18.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 78/3 |
FÓGRA ÓN gCOIMISIÚN:
Treoirlínte le haghaidh cur chun feidhme forálacha lipéadúcháin áirithe de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008
(2022/C 78/03)
Brollach agus séanadh Foilsíodh an Rialachán nua maidir le Deochanna Biotáilleacha (AE) 2019/787 an 17 Bealtaine 2019 agus tháinig sé i bhfeidhm 7 lá ina dhiaidh sin. Mar sin féin, níl feidhm aige ach ón 25 Bealtaine 2021 i leith an chuid is mó dá fhorálacha táirgeachta agus lipéadúcháin. I gcomhréir le hAirteagal 43(2) de Rialachán (AE) 2019/787 is é is cuspóir don treoirdhoiciméad seo – treoirdhoiciméad atá infheidhme ón 25 Bealtaine 2021 amach freisin – a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go haonfhoirmeach é chun tairbhe riarachán náisiúnta agus oibreoirí gnólachtaí bia araon (e.g. táirgeoirí agus allmhaireoirí deochanna biotáilleacha) maidir le forálacha lipéadúcháin áirithe a leagtar síos ann. Tá sé teoranta don mhíniú coincréiteach ar fhorálacha lipéadúcháin is infheidhme maidir le deochanna biotáilleacha, go háirithe maidir le húsáid ‘ainmneacha dlíthiúla’, ‘comhthéarmaí’, ‘tagairtí’, ‘meascáin’ agus ‘cumaisc’. Chun na críche sin, tugtar roinnt samplaí neamh-uileghabhálacha ann a sholáthraítear chun críoch léiriúcháin amháin. Ní sholáthraítear an treoirdhoiciméad seo ach chun críoch faisnéise amháin agus ní bheartaítear a inneachar a chur in ionad chomhairliúchán aon fhoinse dhlíthiúil is infheidhme ná na comhairle is gá ó shaineolaí dlíthiúil, i gcás inarb iomchuí. Ní féidir an fhreagracht as an úsáid a bhaintear as na nótaí treoraíochta seo a chur ar an gCoimisiún ná ar aon duine a ghníomhaíonn thar a cheann ná ní féidir a mheas ach oiread go bhfuil siad ina léirmhíniú ceangailteach ar an reachtaíocht. Beartaítear an doiciméad seo chun cúnamh a thabhairt do ghnólachtaí agus d’údaráis náisiúnta le cur i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le Deochanna Biotáilleacha. Níl ach Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh amháin inniúil chun dlí an Aontais a léirmhíniú go húdarásach. Tagairtí d’fhorálacha dlí a léirítear anseo feasta beartaítear iad mar thagairtí do Rialachán (AE) 2019/787 (‘SDR’), ach amháin mar a léirítear a mhalairt go sainráite. |
Clár Ábhar
1. |
RIALACHA LIPÉADÚCHÁIN GINEARÁLTA LE HAGHAIDH DEOCHANNA BIOTÁILLEACHA | 7 |
1.1. |
Forálacha cothrománacha (Rialachán FIC) | 7 |
1.2. |
Na prionsabail lena rialaítear an Rialachán maidir le Deochanna Biotáilleacha | 7 |
1.3. |
Ainmneacha dlíthiúla | 8 |
1.4. |
Téarmaí a fhéadfaidh ainmneacha dlíthiúla a fhorlíonadh | 10 |
1.5. |
Faisnéis dheonach bhia (Rialachán FIC) | 12 |
1.5.1. |
Ainm earra bia a úsáideadh i dtáirgeadh na dí | 15 |
1.6. |
Amhábhair alcóil eitile nó driogáití | 15 |
1.7. |
Amhábhair plandaí a úsáidtear mar ainmneacha dlíthiúla | 17 |
2. |
COMHTHÉARMAÍ | 18 |
2.1. |
Céard is comhthéarma ann? | 18 |
2.2. |
Coinníollacha úsáide | 20 |
2.3. |
Forálacha lipéadúcháin | 21 |
2.4. |
Seiceálacha | 23 |
3. |
TAGAIRTÍ | 24 |
3.1. |
Céard is tagairt ann? | 24 |
3.2. |
Coinníollacha úsáide agus forálacha lipéadúcháin | 25 |
3.2.1. |
Tagairtí ar earraí bia seachas deochanna alcólacha | 26 |
3.2.2. |
Tagairtí ar dheochanna alcólacha seachas deochanna biotáilleacha | 27 |
3.2.3. |
Tagairtí ar licéir | 28 |
3.2.4. |
Tagairtí ar dheochanna biotáilleacha seachas licéir | 30 |
3.2.5. |
Rialacha lipéadúchain eile le haghaidh tagairtí | 34 |
3.3. |
Tagairtí do bhlastáin lena ndéantar ‘aithris’ ar dheochanna biotáilleacha | 36 |
3.4. |
Deochanna ar bheagán alcóil nó atá gan alcól lena dtagraítear d’ainmneacha deochanna biotáilleacha | 37 |
3.5. |
Seiceálacha | 39 |
3.5.1. |
Ar earraí bia seachas deochanna alcólacha | 39 |
3.5.2. |
Ar dheochanna alcólacha seachas deochanna biotáilleacha | 39 |
3.5.3. |
Ar licéir | 40 |
3.5.4. |
Maidir le deochanna biotáilleacha seachas licéir | 40 |
3.5.5. |
Maidir le blastáin ‘aithrise’ | 42 |
3.5.6. |
Tagairtí do GInna | 42 |
4. |
MEASCÁIN | 43 |
4.1. |
Céard is meascáin ann | 43 |
4.2. |
Coinníollacha úsáide agus forálacha lipéadúcháin | 44 |
4.2.1. |
Rialacha ginearálta | 44 |
4.2.2. |
Meascáin a chomhfhreagraíonn do chatagóir dí biotáillí | 45 |
4.3. |
Seiceálacha | 45 |
5. |
CUMAISC | 46 |
5.1. |
Céard is cumaisc ann | 46 |
5.2. |
Coinníollacha úsáide agus forálacha lipéadúcháin | 47 |
5.3. |
Seiceálacha | 48 |
6. |
TÁBLAÍ ACHOIMRE | 48 |
6.1. |
Comhthéarmaí (CT) | 48 |
6.2. |
Tagairtí | 49 |
6.3. |
Meascáin | 49 |
6.4. |
Cumaisc | 50 |
Tábla Siombailí agus Giorrúchán
ABV |
Alcól de réir toirte |
IT |
Comhthéarmaí |
EAAO |
Alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta |
FIC (Rialachán) |
Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 maidir le faisnéis bhia do thomhaltóirí |
GI |
Tásc Geografach |
QUID |
Léiriú cainníochtúil comhábhar |
SDR |
Rialachán (AE) 2019/787 (Rialachán maidir le Deochanna Biotáilleacha) |
§ |
Mír na dTreoirlínte seo |
# |
Uimhir bosca shamplach na dTreoirlínte seo |
1. RIALACHA LIPÉADÚCHÁIN GINEARÁLTA LE HAGHAIDH DEOCHANNA BIOTÁILLEACHA
Airteagal 3, pointí (1), (4) agus (8) |
Sainmhínithe |
Airteagal 4, pointí (1), (2), (3) agus (4) |
Sainmhínithe teicniúla agus ceanglais theicniúla |
Airteagail 9, 10 agus 13 |
Ainmneacha dlíthiúla agus forálacha lipéadúcháin eile |
1.1. Forálacha cothrománacha (Rialachán FIC)
De réir Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/787 (1) (‘SDR’), ‘deochanna biotáilleacha a chuirtear ar mhargadh an Aontais, comhlíonfaidh siad na ceanglais maidir le cur i láthair agus lipéadú a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 (2) , mura bhforáiltear dá mhalairt sa Rialachán seo’ (3).
Ach amháin foráil shainráite lex specialis mar a leagtar amach in SDR, tá na rialacha cur i láthair agus lipéadúcháin a leagtar síos le haghaidh aon earra bia le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 (‘Rialachán FIC’) infheidhme dá bhrí sin freisin maidir le deochanna biotáilleacha ar an mbealach sin agus nuair is ann dóibh in earraí bia.
I measc na bpríomhphrionsabal a leagtar amach i reachtaíocht chothrománach an Aontais maidir le lipéadú bia (Rialachán FIC) a bhfuil fíorthábhacht leo le haghaidh deochanna biotáilleacha freisin, áirítear nach mbeidh faisnéis bhia míthreorach ach go mbeidh sí cruinn, soiléir agus sothuigthe le haghaidh tomhaltóirí (4).
Faisnéis do thomhaltóirí , ní mór di a bheith cruinn , gan bheith míthreorach agus sothuigthe. |
Sa chomhthéacs seo, is fiú a mheabhrú go bhfuil an léiriú cainníochtúil sainordaitheach ar chomhábhair áirithe (catagóirí áirithe díobh) de réir Airteagal 9(1), pointe (d), de Rialachán FIC – arna léamh i gcomhar le hAirteagal 22 agus le hIarscríbhinn VIII den Rialachán sin – i measc na rialacha cothrománacha freisin is infheidhme maidir le deochanna biotáilleacha.
Tá feidhm ag rialacha QUID maidir le deochanna biotáilleacha dá bhforáiltear le Rialachán FIC ós rud é gurb amhlaidh le SDR nach maolaítear go sainráite uathu. |
1.2. Na prionsabail lena rialaítear an Rialachán maidir le Deochanna Biotáilleacha
I gcomhréir leis an traidisiún a leagtar amach le Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle (5) agus a thugtar ar aghaidh le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (6), le Rialachán (AE) 2019/787 leantar de bheith ag brath ar an bprionsabal liobrálach céanna:
Féadfar gach deoch bhiotáilleach a chur ar mhargadh an Aontais fad a tháirgtear í i gcomhréir le dlí ginearálta an bhia agus a dhéantar í a lipéadú i gceart. |
I bhfocail eile, níl aon deoch bhiotáilleach – amhail aon earra bia eile – toirmiscthe ó mhargadh an Aontais fad a chomhlíonann sí na ceanglais a fhoráiltear lena táirgeadh, atá sé sábháilte í a ól agus atá faisnéis leordhóthanach uirthi le haghaidh tomhaltóirí.
Mar sin féin, maidir le deochanna biotáilleacha, ní mór an prionsabal liobrálach sin a bheith ann i gcomhthráth leis an gcosaint fheabhsaithe a thugtar le dlí an Aontais ar a n-ainmneacha dlíthiúla, ar ainmneacha iad a fhorchoimeádtar le haghaidh catagóirí sainmhínithe nó le haghaidh tásca geografacha.
Ainmneacha dlíthiúla deochanna biotáilleacha (catagóirí agus GInna), deonaítear cosaint speisialta dóibh. |
Go deimhin, chun cáil catagóirí deochanna biotáilleacha agus GInna a chosaint agus meabhlaireacht ar thomhaltóirí a chosc, le SDR tugtar do tháirgí atá sainmhínithe go soiléir cosaint ar úsáid neamhdhlisteanach i gcur i láthair táirgí díorthaithe nach gcomhlíonann na dianchritéir tháirgeachta is infheidhme.
Dá réir sin, beidh ar oibreoirí gnólachtaí bia (e.g. táirgeoirí, allmhaireoirí) breithniú cúramach a dhéanamh ar na forálacha lipéadúcháin a leagtar amach in SDR sula gcuirtear aon deoch bhiotáilleach nó bia a thagraíonn do dheochanna biotáilleachaar mhargadh an Aontais.
Is gá aird ar leith a thabhairt ar rialacha maidir le hainmneacha dlíthiúla (Airteagal 10), comhthéarmaí (Airteagal 11), tagairtí (Airteagal 12) agus forálacha lipéadúcháin eile, lena n-áirítear maidir le meascáin agus le cumaisc (Airteagal 13).
1.3. Ainmneacha dlíthiúla
Le dlí bia an Aontais ní dhéantar foráil maidir le sainmhínithe táirge sainordaitheacha seachas i gcásanna reachtaíocht ingearach an Aontais amhail SDR.
Le Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle agus le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 araon déantar foráil maidir le cosaint fheabhsaithe ar ainmníochtaí díolacháin agus ar thásca geografacha araon, foráil lena bhforchuirtear go mbeidh ainm atá sainmhínithe go soiléir ar gach deoch bhiotáilleach a mhargaítear san Aontas.
Coinnítear an cur chuige céanna sa SDR seo.
Thairis sin, chun é a ailíniú le foclaíocht Rialachán FIC maidir le faisnéis bhia do thomhaltóirí, chinn an reachtóir an téarma ‘ainm dlíthiúil’ a chur in ionad an téarma ‘ainmníocht díolacháin’, rud a shainmhínítear leis an méid seo a leanas:
— |
Airteagal 2(2), pointe (n), de Rialachán FIC mar ‘ainm bia a fhorordaítear i bhforálacha an Aontais is infheidhme maidir leis’ […]; agus |
— |
Airteagal 3, pointe (1), de SDR mar ‘an t-ainm faoina ndéantar deoch bhiotáilleach a chur ar an margadh’. |
Thairis sin, de réir Airteagal 17(1) de Rialachán FIC ‘is é a ainm dlíthiúil a bheidh mar ainm an bhia. D’uireasa ainm den sórt sin, úsáidfear gnáthainm an bhia mar a ainm, nó, murab ann do ghnáthainm dó nó mura n-úsáidtear an gnáthainm, déanfar ainm tuairisciúil don bhia a sholáthar.’ Le mír 4 den fhoráil chéanna sonraítear an méid seo: ‘ní dhéanfar ainm a dhéantar a chosaint mar mhaoin intleachtúil (7) mar ainm branda nó mar aon ainm cumtha a chur in ionad ainm an bhia’.
Ar deireadh, i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán FIC, déanfar ainm dlíthiúil deochanna biotáilleacha, amhail aon fhaisnéis bhia shainordaitheach eile ‘a mharcáil in áit fheiceálach chun go mbeidh sé sofheicthe, inléite gan dua, agus, i gcás inarb iomchuí, doscriosta. Le haon ábhar scríofa nó pictiúrtha nó le haon ábhar idirghabhálach eile, ní dhéanfar an t-ainm a fholú ná a chlúdach , ná ní bhainfidh an t-ábhar sin de ná ní chuirfidh sé isteach air ’..
Ag dul ar ais chuig forálacha sonracha SDR, déantar foráil le hAirteagal 10 maidir leis na hainmneacha dlíthiúla seo a leanas a úsáid i dtuairisc, cur i láthair agus lipéadú dí biotáillí:
a) SAINORDAITHEACH::
Airteagal 10(2) ainm na catagóire deochanna biotáilleacha a gcomhlíonann siad a cheanglais (nó aon ainm dlíthiúil eile a cheadaítear leis an gcatagóir sin);
Má chomhlíonann deoch na ceanglais uile a leagtar síos le haghaidh catagóir dí biotáillí , ní mór an t-ainm dlíthiúil comhfhreagrach a bheith uirthi. |
Airteagal 10(3) an t-ainm dlíthiúil ‘deoch bhiotáilleach’, mura gcomhlíonann sí ceanglais aon cheann de chatagóirí na ndeochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, ach comhlíonann sí fós an sainmhíniú ar dheochanna biotáilleacha, agus na ceanglais maidir leo, a leagtar amach síos in Airteagal 2;
Mura gcomhlíonann deoch ceanglais aon chatagóire dí biotáillí, ach má chomhfhreagraíonn sí don sainmhíniú ginearálta ar dheoch bhiotáilleach, ní mór an t-ainm cineálach ‘deoch bhiotáilleach’ a bheith uirthi. |
b) ROGHNACH:
Airteagal 10(4) ainmneacha dlíthiúla a cheadaítear faoi chatagóir amháin nó níos mó deochanna biotáilleacha, má chomhlíonann siad na ceanglais le haghaidh breis agus catagóir amháin deochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I;
|
Airteagal 10(5), pointe (a): tásc geografach dá dtagraítear i gCaibidil III, rud a fhéadfaidh a ainm dlíthiúil a fhorlíonadh nó a ionadú;
|
Airteagal 10(5), pointe (b): comhthéarma lena n-áirítear an téarma ‘licéar’ nó ‘uachtar’, rud a fhéadfar a chur in ionad a ainm dhlíthiúil de mhaolú ar Airteagal 10(6), pointe (c), ar dá réir nach bhféadfaidh comhthéarma ainm dlíthiúil a fhorlíonadh (féach § 2.1 thíos) ach ar choinníoll go gcomhlíonann sé na ceanglais faoi seach a leagtar síos le haghaidh chatagóir 33 d’Iarscríbhinn I (i.e. licéar);
c) TOIRMISCTHE:
Airteagal 10(7), an chéad fhomhír: ainmneacha dlíthiúla a cheadaítear faoi chatagóir deochanna biotáilleacha agus de thásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha, ní úsáidfear iad i dtuairisc, cur i láthair ná lipéadú aon dí (i.e. alcólaí nó neamhalcólaí) nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar amach le haghaidh na catagóire nó an táisc gheografaigh sin (féach freisin § 3.3 thíos).
Tá feidhm ag an toirmeasc fiú más rud é go bhfuil téarmaí ann amhail ‘cosúil’, ‘cineál’, ‘stíl’, ‘déanta’, ‘blas’, a úsáidtear chun a léiriú don tomhaltóir nach bhfuil an deoch sin le meascadh leis an deoch bhiotáilleach dá dtagraítear.
Is le haghaidh ‘comhthéarmaí’, ‘tagairtí’ agus ‘liostaí comhábhar’ a cheadaítear an t-aon eisceacht ón toirmeasc sin mar a leagtar amach in Airteagail 11, 12 agus 13(2) go (4).
NB: |
Le Rialachán (AE) 2019/787, rinneadh Airteagail 9(4) agus 9(7) de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 a chumasc san Airteagal 10(7) nua de SDR. Dá dhroim sin, tháinig an fhoráil a leagtar síos in Airteagal 10(7), an chéad fhomhír, chun bheith níos déine i leith Airteagal 9(7) de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, Airteagal inar úsáid ainm dí biotáillí ar dheochanna alcólacha chomhlíonadh amháin a toirmeascadh (agus seachas ‘aon deoch’ mar atá sa SDR nua), ar deochanna alcólacha iad nach gcomhlíonann na ceanglais uile a leagtar síos le haghaidh na dí biotáillí sin. Bhí gá leis an athrú sin san fhoclaíocht chun comhsheasmhacht a áirithiú le hAirteagal 9(4) de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, lena dtoirmeasctar úsáid ainmníochtaí díolacháin de chatagóirí deochanna biotáilleacha chun tuairisc a thabhairt ar aon deoch nó aon deoch a chur i láthair ar bhealach ar bith seachas na deochanna biotáilleacha ar lena n-aghaidh atá na hainmneacha sin liostaithe in Iarscríbhinn II nó cláraithe in Iarscríbhinn III. |
|
NB: |
Le Rialachán (AE) 2019/787 tugtar isteach rud úrnua i leith na tagartha d’ainmneacha dí biotáillí in earraí bia seachas deochanna. Go deimhin, de réir Airteagal 10(7), an dara fomhír, blastáin a dhéanann aithris ar dheoch bhiotáilleach nó ar earraí bia seachas deoch ar úsáideadh na blastáin sin ina dtáirgeadh, féadfar tagairtí a dhéanamh ina gcur i láthair agus ina lipéadú d’ainmneacha dlíthiúla a cheadaítear faoi chatagóir deochanna biotáilleacha . Is é an t-aon choinníoll atá ann go gcuirtear an tomhaltóir ar an eolas mar is ceart tríd an téarma ‘blas’ nó téarmaí comhchosúla eile a chur ag gabháil leis na hainmneacha dlíthiúla sin. Mar sin féin, ní fhéadfar ainmneacha tásc geografach a úsáid chun na críche sin. |
|
||||||||||
|
1.4. Téarmaí a fhéadfaidh ainmneacha dlíthiúla a fhorlíonadh
Le hAirteagal 10(6) soláthraítear liosta táscach de théarmaí a fhéadfaidh ainmneacha dlíthiúla deochanna biotáilleacha a fhorlíonadh.
Sa chomhthéacs sin, níor cheart an téarma ‘forlíon’ a thuiscint mar cheanglas an téarma lena mbaineann a bheith ina chuid dhílis d’ainm dlíthiúil. Ina áit sin, léirítear ann gur féidir é a chur leis an lipéad mar eilimint bhreise chun faisnéis thuairisciúil bhreise a sholáthar i leith an táirge.
Ní hé, dá bhrí sin, gur gá an ‘téarma forlíontach’ a thaispeáint ar an líne chéanna leis an ainm dlíthiúil ach féadfaidh sé a bheith le feiceáil aon áit ar an lipéad.
Dá réir sin, féadfaidh an méid seo a leanas a bheith le feiceáil ar an lipéad i dteannta an ainm dhlíthiúil:
(a) |
‘ ainm nó tagairt gheografach (8) dá bhforáiltear sna dlíthe, sna rialacháin agus sna forálacha riaracháin is infheidhme sa Bhallstát ina ndéantar an deoch bhiotáilleach a chur ar an margadh, ar choinníoll nach gcuirfear an tomhaltóir ar míthreoir leis an méid sin’: forchoimeádtar an fhéidearthacht sin le haghaidh téarmaí a rialáiltear ar an leibhéal náisiúnta, i gcás inarb ann dóibh. Sa chás sin, féadfaidh na téarmaí sin ainm dlíthiúil deochanna biotáilleacha a chuirtear ar an margadh intíre a fhorlíonadh. Féadfar na deochanna biotáilleacha sin a chur ar mhargadh Ballstáit eile freisin ar choinníoll nach meastar go bhfuil siad míthreorach le haghaidh thomhaltóirí an Bhallstáit sin;
|
(b) |
‘ gnáthainm mar atá sainmhínithe i bpointe (o) d’Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 (9) , ar choinníoll nach gcuirfear an tomhaltóir ar míthreoir leis an méid sin’: forchoimeádtar an fhéidearthacht sin d’ainmneacha a úsáidtear go traidisiúnta sna Ballstáit fiú mura ndéantar iad a rialáil go foirmiúil. Féadfaidh na hainmneacha sin ainm dlíthiúil deochanna biotáilleacha a chuirtear ar mhargaí náisiúnta a fhorlíonadh i gcás ina nglacfaidh na tomhaltóirí leo gan míniú breise a bheith de dhíth le haghaidh an ainm sin;
|
(c) |
‘ comhthéarma nó tagairt (ar licéir) i gcomhréir le hAirteagal 11 agus Airteagal 12’ de SDR (cé is moite de chomhthéarmaí a eascraíonn as teaglaim an ainm dí biotáillí leis an téarma ‘licéar’ nó ‘uachtar’, ar comhthéarma nó ar tagairt é a fhéadfaidh ainmneacha dlíthiúla a ionadú i gcomhréir leis an bhforáil d’Airteagal 10(5), pointe (b)). Tugtar faoi deara, i gcomhréir le hAirteagal 11(2), nach bhféadfaidh na téarmaí ‘alcól’, ‘biotáille’, ‘deoch’, ‘deoch bhiotáilleach’ ná ‘uisce’ a bheith ina guid de chomhthéarma lena dtugtar tuairisc ar dheoch alcólach, seachas má tá na téarmaí sin ina gcuid dhílis d’ainm dlíthiúil na catagóire dí biotáillí a luaitear sa chomhthéarma. Dá dhroim sin, ní fhéadfar comhthéarma a scríobh in aon chás ar bhealach lena léirítear go bhfuil sé ina chuid den ainm dlíthiúil cineálach ‘deoch bhiotáilleach’;
|
(d) |
‘an téarma ‘cumasc’, nó ‘cumaiscthe’ , ar choinníoll go ndearnadh cumasc ar an deoch bhiotáilleach i gcomhréir le hAirteagal 3, pointe (11)’;
|
(e) |
‘an téarma ‘meascán’, ‘measctha’ nó ‘deoch bhiotáilleach mheasctha’ , ar choinníoll go ndearnadh meascadh ar an deoch bhiotáilleach i gcomhréir le hAirteagal 3, pointe (9)’;
|
(f) |
‘an téarma “ tirim ” nó “ dry ” [i.e. i mBéarla nó in aon teanga oifigiúil eile de chuid an Aontais], ar choinníoll nach ndearnadh an deoch bhiotáilleach a mhilsiú, fiú chun barr blais deireanach a chur uirthi’. Tá feidhm ag na heisceachtaí seo a leanas i gcás an mhéid seo a leanas:
|
1.5. Faisnéis dheonach bhia (Rialachán FIC)
I dteannta a bhfuil thuas, i gcomhréir le Rialachán FIC, féadfar faisnéis bhia dheonach (11) a sholáthar i dtuairisc, cur i láthair agus lipéadú dí biotáillí.
Le hAirteagal 36(2) de Rialachán FIC ceanglaítear: ‘maidir le faisnéis bhia a sholáthrófar ar bhonn deonach, go gcomhlíonfaidh sí na ceanglais seo a leanas:
(a) |
ní chuirfear an tomhaltóir ar míthreoir léi, ar ní é sin dá dtagraítear in Airteagal 7; |
(b) |
ní bheidh sí débhríoch ná ní chuirfear mearbhall ar an tomhaltóir léi; agus |
(c) |
beidh sí, i gcás inarb iomchuí, bunaithe ar na sonraí ábhartha eolaíocha’. |
Le faisnéis dheonach féadfar téarmaí a áireamh amhail ‘fíneálta’, ‘breise’, ‘scoth’, ‘deluxe’, ‘100 % fíorghrán’, ‘barrmheas’, ach freisin ‘aibithe i gcasca fíona’, ‘aibithe i seanbhairille’, ‘aosaithe i mbairille Seirise’ (12), ‘críoch bairille Leanna Dhuibh/Beorach’, etc.
Téarmaí lena dtagraítear do stóráil dí biotáillí ar feadh na tréimse aibíochta ina hiomláine nó cuid di i gcascaí adhmaid a úsáideadh roimhe sin chun deoch bhiotáilleach eile a aibiú, ní féidir iad a mheas gur faisnéis dheonach amháin iad de réir bhrí Airteagal 36 de Rialachán FIC, i gcodarsnacht le tagairtí do e.g. cascaí fíona agus beorach. Is é is cúis leis sin an toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 10(7), an chéad fhomhír, de SDR chun ainmneacha deochanna biotáilleacha a úsáid i dtuairisc, cur i láthair nó lipéadú aon dí nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in SDR ná an comhad teicniúil/an tsonraíocht táirge de GI ábhartha. An t-aon eisceacht amháin ón toirmeasc sin a cheadaítear, baineann sé le lipéadú comhthéarmaí, tagairtí agus liosta comhábhar, mar a rialáiltear le hAirteagail 11, 12 agus 13(2) go (4) de SDR. Dá bhrí sin, an tagairt do dheoch bhiotáilleach ar aibíodh deoch bhiotáilleach eile ina casca adhmaid dá éis sin, is tagairt í a rialáiltear le hAirteagal 12(3a) de SDR (13) (féach § 3.2.4.2 thíos).
NB: |
Leis an roinn seo ní chumhdaítear téarmaí a cheadaítear leis an gcomhad teicniúil/leis an tsonraíocht táirge de GI de chuid deoch bhiotáilleach, rud a fhéadfaidh an GI a fhorlíonadh in aon chás, ar choinníoll nach gcuireann an méid sin an tomhaltóir ar míthreoir, i gcur i bhfeidhm Airteagal 10(5), pointe (a). |
NB: |
Is fiú a mheabhrú nach bhféadfaidh catagóirí áirithe deochanna biotáilleacha (go háirithe catagóirí 1 go 14 d’Iarscríbhinn I) a bheith blaistithe, dathaithe, milsithe ná faoi réir alcól a chur leo: ní féidir teacht timpeall ar na ceanglais sin le haibiú i gcascaí adhmaid nár folmhaíodh an méid a bhí iontu roimhe sin astu go hiomlán. Mar sin féin, maidir le stóráil i gcascaí adhmaid folmha ina raibh deoch alcólach eile roimhe sin, ní mheastar gur blastán sin agus is é an t-aon chuspóir amháin ba cheart a bheith ag an tagairt don chleachtas sin ar lipéad dí biotáillí an tomhaltóir a chur ar an eolas faoin gcineál coimeádáin a úsáidtear lena stóráil agus ní mór Airteagal 7 de Rialachán FIC agus Airteagal 21 de SDR a chomhlíonadh leis sin. Thairis sin, maidir le GInna deochanna biotáilleacha, ní mór lipéadú an chleachtais sin a bheith comhsheasmhach leis na ceanglais a leagtar amach sa chomhad teicniúil/sa tsonraíocht táirge maidir leis na tuairisceoirí sin a úsáid le haghaidh aon GI ar leith. |
Ós rud é nach rialáiltear le SDR úsáid faisnéise deonaí i gcur i láthair, tuairisc ná lipéadú deochanna biotáilleacha, tá feidhm le forálacha ginearálta Rialachán FIC.
De réir Airteagal 7(1) de Rialachán FIC:
‘Ní bheidh faisnéis bhia míthreorach, go háirithe:
a) |
maidir le saintréithe an bhia agus, go háirithe, lena chineál, lena shainiúlacht, lena airíonna, lena chomhdhéanamh, lena chainníocht, lena mharthanacht, lena thír thionscnaimh nó lena bhunáitíocht, lena mhodh monaraithe nó táirgthe; |
b) |
trí iarmhairtí nó airíonna a chur i leith bia, ar iarmhairtí nó airíonna iad nach bhfuil aige; |
c) |
trína thabhairt le tuiscint go bhfuil saintréithe speisialta ag baint leis an mbia nuair atá tréithe den sórt sin ag baint le gach bia comhchosúil, go háirithe trí bhéim ar leith a chur ar chomhábhair agus/nó ar chothaithigh áirithe a bheith ann nó a bheith in easnamh; |
d) |
trína thabhairt le tuiscint, trí chuma an bhia, sa tuairisc nó i léiriúcháin phictiúrtha go bhfuil bia ar leith nó comhábhar ar leith sa bhia, cé gur cuireadh i ndáiríre comhchuid éagsúil nó comhábhar éagsúil in ionad comhchoda atá sa bhia go nádúrtha nó in ionad comhábhair a úsáidtear de ghnáth sa bhia sin. |
Tá na húdaráis náisiúnta inniúla freagrach as forfheidhmiú reachtaíocht an Aontais agus, dá bhrí sin, is fúthu atá sé measúnú a dhéanamh ar bhonn cás ar chás cibé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann úsáid na faisnéise deonaí sin ar lipéad deochanna biotáilleacha an reachtaíocht ábhartha ón Aontas.
Dá réir sin, leis an measúnú seo ba cheart an méid seo a leanas a chur san áireamh, i measc nithe eile, maidir leis na téarmaí a úsáidtear:
— |
tugann siad tuairisc ar fhíorchineál agus ar fhíor-shaintréithe sonracha an táirge (e.g. tuairisc ina luaitear gné táirgeachta shonrach); |
— |
tugann siad tuairisc ar ghnéithe táirgeachta a cheadaítear leis na ceanglais maidir le táirgeadh catagóire nó GI dí biotáillí (a leagtar síos faoi seach in Iarscríbhinn I a ghabhann le SDR nó sa chomhad teicniúil/sa tsonraíocht táirge ábhartha); |
— |
tugann siad tuairisc ar ghnéithe táirgeachta a cheadaítear leis na ceanglais maidir le táirgeadh na catagóire earra bia nó le GI an earra bia dá ndéantar tagairt (e.g. táirgí fíona nó GInna beorach); |
— |
tagraíonn siad do GI i gceart (e.g. i gcás cascaí Seirise, tá sé dearbhaithe ag an gcomhlacht rialúcháin agus deimhniúcháin ábhartha go bhfuil siad comhlíontach); |
— |
déanann siad tréithe speisialta an táirge ar a n-úsáidtear iad a dhealú ó tháirgí (comhchosúla) eile a bhféadfadh sé go mbeadh sé measctha leo; |
— |
níl sé míthreorach do na tomhaltóirí ar a ndírítear. |
Dá bhrí sin, má úsáidtear téarmaí áirithe mar fhaisnéis dheonach i dtaca le deoch bhiotáilleach, ní mór d’oibreoir an ghnólachta bia a bheith in ann a léiriú go bhfuil tréithe sonracha ag an deoch bhiotáilleach ó thaobh cáilíochta, luach ábhartha, modh táirgeachta nó tréimse aibíochta, tréithe lena ndealaítear an deoch ó dheochanna biotáilleacha a chomhlíonann íoscheanglais na catagóire céanna.
|
||||||||||||
|
NB: |
Tagairt d’ainm atá faoi chosaint sa chineál casca a úsáidtear chun deoch bhiotáilleach a aibiú, níor cheart í a dhéanamh ach amháin chun an tomhaltóir a chur ar an eolas faoin gcineál casca a úsáideadh agus ní mór di ceanglais Airteagal 21 de SDR agus Airteagail 7 agus 36 de Rialachán FIC a chomhlíonadh. |
1.5.1. Ainm earra bia a úsáideadh i dtáirgeadh na dí
Maidir le hainm earra bia a úsáideadh i dtáirgeadh dí biotáillí i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn I le haghaidh catagóir dí biotáillí nó, i gcás GI, ina chomhad teicniúil/ina shonraíocht táirge, féadfar é a léiriú freisin ina chur i láthair, ina thuairisc agus ina lipéadú mar fhaisnéis dheonach (15).
Go deimhin, mar a fheicfimid níos déanaí (féach § 2.1 thíos), leis an teaglaim anainm dhlíthiúil dí biotáillí le hainm an earra bia dá bhforáiltear/a cheadaítear agus í á táirgeadh, ní áirítear sin igcomhthéarma de réir Airteagal 3, pointe (2), lena sainmhínítear é mar an teaglaim d’ainm dí biotáillí le (i measc nithe eile) ‘ainm earra bia amháin nó níos mó seachas earraí bia a úsáidtear chun an deoch bhiotáilleach sin a tháirgeadh i gcomhréir le hIarscríbhinn I […]’.
Maidir le hainm an earra bia/earraí bia a úsáidtear agus deoch bhiotáilleach á táirgeadh, féadfar an t-ainm sin a léiriú chun an tomhaltóir a chur ar an eolas faoin amhábhar nó faoi na hamhábhair a thugann saintréithe orgánaileipteacha sonracha dó, ar choinníoll gur léiriú fíor, cruinn é an léiriú sin agus nach bhfuil sé míthreorach don tomhaltóir.
Sa chás sin, is é an t-ainm a cheadaítear faoi chatagóir na di biotáillí nó i gcomhad teicniúil/sonraíocht táirge GI an t-ainm dlíthiúil fós.
|
|||||||||||||
|
|
||||||||||||
|
1.6. Amhábhair alcóil eitile nó driogáití
Le hAirteagal 13(1) déantar foráil maidir le rialacha níos déine i leith amhábhair talmhaíochta a úsáidtear le haghaidh driogadh:
‘Maidir leis na hamhábhair a úsáidtear chun alcóil eitile de thionscnamh talmhaíochta a tháirgeadh nó driogáití de thionscnamh talmhaíochta a úsáidtear i dtáirgeadh na dí biotáillí sin, ní fhéadfar tagairt a dhéanamh dóibh i dtuairisc, i gcur i láthair ná i lipéadú dí biotáillí ach amháin i gcás ina bhfuarthas an t-alcól eitile sin nó na driogáití sin go heisiach ó na hamhábhair sin. I gcás den sórt sin, déanfar gach cineál alcóil eitile de thionscnamh talmhaíochta nó gach driogáit de thionscnamh talmhaíochta a lua in ord íslitheach na cainníochta de réir toirte an alcóil íon.‘
Maidir leis an alcól a úsáidtear agus deoch bhiotáilleach á táirgeadh, le deoch bhiotáilleach ní fhéadfar tagairt a dhéanamh d’ainmneacha na n-amhábhar a dhéantar a dhriogadh lena fháil ach ar choinníoll nach n-úsáidtear ach na hamhábhair sin i gcomhair driogtha. Tá na hamhábhair uile a úsáidtear le lua in ord íslitheach i dtuairisc, i gcur i láthair agus i lipéadú na dí biotáillí. |
Ar choinníoll go gcomhlíonfar an coinníoll sin, maidir le gach cineál alcóil eitile nó driogáite (agus an táirge talmhaíochta a úsáidtear chun é a tháirgeadh á lua), déanfar iad a lua in ord íslitheach na cainníochta de réir toirte an alcóil íon atá sa deoch bhiotáilleach.
|
NB: |
Déantar tagairt anseo do tháirgí talmhaíochta a dhéantar a dhriogadh tar éis coipeadh alcólach chun alcól eitile nó driogáití de thionscnamh talmhaí ochta a tháirgeadh. Amhábhair a maothaíodh in alcól nó a cuireadh ar bhealach eile leis an deoch bhiotáilleach de réir a ceanglais táirgeachta, tagann siad seachas sin faoi chás ‘earraí bia a úsáidtear sa táirgeadh’, agus déileáiltear leis sin in § 1.5.1 roimhe seo, agus maidir le hearraí bia a dhéantar a theaglamú le deoch bhiotáilleach cé nach gceanglaítear/gceadaítear iad agus í á táirgeadh, tá siad le léiriú i gcomhréir leis na rialacha maidir le comhthéarmaí nó le tagairtí. |
1.7. Amhábhair plandaí a úsáidtear mar ainmneacha dlíthiúla
De réir Airteagal 13(5), ‘maidir le húsáid ainmneacha amhábhar plandaí a úsáidtear mar ainmneacha dlíthiúla deochanna biotáilleacha áirithe, beidh an úsáid sin gan dochar d’úsáid ainmneacha na n-amhábhar plandaí sin i gcur i láthair agus i lipéadú earraí bia eile. Féadfar ainmneacha na n-amhábhar sin a úsáid i dtuairisc, i gcur i láthair nó i lipéadú deochanna biotáilleacha eile, ar choinníoll nach gcuirfear an tomhaltóir ar míthreoir leis an úsáid sin’.
Measadh go raibh gá leis an bhforáil sin chun gur féidir úsáid a bhaint as ainmneacha torthaí nó plandaí a fhorchoimeádtar mar ainmneacha dlíthiúla le SDR le haghaidh deochanna biotáilleacha áirithe freisin sa chur i láthair agus sa lipéadú mar chomhábhair (mar thorthaí nó mar phlandaí seachas deochanna biotáilleacha) de chuid earraí bia eile.
Tá feidhm ag an bhféidearthacht chéanna maidir le deochanna biotáilleacha eile, fad a shoiléirítear sa tuairisc, sa chur i láthair agus sa lipéadú nach bhfuiltear ag tagairt don deoch bhiotáilleach (mar chomhábhar) ach don amhábhar planda féin.
|
2. COMHTHÉARMAÍ
Airteagal 3, pointe (2) |
Sainmhíniú |
Airteagal 11 |
Coinníollacha maidir le húsáid agus le forálacha lipéadúcháin |
2.1. Céard is comhthéarma ann?
Tá úsáid comhthéarma ina rogha atá ar fáil chun tuairisc a thabhairt ar dheoch bhiotáilleach (catagóir nó GI), ar deoch bhiotáilleach í óna dtionscnaíonn an t-alcól uile sa táirge, lena gcuirtear earraí bia eile agus nach bhfuil i dteideal, dá thoradh sin, ainm dlíthiúil na catagóire ná an GI sin a áireamh ina thuairisc, ina chur i láthair ná ina lipéadú. Ina ionad sin, ní mór dó úsáid a bhaint as an ainm dlíthiúil ‘deoch bhiotáilleach’ (16), ach amháin nuair a chomhlíonann sé na ceanglais lena gceadaítear úsáid comhthéarma a áiríonn na téarmaí ‘licéar’ nó ‘uachtar’ (17) mar ainm dlíthiúil.
Mura gcomhlíonann an táirge a eascraíonn as sin an sainmhíniú agus na ceanglais maidir le deoch bhiotáilleach (e.g. i ngeall ar neart alcólach faoi bhun toirt 15 % (18), ní mór ainm na dí alcólaí iomchuí a bheith le feiceáil air i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán FIC ( NB: rud nach é an t-ainm branda riamh é (19)).
De réir Airteagal 3, pointe (2), ‘ciallaíonn ‘comhthéarma’, i ndáil le tuairisc, cur i láthair agus lipéadú dí alcólaí, teaglaim d’ainm dlíthiúil dá bhforáiltear sna catagóirí deochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó den tásc geografach le haghaidh deoch bhiotáilleach, as a dtionscnaíonn alcól uile an táirge deiridh, agus ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a bheith ag gabháil léi:
(a) |
ainm earra bia amháin nó níos mó seachas deoch alcólach agus seachas earraí bia a úsáidtear chun an deoch bhiotáilleach sin a tháirgeadh i gcomhréir le hIarscríbhinn I, nó aidiachtaí a dhíorthaítear ó na hainmneacha sin; |
(b) |
an téarma ‘licéar’ nó ‘uachtar’.’. |
Mar sin, i gceachtar cás:
— |
maidir leis an gcomhábhar alcólach is catagóir nó GI dí biotáillí é (ceann amháin agus sin amháin) lena gcuirtear earra bia amháin nó níos mó (e.g. súnna nó deochanna neamhalcólacha eile, luibheanna, spíosraí, siúcra, táirgí déiríochta) chun airíonna orgánaileipteacha sonracha breise a thabhairt don táirge deiridh; |
— |
maidir leis an earra bia/leis na hearraí bia a theaglamaítear le hainm na dí biotáillí, ní deoch atá ann nó iontu ina bhfuil alcól ná ní earra bia atá ann nó iontu a cheanglaítear/a cheadaítear chun é a tháirgeadh de réir na rialacha ábhartha; |
— |
is é an teaglaim is gá teacht as sin deoch alcólach, i.e. deoch bhiotáilleach eile ag a bhfuil an t-íosneart alcólach a cheanglaítear atá cothrom le 15 % de réir toirte nó deoch alcólach ag a bhfuil méid is lú ná 15 % ABV; |
— |
maidir leis an alcól uile sa táirge deiridh ní mór é a bheith de thionscnamh na dí biotáillí dá dtagraítear sa chomhthéarma (i.e. ní fhéadfaidh aon chomhpháirt alcólach eile a bheith sa táirge deiridh, ach amháin an t-alcól a fhéadfaidh a bheith i mblastáin, i ndathanna nó i gcomhábhair údaraithe eile a úsáidtear chun an deoch alcólach deiridh a tháirgeadh – féach freisin § 2.2 thíos).
|
Le hAirteagal 11(2) eisiatar go sainráite na téarmaí seo a leanas ó bheith ina gcuid de chomhthéarma lena dtugtar tuairisc ar dheoch alcólach (ach amháin má tá aon cheann de na téarmaí sin ina chuid d’ainm dlíthiúil, mar shampla ‘biotáille’, e.g. in ‘biotáille fíona’ nó ‘biotáille torthaí’, nó an téarma Gearmáinise ‘Wasser’, e.g. in Kirschwasser):
— |
alcól |
— |
deoch bhiotáilleach |
— |
deoch |
— |
deoch bhiotáilleach |
— |
uisce |
Leis an eisiamh sin cuirtear i dtábhacht an díchumasú maidir le húsáid ainmneacha a bhaineann le hearraí bia atá mar chuid nádúrtha díobh agus is é is aidhm dó freisin cleachtais atá míthreorach don tomhaltóir a chosc.
NB: |
Mar shampla, rum ina bhfuil táirgí milsiúcháin de bhreis ar an tairseach a cheadaítear atá cothrom le 20 gram in aghaidh an lítir, rud nach bhfuil ina rum a thuilleadh, dá réir sin, ach nach mór an t-ainm dlíthiúil ‘deoch bhiotáilleach’ a bheith air, ní fhéadfaidh an comhthéarma ‘rum siúcra’ ná ‘rum siúcra cána’ a bheith air. Má chuirtear earraí bia eile isteach nach gceadaítear faoi chatagóir 1 d’Iarscríbhinn I, féadfaidh an téarma rum a bheith le feiceáil i gcomhthéarma amhail ‘rum & spíosraí’. Murach sin, is gá an táirge a eascraíonn as sin a lipéadú mar e.g. ‘deoch bhiotáilleach le siúcra cána’ (chun a léiriú gur cuireadh siúcra leis) nó ‘deoch bhiotáilleach siúcra cána’ (chun a léiriú gur driogadh siúcra chun an deoch bhiotáilleach a tháirgeadh nach gcomhlíonann, mar sin féin, ceanglais táirgeachta eile maidir le rum). |
|
||||
|
nó |
Cognac agus Alcól |
||
|
nó |
Biotáille Scotch Whisky |
||
|
nó |
Deoch Ron de Guatemala |
||
|
nó |
Rum Cúbach agus siúcra |
||
|
nó |
Deoch Bhiotáilleach Irish Cream |
||
|
nó |
Uisce Genever |
De réir Airteagal 10(6), pointe (c), ní fhéadfaidh comhthéarma ach ainm dlíthiúil dí biotáillí a fhorlíonadh agus é sin amháin. Dá bhrí sin, ní fhéadfar comhthéarma a úsáid mar ainm dlíthiúil le haghaidh deoch bhiotáilleach.
Léirítear an t-aon eisceacht aón riail sin le comhthéarmaí a áiríonn an téarma ‘licéar’ nó ‘uachtar’, rud a fhéadfaidh, de réir Airteagal 10(5), pointe (b), an t-ainm dlíthiúil a ionadú ar choinníoll go gcomhlíonann an deoch a eascraíonn as sin na ceanglais ábhartha a leagtar síos i gcatagóir dí biotáillí 33 ‘licéar’ in Iarscríbhinn I.
|
|||||||||||||||||||||||||
|
|
||||||||||||||||||||||||
Sna cásanna uile a liostaítear thuas, ní mór an méid seo a leanas a chomhlíonadh:
|
2.2. Coinníollacha úsáide
Le hAirteagal 11(1) déantar foráil maidir leis na coinníollacha úsáide seo a leanas maidir le hainm dí biotáillí (catagóir nó GI) i gcomhthéarma:
‘(a) |
is de thionscnamh eisiach na dí biotáillí dá dtagraítear sa chomhthéarma an t-alcól a úsáidtear i dtáirgeadh na dí alcólaí, ach amháin an t-alcól a fhéadfaidh a bheith i mblastáin, i ndathanna nó i gcomhábhair údaraithe eile a úsáidtear chun an deoch alcólach sin a tháirgeadh; agus |
(b) |
ní dhearnadh an deoch bhiotáilleach a chaolú le huisce agus le huisce amháin a chur léi, sa chaoi go bhfuil a neart alcólach faoi bhun an nirt íosta dá bhforáiltear faoin gcatagóir ábhartha deochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I (20) .’ |
Dá bhrí sin, ní cheadaítear úsáid ainm dí biotáillí i gcomhthéarma ach faoin gcoinníoll seo a leanas:
a) |
níor úsáideadh ach an deoch bhiotáilleach bharántúil, ós rud é nach bhféadfar ainm dí biotáillí (catagóir nó GI) a thaispeáint mura gcomhlíonann an táirge dá dtagraíonn sé na ceanglais uile a leagtar síos maidir lena tháirgeadh;
|
b) |
ní fhéadfar aon alcól seachas an t-alcól de thionscnamh na dí biotáillí dá dtagraítear a chur leis an táirge deiridh, cé is moite den alcól a fhéadfaidh a bheith i mblastáin, i ndathanna nó i gcomhábhair údaraithe eile a úsáidtear agus é a tháirgeadh;
|
c) |
ní cheadaítear uisce a chur isteach ach a mhéid lena bhfágtar an t-íosneart alcólach forordaithe ag an deoch bhiotáilleach fós.
|
2.3. Forálacha lipéadúcháin
I gcás ina gcinnfidh oibreoir gnólachta bia comhthéarma a úsáid, ní hamháin gur gá a shuí go gcomhlíonann an deoch alcólach a eascraíonn as sin na coinníollacha maidir lena úsáid (féach § 2.1 agus 2.2 thuas), ach is gá an táirge a lipéadú dá réir sin.
Le hAirteagal 11(3) leagtar síos na forálacha lipéadúcháin seo a leanas le haghaidh comhthéarma lena dtugtar tuairisc ar dheoch alcólach:
‘(a) |
beidh siad i gcarachtair aonfhoirmeacha ar aon chló, ar aon mhéid agus ar aon dath; |
(b) |
ní bhrisfear iad le haon eilimint théacsúil ná pictiúrtha nach cuid díobh í; |
(c) |
ní bheidh siad i gclómhéid is mó ná an chlómhéid a úsáidtear le haghaidh ainm na dí alcólaí; agus |
(d) |
i gcásanna inar deoch bhiotáilleach í an deoch alcólach, beidh ainm dlíthiúil na dí biotáillí ag gabháil léi i gcónaí, agus beidh an t-ainm sin le feiceáil sa réimse radhairc céanna leis an gcomhthéarma, mura gcuirtear comhthéarma in ionad an ainm dhlíthiúil i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 10(5).’ (21) |
Is é is aidhm do na forálacha lipéadúcháin sin an méid seo a leanas a áirithiú:
(a) agus (b): |
níl ainm na dí biotáillí a úsáidtear sa chomhthéarma le feiceáil ar bhealach níos follasaí ná ainm an earra bia atá teaglamaithe léi, |
(c): |
níl ainm (dlíthiúil) na dí alcólaí le feiceáil i gclómhéid is lú ná an chlómhéid a úsáidtear le haghaidh an chomhthéarma chun nach gcuirfear an tomhaltóir ar míthreoir maidir le cineál iarbhír an táirge; agus |
(d): |
nuair is deoch bhiotáilleach an táirge deiridh, bíonn a ainm dlíthiúil i gcónaí le feiceáil sa réimse radhairc céanna leis an gcomhthéarma – mura n-ionadaíonn an comhthéarma an t-ainm dlíthiúil go dlisteanach – chun nach gcuirfear an tomhaltóir ar míthreoir maidir le cineál iarbhír an táirge.
|
2.4. Seiceálacha
Le seiceálacha ar (thuairisc), cur i láthair agus lipéadú táirge ina bhfuil comhthéarma a thagraíonn d’ainm dí biotáillí (catagóir nó GI), tugtar aghaidh ar an gcomhlíontacht leis na coinníollacha seo a leanas:
An táirgeadh:
1) |
is catagóir nó GI dí biotáillí é an comhábhar alcólach (gan níos mó ná deoch bhiotáilleach amháin a bheith ann) lena gcuirtear earra bia amháin nó níos mó nach gceadaítear lena táirgeadh agus nach deochanna alcólacha iad chun airíonna orgánaileipteacha sonracha breise a thabhairt don táirge deiridh; |
2) |
is deoch alcólach an táirge deiridh; |
3) |
úsáideadh an deoch bhiotáilleach bharántúil, i.e. comhlíonann sí na ceanglais táirgeachta uile a leagtar síos sa chatagóir ábhartha dí biotáillí in Iarscríbhinn I nó comhad teicniúil/sonraíocht táirge GI, lena n-áirítear a híosneart alcólach; |
4) |
is de thionscnamh na dí biotáillí dá dtagraítear an t-alcól uile, ach amháin an t-alcól a fhéadfaidh a bheith i mblastáin, i ndathanna nó i gcomhábhair údaraithe eile; |
Lipéadú:
5) |
is é an t-ainm (dlíthiúil):
|
6) |
sa chomhthéarma, teaglamaítear ainm na dí biotáillí leis an téarma ‘licéar’ nó ‘uachtar’ (má tá na ceanglais ábhartha mar a léirítear faoi phointe 5.b thuas á gcomhlíonadh) nó le hainm/aidiacht le haghaidh earraí bia nach gceadaítear lena táirgeadh; |
7) |
ní mór ainm (dlíthiúil) na dí alcólaí a thaispeáint ar bhealach feiceálach chun go mbeidh sé sofheicthe, soléite agus, i gcás inarb iomchuí, doscriosta. Le haon ábhar scríofa nó pictiúrtha nó le haon ábhar idirghabhálach eile, ní dhéanfar é a fholú ná a chlúdach, ná ní bhainfidh an t-ábhar sin ón ainm ná ní chuirfidh sé isteach air. |
8) |
bíonn ainm dlíthiúil na dí biotáillí a eascraíonn as teaglaimna dí biotáillí le hearra bia amháin nó níos mó le feiceáil i gcónaí sa réimse radhairc céanna leis an gcomhthéarma (murab é an comhthéarma ainm dlíthiúil na dí biotáillí freisin i gcur i bhfeidhm Airteagal 10(5), pointe (b), de SDR (23); |
9) |
gan dochar do na hainmneacha dlíthiúla dá bhforáiltear in Airteagal 10, ní bheidh na téarmaí ‘alcól’, ‘biotáille’, ‘deoch’, ‘deoch bhiotáilleach’ ná ‘uisce’ ina gcuid den chomhthéarma; |
10) |
scríobhtar an comhthéarma i gcarachtair aonfhoirmeacha ar aon chló, ar aon mhéid agus ar aon dath; |
11) |
ní bhrisfear na focail lena gcumtar an comhthéarma le haon eilimint théacsúil ná pictiúrtha nach cuid díobh í; |
12) |
tá an comhthéarma le feiceáil sa chlómhéid chéanna a úsáidtear le haghaidh ainm (dlíthiúil) na dí alcólaí nó i gclómhéid níos lú. |
3. TAGAIRTÍ
Airteagal 3, pointe (3) |
Sainmhíniú |
Airteagal 12 |
Coinníollacha maidir le húsáid agus le forálacha lipéadúcháin |
3.1. Céard is tagairt ann?
Tá úsáid tagartha ina rogha atá ar fáil faoi choinníollacha áirithe chun tagairt a dhéanamh d’ainm dí biotáillí (catagóir nó GI) i (dtuairisc), cur i láthair nó lipéadú earra bia eile.
De réir Airteagal 3, pointe (3), ‘ciallaíonn “tagairt” tagairt dhíreach nó indíreach do cheann amháin nó níos mó de na hainmneacha dlíthiúla dá bhforáiltear sna catagóirí deochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó do cheann amháin nó níos mó de thásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha, seachas tagairt i gcomhthéarma nó ar liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 13(2) go (4) i dtuairisc, cur i láthair agus lipéadú na nithe seo a leanas:
(a) |
earra bia seachas deoch bhiotáilleach, |
(b) |
deoch bhiotáilleach a chomhlíonann ceanglais chatagóirí 33 go 40 d’Iarscríbhinn I, nó |
(c) |
deoch bhiotáilleach a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 12(3a);’ |
I bhfocail eile, féadfar tagairt do dheochanna biotáilleacha a dhéanamh sa mhéid seo a leanas:
— |
cur i láthair agus lipéadú earraí bia seachas deochanna alcólacha; |
— |
cur i láthair agus lipéadú deochanna alcólacha seachas deochanna biotáilleacha; |
— |
tuairisc, cur i láthair agus lipéadú licéar; |
— |
tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha seachas licéir [ar deochanna iad nach nglactar leo ach i gcásanna sonracha nach bhféadfaí a cháiliú mar chomhthéarmaí ná meascáin, ar lena n-aghaidh atá forálacha lipéadúcháin sonracha infheidhme (féach Caibidlí 2 thuas agus 4 thíos)]. |
De réir Airteagal 10(6), pointe (c), maidir le tagairt ní fhéadfaidh sí ach an t-ainm dlíthiúil ar dheoch bhiotáilleach a fhorlíonadh. Dá dhroim sin, ní fhéadfaidh tagairt ar dheoch bhiotáilleach a hainm dlíthiúil a ionadú go brách ach ba cheart í a chur léi i gcomhréir leis na rialacha lipéadúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 12(4) (féach § 3.2.3 agus 3.2.4 thíos).
Is éard is tagairt ann tagairt d’ainm amháin nó níos mó ar dheochanna biotáillacha (catagóirí nó GInna) i gcur láthair agus lipéadú earra bia eile. I gcás ina ndéanfar an tagairt ar dheoch bhiotáilleach , ní fhéadfar í a úsáid go brách mar a hainm dlíthiúil . |
NB: |
Ardaíodh an cheist i dtaobh an bhealaigh is féidir tuiscint a fháil ar fhoráil Airteagal 10(7), an chéad mhír, de SDR – lena dtoirmeasctar úsáid ainm dí biotáillí (catagóir nó GI) i dtuairisc, cur i láthair agus lipéadú aon dí nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos le haghaidh na cagatóire nó an GI sin dí biotáillí seachas i gcás tagairtí, comhthéarmaí agus liostaí comhábhar – i ndáil leis an oibleagáid chothrománach maidir le mionsonraí ar oibreoir an ghnólachta bia a léiriú i gcomhréir le hAirteagail 8(1) agus 9(1)(h) de Rialachán FIC. Go deimhin, féadfaidh sé a bheith amhlaidh go n-áirítear in ainm nó i seoladh oibreora gnólachta bia (ach i lógónna nó in ainmneacha branda cláraithe freisin) ainm catagóire dí biotáillí (e.g. ‘Drioglanna Guadeloupe Rum ’ nó ‘Cuideachta Branda X Vodca ’) nó GI (e.g. Bassano del Grappa ). Tá an cheist níos ábhartha fós mura mbaineann an deoch bhiotáilleach ar a dtaispeántar ainm nó seoladh an oibreora gnólachta bia sin leis an gcatagóir chéanna dí biotáillí (e.g. má tháirgeann ‘Cuideachta Branda X Vodca’gin ). Is é an freagra nach gá go bhfuil an dá oibleagáid dhlíthiúla (ceann faoi SDR agus an ceann eile faoi rialacha FIC) neamh-chomhoiriúnach: má áirítear in ainm nó i seoladh cuideachta (go dleathach) ainm catagóire nó GI dí biotáillí ach nach bhfuil an t-ainm sin in úsáid mar ainm dlíthiúil na dí biotáillí , ba cheart an t-ainm nó an seoladh sin a léiriú toisc , le foráil SDR, go bhfuil an dá fhoráil infheidhme go comhthreomhar agus nach gcuirtear cosc ar léiriú an ainm gnólachta i gcur i bhfeidhm FIC. Tá feidhm ag an méid céanna maidir le hainmneacha tuairisciúla (de réir bhrí Airteagal 2(2), pointe (p), de Rialachán FIC) le haghaidh deochanna alcólacha seachas deochanna biotáilleacha nár cheart iad a bheith neamh-chomhoiriúnach leis an toirmeasc an t-ainm ar dheoch bhiotáilleach a lua i gcur i bhfeidhm Airteagal 10(7), an chéad mhír, de SDR. |
3.2. Coinníollacha úsáide agus forálacha lipéadúcháin
De réir Airteagal 12, tá feidhm ag rialacha éagsúla i gcás ina ndéanfar an tagairt don ainm ar dheoch bhiotáilleach ar an méid seo a leanas:
a) |
earra bia seachas deoch alcólach; |
b) |
deoch alcólach seachas deoch bhiotáilleach; |
c) |
deoch bhiotáilleach a thagann faoi aon cheann de na catagóirí 33-40 d’Iarscríbhinn I (licéir); nó |
d) |
deoch bhiotáilleach seachas licéar (i gcásanna sonracha teoranta).
|
NB: |
Meabhraítear, de réir Airteagal 10(7), an dara mír, de SDR, nach bhféadfar ainmneacha GInna dí biotáillí a úsáid chun tuairisc a thabhairt ar bhlastáin a dhéanann aithris ar na GInna sin ná ar a n-úsáid in aon earra bia. |
3.2.1. Tagairtí ar earraí bia seachas deochanna alcólacha
Le hAirteagal 12(1) ceadaítear an tagairt d’ainm dí biotáillí amháin nó níos mó (catagóirí nó GInna) i gcur i láthair agus lipéadú earra bia seachas deoch alcólach, ar choinníoll gur ‘de thionscnamh eisiach na dí biotáillí nó na ndeochanna biotáilleacha dá dtagraítear sa tagairt an t-alcól a úsáidtear i dtáirgeadh an earra bia.’
An t-aon eisceacht ón gcoinníoll sin a cheadaítear, baineann sí leis ‘an alcól a fhéadfaidh a bheith i láthair i mblastáin, dathanna nó comhábhair údaraithe eile a úsáidtear chun an t-earra bia sin a tháirgeadh’, i.e. an t-alcól a úsáideadh chun na comhábhair sin a ullmhú.
Ach amháin an mhéid sin, ní mór an t-alcól atá sa táirge deiridh a bheith de thionscnamh, dá réir sin, na dí biotáillí barántúla (i.e. comhlíonann sí na ceanglais uile a leagtar síos le haghaidh na catagóire nó GI faoi seach – lena n-áirítear an t-íosneart alcólach an tráth a úsáidtear é), gan aon alcól eitile ná driogáit ná deoch bhiotáilleach eile a bheith curtha leis.
Go háirithe, tá dhá chás fhéideartha ann:
a) |
earra bia leachtach seachas deoch alcólach agus seachas uisce, lenar cuireadh níos mó ná deoch bhiotáilleach amháin (25), ar earra bia leachta é as a n-eascróidh deoch alcólach (i.e. deoch le neart alcólach áirithe, ag brath ar chainníocht an alcóil is gá a bheith curtha isteach trí na deochanna biotáilleacha sin);
|
b) |
earra bia neamhleachtach lenar cuireadh deoch bhiotáilleach amháin nó níos mó agus é á ullmhú, arb é is gá a eascróidh as sin earra bia le hinneachar iarmhair alcóil, ag brath ar chainníocht na dí biotáillí nó na ndeochanna biotáilleacha a úsáideadh. Mar sin féin, is féidir go ngalóidh cuid den alcól sin i bpróisis ullmhúcháin amhail an bháicéireacht. |
Ní rialáiltear lipéadú earra bia den sórt sin le SDR, dá bhrí sin tá feidhm ag Rialachán FIC, go háirithe Airteagal 36 maidir le faisnéis dheonach agus Airteagal 7 maidir le cóirchleachtais maidir le faisnéis.
|
||||||
|
nó |
|
||||
|
nó |
|
||||
|
nó |
|
||||
|
nó |
|
||||
|
3.2.2. Tagairtí ar dheochanna alcólacha seachas deochanna biotáilleacha
Le hAirteagal 12(2) ceadaítear an tagairt d’ainm dí biotáillí amháin nó níos mó (catagóirí nó GInna) i gcur i láthair agus lipéadú dí alcólaí seachas deoch bhiotáilleach, ar choinníoll:
‘(a) |
gur de thionscnamh eisiach na dí biotáillí nó na ndeochanna biotáilleacha dá dtagraítear sa tagairt an t-alcól a chuirtear isteach; agus |
(b) |
go léirítear cion gach comhábhair alcólaigh uair amháin ar a laghad sa réimse radhairc céanna leis an tagairt, in ord íslitheach na gcainníochtaí a úsáidtear. Beidh an cion sin comhionann leis an gcéatadán de réir toirte d’alcól íon dá léirítear sa mhéid iomlán d’alcól íon de réir toirte den táirge deiridh.’ |
Leis an bhforáil sin tugtar aghaidh ar na deochanna uile ina bhfuil alcól nach deochanna biotáilleacha iad, lena n-áirítear i measc nithe eile:
1) |
Fíon (gan dochar d’fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 (26)); |
2) |
Táirgí fíona cumhraithe (gan dochar d’fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 (27)); |
3) |
Beoir; |
4) |
Leann úll, leann piorraí agus deochanna coipthe eile. |
Thug an reachtóir an fhoráil nua sin isteach, foráil nach ann di i Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, chun soiléiriú a thabhairt ar na coinníollacha is infheidhme maidir leis na tagairt do dheochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú deochanna alcólacha eile.
Go deimhin, tugtar le tuiscint leis sin go gcuirtear alcól leis an alcól arb ann dó go nádúrtha sa deoch alcólach, rud a thagann salach, dá réir sin, de réir dealraimh ar an bprionsabal nach mór don alcól a bheith de thionscnamh eisiach na dí biotáillí nó na ndeochanna biotáilleacha dá dtagraítear.
|
||||||||||||||
|
||||||||||||||
|
nó |
Beoir faoi bhlas comhchumhraí Genever* |
||||||||||||
|
nó |
Sangria scagtha le Rum Madeira** |
||||||||||||
|
Leis an soiléiriú, i gcás tagairtí ar dheochanna alcólacha, nach mór d’alcól a chuirtear isteach a bheith de thionscnamh na dí biotáillí nó na ndeochanna biotáilleacha dá dtagraítear, ceadaíodh don reachtóir foráil a dhéanamh go mbeidh feidhm anois ag an riail lipéadúcháin chéanna, nár foráladh roimhe sin le hAirteagal 11(5) de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ach le haghaidh meascán amháin, maidir le deochanna alcólacha a thagraíonn do dheoch bhiotáilleach amháin nó níos mó freisin. Is é is aidhm dó sin an tomhaltóir a chur ar an eolas faoin gcion alcóil sa táirge deiridh a dhíorthaítear faoi seach as an deoch alcólach agus as an deoch bhiotáilleach nó as na deochanna biotáilleacha dá dtagraítear sa tagairt.
Dá réir sin, i gcás tagairt do dheoch bhiotáilleach amháin nó níos mó, tá liosta comhábhar alcólach le cur ar taispeáint ar a laghad uair amháin sa réimse radhairc céanna leis an tagairt agus lena léirítear in ord íslitheach an cion (i gcéatadán) den alcól íon atá i ngach comhábhar alcólach sa táirge deiridh (Airteagal 12(2), pointe (b)).
|
3.2.3. Tagairtí ar licéir
Le hAirteagal 12(3) ceadaítear an tagairt d’ainm dí biotáillí amháin nó níos mó (catagóirí nó GInna) i dtuairisc, cur i láthair agus lipéadú dí alcólaí a chomhlíonann na gceanglas in aon cheann de na catagóirí 33 go 40 d’Iarscríbhinn I (i.e. licéir), ar choinníoll:
‘(a) |
gur de thionscnamh eisiach na dí biotáillí nó na ndeochanna biotáilleacha dá dtagraítear sa tagairt an t-alcól a chuirtear isteach; |
(b) |
go léirítear cion gach comhábhair alcólaigh uair amháin ar a laghad sa réimse radhairc céanna leis an tagairt, in ord íslitheach na gcainníochtaí a úsáidtear. Beidh an cion sin comhionann leis an gcéatadán de réir toirte d’alcól íon dá léirítear sa mhéid iomlán d’alcól íon de réir toirte den táirge deiridh. agus |
(c) |
leis an téarma ‘uachtar’ [NB: nach dtaispeántar an téarma Béarla ‘cream’] in ainm dlíthiúil dí biotáillí a chomhlíonann ceanglais chatagóirí 33 go 40 d’Iarscríbhinn I nó in ainm dlíthiúil na dí biotáillí nó na ndeochanna biotáilleacha dá dtagraítear sa tagairt.’ |
Leis an bhforáil sin tugtar aghaidh ar aon cheann de na catagóirí 33-40 (licéir) de mhaolú ar na forálacha maidir le meascáin a leagtar síos in Airteagal 13(4).
Go deimhin, dá gcuirfí deoch bhiotáilleach amháin nó níos mó le licéar, is é meascán a bheadh ann de réir an tsainmhínithe dá bhforáiltear in Airteagail 3(9) agus (10) agus ba ghá é a lipéadú dá réir sin.
Mar sin féin, thug an reachtóir isteach eisceacht ó raon feidhme infheidhmeacht na rialacha maidir le tagairt, rud a beartaíodh ar dtús a theorannú d’earraí bia seachas deochanna biotáilleacha. Rinneadh sin chun a áirithiú go gcuirfear an tomhaltóir ar an eolas i gceart faoina bhfuil i licéar lena gcuirtear deoch bhiotáilleach éagsúil chun saintréith orgánaileipteach ar leith a thabhairt dó. Is cleachtas coiteann é sin, ós rud é – i measc nithe eile – go bhféadfar licéir a tháirgeadh trí dheoch bhiotáilleach amháin nó níos mo a theaglamú(féach pointe 33(a)(ii) d’Iarscríbhinn I).
Go deimhin, leis na forálacha maidir le meascáin a leagtar síos in Airteagail 13(3) agus (4) ceanglaítear ainm na ndeochanna biotáilleacha (agus comhpháirteanna alcólacha eile den mheascán) a léiriú go heisiach i liosta de na comhábhair alcólacha. Ina ionad sin, faoi na forálacha lena rialaítear tagairtí ar licéir, féadfaidh ainm na dí biotáillí nó na ndeochanna biotáilleacha a bheith le feiceáil aon áit, fad atá sé sa réimse radhairc céanna leis an ainm dlíthiúil (mar a cheanglaítear le hAirteagal 12(4), pointe (c), féach § 3.2.5 thíos). Chun maolú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le mí-úsáid agus cleachtais mhíthreoracha, thug an reachtóir isteach freisin i gcás tagairtí ar licéir (amhail le haghaidh meascán), an ceanglas chun liosta comhábhar alcólach a thaispeáint ar a laghad uair amháin sa réimse radhairc céanna leis an tagairt agus lena léirítear in ord íslitheach an cion (i gcéatadán) den alcól atá i ngach comhábhar alcólach sa táirge deiridh (Airteagal 12(3), pointe (b)).
Thairis sin, leis na forálacha lipéadúcháin a leagtar síos in Airteagal 12(4), pointe (a) agus (b), ceanglaítear nach mbeidh an tagairt ar an líne chéanna le hainm dlíthiúil an licéir agus go mbeidh sí le feiceáil i gclómhéid atá cothrom le leath na clómhéide (nó níos lú) a úsáidtear le haghaidh an ainm dhlíthiúil nó na gcomhthéarmaí féideartha.
Mar sin féin, contrártha don liosta comhábhar alcólach le haghaidh meascán (rud a bheidh scríofa freisin i gclómhéid nach mó ná leath na clómhéide a úsáidtear le haghaidh an ainm dhlíthiúil: féach Airteagal 13(3), an dara fomhír agus Airteagal 13(4), an dara fomhír, pointe (a), chomh maith le § 4.2.1 agus 4.2.2 thíos), féadfaidh tagairtí ar licéir a bheith le feiceáil i gcarachtair nach bhfuil den chlómhéid ná den dath céanna leo sin a úsáidtear le haghaidh an ainm dhlíthiúil.
Ar deireadh, le hAirteagal 12(4), pointe (c), déantar foráil maidir le tagairtí ar licéir mar a leanas: ‘gabhfaidh ainm dlíthiúil na dí biotáillí leo i gcónaí, ainm a thaispeánfar sa réimse céanna radhairc leis an tagairt.’ (féach § 3.2.5 thíos).
NB: |
Thug an reachtóir teorannú leis an bhforáil thuas isteach, i.e. ní cheadaítear ainmneacha dlíthiúla lena n-áirítear an téarma ‘cream’ nuair a dhéantar tagairt do dheochanna biotáilleacha le licéir. Níl feidhm ag an eisceacht sin ach maidir leis an téarma i mBéarla (seachas i dteangacha eile) agus is é is aidhm di cáil GI Irish Cream a chosaint. |
|
||||||||
|
nó |
|
||||||
|
nó |
|
||||||
|
||||||||
|
ACH SEACHAS: Brandy Cream avec/le Rhum |
|||||||
|
ACH SEACHAS: Orujo Cream con/le Whisky |
|||||||
|
NB: |
Maíonn daoine áirithe i dtaca leis an bhféidearthacht tagairt a dhéanamh do dheochanna biotáilleacha ar licéar go lagaítear an ceanglas, i gcomhthéarmaí, nach mór don alcól uile a bheith de thionscnamh na dí biotáillí dá dtagraítear. Go deimhin, cé gurb amhlaidh i gcás‘Licéar Whisky’ nach mór don alcól uile teacht as whisky, féadfar ‘Licéar le (braon) Whisky’ a tháirgeadh trí úsáid a bhaint as cineálacha eile alcóil freisin. |
Ar an gcúis sin, i gcás ina déanfar tagairtí ar licéir, moltar gur cheart an t-ainm dlíthiúil ‘licéar’ a fhorlíonadh i gcónaí le hainm an phríomh-amhábhair a úsáidtear chun a phríomhbhlas a thabhairt dó (e.g. Licéar Cnó Cócó le steall Rum; Licéar Seacláide le blaiseadh de Brandy). Seachas sin, le tagairtí, is éard a d’fhéadfaí a thuiscint as úsáid a bhaint as an ainm dlíthiúil ‘licéar’ gan é a fhorlíonadh le hainm an phríomhbhlastáin a úsáidtear rún bunúsach maidir leis an tomhaltóir a chur ar míthreoir,.
3.2.4. Tagairtí ar dheochanna biotáilleacha seachas licéir
Le hAirteagal 12(3a) is féidir tagairt a dhéanamh d’ainm dí biotáillí amháin (catagóir nó GI) i dtuairisc, cur i láthair agus lipéadú dí biotáillí seachas licéar (i.e. ag comhlíonadh na gceanglas in aon cheann de na catagóirí 33 go 40 d’Iarscríbhinn I), ‘ar choinníoll:
(a) |
maidir leis an deoch bhiotáilleach dá dtagraítear sa tagairt:
|
(b) |
gur stóráladh an deoch bhiotáilleach ar feadh na tréimse aibithe iomláine nó cuid di i gcasca adhmaid a úsáideadh roimhe sin chun an deoch bhiotáilleach dá dtagraítear sa tagairt a aibiú, ar choinníoll:
|
Freisin, sna cásanna sin, de réir Airteagal 12(4), pointe (c), maidir leis an tagairt, ‘gabhfaidh ainm dlíthiúil na dí biotáillí leis i gcónaí, ainm dlíthiúil a bheidh le feiceáilf sa réimse radhairc céanna leis an tagairt.’ (féach § 3.2.5 thíos).
3.2.4.1.
D’fhéadfadh sé gur mhaith le táirgeoirí táirgí nuálacha a chruthú trí thriail a bhaint as catagóirí nó as GInna seanbhunaithe dí biotáillí agus iad a chlaochlú i gcatagóir éagsúil dí biotáillí.
I gcásanna áirithe, ceadaíonn an reachtóir do na táirgeoirí sin tagairt a dhéanamh d’ainm dlíthiúil na dí biotáillí tosaigh i dtuairisc, cur i láthair agus lipéadú na dí biotáillí deiridh faoi na coinníollacha a liostaítear sa mhír roimhe sin.
Ar an taobh eile, catagóirí áirithe dí biotáillí – e.g. vodca blaistithe – féadfar iad a tháirgeadh trí úsáid a bhaint as catagóir eile dí biotáillí – i gcás an tsampla: vodca – mar an t-aon bhonn alcólach amháin dá cuid agus féadfaidh leas a bheith ag an táirgeoir tagairt a dhéanamh don chomhábhar alcólach sin i dtuairisc, cur i láthair agus lipéadú an táirge deiridh.
Le forálacha Airteagal 12(3a), pointe (a), de SDR, cumhdaítear na cásanna thuasluaite go beacht.
Chun mí-úsáid cháil dí biotáillí (catagóir nó GI) a chosc, rinne an reachtóir foráil nach gceadaítear aon tagairt dá hainm dlíthiúil i dtuairisc, cur i láthair ná lipéadú dí biotáillí eile a tháirgtear trí úsáid a bhaint as an deoch bhiotáilleach dá ndéantar tagairt mar an t-aon bhonn alcólach dá cuid, ach amháin má chomhlíonann an deoch bhiotáilleach dheiridh ceanglais catagóire dí biotáillí agus ní mór, dá réir sin, an t-ainm dlíthiúil dá bhforáiltear leis an gcatagóir sin dí biotáillí a bheith uirthi.
Tugann an méid sin le tuiscint nach mbeidh sé indéanta go brách tagairt a dhéanamh do chatagóir ná do GI dí biotáillí a úsáidtear mar an t-aon bhonn alcólach ar tháirge atá lipéadaithe ó thaobh cineáil de mar ‘deoch bhiotáilleach’.
Thairis sin, leis an toirmeasc earraí bia a chur isteach nach gceadaítear agus an deoch bhiotáilleach dá ndéantar tagairt á táirgeadh nó agus an deoch bhiotáilleach dheiridh á táirgeadh de réir na rialacha ábhartha a leagtar síos in Iarscríbhinn I le haghaidh catagóirí dí biotáillí nó sa chomhad teicniúil/sa tsonraíocht táirge le haghaidh GInna deochanna biotáilleacha, eisiatar aon fhorluí idir tagairtí ar dheochanna biotáilleacha agus comhthéarmaí lena gceanglaítear go beacht an teaglaim le hearra bia amháin nó níos mó (féach § 2.1 thuas).
Ar deireadh, chun tagairt a dhéanamh d’ainm dlíthiúil dí biotáillí i dtuairisc, cur i láthair agus lipéadú dí biotáillí eile, maidir le neart alcóil na dí biotáillí deiridh , ní fhéadfaidh sé a bheith níos ísle ná an t-íosneart alcólach a cheanglaítear le haghaidh na dí biotáillí dá ndéantar tagairt i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le SDR le haghaidh catagóirí dí biotáillí nó sa chomhad teicniúil/sa tsonraíocht táirge ábhartha le haghaidh GInna deochanna biotáilleacha (féach na samplaí in #31).
NB: |
Tarraingíodh an cheist anuas maidir le cibé acu atá nó nach bhfuil athrá ainm dí biotáillí (catagóir nó GI) a léirítear cheana i gcomhthéarma – mar shampla chun tuairisc a thabhairt ar airíonna sonracha na dí biotáillí sin – le meas mar thagairt. Leis na forálacha thuasluaite d’Airteagal 12(3a), pointe (a), de SDR eisiatar an fhéidearthacht sin go soiléir. Sa chás sin, leis an tagairt athráite d’ainm na dí biotáillí a úsáidtear i gcomhar le hearra bia eile, ba cheart a thuiscint gur ‘síneadh’ í le húsáid an ainm sin sa chomhthéarma agus ba cheart di na rialacha lipéadúcháin a leagtar síos in Airteagal 11(3) of the SDR a chomhlíonadh. |
|
||||||||
|
3.2.4.2.
Mar a mhínítear thuas (féach § 1.5), téarmaí a thagraíonn do stóráil dí biotáillí le haghaidh na tréimse aibíochta iomláine nó cuid di i gcascaí adhmaid a úsáideadh roimhe sin chun deoch bhiotáilleach eile a aibiú, ní féidir a mheas gur faisnéis dheonach atá iontu de réir bhrí Airteagal 36 de Rialachán FIC de bharr na forála a leagtar síos in Airteagal 10(7), an chéad fhomhír, de SDR lena dtoirmeasctar úsáid deochanna biotáilleacha i dtuairisc, cur i láthair nó lipéadú aon dí nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in SDR ná comhad teicniúil/sonraíocht táirge an GI ábhartha.
Baineann an t-aon eisceacht a cheadaítear ar an toirmeasc sin le lipéadú comhthéarmaí, tagairtí agus liosta comhábhar, mar a rialáiltear le hAirteagail 11, 12 agus 13(2) go (4) de SDR. Dá bhrí sin, an tagairt do dheoch bhiotáilleach a ndearnadh deoch bhiotáilleach eile a aibiú ina casca adhmaid dá éis sin, ní hamháin gur faisnéis dheonach í de réir FIC, ach is tagairt í freisin a rialáiltear le hAirteagal 12(3a) de SDR.
NB: |
Le hAirteagal 12(3a), pointe (b), litir (i), de SDR, ceanglaítear le haghaidh na ndeochanna biotáilleacha sin (catagóirí nó GInna) ar lena n-aghaidh a thoirmeasctar alcól a chur isteach, caolaithe nó a mhalairt, go ndéanfar a raibh sa chasca adhmaid roimhe sin a fholmhú. Tá feidhm ag na ceanglais sin e.g. maidir le catagóirí 1-14 deochanna biotáilleacha. Maidir le catagóirí nó GInna deochannabiotáilleacha nach bhfuil feidhm ag an gceanglas thuas maidir leo, ní thoirmeasctar, dá bhrí sin, cuid den deoch bhiotáilleach a aibíodh sa chasca adhmaid roimhe sin a fhágáil ann. Mar sin féin, maidir leis an gcleachtas sin, i gcás ina n-úsáidfear í, ba ghá é a lipéadú i gceart i gcomhréir le hAirteagal 13(3) nó (4) de SDR (i.e. na forálacha lipéadúcháin le haghaidh meascán ) i dteannta na bhforálacha lipéadúcháin a leagtar síos in Airteagal 12(3a), pointe (b), litreacha (ii) go (iv), de SDR, le haghaidh tagairtí do chascaí dí biotáillí (féach sampla 3 in #33). |
NB: |
De réir Airteagal 12(3a), pointe (b), litreacha (ii) go (iv), de SDR, agus de mhaolú ar an riail lipéadúcháin ghinearálta is infheidhme maidir le tagairtí ar dheochanna alcólacha (i.e. go mbeidh an tagairt le feiceáil i gclómhéid nach mó ná leath na clómhéide a úsáidtear le haghaidh ainm na dí alcólaí nó comhthéarmaí féideartha a úsáidtear), féadfaidh an tagairt do chascaí dí biotáillí a bheith le feiceáil i gclómhéid nach mó ná an chlómhéid a úsáidtear le haghaidh ainm dlíthiúil na dí biotáillí nó aon chomhthéarma a úsáidtear, fad a thagraíonn sí go soiléir don chasca a úsáidtear chun an deoch bhiotáilleach a eascraíonn as sin a aibiú agus go bhfuil sí le feiceáil ar bhealach nach bhfuil chomh follasach le hainm dlíthiúil na dí biotáillí ná aon chomhthéarma a úsáidtear. Mar sin féin, deochanna biotáilleacha dá dtagraítear san fhoráil sin a lipéadaíodh roimh an 31 Nollaig 2022 i gcur i bhfeidhm Airteagal 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 716/2013 (i.e. nach gceanglaítear leis ach go mbeidh an tagairt le feiceáil i gclómhéid is lú ná na clómhéideanna a úsáidtear le haghaidh na hainmníochta díolacháin agus an chomhthéarma), féadfar leanúint dá gcur ar an margadh go dtí go mbeidh na stoic ídithe. In aon chás, fiú le linn na hidirthréimse sin, moltar nach mbeidh an tagairt do chascaí dí biotáillí lipéadaithe ar bhealach níos follasaí ná ainm dlíthiúil na dí biotáillí (e.g. trí úsáid a bhaint as cúlra éagsúil, dathanna éagsúla nó cló carachtair éagsúil). |
Seachas na gnéithe nach mór do na húdaráis náisiúnta inniúla measúnú a dhéanamh orthu maidir le húsáid cheart na dtagairtí don aibiú i gcascaí adhmaid a úsáideadh roimhe sin chun deochanna alcólacha eile a aibiú (go háirithe fíon nó beoir) a liostaítear faoi § 1.5 thuas, lena n-áirítear an chomhlíontacht le hAirteagal 7(1) de Rialachán FIC, le haghaidh tagairtí do chascaí deochanna biotáilleacha, moltar an méid seo a leanas:
1) |
is amhlaidh gur aibíodh an deoch bhiotáilleach i gcasca adhmaid a úsáideadh roimhe sin chun an deoch bhiotáilleach lena ndéantar tagairt a aibiú: go deimhin, ciallaíonn aibiú mar a shainmhínítear le hAirteagal 4, pointe (11), de SDR ‘stóráil dí biotáillí i ngabhdáin iomchuí go ceann tréimse chun críche lamháil don deoch bhiotáilleach sin dul faoi imoibrithe nádúrtha ina dtugtar saintréithe sonracha don deoch bhiotáilleach sin’. Ciallaíonn sin, mar shampla, nach gceadaítear úsáid a bhaint as coimeádáin thámha amhail drumaí plaisteacha ná úsáid a bhaint as sliseanna adhmaid in ionad aibiú i gcasca adhmaid; |
2) |
le haghaidh na gcatagóirí sindeochanna biotáilleacha lena dtoirmeasctar alcól a chur isteach (e.g. na catagóirí deochanna biotáilleacha 1 go 14 d’Iarscríbhinn I, dá bhforáiltear in Airteagal 7(2), pointe (b), de SDR), cascaí a úsáidtear i gcomhair aibithe, déantar a raibh iontu roimhe sin a fholmhú; |
3) |
ós rud é go n-imrítear tionchar suntasach ar thréithe dí biotáillí leis an gcasca a úsáidtear chun í a aibiú, tá sé dlisteanach faisnéis a sholáthar do thomhaltóirí ar an méid a raibh ann roimhe sin sa chasca a úsáidtear. Mar sin féin, ní mór an fhaisnéis sin a bheith soiléir agus gan débhrí, déanfar tagairt inti don chasca a úsáidtear seachas don deoch bhiotáilleach a aibíodh ann roimhe sin agus don mhéid sin amháin agus ní chuirfear an tomhaltóir ar míthreoir dá bhforáiltear le hAirteagail 7(1a), 7(2) agus 36 de Rialachán FIC. Mar shampla:
|
3.2.5. Rialacha lipéadúchain eile le haghaidh tagairtí
Le hAirteagal 12(4) déantar foráil ‘maidir leis na tagairtí dá dtagraítear i mír 2, mír 3 agus mír 3a:
(a) |
ní bheidh siad ar an líne chéanna le hainm na dí alcólaí; |
(b) |
beidh siad le feiceáil i gclómhéid nach mó ná leath na clómhéide arna húsáid in ainm na dí alcólaí agus, i gcás ina n-úsáidfear comhthéarmaí, i gclómhéid nach mó ná leath na clómhéide arna húsáid do chomhthéarmaí den sórt sin, i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 11(3); agus |
(c) |
i gcás tagairtí i dtuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, gabhfaidh ainm dlíthiúil na dí biotáillí leo i gcónaí, a thaispeánfar sa réimse céanna radhairc leis an tagairt.’ (28) |
Dá réir sin, tá na forálacha a leagtar síos in Airteagal 12(4) sainordaitheach nuair a dhéantar tagairtí ar dheochanna alcólacha ach níl siad sainordaitheach nuair a dhéantar tagairtí ar earraí bia seachas deochanna alcólacha (Airteagal 12, mír 1). Le haghaidh na nithe sin (e.g. uachtar reoite rum, Kirschpralinen, Cáca licéir uibhe), tá feidhm ag rialacha lipéadúcháin ginearálta Rialachán FIC agus go háirithe Airteagal 7 i leith cóirchleachtais maidir le faisnéis.
Thairis sin, nuair a dhéantar tagairt do dheochanna biotáilleacha ar dheochanna alcólacha seachas deochanna biotáilleacha agus ar licéir, tá cion an alcóil atá i ngach comhábhar alcólach le léiriú ar a laghad uair amháin: sa réimse radhairc céanna leis an tagairt agus in ord íslitheach na gcainníochtaí a úsáidtear.
Sna samplaí thuas, níl ainm an earra bia (beoir, leann úll, fíonta cumhraithe, licéar seacláide, crème de brandy, licéar, biotáille fíona) ná na comhthéarmaí (crème de brandy – ainm a fhéadfaidh a bheith ina chomhthéarma agus ina ainm dlíthiúil araon –, licéar seacláide agus licéar uibhe agus cainéil) ar an líne chéanna leis an tagairt (Genever, Punch au Rhum, Cognac, Maraschino, Gin, Branda, Whisky Éireannach, Rum, casca Bourbon).
In aon chás, i gcás inar deoch bhiotáilleach atá sa deoch a eascraíonn as,léireofar a ainm dlíthiúil i gcónaí sa réimse radhairc céanna ina bhfuil an tagairt, a scríobhfar i gclómhéid arb í leath na clómhéide a úsáidtear le haghaidh ainm dlíthiúil na dí biotáillí agus an chomhthéarma a d’fhéadfadh a bheith ann, nó níos lú (ach amháin i gcás tagairtí do chascaí deochanna biotáilleacha, ar féidiriad a thaispeáint i gclómhéid nach mó ná an chlómhéid a úsáidtear le haghaidh ainm dlíthiúil na dí biotáillí agus comhthéarmaí a d’fhéadfadh a bheith ann).
Ach, d’fhéadfadh an tagairt a bheith i gcarachtair i gcló agus faoi dhath éagsúil nó in aghaidh cúlra éagsúil ná ainm na dí biotáillí/an chomhthéarma. Mar sin féin, moltar go dtaispeántar an tagairt ar bhealach nach bhfuil chomh follasach le hainm na dí biotáillí. Bíonn an moladh sin ina oibleagáid dhlíthiúil le haghaidh tagairtí do chascaí deochanna biotáilleacha, chun an ceanglas maidir le clóimhéid nach bhfuil chomh sriantach dá bhforáiltear maidir leis na tagairtí sin a chothromú.
3.3. Tagairtí do bhlastáin lena ndéantar ‘aithris’ ar dheochanna biotáilleacha
Mar a luadh cheana (féach § 1.3 thuas), de réir Airteagal 10(7), an chéad fhomhír, ní féidir ainm dí biotáillí (catagóir nó GI) a úsáid in aon bhealach ar (thuairisc), cur i láthair ná lipéadú aon dí nach gcomhlíonann na ceanglais táirgeachta a leagtar síos i gcatagóir nó i gcomhad teicniúil/sonraíocht táirge GI na dí biotáillí faoi seach.
Áirítear go sainráite sa dianchosc sin freisin na cásanna ina luaitear go soiléir ar an (tuairisc), cur i láthair agus lipéadú gurb aithris atá ann trí théarmaí amhail ‘cosúil le’, ‘cineál’, ‘stíl’, ‘déanta’, ‘blas’, etc. a úsáid
Ní féidir ainm dí biotáillí (catagóir nó GI) a úsáid chun (tuairisc), cur i láthair nó lipéad a chur ar dheoch atá éagsúil leis an deoch bhiotáilleach sin. |
Is léir go bhfuil an cosc sin gan dochar do na forálacha a leagtar síos le haghaidh comhthéarmaí (Airteagal 11), tagairtí (Airteagal 12) agus liosta de chomhábhair (alcólacha) (Airteagail 13(2) go (4)), a bhfuil feidhm acu ar ndóigh ar choinníoll go gcomhlíontar na rialacha ábhartha ar fad.
|
Mar sin féin, trí Airteagal 10(7), an dara fomhír, a thabhairt isteach, chinn an reachtóir – de bhrí go bhfuil sé soiléir, d’fhonn gan dul sa seans go gcuirfí an tomhaltóir ar míthreoir, nach féidir ainm na dí biotáillí (catagóir nó GI) a úsáid chun tuairisc a thabhairt ar dheoch nach gcomhlíonann a cheanglais – go bhféadfar ainmneacha catagóirí deochanna biotáilleacha a úsáid:
1) |
mar chuid den tagairt do bhlastán, nó |
2) |
i gcur i láthair agus i lipéadú earraí bia seachas deochanna a tháirgtear trí úsáid a bhaint as na blastáin sin, |
fiú mura gcomhlíonann na táirgí sin na ceanglais a leagtar síos le haghaidh na catagóire dí biotáillí dá dtagraíonn siad ina gcur i láthair agus ina lipéadú.
D’aithin an reachtóir dá bhrí sin cleachtas coiteann ar an margadh, de bhrí go bhfuil ainm chatagóirí deochanna biotáilleacha ag blastáin áirithe (e.g. blas rum nó blas branda) cé nach bhfuil siad ar fad i gcomhréir le ceanglais na gcatagóirí sin, nach dóchúil é, áfach, go gcuirfí an tomhaltóir ar míthreoir.
Mar sin féin, d’fhonn cosaint níos láidre a thabhairt do GInna, in Airteagal 10(7), an dara fomhír, chuir an reachtóir toirmeasc sainráite ar ainmneacha tásca geografacha a úsáid le haghaidh deochanna biotáilleacha chun tuairisc a thabhairt ar aon bhlastán nó earra bia ina bhfuil na blastáin sin.
|
3.4. Deochanna ar bheagán alcóil nó atá gan alcól lena dtagraítear d’ainmneacha deochanna biotáilleacha
Mar a luadh cheana (féach § 1.3 agus 3.3 thuas), le hAirteagal 10(7), an chéad fhomhír de SDR cuirtear toirmeasc ar ainmneacha dlíthiúla de chatagóirí deochanna biotáilleacha nó táscacha geografacha a úsáid i dtuairisc, cur i láthair agus lipéadú aon dí nach gcomhlíonann ceanglais chatagóir nó GI ábhartha na dí biotáillí ábhartha. Tá feidhm ag an toirmeasc sin freisin i gcás ina mbainfear úsáid as ainmneacha dlíthiúla den sórt sin nó as tásca geografacha den sórt sin i gcomhar le focail nó frásaí amhail ‘cosúil’, ‘cineál’, ‘stíl’, ‘déanta’, ‘blas’ nó aon téarma comhchosúil eile.
NB: |
Cuimsítear leis an toirmeasc sin ainmneacha nó tagairtí fantaisíochta freisin amhail e.g. ‘gan Gin’, ‘dóibh siúd gur breá leo Gin’, ‘VirGin’, ‘Ginfection’ chun tuairisc a thabhairt ar dheochanna nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i gcatagóir 20 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le SDR. |
|
||||
|
nó |
Deoch Bhiotáilleach gan Alcól |
||
|
nó |
Gin Tonaic saor ó alcól |
||
|
nó |
Whisky agus Coke neamhalcólach |
Tá na forálacha lena rialaítear comhthéarmaí agus tagairt liostaithe i measc na ndíolúintí leis an toirmeasc thuasluaite. Ach, ní bheadh an tagairt d’ainm dí biotáillí i ndeoch nach bhfuil aon alcól ann indéanta faoi rialacha comhthéarmaí ná tagairtí de dheasca an choinníll gur gá an t-alcól uile sa táirge deiridh a bheith de thionscnamh na dí biotáillí dá dtagraítear.
Go deimhin, mura bhfuil aon alcól ar bith sa deoch dheiridh, d’fhéadfadh sé nach bhféadfaí a mheas go réasúnach go gcomhlíonfadh an deoch bhiotáilleach dá dtagraítear gach ceanglas (go sonrach an t-íosneart alcólach a éilítear) de chuid na catagóire dí biotáillí nó an táisc gheografaigh ar úsáideadh a ainm ar an lipéad.
Is deoch alcólach i gcónaí atá in aon deoch a thagraíonn d’ainm dí biotáillí (bíodh sin i gcomhthéarma nó i dtagairt). |
Sa chomhthéacs sin, is fiú a chur i dtábhacht nach bhfuil sainmhíniú ar an téarma ‘deoch alcólach’ i reachtaíocht an Aontais, cé go n-aicmítear deochanna i gCód Custaim an Aontais, chun a chríocha féin, mar dheochanna atá ‘neamhalcólach’, ar deochanna iad a bhfuil neart alcólach de réir toirte acu nach mó ná 0.5 %, cé go n-aicmítear deochanna ag a bhfuil alcól níos mó ná 0.5 % de réir toirte mar dheochanna atá alcólach (30).
A mhéid a bhaineann leis an FIC, tagraíonn na hAirteagail 16(4) agus 28(2) de do dheochanna alcólacha ina bhfuil níos mó ná 1.2 % alcól de réir toirte, ar Airteagail iad nach bhfuil de chuspóir acu sainmhíniú a thabhairt ar céard is deoch alcólach ann ach chun na deochanna alcólacha a chinneadh (i.e. deochannaina bhfuil níos mó ná 1.2 % alcól de réir toirte) a dhíolmhaítear faoi seach ó thásc sainordaitheach an dearbhaithe cothúcháin agus an liosta comhábhar nó a cheanglaítear chun an neart alcólach iarbhír a léiriú ar an lipéad.
Ach, in éagmais sainmhíniú ar ‘dheoch alcólach’ i reachtaíocht an Aontais, agus go sonrach chun críocha comhthéarmaí nó tagairtí d’ainm deochanna biotáilleacha ar lipéad earraí bia eile, tá deochanna a eascraíonn as sin ina bhfuil 1.2 % alcól de réir toirte nó níos lú fós le meas mar dheochanna alcólacha i gcomhthéacs SDR.
Mar sin féin, rud dá dtagraítear in Airteagal 38(2) de Rialachán FIC, féadfaidh na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh a bhaineann le hábhair nach gcomhchuibhítear go sonrach leis an Rialachán seo, ar choinníoll nach gcuireann na bearta sin cosc, bac ná srian ar shaorghluaiseacht earraí atá i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ar ndóigh, ní údarófar le bearta náisiúnta den sórt sin cleachtais a d’fhéadfadh an tomhaltóir a chur ar míthreoir.
Ba cheart a thabhairt faoi deara thairis sin, le blianta beaga anuas gur bhreathnaíomar claonadh i leith margú níos mó ar dheochanna atá dí-alcólaithe i bpáirt nó go hiomlán. Is amhlaidh an cás go háirithe maidir le beoir, ar táirge í nach rialáiltear ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.
Go dlisteanach, in éagmais rialacha ón Aontas ina leith sin, agus d’fhonn faisnéis iomchuí a sholáthar do thomhaltóirí, féadfaidh Ballstáit forálacha a ghlacadh chun tairseacha toirte alcóil a chinneadh a fhéadfaidh sainmhínithe a spreagadh amhail ‘neamhalcólach’, ‘ar bheagán alcóil’, ‘dí-alcólaithe’ i dtaca le deochanna nach rialáiltear ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.
Is léir go n-eisiatar leis sin úsáid na téarmaíochta sin i dtaca le deochanna biotáilleacha, fíon (31) agus táirgí fíon cumhraithe, atá faoi réir forálacha sonracha ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.
Mar sin féin, i gcás deochanna eile, amhail beoir nó mianraí meisciúla, i.e. deochanna a eascraíonn as teaglaim aon dí le deochanna biotáilleacha (arb amhlaidh atá i gcás tagairtí áirithe, mar a shainmhínítear le hAirteagal 3, pointe (3)(a), agus a rialáiltear le hAirteagal 12(1) agus (2) de SDR), féadfaidh siad tairbhiú de shainmhínithe náisiúnta den sórt sin (i gcás inarb ann dóibh).
Dá dheasca sin, maidir le lipéadú deochanna mar shampla:
— |
‘ní cheadaítear vodca agus oráiste (comhthéarma) |
deoch neamhalcólach’ - ag a bhfuil 0,05 % alcól de réir toirte,
faoi dhlí an Aontais (32).
Ar an taobh eile, mar gheall nach rialáiltear beoir ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, d’fhéadfaí an lipéadú seo a leanas a cheadú le reachtaíocht náisiúnta (i gcás inarb ann di):
— |
‘beoir gan alcól le steall gin (tagairt) - ag a bhfuil 0.4 % alcól de réir toirte, nó mar |
— |
‘ beoir ar bheagán alcóil scagtha le rum ‘ (tagairt) - ag a bhfuil 1 % alcól de réir toirte. |
In 2021, sheol an Coimisiún tairiscint le haghaidh staidéir chun scrúdú breise a dhéanamh ar na saincheisteanna thuas d’fhonn a chinneadh an bhfuil gá le reachtaíocht sonrach.
3.5. Seiceálacha
Le seiceálacha ar (thuairisc), cur i láthair agus lipéadú táirge ina bhfuil tagairt d’ainm dí biotáillí (catagóir nó GI), tugtar aghaidh ar an gcomhlíontacht leis na coinníollacha seo a leanas:
3.5.1. Ar earraí bia seachas deochanna alcólacha
An táirgeadh:
1. |
earra bia (leacht nó eile) is ea an t-earra bia lena dtagraítear don deoch bhiotáilleach nó do na deochanna biotáilleacha seachas deoch alcólach (i.e. deoch nach bhfuil aon alcól inti); |
2. |
deoch alcólach nó earra bia neamhleachtach ina bhfuil alcól, fiú mura bhfuil ann ach rian de, is ea an táirge a eascraíonn as; |
3. |
comhlíonann an deoch bhiotáilleach/na deochanna biotáilleacha dá dtagraítear sa tagairt gach ceanglas maidir lena táirgeadh/lena dtáirgeadh a leagtar síos sa chatagóir ábhartha dí biotáillí in Iarscríbhinn I nó i gcomhad teicniúil/sonraíocht táirge GI, lena n-áirítear a híosneart/a n-íosneart alcólach, i.e. ní féidir tagairt a dhéanamh ach do dheochanna biotáilleacha barántúla i dtagairt; agus |
4. |
is de thionscnamh na dí biotáillí/na ndeochanna biotáilleacha dá dtagraítear sa tagairt an t-alcól uile sa táirge a eascraíonn as (ach amháin an t-alcól a fhéadfaidh a bheith i mblastáin, i ndathanna nó i gcomhábhair údaraithe eile a úsáidtear chun an t-earra bia tosaigh sin a tháirgeadh). |
Lipéadú:
5. |
i gcás earraí bia leachtacha, ní féidir tagairtí a dhéanamh ach do níos mó ná deoch bhiotáilleach amháin (dotheaglaim dí biotáillí amháin le hearraí bia eile, faoi réir na rialacha maidir le comhthéarmaí); |
6. |
déantar an táirge deiridh a lipéadú i gcomhréir le forálacha Rialachán FIC. |
3.5.2. Ar dheochanna alcólacha seachas deochanna biotáilleacha
An táirgeadh:
1. |
is deoch alcólach seachas deoch bhiotáilleach atá san earra bia lena ndéantar tagairt don deoch bhiotáilleach/do na deochanna biotáilleacha (e.g. fíon, táirge fíon cumhraithe, beoir, leann úll, leann piorraí, deochanna coipthe eile); |
2. |
is deoch alcólach fós é an táirge a eascraíonn as; |
3. |
comhlíonann an deoch bhiotáilleach/na deochanna biotáilleacha dá dtagraítear sa tagairt gach ceanglas maidir lena táirgeadh/lena dtáirgeadh a leagtar síos sa chatagóir ábhartha dí biotáillí in Iarscríbhinn I nó i gcomhad teicniúil/sonraíocht táirge GI, lena n-áirítear a híosneart/a n-íosneart alcólach, i.e. ní féidir tagairt a dhéanamh ach do dheochanna biotáilleacha barántúla i dtagairt; |
4. |
is de thionscnamh na dí biotáillí/na ndeochanna biotáilleacha dá dtagraítear sa tagairt an t-alcól breise uile (i.e. sa bhreis ar an alcól atá sa deoch bhiotáilleach thosaigh go nádúrtha), cé is moite den alcól a d’fhéadfadh a bheith i mblastáin agus i ndathanna féideartha nó i gcomhábhair údaraithe eile. |
Lipéadú:
5. |
ní mór do thagairtí a d’fhéadfadh a bheith ar fhíon agus ar tháirgí fíon cumhraithe reachtaíocht shonrach an Aontais le haghaidh na dtáirgí sin a chomhlíonadh; |
6. |
ní mór ainm na dí alcólaí a thaispeáint ar bhealach feiceálach ionas go mbeidh sé sofheicthe, soléite agus, i gcás inarb iomchuí, doscriosta. Le haon ábhar scríofa nó pictiúrtha nó le haon ábhar idirghabhálach eile, ní dhéanfar é a fholú ná a chlúdach, ná ní bhainfidh an t-ábhar sin ón ainm ná ní chuirfidh sé isteach air. |
7. |
níl an tagairt ar an líne chéanna le hainm na dí alcólaí; |
8. |
beidh an tagairt i gclómhéid nach mó í ná leath na clómhéide a úsáidtear le haghaidh ainm na dí alcólaí agus na gcomhthéarmaí, i gcás ina n-úsáidfear comhthéarmaí; agus |
9. |
léirítear cion gach comhábhair alcólaigh uair amháin ar a laghad: sa réimse radhairc céanna leis an tagairt agus in ord íslitheach na gcainníochtaí a úsáidtear. Tá an cion sin comhionann leis an gcéatadán de réir toirte d’alcól íon dá léirítear sa mhéid iomlán d’alcól íon de réir toirte sa táirge deiridh. |
3.5.3. Ar licéir
An táirgeadh:
1. |
is licéar é an t-earra bia lena ndéantar tagairt don deoch bhiotáilleach/do na deochanna biotáilleacha, i.e. deoch bhiotáilleach a chomhlíonann ceanglais aon cheann de chatagóirí 33 go 40 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le SDR (licéir); |
2. |
licéar go fóill atá sa táirge a eascraíonn as, i.e. deoch bhiotáilleach a chomhlíonann ceanglais chatagóir 33 d’Iarscríbhinn I (licéar); |
3. |
comhlíonann an deoch bhiotáilleach/na deochanna biotáilleacha dá dtagraítear sa tagairt gach ceanglas maidir lena táirgeadh/lena dtáirgeadh a leagtar síos sa chatagóir ábhartha dí biotáillí in Iarscríbhinn I nó i gcomhad teicniúil/sonraíocht táirge GI, lena n-áirítear a híosneart/a n-íosneart alcólach, i.e. ní féidir tagairt a dhéanamh ach do dheochanna biotáilleacha barántúla i dtagairt; |
4. |
is de thionscnamh na dí biotáillí/na ndeochanna biotáilleacha dá dtagraítear sa tagairt an t-alcól breise uile (i.e. sa bhreis ar an alcól atá sa licéar tosaigh go nádúrtha), ach amháin an t-alcól a d’fhéadfadh a bheith i mblastáin agus i ndathanna féideartha nó i gcomhábhair údaraithe eile. |
Lipéadú:
5. |
is é ‘licéar’ an t-ainm dlíthiúil toisc go gcomhlíonann an deoch bhiotáilleach a eascraíonn as ceanglais ábhartha chatagóir 33 d’Iarscríbhinn I fós nó ceann de na hainmneacha dlíthiúla dá bhforáiltear leis an gcatagóir eile licéir a gcomhlíonann sé a cheanglais; |
6. |
ní mór ainm dlíthiúil an licéir a thaispeáint ar bhealach feiceálach chun go mbeidh sé sofheicthe, soléite agus, i gcás inarb iomchuí, doscriosta. Le haon ábhar scríofa nó pictiúrtha nó le haon ábhar idirghabhálach eile, ní dhéanfar é a fholú ná a chlúdach, ná ní bhainfidh an t-ábhar sin ón ainm ná ní chuirfidh sé isteach air. |
7. |
beidh ainm dlíthiúil an licéir ag gabháil leis an tagairt i gcónaí, a thaispeánfar sa réimse radhairc céanna leis (33); |
8. |
ní bheidh an tagairt ar an líne chéanna le hainm dlíthiúil an licéir; |
9. |
beidh an tagairt i gclómhéid nach mó ná leath na clómhéide a úsáidtear le haghaidh ainm dlíthiúil an licéir agus na gcomhthéarmaí, i gcás ina n-úsáidfear comhthéarmaí; |
10. |
ní thaispeánfar an téarma ‘cream’ (i mBéarla amháin) in ainm dlíthiúil an licéir ná in ainm dlíthiúil na dí biotáillí nó na ndeochanna biotáilleacha dá dtagraítear sa tagairt; agus |
11. |
léireofar cion gach comhábhair alcólaigh uair amháin ar a laghad: sa réimse radhairc céanna leis an tagairt agus in ord íslitheach na gcainníochtaí a úsáidtear. Tá an cion sin comhionann leis an gcéatadán de réir toirte d’alcól íon dá léirítear sa mhéid iomlán d’alcól íon de réir toirte sa táirge deiridh. |
3.5.4. Maidir le deochanna biotáilleacha seachas licéir
An táirgeadh:
1. |
is deoch bhiotáilleach seachas licéar atá san earra bia lena ndéanfar tagairt don deoch bhiotáilleach (amháin), |
2. |
sa chás sin is féidir leis an tagairt tarlú sa dá chás a leanas:
|
Lipéadú:
3. |
ní mór ainm dlíthiúil na dí biotáillí a thaispeáint ar bhealach follasach ionas go mbeidh sé sofheicthe, soléite agus, i gcás inarb iomchuí, doscriosta. Le haon ábhar scríofa nó pictiúrtha nó le haon ábhar idirghabhálach eile, ní dhéanfar é a fholú ná a chlúdach, ná ní bhainfidh an t-ábhar sin ón ainm ná ní chuirfidh sé isteach air. |
4. |
beidh ainm dlíthiúil na dí biotáillí ag gabháil leis an tagairt i gcónaí, a thaispeánfar sa réimse radhairc céanna leis (34); |
5. |
ní bheidh an tagairt ar an líne chéanna le hainm dlíthiúil na dí biotáillí; |
6. |
i gcás tagairtí do dheochanna biotáilleacha a úsáidtear mar an t-aon bhonn alcólach: nach mó an chlómhéid a úsáidtear le haghaidh na tagartha ná leath na clómhéide a úsáidtear le haghaidh ainm dlíthiúil na dí biotáille agus an chomhthéarma/na gcomhthéarmaí, i gcás ina n-úsáidfear comhthéarmaí (35); |
7. |
i gcás tagairtí do chasca dí biotáillí:
|
3.5.5. Maidir le blastáin ‘aithrise’
1. |
Úsáidtear ainmneacha deochanna biotáilleacha (catagóirí agus GInna araon) go heisiach:
|
2. |
Eisceacht: úsáideadh an t-ainm dlíthiúil ar chatagóir dí biotáillí (seachas ainm GI) chun sainmhíniú a thabhairt:
|
3.5.6. Tagairtí do GInna
Seachas an moladh nár cheart aon chomhábhar ‘inchomparáide’ a úsáid (ach amháin le haghaidh deochanna biotáilleacha eile, i gcomhréir leis na forálacha maidir le tagairtí), le haon tagairt do dheoch bhiotáilleach ag a bhfuil tásc geografach, ba cheart freisin an coinníoll a chomhlíonadh maidir leis an mblas a bheith inaitheanta agus inchurtha go príomha i leithan GI sin
Bíonn seiceálacha an-liopasta mar gheall ar an gceanglas deiridh sin toisc go bhfuil sé sách deacair cheana féin rialú a dhéanamh ar láithreacht whisky barántúil nó ar bhiotáille aibreog in earraí bia amhail cáca, seacláid nó iógart, ach bíonn sé níos deacra fós seiceáil anailíseach agus horgánaileipteach a dhéanamh más é Scotch Whisky atá sa whisky nó más Kecskeméti barackpálinka atá sa bhiotáille aibreog mar shampla.
Moltar díriú ar sheiceálacha ar an doiciméadacht is féidir a fháil ar áitreabh táirgthe le linn seiceálacha ar an láthair: is féidir a iarradh ar tháirgeoir earraí bia amhail cáca, seacláid, etc. (sna samplaí thuas) soláthróir na ndeochanna biotáilleacha GI a shainaithint agus admhálacha agus doiciméadacht a sholáthar.
Féadfar comhaontú sonrach a dhéanamh leis an soláthróir freisin maidir le barántúlacht an táirge. Más amhlaidh gurb ann don doiciméadacht sin, féadfaidh sí rannchuidiú le barántúlacht a chruthú. Mar sin féin, ní gá gurb é a chiallaíonn easpa doiciméadachta ón soláthróir go bhfuil calaois déanta ach féadfaidh sé sin a bheith ina fhoras le tuilleadh fiosrúchán a dhéanamh.
Mura soláthraíonn an cleachtas inrianaitheachta páipéir ráthaíochtaí leordhóthanacha agus má bhíonn amhrais ann i gcónaí, is féidir tástálacha anailíseacha a úsáid.
Ag brath ar an gcás, d’fhéadfadh sé a bheith iomchuí an anailís mhais-speictriméadrachta iseatópaía chur i bhfeidhm agus bunachair sonraí iseatópacha a úsáid mar thagairt.
|
Ar ndóigh, d’fhéadfaí a cheapadh go mbeadh anailísí den sórt sin casta ach níl ansin ach modh is feidir a bheith ann chun an táirge a shainaithint agus ní ceanglas córasach atá iontu. Is faoin údarás inniúil an uirlis is fearr le húsáid a shainaithint.
4. MEASCÁIN
Airteagal 3, pointí 9 agus 10 |
Sainmhínithe |
Airteagail 13(3) agus (4) |
Coinníollacha maidir le húsáid agus le forálacha lipéadúcháin |
4.1. Céard is meascáin ann
Faoi choinníollacha áirithe, féadfar ainmneacha dí biotáillí (catagóirí nó GInna) a léiriú i dtuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha a táirgeadh trí chomhábhair alcólacha difriúla a theaglamú.
De réir Airteagal 3, pointe (10), ciallaíonn ‘“meascán” deoch bhiotáilleach a bhfuil meascadh déanta air’, ach de réir Airteagal 3, pointe (9) ciallaíonn ‘‘measc’ deoch bhiotáilleach a bhaineann le catagóir deochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó le tásc geografach a chur le ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:
(a) |
deochanna biotáilleacha eile nach mbaineann leis an gcatagóir chéanna deochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I; |
(b) |
driogáití de thionscnamh talmhaíochta; |
(c) |
alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta.’
|
Féadfar earraí bia eile a chur isteach go heisiach trí úsáid a bhaint astu mar chomhábhair i dtáirgeadh dí biotáillí amháin nó níos mó as a bhfuil an meascán déanta.
Le licéir léirítear gnáthshampla deochanna biotáilleacha den sórt sin trína gcuirtear earraí bia eile a bhféadfar a tháirgeadh, de réir cheanglais chatagóirí bhiotáillí 33, trí tháirgí milsiúcháin, blastáin, táirgí de thionscnamh talmhaíochta nó earraí bia a chur le halcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, driogáití de thionscnamh talmhaíochta, deoch bhiotáilleach amháin nó níos mó nó meascán díobh.
Trí licéar a chur le meascán, cuirtear na comhábhair ar fad a úsáidtear chun an licéar sin a tháirgeadh isteach sa mheascán féin.
|
NB: |
Maidir le meascáin ina bhfuil dhá chatagóir deochanna biotáilleacha atá sainithe go sonrach seachas licéir – e.g. de bhranda gráin (catagóir 3 d’Iarscríbhinn I, lena gceanglaítear íosneart alcóil 35 % de réir toirte) agus Williams (catagóir 9 d’Iarscríbhinn I, lena gceanglaítear íosneart alcóil 37.5 % de réir toirte) – ba cheart méid alcól iarbhír a bheith iontu a chomhfhreagraíonn don íosmhéid alcóil ríofa den dá cheann curtha le chéile, i.e. mar shampla toirt 36.5 %. Go deimhin, i gcás ina gcuirfear uisce nó leachtanna eile leis chun go mbeidh neart alcóil aon dí biotáillí faoi bhun an íosnirt alcóil dá bhforáiltear faoin gcatagóir dí biotáillí ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, ní féidir leis an deoch bhiotáilleach sin aon cheann de na hainmneacha a leagtar síos sa chatagóir faoi seach mar ainm dlíthiúil a úsáid a thuilleadh, cibé acu a dtugtar nó nach léirítear catagóir amháin nó níos mó deochanna biotáilleacha sa tuairisc, cur i láthair agus lipéadú ar an táirge deiridh. Tá feidhm leis an rud céanna má chuirtear blastáin, dathanna nó táirgí milsiúcháin leo de shárú ar na ceanglais a leagtar síos le haghaidh na catagóire dí biotáillí faoi seach. Sa chás sin, ní bheadh an deoch dheiridh ina meascán de réir bhrí Airteagal 3, pointí (9) agus (10), agus ní fhéadfaí í a lipéadú mar sin i gcomhréir leis na rialacha lipéadúcháin maidir le meascáin, agus ainmneacha na ndeochanna biotáilleacha a úsáideadh, ní fhéadfaí iad a áireamh i liosta comhábhar dá bhforáiltear le hAirteagail 18 go 22 de Rialachán FIC. |
NB: |
Chun críche SDR, ní féidir ach manglaim a eascraíonn go heisiach as teaglaim chatagóirí difriúla deochanna biotáilleacha, driogáití de thionscnamh talmhaíochta agus/nó EAAO a mheas mar mheascáin agus iad a lipéadú amhlaidh. Thairis sin, níl na coinníollacha úsáide agus forálacha lipéadúcháin maidir le meascáin ábhartha ach amháin le haghaidh deochanna réamhphacáilte. Mar sin féin, i gcás roinnt oideas le haghaidh manglam atá réidh le hól, ba cheart go bhféadfaí a chuimsiú le licéir an siúcra agus na hearraí bia mar shampla (e.g. súnna torthaí/táirgí bainne) a theastaíonn chun an manglam a chruthú. Sa chás sin, d’fhéadfaí an manglam a mheas agus a lipéadú mar mheascán fós, ar choinníoll go gcomhlíonann an licéar/na licéir a úsáidtear na ceanglais a leagtar síos i gcatagóir dí biotáille 33 (go suntasach an t-íosneart alcóil agus an t-íosmhéid siúcra) agus gur deoch bhiotáilleach atá sa deoch a eascraíonn as fós, e.g. go bhfuil íosneart alcóil de réir toirte 15 % aici. |
4.2. Coinníollacha úsáide agus forálacha lipéadúcháin
4.2.1. Rialacha ginearálta
Déantar foráil in Airteagal 13(3) maidir leis na coinníollacha ginearálta úsáide agus lipéadúcháin le haghaidh meascán.
D’fhonn ainmneacha dí biotáillí a chosaint (catagóirí nó GInna) ar mhíleithreasú míchuí, in Airteagal 13(3), an chéad fhomhír, déantar foráil i gcás meascáin, nach bhféadfar na hainmneacha sin ‘a léiriú ach ar liosta na gcomhábhar alcólach atá le feiceáil sa réimse radhairc céanna le hainm dlíthiúil na dí biotáillí’.
‘Deoch bhiotáilleach’ a bheidh san ainm dlíthiúil i gcás nach gcomhfhreagraíonn an meascán le haon chatagóir dí biotáillí.
Sa chás sin, i gcomhréir le hAirteagal 13(3), an dara fomhír, beidh ar a laghad ceann amháin de na téarmaí seo a leanas ag gabháil le liosta na gcomhábhar alcólach i meascán: ‘meascán’, ‘measctha’ nó ‘deoch bhiotáilleach mheasctha’.
Féadfaidh an téarma roghnaithe a bheith roimh nó tar éis liosta na gcomhábhar alcólach nó a féadfar é a chur ar líne eile i ndáil leis, fad a bhíonn sé le feiceáil sa réimse radhairc céanna leis an liosta féin agus ainm dlíthiúil an mheascáin.
Thairis sin, beidh liosta na gcomhábhar alcólach agus an téarma a ghabhann leis araon i gcarachtair aonfhoirmeacha a mbeidh an cló agus an dath céanna orthu i gclómhéid nach mó ná leath na clómhéide a úsáidtear le haghaidh ainm dlíthiúil (Airteagal 13(3), an dara fomhír).
Ar deireadh, déanfar cion chéatadán na toirte d’alcól íon a bhaineann le gach comhábhar alcólach a thaispeáint ar an lipéad uair amháin ar a laghad, in ord íslitheach na gcainníochtaí a úsáidtear sa mheascán (Airteagal 13(3), an tríú fomhír).
NB: |
Chun críche na bhforálacha lipéadúcháin ar mheascáin faoi SDR, is deochanna biotáilleacha (sa cháil sin), EAAO nó driogáití de thionscnamh talmhaíochta iad comhábhair alcólacha , mar a léirítear in Airteagal 3, pointe 9, de SDR. Ar an taobh eile, i liosta comhábhar mar a rialáiltear le hAirteagail 18 go 22 de Rialachán FIC, is gá comhábhair aonair dí bhiotáillí a scagadh (i.e. comhábhair Licéir Oráiste, ar deoch bhiotáilleach í sa cháil sin, chaithfí a shainaithint ar liosta comhábhar de réir FIC amhail e.g. EAAO, siúcra agus blastán oráiste). |
4.2.2. Meascáin a chomhfhreagraíonn do chatagóir dí biotáillí
Déantar foráil le hAirteagal 13(4) maidir leis na coinníollacha sonracha úsáide agus lipéadúcháin le haghaidh meascán a chomhfhreagraíonn do chatagóiramháin nó níos mó deochanna biotáilleacha
Is amhlaidh an cás go hiondúil maidir le licéir a bhaineann le catagóir dí bhiotáillí 33. Sa chás sin, is ceann de na hainmneacha dlíthiúla dá bhforáiltear sa chatagóir ábhartha (e.g. ‘licéar’, ‘uachtar’) a bheidh in ainm dlíthiúil an mheascáin.
Freisin, i gcás meascán a chomhfhreagraíonn do chatagóir amháin nó níos mó, féadfaidh ainmneacha na dí biotáillí (catagóirí nó GInna) a úsáideadh i dtáirgeadh an mheascáin a bheith le feiceáil:
‘a) |
go heisiach i liosta de na comhábhair alcólacha uile atá sa mheascán, a bheidh le feiceáil i gcarachtair aonfhoirmeacha a mbeidh an cló céanna agus an dath céanna orthu agus i gclómhéid nach mó ná leath na clómhéide a úsáidtear le haghaidh an ainm dhlíthiúil; agus |
b) |
sa réimse radhairc céanna le hainm dlíthiúil an mheascáin uair amháin ar a laghad.’ |
Thairis sin, déanfar cion chéatadán na toirte d’alcól íon a bhaineann le gach comhábhar alcólach a thaispeáint ar an lipéad uair amháin ar a laghad, in ord íslitheach na gcainníochtaí a úsáidtear sa mheascán (Airteagal 13(4), an tríú fomhír).
Mar fhocal scoir, tá na difríochtaí idir meascáin nach mbaineann le catagóir dí biotáillí (a) agus meascáin a bhaineann le catagóir dí biotáillí (b) teoranta don mhéid seo a leanas:
1) |
is ‘deoch bhiotáilleach’ ó thaobh cineáil de é ainm dlíthiúil (a) ach i gcás (b) tá sé ar cheann de na hainmneacha dlíthiúla a cheadaítear le catagóir nó le catagóirí na dí biotáillí lena mbaineann an meascán; |
2) |
i gcás (b) ní gá an téarma lena sainmhínítear meascán (‘meascán’, ‘measctha’ nó ‘deoch bhiotáilleach mheasctha’) a bheith ag gabháil le liosta na gcomhábhar alcólach. |
Tá na coinníollacha lipéadúcháin eile mar a chéile sa dá chás.
4.3. Seiceálacha
Le seiceálacha ar thuairisc, cur i láthair agus lipéadú meascán tugtar aghaidh ar an gcomhlíontacht leis na coinníollacha seo a leanas:
An táirgeadh:
1) |
deoch bhiotáilleach is ea an táirge deiridh i gcomhréir ar a laghad le sainmhíniú Airteagal 2 SDR (nó leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn I maidir leis an gcatagóir dí biotáillí lena mbaineann siad); |
2) |
níor úsáideadh ach comhpháirteanna alcólacha driogtha (deochanna biotáilleacha, driogáití de thionscnamh talmhaíochta agus alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta nó meascán díobh), cé nach bhféadfar earraí bia eile a chur mar chomhábhair le licéir a chomhfhreagraíonn do chatagóir dí biotáillí 33 d’Iarscríbhinn I; |
3) |
comhlíonann an deoch bhiotáilleach/na deochanna biotáilleacha dá dtagraítear i liosta na gcomhábhar alcólach gach ceanglas maidir lena tháirgeadh/lena dtáirgeadh a leagtar síos sa chatagóir ábhartha de dí biotáillí in Iarscríbhinn I nó i gcomhad teicniúil/sonraíocht táirge GI, lena n-áirítear a híosneart/a n-íosneart alcólach. |
Lipéadú:
4) |
is é ‘deoch bhiotáilleach’ an t-ainm dlíthiúil le haghaidh meascán nach gcomhfhreagraíonn do chatagóir dí biotáillí a leagtar síos in Iarscríbhinn I nó ceann de na hainmneacha dlíthiúla dá bhforáiltear faoin gcatagóir dí biotáillí lena mbaineann an meascán; |
5) |
bíonn ainmneacha dí biotáillí eile (catagóirí nó GInna) le feiceáil go heisiach i liosta comhábhar alcólach, a bhfuil téarma ag gabháil leo lena léirítear gur meascán é (mura mbaineann an meascán le catagóir dí biotáillí); |
6) |
ní mór liosta na gcomhábhar alcólach agus an téarma a ghabhann leis a bheith le feiceáil sa réimse radhairc céanna le hainm dlíthiúil an mheascáin, agus scríobhfar iad i gcarachtair aonfhoirmeacha a bhfuil an cló agus an dath céanna orthu agus i gclómhéid nach mó ná leath na clómhéide a úsáidtear le haghaidh an ainm dhlíthiúil; |
7) |
taispeántar cion chéatadán na toirte d’alcól íon a bhaineann le gach comhábhar alcólach ar an lipéad uair amháin ar a laghad, in ord íslitheach na gcainníochtaí a úsáidtear sa mheascán. |
5. CUMAISC
Airteagal 3, pointí 11 agus 12 |
Sainmhínithe |
Airteagal 13(3a) |
Coinníollacha maidir le húsáid agus le forálacha lipéadúcháin |
5.1. Céard is cumaisc ann
De réir Airteagal 3, pointe (12), ‘ciallaíonn ‘cumasc’ deoch bhiotáilleach a bhfuil cumasc déanta uirthi’ ach de réir Airteagal 3, pointe (11), ‘ciallaíonn ‘cumaisc’ dhá cheann nó níos mó dí biotáillíanna biotáilleacha den chatagóir chéanna a theaglamú, ar deochanna iad nach bhfuil d'idirdhealú eatarthu ach difríochtaí beaga i gcomhdhéanamh mar gheall ar cheann amháin nó níos mó de na tosca seo a leanas:
(a) |
an modh táirgthe; |
(b) |
na stileanna a úsáidtear; |
(c) |
an tréimse aibithe nó an tréimse aosaithe; |
(d) |
limistéar geografach an táirgthe; |
baineann an deoch bhiotáilleach a tháirgfear ar an mbealach sin leis an gcatagóir chéanna deochanna biotáilleacha agus a bhaineann na deochanna biotáilleacha tosaigh sular cumascadh iad.’
Deochanna biotáilleacha is ea cumaisc a eascraíonn as deochanna biotáilleacha éagsúla a bhaineann leis an gcatagóir dí biotáillí céanna a theaglamú. Baineann cumaisc iad féin leis an gcatagóir dí biotáillí céanna sin dá bhrí sin. |
I bhformhór na gcásanna, déantar deochanna biotáilleacha éagsúla den chatagóir chéanna a theaglamú chun airíonna orgánaileipteacha inmhianaithe áirithe a chruthú nó chun tréithe aonfhoirmeacha dí biotáillí a ráthú le linn na mblianta táirgthe.
Mar shampla, sa Tionscal Scotch Whisky, roghnaíonn máistir-chumascóirí uiscí beatha aon bhraiche agus aon ghráin sonracha chun brandaí áirithe de Scotch Whisky cumaiscthe a dhéanamh.
Is cleachtas táirgthe coiteann é sin, cleachtas nach dtarraingítear anuasaon imní leis faoin bhféidearthacht tomhaltóirí a chur ar míthreoir.
Mar sin féin, leis an sainmhíniú ar chumaisc cumhdaítear freisin teaglaim na ndeochanna biotáilleacha a bhaineann leis an gcatagóir chéanna ach a bhaineann le tásca geografacha éagsúla an tráth céanna (e.g. Cognac agus Armagnac) nó teaglaim deochanna biotáilleacha a bhaineann leis an gcatagóir chéanna, a bhfuil ceann amháin díobh ina thásc geografach agus nach bhfuil an ceann eile (e.g. Kirsch agus Kirsch d’Alsace).
D’fhonn cáil na dtásc geografach a chosaint, chuir an reachtóir síneadh le coinníollacha analógacha úsáide agus le rialachán lipéadúcháin dá ndéantar foráil cheana féin maidir le meascáin (Airteagal 13(3a) chun go gcuimseofar cumaisc a rinneadh dí biotáillíanna biotáilleacha a bhaineann le tásca geografacha éagsúla nó nach mbaineann le tásca geografacha ach i bpáirt (37)).
5.2. Coinníollacha úsáide agus forálacha lipéadúcháin
Le hAirteagal 13(3a) déantar foráil maidir leis na coinníollacha ginearálta úsáide agus lipéadúcháin le haghaidh cumasc.
Is ceann de na hainmneacha dlíthiúla dá bhforáiltear sa chatagóir dí biotáillí lena mbaineann an cumasc a bheidh san ainm dlíthiúil.
Ar ndóigh, agus Airteagal 10(5), pointe (a) á chur i bhfeidhm, féadfar an t-ainm dlíthiúil a fhorlíonadh nó a ionadú le tásc geografach maidir le deoch bhiotáilleach, i gcás ina gcomhlíonfar gach ceanglas a leagtar síos ina chomhad teicniúil/shonraíocht táirge.
I gcás na gcumasc deochanna biotáilleacha a bhaineann le tásca geografacha éagsúla nó nach mbaineann le tásca geografacha ach i bpáirt, tá feidhm leis na rialacha lipéadúcháin seo a leanas:
a) |
de réir Airteagal 13(3a), an dara fomhír, pointe (a), litir (i), féadfaidh na hainmneacha a chomhfhreagraíonn do na deochanna biotáilleacha cumaiscthe a bheith le feiceáil ‘go heisiach ar liosta de na comhábhair alcólacha uile atá sa chumasc, agus beidh siad le feiceáil i gcarachtair aonfhoirmeacha a bhfuil an cló agus an dath céanna orthu agus i gclómhéid nach mó ná leath na clómhéide a úsáidtear le haghaidh an ainm dhlíthiúil’; |
b) |
de réir Airteagal 13(3a), an dara fomhír, pointe (a), litir (ii), tá na hainmneacha le feiceáil ‘sa réimse radhairc céanna le hainm dlíthiúil an chumaisc uair amháin ar a laghad’; |
c) |
de réir Airteagal 13(3a), an dara fomhír, pointe (b), beidh ar a laghad ceann amháin de na téarmaí seo a leanas ag gabháil le liosta na gcomhábhar alcólach: ‘cumasc’, ‘cumaisc’, nó ‘cumaiscthe’; Féadfaidh an téarma roghnaithe a bheith roimh nó tar éis liosta na gcomhábhar alcólach nó féadfar é a chur ar líne eile i ndáil leis, fad a bhíonn sé le feiceáil sa réimse radhairc céanna leis an liosta féin agus ainm dlíthiúil an mheascáin; |
d) |
de réir Airteagal 13(3a), an dara fomhír, pointe (c), déanfar cion chéatadán na toirte d’alcól íon a bhaineann le gach comhábhar alcólach a thaispeáint ar an lipéad uair amháin ar a laghad, in ord íslitheach na gcainníochtaí a úsáidtear sa chumasc.
|
5.3. Seiceálacha
Le seiceálacha ar thuairisc, cur i láthair agus lipéadú cumasc tugtar aghaidh ar an gcomhlíontacht leis na coinníollacha a leanas:
An táirgeadh:
1) |
Ní fhéadfar ach deochanna biotáilleacha den chatagóir chéanna a mheascadh i gcumasc: ní féidir idirdhealú a dhéanamh eatarthu sin ach le difríochtaí beaga i gcomhdhéanamh mar gheall ar na tosca a liostaítear in Airteagal 3, pointe (11), de SDR (féach § 5.1 thuas); |
2) |
baineann an táirge deiridh leis an gcatagóir dí biotáillí chéanna agus na deochanna biotáilleacha a mheasctar sa chumasc; |
Cumaisc a lipéadú:
3) |
is ceann de na hainmneacha dlíthiúla dá bhforáiltear sa chatagóir dí biotáillí lena mbaineann an cumasc atá san ainm dlíthiúil. |
4) |
féadfar an t-ainm dlíthiúil a fhorlíonadh nó a ionadú le tásc geografach maidir le deochanna biotáilleacha i gcás ina gcomhlíonfar gach coinníoll ábhartha; |
5) |
i gcás na gcumasc deochanna biotáilleacha a bhaineann le tásca geografacha éagsúla nó nach mbaineann le tásca geografacha ach i bpáirt:
|
6. TÁBLAÍ ACHOIMRE
6.1. Comhthéarmaí (CT)
SAINMHÍNIÚ: Airteagal 3, pointe (2) |
Teaglaim (as a n-eascraíonn deoch alcólach) ainm dí biotáillí amháin (catagóir nó GI):
|
||||||||||||||||||
COINNÍOLLACHA MAIDIR LE hÚSÁID: Airteagal 11 |
|
||||||||||||||||||
CEANGLAIS LIPÉADÚCHÁIN: Airteagal 11 |
|
6.2. Tagairtí
SAINMHÍNIÚ: Airteagal 3, pointe (3) |
Tagairt dhíreach nó indíreach do dheoch bhiotáilleach amháin nó níos mó (catagóirí nó GInna) sa (tuairisc,) cur i láthair agus lipéadú:
|
||||||||||||||
COINNÍOLLACHA MAIDIR LE hÚSÁID: Airteagal 12 |
|
||||||||||||||
CEANGLAIS LIPÉADÚCHÁIN: Airteagal 12 |
|
6.3. Meascáin
SAINMHÍNIÚ: Airteagal 3, pointí 9 agus 10 |
Teaglamaí de chomhábhair alcólacha dhriogtha éagsúla, i.e. deochanna biotáilleacha (catagóirí nó GInna), d’alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta agus/nó de dhriogáití de thionscnamh talmhaíochta as a n-eascraíonn:
|
||||||||||
CEANGLAIS LIPÉADÚCHÁIN: Airteagal 13(3) agus (4) |
|
6.4. Cumaisc
SAINMHÍNIÚ: Airteagal 3, pointí 11 agus 12 |
Teaglamaí deochanna biotáilleacha éagsúla a bhaineann leis an gcatagóir dí biotáillí chéanna le difríochtaí beaga:
|
||||||||
CEANGLAIS LIPÉADÚCHÁIN: Airteagal 13(3a) |
|
(1) Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (IO L 130, 17.5.2019, lch. 1).
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1924/2006 agus (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/67/CE agus 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).
(3) B’amhlaidh an cás cheana le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, lena dtagraítear i roinnt forálacha lipéadúcháin do rialacha cothrománacha Threoir 2000/13/CE, treoir a aisghaireadh agus a ionadaíodh le Rialachán FIC ón 13 Nollaig 2014 amach.
(4) Féach Airteagal 7 de Rialachán FIC.
(5) Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle an 29 Bealtaine 1989 ag leagan síos rialacha ginearálta le haghaidh sainmhíniú, tuairisciú agus cur i láthair deochanna biotáilleacha (IO L 160, 12.6.1989, lch. 1).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle (IO L 39, 13.2.2008, lch. 16).
(7) De réir Airteagal 10(5), pointe (a), de SDR, féadfar ainm dlíthiúil dí biotáillí a fhorlíonadh nó a ionadú le GI dí biotáillí.
(8) Leis an bhforáil sin ní dhéantar tagairt do thásca geografacha a rialáiltear le Caibidil III de SDR.
(9) Airteagal 2(2), pointe (o), de Rialachán FIC: ciallaíonn 'gnáthainm' ainm a nglacann tomhaltóirí sa Bhallstát ina ndíoltar an bia sin leis mar ainm an bhia, ar ainm é nach gá míniú breise ina leith.
(10) Tá feidhm ag an eisceacht chéanna de réir analaí maidir le GInna deochanna biotáilleacha a dtoirmeasctar aon mhilsiú lena gcomhad teicniúil/lena sonraíocht táirge, fiú chun barr blais a chur orthu (e.g. Pálinka): maidir leis na deochanna biotáilleacha uile a bhaineann leis an GI lena mbaineann, ós rud é nach bhfuil siad milsithe in aon chor, bheadh sé míthreorach aon cheann díobh a lipéadú mar ‘tirim’.
(11) Féach Caibidil V de Rialachán FIC.
(12) Más rud é, i dtuairisc, cur i láthair nó lipéadú dí biotáillí, go ndéantar tagairt do GI (a bhaineann le deoch bhiotáilleach nó fíona), a mbeidh casca adhmaid an mhéid sin úsáidte chun an deoch bhiotáilleach sin a stóráil, tá sé fíor-riachtanach gur féidir le hoibreoir an ghnólachta bia a chruthú ar bhonn eilimintí oibiachtúla gurb amhlaidh a úsáideadh an casca roimhe sin le haghaidh aosú an GI dá dtagraítear.
(13) A tugadh isteach le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1465 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sainmhíniú na dtagairtí d’ainmneacha dlíthiúla deochanna biotáilleacha nó tásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha agus a n-úsáid i dtuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha seachas na deochanna biotáilleacha dá dtagraítear (IO L 321, 13.09.2021, lch. 12).
(14) Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).
(15) Ní hamhlaidh an cás, áfach, maidir le hainm amhábhair nó amhábhar a dhéantar a dhriogadh chun an t-alcól a fháil, ar alcól é a úsáidtear i dtáirgeadh dí biotáillí, rud atá faoi réir fhorálacha Airteagal 13(1) ina ionad sin (féach § 1.6 thíos).
(16) I gcás ‘vodca’ (deoch bhiotáilleach chatagóir 15), nuair a chuirtear comhábhair isteach chun príomhbhlas a sholáthar dó seachas blas na n-amhábhar a úsáidtear chun é a tháirgeadh, i gcomhréir le pointe 31(e) d’Iarscríbhinn I de SDR, ní mór gurb é ‘vodca blaistithe’ nó ‘vodca’ a ainm dlíthiúil arna fhorlíonadh le hainm aon phríomhbhlais (deoch bhiotáilleach chatagóir 31).
(17) De réir an cheathrú fleasc de phointe (d) de chatagóir 33. Licéar, ‘gan dochar do phointe (2) d’Airteagal 3, do phointe (b) d’Airteagal 10(5) agus d’Airteagal 11, i gcás na licéar ina bhfuil bainne nó táirgí bainne, féadfaidh sé gurb é ‘uachtar’ arna fhorlíonadh le hainm an amhábhair a úsáidtear agus lena dtugtar an príomhbhlas don licéar, an t-ainm dlíthiúil, in éineacht leis an téarma ‘licéar’ nó dá uireasa.’
(18) ‘seachas i gcás na ndeochanna biotáilleacha a chomhlíonann ceanglais chatagóir 39 d’Iarscríbhinn I’ dá bhforáiltear in Airteagal 2, pointe (c), de SDR.
(19) De réir Airteagal 17(4) de Rialachán FIC, ‘ní fhéadfar an t-ainm dlíthiúil a ionadú le […] hainm branda’.
(20) I gcás C-136/96, maidir le whisky faoi bhun an nirt a dhíol (i.e. whisky a caolaíodh le huisce faoi bhun 40 %), dhiúltaigh CBAE d'áiteamh an chosantóra go raibh sé i dteideal tairbhiú d’fhorálacha an chomhthéarma chun gur féidir leis tuairisc a thabhairt ar a whisky faoi bhun an nirt mar ‘Biotáille Whisky Chumaiscthe’ nó ‘Spiritueux au Whisky’. Ar cheann de na cúiseanna a tugadh chun diúltú don argóint sin, áirítear nár bhain forálacha an chomhthéarma ach le licéir an tráth sin. Ós rud é gur beartaíodh in Airteagal 10(1) de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 síneadh a chur le forálacha an chomhthéarma chun na deochanna biotáilleacha uile a chuimsiú (i.e. murab ionann agus licéir amháin), agus GInna, bhí contúirt ann, dá bhrí sin, go n-áiteofaí go bhféadfaí tuairiscí amhail ‘Scotch Whisky agus fíoruisce’ a úsáid mar chomhthéarma ar ‘Scotch Whisky’ faoi bhun an nirt toisc gur Scotch Whisky a bhí san alcól uile sa táirge. Dá ndéanfaí sin, níorbh fhiú íosneart a shocrú le haghaidh Scotch Whisky/whisky (agus biotáillí sainmhínithe eile). Ba é sin an fáth ar tugadh Airteagal 10(2) isteach i Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (agus ar deimhníodh é in Airteagal 11(1), pointe (b), den SDR nua ) chun a áirithiú nach bhféadfaí comhthéarmaí a úsáid i gcás nach ndearnadh ach deochanna biotáilleacha sainmhínithe a chaolú faoi bhun a íosnirt; Breithiúnas an 16 Iúil 1998, C-136/96, Scotch Whisky Association, ECLI: AE:C:1998:366.
(21) Rud a tugadh isteach le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1335 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le lipéadú deochanna biotáilleacha a eascraíonn as teaglaim dí bhiotáillí agus táirge bia amháin nó níos mó (IO L 289, 12.8.2021, lch. 4).
(22) Maidir le hainm deochanna biotáilleacha seachas deochanna biotáilleacha, tá feidhm ag Airteagal 17 de Rialachán FIC ‘Is é a ainm dlíthiúil a bheidh mar ainm an bhia. D’uireasa ainm den sórt sin, úsáidfear gnáthainm an bhia mar a ainm, nó, mura bhfuil gnáthainm ann dó nó mura n-úsáidtear an gnáthainm, déanfar ainm tuairisciúil a sholáthar don bhia.’ Féach sainmhínithe faoi seach faoi Airteagal 2(2), pointí (n), (o) agus (p), de Rialachán FIC.
(23) Deochanna biotáilleacha nach gcomhlíonann an ceanglas sin ach a chomhlíonann ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus a táirgeadh agus a lipéadaíodh roimh an 31 Nollaig 2022, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh go dtí go mbeidh na stoic ídithe.
(24) Leis na moltaí sin tugtar léiriú ar na moltaí a áirítear sa doiciméad 'Commission Communication — Guidelines on the labelling of foodstuffs using protected designations oforigin (PDOs) or protected geographical indications (PGIs) as ingredients (2010/C 341/03)' [Teachtaireacht ón gCoimisiún — Treoirlínte le haghaidh bia-earraí a bhfuil ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint (ATFC) agus tásca geografacha faoi chosaint (TGFC) mar chomhábhair iontu a lipéadú (2010/C 341/03)].
(25) De réir an tsainmhínithe dá bhforáiltear le hAirteagal 3, pointe (2), de SDR, tá teaglaim dí biotáillí amháin le hearra bia amháin nó níos mó as a n-eascraíonn deoch alcólach ina comhthéarma agus tá sí faoi réir na bhforálacha sonracha a leagtar síos in Airteagal 11. Mar sin féin, maidir le níos mó ná deoch bhiotáilleach amháin a chur isteach i ndeoch neamhalcólach, ní mór déileáil leis sin mar thagairt agus tá sé faoi réir fhorálacha Airteagal 12(1).
(26) Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).
(27) Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha táirgí fíona cumhraithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle (IO L 84, 20.3.2014, lch. 14).
(28) A tugadh isteach le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1334 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tagairtí d’ainmneacha dlíthiúla deochanna biotáilleacha nó tásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha i dtuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha eile (IO L 289, 12.8.2021, lch. 1).
(29) Airteagal 12(3a), pointe (b), litir (iv), de Rialachán (AE) 2019/787, níl feidhm aige ach ón 31 Nollaig 2022 amach. Idir an dá linn, Airteagal 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 716/2013 (lena gceanglaítear go mbeidh an tagairt le feiceáil i gclómhéid is lú ná na clómhéideanna sin a úsáidtear le haghaidh na hainmníochta díolacháin agus an chomhthéarma), tá sé fós infheidhme.
(30) Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim: Téacs Nóta 3 de Chaibidil 22: ‘3. Chun críocha cheannteideal 22.02, ciallaíonn an téarma ‘deochanna neamhalcólacha’ deochanna nach mó ná 0.5 % a neart alcóil de réir toirte. Aicmítear deochanna alcólacha faoi cheannteidil 22.03 go 22.06 nó faoi cheannteideal 22.08 de réir mar is iomchuí.’
(31) Leagtar síos forálacha maidir le fíonta ‘dí-alcólaithe’ nó ‘dí-alcólaithe i bpáirt’ i Rialachán CMO (AE) Uimh. 1308/2013 arna leasú le Rialachán (AE) 2021/2117.
(32) Go deimhin, bheadh méid áirithe alcóil i ndeochanna den sórt sin, cé gur céatadán an-íseal é. Dá bhrí sin, faoi dhlí an Aontais, chaithfí a mheas gur deochanna alcólacha iad.
(33) Licéir a thagann faoin bhforáil sin nach gcomhlíonann an ceanglas sin ach a chomhlíonann ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus a táirgeadh agus a lipéadaíodh roimh an 31 Nollaig 2022, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh go dtí go mbeidh na stoic ídithe.
(34) Deochanna biotáilleacha nach gcomhlíonann an ceanglas sin ach a chomhlíonann ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus a táirgeadh agus a lipéadaíodh roimh an 31 Nollaig 2022, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh go dtí go mbeidh na stoic ídithe.
(35) Féadfaidh deochanna biotáilleacha a thagann faoin bhforáil sin agus a lipéadaíodh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 716/2013 roimh an 31 Nollaig 2022 leanúint dá gcur ar an margadh go dtí go mbeidh na stoic ídithe.
(36) Féadfaidh deochanna biotáilleacha a thagann faoin bhforáil sin agus a lipéadaíodh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 716/2013 roimh an 31 Nollaig 2022 leanúint dá gcur ar an margadh go dtí go mbeidh na stoic ídithe.
(37) Arna thabhairt isteach le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1096 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le lipéadú le haghaidh cumasc (IO L 238, 6.7.2021, lch. 1).