó go laghdófar truailliú thar na leibhéil arna bhforchur le caighdeáin an Aontais atá éigeantach do na gnóthais lena mbaineann.

257.

Ní mór an chabhair a bheith dírithe ar chosc nó ar laghdú truaillithe atá nasctha go díreach le gníomhaíochtaí an tairbhí féin.

258.

Ní mór go ndéanfar níos mó leis an gcabhair ná truailliú a aistriú ó earnáil amháin go hearnáil eile nó ó mheán comhshaoil amháin go meán comhshaoil eile (mar shampla, ón aer go dtí an t-uisce). Nuair a dhíríonn an chabhair ar thruailliú a laghdú, ní mór laghdú foriomlán ar thruailliú a bhaint amach léi.

259.

Níl feidhm ag Roinn 4.5 maidir le bearta cabhrach a thagann faoi raon feidhme Roinn 4.1. I gcás ina gcuireann beart le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a chosc agus a laghdú agus le truailliú seachas truailliú ó astaíochtaí gás ceaptha teasa a chosc nó a laghdú, déanfar comhoiriúnacht an bhirt a mheas ar bhonn Roinn 4.1 nó na Roinne seo, ag brath ar cé acu den dá chuspóir atá in uachtar (116).

4.5.3   Éifeacht dreasachta

260.

Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointí 261 agus 262 sa bhreis orthu sin a leagtar amach i Roinn 3.1.2.

261.

Meastar go bhfuil éifeacht dreasachta ag cabhair nuair a chuirtear ar a gcumas do ghnóthas truailliú a chosc nó a laghdú in éagmais caighdeán ón Aontas nó thar na leibhéil a éilítear le caighdeáin an Aontais atá i bhfeidhm cheana féin. Mar a mhínítear i bpointe 32, féadfar a mheas freisin go bhfuil éifeacht dreasachta ag cabhair i gcás ina gcuireann sí ar a chumas do ghnóthas truailliú a chosc nó a laghdú i gcomhréir le caighdeáin náisiúnta éigeantacha atá níos déine ná caighdeáin an Aontais nó a ghlactar in éagmais caighdeán ón Aontas.

262.

Cabhair le haghaidh oiriúnú chaighdeáin an Aontais arna nglacadh ach nach bhfuil i bhfeidhm go fóill, measfar go mbeidh éifeacht dreasachta ag an gcabhair sin má chuirfear an infheistíocht chun feidhme agus má thugtar chun críche í 18 mí ar a laghad sula dtiocfaidh caighdeáin sin an Aontais i bhfeidhm.

4.5.4   Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála

4.5.4.1   Riachtanas na cabhrach

263.

Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointe 264 sa bhreis orthu sin a leagtar amach i Roinn 3.2.1.1.

264.

Maidir le cabhair i bhfoirm ceadanna intrádála (117), ní mór don Bhallstát a léiriú go gcomhlíontar na coinníollacha carnacha seo a leanas:

a)

bíonn méadú suntasach ar chostais táirgthe do gach earnáil nó catagóir de thairbhithe aonair mar thoradh ar cheantáil iomlán;

b)

ní féidir an méadú suntasach ar chostais táirgthe a chur ar aghaidh chuig custaiméirí gan laghduithe suntasacha ar dhíolacháin a bheith mar thoradh air (118);

c)

níl an deis ag gnóthais aonair san earnáil leibhéil astaíochtaí a laghdú chun costas na ndeimhnithe a laghdú go leibhéal infhulaingthe do na gnóthais sin. Féadfar a léiriú nach féidir an t-ídiú a laghdú trí na leibhéil astaíochtaí a chur i gcomparáid leis na leibhéil atá díorthaithe ón teicníc is fearr feidhmíochta sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Is féidir le haon ghnóthas a bhaineann an teicníc is fearr feidhmíochta amach tairbhe a bhaint ar a mhéad as liúntas faoin scéim ceadanna intrádála a chomhfhreagraíonn don mhéadú ar an gcostas táirgthe, agus nach féidir a chur ar aghaidh chuig custaiméirí. Aon ghnóthas a bhfuil feidhmíocht chomhshaoil níos measa aige, tairbhíonn sé de liúntas níos ísle, liúntas atá comhréireach lena fheidhmíocht chomhshaoil.

4.5.4.2   Comhréireacht

265.

Is éard atá sna costais incháilithe na costais infheistíochta bhreise atá nasctha go díreach le leibhéal níos airde cosanta comhshaoil a bhaint amach.

266.

Is éard atá sna costais infheistíochta bhreise an difríocht idir na costais infheistíochta dá dtugtar cabhair agus na costais infheistíochta sa chás frithfhíorasach mar a thugtar tuairisc air i bpointí 226 go 230. I gcás ina mbaineann an tionscadal le hoiriúnú luath do chaighdeáin an Aontais nach bhfuil i bhfeidhm go fóill, ba cheart, i bprionsabal, gurb é an cás frithfhíorasach an cás a bhfuil tuairisc air i bpointe 228.

267.

Ní mór nach rachaidh an déine cabhrach thar 40 % de na costais incháilithe.

268.

Féadfar méid na cabhrach a mhéadú 10 bpointe céatadáin le haghaidh fiontair mheánmhéide nó 20 pointe céatadáin le haghaidh fiontair bheaga.

269.

Féadfar déine na cabhrach a mhéadú 15 phointe céatadáin i gcás infheistíochtaí atá lonnaithe i limistéir fóirithinte a chomhlíonann na coinníollacha in Airteagal 107(3), pointe (a), den Chonradh nó 5 phointe céatadáin i gcás infheistíochtaí atá lonnaithe i limistéir fóirithinte a chomhlíonann na coinníollacha in Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh.

270.

Féadfar déine na cabhrach a mhéadú 10 bpointe céatadáin le haghaidh gníomhaíochtaí éiceanuálaíochta ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointe 244(a) go pointe (c).

271.

De mhaolú ar phointí 267 go 270, féadfaidh an Ballstáit a léiriú freisin, ar bhonn anailís ar bhearnaí cistiúcháin, mar a leagtar amach i bpointí 48, 51 agus 52, gur gá méid cabhrach níos airde. I gcás den chineál sin, ní mór don Bhallstát faireachán ex post a dhéanamh chun na toimhdí a fhíorú maidir leis an leibhéal cabhrach a bhfuil ceanglas leis agus ní mór dó sásra aisghlámtha a chur ar bun mar a leagtar amach i bpointe 55. Ní mór nach rachaidh méid na cabhrach thar an mbearna chistiúcháin, mar a leagtar amach i bpointí 51 agus 52.

272.

I gcás ina ndeonaítear an chabhair tar éis próiseas tairisceana iomaíoch a dhéanfar i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i bpointí 49 agus 50, meastar go bhfuil méid na cabhrach comhréireach.

273.

Maidir le cabhair i bhfoirm ceadanna intrádála, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a fhíorú:

a)

déantar an leithdháileadh ar bhealach trédhearcach, bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus ar fhoinsí sonraí den cháilíocht is airde atá ar fáil; agus

b)

níl méid iomlán na gceadanna intrádála ná na lamháltas intrádála a dheonaítear do gach gnóthas ar phraghas faoi bhun a mhargadhluacha níos airde ná a riachtanais a bhfuil coinne leo mar a mheastar le haghaidh staid gan an scéim trádála.

4.5.5   Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil

274.

Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointe 275 sa bhreis orthu sin a leagtar amach i Roinn 3.2.2.

275.

Maidir le cabhair i bhfoirm ceadanna intrádála, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a fhíorú:

a)

tá rogha na dtairbhithe bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus thrédhearcacha agus deonaítear an chabhair i bprionsabal ar an mbealach céanna le haghaidh na n-iomaitheoirí uile san earnáil chéanna má tá siad i staid fhíorasach chomhchosúil;

b)

ní fhabhraíonn an mhodheolaíocht leithdháilte gnóthais áirithe (119) nó earnálacha áirithe, ach amháin má tá údar maith leis de bharr loighic chomhshaoil na scéime féin nó i gcás ina bhfuil gá le rialacha den chineál sin ar mhaithe le comhsheasmhacht le beartais chomhshaoil eile;

c)

ní fhaigheann iontrálaithe nua ceadanna ná liúntais ar choinníollacha is fabhraí ná coinníollacha gnóthas atá ann cheana agus a oibríonn ar na margaí céanna;

d)

i gcás ina ndeonaítear leithdháiltí níos airde ar shuiteálacha atá ann cheana i gcomparáid le hiontrálaithe nua, níl bacainní míchuí ar iontráil ina dtoradh air sin.

4.6   Cabhair chun damáiste don chomhshaol a leigheas, chun gnáthóga nádúrtha agus éiceachórais a athshlánú, chun an bhithéagsúlacht a chosaint nó a athbhunú agus chun réitigh dhúlrabhunaithe a chur chun feidhme maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide

4.6.1   An réasúnaíocht atá ag an gcabhair

276.

Is é is aidhm don Straitéis Bhithéagsúlachta go dtí 2030 (120) an dúlra a chosaint, díghrádú na n-éiceachóras a aisiompú agus bithéagsúlacht an Aontais a chur ar bhóthar an téarnaimh faoi 2030. Mar chuid lárnach den Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, leagtar amach ann spriocanna agus gealltanais uaillmhianacha go dtí 2030 chun éiceachórais shláintiúla athléimneacha a bhaint amach.

277.

Is féidir tacaíocht airgeadais i bhfoirm státchabhrach cur go mór leis an gcuspóir comhshaoil maidir leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú, ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear trí dhreasachtaí a chur ar fáil chun an damáiste do láithreáin éillithe a dheisiú, gnáthóga nádúrtha díghrádaithe agus éiceachórais dhíghrádaithe a athshlánú nó infheistíochtaí a dhéanamh chun éiceachórais a chosaint.

278.

Is é is aidhm do straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le hoiriúnú don athrú aeráide (121) infheistíochtaí i réitigh dhúlrabhunaithe a ghiaráil i ndáil leis an oiriúnú sin (122), ós rud é go méadófaí an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide dá gcuirfí chun feidhme na réitigh sin ar mhórscála, agus go gcuirfí le cuspóirí iolracha an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.

4.6.2   Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht

279.

Sa Roinn seo leagtar síos rialacha comhoiriúnachta maidir le bearta cabhrach chun damáiste don chomhshaol a leigheas, gnáthóga nádúrtha agus éiceachórais a athshlánú, an bhithéagsúlacht a chosaint nó a athbhunú agus réitigh dhúlrabhunaithe a chur chun feidhme maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide.

280.

Níl feidhm ag an Roinn seo maidir leis na nithe seo a leanas:

a)

cabhair le haghaidh leighis nó athshlánaithe tar éis dhúnadh na ngléasraí cumhachta agus oibríochtaí mianadóireachta nó asbhainte a mhéid a chumhdaítear an chabhair atá i gceist le Roinn 4.12 (123);

b)

cabhair chun an damáiste a rinneadh trí thubaistí nádúrtha a shlánú, amhail creathanna talún, maidhmeanna sléibhe, sciorrthaí talún, tuilte, tornádónna, hairicíní, brúchtaí bolcánacha agus dóiteáin fhiáine de bhunadh nádúrtha.

281.

Féadfar cabhair faoin Roinn seo a dheonú do na gníomhaíochtaí seo a leanas:

a)

damáiste don chomhshaol a leigheas, lena n-áirítear damáiste do cháilíocht na hithreach, d’uisce dromchla nó do screamhuisce nó don mhuirthimpeallacht;

b)

gnáthóga nádúrtha agus éiceachórais a athshlánú óna staid dhíghrádaithe;

c)

bithéagsúlacht nó éiceachórais a chosaint nó a athbhunú chun cur le dea-bhail na n-éiceachóras a bhaint amach nó chun éiceachórais atá dea-bhail orthu cheana féin a chosaint;

d)

réitigh dhúlrabhunaithe a chur chun feidhme maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maidir le maolú ar an athrú aeráide.

282.

Níl feidhm ag an Roinn seo maidir le bearta cabhrach a thagann faoi raon feidhme Roinn 4.1. I gcás ina gcuireann beart le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus le damáiste don chomhshaol a leigheas, le gnáthóga nádúrtha agus éiceachórais a athshlánú, leis an mbithéagsúlacht a chosaint nó a athbhunú agus le réitigh dhúlrabhunaithe a chur chun feidhme maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide, déanfar comhoiriúnacht an bhirt a mheas ar bhonn Roinn 4.1 nó na Roinne seo, ag brath ar cé acu den dá chuspóir atá in uachtar (124).

4.6.3   Éifeacht dreasachta

283.

Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointí 284 go 287 sa bhreis orthu sin a leagtar amach i Roinn 3.1.2.

284.

Gan dochar do Threoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ná do rialacha ábhartha eile de chuid an Aontais (125), cabhair chun damáiste don chomhshaol a leigheas, chun gnáthóga nádúrtha agus éiceachórais a athshlánú, chun an bhithéagsúlacht a chosaint nó a athbhunú agus chun réitigh dhúlrabhunaithe a chur chun feidhme maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide, ní fhéadfar a mheas go mbeidh éifeacht dreasachta aici sin ach amháin nuair nach féidir an t-eintiteas nó an gnóthas a rinne an damáiste don chomhshaol a aithint nó a chur faoi dhliteanas dlíthiúil i leith mhaoiniú na n-oibreacha is gá chun damáiste don chomhshaol a chosc agus a cheartú i gcomhréir leis an “bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as”.

285.

Ní mór don Bhallstát a léiriú go ndearnadh gach beart is gá, lena n-áirítear caingean dlí, chun an t-eintiteas nó an gnóthas atá faoi dhliteanas a rinne an damáiste don chomhshaol a shainaithint agus chun na costais ábhartha a iompar. I gcás nach féidir an t-eintiteas nó an gnóthas atá faoi dhliteanas faoin dlí is infheidhme a shainaithint ná nach féidir iallach a chur air na costais a iompar, féadfar cabhair a dheonú chun tacú leis na hoibreacha iomlána leighis nó athshlánaithe agus féadfar a mheas go bhfuil éifeacht dreasachta aici. Féadfaidh an Coimisiún a mheas nach féidir le gnóthas na costais a iompar a bhaineann leis an damáiste don chomhshaol atá déanta aige a leigheas i gcás nach ann dó a thuilleadh ó thaobh dlí de agus nach féidir aon ghnóthas eile a mheas mar a chomharba dlíthiúil nó eacnamaíoch (126) nó i gcás nach bhfuil slándáil airgeadais leordhóthanach ann chun íoc as na costais leighis.

286.

Níl éifeacht dreasachta ag cabhair arna deonú chun na bearta cúiteacha dá dtagraítear in Airteagal 6, pointe (4) de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle (127) a chur chun feidhme. Cabhair chun na costais bhreise is gá chun raon feidhme nó uaillmhian na mbeart sin a mhéadú thar na hoibleagáidí dlíthiúla faoi Airteagal 6, pointe (4), den Treoir sin, féadfar a mheas go bhfuil éifeacht dreasachta aici sin.

287.

Cabhair chun damáiste don chomhshaol a leigheas, chun gnáthóga nádúrtha agus éiceachórais a athshlánú, féadfar a mheas go mbeidh éifeacht dreasachta aici nuair a sháróidh costais an leighis nó costais an athshlánaithe luach méadaithe na talún (féach pointe 288).

4.6.4   Comhréireacht

288.

I gcás infheistíochtaí chun damáiste don chomhshaol a leigheas nó chun gnáthóga nádúrtha agus éiceachórais a athshlánú, is iad na costais incháilithe na costais arna dtabhú le haghaidh oibreacha leighis nó athshlánaithe, lúide an méadú ar luach na talún nó na maoine. Ní mór meastóireachtaí ar an méadú ar luach na talún nó na maoine de thoradh an leighis nó an athshlánaithe a bheith déanta ag saineolaí cáilithe neamhspleách.

289.

I gcás infheistíochtaí chun an bhithéagsúlacht a chosaint nó a athbhunú agus chun réitigh dhúlrabhunaithe a chur chun feidhme maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide, is iad na costais incháilithe costais iomlána na n-oibreacha a mbíonn an méid a chuireann siad leis an mbithéagsúlacht a chosaint nó a athbhunú nó le réitigh nádúr-bhunaithe a chur chun feidhme maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide ina dtoradh orthu.

290.

I gcás ina ndeonaítear cabhair chun réitigh dhúlrabhunaithe a chur chun feidhme i bhfoirgnimh a bhfuil teastas feidhmíochta fuinnimh ann ina leith, níor mhór do na Ballstáit a léiriú nach gcuireann na hinfheistíochtaí sin cosc ar chur chun feidhme na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh arna moladh sa teastas feidhmíochta fuinnimh.

291.

Féadfaidh an déine cabhrach suas le 100 % de na costais incháilithe a bhaint amach.

4.7   Cabhair i bhfoirm laghduithe ar chánacha nó ar thobhaigh pharaifhioscacha

292.

Cumhdaíonn Roinn 4.7 cabhair i réimse chosaint an chomhshaoil i bhfoirm laghdú ar chánacha nó ar thobhaigh pharaifioscacha. Tá sé leagtha amach ina dhá fho-roinn, agus tá loighic ar leith ag gach ceann acu. Le Roinn 4.7.1, téitear i ngleic le cánacha nó tobhaigh lena ngearrtar pionós ar iompraíocht atá díobhálach don chomhshaol agus, dá bhrí sin, is aidhm dó gnóthais agus tomhaltóirí a chur i dtreo roghanna atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol. Faoi Roinn 4.7.2, féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh gnóthais a spreagadh, trí bhíthin laghduithe spriocdhírithe ar chánacha nó tobhaigh, chun a n-iompraíocht a athrú nó a oiriúnú trína bheith páirteach i dtionscadail nó i ngníomhaíochtaí atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol.

4.7.1   Cabhair i bhfoirm laghduithe ar chánacha comhshaoil nó ar thobhaigh pharaifioscacha

4.7.1.1   An réasúnaíocht atá ag an gcabhair

293.

Forchuirtear cánacha comhshaoil nó tobhaigh pharaifioscacha chun na costais sheachtracha a bhaineann le hiompraíocht atá díobhálach don chomhshaol a inmheánú, agus ar an gcaoi sin iompraíocht den sórt sin a dhíspreagadh trí phraghas a chur air agus leibhéal na cosanta comhshaoil a mhéadú. I bprionsabal, le cánacha comhshaoil agus tobhaigh pharaifhioscacha, ba cheart na costais fhoriomlána don tsochaí (costais sheachtracha) a léiriú, agus dá réir sin, ba cheart an méid cánach nó tobhaigh pharaifhioscaigh a íoctar in aghaidh an aonaid astaíochta agus in aghaidh truailleáin eile nó acmhainní eile arna n-ídiú a bheith mar an gcéanna i gcás na ngnóthas uile atá freagrach as iompraíocht atá díobhálach don chomhshaol. Cé go bhféadfadh tionchar díobhálach a bheith ag laghduithe ar chánacha comhshaoil nó ar thobhaigh pharaifhioscacha ar chuspóir na cosanta comhshaoil, d’fhéadfadh gá a bheith leo mar sin féin i gcás ina gcuirfí na tairbhithe faoi mhíbhuntáiste iomaíoch nach mbeadh sé indéanta an cháin chomhshaoil nó an tobhach paraifhioscach a thabhairt isteach ar an gcéad dul síos.

294.

Nuair nach bhféadfaí cánacha comhshaoil nó tobhaigh pharaifhioscacha a fhorchur gan gníomhaíochtaí eacnamaíocha gnóthas áirithe a chur i mbaol, d’féadfadh leibhéal ginearálta níos airde ranníocaíochta a bhaint amach do na cánacha comhshaoil nó do na tobhaigh pharaifhioscacha ach cóir níos fabhraí a thabhairt do ghnóthais áirithe. Dá réir sin, in imthosca áirithe, is féidir le laghduithe ar chánacha nó tobhaigh chomhshaoil cur go hindíreach le leibhéal níos airde cosanta comhshaoil. Mar sin féin, níor cheart don mhéid sin an bonn a bhaint de chuspóir foriomlán na cánach comhshaoil nó an tobhaigh pharaifhioscaigh chun iompraíocht dhíobhálach don chomhshaol a dhíspreagadh agus/nó chun an costas a bhaineann le hiompraíocht den sórt sin a mhéadú i gcás nach bhfuil roghanna malartacha sásúla ar fáil.

4.7.1.2   Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht

295.

Measfaidh an Coimisiún go bhféadfar cabhair i bhfoirm laghdú ar cháin nó ar thobhaigh a dheonú má léiríonn an Ballstát gur comhlíonadh an dá choinníoll seo a leanas:

a)

tá na laghduithe dírithe ar na gnóthais is mó a ndéanann an cháin chomhshaoil nó an tobhach comhshaoil difear dóibh nach mbeadh in ann gabháil dá ngníomhaíochtaí eacnamaíocha ar bhealach inbhuanaithe gan an laghdú;

b)

tá an leibhéal cosanta comhshaoil a bhaintear amach trí na laghduithe a chur chun feidhme níos airde ná an leibhéal a bhainfí amach gan na laghduithe sin a chur chun feidhme.

296.

Chun a léiriú go gcomhlíontar an dá choinníoll atá i bpointe 295, ní mór don Bhallstát an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil don Choimisiún:

a)

tuairisc ar na hearnálacha nó ar na catagóirí tairbhithe atá incháilithe le haghaidh na laghduithe,

b)

liosta de na tairbhithe is mó i ngach earnáil lena mbaineann, a láimhdeachas, a scaireanna den mhargadh, méid an bhoinn cánach agus an chuid a bheadh sa cháin nó sa tobhach comhshaoil ina mbrabús réamhchánach, i dteannta agus d’éagmais an laghdaithe,

c)

tuairisc ar chás na dtairbhithe sin ina mínítear cén fáth nach mbeidís in ann an ráta caighdeánach cánach nó tobhaigh comhshaoil a íoc,

d)

míniú ar an gcaoi a rannchuideodh an cháin nó an tobhach laghdaithe le méadú iarbhír ar an leibhéal cosanta comhshaoil i gcomparáid leis an leibhéal cosanta comhshaoil atá le baint amach in éagmais na laghduithe sin (mar shampla tríd an ráta caighdeánach a chuirfí chun feidhme a chur i gcomparáid leis na laghduithe ar an ráta caighdeánach a chuirfí chun feidhme gan na laghduithe, an líon gnóthas a bheadh faoi réir na cánach nó an tobhaigh ar an iomláin nó táscairí eile a léireodh athrú iarbhír ar iompraíocht atá díobhálach don chomhshaol).

4.7.1.3   Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála

297.

Nuair a dhéantar cánacha comhshaoil a chomhchuibhiú, féadfaidh an Coimisiún cur chuige simplithe a chur i bhfeidhm chun riachtanas agus comhréireacht na cabhrach a mheasúnú. I gcomhthéacs Threoir 2003/96/CE, féadfaidh an Coimisiún cur chuige simplithe a chur i bhfeidhm maidir le laghduithe ar cháin agus urraim á tabhairt d’íosleibhéal cánach an Aontais a leagtar amach i bpointí 298 agus 299.

298.

Measfaidh an Coimisiún gur gá agus gur comhréireach cabhair i bhfoirm laghduithe ar chánacha comhchuibhithe, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha carnacha seo a leanas:

a)

íocann na tairbhithe ar a laghad íosleibhéal cánach an Aontais a shocraítear leis an Treoir is infheidhme;

b)

tá rogha na dtairbhithe bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus thrédhearcacha;

c)

deonaítear an chabhair i bprionsabal ar an mbealach céanna le haghaidh na ngnóthas uile san earnáil chéanna má tá siad i staid fhíorasach chomhchosúil,

d)

fíoraíonn an Ballstát an gá atá le cabhair chun cur go hindíreach le leibhéal níos airde cosanta comhshaoil trí bhíthin comhairliúchán poiblí oscailte ex ante i gcás ina dtugtar tuairisc cheart ar na hearnálacha atá incháilithe do na laghduithe agus ina gcuirtear liosta de na tairbhithe is mó i ngach earnáil ar fáil.

299.

Féadfaidh na Ballstáit an chabhair a dheonú i bhfoirm laghdú ar an ráta cánach nó mar mhéid cúitimh bliantúil seasta (aisíocaíocht chánach), nó mar chomhcheangal den dá rud. Is é an buntáiste a bhaineann leis an gcur chuige aisíocaíochta cánach go leanann gnóthais de bheith neamhchosanta ar an gcomhartha praghais arna dtabhairt ag an gcáin chomhshaoil. Ba cheart méid na haisíocaíochta cánach a ríomh ar bhonn sonraí stairiúla, i.e. an leibhéal táirgeachta, agus an t-ídiú nó an truailliú arna bhreathnú i gcás na ngnóthas i mbonnbhliain ar leith. Ní mór nach rachaidh leibhéal na haisíocaíochta cánach thar íosmhéid cánach an Aontais a bheadh dlite don bhonnbhliain murach sin.

300.

I gcás ina bhfuil cánacha comhshaoil neamh-chomhchuibhithe nó ina n-íocann na tairbhithe níos lú ná íosleibhéal an Aontais maidir leis an gcáin chomhchuibhithe i gcás ina gceadaítear sin leis an Treoir is infheidhme, tá gá le measúnú cuimsitheach ar riachtanas agus comhréireacht na cabhrach, mar a leagtar amach i Ranna 4.7.1.3.1 go 4.7.1.3.3.

4.7.1.3.1   Riachtanas

301.

Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointí 302 agus 303 sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i Roinn 3.2.1.1.

302.

Measfaidh an Coimisiún go bhfuil gá leis an gcabhair má chomhlíontar na coinníollacha carnacha seo a leanas:

a)

tá roghnú na dtairbhithe bunaithe ar chritéir oibiachtúla thrédhearcacha, agus deonaítear an chabhair ar an mbealach céanna le haghaidh na ngnóthas incháilithe uile atá ag oibriú san earnáil chéanna gníomhaíochta eacnamaíche lena mbaineann an cás fíorasach céanna nó i gcás fíorasach comhchosúil maidir le haidhmeanna nó cuspóirí an bhirt cabhrach;

b)

bheadh méadú suntasach ar chostais táirgthe de toradh na cánach comhshaoil nó an tobhaigh pharaifhioscaigh gan an laghdú, arna ríomh mar sciar den oll-bhreisluach i gcás na n-earnálacha uile nó i gcás chatagóirí uile na dtairbhithe;

c)

níorbh fhéidir an méadú suntasach ar chostais táirgthe a chur ar aghaidh chuig custaiméirí gan laghduithe suntasacha ar mhéideanna díolacháin a bheith mar thoradh air.

303.

Maidir le laghduithe ar cháin le haghaidh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise, ní mór don Bhallstát sásra a chur ar bun chun a fhíorú go bhfuil an beart fós riachtanach, agus coinníollacha riachtanacha Roinn 4.1.3.1 á gcur i bhfeidhm, agus ní mór dó bearta iomchuí a dhéanamh, amhail deireadh a chur leis an díolúine nó an leibhéal tacaíochta a laghdú.

4.7.1.3.2   Oiriúnacht

304.

Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointí 305 agus 306 sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i Roinn 3.2.1.2.

305.

Údaróidh an Coimisiún scéimeanna cabhrach go ceann uastréimhse 10 mbliana, agus ina dhiaidh sin féadfaidh Ballstát fógra a thabhairt an athuair maidir leis an mbeart má dhéanann sé athmheastóireacht ar oiriúnacht na mbeart cabhrach lena mbaineann.

306.

I gcás ina ndeonaítear an chabhair mar aisíocaíocht chanach, ba cheart méid na haisíocaíochta cánach a ríomh ar bhonn sonraí stairiúla, is é sin le rá an leibhéal táirgeachta, agus an t-ídiú nó an truailliú arna bhreathnú i gcás na ngnóthas i mbonnbhliain ar leith.

4.7.1.3.3   Comhréireacht

307.

Níl feidhm ag Roinn 3.2.1.3 maidir le cabhair i bhfoirm laghduithe ar chánacha comhshaoil agus ar thobhaigh pharaifhioscacha.

308.

Measfaidh an Coimisiún go bhfuil an chabhair comhréireach má chomhlíonfar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:

a)

íocfaidh gach tairbhí cabhrach ar a laghad 20 % de mhéid ainmniúil na cánach comhshaoil nó an tobhaigh pharaifhioscaigh a bheadh infheidhme murach sin maidir leis an tairbhí sin in éagmais an laghdaithe;

b)

ní sháróidh an laghdú ar cháin nó ar thobhaigh 100 % den cháin chomhshaoil náisiúnta nó den tobhach paraifhioscach, agus beidh sé coinníollach ar chomhaontuithe a thabhairt i gcrích idir an Ballstát agus na tairbhithe nó comhlachais tairbhithe ina ndéanfaidh na tairbhithe nó na comhlachais tairbhithe gealltanas cuspóirí maidir le cosaint an chomhshaoil a bhaint amach a bhfuil an éifeacht chéanna acu is a bheadh ann dá n-íocfadh tairbhithe nó comhlachais tairbhithe 20 % ar a laghad den cháin náisiúnta nó den tobhach náisiúnta. Féadfaidh comhaontuithe nó gealltanais den sórt sin a bheith bainteach, i measc nithe eile, le laghdú ar ídiú fuinnimh, le laghdú ar astaíochtaí agus truailleáin eile, nó le haon bheart eile chun an comhshaol a chosaint.

309.

Ní mór comhaontuithe den sórt sin na coinníollacha carnacha seo a leanas a chomhlíonadh:

a)

déanann an Ballstát caibidlíocht maidir le substaint na gcomhaontuithe, sonraíonn sé na spriocanna agus socraíonn sé sceideal ama chun na spriocanna a bhaint amach;

b)

áiritheoidh an Ballstát go ndéanfar faireachán neamhspleách rialta ar na gealltanais sna comhaontuithe;

c)

déanfar athbhreithniú ar na comhaontuithe go tréimhsiúil i bhfianaise forbairtí teicneolaíochta agus forbairtí eile agus déanfar foráil iontu maidir le pionóis éifeachtacha i gcás nach gcomhlíonfar na gealltanais.

4.7.2   cabhair le haghaidh chosaint an chomhshaoil i bhfoirm laghduithe ar chánacha nó ar thobhaigh pharaifhioscacha

4.7.2.1   An réasúnaíocht atá ag an gcabhair

310.

Féadfaidh na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar ghnóthais a dhreasú tabhairt faoi thionscadail nó faoi ghníomhaíochtaí lena méadófar an leibhéal cosanta comhshaoil trí bhíthin laghduithe ar chánacha nó ar thobhaigh pharaifhioscacha. I gcás inarb é is aidhm do na laghduithe sin na tairbhithe a dhreasú tabhairt faoi thionscadail nó gníomhaíochtaí a bhfuil níos lú truaillithe nó ídithe acmhainní mar thoradh orthu, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na bearta i bhfianaise na gceanglas a leagtar amach i Roinn 4.7.2.

4.7.2.2   Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht

311.

Cumhdaíonn an Roinn seo cabhair le haghaidh tionscadail agus ghníomhaíochtaí nach bhfuil chomh díobhálach sin don chomhshaol agus a thagann faoi raon feidhme Ranna 4.2 go dtí 4.6 agus atá i bhfoirm laghduithe ar chánacha nó ar thobhaigh pharaifhioscacha.

312.

I gcás inarb é is cuspóir don laghdú ar cháin nó ar thobhaigh an dícharbónú, tá feidhm ag Roinn 4.1 ina leith.

313.

Ní chumhdaíonn an Roinn seo laghduithe ar chánacha ná ar thobhaigh, rud a léiríonn na costais riachtanacha a bhaineann le fuinneamh nó seirbhísí gaolmhara a sholáthar. Mar shampla, déantar laghduithe ar mhuirir líonra nó ar mhuirir lena maoinítear sásraí acmhainneachta a eisiamh ó raon feidhme Roinn 4.7.2. Ní chumhdaítear leis an Roinn seo laghduithe ar thobhaigh ar ídiú leictreachais lena maoinítear cuspóir beartais fuinnimh.

4.7.2.3   Éifeacht dreasachta

314.

Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointí 315 agus 316 sa bhreis orthu sin a leagtar amach i Roinn 3.1.2.

315.

I gcás gach tionscadail incháilithe nó gach tionscadail tagartha i gcomhair catagóir tairbhithe, ní mór don Bhallstát cainníochtú, mar a leagtar amach i bpointe 51, nó sonraí coibhéiseacha, a chur isteach le go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú air, measúnú ina ndéanfar comparáid idir brabúsacht an tionscadail tagartha nó brabúsacht na gníomhaíochta tagartha agus an laghdú cánach nó an tobhach paraifhioscach curtha san áireamh agus as an áireamh freisin, agus ina léireofar go ndreasaíonn an laghdú cur i gcrích an tionscadail nó na gníomhaíochta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.

316.

Meastar go bhfuil éifeacht dreasachta ag cabhair le haghaidh tionscadail a thosaíonn sula gcuirtear isteach an t-iarratas ar chabhair i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha carnacha seo a leanas:

a)

leis an mbeart, bunaítear ceart chun cabhrach i gcomhréir le critéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha agus gan lánrogha an Bhallstáit a fheidhmiú a thuilleadh;

b)

glacadh an beart agus bhí sé i bhfeidhm sular cuireadh tús leis an obair ar thionscadal nó ar ghníomhaíocht lena bhfuiltear ag cabhrú, ach amháin i gcás scéimeanna comharbachta fioscacha ina raibh an ghníomhaíocht cumhdaithe cheana féin ag scéimeanna eile i bhfoirm buntáistí cánach nó paraifhioscacha.

4.7.2.4   Comhréireacht

317.

Níl feidhm ag Roinn 3.2.1.3 maidir le cabhair le haghaidh chosaint an chomhshaoil i bhfoirm laghduithe ar chánacha nó ar thobhaigh pharaifioscacha.

318.

Ní mór nach rachaidh an chabhair thar an ngnáthráta nó thar mhéid na cánach nó an tobhaigh a bheadh infheidhme murach sin.

319.

I gcás ina bhfuil an laghdú ar cháin nó ar thobhach paraifhioscach nasctha le costais infheistíochta, measfar an chabhair a bheith comhréireach, ar choinníoll nach rachaidh sí thar dhéine na cabhrach agus na méideanna uasta cabhrach i Ranna 4.2 go 4.6. I gcás ina bhfuil ceanglas sna Ranna sin próiseas tairisceana iomaíoch a chur ar bun, níl feidhm ag an gceanglas sin maidir le cabhair a dheonaítear i bhfoirm laghduithe ar cháin nó laghduithe ar thobhach paraifhioscach.

320.

I gcás ina laghdaítear costais oibriúcháin athfhillteacha leis an laghdú ar an gcáin nó ar an tobhach paraifhioscach, ní fhéadfaidh méid na cabhrach a bheith níos mó ná an difríocht idir costais oibriúcháin an tionscadail nó na gníomhaíochta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus costais oibriúcháin an cháis fhrithfhíoraisigh nach bhfuil chomh neamhdhíobhálach sin don chomhshaol. I gcás ina bhféadfadh coigiltis costas fhéideartha nó ioncam breise a bheith ina dtoradh ar thionscadal nó gníomhaíocht atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, ní mór iad sin a chur san áireamh agus comhréireacht na cabhrach á cinneadh.

4.7.2.5   Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil

321.

Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointí 322 go 324 sa bhreis orthu sin a leagtar amach i Roinn 3.2.2.

322.

Ní mór státchabhair a dheonú ar an mbealach céanna le haghaidh na ngnóthas incháilithe uile atá ag oibriú san earnáil chéanna gníomhaíochta eacnamaíche lena mbaineann an cás fíorasach céanna nó i gcás fíorasach comhchosúil maidir le haidhmeanna nó cuspóirí an bhirt cabhrach;.

323.

Ní mór don Bhallstát a áirithiú go mbeidh cabhair riachtanach i gcónaí ar feadh fhad na scéimeanna a mhairfidh níos mó ná 3 bliana agus go ndéanfar meastóireacht ar na scéimeanna gach 3 bliana ar a laghad.

324.

Má bhaineann an laghdú ar cháin nó ar an tobhach paraifhioscach le tionscadail a thagann faoi raon feidhme na nithe seo a leanas:

a)

Tá feidhm ag Roinn 4.2, pointí 154 go 156;

b)

Tá feidhm ag Roinn 4.3.1, pointí 183 go 188;

c)

Tá feidhm ag Roinn 4.3.2, pointí 206 go 216.

4.8   Cabhair le haghaidh shlándáil an tsoláthair leictreachais

4.8.1   An réasúnaíocht atá ag an gcabhair

325.

D’fhéadfadh clistí margaidh agus clistí rialála a bheith ina gcúis le comharthaí praghais a chliseann dreasachtaí infheistíochta éifeachtúla a sholáthar, rud a d’fhéadfadh, mar shampla, meascán neamhleor acmhainní leictreachais, solúbthacht neamhleor nó suíomh neamhleor a bheith mar thoradh air. Thairis sin, mar gheall ar an gclaochlú suntasach in earnáil an leictreachais atá ann de thoradh an athraithe theicneolaíoch agus na ndúshlán aeráide, tá dúshláin nua ann maidir le slándáil an tsoláthair leictreachais a áirithiú. Cé gur féidir malartú leictreachais ar fud an Aontais a dhéanamh de ghnáth le margadh leictreachais atá ag éirí níos comhtháite, rud a mhaolóidh fadhbanna náisiúnta i dtaca le slándáil an tsoláthair, d’fhéadfadh cásanna a bheith ann ina bhféadfadh sé nach ráthófaí slándáil an tsoláthair i gcónaí i roinnt Ballstát nó réigiún fiú i margaí cúpláilte. Dá thoradh sin, féadfaidh na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar bhearta a thabhairt isteach chun leibhéil áirithe shlándáil an tsoláthair leictreachais a áirithiú.

4.8.2   Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht

326.

Cumhdaíonn an Roinn seo rialacha comhoiriúnachta maidir le bearta cabhrach arb é is aidhm dóibh slándáil an tsoláthair leictreachais a mhéadú. Áirítear leis sin sásraí acmhainneachta agus aon bhearta eile chun déileáil le saincheisteanna fadtéarmacha agus gearrthéarmacha i dtaca le slándáil an tsoláthair a eascraíonn as clistí margaidh lena gcuirtear cosc ar infheistíocht leordhóthanach in acmhainneacht giniúna leictreachais, i stóráil nó i bhfreagairt don éileamh, in idirnascadh, chomh maith le bearta plódaithe líonra arb é is aidhm dóibh déileáil le neamhdhóthanacht na líonraí tarchurtha agus dáileacháin leictreachais (128).

327.

Féadfar bearta den sórt sin a bheith deartha freisin chun tacú le cuspóirí maidir le cosaint an chomhshaoil, mar shampla trí thuilleadh acmhainneachta truaillithe a eisiamh nó trí bhearta chun buntáiste sa phróiseas roghnúcháin a thabhairt d’acmhainneacht atá níos tairbhiúla don chomhshaol.

328.

Mar chuid dá bhfógra, ba cheart do na Ballstáit na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a shainaithint, gníomhaíochtaí a fhorbrófar de thoradh na cabhrach. Le cabhair chun slándáil an tsoláthair leictreachais a mhéadú, éascaítear forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá nasctha le giniúint leictreachais, stóráil agus freagairt don éileamh, lena n-áirítear infheistíochtaí nua agus athchóiriú agus cothabháil éifeachtúil na sócmhainní atá ann cheana. Féadfaidh sé tacú go hindíreach freisin le raon leathan gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ag brath ar leictreachas mar ionchur lena n-áirítear leictriú teasa agus iompair.

4.8.3   Éifeacht dreasachta

329.

Tá feidhm ag na rialacha maidir le héifeacht dreasachta i bpointí29, 30, 31 agus 32.

4.8.4   Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála

4.8.4.1   Riachtanas

330.

Níl feidhm ag Roinn 3.2.1.1 maidir le bearta i ndáil le slándáil an tsoláthair leictreachais.

331.

Maidir le cineál na faidhbe faoi shlándáil an soláthar leictreachais agus na cúiseanna atá leis an bhfadhb sin, agus dá bhrí sin an gá atá le státchabhair chun slándáil an tsoláthair leictreachais a áirithiú, ní mór an iad sin a anailísiú agus a chainníochtú i gceart, lena n-áirítear cathain agus cén áit a bhfuil coinne leis go dtiocfaidh an fhadhb chun cinn, agus tagairt á déanamh, i gcás inarb infheidhme, don chaighdeán iontaofachta mar a shainmhínítear in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/943. I gcás bearta plódaithe líonra, ba cheart don Bhallstát anailís a sholáthar (tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás rialála náisiúnta atá freagrach, agus a thuairim a chur san áireamh) lena sainaithneofar agus lena dtabharfar údar maith le hanailís chostais/sochair a dhéanamh ar leibhéal shlándáil an tsoláthair a raibh ina chuspóir don bheart atá beartaithe. I gcás na mbeart uile a bhaineann le slándáil an tsoláthair, ba cheart tuairisc a thabhairt ar an aonad tomhais don chainníochtú agus ba cheart a mhodh ríofa a chur ar fáil, agus tagairt á déanamh d’aon cheanglas ábhartha sa reachtaíocht earnálach.

332.

I gcás inarb infheidhme, ba cheart sainaithint na faidhbe a bhaineann le slándáil an tsoláthair leictreachais a bheith comhsheasmhach leis an anailís is déanaí atá ar fáil a rinne ENTSO-E le haghaidh leictreachais i gcomhréir le reachtaíocht maidir leis an margadh inmheánach fuinnimh, go háirithe:

a)

i gcás bearta a dhíríonn ar leordhóthanacht acmhainní, na measúnuithe Eorpacha ar leordhóthanacht acmhainní dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2019/943;

b)

i gcás beart plódaithe líonra, na tuarascálacha maidir le plóduithe struchtúracha agus mórphlódú fisiciúil eile idir na criosanna tairisceana agus laistigh díobh, rud a luaitear in Airteagal 14, pointe (2), de Rialachán (AE) 2019/943.

333.

Féadfaidh na Ballstáit a bheith ag brath freisin ar mheasúnaithe leordhóthanachta acmhainní náisiúnta chun an gá atá le sásraí acmhainneachta a léiriú, a mhéid a cheadaítear faoi Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2019/943. I gcás bearta eile maidir le slándáil an tsoláthair, lena n-áirítear bearta plódaithe líonra, féadfaidh na Ballstáit a bheith ag brath freisin ar mheasúnú náisiúnta ar riachtanas na hidirghabhála atá beartaithe. Ba cheart don údarás rialála náisiúnta atá freagrach na measúnuithe náisiúnta dá dtagraítear sa phointe seo a fhormheas nó a athbhreithniú.

334.

Ba cheart bearta a bhaineann leis an riosca géarchéimeanna leictreachais a shainaithint sa phlean riosca-ullmhachta náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/941 (129).

335.

Ní mór do na Ballstáit a mholann roinnt beart a thabhairt isteach lena ndíreofar ar shlándáil an tsoláthair leictreachais a mhíniú go soiléir conas a idirghníomhaíonn siad le chéile chun a áirithiú cost-éifeachtúlacht fhoriomlán na mbeart comhcheangailte lena mbaineann slándáil an tsoláthair a áirithiú, mar shampla a mhéid a bhaineann le sásraí acmhainneachta trí mhíniú a thabhairt ar an gcaoi a mbaineann siad amach (ach nach dtéann siad thar) an caighdeán iontaofachta dá dtagraítear i bpointe 331.

336.

Clistí rialála nó clistí margaidh, mar aon le haon saincheist eile lena gcoisctear leibhéal leordhóthanach shlándáil an tsoláthair leictreachais (agus cosaint an chomhshaoil más ábhartha) a bhaint amach in éagmais idirghabhála, ní mór iad a shainaithint.

337.

Bearta atá ann cheana lena ndírítear ar chlistí margaidh nó rialála nó ar shaincheisteanna eile a shainaithnítear i bpointe 336, ní mór iad a shainaithint freisin.

338.

Ní mór do na Ballstáit a léiriú cén fáth nach féidir coinne a bheith leis go soláthróidh an margadh slándáil an tsoláthair leictreachais in éagmais státchabhrach, agus athchóirithe margaidh agus feabhsuithe atá beartaithe ag na Ballstáit, mar aon le forbairtí teicneolaíochta, á gcur san áireamh.

339.

Sa mheasúnú uaidh, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na gnéithe seo a leanas atá le soláthar ag an mBallstát:

a)

measúnú ar thionchar na giniúna athraithí, lena n-áirítear é sin a thionscnaíonn ó chórais chomharsanachta;

b)

measúnú ar an tionchar atá ag rannpháirtíocht ar thaobh an éilimh agus ar thaobh na stórála, lena n-áirítear tuairisc ar bhearta chun bainistiú ar éileamh a spreagadh;

c)

measúnú ar idirnascairí agus mórbhonneagar eangaí tarchurtha inmheánaigh a d’fhéadfadh a bheith nó atá ann i ndáiríre, lena n-áirítear tuairisc ar na tionscadail atá á dtógáil agus atá beartaithe;

d)

measúnú ar aon eilimint eile a d’fhéadfadh a bheith ina cúis le fadhb shlándáil an tsoláthair leictreachais nó a d’fhéadfadh cur léi, amhail uasteorainneacha ar phraghsanna mórdhíola nó clistí rialála nó margaidh eile. I gcás ina gceanglaítear sin faoi Rialachán (AE) 2019/943, ní mór an plean cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 20(3) den Rialachán sin a bheith faoi réir tuairim ón gCoimisiún sula bhféadfar cabhair a dheonú. Cuirfear an plean cur chun feidhme agus an tuairim san áireamh sa mheasúnú ar riachtanais; agus

e)

aon inneachar ábhartha i bplean gníomhaíochta faoi Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2019/943.

4.8.4.2   Oiriúnacht

340.

Níl feidhm ag Roinn 3.2.1.2 maidir le bearta i ndáil le slándáil an tsoláthair leictreachais.

341.

Ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh go príomha ar bhealaí malartacha chun slándáil an tsoláthair leictreachais a bhaint amach, go háirithe dearadh níos éifeachtúla ar an margadh leictreachais ar féidir leis clistí margaidh a bhaineann an bonn de shlándáil an tsoláthair leictreachais a mhaolú. Mar shampla, feabhas a chur ar fheidhmiú na socraíochta éagothroime leictreachais, giniúint athraitheach a chomhtháthú ar bhealach níos fearr, freagairt don éileamh agus stóráil a dhreasú agus a chomhtháthú, comharthaí éifeachtúla praghais a chumasú, bacainní ar thrádáil trasteorann a bhaint, agus bonneagar a fheabhsú, lena n-áirítear idirnascadh. Féadfar a chinneadh gurb iomchuí cabhair le haghaidh bearta maidir le slándáil an tsoláthair i gcás, in ainneoin feabhsuithe iomchuí agus comhréireacha ar dhearadh an mhargaidh (130) agus ar infheistíochtaí i sócmhainní líonra, bíodh sin curtha chun feidhme nó beartaithe cheana, i gcás ina bhfuil imní fós ann maidir le slándáil an tsoláthair.

342.

I gcás bearta plódaithe líonra, ba cheart do na Ballstáit míniú a thabhairt freisin ar an gcaoi a bhfuil éifeachtúlacht na mbeart athsheolta á feabhsú i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/943.

4.8.4.3   Incháilitheacht

343.

Ba cheart an beart cabhrach a bheith oscailte do na tairbhithe uile nó do na tionscadail uile atá in ann cur go teicniúil leis an gcuspóir maidir le slándáil an tsoláthair a bhaint amach. Cuimsíonn sé sin giniúint, stóráil agus freagairt don éileamh, chomh maith le comhiomlánú na n-aonad beag de na cineálacha acmhainneachta sin i mbloic mhóra.

344.

Teorainneacha ar rannpháirtíocht i mbearta maidir le slándáil an tsoláthair a bhfuil sé d’aidhm acu a áirithiú nach mbainfidh na bearta sin an bonn de chosaint an chomhshaoil, meastar gur teorainneacha iomchuí iad sin (féach pointí 368 agus 369).

345.

Spreagtar na Ballstáit critéir nó gnéithe breise a thabhairt isteach ina mbearta maidir le slándáil an tsoláthair chun rannpháirtíocht teicneolaíochtaí níos glaise a chur chun cinn (nó rannpháirtíocht teicneolaíochtaí truaillitheacha a laghdú), rud a bhfuil gá leis chun tacú le cuspóirí an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil a bhaint amach. Ní mór na critéir nó na gnéithe breise sin a bheith oibiachtúil trédhearcach neamh-idirdhealaitheach i ndáil le cuspóirí cosanta comhshaoil atá sainaitheanta go soiléir, agus ní mór nach dtabharfar róchúiteamh do na tairbhithe mar gheall air sin.

346.

I gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, ní mór bearta maidir le slándáil an tsoláthair leictreachais a bheith oscailte do rannpháirtíocht dhíreach trasteorann soláthraithe acmhainneachta atá lonnaithe i mBallstát eile (131). Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an deis ag acmhainneacht eachtrach, atá in ann feidhmíocht choibhéiseach theicniúil a sholáthar agus atá ag an acmhainneacht intíre, a bheith rannpháirteach sa phróiseas iomaíoch céanna agus atá acmhainneacht intíre. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeidh an acmhainneacht eachtrach lonnaithe i mBallstát ina bhfuil nasc díreach líonra leis an mBallstát a chuireann an beart i bhfeidhm. I gcás inarb infheidhme, ní mór na rialacha ábhartha a leagtar amach in Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2019/943 a chomhlíonadh freisin.

4.8.4.4   Comhairliúchán poiblí

347.

Beidh feidhm ag Roinn 4.8.4.4 ón 1 Iúil 2023 ar aghaidh.

348.

Sula dtabharfar fógra maidir le cabhair, seachas in imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, ní mór do na Ballstáit dul i gcomhairle go poiblí maidir le tionchair chomhréireachta agus iomaíochta na mbeart atá le fógairt faoin Roinn seo. Níl feidhm ag an oibleagáid um dhul i gcomhairle maidir le leasuithe ar bhearta a formheasadh cheana agus nach n-athraíonn a raon feidhme ná a n-incháilitheacht ná a bhfad níos faide ná 10 mbliana ón dáta ar a ndearnadh an cinneadh bunaidh, ná maidir leis na cásanna dá dtagraítear i bpointe 349. Chun a chinneadh an bhfuil bonn cirt le beart, agus na critéir sna treoirlínte sin á gcur san áireamh, tá gá leis an gcomhairliúchán poiblí seo a leanas (132):

a)

i gcás bearta inar lú ná EUR 100 milliún in aghaidh na bliana ar a laghad an mheánchabhair bhliantúil mheasta atá le deonú, comhairliúchán poiblí a mhairfidh sé seachtaine ar a laghad, lena gcumhdófar:

i)

incháilitheacht;

ii)

an úsáid agus raon feidhme beartaithe na bpróiseas tairisceana iomaíoch agus aon eisceacht atá beartaithe;

iii)

na príomhpharaiméadair don phróiseas leithdháilte cabhrach (133) lena n-áirítear chun iomaíocht a chumasú idir cineálacha éagsúla tairbhithe (134);

iv)

an mhodheolaíocht chun costais an bhirt a leithdháileadh ar thomhaltóirí;

v)

mura n-úsáidtear próiseas tairisceana iomaíoch, na toimhdí agus na sonraí atá ina mbonn don chainníochtú arna n-úsáid chun comhréireacht na cabhrach a léiriú, lena n-áirítear costais, ioncam, toimhdí agus saolré oibriúcháin agus, agus meánchostas ualaithe an chaipitil; agus

vi)

i gcás ina bhféadfar tacú le hinfheistíochtaí nua i nginiúint fuinnimh atá bunaithe ar ghás nádúrtha, coimircí arna moladh chun comhsheasmhacht le spriocanna aeráide an Aontais a áirithiú.

b)

i gcás bearta inar lú ná EUR 100 milliún in aghaidh na bliana an mheánchabhair bhliantúil mheasta a dheonaítear, comhairliúchán poiblí a mhairfidh ceithre seachtaine ar a laghad, lena gcumhdófar:

i)

incháilitheacht;

ii)

an úsáid agus raon feidhme beartaithe na bpróiseas tairisceana iomaíoch agus aon eisceacht atá beartaithe;

iii)

an mhodheolaíocht chun costais an bhirt a leithdháileadh ar thomhaltóirí; agus

iv)

i gcás ina bhféadfar tacú le hinfheistíochtaí nua i nginiúint fuinnimh atá bunaithe ar ghás nádúrtha, coimircí arna moladh chun comhsheasmhacht le spriocanna aeráide an Aontais a áirithiú.

349.

Níl gá le haon chomhairliúchán poiblí le haghaidh na mbeart a thagann faoi phointe 348(b) i gcás ina n-úsáidtear próisis tairisceana iomaíocha agus nach dtacaíonn an beart le hinfheistíochtaí i nginiúint fuinnimh atá bunaithe ar bhreosla iontaise.

350.

Ní mór ceistneoirí comhairliúcháin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin poiblí. Ní mór do na Ballstáit freagra ar an gcomhairliúchán a fhoilsiú ina ndéanfar achoimre agus ina dtabharfar aghaidh ar na freagraí a fhaightear. Ba cheart míniú a bheith ann faoin gcaoi a ndearnadh an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar an iomaíocht a íoslaghdú trí raon feidhme/incháilitheacht an bhirt atá beartaithe. Ní mór do na Ballstáit nasc chuig a bhfreagairt ar an comhairliúchán a sholáthar mar chuid den fhógra maidir leis na bearta cabhrach faoin roinn seo.

351.

I gcásanna eisceachtúla agus cuí-réasúnaithe, d’fhéadfadh an Coimisiún breithniú a dhéanamh ar mhodhanna eile comhairliúcháin ar choinníoll go gcuirfear tuairimí na bpáirtithe leasmhara san áireamh agus an chabhair á cur chun feidhme (ar bhonn leanúnach). I gcásanna den sórt sin, d’fhéadfadh sé gur ghá an comhairliúchán a chomhcheangal le gníomhartha ceartaitheacha chun iarmhairtí saobhacha a d’fhéadfadh a bheith ag an mbeart a laghdú a oiread is féidir.

4.8.4.5   Comhréireacht

352.

Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointí 353, 354, 355, 356 agus 357 sa bhreis ar na rialacha a leagtar amach i bpointí 49, 50, 51, 52, 53 agus 55.

353.

Ba cheart an t-éileamh ar bhearta maidir le slándáil an tsoláthair a shocrú bunaithe ar an gcaighdeán iontaofachta nó ar an anailís chostais/sochair dá dtagraítear i bpointe 331, agus bunaithe ar an anailís faoi phointí 332, 333 agus 334 ar na hacmhainní is gá chun leibhéal leordhóthanach shlándáil an tsoláthair a áirithiú. An anailís a úsáidtear chun leibhéal an éilimh a shocrú, ní mór í a bheith dhá mhí dhéag d’aois ar a mhéad tráth a shocraítear leibhéal an éilimh.

354.

Maidir leis an aga idir deonú na cabhrach agus an sprioc-am faoi nach mór tionscadail a chur i gcrích, ba cheart go bhféadfaí iomaíocht éifeachtach a bheith ann idir na tionscadail incháilithe éagsúla.

355.

Ní féidir bonn cirt a thabhairt le díolúintí ón gceanglas cabhair a leithdháileadh agus an leibhéal cabhrach a chinneadh trí phróiseas tairisceana iomaíoch ach amháin sna cásanna seo a leanas:

a)

i gcás ina gcuirtear fianaise ar fáil, lena n-áirítear aon fhianaise a bailíodh le linn an chomhairliúcháin phoiblí i gcás inarb infheidhme, lena léirítear gur dócha nach mbeidh rannpháirtíocht leordhóthanach ionchasach ann i bpróiseas tairisceana den sórt sin chun iomaíocht a áirithiú; nó

b)

i gcás bearta plódaithe líonra agus sa chás sin amháin, nuair a chuireann an Ballstát anailís ar fáil (tar éis dul i gcomhairle leis an údarás rialála náisiúnta freagrach agus tuairim an údaráis rialála náisiúnta a chur san áireamh) bunaithe ar fhianaise, lena n-áirítear an méid sin a bailíodh le linn an chomhairliúcháin phoiblí i gcás inarb infheidhme, nach mbeadh tairiscint chomh héifeachtach céanna ó thaobh cost-éifeachtúlachta de, mar shampla mar gheall ar thairiscintí straitéiseacha nó saobhadh margaidh.

356.

Ba cheart dreasachtaí éifeachtúla a bheith ag tairbhithe na mbeart maidir le slándáil an tsoláthair chun cur le slándáil an tsoláthair le linn na tréimhse seachadta. Ba cheart na dreasachtaí sin a bheith bainteach i gcoitinne leis an luach lóid chaillte (VOLL) (135). Mar shampla, i gcás nach bhfuil tairbhí ar fáil, ba cheart pionós a bhaineann le VOLL a ghearradh air. Seachas i gcás bearta plódaithe líonra, ba cheart, i gcoitinne, an pionós sin teacht as praghsanna na socraíochta éagothroime leictreachais chun saobhadh ar fheidhmiú an mhargaidh a sheachaint.

357.

Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint freisin as deimhnithe iomaíocha/scéimeanna oibleagáide na soláthraithe, ar na choinníollacha seo a leanas:

a)

socraítear an t-éileamh sa scéim faoi bhun an tsoláthair a d’fhéadfadh a bheith ann; agus

b)

an praghas ceannaigh thar barr amach/an praghas pionóis a bhfuil feidhm aige maidir le tomhaltóir/soláthróir nár cheannaigh an líon deimhnithe is gá (i.e. an praghas arb é atá ann an t-uasmhéid a íocfar le tairbhithe), socraítear é ar leibhéal lena n-áirithítear nach féidir róchúiteamh a thabhairt do thairbhithe.

4.8.5   Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil agus cothromú

358.

Seachas pointe 70, níl feidhm ag Roinn 3.2.2 maidir le bearta i ndáil le slándáil an tsoláthair leictreachais.

359.

Ní mór an chabhair a dhearadh chun feidhmiú éifeachtach na margaí a chaomhnú agus chun dreasachtaí oibriúcháin agus comharthaí praghais éifeachtúla a chaomhnú.

360.

Níor cheart dreasachtaí a chur ar fáil chun fuinneamh a ghiniúint a chuirfeadh cineálacha fuinnimh is lú truailliú as áit.

361.

Comhlíonfar na ceanglais i bpointí 359 agus 360 go ginearálta nuair a íocfaidh beart as acmhainneacht (EUR in aghaidh an mheigeavata (MW)) seachas as aschur leictreachais (EUR/MWh). I gcás ina ndéantar íocaíocht in aghaidh an MWh, tá gá le haird bhreise chun a áirithiú go seachnófar éifeachtaí díobhálacha ar an margadh, agus nach gcuirfear foinsí giniúna is lú truailliú as áit.

362.

Ní mór na bearta maidir le slándáil an tsoláthair aon choinníoll dearaidh is infheidhme in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2019/943 (136) a chomhlíonadh.

363.

I gcás cúlchistí straitéiseacha agus aon bheart eile le haghaidh leordhóthanacht acmhainní, lena n-áirítear scéimeanna in-idirbhriste, i gcás ina gcoinnítear acmhainneacht lasmuigh den mhargadh, chun a áirithiú nach saobhfar praghasmhúnlú margaidh, tá feidhm ag na ceanglais bhreise charnacha seo a leanas:

a)

níl acmhainní an bhirt le seoladh ach amháin i gcás gur dóigh go n-ídeoidh na hoibreoirí córas tarchurtha a n-acmhainní cothromúcháin chun cothromaíocht a bhunú idir an t-éileamh agus an soláthar (137);

b)

le linn tréimhsí socraíochta éagothroime inar seoladh acmhainní an bhirt, réiteofar míchothromaíochtaí sa mhargadh ar a laghad ag an luach lóid chaillte nó ag luach atá níos airde ná an teorainn praghais theicniúil ionlae (138), cibé acu is airde;

c)

Maidir le haschur an bhirt tar éis dó a bheith seolta, déanfar é a shannadh chun páirtithe freagracha a chothromú tríd an sásra socraíochta éagothroime;

d)

ní fhaigheann na hacmhainní luach saothair ón mhargadh mórdhíola an leictreachais ná ó mhargaí cothromúcháin;

e)

déanfar na hacmhainní sa bheart a choinneáil lasmuigh de na margaí fuinnimh ar feadh thréimhse an chonartha ar a laghad.

364.

I gcás bearta plódaithe líonra, nuair a choimeádtar acmhainní lasmuigh den mhargadh, ní féidir na hacmhainní sin luach saothair a fháil ón margadh mórdhíola leictreachais ná ó mhargaí cothromúcháin agus ní mór iad a choimeád lasmuigh de na margaí fuinnimh go gceann fhad na tréimhse conartha ar a laghad.

365.

I gcás sásraí acmhainneachta nach cúltacaí straitéiseacha iad, ní mór do na Ballstáit an méid seo a leanas a áirithiú maidir leis an mbeart:

a)

go bhfuil sé bunaithe chun a áirithiú go gclaonfaidh an praghas a íocfar as infhaighteacht i dtreo an nialais i gcás ina meastar go mbeidh leibhéal na hacmhainneachta a sholáthrófar leormhaith chun an leibhéal acmhainneachta a éilítear a chomhlíonadh;

b)

go dtugtar luach saothair do na hacmhainní rannpháirteacha as a n-infhaighteacht amháin agus go n-áirithítear nach ndéanfaidh an luach saothair difear do chinntí an tsoláthraí acmhainneachta cibé acu an nginfidh siad nó nach nginfidh siad; agus

c)

gur féidir oibleagáidí acmhainneachta a bheith inaistrithe idir soláthraithe acmhainneachta incháilithe.

366.

Maidir le bearta a bhaineann le slándáil an tsoláthair leictreachais, níor cheart dóibh:

a)

saobhadh margaidh míchuí a chruthú ná teorainn a chur le trádáil thraschreasach;

b)

dreasachtaí a laghdú chun infheistíocht a dhéanamh in acmhainneachta idirnaisc – mar shampla tríd an ioncam ó phlódú a laghdú d’idirnascairí atá ann cheana nó d’idirnascairí nua;

c)

an bonn a bhaint de chúpláil an mhargaidh, lena n-áirítear margaí ionlae agus margaí cothromúcháin;

d)

an bonn a bhaint de chinntí infheistíochta maidir le hacmhainneacht a tháinig roimh an mbeart.

367.

Chun nach mbainfí an bonn de dhreasachtaí maidir leis an bhfreagairt don éileamh agus ionas nach gcuirfear leis na clistí margaidh as a n-eascraíonn an gá le bearta i ndáil le slándáil an tsoláthair, agus chun a áirithiú go mbeidh an idirghabháil i dtaca le slándáil an tsoláthair chomh teoranta agus is féidir, ba cheart do na rannpháirtithe sa mhargadh na costais a bhaineann le beart maidir le slándáil an tsoláthair a íoc, ar rannpháirtithe iad a chuireann leis an ngá atá leis an mbeart. Mar shampla, féadfar é sin a bhaint amach trí na costais a bhaineann le beart slándála soláthair a leithdháileadh ar thomhaltóirí leictreachais i dtréimhsí buaicéilimh leictreachais nó trí na costais a bhaineann le beart plódaithe líonra a leithdháileadh ar thomhaltóirí sa réigiún ina bhfuil ganntanas tráth a sheoltar an acmhainneacht sa bheart. Mar sin féin, d“fhéadfadh sé nach mbeadh gá le leithdháileadh costas den sórt sin i gcás ina gcuireann an Ballstát anailís ar fáil ar bhonn fianaise, lena n-áirítear an fhianaise sin a bailíodh le linn an chomhairliúcháin phoiblí, go mbainfeadh leithdháileadh na gcostas ar an mbealach sin an bonn de chost-éifeachtúlacht an bhirt nó go mbeadh saobhadh mór iomaíochta ann dá thoradh sin agus, saobhadh a bhainfeadh an bonn de na sochair a d”fhéadfadh teacht as leithdháileadh costas den sórt sin.

368.

Measann an Coimisiún go bhfuil éifeachtaí diúltacha ag bearta áirithe cabhrach ar an iomaíocht agus ar an trádáil nach dócha go ndéanfar iad a chúiteamh. Go háirithe, d’fhéadfadh bearta áirithe cabhrach clistí margaidh a chur in olcas, rud a chruthódh neamhéifeachtúlachtaí a dhéanfadh dochar do leas an tomhaltóra agus do leas sóisialta. Mar shampla, bearta – lena n-áirítear bearta plódaithe líonra agus scéimeanna in-idirbhriste – nach n-urramaíonn an tairseach astaíochtaí is infheidhme maidir leis na sásraí acmhainneachta a leagtar amach in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2019/943 agus lena bhféadfaí dreasacht a thabhairt le haghaidh infheistíochtaí nua i bhfuinneamh atá bunaithe ar na breoslaí iontaise is truaillithí, amhail gual, díosal, lignít, ola, móin agus scealla ola, déanann siad na seachtrachtaí comhshaoil diúltacha sa mhargadh a mhéadú.

369.

Le bearta lena ndreasaítear infheistíochtaí nua i nginiúint fuinnimh atá bunaithe ar ghás nádúrtha, féadfaidh siad tacú le slándáil an tsoláthair leictreachais ach is féidir na seachtrachtaí diúltacha comhshaoil a chur in olcas san fhadtéarma, i gcomparáid le hinfheistíochtaí malartacha i dteicneolaíochtaí neamh-astaíochta. Chun é a chur ar a chumas don Choimisiún a fhíorú gur féidir éifeachtaí diúltacha na mbeart sin a chúiteamh trí na héifeachtaí dearfacha sa tástáil cothromaíochta, ba cheart do na Ballstáit a mhíniú conas a áiritheoidh siad go gcuirfidh infheistíocht den sórt sin le sprioc aeráide 2030 an Aontais agus sprioc 2050 an Aontais maidir le haeráidneodracht a bhaint amach. Go háirithe, ní mór do na Ballstáit a mhíniú conas a sheachnófar glasáil na giniúna fuinnimh gásadhainte sin. Mar shampla, d’fhéadfaí a áireamh leis sin gealltanais cheangailteacha ón tairbhí chun teicneolaíochtaí dícharbónaithe amhail CCS/CCU a chur chun feidhme nó chun gás in-athnuaite nó ísealcharbóin a chur in ionad gás nádúrtha nó chun an gléasra a dhúnadh ar amlíne atá i gcomhréir le spriocanna aeráide an Aontais.

370.

I gcás bearta aonair cabhrach nó scéimeanna nach ndeanann tairbhe ach do líon teoranta tairbhithe nó do thairbhí atá ann faoi láthair, ba cheart do na Ballstáit, ina theannta sin, a léiriú nach mbeidh cumhacht mhéadaithe sa mhargadh mar thoradh ar an mbeart cabhrach atá beartaithe.

4.9   Cabhair le haghaidh bonneagar fuinnimh

4.9.1   An réasúnaíocht atá ag an gcabhair

371.

Chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach, beidh gá le hinfheistíocht agus uasghrádú suntasach ar an mbonneagar fuinnimh. Tá bonneagar fuinnimh nua-aimseartha ríthábhachtach chun margadh fuinnimh comhtháite a bhaint amach a lena gcomhlíonfar na spriocanna aeráide agus lena n-áiritheoidh slándáil an tsoláthair san Aontas an tráth céanna. Gné riachtanach de mhargadh fuinnimh éifeachtúil is ea bonneagar leordhóthanach fuinnimh. Trí fheabhas a chur ar an mbonneagar fuinnimh, cuirtear feabhas ar chobhsaíocht an chórais, ar leordhóthanacht acmhainní, ar chomhtháthú foinsí éagsúla fuinnimh agus ar an soláthar fuinnimh i líonraí tearcfhorbartha.

372.

I gcás nach féidir le hoibreoirí margaidh an bonneagar is gá a sholáthar, d’fhéadfadh gá a bheith le státchabhair chun clistí margaidh a shárú agus chun a áirithiú go bhfreastalófar ar riachtanais shuntasacha bonneagair an Aontais. Ar na clistí margaidh a d’fhéadfadh teacht chun cinn i réimse an bhonneagair fuinnimh, baineann ceann amháin acu lé le fadhbanna comhordaithe. Leasanna éagsúla i measc infheisteoirí, éiginnteacht maidir leis an toradh comhoibríoch agus éifeachtaí líonra, d’fhéadfadh an méid sin cosc a chur ar fhorbairt tionscadail nó ar a dhearadh. An tráth céanna, d’fhéadfadh an bonneagar fuinnimh seachtrachtaí dearfacha substaintiúla a chruthú, trína bhféadfadh costais agus sochair an bhonneagair a bheith ann go neamhshiméadrach i measc na rannpháirtithe éagsúla sa mhargadh agus i measc na mBallstát. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur féidir cabhair le haghaidh an bhonneagair fuinnimh a bheith tairbhiúil don mhargadh inmheánach trí aghaidh a thabhairt ar na clistí margaidh sin. Tá feidhm aige sin go háirithe maidir le tionscadail bhonneagair a bhfuil tionchar trasteorann acu amhail tionscadail leasa choitinn, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4) de Rialachán (CE) Uimh. 347/2013.

373.

I gcomhréir leis an bhFógra um Choincheap na Cabhrach (139), an tacaíocht don bhonneagar fuinnimh laistigh de chreat monaplachta dlíthiúla, níl sin faoi réir rialacha maidir leis an státchabhair. In earnáil an fhuinnimh, tá an méid sin an-ábhartha maidir leis na Ballstáit sin ina bhfuil tógáil agus oibriú bonneagar áirithe forchoimeádta go heisiach le dlí don TSO nó don DSO.

374.

Measann an Coimisiún gurb ann do mhonaplacht dhlíthiúil a chuireann saobhadh iomaíochta as an áireamh i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha carnacha seo a leanas:

a)

tá tógáil agus oibriú an bhonneagair faoi réir monaplacht dhlíthiúil arna bunú i gcomhréir le dlí an Aontais; is amhlaidh atá i gcás inarb é an TSO/an DSO an t-aon eintiteas atá i dteideal cineál áirithe infheistíochta nó gníomhaíochta a dhéanamh agus nach féidir le haon eintiteas eile líonra malartach a oibriú (140);

b)

le monaplacht dhlíthiúil, ní hamháin go n-eisiatar iomaíocht sa mhargadh, ach go n-eisiatar iomaíocht le haghaidh an mhargaidh freisin, sa mhéid go n-eisiatar aon iomaitheoir a d’fhéadfadh a bheith ann ar mhian leis a bheith ina oibreoir eisiach don bhonneagar atá i gceist;

c)

níl an tseirbhís in iomaíocht le seirbhísí eile;

d)

má tá oibreoir an bhonneagair fuinnimh gníomhach i margadh (geografach nó táirge) eile atá oscailte don iomaíocht, déantar tras-fhóirdheonú a eisiamh; chuige sin, ní mór cuntais ar leith a úsáid, na costais agus na an t-ioncam a leithdháileadh ar bhealach iomchuí agus ní féidir cistiú poiblí a chuirtear ar fáil don tseirbhís atá faoi réir na monaplachta dlíthiúla dul chun tairbhe gníomhaíochtaí eile. A mhéid a bhaineann le bonneagar leictreachais agus gáis, ós rud é go gceanglaítear le hAirteagal 56 de Threoir (AE) 2019/944 agus le hAirteagal 31 de Threoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle go gcoinneoidh eintitis atá comhtháite go hingearach cuntais ar leith le haghaidh gach ceann dá ngníomhaíochtaí, is dócha go gcomhlíonfar an ceanglas sin.

375.

Ar an gcaoi chéanna, measann an Coimisiún nach bhfuil aon státchabhair bainteach le hinfheistíochtaí ina bhfuil an bonneagar fuinnimh á rith faoi “mhonaplacht nádúrtha”, rud a mheastar a bheith ann i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha carnacha seo a leanas:

a)

níl aon iomaíocht dhíreach i ndán do bhonneagar, is é sin nuair nach féidir an bonneagar fuinnimh a mhacasamhlú sa gheilleagar agus, dá bhrí sin, i gcás nach mbeidh aon oibreoirí seachas an TSO/DSO páirteach;

b)

níl suntas ar bith ag maoiniú malartach sa bhonneagar líonra, sa bhreis ar an maoiniú líonra, san earnáil agus sa Bhallstát lena mbaineann;

c)

níor dearadh an bonneagar chun fabhar roghnaitheach a thabhairt do ghnóthas nó d’earnáil ar leith ach cuireann sé sochair ar fáil don tsochaí i gcoitinne.

d)

Ní mór do na Ballstáit a áirithiú freisin nach féidir an maoiniú a chuirtear ar fáil chun bonneagar an líonra fuinnimh a thógáil agus/nó a oibriú, nach féidir an maoiniú sin a úsáid chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile a thras-fhóirdheonú nó a fhóirdheonú go hindíreach. Maidir le bonneagar leictreachais agus gáis, féach 374.

4.9.2   Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht

376.

Tá feidhm ag an Roinn 4.9 seo maidir le cabhair chun infheistíochtaí i mbonneagar fuinnimh a thógáil nó a uasghrádú, mar a shainmhínítear i bpointe 19(36) (141). Féadfar a áireamh ar infheistíochtaí incháilithe an digitiú, treisiú an bhonneagair fuinnimh, e.g. chun comhtháthú an fhuinnimh in-athnuaite nó ísealcharbóin a dhéanamh, chomh maith le huasghráduithe ar fhoras na hathléimneachta in aghaidh an athraithe aeráide. Ba cheart d’úsáideoirí an líonra na costais oibriúcháin a iompar i gcoitinne, agus dá bhrí sin, níor cheart gá a bheith le cabhair le haghaidh na gcostas sin de ghnáth. In imthosca eisceachtúla ina léiríonn Ballstát nach féidir costais oibriúcháin a aisghabháil ó úsáideoirí an líonra, agus i gcás nach mbaineann an chabhair oibriúcháin le costais bháite ach go dtagann athrú ar iompraíocht a fhágann gur féidir na cuspóirí maidir le slándáil an tsoláthair nó cosaint an chomhshaoil a bhaint amach, féadfar a mheas go bhfuil an chabhair oibriúcháin le haghaidh bonneagair comhoiriúnach. Mura n-eisiatar an tionscadal ó rialú na státchabhrach (féach pointe 374 agus 375), déanfaidh an Coimisiún é a mheasúnú mar a leagtar amach sa Roinn seo.

377.

Beidh feidhm ag an Roinn 4.9 seo maidir le saoráidí stórála fuinnimh go dtí an 31 Nollaig 2023, lena mbaineann línte tarchuir nó dáileacháin (stóráil leictreachais neamhspleách (142)) gan beann ar na leibhéil voltais (143).

4.9.3   Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála

4.9.3.1   Riachtanas agus oiriúnacht

378.

Níl feidhm ag Ranna 3.2.1.1 agus 3.2.1.2 maidir le cabhair le haghaidh bonneagar fuinnimh.

379.

Is iondúil gur trí tharaifí úsáideoirí a mhaoinítear an bonneagar fuinnimh. I gcás go leor catagóirí bonneagair, tá na taraifí sin faoi réir rialála, chun an leibhéal infheistíochta is gá a áirithiú agus cearta úsáideoirí á gcaomhnú an tráth céanna, déanann siad léiriú costas a áirithiú agus socraítear iad gan aon chur isteach ón Stát.

380.

Is bealach é státchabhair a dheonú chun clistí margaidh a shárú, rud nach féidir aghaidh a thabhairt air go hiomlán trí tharaifí éigeantacha úsáideoirí. Dá bhrí sin, tá feidhm ag na prionsabail seo a leanas chun an gá atá le státchabhair a léiriú:

a)

i gcás tionscadail leasa choitinn mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2, pointe (4) de Rialachán (AE) Uimh. 347/2013, tionscadail atá go hiomlán faoi réir reachtaíocht maidir leis an margadh inmheánach fuinnimh, measann an Coimisiún go bhfágann clistí an mhargaidh i dtéarmaí fadhbanna comhordaithe nach leor maoiniú trí bhíthin taraifí agus go bhféadfar státchabhair a dheonú;

b)

i gcás tionscadail leasa choitinn atá díolmhaithe go páirteach nó go hiomlán ó reachtaíocht maidir leis an margadh inmheánach fuinnimh, agus i gcás catagóirí eile bonneagair, déanfaidh an Coimisiún measúnú cás ar chás ar an ngá atá le státchabhair. Sa mheasúnú ón gCoimisiún, déanfaidh sé na tosca seo a leanas a mheas: (i) a mhéid a bhíonn soláthar fo-optamach an bhonneagair is gá mar thoradh ar an gcliseadh margaidh; (ii) a mhéid atá an bonneagar oscailte do rochtain tríú páirtí agus faoi réir rialáil taraifí; agus (iii) a mhéid a chuireann an tionscadal le slándáil an tsoláthair fuinnimh san Aontas nó le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais. I gcás bonneagar idir an tAontas agus tríú tír, mura bhfuil an tionscadal ar liosta na dtionscadal comhleasa, féadfar tosca eile a chur san áireamh freisin chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid atá sé ag luí le rialacha an Mhargaidh Inmheánaigh (144).

c)

I gcás saoráidí stórála leictreachais, féadfaidh an Coimisiún é a chur de cheangal ar an mBallstát cliseadh sonrach margaidh a léiriú a bhaineann le forbairt saoráidí chun seirbhísí comhchosúla a sholáthar.

4.9.3.2   Comhréireacht na cabhrach

381.

Déanfar measúnú ar chomhréireacht ar bhonn phrionsabal na bearna cistiúcháin mar a leagtar amach i bpointí 48, 51, agus 52. Maidir le cabhair le haghaigh bonneagair, mar a mhínítear i bpointe 52, glactar leis gurb é an cás frithfhíorasach an cás nach dtarlódh an tionscadal. D’fhéadfadh sé gur ghá sásraí faireacháin agus sásra aisghlámtha a thabhairt isteach i gcás ina bhfuil riosca brabúis amhantair ann, e.g. nuair atá an chabhair gar don mhéid is mó a cheadaítear, agus dreasachtaí á gcoinneáil do na tairbhithe a gcostais a íoslaghdú agus a ngnólacht a fhorbairt ar bhealach níos éifeachtúla le himeacht ama.

4.9.4   Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil agus cothromú

382.

Níl feidhm ag Roinn 3.2.2. maidir leis an mbonneagar fuinnimh. Agus anailís á déanamh ar thionchar na státchabhrach le haghaidh an bhonneagair fuinnimh ar an iomaíocht, is mar seo a leanas a bheidh cur chuige an Choimisiúin:

a)

I bhfianaise na gceanglas atá ann cheana faoin reachtaíocht maidir leis an margadh inmheánach fuinnimh, ceanglais a bhfuil sé d’aidhm acu an iomaíocht a neartú, measfaidh an Coimisiún go ginearálta nach mbeidh iarmhairt saobhacha míchuí ag cabhair le haghaidh bonneagar fuinnimh atá faoi réir rialáil iomlán an mhargaidh inmheánaigh (145).

b)

I gcás tionscadal bonneagair a dhíolmhaítear, ina n-iomláine nó i bpáirt, ó reachtaíocht maidir leis an margadh inmheánach fuinnimh, déanfaidh an Coimisiún measúnú cás ar chás ar an saobhadh iomaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann, agus é á chur san áireamh, go háirithe, a mhéid atá rochtain ag an tríú páirtí ar an mbonneagar a fuair an chabhair, rochtain ar bhonneagar malartach, an brú amach ar infheistíocht phríobháideach agus staid iomaíoch an tairbhí nó na dtairbhithe. I gcás bonneagar a dhíolmhaítear go hiomlán ón reachtaíocht maidir leis an margadh inmheánach fuinnimh, meastar go bhfuil na iarmhairtí diúltacha saobhacha ar an iomaíocht thar a bheith tromchúiseach.

c)

I dteannta an chur chuige a leagtar amach i bpointe (a) agus i bpointe (b), measann an Coimisiún gur gá do na Ballstáit, i gcás infheistíochtaí sa bhonneagar gáis nádúrtha, na héifeachtaí dearfacha seo a leanas a léiriú lena bhféadfaí na héifeachtaí diúltacha ar an iomaíocht a chúiteamh: (i) an bhfuil an bonneagar réidh le haghaidh úsáid hidrigine agus an mbeidh méadú ar úsáid gás in-athnuaite mar thoradh air, nó mar mhalairt air sin, an chúis nach féidir an tionscadal a dhearadh ionas go mbeidh sé réidh le haghaidh úsáid hidrigine agus an chaoi nach gcruthóidh an tionscadal éifeacht glasála maidir le húsáid gáis nádúrtha; agus (ii) an chaoi a gcuirfidh infheistíocht den sórt sin le sprioc aeráide 2030 an Aontais agus sprioc 2050 an Aontais maidir le haeráidneodracht a bhaint amach.

d)

Maidir le tacaíocht do shaoráidí stórála leictreachais - chomh maith le bonneagar tionscadal leasa choitinn agus bonneagar tionscadal comhleasa nach bhfuil faoi réir reachtaíocht maidir leis an margadh inmheánach - déanfaidh an Coimisiún measúnú go háirithe ar na rioscaí go ndéanfaí saobhadh ar an iomaíocht a d’fhéadfadh teacht chun cinn i margaí seirbhísí gaolmhara agus i margaí fuinnimh eile chomh maith.

4.10   Cabhair le haghaidh téamh agus fuarú ceantair

4.10.1   An réasúnaíocht atá ag an gcabhair

383.

Dá ndéanfaí na córais téimh agus fuaraithe ceantair a thógáil agus a úasghrádú, is féidir cur go dearfach le cosaint an chomhshaoil trí éifeachtúlacht fuinnimh agus inbhuanaitheacht an chórais dá dtugtar tacaíocht a mhéadú. Le reachtaíocht earnálach maidir le fuinneamh in-athnuaite a chur chun cinn (Treoir (AE) 2018/2001) ceanglaítear go sonrach ar na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh d’fhonn bonneagar éifeachtúil téimh agus fuaraithe ceantair a fhorbairt chun téamh agus fuarú ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a chur chun cinn (146).

384.

Mar sin féin, d’fhéadfaí tearcinfheistíocht neamhéifeachtúil i dtógáil agus in uasghrádú na gcóras téimh agus fuaraithe ceantair a bheith ann i ngeall ar na seachtrachtaí comhshaoil a bhaineann le hoibriú an téimh agus an fhuaraithe ceantair. Féadfaidh státchabhair cur le haghaidh a thabhairt ar an gcliseadh margaidh sin trí infheistíocht éifeachtúil bhreise a spreagadh nó trí thacú le costais oibriúcháin eisceachtúla i ngeall ar an ngá atá le cuspóir comhshaoil na gcóras téimh ceantair a chur chun cinn.

4.10.2   Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht

385.

Tacaíocht atá teoranta do líonraí dáileacháin téimh ceantair, is féidir í a mheas, faoi imthosca áirithe, go bhfuil sí lasmuigh den rialú státchabhrach mar bheart bonneagair nach ndéanann difear d’iomaíocht ná do thrádáil. B’amhlaidh a bheadh, go háirithe, nuair a bheadh líonraí téimh ceantair á reáchtáil ar an mbealach céanna le bonneagar fuinnimh eile trí dheighilt a dhéanamh ó ghiniúint téimh, ó rochtain tríú páirtí agus ó tharaifí rialáilte.

386.

In imthosca den sórt sin, aon uair a dhéantar líonraí dáileacháin an téimh ceantair a reáchtáil i staid monaplachta nádúrtha nó dlíthiúla, nó an dá rud, beidh feidhm ag na coinníollacha céanna, is é sin pointí 374 agus 375 (147).

387.

Mura n-eisiatar an tionscadal ó rialú na státchabhrach (féach pointe 385 (148)), déanfaidh an Coimisiún é a mheasúnú mar a leagtar amach sa Roinn seo.

388.

Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le cabhair chun gléasra giniúna agus stórála téimh nó fuaraithe a thógáil, a uasghrádú nó a oibriú, nó maidir le cabhair chun sin a dhéanamh i ndáil leis an líonra dáileacháin, nó don dá rud araon.

389.

Go hiondúil, cumhdaítear le bearta cabhrach den sórt sin tógáil, uasghrádú agus oibriú an aonaid giniúna chun fuinneamh inathnuaite (149), dramhtheas nó comhghiniúint ardéifeachtúlachta a úsáid, lena n-áirítear réitigh teirmeastórála, nó uasghrádú an líonra dáileacháin chun caillteanais a laghdú agus chun éifeachtúlacht a mhéadú, lena n-áirítear trí réitigh chliste agus dhigiteacha (150). Féadfar a mheas go bhfuil cabhair le haghaidh giniúint fuinnimh atá bunaithe ar dhramhaíl comhoiriúnach faoin roinn seo sa mhéid go bhfuil sí teoranta do dhramhaíl a chomhlíonann an sainmhíniú ar fhoinsí fuinnimh in-athnuaite nó do dhramhaíl a úsáidtear chun suiteálacha a thiomáint a chomhlíonann an sainmhíniú ar chomhghiniúint ardéifeachtúlachta.

390.

I gcás ina ndeonaítear cabhair chun córas téimh agus fuaraithe ceantair a uasghrádú gan caighdeán an téimh agus an fhuaraithe ceantair éifeachtúil (151) a chomhlíonadh ag an gcéim sin, ní mór don Bhallstát gealltanas a thabhairt go gcuirfidh tairbhí na cabhrach tús leis na hoibreacha chun an caighdeán sin a bhaint amach laistigh de thrí bliana tar éis na n-oibreacha uasghrádúcháin.

4.10.3   Riachtanas agus oiriúnacht

391.

Níl feidhm ag Ranna 3.2.1.1 agus 3.2.1.2 maidir le cabhair le haghaidh téamh nó fuarú ceantair. Measann an Coimisiún gur féidir le státchabhair cur le haghaidh a thabhairt ar chlistí margadh trí na costais infheistíochta is gá a spreagadh chun córais éifeachtúla téimh agus fuaraithe ceantair a chruthú, a leathnú nó a uasghrádú.

392.

Ba cheart do thomhaltóirí teasa na costais oibriúcháin a íoc i gcoitinne, agus dá bhrí sin, níor cheart gá a bheith le cabhair le haghaidh na gcostas sin de ghnáth. I gcás ina léiríonn Ballstát nach féidir na costais oibriúcháin a chur ar aghaidh chuig tomhaltóirí teasa gan an bonn a bhaint de chosaint an chomhshaoil, féadfar a mheas go mbeidh an chabhair oibriúcháin le haghaidh giniúint teasa comhoiriúnach a mhéid is a chuireann na glanchostais bhreise oibriúcháin (i gcomparáid le cás frithfhíorasach) le baint amach na sochar comhshaoil (amhail laghdú CO2 agus laghdú truaillithe eile i gcomparáid le réitigh mhalartacha téimh (152)). Mar shampla, b’amhlaidh a bheadh i gcás ina bhfuil fianaise ann go n-athródh tomhaltóirí teasa cónaithe (nó eintitis eile nach bhfuil i mbun gníomhaíochtaí eacnamaíocha) go foinsí teasa níos truaillithí in éagmais cabhair oibriúcháin (153) nó, in éagmais tacaíochta, go mbeadh bagairt ar inmharthanacht fhadtéarmach an chórais téimh ceantair, rud a rachadh chun tairbhe na réiteach téimh níos truaillithí. I gcás cabhair oibriúcháin le haghaidh saoráidí giniúna téimh ceantair, tá feidhm ag pointí 122 agus 126.

393.

Ina theannta sin, an státchabhair le haghaidh córais téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúla a úsáideann dramhaíl mar bhreosla ionchuir, is féidir an státchabhair sin cur go dearfach le cosaint an chomhshaoil, ar choinníoll nach dtéann sí timpeall ar phrionsabal ord na réiteach dramhaíola (154).

4.10.4   Comhréireacht an bhirt cabhrach

394.

Déanfar measúnú ar chomhréireacht ar bhonn phrionsabal na bearna cistiúcháin mar a leagtar amach i bpointí 48, 51, agus 52.

395.

I gcás líonraí dáileacháin a thógáil, a uasghrádú agus a oibriú, mar a leagtar amach i bpointe 52, is é an cás frithfhíorasach an cás nach dtarlódh an tionscadal.

4.10.5   Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil agus cothromú

396.

Níl feidhm ag Roinn 3.2.2 maidir le cabhair le haghaidh téamh nó fuarú ceantair. An tacaíocht a thugtar chun córais téimh agus fuaraithe ceantair a uasghrádú, a thógáil nó a oibriú, ar córais iad a bhíonn ag brath ar na breoslaí iontaise is truaillithí amhail gual, lignít, ola agus díosal, measann an Coimisiún go bhfuil iarmhairtí diúltacha ag an tacaíocht sin ar an iomaíocht agus ar thrádáil nach dócha go ndéanfar iad a chúiteamh ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha carnacha seo a leanas:

a)

tá an chabhair teoranta d’infheistíochtaí ar an líonra dáileacháin;

b)

leis an líonra dáileacháin, is féidir teas nó fuarú arna ghiniúint ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite, ó fhoinsí dramhtheasa nó ó fhoinsí atá neodrach ó thaobh carbóin de a iompar cheana;

c)

ní thagann méadú ar ghiniúint fuinnimh ó na breoslaí iontaise is truaillithí as an gcabhair (mar shampla, trí chustaiméirí breise a nascadh) (155);

d)

tá amlíne shoiléir ann lena mbaineann gealltanais dhaingne ann chun aistriú ó na breoslaí iontaise is truaillithí, i bhfianaise sprioc aeráide 2030 an Aontais agus sprioc 2050 maidir le haeráidneodracht (156).

397.

A mhéid a bhaineann le suiteálacha giniúna téimh ceantair a thógáil, a uasghrádú nó a oibriú, bearta lena ndreasaítear infheistíochtaí nua i sócmhainní giniúna fuinnimh bunaithe ar ghás nádúrtha nó oibriú na sócmhainní sin atá bunaithe ar ghás nádúrtha, féadfaidh na bearta sin astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú sa ghearrthéarma ach is féidir seachtrachtaí diúltacha comhshaoil a chur in olcas san fhadtéarma, i gcomparáid le hinfheistíochtaí malartacha nó cásanna frithfhíorasacha. Chun go bhféachfar ar na hinfheistíochtaí sin i ngás nádúrtha, nó ar oibriú atá bunaithe ar ghás nádúrtha mar nithe a bhfuil éifeachtaí dearfacha ar an gcomhshaol acu, ní mór do na Ballstáit a mhíniú conas a áiritheoidh siad go gcuirfidh an chabhair le sprioc aeráide 2030 an Aontais agus sprioc 2050 an Aontais maidir le haeráidneodracht a bhaint amach agus, go háirithe, conas a sheachnófar glasáil na giniúna fuinnimh gásadhainte agus conas nach gcuirfear infheistíochtaí ina roghanna malartacha níos glaine atá ar fáil ar an margadh cheana féin as áit, rud a chuirfeadh bac ar fhorbairt na dteicneolaíochtaí glana agus ar a n-úsáid. Mar shampla, d’fhéadfaí a áireamh leis sin gealltanais cheangailteacha ón tairbhí chun CCS/CCU a chur chun feidhme nó chun gás in-athnuaite nó ísealcharbóin a chur in ionad gás nádúrtha nó chun an gléasra a dhúnadh ar amlíne atá i gcomhréir le spriocanna aeráide an Aontais.

398.

Agus anailís á déanamh ar thionchar na státchabhrach le haghaidh córas téimh agus fuaraithe ceantair ar an iomaíocht, déanfaidh an Coimisiún measúnú ina ndéanfar cothromaíocht idir sochar an tionscadail i dtéarmaí éifeachtúlacht fuinnimh agus i dtéarmaí na hinbhuanaitheachta (157) i gcomparáid leis na héifeachtaí diúltacha ar an iomaíocht agus go háirithe an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ar theicneolaíochtaí malartacha nó ar sholáthraithe seirbhísí agus líonraí téimh agus fuaraithe. Sa chomhthéacs sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an bhfuil an córas téimh ceantair oscailte do rochtain tríú páirtí (158) nó an bhféadfaidh sé a bheith oscailte mar sin, agus an féidir réitigh mhalartacha teasa a bheith ann (159).

4.11   Cabhair i bhfoirm laghduithe ar thobhaigh leictreachais d’úsáideoirí dianfhuinnimh

4.11.1   An réasúnaíocht atá ag an gcabhair

399.

Claochlú gheilleagar an Aontais, rud atá i gcomhréir leis an Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, tá sin á mhaoiniú go páirteach le tobhaigh ar ídiú leictreachais. Chun an Comhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach, ní mór do na Ballstáit beartais uaillmhianacha dícharbónaithe a chur i bhfeidhm chun astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú go suntasach faoi 2030 agus chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Sa chomhthéacs sin, is dócha go leanfaidh na Ballstáit de na beartais sin a mhaoiniú le tobhaigh agus, dá bhrí sin, b’fhéidir go dtiocfaidh méadú ar na tobhaigh sin. Agus na tacaíocht dícharbónaithe á cistiú le tobhaigh, ní dhírítear ar sheachtracht dhiúltach inti féin. Dá bhrí sin, ní tobhaigh chomhshaoil na tobhaigh sin chun críoch na dtreoirlínte seo níl feidhm ag Roinn 4.7.1 maidir leis na tobhaigh sin.

400.

I gcás earnálacha eacnamaíocha áirithe atá neamhchosanta go háirithe ar thrádáil idirnáisiúnta agus a bhraitheann go mór ar leictreachas chun a luach a chruthú, an oibleagáid méid iomlán na dtobhach ar ídiú leictreachais lena maoinítear cuspóirí beartais fuinnimh agus comhshaoil, is féidir an oibleagáid sin an riosca a mhéadú go n-aistreofar gníomhaíochtaí sna hearnálacha sin lasmuigh den Aontas chuig suíomhanna nach bhfuil smacht comhshaoil ann nó nach bhfuil siad chomh huaillmhianach sin. Ina theannta sin, le tobhaigh den sórt sin, méadaítear costas an leictreachais i gcomparáid le costas na n-astaíochtaí díreacha a eascraíonn as dul i muinín foinsí eile fuinnimh agus, dá bhrí sin, is féidir leictriú na bpróiseas táirgthe a dhíspreagadh leis na tobhaigh sin, rud atá lárnach chun geilleagar an Aontais a dhícharbónú ar bhealach rathúil. Chun na rioscaí sin agus drochthionchair ar an gcomhshaol a mhaolú, is féidir leis na Ballstáit laghduithe ó thobhaigh den sórt sin a dheonú do chuideachtaí atá gníomhach sna hearnálacha eacnamaíocha lena mbaineann.

401.

Leagtar amach sa Roinn seo na critéir a chuirfidh an Coimisiún i bhfeidhm agus measúnú á dhéanamh aige ar fhorbairt gníomhaíochta eacnamaíche, ar éifeacht dreasachta, ar riachtanas, ar oiriúnacht, ar chomhréireacht agus ar thionchar iomaíochta na laghduithe ar thobhaigh leictreachais d’úsáideoirí dianfhuinnimh áirithe. Níl feidhm ag na critéir chomhoiriúnachta i gCaibidil 3 ach sa mhéid nach bhfuil rialacha sonracha luaite i Roinn 4.11.

402.

D’úsáid an Coimisiún bearta iomchuí chun na hearnálacha sin atá go mór i mbaol ó na rioscaí a luaitear i bpointe 400 a shainaithint agus tá ceanglais chomhréireachta tugtha isteach aige lena gcuirtear san áireamh, má tá na laghduithe ar an tobhach ró-ard nó má dhámhtar ar an iomarca tomhaltóirí leictreachais iad, go bhféadfadh baol a bheith ann do chistiú foriomlán na tacaíochta don fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite agus go bhféadfadh saobhadh iomaíochta agus trádála a bheith an-ard.

4.11.2   Raon feidhme: Tobhaigh ar ar féidir laghduithe a dheonú

403.

Féadfaidh na Ballstáit laghduithe a dheonú ar thobhaigh ar ídiú leictreachais lena maoinítear cuspóirí beartais fuinnimh agus comhshaoil. Áirítear air sin tobhaigh lena maoinítear tacaíocht d’fhoinsí in-athnuaite nó do chomhghiniúint cumhachta agus teasa, agus tobhaigh lena maoinítear taraifí sóisialta nó praghsanna fuinnimh i réigiúin iargúlta. Ní chumhdaítear i Roinn 4.11 tobhaigh lena léirítear cuid den chostas a bhaineann le leictreachas a sholáthar do na tairbhithe atá i gceist. Mar shampla, ní chumhdaítear leis an Roinn seo díolúintí ó mhuirir líonra nó ó mhuirir lena maoinítear sásraí acmhainneachta. Ní chumhdaítear ach oiread leis an Roinn seo tobhaigh ar chineálacha eile fuinnimh, go háirithe gás nádúrtha, a thomhailt.

404.

Na cinntí maidir le suíomh a dhéanann gnóthais agus an tionchar díobhálach a bhaineann leo ar an gcomhshaol, braitheann siad ar éifeacht airgeadais chomhcheangailte fhoriomlán na dtobhach ar ar féidir laghduithe a dheonú. Dá bhrí sin, na Ballstáit ar mian leo beart a thabhairt isteach a ndéanfar measúnú air faoin Roinn seo, ní mór dóibh na laghduithe sin uile a chur san áireamh in aon scéim amháin agus, mar chuid den fhógra, ní mór dóibh an Coimisiún a chur ar an eolas faoi éifeacht charnach na dtobhach incháilithe uile agus na laghduithe uile atá beartaithe. Má chinneann Ballstát ag céim níos déanaí laghduithe breise a thabhairt isteach ar thobhaigh a chumhdaítear leis an Roinn seo, ní mór dó fógra a thabhairt faoi leasú ar an scéim atá ann cheana.

4.11.3   Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála

4.11.3.1   Incháilitheacht

405.

I gcás tobhaigh a chumhdaítear faoi Roinn 4.11.2, an riosca ar an leibhéal earnálach go n-aistreofar gníomhaíochtaí atá lasmuigh den Aontas Eorpach chuig suíomhanna ina bhfuil smacht comhshaoil in easnamh nó nach bhfuil chomh huaillmhianach céanna, braitheann sé sin den chuid is mó ar a dhéine atá an earnáil atá i gceist agus ar a oscailte atá sí don trádáil idirnáisiúnta. Dá réir sin, ní féidir cabhair a dheonú ach do ghnóthais a thagann ó:

a)

earnálacha atá i mbaol suntasach agus a mbaineann iolrú a ndéine trádála agus a leictridhéine ar leibhéal an Aontais 2 % amach ar a laghad agus a bhfuil a ndéine trádála agus a leictridhéine ar leibhéal an Aontais ar a laghad 5 % i gcás na dtáscairí uile;

b)

earnálacha atá i mbaol agus a mbaineann iolrú a ndéine trádála agus a leictridhéine ar leibhéal an Aontais 0,6 % amach ar a laghad agus a bhfuil a ndéine trádála agus a leictridhéine ar leibhéal an Aontais 4 % agus 5 % faoi seach ar a laghad.

Liostaítear in Iarscríbhinn I na hearnálacha a chomhlíonann na critéir incháilitheachta sin.

406.

Measfar earnáil nó fo-earnáil (160) nach n-áirítear in Iarscríbhinn I a bheith incháilithe freisin ar choinníoll go gcomhlíonfaidh sí critéir incháilitheachta phointe 405 agus go léireoidh na Ballstáit an méid sin le sonraí atá ionadaíoch don earnáil nó don fho-earnáil ar leibhéal an Aontais (161), arna bhfíorú ag saineolaí neamhspleách agus bunaithe ar thréimhse ama 3 bliana as a chéile ar a laghad dar tús tráth nach luaithe ná 2013.

407.

Mura ndeonaíonn Ballstát tacaíocht ach d’fhothacar tairbhithe incháilithe nó má dheonaíonn sé leibhéil éagsúla laghduithe do thairbhithe incháilithe a thagann faoin gcatagóir chéanna de phointe 405(a) nó (b), ní mór dó a léiriú go ndéantar an cinneadh sin ar bhonn critéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha trédhearcach agus go ndeonaítear an chabhair, i bprionsabal, ar an gcaoi chéanna do na tairbhithe incháilithe uile san earnáil chéanna más i gcás fíorasach comhchosúil atá siad.

4.11.3.2   Comhréireacht an bhirt cabhrach

408.

Measfaidh an Coimisiún go bhfuil an chabhair comhréireach más rud é go n-íocfaidh na tairbhithe ó earnálacha i bpointe 405(a) agus (b) ar a laghad 15 % agus 25 % faoi seach de na costais a ghintear leis na tobhaigh leictreachais arna gcur san aíreamh ina scéim ag Ballstát. Ionas go mbeidh an chabhair comhréireach, measann an Coimisiún freisin nach mór nach mbeidh tobhach is lú ná EUR 0.5/MWh ina thoradh ar na laghduithe sin.

409.

Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go rachadh ranníocaíochtaí dílse atá bunaithe ar phointe 408 thar an méid is féidir le gnóthais atá neamhchosanta go háirithe a iompar. Dá bhrí sin, féadfaidh an Ballstát, ina ionad sin, na costais bhreise a thagann ó na tobhaigh leictreachais a theorannú ag 0.5 % d’oll-bhreisluach (“OBL”) na ngnóthas sna hearnálacha ó phointe 405(a) agus ag 1 % de OBL na ngnóthas sna hearnálacha ó phointe 405(b). Ionas go mbeidh an chabhair comhréireach, measann an Coimisiún freisin nach mór nach mbeidh tobhach is lú ná EUR 0.5/MWh ina thoradh ar na laghduithe sin.

410.

Measfaidh an Coimisiún go bhfuil an chabhair comhréireach má leathnaítear cur i bhfeidhm na déine cabhrach níos airde faoi phointí 408 agus 409 chun na gnóthais ó na hearnálacha ó phointe 405(b) a chumhdach, ar choinníoll go laghdaíonn na gnóthais lena mbaineann lorg carbóin a n-ídiú leictreachais féin. Chun na críche sin, cumhdóidh na tairbhithe ar a laghad 50 % dá n-ídiú leictreachais ó fhoinsí saor ó charbón, agus cumhdófar 10 % ar a laghad de sin le hionstraim réamhcheaptha amhail comhaontú ceannacháin cumhachta, nó cumhdófar 5 % ar a laghad le giniúint ar an láthair nó gar don láthair.

411.

Chun críoch phointe 409, is é a bheidh in oll-bhreisluach gnóthais an t-oll-bhreisluach ar chostais fachtóra, is é sin an t-oll-bhreisluach ag praghsanna an mhargaidh lúide aon cháin indíreach móide aon fhóirdheontas. Is féidir oll-bhreisluach ar chostas fachtóra a ríomh le láimhdeachas, móide an táirgeadh caipitlithe, móide ioncam eile oibriúcháin, móide nó lúide athruithe ar stoic, lúide earraí agus seirbhísí ceannaithe (162), lúide cánacha eile ar tháirgí atá nasctha le láimhdeachas ach nach bhfuil in-asbhainte, lúide dleachtanna agus cánacha atá nasctha leis an táirgeadh. De rogha air sin, is féidir OBL ag costas fachtóra a ríomh le hollbharrachas oibriúcháin trí chostais phearsanra a chur leis. Ioncam agus caiteachas a aicmítear mar ioncam agus caiteachas airgeadais nó urghnách i gcuntais chuideachta, eisiatar iad ón mbreisluach. Déantar an breisluach ar chostais fachtóra a ríomh ar an leibhéal comhláin ós rud é nach ndealaítear coigeartuithe luacha (amhail dímheas) (163).

412.

Chun críocha phointe 411, úsáidfear an meán uimhríochtúil a bhí ann le linn na 3 bliana is déanaí a bhfuil sonraí OBL ar fáil ina leith.

4.11.3.3   Foirm na státchabhrach

413.

Féadfaidh na Ballstáit an chabhair a dheonú i bhfoirm laghdú ar thobhaigh nó mar mhéid cúitimh bliantúil seasta (aisíocaíocht), nó mar chomhcheangal den dá rud (164). I gcás ina ndeonófar an chabhair i bhfoirm laghdaithe ar thobhaigh, ní mór sásra faireacháin ex post a chur ar bun chun a áirithiú go n-aisíocfar aon ró-íocaíocht chabhrach roimh an 1 Iúil sa bhliain ina dhiaidh sin. I gcás ina ndeonaítear an chabhair i bhfoirm aisíocaíochta, ní mór í a ríomh ar bhonn na leibhéal measta ídithe leictreachais agus, más infheidhme, ar bhonn an oll-bhreisluacha le linn na tréimhse ama ar lena linn a cuireadh na tobhaigh incháilithe i bhfeidhm.

4.11.3.4   Iniúchtaí fuinnimh agus Córais Bhainistíochta

414.

Maidir le cabhair arna deonú faoi Roinn 4.11, ní mór don Bhallstát gealltanas a thabhairt go bhfíoróidh sé go gcomhlíonfaidh an tairbhí a chuid oibleagáid iniúchadh fuinnimh a dhéanamh de réir bhrí Airteagal 8 de Threoir 2012/27/AE. Is féidir é a dhéanamh mar iniúchadh neamhspleách fuinnimh nó faoi chuimsiú Córas Bainistíochta Fuinnimh deimhnithe nó Córas Bainistíochta Comhshaoil deimhnithe, mar a shonraítear in Airteagal 8 den Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh.

415.

Ní mór don Bhallstát gealltanas a thabhairt freisin go ndéanfaidh na tairbhithe sin ar gá dóibh iniúchadh fuinnimh a dhéanamh faoi Airteagal 8(4) de Threoir 2012/27/AE ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

a)

moltaí na tuarascála iniúchóireachta a chur chun feidhme, a mhéid nach rachaidh am aisghabhála na n-infheistíochtaí ábhartha thar 3 bliana agus go mbeidh costais a n-infheistíochtaí comhréireach;

b)

an lorg carbóin óna n-ídiú leictreachais a laghdú, ionas go gcumhdófar 30 % ar a laghad dá n-ídiú leictreachais ó fhoinsí saor ó charbón;

c)

sciar suntasach de 50 % ar a laghad de mhéid na cabhrach a infheistiú i dtionscadail as a dtiocfaidh laghduithe suntasacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa na suiteála; i gcás inarb infheidhme, is é ba cheart teacht as an infheistíocht laghduithe go leibhéal a bheadh go mór faoi bhun an tagarmhairc ábhartha a úsáidtear le haghaidh leithdháileadh saor in aisce in CTA an Aontais.

4.11.3.5   Rialacha idirthréimhseacha

416.

Chun athruithe suaiteacha ar an ualach tobhaigh a sheachaint le haghaidh gnóthais aonair nach gcomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta a leagtar amach i Roinn 4.11, féadfaidh na Ballstáit plean idirthréimhseach a shuí le haghaidh na ngnóthas sin. Beidh an plean idirthréimhseach teoranta do na gnóthais sin a chomhlíonann an dá chritéar charnacha seo a leanas:

a)

i mbliain amháin ar a laghad den dá bhliain dheireanacha roimh an oiriúnú faoi phointe 468(a), fuair siad cabhair i bhfoirm tobhach laghdaithe faoi scéim náisiúnta cabhrach a dearbhaíodh a bheith comhoiriúnach ar bhonn Roinn 3.7.2 de na Treoirlínte maidir le státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh 2014-2020 (165);

b)

tráth ar deonaíodh an chabhair faoi phointe 416(a), chomhlíon siad critéir incháilitheachta Roinn 3.7.2 de na Treoirlínte maidir le státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh 2014-2020.

417.

Is éard a bheidh i gceist leis an bplean idirthréimhseach sin coigeartú forchéimnitheach iomlán ar na coinníollacha a eascraíonn as cur i bhfeidhm na gcritéar incháilitheachta agus comhréireachta a leagtar amach i roinn 4.11, rud a bheidh le cur i gcrích faoi 2028 i gcomhréir leis an sceideal seo a leanas:

a)

i gcás na dtobhach is infheidhme go dtí an bhliain 2026, is iad na gnóthais lena mbaineann a íocfaidh 35 % ar a laghad de na costais arna nginiúint trí na tobhaigh leictreachais a chuimsíonn Ballstát ina scéim, nó méid atá comhionann le 1.5 % dá OBL;

b)

i gcás na dtobhach is infheidhme maidir leis an mbliain 2027, is iad na gnóthais lena mbaineann a íocfaidh 55 % ar a laghad de na costais arna nginiúint trí na tobhaigh leictreachais a chuimsíonn Ballstát ina scéim, nó méid atá comhionann le 2.5 % dá OBL;

c)

i gcás na dtobhach is infheidhme maidir leis an mbliain 2028, is iad na gnóthais lena mbaineann a íocfaidh 80 % ar a laghad de na costais arna nginiúint trí na tobhaigh leictreachais a chuimsíonn Ballstát ina scéim, nó méid atá comhionann le 3,5 % dá OBL;

418.

Leis an bplean idirthréimhseach, féadfar na cineálacha déine cabhrach faoi phointe 417 (a) a chur i bhfeidhm ar feadh na hidirthréimhse iomláine, ar choinníoll go laghdaíonn na gnóthais lena mbaineann lorg carbóin a n-ídiú leictreachais féin. Chun na críche sin, cumhdóidh na tairbhithe ar a laghad 50 % dá n-ídiú leictreachais ó fhoinsí saor ó charbón, agus cumhdófar 10 % ar a laghad de sin le hionstraim réamhcheaptha amhail comhaontú ceannacháin cumhachta, nó cumhdófar 5 % ar a laghad le giniúint ar an láthair nó gar don láthair.

419.

Cabhair nár tugadh fógra ina leith i bhfoirm tobhach laghdaithe leictreachais d’úsáideoirí dianfhuinnimh sa tréimhse roimh fhoilsiú na dtreoirlínte seo, measann an Coimisiún gur féidir a dhearbhú go bhfuil sí comhréireach leis an margadh inmheánach faoi na coinníollacha carnacha seo a leanas:

a)

go raibh an chabhair riachtanach d’fhorbairt na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a dhéanann na tairbhithe;

b)

gur seachnaíodh saobhadh iomaíochta iomarcach.

4.12   Cabhair chun gléasraí cumhachta a úsáideann gual, móin nó scealla ola a dhúnadh mar aon le hoibríochtaí mianadóireachta a bhaineann le baint guail, móna nó scealla ola

420.

An t-aistriú ó ghiniúint cumhachta atá bunaithe ar ghual, móin agus scealla ola, tá sé sin ar cheann de na nithe is tábhachtaí chun dícharbónú a dhéanamh in earnáil na cumhachta san Aontas. Leagtar síos i Ranna 4.12.1 agus 4.12.2 na rialacha comhoiriúnachta is infheidhme maidir le dhá chineál beart a fhéadfaidh na Ballstáit a dhéanamh chun tacú le dúnadh gléasraí cumhachta a dhónn gual (lena n-áirítear gual crua agus lignít), móin nó scealla ola agus dúnadh oibríochtaí mianadóireachta i gcás na mbreoslaí sin (dá ngairtear le chéile “gníomhaíochtaí guail, móna agus scealla ola”).

421.

Leagtar amach i Ranna 4.12.1 agus 4.12.2 na critéir a chuirfidh an Coimisiún i bhfeidhm agus measúnú á dhéanamh aige ar an éifeacht dreasachta, ar riachtanas, ar oiriúnacht, ar chomhréireacht agus ar éifeachtaí ar iomaíocht agus trádáil. Níl feidhm ag na critéir chomhoiriúnachta i gCaibidil 3 ach maidir leis na critéir sin nach bhfuil rialacha sonracha luaite i Roinn 4.12.1 agus 4.12.2 ina leith.

422.

Tá sé thar a bheith dúshlánach dlús a chur leis an aistriú fuinnimh sna Ballstáit ina bhfuil ioncam an-íseal per capita. Chun tacú leis an aistriú glas sna réigiúin is mó atá buailte trí dheireadh a chur de réir a chéile leis na foinsí fuinnimh is truaillithí, d’fhéadfadh sé gur mhór do na Ballstáit deireadh a chur, de réir a chéile, le gníomhaíochtaí guail, móin nó scealla ola trí infheistíocht chomhuaineach i nginiúint níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, amhail gás nádúrtha. Measúnú an Choimisiúin ar infheistíochtaí den sórt sin i mBallstáit a bhfuil Fíor-OTI per capita acu ar phraghsanna an mhargaidh in EUR ag 35 % de mheán an Aontais in 2019 nó faoina bhun sin in 2019, féadfaidh an Coimisiún an measúnú sin a bhunú go heisceachtúil ar chritéir nach bhfuil i gcomhréir leis na treoirlínte sin, go dtí an 31 Nollaig 2023. Maidir leis na tionscadail a chumhdaítear leis an bpointe seo, ní mór:

a)

dúnadh comhuaineach gléasraí cumhachta a úsáideann gual, móin nó scealla ola a bheith i gceist leo, ar gléasra é atá den acmhainneacht chéanna ar a laghad leis an nginiúint nua a chumhdaítear leis an infheistíocht, tráth nach déanaí ná 2026;

b)

iad a bheith bainteach leis na Ballstáit nach bhfuil sásra acmhainneachta i bhfeidhm acu agus a thugann gealltanas tabhairt faoi na hathchóirithe margaidh is gá chun slándáil an tsoláthair leictreachais a áirithiú amach anseo gan dul i muinín beart tacaíochta aonair; agus

c)

iad a bheith ina gcuid de straitéis dícharbónaithe uaillmhianach inchreidte, lena n-áirítear sócmhainní tréigthe a chosc i bhfianaise spriocanna 2030 agus 2050 (féach pointe 129).

4.12.1   Cabhair chun gníomhaíochtaí brabúsacha guail, móna agus scealla ola a dhúnadh go luath

4.12.1.1   An réasúnaíocht atá ag an gcabhair

423.

Is ag rialáil, ag fórsaí margaidh, amhail na héifeachtaí a bhíonn ag praghsanna carbóin, agus ag iomaíocht ó fhoinsí in-athnuaite lena mbaineann costais imeallacha ísle atá an t-aistriú ó ghníomhaíochtaí guail, móna agus scealla ola á spreagadh den chuid is mó.

424.

Mar sin féin. féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh dlús a chur leis an aistriú sin atá faoi thionchar an mhargaidh trí chosc a chur ar ghiniúint cumhachta atá bunaithe ar na breoslaí sin ó dháta áirithe ar aghaidh. Is féidir an toirmeasc sin cásanna a chruthú ina mbeadh ar ghníomhaíochtaí brabúsacha guail, móna agus scealla ola a dhúnadh roimh dheireadh a saolré eacnamaíche agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh brabús a tarscaoileadh a bheith ann dá bharr. D‘fhéadfadh sé gur mhian leis na Ballstáit cúiteamh a dheonú lasmuigh de nósanna imeachta cúirte chun deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht a áirithiú, rud a éascóidh an t-aistriú glas.

4.12.1.2   Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht

425.

Leagtar amach sa Roinn seo rialacha comhoiriúnachta maidir le bearta a glacadh chun dlús a chur le gníomhaíochtaí brabúsacha guail, móna agus scealla ola a dhúnadh agus chun na gnóthais lena mbaineann a chúiteamh. De ghnáth, dhéanfaí cúiteamh den sórt sin a ríomh ar bhonn na mbrabús a tarscaoileadh arna dtabhú ag na gnóthais mar gheall ar an dúnadh luath. Féadfar a chumhdach leis freisin costais bhreise arna dtabhú ag na gnóthais, mar shampla costais a bhaineann le costais bhreise shóisialta agus chomhshaoil, más rud é gurb é dúnadh luath na ngníomhaíochtaí brabúsacha is cúis leis na costais sin. Ní fhéadfaidh costais a bheith san áireamh i gcostais bhreise i gcás ina mbeidís ann freisin sa chás frithfhíorasach.

426.

Is féidir bearta a chumhdaítear ag an Roinn seo forbairt gníomhaíochtaí nó réimsí eacnamaíocha áirithe a éascú. Mar shampla, le bearta den sórt sin féadfar spás a chruthú chun gníomhaíochtaí eile giniúna cumhachta a fhorbairt i gcomhréir leis an gComhaontú Glas chun an laghdú ar an acmhainneacht giniúna cumhachta a eascraíonn as an dúnadh luath a chúiteamh. In éagmais an bhirt, ní féidir an fhorbairt sin a dhéanamh an oiread céanna. Ina theannta sin, leis an intuarthacht agus an deimhneacht dhlíthiúil a thugtar isteach leis na bearta sin, is féidir cuidiú chun dúnadh ordaithe na ngníomhaíochtaí guail, móna agus scealla ola a éascú.

4.12.1.3   Éifeacht dreasachta

427.

Leis an mbeart sin, ní mór athrú a spreagadh in iompraíocht eacnamaíoch na n-oibreoirí, ar oibreoirí iad a dhúnann a ngníomhaíochtaí guail, móna agus scealla ola níos luaithe ná deireadh a saolré eacnamaíche. Chun a chinneadh an amhlaidh atá, cuirfidh an Coimisiún an cás fíorasach i gcomparáid (i.e. éifeachtaí an bhirt) le cás frithfhíorasach (i.e. in éagmais an bhirt). Níor cheart dul timpeall ar na rialacha is infheidhme maidir le bearta i ndáil le slándáil an tsoláthair a bheith ina thoradh ar an mbeart.

4.12.1.4   Riachtanas agus oiriúnacht

428.

Measann an Coimisiún go bhfuil gá le beart más féidir leis an mBallstát a léiriú go bhfuil an beart dírithe ar chás inar féidir feabhas ábhartha a dhéanamh leis an mbeart agus nach féidir a dhéanamh leis an margadh amháin. Mar shampla, trí dheireadh a chur le hacmhainneacht giniúna cumhachta atá bunaithe ar ghual, móin agus scealla ola de réir a chéile agus, ar an gcaoi sin, cur le forbairt gníomhaíocht eacnamaíoch giniúna cumhachta ó fhoinsí malartacha, rud nach dtarlódh a mhéid céanna gan an beart. Sa chomhthéacs sin, féadfaidh an Coimisiún breithniú a dhéanamh freisin an mbeadh laghdú comhchosúil ar astaíochtaí CO2 bainte amach sa mhargadh féin gan an beart, nó, an gcuireann an beart go mór leis chun deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht a áirithiú nach mbeadh ann in éagmais an bhirt, agus ar an gcaoi, sin an t-aistriú glas a éascú.

429.

Ina theannta sin, ba cheart don Bhallstát a léiriú gur ionstraim iomchuí beartais é an beart chun an cuspóir atá beartaithe a bhaint amach, is é sin le rá nach ann d’ionstraim beartais nó chabhrach nach bhfuil chomh saobhach a d’fhéadfadh na torthaí céanna a bhaint amach. Mar shampla, má dhírítear an beart go maith chun cur le forbairt na giniúna leictreachais ó fhoinsí malartacha, agus an tionchar ar fheidhmiú agus fostaíocht an mhargaidh leictreachais a mhaolú an tráth céanna, agus chun intuarthacht an dúnta a áirithiú, agus ag cur, an tráth céanna, leis na spriocanna maidir le hastaíochtaí CO2 a laghdú.

4.12.1.5   Comhréireacht

430.

I bprionsabal, ní mór an chabhair a dheonú trí phróiseas tairisceana iomaíoch ar bhonn critéir shoiléire thrédhearcacha neamh-idirdhealaitheacha, i gcomhréir le Roinn 3.2.1.3 (166). Níl feidhm ag an gceanglas sin i gcás ina léiríonn an Ballstát nach dócha gur iomaíoch bheadh próiseas tairisceana ar chúiseanna oibiachtúla. D‘fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, mar shampla, i gcás ina bhfuil teorainn leis an líon rannpháirtithe a d’fhéadfadh a bheith ann, ar choinníoll nach bhfuil sin ina thoradh ar chritéir incháilitheachta idirdhealaitheacha.

431.

Más trí phróiseas tairisceana iomaíoch a dheonaítear an chabhair, glacfaidh an Coimisiún leis go bhfuil an chabhair comhréireach agus teoranta don mhéid is lú is gá.

432.

In éagmais próiseas tairisceana iomaíoch, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhréireacht cás ar chás chun a fhíorú go bhfuil an cúiteamh teoranta don mhéid is lú is gá. Sa chomhthéacs sin, déanfaidh an Coimisiún anailís mhionsonraithe ar na toimhdí a úsáideann an Ballstát chun a chinneadh na brabúis a tarscaoileadh agus na costais bhreise ar ar ríomhadh an cúiteamh as dúnadh luath, trí chomparáid a dhéanamh idir an bhrabúsacht a d’fhéadfadh a bheith ann sna cásanna fíorasacha agus frithfhíorasacha. Ba cheart an cás frithfhíorasach a bheith bunaithe ar thoimhdí a bhfuil údar cuí leo, ar fhorbairtí réalaíocha sa mhargadh agus ba cheart ioncam agus costais réamh-mheasta na n-eintiteas uile atá i gceist a bheith léirithe leis, agus naisc fheidhmiúla dhíreacha idir eintitis á gcur san áireamh an tráth céanna.

433.

I gcás ina ndúntar gníomhaíochtaí guail, móna agus scealla ola níos mó ná 3 bliana tar éis an cúiteamh a dhámhachtain, ní mór don Bhallstát sásra a thabhairt isteach chun ríomh an chúitimh a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn na dtoimhdí is déanaí, mura féidir leis a léiriú cén fáth nach bhfuil údar maith le sásra den sórt sin a úsáid de bharr imthosca eisceachtúla sa chás i dtrácht.

4.12.1.6   Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil

434.

Ní mór don Bhallstát na sochair chomhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ag an mbeart a shainaithint agus a chainníochtú agus, i gcás inar féidir, i dtéarmaí cabhrach in aghaidh an tona d’astaíochtaí coibhéiseacha CO2 a seachnaíodh. Ina theannta sin, beidh tuairim dhearfadh ag an gCoimisiún má chuimsíonn na bearta lamháltais astaíochtaí CO2 a chur ar ceal ar bhonn deonach ar an leibhéal náisiúnta.

435.

Tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéanfar an beart a struchtúrú ar bhealach a chuirfidh teorainn leis an saobhadh iomaíochta is lú is féidir sa mhargadh. Má dheonaítear an chabhair trí phróiseas tairisceana iomaíoch atá oscailte do gach oibreoir gníomhaíochtaí guail, móna nó scealla ola ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, glacfaidh an Coimisiún leis nach mbeidh ach iarmhairtí saobhacha teoranta ag an gcabhair ar an iomaíocht agus ar an trádáil. In éagmais próiseas tairisceana iomaíoch, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar éifeachtaí na cabhrach ar an iomaíocht agus ar an trádáil, ar bhonn dhearadh an bhirt agus ar a éifeacht ar an margadh ábhartha.

4.12.2   Cabhair le haghaidh na gcostas eisceachtúil a bhaineann leis na gníomhaíochtaí neamhiomaíocha guail, móna agus scealla ola a dhúnadh

4.12.2.1   An réasúnaíocht atá ag an gcabhair

436.

Má dhúntar gníomhaíochtaí neamhiomaíocha guail, móna agus scealla ola, is féidir costais shuntasacha shóisialta agus chomhshaoil a chruthú ar leibhéal na ngléasraí cumhachta agus na n-oibríochtaí mianadóireachta. Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh na costais eisceachtúla sin a chumhdach chun na hiarmhairtí sóisialta agus réigiúnacha a bhaineann leis an dúnadh a mhaolú.

4.12.2.2   Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht

437.

Leagtar amach sa Roinn seo rialacha comhoiriúnachta maidir le bearta arna nglacadh chun costais eisceachtúla a chumhdach, ar costais iad a thagann as dúnadh gníomhaíochtaí neamhiomaíocha guail, móna agus scealla ola.

438.

Le bearta a chumhdaítear leis an Roinn seo, is féidir aistriú sóisialta, comhshaoil agus sábháilteachta an réimse lena mbaineann a éascú.

439.

Tá feidhm ag an Roinn seo sa mhéid nach bhfuil an beart cumhdaithe sa Chinneadh ón gComhairle an 10 Nollaig 2010 maidir le státchabhair chun dúnadh mianach neamhiomaíoch guail a éascú (167).

4.12.2.3   Riachtanas agus oiriúnacht

440.

Measfaidh an Coimisiún go bhfuil cabhair chun costais eisceachtúla a chumhdach riachtanach agus iomchuí sa mhéid go bhféadfaidh sé cuidiú chun maolú a dhéanamh ar an tionchar sóisialta agus comhshaoil a bhíonn ag dúnadh gníomhaíochtaí neamhiomaíocha guail, móna agus scealla ola sa réigiún agus sa Bhallstát lena mbaineann.

4.12.2.4   Éifeacht dreasachta agus comhréireacht

441.

Ní fhéadfaidh státchabhair le haghaidh costais eisceachtúla a úsáid ach chun na costais a thagann as dúnadh gníomhaíochtaí neamhiomaíocha guail, móna agus scealla ola a chumhdach.

442.

Is in Iarscríbhinn II a shainítear catagóirí na gcostas incháilithe. Níl na costais a eascraíonn as neamhchomhlíontacht rialachán comhshaoil agus costas a bhaineann le táirgeadh reatha incháilithe.

443.

Gan dochar do Threoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (168) ná do rialacha ábhartha eile de chuid an Aontais (169), ní fhéadfar a mheas go mbeidh éifeacht dreasachta ag cabhair chun costais chomhshaoil eisceachtúla a chumhdach ach amháin nuair nach féidir an t-eintiteas nó an gnóthas a rinne an damáiste don chomhshaol a aithint nó a chur faoi dhliteanas dlíthiúil i leith mhaoiniú na n-oibreacha is gá chun damáiste don chomhshaol a chosc agus a cheartú i gcomhréir leis an “bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as”.

444.

Ní mór don Bhallstát a léiriú go ndearnadh gach beart is gá, lena n-áirítear caingean dlí, chun an t-eintiteas nó an gnóthas atá faoi dhliteanas a rinne an damáiste don chomhshaol a shainaithint agus chun na costais ábhartha a iompar. I gcás nach féidir an t-eintiteas nó an gnóthas atá faoi dhliteanas faoin dlí is infheidhme a shainaithint ná nach féidir iallach a chur air na costais a iompar, féadfar cabhair a dheonú chun tacú leis na hoibreacha iomlána leighis nó athshlánaithe agus féadfar a mheas go bhfuil éifeacht dreasachta aici. Féadfaidh an Coimisiún a mheas nach féidir le gnóthas na costais a iompar a bhaineann leis an damáiste don chomhshaol atá déanta aige a leigheas i gcás nach ann dó a thuilleadh ó thaobh dlí de agus nach féidir aon ghnóthas eile a mheas mar a chomharba dlíthiúil nó eacnamaíoch (170) nó i gcás nach bhfuil slándáil airgeadais leordhóthanach ann chun íoc as na costais leighis.

445.

Ní mór méid na cabhrach a bheith teoranta do chostais eisceachtúla an tairbhí a chumhdach agus ní mór nach rachaidh sé thar na costais arna dtabhú go hiarbhír. Cuirfidh an Coimisiún de cheangal ar an mBallstát méid na cabhrach le haghaidh na gcatagóirí costas incháilithe uile a shainaithint go soiléir agus ar leithligh, mar a shonraítear in Iarscríbhinn II. I gcás ina gcumhdaíonn an Ballstát na costais sin ar bhonn meastachán, sula dtabhaíonn an tairbhí iad i ndáiríre, ní mór dó fíorú ex post a dhéanamh ar na costais arna dtabhú ar bhonn ráitis mhionsonraithe arna soláthar ag an tairbhí don údarás deonúcháin, lena n-áirítear sonraisc nó deimhnithe lena léirítear na costais eisceachtúla arna dtabhú, agus na méideanna arna ndeonú a choigeartú dá réir sin.

4.12.2.5   Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil

446.

Ar choinníoll go bhfuil an chabhair teoranta chun costais eisceachtúla arna dtabhú ag an tairbhí a chumhdach, measann an Coimisiún nach mbeidh ach iarmhairt saobhacha teoranta ag an gcabhair sin ar an iomaíocht agus ar an trádáil.

447.

Ba cheart cabhair a fhaightear le haghaidh costais eisceachtúla a thaispeáint i gcuntas brabúis agus caillteanais an tairbhí mar mhír ioncaim ar leith atá éagsúil ón láimhdeachas. I gcás ina leanann an tairbhí de bheith ag trádáil nó ag oibriú tar éis na gníomhaíochtaí ábhartha guail, móna agus scealla ola a dhúnadh, ní mór dó cuntais bheachta agus ar leith a choinneáil i gcomhair na ngníomhaíochtaí sin. Ní mór an chabhair arna deonú a bhainistiú ar shlí nach féidir í a aistriú chuig gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile de chuid an ghnóthais chéanna.

4.13   Cabhair le haghaidh staidéir nó seirbhísí comhairliúcháin maidir le hábhair a bhaineann leis an aeráid, le cosaint an chomhshaoil agus le fuinneamh

4.13.1   Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht

448.

Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le cabhair le haghaidh staidéar nó seirbhísí comhairliúcháin a bhaineann go díreach le tionscadail nó gníomhaíochtaí a chuimsítear sna treoirlínte seo ar ábhair a bhaineann leis an aeráid, le cosaint an chomhshaoil agus le fuinneamh. Féadfar cabhair a dheonú gan beann ar an leanfaidh infheistíocht a chumhdaítear leis na treoirlínte seo an staidéar nó an tseirbhís comhairliúcháin.

449.

Ní mór nach mbeidh an staidéar ná an tseirbhís comhairliúcháin ina gníomhaíocht leanúnach ná ina gníomhaíocht thréimhsiúil agus níor cheart baint a bheith aige le gnáthchostais oibriúcháin an ghnóthais.

4.13.2   Éifeacht dreasachta

450.

Tá feidhm ag an gceanglas a leagtar amach i bpointe 451 sa bhreis orthu sin a leagtar amach i Roinn 3.1.2.

451.

Féadfar a mheas go bhfuil éifeacht dreasachta ag cabhair le haghaidh iniúchtaí fuinnimh arna gceangal le Treoir 2012/27/AE sa mhéid go ndéantar an t-iniúchadh fuinnimh de bhreis ar an iniúchadh éigeantach fuinnimh faoin Treoir sin.

4.13.3   Comhréireacht

452.

Is iad na costais incháilithe costais an staidéir nó costais na seirbhísí comhairliúcháin a bhaineann le tionscadail nó le gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis na treoirlínte seo. I gcás nach mbaineann ach cuid den staidéar nó den tseirbhís comhairliúcháin le hinfheistíochtaí a chumhdaítear leis na treoirlínte sin, is iad na costais incháilithe costais na gcodanna den staidéar nó den tseirbhís comhairliúcháin a bhaineann leis na hinfheistíochtaí sin.

453.

Ní mór nach rachaidh an déine cabhrach thar 60 % de na costais incháilithe.

454.

Féadfar méadú 20 pointe céatadáin a dhéanamh ar dhéine na cabhrach i gcás staidéar nó seirbhísí comhairliúcháin a dhéantar thar ceann fiontair bheaga agus 10 bpointe céatadáin i gcás staidéar nó seirbhísí comhairliúcháin a dhéantar thar ceann fiontair mheanmhéide.

5.   MEASTÓIREACHT

455.

Chun a áirithiú tuilleadh go mbeidh saobhadh iomaíochta agus trádála teoranta, féadfaidh an Coimisiún é a chur de cheangal ar scéimeanna cabhrach infhógartha a bheith faoi réir meastóireacht ex post. Ba cheart meastóireachtaí a dhéanamh i gcás scéimeanna ina bhfuil an saobhadh a d’fhéadfadh a bheith ann ar an iomaíocht agus ar an trádáil thar a bheith ard, is é sin le rá scéimeanna a lena bhféadfaí an iomaíocht a shrianadh nó a shaobhadh go suntasach mura ndéanfar athbhreithniú ar a gcur chun feidhme in am trátha.

456.

Beidh gá le meastóireacht ex post i gcás scéimeanna a bhfuil buiséid mhóra chabhrach acu, nó a bhfuil saintréithe núíosacha acu, nó nuair a thuartar go mbeidh athruithe suntasacha sa mhargadh, i dteicneolaíocht nó i rialáil. I gcás ar bith, beidh gá le meastóireacht ex post le haghaidh scéimeanna ina sáróidh an buiséad státchabhrach nó an caiteachas a bhfuil cuntar air EUR 150 milliún in aon bhliain ar leith nó EUR 750 milliún thar thréimhse iomlán na scéimeanna. Áirítear i bhfad iomlán na scéimeanna fad iomlán na scéime agus mar aon le haon scéim a tháinig roimhe lena gcumhdaítear limistéar oibiachtúil geografach comhchosúil, ón 1 Eanáir 2022 ar aghaidh. I bhfianaise chuspóirí na meastóireachta, agus ionas nach gcuirfear ualach díréireach ar na Ballstáit agus ar thionscadail cabhrach atá níos lú, níl feidhm ag an gceanglas meastóireachta ex post ach amháin maidir le scéimeanna cabhrach a mhaireann níos faide ná 3 bliana ar an iomlán, ón 1 Eanáir 2022 ar aghaidh.

457.

Féadfar an ceanglas maidir leis an meastóireacht ex post a tharscaoileadh i ndáil le scéimeanna cabhrach a thagann díreach tar éis scéimeanna a chumhdaíonn cuspóir agus limistéar geografach comhchosúil agus atá ina scéimeanna comharbachta freisin, ar scéimeanna iad agus a bhí faoi réir meastóireachta, a thíolaic tuarascáil mheastóireachta deiridh i gcomhréir leis an bplean meastóireachta arna fhormheas ag an gCoimisiún agus nár chruthaigh aon toradh diúltach. Aon scéim nach bhfuil an tuarascáil mheastóireachta deiridh i gcomhréir leis an bplean meastóireachta formheasta, ní mór í a chur ar fionraí le héifeacht láithreach.

458.

Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an meastóireacht ex post a fhíorú pé acu ar fíoraíodh na toimhdí agus ar baineadh amach na coinníollacha is bun le comhoiriúnacht na scéime, go háirithe an gá atá leis an mbeart cabhrach agus éifeachtacht an bhirt cabhrach, i bhfianaise a chuspóirí ginearálta agus sonracha, agus ba cheart tásca a sholáthar inti maidir le tionchar na scéime ar an iomaíocht agus ar an trádáil.

459.

Ní mór don Bhallstát fógra a thabhairt faoi dhréachtphlean meastóireachta, rud a bheidh ina chuid lárnach den mheasúnú ón gCoimisiún ar an scéim, mar a leanas:

a)

in éineacht leis an scéim cabhrach, má théann a bhuiséad státchabhrach thar EUR 150 milliún in aon bhliain faoi leith nó EUR 750 milliún thar a fhad iomlán; nó

b)

laistigh de 30 lá oibre tar éis modhnú suntasach a dhéanamh lena méadaítear buiséad na scéime go dtí os cionn EUR 150 milliún in aon bhliain faoi leith nó EUR 750 milliún le linn fhad iomlán na scéime; nó

c)

i gcás scéimeanna nach dtagann faoi (a) ná (b), laistigh de 30 lá oibre tar éis caiteachas os cionn EUR 150 milliún sa bhliain roimhe sin a thaifeadadh sna cuntais oifigiúla.

460.

Ní mór ann dréachtphlean meastóireachta a bheith i gcomhréir leis na prionsabail mhodheolaíochta choiteanna arna soláthar ag an gCoimisiún (171). Ní mór an plean meastóireachta a d’fhormheas an Coimisiún a chur ar fáil don phobal.

461.

Ní mór do shaineolaí atá neamhspleách ar an údarás deonúcháin cabhrach an mheastóireacht ex post a dhéanamh ar bhonn an phlean meastóireachta. Ní mór tuarascáil mheastóireachta eatramhach amháin agus tuarascáil mheastóireachta deiridh amháin ar a laghad a bheith ar áireamh i ngach meastóireacht. Ní mór an dá thuarascáil a chur ar fáil go poiblí.

462.

I gcás scéimeanna cabhrach a eisiatar ó raon feidhme rialacháin blocdhíolúine amháin ar bhonn an bhuiséid mhóir atá acu, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a gcomhoiriúnacht ar bhonn an phlean meastóireachta amháin.

463.

Ní mór an tuarascáil mheastóireachta deiridh a chur faoi bhráid an Choimisiúin in am trátha ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar fhadú féideartha na scéime cabhrach agus, ar a dhéanaí, naoi mí sula rachaidh sí in éag. D’fhéadfaí an sprioc-am sin a laghdú i gcás scéimeanna a spreagann an ceanglas meastóireachta le linn an dá bhliain dheireanacha dá gcur chun feidhme. Leagfar amach an raon feidhme beacht agus na socruithe beachta le haghaidh na meastóireachtaí uile sa chinneadh lena bhformheastar an scéim cabhrach. Ní mór tuairisc a thabhairt ar an gcaoi ar cuireadh torthaí na meastóireachta san áireamh in aon bheart cabhrach ina dhiaidh sin a bhfuil cuspóir comhchosúil aige.

6.   TUAIRISCIÚ AGUS FAIREACHÁN

464.

Faoi Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle (172) agus Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 ón gCoimisiún (173), ní mór do na Ballstáit tuarascálacha bliantúla a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

465.

Ní mór do na Ballstáit taifid mhionsonraithe a choinneáil maidir le gach beart cabhrach. Ní mór an fhaisnéis uile is gá a bheith sna taifid sin lena shuíomh gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le costais incháilithe agus déine uasta na cabhrach. Ní mór na taifid sin a choimeád ar feadh 10 bliana ó dháta dáfa na cabhrach agus ní mór iad a sholáthar don Choimisiún arna iarraidh sin dó.

7.   INFHEIDHMEACHT

466.

Cuirfidh an Coimisiún na treoirlínte sin i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar a chomhoiriúnaí atá gach cabhair infhógartha le haghaidh na haeráide, le haghaidh chosaint an chomhshaoil agus le haghaidh fuinnimh, ar cabhair í a dhámhfar nó a bheartaítear a dámhachtain ón 27 Eanáir 2022 ar aghaidh. Déanfar measúnú ar chabhair neamhdhleathach i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme ar an dáta ar ar dámhadh an chabhair.

467.

Cuirtear na treoirlínte seo in ionad na dTreoirlínte maidir le státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh 2014-2020 (174).

468.

Molann an Coimisiún na bearta iomchuí seo a leanas do na Ballstáit faoi Airteagal 108(1) den Chonradh:

a)

I gcás inar gá, leasaíonn na Ballstáit na scéimeanna atá ann cheana maidir le cosaint an chomhshaoil agus le cabhair fuinnimh chun iad a thabhairt i gcomhréir leis na treoirlínte sin tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2023;

b)

Tugann na Ballstáit a gcomhaontú neamhchoinníollach sainráite maidir leis na bearta iomchuí a mholtar i bpointe 468(a) laistigh de dhá mhí ó dháta foilsithe na dtreoirlínte sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. In éagmais aon fhreagra, glacfaidh an Coimisiún leis nach n-aontaíonn an Ballstát i dtrácht leis na bearta atá beartaithe.

8.   ATHBHREITHNIÚ

469.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar na treoirlínte sin amhail ón 31 Nollaig 2027, chun scrúdú a dhéanamh ar a n-éifeachtacht, a n-éifeachtúlacht, a n-ábharthacht, a gcomhleanúnachas agus a mbreisluach.

470.

Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh na treoirlínte sin a athbhreithniú nó a leasú tráth ar bith más gá sin ar chúiseanna a bhaineann le beartas iomaíochta, nó beartais eile an Aontais agus gealltanais idirnáisiúnta eile a chur san áireamh, nó ar aon chúis a bhfuil bonn cirt leis.

(1)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis “an gComhaontú Glas don Eoraip”, COM (2019) 640 final.

(2)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún “Dlús a chur le huaillmhian 2030 na hEorpa maidir leis an aeráid - Infheistiú i dtodhchaí aeráidneodrach chun leas an phobail”, COM(2020) 562 final.

(3)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(4)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún ““Fit for 55”: delivering the EU”s 2030 Climate Target on the way to climate neutrality” [An pacáiste “Fit for 55: sprioc aeráide 2030 an Aontais i dtreo na haeráidneodrachta a bhaint amach], COM(2021) 550 final.

(5)  https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/amendment-renewable-energy-directive-2030-climate-target-with-annexes_en.pdf

(6)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún “The EU economy after COVID-19: implications for economic governance” [Geilleagar an Aontais i ndiaidh phaindéim COVID-19: impleachtaí don rialachas eacnamaíoch], COM(2021) 662 final.

(7)  Rialachán (AE) 2015/1588 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 maidir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar chatagóirí áirithe státchabhrach cothrománaí (IO L 248, 24.9.2015, lch. 1).

(8)  Féach an Fógra ón gCoimisiún maidir le rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil (IO C 275, 18.8.2017, lch. 1) i ndáil le Coinbhinsiún Aarhus maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta.

(9)  Teachtaireacht ón gCoimisiún — Treoirlínte maidir le Státchabhair d’aerfoirt agus d’aerlínte (IO C 99, 4.4.2014, lch. 3).

(10)  De ghnáth is lú an saobhadh agus is mó an éifeacht a bhíonn ag cabhair chomhshaoil má dheonaítear í do thomhaltóir/úsáideoir táirgí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol in ionad do tháirgeoir/monaróir an táirge atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. Tá an méid sin gan dochar don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit cabhair chomhshaoil a dheonú do ghnóthais chun leibhéal cosanta comhshaoil a ngníomhaíochtaí monaraíochta a fheabhsú.

(11)  Teachtaireacht ón gCoimisiún — Creat um Státchabhair le haghaidh taighde agus forbairt (IO C 198, 27.6.2014, lch. 1).

(12)  Treoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le Státchabhair in earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta agus i gceantair thuaithe 2014 go 2020 (IO C 204, 1.7.2014, lch. 1).

(13)  Communication from the Commission – Guidelines for the examination of State aid to the fishery and aquaculture sector [Teachtaireacht ón gCoimisiún – Treoirlínte chun scrúdú a dhéanamh ar státchabhair d’earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe] (IO C 217, 2.7.2015, lch. 1).

(14)  Communication from the Commission — Guidelines on State aid for rescuing and restructuring non-financial undertakings in difficulty [Teachtaireacht ón gCoimisiún — Treoirlínte maidir le státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu] (IO C 249, 31.7.2014, lch. 1).

(15)  Féach breithiúnas na Cúirte Céadchéime an 13 Meán Fómhair 1995, TWD v an Coimisiún, T-244/93 agus T-486/93, ECLI:EU:T:1995:160, mír 56. Féach freisin an Teachtaireacht ón gCoimisiún – Fógra ón gCoimisiún maidir le Státchabhair atá neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach a aisghabháil (IO C 247, 23.7.2019, lch. 1).

(16)  Iasacht ag a bhfuil ráta úis atá faoi bhun ráta an mhargaidh.

(17)  Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (IO L 158, 14.6.2019, lch. 54).

(18)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

(19)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(20)  Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún 1 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 175, 7.7.2017, lch. 1).

(21)  Treoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le feithiclí iompair de bhóthar atá glan a chur chun cinn chun tacú le soghluaisteacht íseal-astaíochtaí (IO L 120, 15.5.2009, lch. 5).

(22)  Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 202).

(23)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).

(24)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

(25)  Treoir 2019/944/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach leictreachais agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).

(26)  Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).

(27)  Tionscadail a thógtar le haghaidh úsáideoir sainaitheanta ex ante amháin nó grúpa beag d’úsáideoirí sainaitheanta ex ante agus atá curtha in oiriúint dá riachtanais (“bonneagar tiomanta”), ní cháilíonn siad mar bhonneagar fuinnimh.

(28)  Féadfaidh aon cheann de na sócmhainní a liostaítear i bpointí (i) go (vi) maidir le hidrigin a bheith ina shócmhainn nuathógtha nó ina shócmhainn a tiontaíodh ó ghás nádúrtha go hidrigin (“athchuspóra”) nó ina theaglaim den dá rud. Sócmhainní a liostaítear faoi phointí (i) go (vi) maidir le hidrigin atá faoi réir rochtana ag tríú páirtí, cáilíonn siad mar bhonneagar fuinnimh.

(29)  Sócmhainní a liostaítear faoi phointí (i) go (iv) maidir le dé-ocsaíd charbóin atá faoi réir rochtana ag tríú páirtí, cáilíonn siad mar bhonneagar fuinnimh.

(30)  Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE, 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 114).

(31)  Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (IO L 115, 25.4.2013, lch. 39).

(32)  Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir leis an sainmhíniú ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(33)  Moladh ón gComhairle an 3 Márta 1975 maidir le leithdháileadh costais agus gníomhaíocht ag údaráis phoiblí maidir le cúrsaí comhshaoil (IO L 194, 25.7.1975, lch. 1).

(34)  Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).

(35)  Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).

(36)  Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51).

(37)  D’fhéadfadh leibhéil ghaolmhara astaíochtaí (BAT-AEL), leibhéil ghaolmhara éifeachtúlachta fuinnimh (BAT-AEEL) nó leibhéil ghaolmhara feidhmíochta comhshaoil (BAT-AEPL) a bheith san áireamh leis sin.

(38)  Féach breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 13 Meitheamh 2013, HGA agus daoine eile v an Coimisiún, C-630/11 P go C-633/11 P, ECLI:EU:T:2013:387, mír 104.

(39)  Ní mór don chás sin a bheith inchreidte, fíor agus ní mór baint a bheith aige le tosca cinnteoireachta a bheidh forleathan tráth a ndéanfaidh tairbhí na cabhrach cinneadh maidir leis an tionscadal. Iarrtar ar na Ballstáit leas a bhaint as doiciméid oifigiúla an bhoird, as measúnuithe riosca, as tuarascáil airgeadais, as pleananna gnó inmheánacha, as tuairimí saineolaithe agus as staidéir eile a bhaineann leis an tionscadal atá á mheasúnú. Doiciméid ina bhfuil faisnéis faoi réamhaisnéisí éilimh, réamhaisnéisí costas, réamhaisnéisí airgeadais, doiciméid arna gcur faoi bhráid coiste infheistíochta agus ina ndéantar cur síos mionsonraithe ar chásanna infheistíochta/oibriúcháin nó doiciméid arna soláthar do na hinstitiúidí airgeadais, d’fhéadfadh siad cabhrú leis na Ballstáit an éifeacht dreasachta a léiriú. Ní mór do na doiciméid sin a bheith comhaimseartha leis an bpróiseas cinnteoireachta maidir leis an gcinneadh infheistíochta/oibriúcháin.

(40)  De réir an phrionsabail sin, tabharfaidh na Ballstáit lánaird agus cinntí á ndéanamh maidir le pleanáil fuinnimh, agus maidir le beartas agus infheistíocht, ar bhearta malartacha costéifeachtúlachta maidir le héifeachtúlacht fuinnimh chun go mbeadh an t-éileamh fuinnimh agus an soláthar fuinnimh níos éifeachtúla, go háirithe trí choigealtas costéifeachtach úsáide deiridh fuinnimh, tionscnaimh freagartha don éileamh, agus fuinneamh a thiontú agus a dháileadh ar bhealach níos éifeachtúla agus cuspóirí na gcinntí sin á mbaint amach. Féach Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 663/2009 agus (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(41)  Is féidir úsáid lipéad comhshaoil agus éileamh ar tháirgí a bheith ina mhodh eile chun gur féidir le tomhaltóirí/úsáideoirí cinntí ceannaigh eolasacha a dhéanamh, agus chun éileamh ar tháirgí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a mhéadú. Nuair atá lipéid láidre chomhshaoil agus maíomh fírinneach comhshaoil dea-dheartha, aitheanta, agus go dtuigeann tomhaltóirí ábhartha iad agus go mbíonn muinín acu astu, is féidir leo a bheith ina n-uirlis chumhachtach chun iompar (tomhaltóir) a threorú agus a mhúnlú i dtreo roghanna atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol. Úsáid a bhaint as scéim creidiúnach um lipéadú/deimhniúchán lena ngabhann critéir shoiléire agus atá faoi réir fíorú seachtrach (tríú páirtí), tá sé sin ar cheann de na bealaí is éifeachtaí do ghnólachtaí a léiriú do thomhaltóirí agus do pháirtithe leasmhara go bhfuil na hardchaighdeáin chomhshaoil á gcomhlíonadh acu. I bhfianaise an méid sin, ní chuireann an Coimisiún san áireamh i raon feidhme na dtreoirlínte seo rialacha sonracha maidir le cabhair chun táirgí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a dhearadh agus a mhonarú.

(42)  Mar sin féin, i gcás inar féidir “tairiscintí fóirdheontais nialasacha” a bheith ann, ba cheart do na Ballstáit a mhíniú conas a dhéanfar an chomhréireacht a áirithiú. Is féidir le tairiscintí fóirdheontais nialasacha teacht chun cinn toisc go meastar go dtiocfaidh méadú ar ioncam ón margadh le himeacht ama, cuir i gcás, agus/nó toisc go bhfaigheann tairgeoirí ar éirigh leo lamháltais nó sochair eile chomh maith le tacaíocht phraghsanna. Bonnphraghsanna nó uasteorainneacha a chuireann srian ar an bpróiseas iomaíoch a bhaineann an bhoinn den chomhréireacht, ba cheart iad a sheachaint, fiú más comhionann le nialas atá siad.

(43)  De ghnáth, is leor sé seachtaine. Maidir le próisis atá thar a bheith casta nó nua, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le tréimhse ama níos faide. I gcásanna a bhfuil údar leo, próisis shimplí nó próisis rialta/leanúnacha, cuir i gcás, d’fhéadfadh tréimhse ama níos giorra a bheith iomchuí.

(44)  Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ag na Ballstáit ar aonaid cosanta comhshaoil, féadfaidh siad modheolaíocht a fhorbairt lena gcuirfear san áireamh astaíochtaí nó truailliú eile ag céimeanna éagsúla den ghníomhaíocht eacnamaíoch dá dtugtar tacaíocht, an t-am chun tionscadal a chur i gcrích nó na costais a bhaineann le comhtháthú córas. Agus an méid a chuirtear leis na príomhchuspóirí á chur i gcomparáid le méid na cabhrach arna iarraidh, féadfaidh na Ballstáit, mar shampla, na critéir oibiachtúla éagsúla a mheas agus a roghnú ar bhonn mhéid na cabhrach in aghaidh aonad meán ualaithe na gcritéar oibiachtúil, nó féadfaidh siad na cinn ag a bhfuil na scóir is airde ar na critéir oibiachtúla a roghnú as measc raon teoranta tairiscintí a bhfuil an méid cabhrach is ísle in aghaidh an aonaid acu in aghaidh an aonaid. Ní mór paraiméadair aon chur chuige den sórt sin a chalabrú chun a áirithiú go bhfanfaidh an próiseas tairisceana neamh-idirdhealaitheach, iomaíoch ar bhealach éifeachtach agus go léireoidh sé luach eacnamaíoch.

(45)  Cás frithfhíorasach ina moltar leanúint de na gníomhaíochtaí reatha nach bhfuil inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de mar chás malartach infheistíochta/oibriúcháin, ní mheasfar an cás sin a bheith réalaíoch.

(46)  In éagmais tionscadal malartach, fíoróidh an Coimisiún go bhfuil an chabhair teoranta don íosmhéid is gá chun go mbeidh brabús leordhóthanach ag gabháil leis an tionscadal dá dtugtar cabhair, trí bhíthin é a bheith indéanta ráta toraidh inmheánach (“IRR”) a bhaint amach a chomhfhreagraíonn don tagarmharc nó don íosráta toraidh a bhaineann go sonrach leis an earnáil nó leis an ngnólacht. Féadfar gnáthrátaí toraidh a éilíonn an tairbhí i dtionscadail infheistíochta eile den chineál sin, a chostas caipitil ina iomláine nó torthaí a bhreithnítear de ghnáth sa tionscal lena mbaineann a úsáid chun na críche sin. Ní mór na costais agus na tairbhí ábhartha uile a bhfuil súil leo a chur san áireamh thar shaolré an tionscadail.

(47)  Cuardach Poiblí ar Thrédhearcacht na Státchabhrach, le fáil ag: https://webgate.ec.europa.eu/competition/transparency/public?lang=en.

(48)  Ar iarraidh chuí-réasúnaithe ó Bhallstát, féadfar an ceanglas sin a tharscaoileadh i gcás ina mbainfeadh foilsiú iomlán mionsonraithe an bonn den iomaíocht i bpróisis leithdháilte ina dhiaidh sin, mar shampla trí thairiscintí straitéiseacha a cheadú.

(49)  I gcás nach mbeidh aon cheanglas foirmiúil ann maidir le dearbhú bliantúil, measfar gurb é an 31 Nollaig den bhliain a deonaíodh an chabhair ina leith an dáta deonaithe chun críoch ionchódaithe.

(50)  Maidir le bearta atá comhionann le bearta laistigh de Phleananna Téarnaimh agus Athléimneachta mar a d’fhormheas an Chomhairle iad, meastar gur comhlíonadh an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” mar go ndearnadh sin a fhíorú cheana féin.

(51)  D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh freisin i gcás ina saobhann an chabhair oibriú na n-ionstraimí eacnamaíocha a cuireadh i bhfeidhm chun na seachtrachtaí diúltacha sin a inmheánú (trí difear a dhéanamh do chomharthaí praghais a thugtar le ETS an Aontais nó ionstraim chomhchosúil, cuir i gcás).

(52)  Mar shampla, d’fhéadfadh sé sin a bheith bunaithe ar phlean náisiúnta dícharbónaithe a bhfuil spriocanna ceangailteacha ag gabháil leis agus/nó plean a bhféadfadh gealltanais cheangailteacha ón tairbhí a bheith ar áireamh ann chun teicneolaíochtaí dícharbónaithe amhail CCS/CCU a chur chun feidhme nó gás in-athnuaite nó ísealcharbóin a chur in ionad gáis nádúrtha nó an gléasra a dhúnadh de réir amlíne atá i gcomhréir le spriocanna aeráide an Aontais. Chun spriocanna aeráide an Aontais le haghaidh 2030 agus 2050 a bhaint amach, ní mór laghdú géar soiléir a bheith ar na breoslaí iontaise ar fad, lena n-áirítear gás nádúrtha. Sa mheasúnú tionchair a chur an Coimisiún le chéile le haghaidh an phlean um sprioc aeráide 2030, mínítear “go mbeidh úsáid neamhlaghdaithe gáis nádúrtha ar neamhréir leis an gcuspóir aeráidneodrachta faoi 2050 agus nach mór úsáid an gháis sin a laghdú 66 - 71 % i gcomparáid le 2015” (SWD(2020) 176 final).

(53)  Baineann sé sin le hinfheistíochtaí athfhorbraíochta agus le hinfheistíochtaí úrnua araon.

(54)  Áirítear air sin leictrealóirí ar an eangach a bhfuil comhaontuithe ceannacháin cumhachta in-athnuaite tugtha i gcrích acu le hoibreoirí eacnamaíocha, ar oibreoirí iad a tháirgeann leictreachas in-athnuaite a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún arna ghlacadh de bhun Airteagal 27(3) de Threoir (AE) 2018/2001.

(55)  Is é an cás frithfhíorasach an ghníomhaíocht a bheadh déanta ag an tairbhí in éagmais na cabhrach. I roinnt cásanna dícharbónaithe, d’fhéadfadh infheistíocht i rogha eile a bheith i gceist, rogha is mó díobháil don chomhshaol. I gcásanna eile, d’fhéadfadh sé nach mbeadh aon infheistíocht i gceist, nó go bhfuil moill ar an infheistíocht, ach d’fhéadfadh cinntí oibriúcháin a bheith i gceist, cuir i gcás, cinntí gur lú an tairbhe don chomhshaol a bheadh mar thoradh orthu, amhail feidhmiú leanúnach áiseanna ar an láthair agus/nó fuinneamh a cheannach.

(56)  Ní dhéanfadh sé sin difear do theidlíocht maidir le cabhair a deonaíodh cheana a fháil (e.g. faoi chonradh 10 bliana).

(57)  De ghnáth, ní éilíonn an Coimisiún go n-osclófar bearta thar theorainneacha, cé go bhféadfadh sé sin cabhrú le himní maidir le hiomaíocht a laghdú.

(58)  Amhail, más infheidhme, i gcás hidrigin in-athnuaite.

(59)  Níor cheart incháilitheacht i gcás den sórt sin a theorannú ach amháin i gcomhréir leis na sainmhínithe ábhartha i gcás ina bhfuil siad ar fáil sa reachtaíocht earnálach. Mar shampla, scéim a ceapadh chun príomhsprioc an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite a bhaint amach, ba cheart don scéim a bheith oscailte do na teicneolaíochtaí uile a chomhlíonann an sainmhíniú ar “fhoinsí fuinnimh in-athnuaite” i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 8), agus scéim a ceapadh chun fosprioc de chuid an Aontais a chomhlíonadh, ba cheart don scéim sin a bheith oscailte do na teicneolaíochtaí uile ar féidir leo chuidiú leis an bhfosprioc sin a bhaint amach. Féadfaidh na Ballstáit raon feidhme a mbeart tacaíochta a theorannú a thuilleadh, áfach, lena n-áirítear do chineálacha sonracha foinsí fuinnimh in-athnuaite, ar bhonn critéir oibiachtúla eile amhail na critéir sin a liostaítear i bpointí 96(b) go (g).

(60)  I gcás ina bhfuil tacaíocht réigiúnach i gceist, ba cheart don Bhallstát a léiriú go gcumasaítear le seirbhísí coimhdeacha agus rialacha maidir le hathsheoladh rannpháirtíocht éifeachtúil foinsí in-athnuaite fuinnimh, stóráil agus freagairt don éileamh de réir mar is iomchuí agus luach saothair ar roghanna suímh agus teicneolaíochta a thacaíonn le cobhsaíocht na n-eangach, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/943 agus Treoir (AE) 2019/944. I gcás ina sainaithníonn an Ballstát fadhb áitiúil maidir le slándáil an tsoláthair nach féidir a réiteach sa mheántéarma (e.g. laistigh de 5-10 bliana) le feabhas ar dhearadh an mhargaidh nó athneartú leordhóthanach líonra, ba cheart beart a bhunú agus measúnú a dhéanamh air faoi Roinn 4.8 chun aghaidh a thabhairt ar an imní sin.

(61)  Féadfaidh na Ballstáit brath ar phróisis chomhairliúcháin náisiúnta atá ann cheana maidir leis na ceanglais sin. A fhad a chumhdaítear leis an gcomhairliúchán na pointí a liostaítear sna treoirlínte seo agus a fhad a mhairfidh sé ar feadh na tréimhse ama is gá, ní gá comhairliúchán ar leithligh a dhéanamh. D’fhéadfadh sé nach mbeadh gá le comhairliúchán ar leithligh sna cásanna dá dtagraítear i bpointe 96(g).

(62)  Is éard atá i gceist le coibhéis CO2 (CO2 e) tomhas méadrach a úsáidtear chun comparáid a dhéanamh idir astaíochtaí ó gháis ceaptha teasa éagsúla ar bhonn a n-acmhainneachta téite domhanda, trí mhéideanna gás eile a thiontú go dtí an méid coibhéise dé-ocsaíde carbóin ag a bhfuil an acmhainneacht téite domhanda chéanna.

(63)  Mar shampla, an t-aga tionscanta idir an próiseas iomaíoch agus an tréimhse seachadta, rialacha tairisceana/tairiscint, rialacha praghsála.

(64)  Mar shampla, má tá réanna éagsúla conartha ann, modheolaíochtaí éagsúla chun méid na hacmhainneachta incháilithe/aschuir ó theicneolaíochtaí éagsúla a ríomh, modheolaíochtaí éagsúla chun fóirdheontais a ríomh nó a íoc.

(65)  Mar shampla, spriocanna dícharbónaithe na mBallstát a bhaint amach.

(66)  Is féidir srian ceangailteach den sórt sin a bhaint amach ar bhealaí éagsúla comhlántacha, lena n-áirítear gníomhaíochtaí chun na srianta a d’fhéadfadh a bheith ann ar thaobh an tsoláthair a mhaolú, an méid a choigeartú chun an soláthar is dócha a bheidh ar fáil ag tráth áirithe a léiriú agus/nó gnéithe eile de dhearadh an phróisis tairisceana a mhodhnú (mar shampla, critéir incháilitheachta le haghaidh rannpháirtíochta); agus é mar aidhm cuspóir an bhirt (mar shampla, spriocanna dícharbónaithe na mBallstát) a bhaint amach ar bhealach comhréireach lena n-íoslaghdófar saobhadh ar iomaíocht agus ar thrádáil. Agus comhréireacht agus iomaíochas á gcosaint ag na Ballstáit, féadfaidh siad ionchais dhlisteanacha na n-infheisteoirí a chur san áireamh freisin.

(67)  Leis na prionsabail maidir le ríomh na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa mar a úsáidtear le haghaidh Chiste an Aontais don Nuálaíocht, tugtar pointe tagartha úsáideach, atá le fáil ag: https://ec.europa.eu/info/funding-tenders/opportunities/docs/2021-2027/innovfund/wp-call/2021/call-annex_c_innovfund-lsc-2021_en.pdf. I gcás ina n-úsáidfear leictreachas mar ionchur, áfach, ní mór don mhodheolaíocht a úsáidfear na hastaíochtaí ó tháirgeadh an leictreachais sin a chur san áireamh. Féadfaidh na Ballstáit a roghnú úsáid a bhaint as leibhéal an fhóirdheontais in aghaidh an tona d’astaíochtaí coibhéiseacha CO2 a seachnaíodh mar chritéar roghnúcháin ina mbearta cabhrach, ach níl sé de cheangal orthu é sin a dhéanamh.

(68)  Chomh maith leis sin, mar a luaitear i bpointe 75, de ghnáth bíonn an Coimisiún i bhfabhar gnéithe eile atá beartaithe ag na Ballstáit chun rannpháirtíocht FBManna agus na bpobal fuinnimh in-athnuaite i bpróisis tairisceana iomaíocha a éascú, ar choinníoll gur mó na héifeachtaí dearfacha a bhaineann le rannpháirtíocht agus glacadh a áirithiú ná na hiarmhairtí saobhacha a d’fhéadfadh a bheith ann.

(69)  Le conradh difríochta tá an tairbhí i dteideal íocaíocht atá cothrom leis an difríocht idir praghas seasta ceangail agus praghas tagartha – amhail praghas margaidh, in aghaidh an aonaid aschuir. Úsáideadh iad le blianta beaga anuas le haghaidh bearta maidir le giniúint leictreachais ach d’fhéadfadh praghas tagartha a bhaineann le ETS a bheith i gceist leo freisin – i.e. conarthaí difríochta carbóin. D’fhéadfadh na conarthaí difríochta carbóin sin a bheith úsáideach chun teicneolaíochtaí ceannródaíocha a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun dícharbónú tionsclaíoch a bhaint amach a thabhairt chun an mhargaidh. D’fhéadfadh aisíocaíochtaí ó thairbhithe le cáiníocóirí nó tomhaltóirí i gcomhair tréimhsí ina sáraíonn an praghas tagartha an praghas ceangail a bheith i gceist le conarthaí difríochta freisin.

(70)  Féadfaidh suiteálacha leictreachais in-athnuaite ar mhionscála tairbhe a bhaint as tacaíocht praghais dhírigh lena gcumhdaítear na costais iomlána oibriúcháin agus nach gceanglaítear orthu a gcuid leictreachais a dhíol ar an margadh, i gcomhréir leis an díolúine in Airteagal 4(3) de Threoir (AE) 2018/2001. Measfar gur suiteálacha ar mhionscála iad suiteálacha má tá a n-acmhainneacht faoi bhun na tairsí is infheidhme in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/943.

(71)  Tagraíonn sé seo do liosta na sócmhainní i bpointe19(36).

(72)  Lena n-áirítear breoslaí ísealcharbóin ó fhoinsí neamh-inathnuaite agus iompróirí fuinnimh nach n-astaíonn ag an sceithphíopa ach a tháirgtear trí phróiseas atá dian ar charbón.

(73)  Maidir le bearta atá comhionann le bearta laistigh de Phleananna Téarnaimh agus Athléimneachta mar a d’fhormheas an Chomhairle iad, meastar gur comhlíonadh an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” mar go ndearnadh sin a fhíorú cheana féin.

(74)  Leis na hinfheistíochtaí sin, d’fhéadfaí díriú ar fhuinneoga nó coirí nua a chur san fhoirgneamh nó díriú ar insliú ballaí, cuir i gcás.

(75)  Is í an tréimhse aisíoca an méid ama is gá chun costas infheistíochta a aisghabháil (gan chabhair).

(76)  Tá feidhm aige sin nuair a dheonaítear cabhair chun a chumasú do ghnóthais íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a chomhlíonadh, ar íoschaighdeáin iad a cháilíonn mar chaighdeáin de chuid an Aontais, sula mbeidh na ceanglais éigeantach don ghnóthas lena mbaineann, gan beann ar chaighdeáin de chuid an Aontais roimhe sin atá i bhfeidhm cheana.

(77)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún “Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste: iompar Eorpach a chur ar an mbóthar ceart don todhchaí”, COM(2020) 789 final.

(78)  Áirítear sa Teachtaireacht, i measc nithe eile, an uaillmhian ar a laghad 30 milliún gluaisteán astaíochtaí nialasacha agus 80 000 leoraí astaíochtaí nialasacha a bheith i bhfeidhm faoi 2030 agus go mbeidh astaíochtaí nialasacha ag beagnach gach gluaisteán, veain, bus agus feithicil tromshaothair nua faoi 2050.

(79)  Rialachán (AE) 2019/1242 agus Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 le haghaidh gluaisteáin nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 (IO L 111, 25.4.2019, lch. 13).

(80)  Mar shampla, trí Threoir 1999/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 1999 maidir le muirear a ghearradh ar fheithiclí earraí troma as bonneagair áirithe a úsáid (IO L 187, 20.7.1999, lch. 42) agus ETS an Aontais.

(81)  Mar shampla, trí Threoir 2009/33/CE.

(82)  Is féidir é sin a léiriú trína áirithiú go ndeonaítear an chabhair ar bhealach trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, agus trína áirithiú go bhfuil páirtithe leasmhara ar an eolas go leordhóthanach faoi raon feidhme an bhirt agus faoi choinníollacha féideartha na cabhrach.

(83)  I gcás an mheasúnaithe sin, ag brath ar na hearnálacha agus ar na modhanna iompair lena mbaineann, measfaidh an Coimisiún de ghnáth gurb é atá i gceist leis sin tréimhse idir dhá bhliain agus cúig bliana tar éis an beart cabhrach a fhógairt nó a chur chun feidhme. Bunóidh sé a mheasúnú ar staidéir margaidh neamhspleácha arna dtíolacadh ag an mBallstát nó ar aon fhianaise iomchuí eile.

(84)  Féach pointe 66.

(85)  D’fhéadfaí a áireamh leis sin go n-eisiafar róchúiteamh trína fhíorú nach dtéann an chabhair thar na glanchostais bhreise, mar a léirítear trí chomparáid a dhéanamh idir an bhearna chistiúcháin sa chás fíorasach agus frithfhíorasach, agus go dtabharfaidh an Ballstát sásra faireacháin ex post isteach chun na toimhdí a rinneadh maidir le leibhéal na cabhrach is gá a fhíorú, mar aon le sásra aisghlámtha.

(86)  Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1).

(87)  Mar shampla, i gcás bonneagar athluchtaithe, gnáthchumhacht nó ardchumhacht.

(88)  I gcás an mheasúnaithe sin, déanfaidh an Coimisiún a mheas go ginearálta an bhfuil coinn leis go n-úsáidfear an bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe ar théarmaí tráchtála laistigh de thréimhse atá ábhartha, agus fad an bhirt á chur san áireamh. Bunóidh sé a mheasúnú ar thorthaí an chomhairliúcháin phoiblí ex ante , ar staidéir neamhspleácha mhargaidh arna gcur isteach ag an mBallstát nó ar aon fhianaise iomchuí eile.

(89)  Bonneagair athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá beartaithe go príomha lena úsáid ag gnóthais atá gníomhach in earnáil an iompair phoiblí do phaisinéirí de thalamh, d’iarnród nó d’uisce, féadfar é sin a bheith ar oscailt ar bhonn coimhdeach lena úsáid ag fostaithe, ag conraitheoirí seachtracha nó ag sholáthraithe na ngnóthas sin.

(90)  Bonneagair athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá beartaithe go príomha lena úsáid ag tairbhí na cabhrach, féadfar sin a oscailt ar bhonn coimhdeach lena úsáid ag fostaithe, ag conraitheoirí seachtracha nó ag sholáthróirí thairbhí na cabhrach.

(91)  Cuir i gcás, beart atá dírithe ar chabhair d’infheistíochtaí i stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine le haghaidh feithiclí tromshaothair ag críochfoirt lasta agus i bpáirceanna lóistíochta i mBallstát inar lú ná 2 % sciar margaidh na bhfeithiclí tromshaothair hidrigine.

(92)  Áirítear breoslaí eitlíochta inbhuanaithe leis sin.

(93)  Is é atá i gceist le breoslaí intiteáin breoslaí atá coibhéiseach ó thaobh feidhme de leis na breoslaí iontaise atá in úsáid faoi láthair agus atá ag teacht go hiomlán leis an mbonneagar dáileacháin agus leis an innealra ar bord agus leis na hinnill.

(94)  I gcás measúnaithe den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún breithniú ginearálta ar thréimhse idir dhá bhliain agus 5 bliana tar éis fógra a thabhairt faoin mbearr nó tar éis an beart cabhrach a chur chun feidhme. Bunóidh sé a mheasúnú ar staidéir neamhspleácha mhargaidh arna gcur isteach ag an mBallstát nó ar aon fhianaise iomchuí eile.

(95)  Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal “A hydrogen strategy for a climate-neutral Europe” [Straitéis hidrigine d’Eoraip aeráidneodrach], COM(2020) 301 final, lch. 3.

(96)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal “Plean Gníomhaíochta nua do Gheilleagar Ciorclach Chun Eoraip níos glaine agus níos iomaíche a bhaint amach”, COM(2020) 98 final.

(97)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal “A sustainable Bioeconomy for Europe: Strengthening the connection between economy, society and the environment” [Bithgheilleagar inbhuanaithe don Eoraip: An nasc idir an geilleagar, an tsochaí agus an comhshaol a neartú], COM(2018)673 final and SWD(2018)431.

(98)  Féadfar na hacmhainní ábhartha go léir arna n-ídiú a áireamh sna hacmhainní arna n-ídiú, cé is moite d’fhuinneamh. Féadfar an laghdú a chinneadh trí ídiú a thomhas nó a mheas sula gcuirfear an beart cabhrach chun feidhme agus ina dhiaidh sin, lena n-áirítear aon choigeartú i leith dálaí seachtracha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’ídiú acmhainní.

(99)  Féach na sainmhínithe ar athúsáid, aisghabháil, ullmhú d’ath-úsáid, athchúrsáil, agus dramhaíl i bpointí 19(59), (61), (62), (75) agus (90).

(100)  Is éard atá i gceist le hord na réiteach dramhaíola (a) cosc, (b) ullmhú d’athúsáid, (c) athchúrsáil, (d) aisghabháil eile, mar shampla aisghabháil fuinnimh, agus (e) diúscairt. Féach Airteagal 4(1), pointe (1) de Threoir 2008/98/CE.

(101)  Seachtháirgí (dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir 2008/98/CE), fuíoll talmhaíochta, fuíoll dobharshaothraithe, fuíoll iascaigh agus fuíoll foraoiseachta, fuíolluisce, uisce báistí agus uisce rite chun srutha, mianraí, dramhaíl mhianadóireachta, cothaithigh, gáis iarmharacha ó phróisis táirgthe, táirgí iomarcacha, páirteanna iomarcacha agus ábhair iomarcacha, etc., féadfar na nithe sin a bheith san áireamh i dtáirgí, ábhair nó substaintí eile. Is éard atá i dtáirgí iomarcacha, páirteanna iomarcacha nó ábhair iomarcacha táirgí, páirteanna nó ábhair nach bhfuil gá leo a thuilleadh ag an sealbhóir, agus nach bhfuil úsáideach dó a thuilleadh ach oiread, ach atá oiriúnach lena n-athúsáid.

(102)  Féach a sainmhíniú ar “bhailiú ar leithligh” in Airteagal 3, pointe (11) de Threoir 2008/98/CE.

(103)  Ó thaobh na teicneolaíochta de, ba cheart leibhéal níos airde in-athchúrsáilteachta nó cáilíocht níos airde den ábhar athchúrsáilte a bheith ina dtoradh ar an infheistíocht i gcomparáid leis an ngnáthchleachtas.

(104)  I gcás ina léireoidh an Ballstát go leordhóthanach é, féadfar an staid shonrach ar leibhéal an réigiúin nó na réigiún lena mbaineann a chur san áireamh freisin.

(105)  Féach an sainmhíniú i bpointe19(58).

(106)  Mar shampla, d’fhéadfadh na Ballstáit an úrnuacht a léiriú ar bhonn tuairisc bheacht ar an nuálaíocht agus ar dhálaí an mhargaidh maidir lena tabhairt isteach nó lena scaipeadh, agus comparáid á déanamh idir an úrnuacht agus na próisis úrscothacha nó na teicnící eagrúcháin a úsáideann gnóthais eile de ghnáth sa tionscal céanna.

(107)  Más féidir paraiméadair chainníochtúla a úsáid chun comparáid a dhéanamh idir gníomhaíochtaí éiceanuálaíocha agus gníomhaíochtaí caighdeánacha neamh-nuálaíocha, ciallaíonn “i bhfad níos airde” gur cheart an feabhsú imeallach a bhfuil coinne leis ó ghníomhaíochtaí éiceanuálaíocha i dtéarmaí riosca laghdaithe don chomhshaol nó truailliú nó éifeachtúlacht fheabhsaithe san fhuinneamh nó in acmhainní, gur cheart é sin a bheith dhá oiread chomh hard ar a laghad leis an bhfeabhas imeallach a bhfuil coinne leis ó éabhlóid ghinearálta na ngníomhaíochtaí neamhnuálaíocha inchomparáide. I gcás nach iomchuí an cur chuige atá beartaithe do chás ar leith, nó mura féidir comparáid chainníochtúil a dhéanamh, ba cheart tuairisc mhionsonraithe ar an modh a úsáidtear chun an critéar sin a mheasúnú a bheith sa chomhad iarratais ar státchabhair, lena n-áiritheofar caighdeán atá inchomparáide le caighdeán an mhodha atá beartaithe.

(108)  D’fhéadfadh an Ballstát an riosca sin a léiriú, mar shampla, i dtéarmaí na nithe seo a leanas: na costais i ndáil le láimhdeachas an ghnóthais, an méid ama is gá chun an fhorbairt a dhéanamh, na gnóthachain a bhfuil coinne leo ón ngníomhaíocht éiceanuálaíochta i gcomparáid leis na costais, agus an dóchúlacht go gclisfear air.

(109)  Tá Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe le fáil ag: https://sustainabledevelopment.un.org/content/documents/21252030%20Agenda%20for%20Sustainable%20Development%20web.pdf.

(110)  Togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030, COM(2020) 652 final.

(111)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún “Aer Glan Don Eoraip”, (COM(2013) 918 final). Féach freisin Treoir 2004/107/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 i ndáil le harsanaic, caidmiam, mearcair, nicil agus hidreacarbóin aramatacha iltimthriallacha san aer comhthimpeallach (IO L 23, 26.1.2005, lch. 3) agus Treoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip (IO L 152, 11.6.2008, lch. 1), le haghaidh ózón ar leibhéal na talún, ábhar cáithníneach, ocsaídí nítrigine, miotail throma chontúirteacha agus líon truailleán eile. Féach freisin Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1) le haghaidh na dtruailleán aeir trasteorann is tábhachtaí: dé-ocsaídí sulfair, ocsaídí nítrigine, amóinia, comhdhúile so-ghalaithe orgánacha neamh-mheatáin agus ábhar cáithníneach.

(112)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1), tá ceanglas inti maidir le stádas maith éiceolaíoch a bheith ag na dobharlaigh dhromchla agus dobharlaigh screamhuisce ach amháin má tá feidhm ag díolúintí maidir leo.

(113)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal “Pathway to a Healthy Planet for All EU Action Plan: Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil” [I dTreo Pláinéad Sláintiúil do Chách: Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú], COM(2021) 400 final.

(114)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal “A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system” [Straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol], COM(2020) 381 final.

(115)  Is féidir státchabhair a bheith i gceist le ceadanna intrádála, go háirithe nuair a dheonaíonn Ballstáit ceadanna agus lamháltais atá faoi bhun a luach margaidh.

(116)  Chun a chinneadh cé acu den dá chuspóir atá in uachtar, féadfaidh an Coimisiún é a chur de cheangal ar an mBallstát comparáid a dhéanamh idir na torthaí a bhfuil coinne leo ón mbeart i dtéarmaí astaíochtaí gás ceaptha teasa agus astaíochtaí truailleán eile a chosc nó a laghdú, ar bhonn cainníochtuithe inchreidte mionsonraithe.

(117)  Is féidir státchabhair a bheith i gceist le ceadanna intrádála, go háirithe nuair a dheonaíonn Ballstáit ceadanna agus lamháltais atá faoi bhun a luach margaidh.

(118)  Féadfar an anailís a dhéanamh ar bhonn na meastachán ar leaisteachas phraghas an táirge san earnáil lena mbaineann, i measc fachtóirí eile, agus ar mheastacháin ar dhíolacháin chaillte chomh maith lena dtionchar ar bhrabúsacht an tairbhí.

(119)  Mar shampla, iontrálaithe nua nó, a mhalairt, gnóthais nó suiteálacha atá ann cheana.

(120)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal “EU biodiversity Strategy for 2030 bringing nature back into our lives” [Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 – An dúlra a thabhairt ar ais inár saol], COM/2020/380 final.

(121)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal “Forging a climate-resilient Europe – the new EU Strategy on Adaptation to Climate Change” [Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú – Straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide], COM(2021) 82 final.

(122)  https://www.eea.europa.eu/publications/nature-based-solutions-in-europe/.

(123)  Mar shampla, cabhair chun talamh portaigh a athfhliuchú, ar talamh portaigh é nach bhfuil nasctha le cabhair chun oibríochtaí bainte móna a dhúnadh go luath ná le cabhair le haghaidh costais eisceachtúla a bhaineann le gníomhaíochtaí den sórt sin, féadfar í sin a chumhdach faoi Roinn 4.6.

(124)  Chun a chinneadh cé acu den dá chuspóir atá in uachtar, féadfaidh an Coimisiún é a chur de cheangal ar an mBallstát comparáid a dhéanamh idir na torthaí a bhfuil coinne leo ón mbeart i dtéarmaí astaíochtaí gás ceaptha teasa a chosc nó a laghdú agus damáiste don chomhshaol a leigheas, gnáthóga nádúrtha agus éiceachórais a athshlánú, an bhithéagsúlacht a chosaint nó a athbhunú agus réitigh dhúlrabhunaithe a chur chun feidhme maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide, i gcás inarb iomchuí, ar bhonn cainníochtuithe inchreidte mionsonraithe.

(125)  Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas (IO L 143, 30.4.2004, lch. 56). Féach freisin Fógra ón gCoimisiún dar teideal “Guidelines providing a common understanding of the term “environmental damage” as defined in Article 2 of Directive 2004/35/EC of the European Parliament and of the Council on environmental liability with regard to the prevention and remedying of environmental damage” [Treoirlínte ina dtugtar comhthuiscint ar an téarma “damáiste don chomhshaol” mar a shainmhínítear é in Airteagal 2 de Threoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas] (IO C 118, 7.4.2021, lch. 1).

(126)  Féach Cinneadh C(2012) 558 final ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2012 sa chás SA.33496 (2011/N) – an Ostair –Einzelfall, Altlast, DECON Umwelttechnik GmbH, aithrisí 65-69 (IO C 14, 17.1.2013, lch. 1).

(127)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

(128)  Ní chumhdaítear leis an roinn seo seirbhísí coimhdeacha, lena n-áirítear bearta na bPleananna Cosanta Córais de bhun Rialachán (AE) 2017/2196 ón gCoimisiún, agus é mar aidhm acu slándáil oibríochtúil a áirithiú a sholáthraíonn TSOanna nó DSOanna trí phróiseas tairisceana iomaíoch neamh-idirdhealaitheach a bheidh oscailte do gach acmhainn is féidir cur leis an gceanglas slándála oibríochtúil sainaitheanta, gan an Stát a bheith rannpháirteach i soláthar agus i maoiniú na seirbhíse.

(129)  Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le hullmhacht i gcomhair rioscaí in earnáil an leictreachais (an Rialachán maidir le hullmhacht le haghaidh riosca) (IO L 158, 14.6.2019, lch. 1).

(130)  Agus Rialachán (AE) 2019/943 agus Treoir (AE) 2019/944 á gcur san áireamh.

(131)  Glactar leis gurb ann don fhéidearthacht theicniúil le haghaidh sásraí acmhainneachta, rud a mbaineann ceanglas leis maidir le rannpháirtíocht trasteorann faoi Rialachán (AE) 2019/943.

(132)  Féadfaidh na Ballstáit brath ar phróisis chomhairliúcháin náisiúnta atá ann cheana i leith na gceanglas sin. A fhad agus a bhaineann na pointí a liostaítear anseo leis an gcomhairliúchán, ní gá comhairliúchán ar leith a dhéanamh.

(133)  Mar shampla, an t-aga idir an próiseas iomaíoch agus an tréimhse sheachadta, na rialacha maidir le tairiscint/iarraidh, na rialacha maidir le praghsáil.

(134)  Mar shampla, má tá faid éagsúla chonartha ann, modheolaíochtaí éagsúla chun méid na hacmhainneachta incháilithe/aschuir ó theicneolaíochtaí éagsúla a ríomh, modheolaíochtaí éagsúla chun fóirdheontais a ríomh nó a íoc.

(135)  Arna chinneadh de réir Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/943.

(136)  I gcás bearta a chuimsítear sa phlean riosca-ullmhachta dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019/941, féach freisin Airteagal 12(1) den Rialachán sin.

(137)  Tá an ceanglas sin gan dochar d’acmhainní a chur chun gnímh roimh an seoladh féin, chun na srianta rampála agus na ceanglais oibríochtúla a chomhlíonadh. Ní mór nach ndéanfar aschur an chúltaca straitéisigh le linn an ghníomhachtaithe a shannadh do ghrúpaí comhardaithe trí mhargaí mórdhíola agus ní mór nach n-athrófar a míchothromaíochtaí leis.

(138)  Dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2019/943.

(139)  Féach an Fógra ón gCoimisiún maidir le Coincheap na státchabhrach dá dtagraítear in Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO C 262, 19.7.2016, lch. 1). Ós rud é gur coincheap oibiachtúil dlíthiúil é coincheap na státchabhrach a bhfuil sainmhíniú díreach air sa Chonradh (breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 22 Nollaig 2008, British Aggregates v Commission, C-487/06 P, ECLI:EU:C:2008:757, mír 111), tá na tuairimí a leagtar amach i bpointí 373 go 375 gan dochar don léirmhíniú ar choincheap na státchabhrach ó Chúirteanna an Aontais breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 21 Iúil 2011, Alcoa Trasformazioni v Commission, C-194/09 P, ECLI:EU:C:2011:497, mír 125); is é cásdlí Chúirteanna an Aontais i gcónaí an phríomhthagairt chun an Conradh a léirmhíniú.

(140)  Is ann do mhonaplacht dhlíthiúil i gcás ina bhforchoimeádtar seirbhís ar leith le dlí nó le bearta rialála maidir le soláthraí eisiach i limistéar geografach cinntithe (laistigh de Bhallstát amháin freisin), agus ina gcuirtear toirmeasc soiléir ar aon oibreoir eile an tseirbhís sin a chur ar fáil (agus fiú gan éileamh iarmharach a d’fhéadfadh a bheith ann ó ghrúpaí custaiméirí áirithe a shásamh). Mar sin féin, ní hionann soláthar seirbhíse poiblí a chur de chúram ar ghnóthas sonrach agus monaplacht dhlíthiúil a bheith ag an ngnóthas sin.

(141)  Níl feidhm ag an roinn seo maidir le tionscadail lena mbaineann bonneagar tiomnaithe agus/nó bonneagar fuinnimh eile in éineacht le gníomhaíochtaí táirgthe agus/nó ídithe.

(142)  Rud atá éagsúil ó shaoráidí stórála “taobh thiar den mhéadair”.

(143)  Féadfar measúnú a dhéanamh freisin ar an tacaíocht don stóráil fuinnimh faoi Ranna 4.1, 4.2, 4.3, agus 4.8 i gcás inarb ábhartha. Sócmhainní stórála a roghnaítear mar tionscadail leasa choitinn – i gcomhréir leis an reachtaíocht GTE-F is infheidhme – tá siad incháilithe mar bhonneagar fuinnimh faoin roinn seo agus dhéanfaí an tacaíocht a mheasúnú faoi roinn 4.9. Tacaíocht do shócmhainní stórála atá “faoi úinéireacht nó faoi rialú” na TSOnna nó na DSOnna, i gcomhréir le hAirteagal 54 agus/nó Airteagal 36 de Threoir 944/2019, tá an tacaíocht sin cumhdaithe le roinn 4.9 freisin.

(144)  Go háirithe, déanfaidh an Coimisiún breithniú an bhfuil ardleibhéal ailínithe rialála ag an tríú tír nó ag na tríú tíortha lena mbaineann agus an dtacaíonn siad le cuspóirí beartais foriomlána an Aontais, go háirithe mar go mbaineann siad le margadh inmheánach fuinnimh dea-fheidhmiúil; slándáil an tsoláthair fuinnimh bunaithe ar an gcomhar agus ar an dlúthpháirtíocht; córas fuinnimh i dtreo an dícharbónaithe i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus le cuspóirí an Aontais maidir leis an aeráid; agus sceitheadh carbóin a sheachaint.

(145)  I gcás bonneagar idir Ballstát amháin agus tríú tír amháin nó níos mó; - I gcás na coda sin atá lonnaithe ar chríoch an Aontais, ní mór do na tionscadail a bheith i gcomhréir le Treoir 2009/73/CE agus le Treoir (AE) 2019/944; - I gcás na tríú tír nó na dtríú tíortha lena mbaineann, ní mór ardleibhéal ailínithe rialála a bheith ag na tionscadail agus ní mór iad a bheith ina dtacaíocht le cuspóirí beartais foriomlána an Aontais, go háirithe chun margadh inmheánach fuinnimh a fheidhmíonn go maith, slándáil an tsoláthair fuinnimh bunaithe ar an gcomhar agus ar an dlúthpháirtíocht, agus córas fuinnimh i dtreo an dícharbónaithe a áirithiú i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus le cuspóirí aeráide an Aontais a áirithiú; agus chun sceitheadh carbóin a sheachaint go háirithe.

(146)  Luaitear in Airteagal 20 de Threoir (AE) 2018/2001 an méid seo a leanas: “Glacfaidh na Ballstáit, i gcás inarb ábhartha, na céimeanna is gá chun bonneagar a fhorbairt don téamh agus don fhuarú ceantair ar mhaithe le forbairt téimh agus fuaraithe ó shaoráidí móra bithmhaise, grianfhuinnimh, fuinnimh chomhthimpeallaigh agus fuinnimh geoiteirmigh, agus ó dhramhtheas nó dramhfhuacht chomh maith”.

(147)  Chun a áirithiú go mbeidh an líonra dáileacháin á reáchtáil i ndáiríre mar shaoráid atá oscailte d’úsáideoirí, i gcomhréir leis an Teachtaireacht maidir leis an bPlean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe (féach roinn 4.3.3. den Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Plean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe - iarscríbhinn a ghabhann leis an Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip - an 14.1.2020 COM(2020) 21 final), de ghnáth – ar mhúnla rialacha an mhargaidh inmheánaigh don earnáil fuinnimh, go háirithe gás nó leictreachas – níor mhór rialacha sonracha a bheith i bhfeidhm (lena dtabharfaí sainordú i ndáil le rochtain tríú páirtí, le díchuachadh agus le taraifí rialáilte) seachas “cuntasaíocht ar leith” amháin.

(148)  Cé gur lasmuigh de na rialacha maidir le státchabhair atá an tacaíocht do bhonneagar dáileacháin téimh ceantair (faoi réir coinníollacha sonracha) i gcás monaplachta nádúrtha nó dlíthiúla (faoi réir coinníollacha sonracha), bheadh aon tacaíocht do ghníomhaíochtaí giniúna téimh ceantair fós faoi réir na rialacha maidir le státchabhair.

(149)  An méid fuinnimh arna ghabháil ag teaschaidéil a mheasfar a bheith in-athnuaite, déanfar sin a ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn VII de Threoir (AE) 2018/2001. Ina theannta sin, i gcás ina n-úsáidtear leictreachas, féadfar a mheas go bhfuil sé go hiomlán in-athnuaite ar mhúnla na modhanna a úsáidtear lena mheas go bhfuil leictreachas in-athnuaite go hiomlán faoi Threoir (AE) 2018/2001 - chomh maith le faoi reachtaíocht tharmligthe - nó modhanna coibhéiseacha eile lena n-áirithítear go dtiocfadh an leictreachas uile a úsáidtear ó fhoinsí in-athnuaite, ar choinníoll go seachnófar comhaireamh dúbailte fuinnimh in-athnuaite agus róchúiteamh. Ní mór nach mbeidh tacaíocht d’infheistíochtaí nua nó d’uasghrádú – ná d’oibriú – bainteach ar chaoi ar bith le suiteálacha comhdhó a úsáideann breoslaí seachas fuinneamh RES nó dramhtheas.

(150)  Trealamh téimh agus fuaraithe, lena n-áirítear stóráil theirmigh, laistigh d’áitreabh custaiméirí mar a thagraítear dó faoi phointe 138, nuair atá sé nasctha le córais téimh nó fuaraithe ceantair- is féidir an trealamh sin a chumhdach freisin.

(151)  Féach Airteagal 2, pointe (41) de Threoir 2012/27/AE.

(152)  Sa chomhthéacs sin, léireoidh na Ballstáit go háirithe go bhfuil na bearta is gá crutha i bhfeidhm ag na córais téimh ceantair a fhaigheann tacaíocht chun an éifeachtúlacht a mhéadú, CO2 agus foinsí eile truaillithe a laghdú chomh maith le caillteanais líonra.

(153)  Tomhaltóirí teasa, ar gnóthais iad a fheidhmíonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha, ní mór dóibh a sciar iomlán de chostais téimh a íoc in aon cás, ar costais iad atá comhionann ar a laghad leis an bhfoinse teasa mhalartach is saoire, chun saobhadh iomaíochta a sheachaint i margaí eile.

(154)  Is éard atá i gceist le hord na réiteach dramhaíola (a) cosc, (b) ullmhú d’athúsáid, (c) athchúrsáil, (d) aisghabháil eile, mar shampla aisghabháil fuinnimh, agus (e) diúscairt. Féach Airteagal 4, pointe (1) de Threoir 2008/98/CE.

(155)  Ní mór do na Ballstáit a léiriú go bhfuil bearta déanta acu chun foinsí inbhuanaithe téimh a chur leis an gcóras chun freastal ar chustaiméirí breise.

(156)  Mar shampla, ba cheart do na Ballstáit fianaise a sholáthar go bhfuil na córais téimh ceantair atá i gceist ina gcuid de phleananna dícharbónaithe náisiúnta nó áitiúla, nó ina gcuid de phleananna comhtháthaithe náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999 maidir leis an ngá go dtógfaí bonneagar nua don téamh agus fuarú ceantair ó fhoinsí in-athnuaite chun cuspóir an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2018/2001 a bhaint amach agus go dtabharfaí gealltanas chun aistriú ó bhreoslaí iontaise trí dhíriú ar spriocanna idirmheánacha agus deiridh maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.

(157)  I bhfianaise a mhéid a chuireann siad le maolú ar an athrú aeráide a shainítear mar chuspóir comhshaoil i Rialachán (AE) 2020/852, a fhad nach bhfuil aon táscairí follasacha ann go bhfuil neamhchomhlíontacht i gceist leis an bprionsabal gan dochar suntasach a dhéanamh.

(158)  Féach freisin Airteagal 24 de Threoir 2018/2001/AE.

(159)  Féach freisin Airteagal 18(5) agus Airteagal 24 de Threoir 2018/2001/AE.

(160)  I sainmhíniú an Aicmithe Staidrimh Gníomhaíochtaí Eacnamaíocha sa Chomhphobal Eorpach (aicmiú “NACE rev. 2”), chuig leibhéal dí-chomhiomlánaithe nach mó ná ocht ndigit (leibhéal “PRODCOM”).

(161)  Mar shampla, sonraí a chumhdaíonn céatadán suntasach den oll-bhreisluach ar leibhéal an AE maidir leis an earnáil nó leis an bhfo-earnáil lena mbaineann.

(162)  Ní chuimsíonn costais phearsanra “earraí agus seirbhísí”.

(163)  Cód 12 15 0 sa chreat dlíthiúil arna bhunú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 58/97 ón gComhairle an 20 Nollaig 1996 maidir le staidreamh struchtúrach gnó (IO L 014, 17.1.1997, lch. 1).

(164)  Is é an buntáiste a bhaineann le cúitimh bhliantúla sheasta (aisíocaíochtaí) a úsáid go mbeidh an méadú céanna ar imeallchostas an leictreachais ag dul do na gnóthais a thairbhíonn den chabhair (i.e. an méadú céanna ar chostas an leictreachais in aghaidh gach MWh bhreise a ídítear), rud a chuireann srian le saobhadh iomaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann laistigh den earnáil.

(165)  Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “Guidelines on State aid for environmental protection and energy 2014-2020” [Treoirlínte maidir le státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh 2014-2020] (IO C 200, 28.6.2014).

(166)  Níl feidhm ag an gceanglas 30 % a leagtar amach i bpointe50 maidir le próisis tairisceana faoi Roinn 4.12. Féadfaidh na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar chritéir bhreise a úsáid, amhail sochair chomhshaoil eile a bheidh le baint amach.

(167)  Cinneadh ón gComhairle an 10 Nollaig 2010 maidir le státchabhair chun dúnadh mianach neamhiomaíoch guail a éascú (IO L 336, 21.12.2010, lch. 24).

(168)  Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas (IO L 143, 30.4.2004, lch. 56).

(169)  Féach freisin Fógra ón gCoimisiún dar teideal “Guidelines providing a common understanding of the term “environmental damage” as defined in Article 2 of Directive 2004/35/EC of the European Parliament and of the Council on environmental liability with regard to the prevention and remedying of environmental damage” [Treoirlínte ina dtugtar comhthuiscint ar an téarma “damáiste don chomhshaol” mar a shainmhínítear é in Airteagal 2 de Threoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas] 2021/C 118/01 (IO C 118, 7.4.2021, lch. 1).

(170)  Féach Cinneadh C(2012) 558 final ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2012 sa chás SA.33496 (2011/N) – an Ostair –Einzelfall, Altlast, DECON Umwelttechnik GmbH, aithrisí 65-69 (IO C 14, 17.1.2013, lch. 1).

(171)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin “Common methodology for State aid evaluation” [Modheolaíocht choiteann chun meastóireacht a dhéanamh ar státchabhair], 28.5.2014, SWD(2014) 179 final.

(172)  Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO L 248, 24.9.2015, lch. 9).

(173)  Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2004 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 659/1999 ón gComhairle lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Airteagal 93 de Chonradh CE a chur i bhfeidhm (IO L 140, 30.4.2004, lch. 1).

(174)  Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “Guidelines on State aid for environmental protection and energy 2014-2020” [Treoirlínte maidir le státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh 2014-2020] (IO C 200, 28.6.2014, lch. 1).


IARSCRÍBHINN 1

Liosta de na hearnálacha incháilithe faoi Roinn 4.11

Earnálacha a bhfuil baol suntasach ag baint leo dá dtagraítear i Roinn 4.11.3.1

Cód NACE

Tuairisc

0510

Mianadóireacht guail chrua

0620

Eastóscadh gáis nádúrtha

0710

Mianadóireacht mianta iarainn

0729

Mianadóireacht mianta miotail eile neamhfheiriúla

0811

Cairéalacht cloiche ornáidí agus tógála, aolchloiche, gipsim, cailce agus slinne

0891

Mianadóireacht mianraí ceimiceacha agus leasacháin

0893

Eastóscadh salainn

0899

Mianadóireacht agus cairéalacht eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

1020

Próiseáil agus leasú éisc, crústach agus moileasc

1031

Próiseáil agus leasú prátaí

1032

Monarú sú torthaí agus glasraí

1039

Próiseáil agus leasú eile torthaí agus glasraí

1041

Monarú olaí agus saillte

1062

Monarú stáirsí agus táirgí stáirse

1081

Monarú siúcra

1086

Monarú ullmhóidí homaiginithe bia agus bia dhiaitéitigh

1104

Monarú deochanna eile coipthe neamhdhriogtha

1106

Monarú braiche

1310

Ullmhú agus sníomh snáithíní teicstíle

1320

Fíodóireacht teicstílí

1330

Bailchríochnú teicstílí

1391

Monarú fabraicí cniotáilte agus cróiseáilte

1393

Monarú cairpéad agus rugaí

1394

Monarú téadra, téide, coirdín agus líontán

1395

Monarú ábhar neamhfhite agus earraí déanta as ábhair neamhfhite, seachas éadaí

1396

Monarú teicstílí eile teicniúla agus tionsclaíocha

1411

Monarú éadaí leathair

1431

Monarú góiséireachta cniotáilte agus cróiseáilte

1511

Súdaireacht agus treiscíniú leathair; treiscíniú agus ruaimniú fionnaidh

1610

Sábhmhuilleoireacht agus plánáil adhmaid

1621

Monarú leathán veiníre agus painéal atá bunaithe ar adhmad

1622

Monarú urlár iontlaise cóimeáilte

1629

Monarú táirgí eile adhmaid; monarú earraí coirc, tuí agus ábhar fite

1711

Monarú laín

1712

Monarú páipéir agus páipéarchláir

1722

Monarú earraí tí agus sláintíochta agus earraí bunriachtanacha don leithreas

1724

Monarú ballapháipéir

1920

Monarú táirgí peitriliam scagtha

2011

Monarú gás tionsclaíoch

2012

Monarú ruaimeanna agus líocha

2013

Monarú ceimiceán bunúsach eile neamhorgánach

2014

Monarú ceimiceán bunúsach eile orgánach

2015

Monarú leasúchán agus comhdhúl nítrigine

2016

Monarú plaisteach i bhfoirmeacha príomhúla

2017

Monarú rubair shintéisigh i bhfoirmeacha príomhúla

2059

Monarú táirgí eile ceimiceacha nach n-aicmítear in áit ar bith eile:

2060

Monarú snáithíní de dhéantús an duine

2110

Monarú buntáirgí cógaisíochta

2211

Monarú bonn agus feadán rubair; atráchtadh agus atógáil bonn rubair

2219

Monarú táirgí eile rubair

2221

Monarú plátaí, brat, feadán agus próifílí plaisteacha

2222

Monarú earraí pacálá plaisteacha

2229

Monarú táirgí eile plaisteacha

2311

Monarú gloine comhréidh

2312

Deilbhiú agus próiseáil gloine comhréidh

2313

Monarú tollghloine

2314

Monarú snáithíní gloine

2319

Monarú agus próiseáil gloine eile, lena n-áirítear earraí teicniúla gloine

2320

Monarú táirgí teasfhulangacha

2331

Monarú tíleanna ceirmeacha agus leac ceirmeach

2342

Monarú daingneán ceirmeach sláintíochta

2343

Monarú inslitheoirí ceirmeacha agus feisteas inslithe ceirmeach

2344

Monarú táirgí eile ceirmeacha teicniúla

2349

Monarú táirgí eile ceirmeacha

2351

Monarú stroighne

2391

Táirgeadh táirgí scríobacha

2399

Monarú táirgí eile mianracha neamh-mhiotalacha nach n-aicmítear in áit ar bith eile

2410

Monarú buniarainn agus bunchruach agus fearó-chóimhiotal

2420

Monarú feadán, píobán, tollphróifílí agus feisteas gaolmhar, atá déanta as cruach

2431

Fuartharraingt barraí

2432

Fuar-rolladh stéille caoile

2434

Fuartharraingt sreinge

2442

Táirgeadh alúmanaim

2443

Táirgeadh luaidhe, since agus stáin

2444

Táirgeadh copair

2445

Táirgeadh miotail neamhfheiriúil eile

2446

Próiseáil breosla núicléach

2451

Teilgean iarainn

2550

Gaibhniú, brú, stampáil agus rollafhoirmiú miotail; miotaleolaíocht phúdair

2561

Cóireáil miotal bratúcháin

2571

Monarú sceanra

2593

Monarú táirgí, slabhra agus spriongaí sreinge

2594

Monarú dúntóirí agus táirgí meaisín scriú

2611

Monarú comhpháirteanna leictreonacha

2720

Monarú cadhnraí agus taisc-cheallraí

2731

Monarú cáblaí snáthoptaice

2732

Monarú sreang agus cáblaí eile leictreonacha agus leictreacha

2790

Monarú trealaimh leictrigh eile

2815

Monarú imthacaí, giaranna, ball giarála agus tiomána

3091

Monarú gluaisrothar

3099

Monarú trealaimh iompair eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile


Earnálacha a bhfuil baol ag baint leo dá dtagraítear i Roinn 4.11.3.1

Cód NACE

Tuairisc

1011

Próiseáil agus leasú feola

1012

Próiseáil agus leasú éineola

1042

Monarú margairín agus saillte inite comhchosúla

1051

Oibriú déirithe agus déanamh cáise

1061

Monarú táirgí muilinn gráin

1072

Monarú roscaí agus brioscaí; monarú earraí leasaithe taosráin agus cácaí leasaithe

1073

Monarú macaróin, núdal, cúscúis agus táirgí plúrmhara comhchosúla

1082

Monarú cócó, seacláide agus milseogra siúcra

1085

Monarú béilí agus mias réamhullmhaithe

1089

Monarú táirgí eile bia nach n-aicmítear in áit ar bith eile

1091

Monarú beathaí ullmhaithe d’ainmhithe feirme

1092

Monarú bianna ullmhaithe do pheataí

1107

Monarú deochanna boga; táirgeadh uiscí mianraí agus uiscí eile buidéalaithe

1723

Monarú stáiseanóireachta páipéir

1729

Monarú earraí eile páipéir agus páipéarchláir

2051

Monarú pléascán

2052

Monarú gliúnna

2332

Monarú brící, tíleanna agus táirgí foirgníochta i gcré bhácáilte

2352

Monarú aoil agus plástair

2365

Monarú stroighne snáithíní

2452

Teilgean cruach

2453

Teilgean miotal éadrom

2591

Monarú drumaí cruach agus coimeádán comhchosúil

2592

Monarú pacáistithe miotail éadroim

2932

Monarú páirteanna agus gabhálas eile do mhótarfheithiclí


IARSCRÍBHINN 2

Sainmhíniú ar chostais dá dtagraítear i Roinn 4.12.2

1.   Costais na ngnóthas a dhún gníomhaíochtaí guail, móna agus scealla ola nó atá ag dúnadh na ngníomhaíochtaí sin

Na catagóirí costais seo a leanas go heisiach, agus sa chás go dtagann siad as dúnadh gníomhaíochtaí guail, móna agus scealla ola agus sa chás sin amháin:

(a)

an costas a bhaineann le sochair leasa shóisialaigh a íoc a thagann as pinsean a thabhairt d’oibrithe sula mbainfidh siad aois scoir reachtúil amach;

(b)

caiteachas eisceachtúil eile ar oibrithe a chaill a bpost nó a chaillfidh a bpost;

(c)

pinsin agus liúntais a íoc lasmuigh den chóras reachtúil le hoibrithe a chaill a bpost nó a chaillfidh a bpost agus le hoibrithe atá i dteideal íocaíochtaí den sórt sin roimh an dúnadh;

(d)

an costas a chumhdaíonn na gnóthais maidir le hathoiriúnú oibrithe chun cabhrú leo poist nua a aimsiú lasmuigh de thionscal an ghuail, na móna agus an scealla ola, go háirithe costais oiliúna;

(e)

gual, móin agus sceall ola a sholáthar saor in aisce d’oibrithe a chaill a bpost nó a chaillfidh a bpost agus d’oibrithe atá i dteideal soláthar den sórt sin roimh an dúnadh, nó a choibhéis in airgead a fháil;

(f)

costais iarmharacha a thagann as forálacha riaracháin, dlíthiúla nó cánach a bhaineann go sonrach le tionscal an ghuail, na móna agus an scealla ola;

(g)

obair bhreise sábháilteachta faoi thalamh a thagann as gníomhaíochtaí guail, móna agus scealla ola a dhúnadh;

(h)

damáiste mianadóireachta, ar choinníoll gur gníomhaíochtaí guail, móna agus scealla ola atá dúnta nó atá á ndúnadh ba chúis leis;

(i)

gach costas cuí-réasúnaithe a bhaineann le hathshlánú iarghléasraí cumhachta agus oibríochtaí mianadóireachta, lena n-áirítear:

costais iarmharacha a thagann as ranníocaíochtaí le comhlachtaí atá freagrach as soláthairtí uisce agus as fuíolluisce a bhaint;

costais iarmharacha eile a thagann as soláthairtí uisce agus as fuíolluisce a bhaint;

(j)

costais iarmharacha chun árachas sláinte iaroibrithe a chumhdach;

(k)

costais a bhaineann le conarthaí leanúnacha a chur ar ceal nó a mhodhnú (ar feadh 6 mhí táirgthe ar a mhéid);

(l)

dímheas intreach eisceachtúil a thagann as gníomhaíochtaí guail, móna agus scealla ola a dhúnadh;

(m)

costais athshaothraithe dromchla.

Ní mór an méadú ar luach na talún a asbhaint ó na costais incháilithe i gcás na gcatagóirí costais dá dtagraítear i bpointí (g), (h), (i) agus (m).

2.   Costais roinnt gnóthas

Na catagóirí costais seo a leanas go heisiach:

(a)

méadú ar ranníocaíochtaí, lasmuigh den chóras reachtúil, chun costais slándála sóisialta a chumhdach mar thoradh ar an titim, i ndiaidh gníomhaíochtaí guail, móna agus scealla ola a dhúnadh, ar líon na rannchuiditheoirí;

(b)

caiteachas, a thagann as gníomhaíochtaí guail, móna agus scealla ola a dhúnadh, ar sholáthar uisce agus ar fhuíolluisce a bhaint;

(c)

méadú ar na ranníocaíochtaí a dhéantar le comhlachtaí atá freagrach as uisce a sholáthar agus as fuíolluisce a bhaint, ar an gcoinníoll go bhfuil an méadú sin mar thoradh, tar éis gníomhaíochtaí guail, móna agus scealla ola a dhúnadh, ar tháirgeadh atá faoi réir tobhaigh a laghdú.