21.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 31/25


Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 31/12)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

TEACHTAIREACHT MAIDIR LE LEASÚ CAIGHDEÁNACH LENA MODHNAÍTEAR AN DOICIMÉAD AONAIR

“Pla de Bages”

PDO-ES-A1557-AM05

Dáta na teachtaireachta: 20 Deireadh Fómhair 2021

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS NA CÚISEANNA ATÁ LEIS

1.   Méadú ar theorainneacha na haigéadachta luainí i bhfíonta geala, rosé agus dearga

Tuairisc

An mhír lena dtagraítear d’aigéadacht luaineach na bhfíonta atá faoi Chatagóir 1, leasaítear í mar a leanas:

“Fíonta is lú ná 1 bliain, ní mór aigéadacht luaineach is lú ná 0,70 g/l, a shloinntear mar aigéad aicéiteach, a bheith iontu i gcás fíonta geala agus rosé agus ní mór aigéadacht luaineach is lú ná 0,8 g/l a bheith iontu i gcás fíonta dearga.

Fíonta is sine ná 1 bhliain agus fíonta a tháirgtear i mbairillí adhmaid laistigh den bhliain amháin, cibé acu trí choipeadh agus/nó trí aosú, ní mór uas-aigéadacht luaineach 0,9 g/l a bheith iontu i gcás fíonta geala agus rosé agus ní mór uas-aigéadacht luaineach 1,1 g/l a bheith iontu i gcás fíonta dearga.” Is é sin le rá, gur méadaíodh, i gcás fíonta geala agus rosé, an teorainn ó 0,6 go 0,7 g/l le haghaidh fíonta neamhaibí agus gur méadaíodh an teorainn go 0,9 g/l i gcás na bhfíonta sin a dhéantar a aosú i bairillí adhmaid. Maidir le fíonta dearga a dhéantar a aosú i bairillí adhmaid, méadaíodh an teorainn ó 1 go 1,1 g/l.

Baineann an leasú seo le Roinn 2(D-3) den tsonraíocht táirge agus le Roinn 4 den doiciméad aonair.

Meastar gur leasú caighdeánach é seo toisc nach gcumhdaítear é le haon cheann de na cineálacha leasaithe a liostaítear in Airteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiarratais ar chosaint sonrúchán tionscnaimh, tásc geografach agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta ar úsáid, leasuithe ar shonraíochtaí táirge, cealú cosanta, agus lipéadú agus cur i láthair.

Cúiseanna

Is é is cúis leis an leasú seo, córais nua déanta fíona a chur leis, ar córais iad atá difriúil leis na córais thraidisiúnta, ina n-úsáidtear teochtaí coipthe is airde agus trealamh nua déanta fíona agus ina roghnaítear giostaí nádúrtha, arb é is toradh orthu go minic fíonta a bhfuil aigéadacht luaineach is airde iontu.

San am céanna, tá méadú ag teacht ar an líon cineálacha dúchasacha sa limistéar Pla de Bages, cineálacha ar gnách go mbíonn siad níos íogaire nuair a dhéantar na fíonta.

2.   Deireadh a chur leis na teorainneacha maidir leis an dlús plandaithe

Tuairisc

Scriosadh an mhír “Dlús plandaithe uasta 4 500 fíniúin/ha agus dlús plandaithe íosta 2 500 fíniúin/ha. Ní mór aon dlús eile a bheith formheasta.”.

Baineann an leasú seo le Roinn 3.1 den tsonraíocht táirge agus le Roinn 5(a) den doiciméad aonair.

Meastar gur leasú caighdeánach é seo toisc nach gcumhdaítear é le haon cheann de na cineálacha leasaithe a liostaítear in Airteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiarratais ar chosaint sonrúchán tionscnaimh, tásc geografach agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta ar úsáid, leasuithe ar shonraíochtaí táirge, cealú cosanta, agus lipéadú agus cur i láthair.

Cúiseanna

Tá leagan amach agus cumraíochtaí na ndáileachtaí fíonghoirt an-éagsúil ó chéile mar gheall ar thír-raon sléibhtiúil an limistéir STFC “Pla de Bages”.

Tá cuid de na fíonghoirt lonnaithe i ngoirt réasúnta mór, ar goirt iad atá éasca le saothrú le meaisín, rud a fhágann gur féidir an dlús plandaithe dul thar an uasmhéid 4 500 fíniúin/ha.

Ar an gcaoi chéanna, fágann dáileachtaí sraithe beaga, ar deacair dul a fhad leo, i lár na limistéar foraoise, go bhféadfadh sé go mbeadh an dlús plandaithe níos ísle ná an t-íosmhéid reatha 2 500 fíniúin/ha a leagtar síos sa tsonraíocht táirge.

Ós rud é gurb éard atá iontu fíonghoirt a shaothraítear sa limistéar agus a tháirgeann fíonta a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh‘Pla de Bages’ orthu, measaimid nach féidir an éagsúlacht fíonghort a léiriú go hiomlán má theorannaítear an dlús plandaithe.

3.   Tásc na gcineálacha atá oiriúnach le fíon milis nádúrtha a tháirgeadh

Tuairisc

Sa roinn ina dtugtar tuairisc ar chineál fíona licéir – fíon milis nádúrtha – sonraítear nach mór na fíonta sin a dhéanamh ó na cineálacha fíonchaor de bhunús Garnacha, Macabeo nó Malvasía Aromatica / Malvasia de Sitges.

Baineann an leasú seo le Roinn 2(D-3) den tsonraíocht táirge ach ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair.

Meastar gur leasú caighdeánach é seo toisc nach gcumhdaítear é le haon cheann de na cineálacha leasaithe a liostaítear in Airteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiarratais ar chosaint sonrúchán tionscnaimh, tásc geografach agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta ar úsáid, leasuithe ar shonraíochtaí táirge, cealú cosanta, agus lipéadú agus cur i láthair.

Cúiseanna

Toisc an roinn lena sainmhínítear fíon milis nádúrtha a bheith neamhiomlán sa tsonraíocht, ba ghá í a leasú. Bhí an liosta de na cineálacha fíonchaor is féidir a úsáid chun fíon a tháirgeadh in easnamh.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainmneacha

Pla de Bages

2.   Cineál an táisc gheografaigh

STFC – Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí finiúna

1.

Fíon

3.

Fíon licéir

5.

Fíon súilíneach ar ardchaighdeán

8.

Fíon leathshúilíneach

4.   Tuairisc ar na fíonta

1.   Fíonta geala agus fíonta rosé

TUAIRISC THÉACSÚIL ACHOMAIR

Arna dtáirgeadh ó na cineálacha a liostaítear i Roinn 6. Is fíonta iad na fíonta geala a bhfuil dath éadrom orthu a bhfuil boladh úr bláthanna agus luibheanna aramatacha orthu. Ós limistéar é atá go mór faoi thionchar ag na Piréiní, tá bolaithe na bhfíonta geala ar na bolaithe is úire as measc na mbolaithe a ndéantar tuairisc orthu faoi gach catagóir, agus tá rian láidir na dtorthaí aigéadacha orthu. Is fíonta láidre iad na fíonta rosé, iad déanta as fíonchaora aibí a thugann struchtúr maith agus míne dóibh. Athraíonn an dathán ó mhaothú níos giorra go fíonta rosé is láidre.

Is é 11,5 % de réir toirte an neart alcóil iarbhír íosta i gcás fíonta rosé nach bhfuil déanta ach amháin as fíonchaora Sumoll agus Ull de Llebre agus 12,5 % de réir toirte i gcás gach cineáil eile.

Fíonta is sine ná 1 bhliain agus fíonta a tháirgtear i mbairillí adhmaid laistigh den bhliain amháin, cibé acu trí choipeadh agus/nó trí aosú, ní mór uas-aigéadacht luaineach 0,9 g/l a bheith iontu.

SAINTRÉITHE ANAILÍSEACHA GINEARÁLTA

Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte):

Neart alcóil iomlán íosta (% de réir toirte):

11

Aigéadacht iomlán íosta:

4.5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéis in aghaidh an lítir):

11.67

Iomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir):

180

2.   Fíon dearg

TUAIRISC THÉACSÚIL ACHOMAIR

Ní mór na fíonta dearga a tháirgeadh ó na cineálacha arna n-údarú. Tá dathanna an-láidir orthu. Leis an séasúr fáis agus an aeráid fionnuar cothaítear an t-aibiú mall san fhómhar, rud a fhágann go dtagann réimse mór dathanna ar na cineálacha uile. Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, nach bhfuil an acmhainneacht chéanna datha ag na cineálacha dúchasacha agus, dá bhrí sin, nach mbíonn an oiread céanna datha orthu. Is fíonta dea-struchtúrtha an-chumhachtach iad.

Is é 11,5 % de réir toirte an neart alcóil iarbhír íosta i gcás fíonta nach ndéantar ach as fíonchaora Sumoll, Ull de Llebre, Picapoll Negro agus Garró/Mandó.

Fíonta is sine ná 1 bhliain agus fíonta a tháirgtear i mbairillí adhmaid laistigh den bhliain amháin, cibé acu trí choipeadh agus/nó trí aosú, ní mór uas-aigéadacht luaineach 1,1 g/l a bheith iontu.

SAINTRÉITHE ANAILÍSEACHA GINEARÁLTA

Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte):

Neart alcóil iomlán íosta (% de réir toirte):

12.5

Aigéadacht iomlán íosta:

4.5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéis in aghaidh an lítir):

13.3

Iomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir):

150

3.   Fíon leathshúilíneach

TUAIRISC THÉACSÚIL ACHOMAIR

Is ionann paraiméadair d’fhíonta leathshúilíneacha go bunúsach agus d’fhíonta geala agus d’fhíonta rosé, agus tá na saintréithe sonracha seo a leanas acu:

1.

Is airde an aigéadacht atá sna fíonta sin toisc a neart alcóil a bheith teoranta. Cuireann sin leis an úire, agus tá dea-chothromaíocht ann toisc dé-ocsaíd charbóin a bheith ann.

2.

Tá blas níos struchtúrtha ar na fíonta sin agus tá siad níos tathagaí sa bhéal, a bhuí sin leis an mothú tadhlach a chruthaíonn an dé-ocsaíd charbóin iontu.

SAINTRÉITHE ANAILÍSEACHA GINEARÁLTA

Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte):

Neart alcóil iomlán íosta (% de réir toirte):

10,5

Aigéadacht iomlán íosta:

4.5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéis in aghaidh an lítir):

13,3

Iomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir):

200

4.   Fíon súilíneach ar ardchaighdeán

TUAIRISC THÉACSÚIL ACHOMAIR

Maidir leis an gcuma atá orthu, is cosúil dathanna na bhfíonta sin le dathanna na bhfíonta a dtugtar tuairisc orthu sa roinn maidir le fíonta geala agus fíonta rosé.

Is é an cuvée a thugann na bunbholaithe de thorthaí úra, torthaí citris agus bláthanna. Aosú na moirte a fhásann sa bhuidéal, fágann sé blas de thorthaí triomaithe agus d’arán air.

Sa bhéal, is tathagaí go mór na fíonta seo ná na fíonta as a ndearnadh iad. Tá an uachtarúlacht i gcomhréir leis an líon míonna aosaithe, agus tá an dé-ocsaíd charbóin comhtháite go maith ann. Na boilgeoga fíneálta, cruthaíonn siad sineirgí le croí aigéadach na bhfíonta ón limistéar, rud a thugann dóibh an úire agus t-iarbhlas fada is saintréithe d’fhíonta súilíneacha a dhéantar i réigiúin fhionnuara.

SAINTRÉITHE ANAILÍSEACHA GINEARÁLTA

Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte):

Neart alcóil iomlán íosta (% de réir toirte):

10,5

Aigéadacht iomlán íosta:

4,5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéis in aghaidh an lítir):

13,3

Iomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir):

185

5.   Fíonta licéir

TUAIRISC THÉACSÚIL ACHOMAIR

Is féidir na fíonta sin a dhéanamh as fíonchaora ró-aibí nó as fíonchaora a mbíonn tionchar ag an lobhadh uasal orthu.

Fíonta a dhéantar as fíonchaora ró-aibí, tagann blas de thorthaí triomaithe, de rísíní, de shíoróip agus de mhilseogra orthu. Nuair a dhéantar iad as fíonchaora a mbíonn tionchar ag an lobhadh uasal orthu, cuirtear blas de chraiceann oráiste agus de mhil ar na bolaithe seo.

Fíonta milse nádúrtha a dhéantar trí stad a chur leis an gcoipeadh, rud a dhéantar de ghnáth trí bhíthin micreascagacháin agus trí na fíonta a choimeád fuar, bíonn saintréithe fíonta óga acu ach bíonn siúcra iontu go nádúrtha freisin.

Fágann sin gur féidir mistelles, fíonta rancio agus fíon milis nádúrtha a tháirgeadh.

SAINTRÉITHE ANAILÍSEACHA GINEARÁLTA

Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte):

Neart alcóil iomlán íosta (% de réir toirte):

15

Aigéadacht iomlán íosta:

4,5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéis in aghaidh an lítir):

Iomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir):

180

5.   Cleachtais fíonóireachta

5.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

1.   Modh saothraithe

Ní mór cleachtais saothraithe thraidisiúnta a úsáid chun na cáilíochtaí is fearr a bhaint amach. Leis na cleachtais fíonóireachta uile ní mór an comhshaol agus cothromaíocht fhiseolaíoch na bhfíniúnacha a urramú. Ní mór saineolas agranamaíoch a úsáid ionas gur féidir fíonchaora a fháil sa riocht is fearr is féidir le haghaidh na fíonóireachta.

Ní mór an fhíniúin a threorú i gcomhréir le cleachtais agus modhanna fíonóireachta a bhfuil glacadh ginearálta leo.

Na fíonchaora a bhaintear, ní mór iad a iompar chomh tapa is féidir agus leas á bhaint as modhanna lena n-áirithítear go gcoimeádtar cáilíocht na bhfíonchaor.

2.   Srian ábhartha ar dhéanamh na bhfíonta

Ní mór na fíonchaora a bhaint go han-chúramach. Fíonta atá cumhdaithe leis STFC, ní fhéadfar iad a dhéanamh ach amháin as fíonchaora sláintiúla atá aibí a ndóthain chun fíonta a bhfuil neart alcóil nádúrtha 9.5 % de réir toirte ar a laghad acu i gcás fíonta geala agus neart alcóil nádúrtha 11 % de réir toirte i gcás fíonta dearga. Ní mór neart alcóil nádúrtha íosta 9.5 % de réir toirte ar a laghad a bheith ag fíonta leathshúilíneacha nó ag fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán a dhéantar trí úsáid a bhaint as na fíonchaora.

5.2.   Na táirgeachtaí uasta

1.   Cineálacha fíonta geala

10 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

2.   Cineálacha fíonta geala

70 heictilítear in aghaidh an heicteáir

3.   Cineálacha fíonta dearga

9 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

4.   Cineálacha fíonta dearga

63 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Fíonta a bhfuil an STFC “Pla de Bages” orthu, táirgtear iad sna bardais seo a leanas:

Aguilar de Segarra

Artés

Avinyó

Balsareny

Calders

Callús

Cardona

Castellbell i el Vilar

Castellfollit del Boix

Castellgalí

Castellnou de Bages

El Pont de Vilomara i Rocafort

L’Estany

Fonollosa

Gaià

Manresa

Marganell

Moià

Monistrol de Calders

Monistrol de Montserrat

Mura

Navarcles

Navàs

Rajadell

Sallent

Sant Feliu Sasserra

Sant Fruitós de Bages

Sant Joan de Vilatorrada

Sant Mateu de Bages

Sant Salvador de Guardiola

Sant Vicenç de Castellet

Santpedor

Santa Maria d’Oló

Súria

Talamanca

7.   Príomhchineálacha na bhfíonta geala

PICAPOLL BLANCO

SUMOLL TINTO

TEMPRANILLO – ULL DE LLEBRE

8.   Tuairisc ar na naisc

8.1.   Fíon

Maidir le dálaí talmhaíochta agus aeráide an cheantair, is dálaí iad a bhfuil a dteochtaí agus a leibhéal báistí an-difriúil le teochtaí agus leibhéal báistí na gceantar máguaird. Gnéithe áirithe d’aeráid an cheantair is cúis le croí aigéadach a fhíonta, is gnéithe iad atá faoi thionchar ag meánairde an cheantair, meánfhad an cheantair ón bhfarraige agus an scairp réamhchósta.

I ngeall ar na foraoisí flúirseacha agus ar an líon mór luibheanna aramatacha a fhásann ar fud an cheantair tá terroirsainiúil aige, terroir a bhfuil tionchar láidir sonrach aige ar na táirgí fíona uile a bhfuil an STFC “Pla de Bages” orthu. Tá príomhbholaithe na bhfíonta lán le bolaithe na luibheanna sin. Tá marós, labhandar, tím, etc. ann.

8.2.   Fíon leathshúilíneach

Na barúlacha a tugadh sa roinn roimhe seo maidir le fíonta, tá feidhm acu anseo freisin.

8.3.   Fíon súilíneach ar ardchaighdeán

Tá traidisiún fada ag an gceantar Bages maidir le fíonta súilíneach a dhéanamh. Tá an bardas Artés cumhdaithe leis an PDO “Cava” ós rud é go bhfuil fíonta den chineál sin á dtáirgeadh ann ó rinneadh na chéad turgnaimh go luath san fhichiú haois. I bhfocail eile, bhí sé ina cheannródaí i dtaca le táirgeadh fíonta súilíneacha de. Macabeo, Xarel·lo agus Parellada, arb éard atá iontu na cineálacha is mó a úsáidtear chun na fíonta súilíneacha a tháirgeadh, is fíonta iad ag a bhfuil na saintréithe a dtugtar tuairisc orthu thuas sa roinn maidir le fíonta.

8.4.   Fíon licéir

Is rífhada fíonta licéir a bheith á dtáirgeadh sa cheantar Bages. Fíon rancio, mistelle agus fíon milis nádúrtha, is deochanna iad a bhí coitianta i dtithe an cheantair le blianta fada. An teaglaim de mhodh táirgthe traidisiúnta agus cineálacha fíniúna an cheantair, ar nithe iad atá faoi thionchar ag na dálaí agra-aeráide dá dtagraítear thuas, tugann siad saintréithe orgánaileipteacha áirithe do na fíonta sin.

9.   Coinníollacha fíor-riachtanacha eile (pacáistíocht, lipéadú, ceanglais eile)

Creat dlíthiúil:

Sa reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise:

Pacáistíocht laistigh den limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Fíonta a bhfuil an STFC “Pla de Bages” orthu, ní mór iad a phacáistiú sa limistéar a shonraítear sna rialacháin lena rialaítear an STFC. Rinne an Bord Rialála an cinneadh sin toisc go measann sé, i bhfianaise an limistéir bhig a chumhdaítear leis an STFC, go bhféadfadh sé go mbeadh tionchar diúltach ag aon chur isteach seachtrach ar an gcáilíocht toisc go rachadh sé thar smacht an Bhoird agus go bhféadfadh sé dochar a dhéanamh do na caighdeáin sheanbhunaithe.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

http://incavi.gencat.cat/web/.content/005-normativa/plecs-condicions-do-catalanes/Arxius-plecs/Plec-de-condicions-DO-Pla-de-Bages-maig-2021.pdf


(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.