|
3.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 56/6 |
Foilsiú cumarsáide maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar shonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún
(2022/C 56/04)
Foilsítear an chumarsáid seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).
LEASÚ CAIGHDEÁNACH LENA MODHNAÍTEAR AN DOICIMÉAD AONAIR A CHUR IN IÚL
“Colinele Dobrogei”
PGI-RO-A0612-AM02
Dáta na cumarsáide: 3 Samhain 2021
TUAIRISC AR AN LEASÚ A FHORMHEAS AGUS AR NA CÚISEANNA INA LEITH
1. Breisithe le liosta na bpríomhchineálacha fíonchaor
Tá cineálacha nua curtha leis an tsonraíocht táirge le haghaidh fíonta geala, rosé agus dearga. Áiríodh Semillon agus Viognier i measc na gcineálacha is féidir a úsáid chun fíonta geala a dhéanamh, agus leathnaíodh an liosta cineálacha is féidir a úsáid chun fíonta dearga agus rosé a dhéanamh chun Malbec, Mourvèdre, Negru de Drăgășani, Petit Verdot agus Sangiovese a áireamh, ar barr fabhair iad go háirithe chun fíonta dearga a dhéanamh nó tá carnadh maith tainniní iontu agus cumas iontu boladh álainn toraidh a bheith orthu (torthaí dearga aibí na foraoise).
Leasaíodh Roinn IV den tsonraíocht táirge agus pointe 7 den doiciméad aonair dá réir.
2. Cuimsiú na dtáirgí a dhéantar leis na cineálacha nua fíonchaor; athruithe ar tháirgeachtaí le haghaidh cineálacha áirithe fíonchaor
Toisc go bhfuil cineálacha nua fíonchaor le fás, is gá an tsonraíocht táirge a leasú chun na táirgeachtaí comhfhreagracha a áireamh.
Ina theannta sin, ba ghá na táirgeachtaí a luaitear do chineálacha eile sa tsonraíocht táirge a mhéadú toisc – i gcás ní hamháin na gcineálacha nua ach cineálacha eile freisin – tá barraí fíonchaor ag méadú i dtéarmaí cainníochtúla gan aon mharcóirí sonracha cáilíochta ar leith den táirge a bhfuil TGFC aige a chailleadh.
Is féidir an méadú seo a mhíniú mar gheall gur cuireadh roinnt cineálacha fíonchaor mar chuid de chláir athchóirithe/athstruchtúraithe fíonghort lena n-úsáidtear roghnúcháin chlónacha atá in ann táirgeachtaí cainníochtúla a bhaint amach, agus cabhraíonn coinníollacha sonracha an limistéir chríochnaithe (samhraí teo lena n-áirithítear aibiú mall, reo gearrthéarmach nó tréimhsí seaca, cnoic ar fhána réidh síos, etc.) freisin le huastáirgeachtaí a tháirgeadh, timpeall 15 000 kg/ha ar an meán.
Leasaíodh Ranna V agus VI den tsonraíocht táirge agus pointe 5.2 den doiciméad aonair dá réir.
3. Bailte agus sráidbhailte arna gcur leis an limistéar geografach críochaithe
Leasaíodh an tsonraíocht táirge chun bailte agus sráidbhailte nua i gcríoch riaracháin na gcontaetha Constanța agus Tulcea a chur san áireamh, áit a gcuirtear “cineálacha uaisle” sa talamh (Vitis vinifera) atá oiriúnach chun cáilíocht TGFC a bheith acu. Tá na bailte agus na sráidbhailte nua seo suite in aice leis na bailte agus na sráidbhailte atá liostaithe cheana féin le haghaidh “Colinele Dobrogei” a bhfuil TGFC acu, agus tá dálaí comhshaoil agus aeráide comhchosúla acu leo. Tá siad liostaithe sa chlár náisiúnta fíonghort agus talamh ann faoi fhíniúnacha “uaisle” agus an talamh curtha le fíniúnacha trí chláir athchóirithe chineálacha arna maoiniú ag an Aontas.
Leasaíodh Roinn III den tsonraíocht táirge agus pointe 6 den doiciméad aonair dá réir.
4. Maolú ar fhíonóireacht lasmuigh den limistéar críochaithe
Ceadaítear cleachtas an chumaisc anois, a dhéantar i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme, sa tsonraíocht táirge don TGFC seo.
Tugadh isteach maolú freisin chun go bhféadtar fíonta leis an tásc geografach seo a dhéanamh sa limistéar atá cóngarach don limistéar críochaithe, laistigh den aonad riaracháin céanna, laistigh d’aonad riaracháin comharsanachta nó i limistéir chomharsanachta a bhfuil tásca geografacha acu. Ní mór fógra a thabhairt don údarás inniúil 48 uair an chloig roimh an maolú seo a fheidhmiú.
Leasaíodh Roinn IX den tsonraíocht táirge agus pointe 5.1 den doiciméad aonair dá réir.
5. Tagairt don chaoi a ndéantar fíonta rosé arna cur leis
Tagraíonn an tsonraíocht táirge anois freisin don fhéidearthacht fíonta rosé a tháirgeadh ó na cineálacha fíonchaor a úsáidtear le haghaidh fíon dearg a dhéanamh, ag baint úsáid as teicníc an mhaothaithe ghearr agus ag caomhnú saintréithe an chineáil nó na gcineálacha a úsáidtear.
Leasaíodh Roinn IX den tsonraíocht táirge agus pointe 5.1 den doiciméad aonair dá réir.
6. Luachanna fisiceacha agus ceimiceach na bhfíonta arna gcur leo
Ós rud é nár socraíodh aon neart alcóil iomlán uasta le haghaidh fíonta TGFC agus go bhfuil tagairt don pharaiméadar sin éigeantach, leasaíodh an tsonraíocht táirge chun tagairt a dhéanamh do na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht.
Leasaíodh Roinn XI den tsonraíocht táirge agus pointe 4 den doiciméad aonair dá réir.
7. Cuimsiú saintréithe orgánaileipteacha na bhfíonta a dhéantar ag baint úsáid as na cineálacha nua fíonchaor
De réir mar a cuireadh cineálacha nua le liosta na bhfíonchaor, leasaíodh an tsonraíocht táirge freisin chun saintréithe orgánaileipteacha na bhfíonta a bhfuil TGFC acu, a dhéantar ag baint úsáid as na cineálacha nua seo, a áireamh.
Leasaíodh Roinn XI den tsonraíocht táirge agus pointe 2 den doiciméad aonair dá réir.
8. Rialacha maidir le cóireáil, buidéalú, cur i láthair agus lipéadú fíonta a áireamh
Leasaíodh an tsonraíocht táirge chun maolú ar an gceanglas go ndéantar na fíonta a chóireáil agus a bhuidéalú sa limistéar críochaithe a áireamh. Is féidir na próisis sin a chur i gcrích anois laistigh den aonad riaracháin céanna, laistigh d’aonad riaracháin chomharsanachta nó i limistéir chomharsanachta a bhfuil tásca geografacha acu, agus sa chás sin ní mór an táirgeoir nó an buidéalóir agus an áit bhuidéalaithe a shainaithint ar an lipéad de réir mar is iomchuí.
Maidir le buidéalú, agus mar fhreagra ar éilimh thráchtála ó mhargadh an Aontais/ón margadh onnmhairíochta, leasaíodh an tsonraíocht táirge freisin chun go gceadaítear fíonta “Colinele Dobrogei” a bhfuil TGFC acu a dhíol ar an mórchóir. Ní mór fógra a thabhairt don údarás inniúil maidir le bulc-choinsíneachtaí, agus ní mór an páipéarachas is infheidhme a bheith ag gabháil leo mar aon leis an doiciméad lena gcruthaítear a dteidlíocht chun an TGFC a úsáid.
Ar mhaithe le soiléiriú, áirítear sa tsonraíocht táirge anois sonraí breise maidir le faisnéis lipéadaithe éigeantach agus roghnach.
Leasaíodh Roinn XII den tsonraíocht táirge agus pointe 9 den doiciméad aonair dá réir.
9. Athbhreithniú ar na rialacha maidir le fíon a tháirgtear i gcás ina mbraitear neamh-chomhréireacht
Chun déileáil le cásanna ina bhfaightear amach i measúnú an táirgeora maidir le cé acu an bhfuil na hairíonna agus na saintréithe atá sonrach don TGFC ag an bhfíon a tháirgtear gur gá é a aicmiú faoi chatagóir de cháilíocht éagsúil, ní mór rialacha a bheith sa tsonraíocht táirge maidir leis an athaicmiú sin nuair nach gcomhlíonann an fíon a dhéantar faoin TGFC an caighdeán a thuilleadh.
Leasaíodh Roinn IV den tsonraíocht táirge dá réir. Ní dhéantar difear don doiciméad aonair seo.
10. Athbhreithniú ar fhaisnéis faoi sheiceálacha arna ndéanamh ag an údarás inniúil
Ar mhaithe le soiléireacht, rinneadh athbhreithniú ar an bhfaisnéis a thugtar sa tsonraíocht táirge faoin gcaoi a ndéanann an t-údarás inniúil seiceálacha ar chomhlíonadh fíonsaothrúcháin agus fíonóireachta.
Leasaíodh Roinn XV den tsonraíocht táirge dá réir. Ní dhéantar difear don doiciméad aonair seo.
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm(neacha)
Colinele Dobrogei
2. Cineál an táisc gheografaigh
TGFC – Tásc geografach faoi chosaint
3. Catagóirí an táirge fíniúna
|
1. |
Fíon |
4. TUAIRISC AR AN bhfíon NÓ AR NA FÍONTA
1. Fíonta geala agus rosé
TUAIRISC THÉACSÚIL ACHOMAIR
Fíonta geala agus rosé
Dath: glasbhuí, uaireanta dath órga, dath buí na tuí, dath bándearg éadrom/meánach an bhradáin. Dea-bholadh agus blas: dea-bholadh féir úrbhainte, bláthanna acáise, cumhracht ina bhfuil blas beag d’almóinn mhilis; tugann carnadh maith siúcraí saintréith thathagach, iomlán do na fíonta, le bolaithe péitseog, aibreog agus mangónna; blas cothromaithe gan an tathag a bheith iomarcach; tá boladh bhláthanna móinéir, meala, tósta, rósanna ar na fíonta, agus is iondúil blas beag citris sna cineálacha a bhfuil boladh breá cumhra orthu agus boladh buan na círe meala ar fhíonta aosaithe (na cineálacha ar a bhfuil dea-bholadh).
SAINTRÉITHE ANAILÍSEACHA GINEARÁLTA
Neart uasta alcóil iomlán (de réir % toirte)
15,00
Neart alcóil iarbhír íosta (de réir % toirte)
10,00
Aigéadacht iomlán íosta
3,5 i ngraim in aghaidh an lítir arna shloinneadh mar aigéad tartarach
Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)
18
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)
200
2. Fíonta dearga
TUAIRISC THÉACSÚIL ACHOMAIR
Fíonta dearga
Dath: Dath dearg an rúibín, dath dearg an ghairnéid, deargchorcra, dúdhearg. Boladh agus blas: tugann carnadh déine an datha dea-bholaithe úra thorthaí na foraoise, blas beag prúnaí, blas mín ar nós veilbhite i do bhéal agus olarthacht, dea-bholaithe sútha craobh, cuirín dearga, mónóg, silíní searbha, clóbh, sméara dubha agus fraochán gorm úra; tá struchtúr agus cineál tainneach ag na fíonta, cumhracht fhorbartha fraochán gorm agus clóbh orthu, agus bolaithe piobair/blaistithe, fanaile agus aosú gearr orthu, silíní dubha, agus aigéadacht bharrmhaith; tá siad oiriúnach le haghaidh aosaithe i mbairillí darach.
SAINTRÉITHE ANAILÍSEACHA GINEARÁLTA
Neart alcóil iomlán uasta (de réir % toirte)
15,00
Neart alcóil iarbhír íosta (de réir % toirte)
10,00
Aigéadacht iomlán íosta
3,5 i ngraim in aghaidh an lítir arna shloinneadh mar aigéad tartarach
Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)
20
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)
150
5. Cleachtais fíonóireachta
5.1. Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha
1.
Srian ábhartha ar dhéanamh na bhfíonta
Féadfar fíonta “Colinele Dobrogei” a bhfuil TGFC acu a dhéanamh freisin sa limistéar atá cóngarach don limistéar críochaithe, laistigh den aonad riaracháin céanna, laistigh d’aonad riaracháin comharsanachta nó i limistéir chomharsanachta a bhfuil tásca geografacha acu. Ní mór an Oifig Náisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon (ONVPV) a chur ar an eolas 48 uair an chloig roimh an maolú seo a fheidhmiú.
2.
Cleachtas fíoneolaíoch sonrach
Ceadaítear cumasc. Ní mór é a dhéanamh i gcomhréir leis an reachtaíocht reatha.
3.
Cleachtas fíoneolaíoch sonrach
Féadfar fíonta rosé a dhéanamh freisin as na cineálacha fíonchaor a úsáidtear chun fíon dearg a dhéanamh, ag baint úsáid as teicníc an mhaothaithe ghearr agus ag caomhnú saintréithe an chineáil nó na gcineálacha a úsáidtear chun na fíonta dearga a dhéanamh.
5.2. Uastáirgeachtaí
|
1. |
Petit Verdot, fíonchaora Sangiovese |
14 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir
|
2. |
Fíonchaora Viognier |
14 500 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir
|
3. |
Fíonchaora Negru de Drăgășani |
15 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir
|
4. |
Fíonchaora Cabernet Sauvignon, Malbec, Mourvèdre |
15 400 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir
|
5. |
Fíonchaora Chardonnay, Pinot Gris |
16 300 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir
|
6. |
Fíonchaora Semillon |
16 600 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir
|
7. |
Fíonchaora Muscat Ottonel, Pinot Noir, Syrah, Burgund mare, Băbească Neagră |
17 100 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir
|
8. |
Fíonchaora Sauvignon, Riesling italian, Riesling de Rhin, Merlot, Fetească Neagră, Fetească Regală, Fetească Albă, Tămâioasă Românească |
18 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir
|
9. |
Fíonchaora Traminer aromat, Traminer roz, Crâmpoşie, Columna, Aligoté, Iordană, Aromat de Iaşi, Rkaţiteli |
18 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir
|
10. |
Fíonchaora Saint Emilion, Novac, Mamaia, Cristina, Alicante Bouschet |
18 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir
|
11. |
Petit Verdot, Sangiovese |
105 heictilítear in aghaidh an heicteáir
|
12. |
Viognier |
109 heictilítear in aghaidh an heicteáir
|
13. |
Negru de Drăgășani |
112 heictilítear in aghaidh an heicteáir
|
14. |
Cabernet Sauvignon, Malbec, Mourvèdre |
115 heictilítir in aghaidh an heicteáir
|
15. |
Chardonnay, Pinot Gris |
122 heictilítear in aghaidh an heicteáir
|
16. |
Semillon |
124 heictilítear in aghaidh an heicteáir
|
17. |
Muscat Ottonel, Pinot Noir, Syrah, Burgund mare, Băbească Neagră |
128 heictilítear in aghaidh an heicteáir
|
18. |
Sauvignon, Riesling na hIodáile, Riesling de Rhin, Merlot, Fetească Neagră, Fetească Regală, Fetească Albă, Tămâioasă Românească |
135 heictilítear in aghaidh an heicteáir
|
19. |
Traminer roz, Traminer aromat, Crâmpoşie, Columna, Aligoté, Iordană, Aromat de Iaşi, Rkaţiteli |
135 heictilítear in aghaidh an heicteáir
|
20. |
Saint Emilion, Novac, Mamaia, Cristina, Alicante Bouschet |
135 heictilítear in aghaidh an heicteáir
6. Limistéar geografach críochaithe
|
— |
Baile Murfatlar – Murfatlar, Siminoc; |
|
— |
Bardas Valu lui Traian – sráidbhaile Valu lui Traian; |
|
— |
Bardas Poarta Albă – sráidbhailte Poarta Albă agus Nazarcea; |
|
— |
Baile Ovidiu – bardas Ovidiu, sráidbhaile Poiana; |
|
— |
Bardas Ciocârlia – sráidbhaile Ciocârlia; |
|
— |
Baile Medgidia – Medgidia, Remus Opreanu, Valea Dacilor; |
|
— |
Bardas Castelu – sráidbhailte Castelu, Cuza Vodă, Nisipari; |
|
— |
Bardas Siliştea – sráidbhaile Siliştea; |
|
— |
Bardas Tortoman – sráidbhaile Tortoman; |
|
— |
Bardas Peştera – sráidbhailte Peştera, Ivrinezu Mi;. |
|
— |
Bardas Mircea Voda – sráidbhailte Mircea Voda, Satu Nou, Ţibrinu, Saligny, Stefan cel Mare, Gherghina; |
|
— |
Bardas Adamclisi – sráidbhailte Adamclisi, Abrud, Haţeg, Urluia, Zorile; |
|
— |
Baile Cernavodă – bardas Cernavodă; |
|
— |
Bardas Seimeni – sráidbhaile Seimeni, Seimenii Mici; |
|
— |
Bardas Rasova – sráidbhailte Rasova, Cochirleni; |
|
— |
Bardas Mihai Viteazu – sráidbhailte Mihai Viteazu, Sinoie; |
|
— |
Bardas Istria – sráidbhailte Istria, Nuntaşi; |
|
— |
Bardas Cogealac – sráidbhailte Cogealac, Tariverde, Fântânele; |
|
— |
Baile Mangalia; |
|
— |
Baile Hârşova; |
|
— |
Bardas Chirnogeni – sráidbhaile Chirnogeni; |
|
— |
Bardas an 23 Lúnasa – sráidbhaile an 23 Lúnasa; |
|
— |
Bardas Horia – sráidbhailte Horia, Tichileşti; |
|
— |
Bardas Crucea; – sráidbhaile Crucea; |
|
— |
Bardas Topalu; – sráidbhaile Topalu; |
|
— |
Bardas Ciobanu – sráidbhaile Ciobanu; |
|
— |
Bardas Gârliciu – sráidbhaile Gârliciu; |
|
— |
Bardas Saraiu; – Sráidbhaile Saraiu; |
|
— |
Bardas Cobadin – sráidbhaile Viişoara; |
|
— |
Baile Babadag; |
|
— |
Bardas Sarichioi – sráidbhailte Enisala, Visterna, Zebil, Sabangia; |
|
— |
Bardas Valea Nucarilor – sráidbhailte Valea Nucarilor, Agighiol, Iazurile; |
|
— |
Baile Tulcea; |
|
— |
Bardas Ostrov – sráidbhailte Ostrov, Piatra; |
|
— |
Bardas Somova – sráidbhailte Somova, Mineri, Parcheş; |
|
— |
Bardas Niculiţel – sráidbhaile Niculiţel; |
|
— |
Bardas Izvoarele – sráidbhailte Izvoarele, Alba; |
|
— |
Bardas Valea Teilor – sráidbhaile Valea Teilor; |
|
— |
Bardas Frecăţei – sráidbhailte Teliţa, Poşta; |
|
— |
Baile Isacea; |
|
— |
Bardas Luncaviţa – sráidbhaile Luncaviţa; |
|
— |
Bardas Văcăreni – sráidbhaile Văcăreni; |
|
— |
Bardas Jijila – sráidbhaile Jijila; |
|
— |
Baile Măcin; |
|
— |
Baile Greci; – sráidbhaile Greci; |
|
— |
Bardas Cerna; – sráidbhaile Cerna; |
|
— |
Bardas Carcaliu – sráidbhaile Carcaliu. |
7. Príomhchineál(acha) fíonchaor
|
|
Alicante Bouschet N - Alicante Henri Bouschet |
|
|
Aligoté B - Plant de trois, Plant gris, Vert blanc, Troyen blanc |
|
|
Aromat de Iași B |
|
|
Burgund Mare N - Grosser burgunder, Grossburgunder, Blaufrankisch, Kekfrankos, Frankovka, Limberger |
|
|
Băbească Neagră N - Grossmuttertraube, Hexentraube, Crăcana, Rară neagră, Căldăruşă, Serecsia |
|
|
Cabernet Sauvignon N - Petit Vidure, Bourdeos tinto |
|
|
Chardonnay B - Gentil blanc, Pinot blanc Chardonnay |
|
|
Columna B |
|
|
Cristina N |
|
|
Crâmpoşie B |
|
|
Fetească albă B - Păsărească albă, Poama Fetei, Madchentraube, Leanyka, Leanka |
|
|
Fetească neagră N - Schwarze Madchentraube, Poama fetei neagră, Păsărească neagră, Coada rândunicii |
|
|
Fetească regală B - Konigliche Madchentraube, Koningsast, Ktralyleanka, Dănăşană, Galbenă de Ardeal |
|
|
Iordană B - Iordovană, Iordan |
|
|
Malbec N - Cotes rouges, Pied de Perdrix, Plant d’Arles |
|
|
Mamaia N |
|
|
Merlot N - Bigney rouge |
|
|
Mourvedre N |
|
|
Muscat Ottonel B - Muscat Ottonel blanc |
|
|
Negru de Drăgăşani N |
|
|
Novac N |
|
|
Petit Verdot N |
|
|
Pinot Gris G - Affumé, Grau Burgunder, Grauburgunder, Grauer Mönch, Pinot cendré, Pinot Grigio, Ruländer |
|
|
Pinot Noir N - Blauer Spätburgunder, Burgund Mic, Burgunder roter, Klävner Morillon Noir |
|
|
Riesling de Rhin B - Weisser Riesling, White Riesling |
|
|
Riesling Italian B - Olasz Riesling, Olaszriesling, Welschriesling |
|
|
Rkatiteli B - Dedali Rkatiteli, Korolioc Rkatiteli |
|
|
Saint Emilion B - Trebbiano Toscano, Ugni blanc |
|
|
Sangiovese N - Brunello di Montalcino, Morellino |
|
|
Sauvignon B - Sauvignon verde |
|
|
Syrah N - Shiraz, Petit Syrah |
|
|
Semillon B - Semillon blanc |
|
|
Traminer Roz Rs - Rosetraminer, Savagnin roz, Gewürztraminer |
|
|
Traminer aromat alb B |
|
|
Tămâioasă românească B - Rumanische Weihrauchtraube, Tamianka |
|
|
Viognier B - Petit Vionnier, Viogne, Galopine, Vugava bijela |
8. Tuairisc ar an nasc, ar na naisc
8.1. Sonraí an limistéir gheografaigh
Is é críoch Dobrogea an limistéar in oirdheisceart na Rómáine, críochaithe ag réimsí íochtair na Danóibe (san iarthuaisceart), an Mhuir Dhubh (san oirthear) agus teorainn na Bulgáire (ó dheas). Is iad iomadúlacht tírghnéithe de chineál ardchlár le foshraith lóis atá ina saintréith ann, agus dálaí éiceolaíochta, ithreach agus aeráide rangaithe sna catagóirí steipe agus steip foraoise. Cabhraíonn gach ceann de na gnéithe sin le timpeallacht éiceolaíoch a chruthú atá go maith chun fíniúnacha a fhás.
Suíonn an chuid is mó de na fíonghoirt ar fhoshraith gheolaíoch lóis (3-40 m ar tiús), ag clúdach carraig chrua ársa (réamh-Phailéasóch, Pailéasóch, Méiseasóch agus Treasach) go páirteach, carraig atá díleasach nó easáitithe.
Tá Dobrogea Thuaidh sléibhtiúil den chuid is mó (ardchríocha le lagacha faoi fhothain, idir 100 m agus 467 m os cionn leibhéal na farraige), ach tá tírdhreach ardchláir struchtúrach táblach ag Dobrogea theas (faoi bhun 200-300 m). Tá an dá thírdhreach seo deighilte ag an ardchlár creimtheach atá cnocach den chuid is mó, atá suite i lár Dobrogea (250-350 m).
Is é sin an réigiún sa Rómáin is annaimhe ina mbíonn báisteach agus screamhuisce: bíonn an infhaighteacht easnamhach, agus is minice a dhéantar an t-uisce a mhianrú. Baintear úsáid as gaibhniú uisce, bailiú báistí agus uisciúchán chun an cás sin a mhaolú.
Maolaítear an aeráid tipiciúil ilchríochach go pointe mar gheall ar a ghaireacht atá an Mhuir Dhubh agus Riasca agus Deilt na Danóibe. Tá an mheánteocht bhliantúil timpeall 11 °C agus tá raon teochta níos mó ná 25 °C ann idir meánluachanna mhí Eanáir agus mhí Iúil, agus tá raon teochta níos mó ná 75 °C ann ó thaobh teochtaí foirceacha thar roinnt blianta. Is minic go mbíonn an mheánbháisteach bhliantúil níos lú ná 400 mm. Is iad dálaí teirmeacha maithe na buntáistí a bhaineann leis an limistéar: tá sé ar cheann de na réigiúin is teo sa Rómáin (le grianradaíocht os cionn 120-125 calra in aghaidh an cheintiméadair chearnaigh, fad sholas na gréine os cionn 2 200 uair an chloig agus meánteochtaí dearfacha laethúla ag méadú suas le 4 000-4 200 °C i rith na bliana), rud a chinntíonn gur féidir le fíonchaora aibiú agus fiú éirí ró-aibí.
Is í ithir chriosach an chatagóir ithreach is mó atá le fáil sna limistéir fíonsaothrúcháin: mollasail steipe (castanaiseoim agus seornaiseoim) agus mollasail steipe foraoise (seornaiseoim chalcacha agus, níos annaimhe, seornaiseoim chré-inláisteacha, reinsíne agus graidhseoim), ar foirmíodh iad den chuid is mó ar fhoshraith lóis.
8.2. Mionsonraí faoin táirge
Is féidir le fíonta “Colinele Dobrogei” a bhfuil TGFC acu a bheith ina bhfíonta geala, dearga nó rosé.
Tá cuma ghlé ar na fíonta geala agus rosé, agus dath glasbhuí nó órbhuí orthu, nó dath éadrom nó meánach an bhradáin orthu, agus tá blas ar nós veilbhite orthu.
Maidir le boladh agus blas, boladh bláthanna is mó atá orthu. Tá carnadh maith siúcraí sna fíonta agus tá siad tathagach go maith, agus bolaithe na meala, an róis, an chitris ar na cineálacha a bhfuil dea-bholadh orthu agus uaireanta bolaithe na círe meala ar fhíonta aosaithe a dhéantar ag baint úsáid as cineálacha ar a bhfuil dea-bholadh.
Tá blas mín, ar nós veilbhite i do bhéal, ar na fíonta dearga agus tá dath dearg an rúibín, dath dearg an ghairnéid, deargchorcra dorcha nó, dúdhearg orthu.
Ar na bolaithe agus sa bhlas tá dea-bholaithe úra thorthaí na foraoise, blas beag prúnaí, blas mín ar nós veilbhite i do bhéal agus olarthacht, mar aon le dea-bholaithe sútha craobh, cuiríní dearga, mónóg, sméar dubh agus fraochán gorm úr. Tá struchtúr agus cineál tainneach ag na fíonta, cumhracht fraochán gorm agus clóbh orthu, agus bolaithe sonracha piobair orthu uaireanta, agus tugann an t-aosú gearr bolaithe fanaile orthu. Tá siad oiriúnach le haghaidh aosaithe i mbairillí darach.
8.3. Idirghníomhaíocht chúisíoch
Is iad na húrfhíonta a úsáidtear chun iad a dhéanamh a thugann an tsainiúlacht d’fhíonta “Colinele Dobrogei” a bhfuil TGFC acu. Nascann sé sin siar leis na cineálacha fíonchaor, a bhaineann leas as ardradaíocht na gréine – tá na dálaí teirmeacha ar na cinn is teo sa Rómáin – agus ní bhíonn mórán báistí ann. Cabhraíonn na tosca sin leis na fíonchaora aibiú go maith, rud a fhágann go bhfuil úrfhíonta iontu atá ard i siúcraí. Mothaítear tionchar na farraige sa limistéar. Tá sé tairbheach go háirithe san fhómhar toisc go bhfeidhmíonn sé mar rialtóir teochta. Tá tionchar ag an Danóib in Cernavodă, go háirithe ar na fíonghoirt is gaire di. Tá an ithir, neart carbónáit chailciam inti, agus is toisc thábhachtach í sin le haghaidh fíona ardchaighdeáin. Tá ardchaighdeán na bhfíonta suntasach mar thoradh ar thionchar tairbheach na lochanna Razim agus Sinoe in aice láimhe agus ithreacha maithe le haghaidh fíonsaothrúcháin, chomh maith leis an bhfíoras go bhfuil na fíonta cothromaithe in alcól agus in aigéadacht agus go bhfuil tréithe orgánaileipteacha dea-léirithe iontu (bláthanna/torthaí na foraoise, bolaithe blaistithe).
9. Dálaí breise riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)
Dálaí is infheidhme maidir leis an táirge deiridh
Creat dlíthiúil:
Sa reachtaíocht náisiúnta
Cineál dála breise:
Maolú ar an táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar na dálaí:
Ar choinníoll go dtugtar fógra cuí do na húdaráis inniúla, féadfar na fíonta a chóireáil agus a bhuidéalú lasmuigh den limistéar inar fásadh na fíonchaora.
Féadfaidh na próisis sin tarlú laistigh den aonad riaracháin céanna, laistigh d’aonad riaracháin chomharsanachta nó i limistéir chomharsanachta a bhfuil tásca geografacha acu.
Sa chás seo, ní mór an táirgeoir nó an buidéalóir agus an áit bhuidéalaithe a shainaithint ar an lipéad, de réir mar is iomchuí.
Maidir le buidéalú, agus mar fhreagra ar éilimh thráchtála ón Aontas agus ó mhargaí onnmhairíochta, ceadaítear díolacháin ar fhíonta “Colinele Dobrogei” a bhfuil TGFC acu ar an mórchóir.
Ní mór na húdaráis a chur ar an eolas faoi bhulc-choinsíneachtaí tríd an tseirbhís iniúchta áitiúil. Ní mór an páipéarachas is infheidhme mar aon leis an deimhniú lena gcruthaítear teidlíocht chun an tásc cosanta a úsáid agus an fíon a mhargú a bheith ag gabháil le bulc-choinsíneachtaí.
Nasc chuig an tsonraíocht táirge
https://www.onvpv.ro/sites/default/files/caiet_de_sarcini_ig_colinele_dobrogei_modif_cf_notificarii_1797_din_05.08.2016_cerere_3_2021_modif_anterioare_no_track_changes.pdf