|
27.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 42/3 |
Foilsiú iarratais ar fhormheas a dhéanamh ar leasú nach mion ar shonraíocht, i gcomhréir le hAirteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
(2022/C 42/03)
Leis an bhfoilsiúchán seo, tugtar an ceart freasúra a thaisceadh maidir leis an iarratas ar leasú, i gcomhréir le hAirteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta foilsithe an iarratais seo
IARRATAS AR FHORMHEAS A DHÉANAMH AR LEASÚ NACH MION MAIDIR LE SONRAÍOCHT SONRÚCHÁIN TIONSCNAIMH FAOI CHOSAINT NÓ TÁISC GHEOGRAFAIGH FAOI CHOSAINT
Iarratas ar leasú a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 53(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012
“Agneau du Périgord”
Uimh. AE: PGI-FR-0711- AM01 – 30 Aibreán 2021
STFC ( ) TGFC (X)
1. Grúpa Iarrthach agus leas dlisteanach
|
AREOVLA |
|
Europarc – 3 Avenue Léonard de Vinci |
|
33608 Pessac Cedex |
Teileafón: 05 56008450
Ríomhphost: areovla@gmail.com
Comhdhéanamh agus leas dlisteanach: Is cumann é AREOVLA ar feirmeoirí, eagraíochtaí póraitheoirí agus marfóirí d’uain “Agneau du Périgord” iad a bhaill. Dá bhrí sin, tá an ceart dlisteanach aige leasuithe ar an tsonraíocht a iarraidh.
2. Ballstát nó tríú tír
An Fhrainc
3. An roinn den tsonraíocht a ndéantar an leasú/na leasuithe ina leith
|
☐ |
Ainm an táirge |
|
☒ |
Tuairisc ar an táirge |
|
☒ |
Limistéar geografach |
|
☒ |
Cruthúnas tionscnaimh |
|
☒ |
Modh táirgthe |
|
☒ |
Nasc |
|
☒ |
Lipéadú |
|
☒ |
Eile: tugtar sonraí teagmhála an ghrúpa iarrthaigh cothrom le dáta, scriostar an chuid lena gcuirtear an grúpa agus a chuspóirí i láthair, cineál táirge, comhlachtaí cigireachta, ceanglais náisiúnta. |
4. Cineál leasaithe/leasuithe
|
☒ |
Leasú ar shonraíocht STFC/TGFC cláraithe nach féidir a mheas gur mionleasú é de réir bhrí Airteagal 53(2), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 |
|
☐ |
Leasú ar shonraíocht STFC/TGFC cláraithe, nár foilsíodh doiciméad aonair (nó a chomhionann) ina leith, nach féidir a mheas gur mionleasú é de réir bhrí Airteagal 53(2), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 |
5. Leasú nó leasuithe
5.1. Leasuithe a dhéanann difear d’eilimintí criticiúla
An roinn “Tuairisc ar an táirge”
I gCuid 2.3 “Saintréithe na dtáirgí a mhargaítear”, cuirtear duáin, dúlia, croí, ae, teanga agus cosa uan leis na táirgí a chumhdaítear leis an TGFC. Ní cheadaítear ach an scairteach sin a bhaintear ó chonablaigh uan a roghnaítear le haghaidh an TGFC.
Tráth a aithníodh “Agneau du Périgord” mar TGFC, ba bheag an margadh le haghaidh na dtáirgí sin. Le blianta beaga anuas, tá méadú tagtha ar an margadh sin agus is deis é sin níos mó den chonablach a úsáid, rud lenar féidir infheictheacht TGFC “Agneau du Périgord” a neartú. Go deimhin, is fearr le búistéirí áirithe glacadh le conablach iomlán, an scairteach san áireamh, chun úsáid iomlán a bhaint as, go háirithe na duáin a fhanann i dteannta an chonablaigh. Ar an gcuma chéanna, nuair a ghearrtar conablach chun é a dhíol, is fearr le hionaid díolacháin go n-aithnítear iomlán an uain faoi TGFC seachas go roinnfí an t-uan céanna i ngearrthaí TGFC ón gconablach agus gnáthscairteach.
Ós rud é go gcuirtear an scairteach leis an TGFC, ní mór cur i láthair an chonablaigh a leasú ar sonraíodh ina leith a bheith gan cheann, inní ná scannán caoláin. Scriostar na hinní ós rud é go gcuirtear an scairteach le liosta na dtáirgí a chumhdaítear leis an TGFC, a n-áirítear cuid acu i sainmhíniú na n-inní (an t-ae, an croí, na scamhóga, an traicé, agus cuid den scairt in aon bhloc amháin - sainmhíniú ó Chaighdeán NA maidir le scairteach, eagrán 2008).
Leasaítear amhlaidh an doiciméad aonair freisin.
An roinn “Limistéar geografach”
Leasaítear sainmhíniú an limistéir gheografaigh. Leathnaítear limistéar geografach TGFC “Agneau du Périgord” chun 24 bhardas de roinn Dordogne agus 93 bhardas de roinn Lot-et-Garonne a áireamh.
Níor cuireadh na bardais sin san áireamh nuair a rinneadh an t-iarratas ar aitheantas an TGFC ós rud é, go háirithe, nach raibh táirgeoirí caorach sa cheantar ag an am sin. Mar sin féin, tá roinnt mhaith cosúlachtaí acu le bardais limistéar geografach an TGFC ó thaobh na geolaíochta, na toipeolaíochta agus na haeráide de agus ó thaobh cleachtais talmhaíochta de freisin (bardais talmhaíochta ina saothraítear feirmeoireacht mheasctha den chuid is mó, pórtha coiteanna caorach, tailte deacra atá mar an gcéanna ó thaobh na geolaíochta de), mar aon leis an athbheochan a tháinig ar an bhfeirmeoireacht caorach.
Ina theannta sin, leasaítear an limistéar geografach chun earráidí áirithe a cheartú a bhí sa tsonraíocht a cláraíodh. Ní raibh sé bhardas ar an liosta ach bhí siad laistigh de theorainn an limistéir. Os a choinne sin, bhí bardas amháin eile ar an liosta ach fágadh lasmuigh de theorainn an limistéir é, leis féin amháin. Baintear an bardas a luaitear díreach roimhe seo den limistéar geografach
Tugtar liosta na mbardas cothrom le dáta i gcorp théacs na sonraíochta.
Mar gheall ar an leasú sin, cumhdaítear iomlán roinn Dordogne sa limistéar geografach feasta.
Leasaítear amhlaidh an doiciméad aonair freisin.
5.2. Leasuithe nach ndéanann difear d’eilimintí criticiúla
Rinneadh an chuid seo a athscríobh ó bhonn chun béim a leagan ar an tuairisc ar “Agneau du Périgord” agus aird a tharraingt ar na saintréithe a bhaineann le huain TGFC “Agneau du Périgord” a thógáil, eadhon tréimhse fhada diúil agus aiste bia ar leith a thabhairt dóibh ar feadh na céime críochnaithe, atá bunaithe go príomha ar ghránaigh iomlána nó rollta.
Cuirtear, go háirithe, na heilimintí lena ndéantar tuairisc ar an bhfeoil (dath agus cáilíocht na saille) i gcomhréir le Roinn 5. “Tuairisc ar mhodh táirgthe an táirge talmhaíochta”.
Mar sin féin, ní leasaítear saintréithe an táirge, eadhon aiste bia na n-uan, go roghnaítear na máithreacha as pórtha crua nó leathchrua agus na haithreacha as pórtha feola, raon na haoise maraithe, raon na meáchan, dath na feola agus cáilíocht na saille.
Cuirtear isteach gur féidir feoil agus scairteach “Agneau du Périgord” a mhargú i bhfoirm reoite. Tá an-tábhacht ag baint anois leis an domhainreo maidir le táirgí TGFC a mhargú. Nuair a dhéantar an táirge a dhomhainreo, is féidir é a chaomhnú, agus is foirm nua cur i láthair é a bhfuil meas ag tomhaltóirí uirthi. A bhuí leis an domhainreo, beifear in ann an TGFC a chur ar fáil i margaí nua, san oll-lónadóireacht go háirithe.
Leagtar amach sa tsonraíocht conas an domhainreo a dhéanamh (próiseas lenar féidir lár-theocht -18 °C a bhaint amach laistigh de 10 n-uair an chloig ar a mhéad) agus socraítear inti dáta ar fearr roimhe agus uastréimhse idir uain a mharú agus a dhomhainreo.
Scriostar míreanna áirithe ar cheann de na cúiseanna seo a leanas: níor bhain siad le heilimintí a chuir leis an tuairisc ar an táirge ná a bhí ina gcodanna riachtanacha di, nó níor cheanglais iad ach tuairiscí simplí ar na cleachtais tráth scríofa na sonraíochta, nó ba thagairtí do rialacháin iad maidir le haicmiú na gconablach agus méid bhrat na saille.
Scriostar an tuairisc ar an bhfeoil chócaráilte freisin. Cé go ndeimhnítear le TGFC “Agneau du Périgord” sainiúlacht táirgthe ó lá breithe na n-uan (agus ó roimhe sin, le bainistiú an tréada) suas go dtí roghnú na gconablach agus iad a chur ar an margadh, ní féidir leis saintréithe na feola cócaráilte a dheimhniú, amhail blas, uigeacht ná boladh. Ina theannta sin, tá na heilimintí sin neamh-idirdhealaitheach agus is deacair faireachán a dhéanamh orthu.
Leasaítear amhlaidh an doiciméad aonair.
Cuirtear isteach eilimintí lena bhféadfar inrianaitheacht na scairtí agus na dtáirgí domhainreoite a áirithiú agus scriostar forluí idir an tsonraíocht agus na rialacha ginearálta, mar aon le heilimintí a chumhdaítear leis an nós imeachta cigireachta dá bhforáiltear sa phlean cigireachta.
Leis an gcóras, sainmhínítear na doiciméid agus na clárúcháin nach mór a sholáthar agus na heilimintí íosta faisnéise a bhfuil coinne leo ag gach céim de shaolré an táirge (tógáil, aistriú, marú, pacáistiú, gearradh, domhainreo).
Scriostar na forálacha maidir le hionaid díolacháin ós rud é nach mbaineann siad leis an inrianaitheacht, ach is mó gur moltaí go pointe áirithe agus ceanglais go pointe eile iad maidir leis na táirgí a chur ar an margadh nach ndéanann aon difear do shaintréithe na dtáirgí. Ina theannta sin, tá sé deacair faireachán a dhéanamh orthu mar gheall ar éagsúlacht na n-ionad díolacháin a d’fhéadfadh a bheith ann i gcás an TGFC sin.
Scriostar na samplaí de dhoiciméad lenar féidir an inrianaitheacht a áirithiú ag gach céim den táirgeadh.
Leasaítear an doiciméad aonair freisin chun frása a scriosadh maidir le haitheantóir an phóraitheora nach mbaineann leis na heilimintí a bhfuil coinne leo sa roinn sin den doiciméad aonair. Ina theannta sin, is eilimintí faireacháin iad atá ar fáil sa phlean faireacháin.
Foroinn 5.2.1. “Tionscnamh géiniteach”
I gcás na gcaorach, cuirtear na pórtha Charmoise agus Causse du Lot leis na pórtha údaraithe. Dhá phór de sheanbhunadh réigiún Périgord is ea iad nár cuireadh san áireamh nuair a aithníodh ainm “Agneau du Périgord” mar TGFC ós rud é go raibh titim tagtha ar an líon acu. Luaitear iad, áfach, sa roinn “Nasc leis an tionscnamh geografach” den tsonraíocht reatha (stair na feirmeoireachta caorach). Mar gheall ar bhuanna breise atá ag an dá phór sin (an cruas, an bhisiúlacht agus creat na feola), oireann modhanna tógála uain “Agneau du Périgord” agus saintréithe an cheantair dóibh.
Faightear an pór Charmoise in Périgord ó thús an 20ú haois; is amhlaidh go bhfaightear ceann de na stoic is mó den phór sa réigiún. Is “fíor-chiumhaisirí” iad caoirigh an phóir a dhéanann cothabháil ar an talamh, a scaoileann spásanna cúnga agus a chabhraíonn le tinte a chosc. Níor cuireadh san áireamh iad san iarratas tosaigh ar an TGFC mar bhí siad imithe nach mór ó Périgord ag an am. Tá póraitheoirí á dtabhairt isteach arís le roinnt blianta anuas, mar chuid de thionscadail thréadacha go háirithe. Meastar go bhfuil 700 caora den phór sa réigiún.
Thosaigh pór Causse du Lot ag scaipeadh ar ardchláir aolchloiche (“causses”) Périgord Noir ó lár an 20ú haois. Pór an-staonach eile is ea é, a n-oireann a chuid buanna nádúrtha (an cruas, frithsheasmhacht in aghaidh teasa agus in aghaidh sceartán, cumas siúil) go háirithe do na hardchláir tirime loma in oirthear Périgord. Tá sé in ann úsáid iomlán a bhaint as acmhainní na bhféarach a mbíonn sé ag innilt orthu, agus plandaí adhmadacha a ithe más gá chun freastal ar a riachtanais. Cosúil leis an bpór Charmoise, ní raibh mórán acu fágtha nuair a rinneadh an t-iarratas ar aitheantas TGFC le haghaidh an ainm “Agneau du Périgord”, ach inniu tá sé tugtha isteach go maith sa limistéar geografach arís agus meastar go bhfuil 4 800 caora sa réigiún anois.
Ar deireadh, ós rud é gur athraíodh ainm an phóir “INRA 401 Romane” go hoifigiúil go “Romane” roinnt blianta ó shin, leasaítear an tsonraíocht dá réir.
Scriostar freisin míreanna áirithe nár bhain le sainmhíniú na gcoinníollacha táirge nó a bhain le cúrsaí ginearálta, amhail: “Tugtar an-aird ar aonchineálacht na saintréithe a bhaineann le méid, luathfhorbairt agus forbairt fíochán matáin agus saille, a bhfuil ról tábhachtach acu i sainiúlacht an táirge” nó “Tugtar aird ar leith ar bhreith na n-uan. Déanann an póraitheoir gach beart is gá chun na dálaí is fearr is féidir a chur ar fáil do na caoirigh agus a n-uain ó thaobh compoird agus folláine de. ”.
Leasaítear amhlaidh an doiciméad aonair.
Foroinn 5.2.2. “Bainistiú tógála”
Cuirtear isteach oibleagáidí nua atá bunaithe ar chleachtais táirgthe reatha i measc tháirgeoirí an TGFC maidir le haeráil foirgneamh tógála, dlús na n-ainmhithe agus iad i bhfoirgnimh, cáilíocht easrach, agus glantachán foirgneamh.
Foroinn 5.2.4. “Bainistiú aiste bia na n-uan”
Déantar an fhoráil maidir le pionnaí breithe uan a athscríobh chun foclaíocht na forála a chur i gcomhréir le cleachtais póraitheoirí nach gcoimeádann ach líonta beag caorach in imfháluithe beaga: dá bhrí sin, cuirtear an téarma “imfháluithe” i dteannta “pionnaí”.
Ansin, i gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé go bhfanfadh an caora níos mó ná 48 n-uair an chloig lena huan (fadhbanna uchtaithe, fadhbanna beathaithe,...). Is mar gheall air sin a chuirtear “24 uair an chloig ar a laghad” in ionad “24 go 48 n-uair an chloig”.
Scriostar an frása a thugann le fios go mbaintear uain ón diúl “idir 80 agus 90 lá de ghnáth” ós rud é gur de chineál táscach amháin atá sé.
Bhí an roinn “Bainistiú aiste bia na n-uan” roinnte i dtrí chéim, de réir aois an uain: 0 go 20 lá, ó 20 go 60 lá, agus 60 lá agus níos sine.
Scriostar an teorainn 20 lá mar tá sé deacair a dheimhniú, ós rud é gur céim fhiseolaíoch amháin í an chéim sin i bhforbairt na n-uan. I bhfírinne, suas go dtí thart ar 3 seachtaine, níl córas díleá na n-uan oiriúnaithe leis an mbeatha forlíontach a dhíleá, mar sin ní itheann na huain é, fiú má tá teacht acu air. Is amhlaidh go bhféadfadh éagsúlacht cúpla lá a bheith ann san aois ag a dtosaíonn siad an beatha forlíontach a ithe, ag brath ar an uan atá i gceist – is é 20 lá an mheánaois.
Coimeádtar mar sin féin an íostréimhse sula mbaintear ón diúl iad ag 60 lá. Leis an teorainn sin, ráthaítear uain a raibh a máithreacha ag tál orthu ar feadh tréimhse thábhachtach dá saolta, rud a bheidh ina bhunús le saintréithe uaineoil “Agneau du Périgord”.
Leis an bhfoclaíocht nua sin is féidir béim a leagan ar bhainistiú aiste bia na n-uan atá beartaithe le haghaidh TGFC “Agneau du Périgord”: tréimhse diúil lena máithreacha agus ina dhiaidh sin tréimhse chríochnaithe ar aiste bia atá bunaithe ar fharae agus gránaigh iomlána nó rollta. Ní oibleagáid é a thuilleadh an críochnú i gcró caorach.
Aistrítear na forálacha maidir leis an gcosc ar shadhlas agus ar an mburláil ós rud é go mbaineann siad le saol iomlán na n-uan seachas le luathchéimeanna de amháin, mar a d’fhéadfaí a thuiscint mar gheall ar a suíomh sa téacs anseo. Aistrítear na forálacha sin go dtí deireadh na roinne “5.2.4. Bainistiú aiste bia na n-uan”, chun a shoiléiriú go mbaineann siad le hiomlán chéimeanna beathaithe na n-uan.
Leasaítear an chuid maidir le haiste bia sa tsonraíocht chun í a chur i gcomhréir le hainmníocht na reachtaíochta Eorpaí maidir leis an gCatalóg d’ábhair bheatha (Rialachán (AE) Uimh. 68/2013) agus an tsonraíocht a chomhlánú chun í a dhéanamh níos beaichte agus chun go léireoidh sí fíorchleachtais phóraitheoirí TGFC “Agneau du Périgord”.
Le liosta na n-amhábhar atá údaraithe chun uain a bheathú, ceadaítear gan gránaigh, olashíolta, barra próitéine, ná tiúbair dhúchasacha a chur as an áireamh sa TGFC. Saothraítear arís iad le haghaidh beatha ainmhithe i bhfianaise na héagsúlachta agus na mbuntáistí agranamaíocha a bhaineann leo (siocaire, muiléad, cuineo, coirce, pónairí leathana,...).
Scriostar an fhoráil maidir le cion an arbhair Indiaigh a theorannú go 25 % den chiondáil.
Áiríodh an fhoráil sin nuair a rinneadh an t-iarratas ar aitheantas mar gheall ar amhras maidir le tionchar an arbhair Indiaigh ar dhath buí shaill an chonablaigh. Léirigh staidéir a rinne Institiúid na Fraince um Thaighde Tógála (Institut de l’Élevage) nach raibh bunús leis an amhras sin. Níl aon chúis mar sin uasteorainn 25 % a chur ar arbhar Indiach sa chiondáil. Thairis sin, tá na gránaigh ar fad oiriúnach d’aiste bia na n-uan.
Braitheann sainiúlacht an táirge ar an mbealach a gcuirtear na gráinní i láthair (iad iomlán nó rollta), seachas ar chineál na ngránach. Bíonn tionchar ag an mbealach cur i láthair ar dhíleáiteacht an ghránaigh agus dá bhrí sin ar an innéacs glicéimeach. Aon ghránach atá róphróiseáilte go fisiciúil (atá meilte nó i bhfoirm plúir), díleáfear níos tapúla é, rud a spreagfaidh buaic insline agus drochstóráil saille. Os a choinne sin, aon ghránach a dháiltear i bhfoirm iomlán nó rollta, díleáfar níos moille é agus spreagfaidh sé buaic insline níos tomhaiste, rud a fhágfaidh go mbeidh an beatha níos indíleáite, agus go stórálfar saill atá níos teanna, agus méid réasúnta di.
Scriostar an oibleagáid lena gceanglaítear nach féidir ach gránaigh de thionscnamh an limistéir gheografaigh a úsáid. Is é atá i roinnt den limistéar geografach tailte a bhfuil fána iontu agus uaireanta nach bhfuil an-torthúil, rud a fhágann go bhfuil sé níos deacra gránaigh a shaothrú orthu. Ina theannta sin, tá iallach ar phóraitheoirí nach táirgeoirí gránach iad a gcuid gránach ar fad a cheannach. An srian atá ann lena gceanglaítear nach féidir ach gránaigh atá de thionscnamh an limistéir gheografaigh a thabhairt d’uain atá beartaithe le haghaidh TGFC “Agneau du Périgord”, cuireann sé srian mór ar oibreoirí agus is féidir leis fadhbanna soláthair a chruthú i gcás póraitheoirí nach táirgeoirí gránach iad. I dtaca leis na táirgeoirí, is é modh cur i láthair na ngránach an eilimint chriticiúil lena ráthaítear cuid de shainiúlacht uaineoil “Agneau du Périgord”, rud a fhágtar gan athrú: na gránaigh a bheith i bhfoirm iomlán nó rollta.
Tá sé tábhachtach a lua go maireann an oibleagáid tionscnaimh sin maidir le farae.
Maidir le breiseáin, molann an grúpa liosta lena gcuirtear toirmeasc ar chatagóirí áirithe táirgí.
Ní chaitheann na leasuithe sin ar fad amhras ar shainiúlacht an táirge ná ar an nasc cúisíoch atá ann idir an t-aiste bia agus uaineoil “Agneau du Périgord”.
Leasaítear an doiciméad aonair.
Foroinn 5.3 “Dálaí iompair agus feithimh réamh-mharaithe”
Is de chineál eagarthóireachta iad na leasuithe a dhéantar, lenar féidir frásaí a scriosadh nach bhfuil gá leo ós rud é go mbaineann siad le cleachtais atá coitianta ach nach gceanglaítear (“Is minic a bhíonn sé níos giorra ná sin sa chleachtas”; “De ghnáth, maraítear na huain an lá dár gcionn”).
Foroinn 5.4 “Marú”
Scriostar na forálacha rialála agus na forálacha a bhaineann leis an bplean cigireachta mar aon leis na léaráidí, chun nach gcoimeádfar ach na forálacha sin is féidir a fhíorú. Ní leasaítear na spriocluachanna.
Foroinn 5.5 “Roghnú deiridh na gconablach”
Mar atá sa chuid a bhaineann leis an tuairisc, déantar an fhoclaíocht maidir le dath na saille a athbhreithniú agus a chomhchuibhiú leis na heilimintí a fheictear ar scála dhath na saille agus ar scála theinne na saille: bíonn dath bán nó an-éadrom ar an tsaill. Athbhreithnítear agus comhchuibhítear an tuairisc ar dhath na feola freisin: bíonn dath bándearg geal uirthi.
Foroinn 5.6 “Roghnú na scairtí”
Cuirtear isteach forálacha maidir leis an scairteach a roghnú agus a chaomhnú.
Ar deireadh, scriostar an fhoroinn “Gearradh agus pacáistiú”, ós rud é go bhfuil forluí ann idir í agus an reachtaíocht, agus cuirtear isteach forálacha maidir le táirgí domhainreoite.
I neart fo-rann den tsonraíocht reatha, tugtar tuilleadh sonraí faoi na heilimintí a bhaineann leis an nasc idir an táirge agus a thionscnamh geografach. Cuirtear i ngrúpaí éagsúla iad agus déantar achoimre orthu sa roinn “Eilimintí lena dtugtar údar leis an nasc leis an timpeallacht gheografach” den tsonraíocht.
Cuireadh atheagar ar na heilimintí sin chun trí chuid a dhéanamh díobh chun idirdhealú a dhéanamh idir sainiúlacht an limistéir gheografaigh, sainiúlacht an táirge agus an nasc cúisíoch.
Is é atá sa chuid maidir le sainiúlacht an limistéir achoimre ar na heilimintí atá sa tsonraíocht reatha, agus tá sí roinnte in dhá chuid. Sa chéad chuid, cuirtear Périgord i gcomhthéacs geografach agus tugtar tuairisc air ó thaobh na tíreolaíochta agus na haeráide de. Sa dara chuid, tugtar tuairisc ar stair agus ar chleachtais na feirmeoireachta caorach in Périgord, atá faoi thionchar shrianta na timpeallachta.
Sa chuid maidir le sainiúlacht an táirge, tugtar tuairisc ar “Agneau du Périgord” agus na tréithe faoi leith a bhaineann leis. Mar atá sa roinn “Tuairisc ar an táirge”, scriostar na heilimintí a chuireann síos ar an uaineoil chócaráilte. Le TGFC “Agneau du Périgord”, deimhnítear sainiúlacht táirgthe ó lá breithe na n-uan suas go dtí roghnú na gconablach agus iad a chur ar an margadh, ach ní féidir leis saintréithe na feola cócaráilte a dheimhniú, amhail blas, uigeacht ná boladh.
Tá an nasc cúisíoch bunaithe ar cháilíocht agus ar chlú “Agneau du Périgord”. Áirítear sa chuid sin eilimintí a fhaightear sa tsonraíocht reatha agus sa doiciméad aonair reatha. Léirítear inti tionchar na timpeallachta ar na cleachtais táirgthe, ar táirgeadh é atá ina bhunús le sainiúlacht “Agneau du Périgord”.
Ina theannta sin, cuirtear mír réamhráiteach isteach chun bunús an naisc leis an tionscnamh geografach a chur i láthair.
Leasaítear an doiciméad aonair freisin chun é a chur ar aon dul le foclaíocht na roinne seo sa tsonraíocht.
Scriostar an oibleagáid uain a mhargú le lógó orthu a bhaineann go sonrach leis an TGFC.
Aistrítear go dtí an roinn seo an foráil i dtaca leis an oibleagáid deimhniú maidir le ráthaíocht tionscnaimh (Certificat de Garantie d’Origine - C.G.O.) a bheith ag gabháil le haon fheoil TGFC (conablach) nó lipéad aonaid díolacháin le haghaidh an tomhaltóra (unité de vente consommateur - U.V.C.) a bheith uirthi (gearradh).
Leasaítear amhlaidh an doiciméad aonair.
5.3. Leasuithe eagarthóireachta
Sa roinn “Údarás inniúil an Bhallstáit”, cuireadh isteach sonraí teagmhála na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (l’Institut national de l’origine et la qualité - INAO) mar údarás inniúil an Bhallstáit, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.
Sa roinn “Grúpa iarrthach”, tugtar sonraí an ghrúpa iarrthaigh cothrom le dáta. Scriostar an chuid lena dtugtar tuairisc ar an ngrúpa iarrthach.
Scriostar an chuid lena gcuirtear an grúpa agus a chuspóirí i láthair.
Sa roinn “Cineál táirge”, athbhreithníodh an fhoráil “2.2 Cineál táirge” chun é a chur i gcomhréir leis an ainmníocht reatha.
Sa roinn “Limistéar geografach”, scriostar léarscáil an limistéir gheografaigh. Cuirtear abairt isteach a thugann le fios gur féidir na doiciméid chartagrafacha lena léirítear an limistéar geografach a cheadú ar shuíomh gréasáin na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta.
Scriostar an chuid míniúcháin agus an tuairisc ar an limistéar (faisnéis ghinearálta faoi gheolaíocht, aeráid agus stair roinn Dordogne). Coimeádadh na heilimintí a bhaineann leis an táirge, áfach, agus áirítear iad sa roinn maidir leis an nasc leis an áit tionscnaimh.
Sa roinn “Modh an táirgthe” den tsonraíocht, tugtar an léaráid ar shaolré na n-uan cothrom le dáta chun í a chur i gcomhréir leis an leagan athbhreithnithe den tsonraíocht.
Scriostar an fhoráil lena gceadaítear tréimhse mhaolaithe 7 mbliana, ón dáta a fhaightear an TGFC, maidir leis an gcomhdhéanamh géiniteach, ós rud é go bhfuil deireadh leis an tréimhse mhaolaithe.
Scriostar an mhír lena gceadaítear tréimhse mhaolaithe 7 mbliana, ón dáta a fhaightear an TGFC, maidir leis an inseamhnú saorga, ós rud é go bhfuil deireadh leis an tréimhse mhaolaithe.
Scriostar an fhoráil lena gceadaítear maolú ar an tréimhse ama nach mór do mháithreacha a chaitheamh amuigh faoin aer de dheasca “dálaí eisceachtúla aimsire” chun an tsonraíocht a chur i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, lena ndéantar foráil maidir le leasú sealadach a dhéanamh de bhun Airteagal 6(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014.
Sa roinn “Comhlacht cigireachta”, maidir le cur i bhfeidhm na dtreoracha reatha náisiúnta a bheartaítear chun foclaíocht na sonraíochtaí a chomhchuibhiú, scriostar ainm agus sonraí teagmhála an chomhlachta deimhniúcháin. Luafar sa roinn sin sonraí teagmhála na n-údarás inniúil cigireachta ar leibhéal na Fraince feasta: an Institiúid Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO) agus an Ard-Stiúrthóireacht um Iomaíocht, um Ghnóthaí Tomhaltóirí agus um Chalaois a Chosc (DGCCRF). Is féidir ainm agus sonraí teagmhála an chomhlachta deimhniúcháin a cheadú ar shuíomh gréasáin INAO agus i mbunachar sonraí an Choimisiúin Eorpaigh.
Sa roinn “Ceanglais náisiúnta”, i bhfianaise na n-athruithe ar an reachtaíocht náisiúnta agus na rialacha náisiúnta, cuirtear an roinn “Ceanglais náisiúnta” i láthair i bhfoirm tábla ina léirítear na nithe nach mór cigireacht a dhéanamh orthu agus na modhanna meastóireachta nach mór a úsáid.
DOICIMÉAD AONAIR
“Agneau du Périgord”
Uimh. AE: PGI-FR-0711-AM01-30 Aibreán 2021
STFC ( ) TGFC (X)
1. Ainm
“Agneau du Périgord”
2. Ballstát nó tríú tír
An Fhrainc
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra
3.1. Cineál táirge
Aicme 1.1 ‘Feoil (agus scairteach) úr.
3.2. Tuairisc ar an táirge a bhfuil an t-ainm dá dtagraítear i bpointe 1 air
Táltar ar uain “Agneau du Périgord” ar feadh 60 lá ar a laghad, agus críochnaítear iad ar aiste bia atá bunaithe go príomha ar ghránaigh iomlána nó rollta.
Maraítear uain “Agneau du Périgord” idir 80 lá agus 180 lá d’aois, bíonn meáchan conablaigh idir 15 agus 21 kg acu agus bíonn creat maith uaineola orthu a bhuí le pórtha feola a roghnú i gcás na reithí, agus pórtha crua nó leathchrua a roghnú i gcás na gcaorach.
Roghnaítear na reithí as na pórtha feola seo a leanas: Berrichon, Charollais, Ile de France, Rouge de l’Ouest, Suffolk, Texel.
Maidir leis na caoirigh, is ainmhithe folaíochta iad de phórtha crua: Lacaune viande, Blanche du Massif central, Causse du Lot, agus Romane, nó tá siad den phór crua, Charmoise, nó is baineannaigh iad a thagann as meascán de phór crua agus de phór feola a luaitear thuas.
Bíonn creat E-U-R ar uaineoil “Agneau du Périgord”, in éineacht le matáin fhorbartha ar chnámharlach mín agus méid bhrat na saille a chomhfhreagraíonn do 2 nó 3 ar an ngreille EUROP.
Bíonn dath geal ar an uaineoil (rud a bhaineann leis an diúl ar feadh 60 lá ar a laghad). Bíonn an tsaill bán nó le dath an-éadrom uirthi, teann, treamhnaithe go haonfhoirmeach agus neamhghréisceach.
Is féidir an scairteach seo a leanas a mhargú faoin TGFC freisin: duáin, dúlia, croí, ae, teanga, cosa.
Margaítear uaineoil agus scairteach “Agneau du Périgord” i bhfoirm úr nó reoite.
3.3. Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)
3.3.1. Beatha na n-uan
|
— |
Ón lá a bheirtear na huain go dtí 60 lá ar a laghad, beathaíonn siad iad féin ó úth a máithreacha. Cónaíonn siad lena máithreacha an t-am ar fad go dtí go mbaintear den diúl iad; |
|
— |
tar éis 60 lá agus ar feadh na tréimhse chríochnaithe, laghdaítear an chuid diúil den bheatha go dtí go mbaintear ón diúl iad, agus cuirtear farae agus beatha forlíontach ina áit. Is é atá sa bheatha forlíontach sin gránaigh a dháiltear i bhfoirm iomlán nó rollta, agus forlíonadh nítrigine. |
3.3.2. Beatha na gcaorach
Is é féar príomhbheatha na gcaorach. Déantar an innilt ar fhéaraigh nádúrtha nó sealadacha agus ar thailte ar feadh 7 mí in aghaidh na bliana ar a laghad.
Fásann an farae ar fad a bhuantar sa limistéar geografach agus fásann an chuid is mó de ar an ngabháltas.
3.4. Céimeanna sonracha den táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe
Beirtear agus tógtar uain “Agneau du Périgord” sa limistéar geografach sainithe.
Chun a áirithiú go gcaomhnófar tréithe uile na huaineola, ba cheart agaí rófhada iompair a sheachaint, mar aon le haon strus ar na hainmhithe roimh iad a mharú. Dá réir sin, ba cheart an t-aistear idir an gabháltas agus an seamlas a bheith níos lú ná 8 n-uair an chloig.
3.5. Sainrialacha is infheidhme maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú, etc., an táirge dá dtagraíonn an t-ainm
Ní sháróidh an dáta ar fearr roimhe 18 mí.
3.6. Sainrialacha is infheidhme maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm
Ní mór deimhniú maidir le ráthaíocht tionscnaimh (Certificat de Garantie d’Origine - C.G.O.) a bheith ag gabháil le haon fheoil TGFC (conablach) nó lipéad aonaid díolacháin le haghaidh an tomhaltóra (unité de vente consommateur - U.V.C.) a bheith uirthi (gearradh).
4. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
Is é atá i limistéar geografach TGFC “Agneau du Périgord” an roinn, na cantúin agus na bardais seo a leanas, i gcomhréir le Cód Oifigiúil Geografach 2020 a d’fhoilsigh INSEE (Institiúid Náisiúnta na Fraince um Staitisticí agus Staidéar Eacnamaíoch):
|
— |
Áirítear roinn Dordogne ina hiomláine; |
|
— |
Roinn Corrèze: bardais chantúin Saint-Pantaléon-de-Larche (cé is moite do bhardais Estivals, Jugeals-Nazareth, Nespouls, Noailles agus Turenne) agus L’Yssandonnais, agus bardas Brive-la-Gaillarde; |
|
— |
Roinn Lot: bardais chantúin Gourdon, Puy-l’Evêque (cé is moite do bhardais Le Boulvé, Les Junies, Lherm, Saint-Matré agus Saux) agus Souillac, agus bardas Thédirac; |
|
— |
Roinn Lot-et-Garonne: bardais chantúin Les Coteaux de Guyenne (cé is moite do bhardais Jusix), Le Fumélois, Le Haut Agenais Périgord, Le Livradais, Le Pays de Serres, Le Val du Dropt agus Villeneuve-sur-Lot-2, agus bardais Brugnac, Coulx, Labretonie, Lédat, Sauvagnas, Sembas, Verteuil-d’Agenais agus Villeneuve-sur-Lot. |
5. Nasc leis an limistéar geografach
Ó thaobh na tíreolaíochta de, tá réigiún Périgord suite in iardheisceart na Fraince, cumhdaíonn sí roinn Dordogne, a bheag nó a mhór, agus tá teorannacha aici le ranna Gironde agus Charente ar an taobh thiar, le Limousin agus le Quercy ar an taobh thoir agus le hAgenais ó dheas. Cosúil le gach réigiún sách bocht, is roinn feirmeoireachta caorach í Dordogne le fada an lá. Tá saineolas forbartha ag póraitheoirí caorach in Périgord ar fheirmeoireacht caorach a bhaineann le srianta a gceantair féin agus tá córas tógála bunaithe acu a bhaineann leas as na hacmhainní ar fad atá ar fáil. I gcomhthéacs na feirmeoireachta measctha (barra a shaothrú agus beostoc a thógáil) ar ghabháltais bheaga, nuair a bhí sé d’aidhm ag an bhfeirmeoireacht caorach úsáid a bhaint as talamh nach raibh an-torthúil, tharla sé go nádúrtha gur ghá na máithreacha a roghnú as pórtha crua nó leathchrua. Leis sin, cuirtear é ar chumas an fheirmeora na caoirigh a bheathú agus a chur á atáirgeadh ar feadh na bliana a bhuí le hacmhainní an limistéir gheografaigh (farae, féaraigh agus tailte), agus dóthain gránach agus an chuid is fearr den fhéar tirim a choimeád ag an am céanna chun na huain a chríochnú. Baineann sainiúlacht “Agneau du Périgord” go príomha leis an mbealach traidisiúnta seo ina dtógtar na huain: tréimhse diúil lena máithreacha agus ina dhiaidh sin tréimhse chríochnaithe ar aiste bia atá bunaithe ar fharae agus gránaigh iomlána nó rollta, arb iad foinse cháilíocht agus chlú “Agneau du Périgord”.
Is píodmant ollmhór é Périgord atá ar fhána anuas a théann siar ó dheas, a sníonn ceithre abhainn agus a gcuid craobh-aibhneacha ar fad tríd, lenar féidir dul ó Plateau des Millevaches in Limousin (airde 480 m) go dtí íochtar ghleann Dordogne (airde 8 m) de réir a chéile. Tríd is tríd, mar gheall ar an topagrafaíocht sin, ar mhúnlaigh teacht chun cinn na nAlp sa Ré Threasach í, rinneadh an limistéar teagmhála idir an tSean-Mhasaíf Vairisciach (vieux massif hercynien) agus fosuithe aolchloiche agus dríodair an mhachaire a chorraí, a bhriseadh, a ardú agus a chreimeadh. I measc charraigeacha criostalta thuaisceart Périgord, shnoigh na huiscí gleannta doimhne d’fhánaí géara agus altáin chúnga. I lár Périgord, snoiteadh gleannta leathana mar gheall ag an gcreimeadh ina bhfeictear scairpeanna uaireanta, agus fánaí réidhe le smionagar aolchloiche orthu uaireanta eile.
Fágann an tírdhreach d’ardchláir, cnoic, fánaí agus gleannta beaga go mbíonn sé de shíor ag athrú, ceantar ina mbíonn cuma cóngarach ar bhun na spéire, nach féidir a fheiceáil mar gheall ar choillte, roschoillte nó díreach fálta nó toir.
Is mór idir na gleannta – an t-aon chuid den réigiún ina bhfuil a lán ithreach gláraí agus atá oiriúnach don fheirmeoireacht – agus na hardchláir agus cnoic tirime loma.
Tá aeráid mheasartha agus aigéanach ag Périgord den chuid is mó, arb iad saintréithe di ráta measartha báistí (850 mm) arna scaipeadh thar 130 lá ar an meán, agus meánteocht chineálta (12 °C). Is mór idir an samhradh agus an gheimhreadh agus tá an-éagsúlacht sna tréimhsí lár séasúir; imríonn aeráid na Mór-roinne tionchar air i rith an gheimhridh agus is geall le go n-imríonn aeráid na Meánmhara tionchar air i rith an tsamhraidh. Ós rud é gur limistéir aistrithe é, tá an inathraitheacht ar cheann de na príomhthréithe a bhaineann leis freisin.
Tá fianaise ann go bhfuil caoirigh i láthair in Périgord le 6 000 bliain anuas, agus iad ar fáil go tiubh agus go leanúnach suas go dtí an 19ú haois. Meastar go raibh an líon caorach in 1809 idir a cheithre agus a chúig oiread níos mó ná líon na n-eallach. Méadaíodh é go dtí níos mó ná 667 400 caora, a bhí scaipthe ar fud na roinne.
Amhail i ngach áit ag an am sin, thógtaí caoirigh thar aon rud eile ar mhaithe le holann, agus í chomh tábhachtach sin chun éadaí a dhéanamh, gan trácht ar an aoileach. Ba fhotháirge é a gcuid feola, a bhí beartaithe le haghaidh theaghlach an phóraitheora go príomha, cé go raibh fianaise ann cheana go raibh luach áirithe uirthi i réimse an ghastranómachais áitiúil. Tá roinnt téacsanna ag teacht lena chéile gur tharla forbairt i réimse na feirmeoireachta caorach sa dara leath den 19ú haois i dtreo caoirigh a thógáil le haghaidh a bhfeola.
In 1938, bhí roinn Dordogne fós i measc na gcúig roinn is mó sa Fhrainc ó thaobh líon na gcaorach de. Tháinig an-laghdú ar an líon sin tar éis an chogaidh dheireanaigh, ach tá sé tar éis teacht aniar ar bhealach suntasach ó shin.
Is é an cuspóir atá leis an bhfeirmeoireacht caorach ar na gabháltais úsáid a bhaint as talamh nach bhfuil an-torthúil i dtéarmaí agranamaíocha.
Is mar gheall ar na srianta sin a roghnaítear na caoirigh as pórtha a bhfuil cáil orthu agus a roghnaítear ar mhaithe lena gcruas, a dteacht aniar, a stuaim, a gcumas innilte ar thailte loma, a n-acmhainn póraithe as séasúr agus a n-acmhainn chun a n-uain a chothú gan dua. Braitheann tréada an lae inniu ar roinnt pórtha (íonphórtha nó pórtha measctha): Lacaune viande, Blanche du Massif Central, Romane, Causse du Lot agus Charmoise. Tógtar na pórtha crua nó leathchrua sin tar éis iad a chrosphórú le reithe feabhsaithe. Is saineolaithe póraithe iad na póraitheoirí agus roghnaíonn siad pór na n-aithreacha de réir mar is féidir leis an gcúpláil feabhas a chur ar chonablaigh na n-uan nó tréithe máithreacha na gcaorach a bheidh ann sa todhchaí a chaomhnú: an cruas, an acmhainn póraithe as séasúr agus an acmhainn le haghaidh na cúplála nádúrtha.
Téann na srianta céanna i bhfeidhm ar an gcóras beathaithe a chuireann póraitheoirí ar fáil: is é an dúshlán atá ann fios a bheith acu conas an úsáid is fearr a bhaint as a n-acmhainní chun a áirithiú go dtáirgfear uain ardcháilíochta ar feadh na bliana.
Cuireann an póraitheoir dua air féin aiste bia an tréada a eagrú, á dhéanamh deimhin de soláthar na beatha a choigeartú de réir riachtanais bheathaithe na gcaorach agus na n-uan, i gcomhréir lena gcéimeanna fiseolaíocha faoi seach.
Dá réir sin, déanann póraitheoir sceideal casta beathaithe a tharraingt suas chun tailte, féaraigh, agus limistéir foráiste a chomhcheangal ar an mbealach is fearr, agus achar agus toradh féideartha gach limistéir á gcur san áireamh, agus b’fhéidir chomh fada atá siad ón gcró caorach.
Cuirtear na hainmhithe, arna roinnt ina dtréada aonchineálacha de réir a riachtanas fiseolaíoch (caoirigh torracha nó diúil, fóisceacha le haghaidh póraithe) ar fhéarach ar thailte de réir sceideal lenar féidir úsáid iomlán a bhaint as na hacmhainní plandaí go léir agus iad a bharrfheabhsú, agus riachtanais bheathaithe chatagóirí uile na n-ainmhithe á n-urramú ag an am céanna.
Bíonn dhá chéim i saol uain de chineál “Agneau du Périgord”: an tréimhse diúil ina leanann an t-uan a mháthair agus an tréimhse chríochnaithe ina dtugtar aird faoi leith air (spás faoi leith agus aiste bia den scoth).
Sa spás faoi leith sin, dáileann an póraitheoir sainbheatha ar na huain ar meascán cothrom é atá bunaithe go príomha ar ghránaigh iomlána nó rollta agus a gcuirtear féar tirim maith agus léagúim leis.
Déantar príomhbheatha na n-uan den fhorlíonadh diúil sin, de réir mar a bhaintear ón diúl iad.
Is a bhuí leis an aiste bia a fhásann uain “Agneau du Périgord” ar bhealach níos comhchuí agus níos tapúla.
Bíonn uain “Agneau du Périgord” óg (idir 80 agus 180 lá d’aois) agus éadrom (idir 15 agus 21 kg). Bíonn creat maith orthu in éineacht le matáin fhorbartha ar chnámharlach mín. Ní bhíonn aon stróiceadh ná haematóma ar an gconablach. Bíonn dath bándearg geal ar an bhfeoil. Bíonn dath bán nó an-éadrom ar an tsaill; bíonn sí teann, treamhnaithe go haonfhoirmeach agus neamhghréisceach.
Tá an nasc cúisíoch bunaithe ar cháilíocht agus ar chlú “Agneau du Périgord”.
Bhí an neamhrialtacht shuntasacht in aimsir an réigiúin mar aon leis an acmhainneacht íseal agranamaíoch i measc na gcúiseanna a bhí ann le hoiriúnú na gcóras póraithe lena ndéantar “Agneau du Périgord” sa lá atá inniu ann.
Na tailte fliucha in Périgord Vert, na hardchláir thirime aolchloiche in Sarladais agus na tailte Iúrasacha, is samplaí iad ar fad de thailte a oireann go mór do chaoirigh. Is minic nach féidir ach na hainmhithe sin úsáid a bhaint as na tailte sin ar a dtugtar “picadies” de ghnáth, ar tailte loma agus ceapaigh shuaracha iad nach éasca rochtain a fháil orthu agus a bhfuil fánaí géara iontu.
Ó thús ama, bhí ar fheirmeoirí Périgord plé le hinathraitheacht mhór i dtitim na báistí agus sa teocht. Ós rud é nárbh fhéidir leo riamh brath ar thitim báistí ná teochtaí leordhóthanacha chun a bharra a shaothrú, ghlac siad an nós chucu féin éagsúlú a dhéanamh ar a gcuid gníomhaíochtaí agus leis sin, na rioscaí a chomhroinnt idir roinnt príomhtháirgí.
Leis an gcineál tírdhreacha sin agus na dálaí timpeallachta sin, bhí claonadh ann gabháltais bheaga atá scartha óna chéile a shaothrú, a choimeád ar bun le fada an lá geilleagar de chineál neamhthuilleamaíoch lena ndéantar iarracht an leas is fearr a bhaint as acmhainní an ghabháltais féin, idir agranamaíocha agus dhaonna. Is í an fheirmeoireacht mheasctha is mó atá ann.
Dá bhrí sin, is minic a dhéantar an fheirmeoireacht caorach a chomhcheangal leis an táirgeadh gránach, arb é ceann de na cuspóirí leis an tréad caorach a bheathú, in éineacht le barr eile nó roinnt barr eile.
Ó thús an 20ú haois, tháinig an táirgeadh feola in ionad an táirgthe olla agus chuaigh póraitheoirí Périgord leis an athrú sin trí spéis a léiriú sa dul chun cinn géiniteach.
Thógtaí trí phór in Périgord ag an am: Charmoise, Berrichonne de l’Indre agus Causse du Lot. Tá laghdú tagtha ar líon ainmhithe na bpórtha sin ó shin agus méadú tagtha dá réir ar líon ainmhithe trí phór eile: Lacaune viande, Blanche du Massif Central agus Romane. Mar sin féin, tá athbheochan áirithe ar siúl i gcás na bpórtha dúchasacha le 10 mbliana anuas, i gcás na bpórtha Charmoise agus Causse du Lot go háirithe.
Is é an toradh a bhí ar úsáid na bpórtha crua sin cleachtais lena mbaintear leas as saintréithe éagsúla an cheantair.
Baineann sainiúlacht “Agneau du Périgord” go príomha leis an mbealach traidisiúnta seo ina dtógtar na huain: tréimhse diúil lena máithreacha agus ina dhiaidh sin tréimhse chríochnaithe ar aiste bia atá bunaithe ar fharae agus gránaigh iomlána nó rollta.
Baineann an dath geal ar uaineoil “Agneau du Périgord” le dá ghné comhlántacha den mhodh táirgthe: aois na n-uan nuair a mharaítear iad (180 lá ar a mhéad) agus an tréimhse diúil. Is amhlaidh go mbeathaítear iad ag úth a máithreacha ar feadh 60 lá ar a laghad.
Bíonn dath bán (nó an-éadrom) ar an tsaill mar gheall ar aiste bia ar leith ar feadh na tréimhse chríochnaithe. Tá an t-aiste bia sin bunaithe ar fharae agus beatha forlíontach atá bunaithe ar ghránaigh iomlána nó rollta amháin.
Fágann an forlíonadh beathaithe sin ar feadh na tréimhse chríochnaithe go mbíonn saill chothrom ina cuid bhunúsach d’uaineoil “Agneau du Périgord”.
Is modh táirgthe traidisiúnta é “Agneau du Périgord” a bhaineann go dlúth le réigiún Périgord. Is sócamas de chineál féiltiúil é a fhaightear i roinnt foirmeacha, ach a bhíonn i lár an aonaigh i gcónaí sna béilí.
Cuirtear chun cinn é i neart oideas agus uaireanta tagraítear dó mar “an ghreim bia den scoth eile de chuid Périgord”.
Tagairt foilsiúcháin na sonraíochta
(Airteagal 6(1), an dara fomhír, den Rialachán seo)
https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-cdf6faf7-26d4-42dd-9789-a75c4c4d5eca