An Bhruiséil,19.12.2022

SWD(2022) 426 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

a ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

lena leasaítear Treoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint

{COM(2022) 732 final} - {SEC(2022) 445 final} - {SWD(2022) 425 final} - {SWD(2022) 427 final} - {SWD(2022) 428 final}


Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

Measúnú tionchair ar leasú Threoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint

A. An gá atá le beart

Cén fáth? Cén fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi?

Is príomhghníomhaíocht de chuid na coireachta tromchúisí agus eagraithe san Aontas í an gháinneáil ar dhaoine agus beidh sí fós ina bagairt go ceann i bhfad. Cé gur chuidigh an Treoir Frithgháinneála (Treoir 2011/36/AE) le comhthuiscint an Aontais a chruthú chun gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus chun íospartaigh a chosaint, tá roinnt saincheisteanna fós ann, go háirithe:

·Tá borradh leanúnach faoin ngáinneáil ar dhaoine laistigh den Aontas d'ainneoin na n‑iarrachtaí an choir a chosc agus a bhrath, chomh maith le híospartaigh na gáinneála sin a shainaithint ag céim luath. Thairis sin, ní léiríonn bailiú sonraí agus faireachán treochtaí scála iomlán na gáinneála ar dhaoine san Aontas.

·Tá líon na n‑imscrúduithe, na n-ionchúiseamh agus na gciontuithe íseal, rud a fhágann go bhfuil gáinneálaithe saor ó phionós. Ní thugann an Treoir aghaidh ar roinnt ábhar imní móra, atá tagtha chun cinn agus ardaithe ó glacadh í, lena n‑áirítear cineálacha nua dúshaothraithe agus úsáid na teicneolaíochta chun an choir a éascú. D’fhéadfadh léirmhíniú na gcionta gáinneála agus léirmhíniú an dúshaothraithe a bheith éagsúil ó Bhallstát go chéile, rud a fhágann go mbíonn dúshláin ann maidir le comhar trasteorann agus an cion a chruthú. Thairis sin, ní thugtar daoine dlítheanacha chun cuntais ar bhealach leordhóthanach as gáinneáil ar dhaoine a dhéanamh, rud a chuireann le cultúr na saoirse ó phionós.

·Ní i gcónaí a fhaigheann íospartaigh leibhéal leordhóthanach cúnaimh, tacaíochta agus cosanta atá oiriúnaithe dá riachtanais shonracha. Na prionsabail maidir le neamh‑ionchúiseamh agus neamh‑phionósú na n‑íospartach as a rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí coiriúla, cearta íospartach chun cúitimh agus bearta cosanta íospartach, ní dhéantar iad a chur chun feidhme go comhsheasmhach sna Ballstáit. Níl na sásraí atreoraithe náisiúnta agus trasnáisiúnta atá ann cheana iomlán éifeachtach, rud a d’fhéadfadh bac a chur ar íospartaigh a shainaithint go luath agus iad a atreorú chuig cúnamh, tacaíocht agus cosaint.

·Tá an t‑éileamh a chothaíonn gáinneáil ar dhaoine fós ard san Aontas, éileamh a d’fhéadfadh a bheith ann toisc nach bhfuil coiriúlú úsáid na seirbhísí a thagann ó íospartaigh comhsheasmhach ar fud na mBallstát agus nach gcuirtear chun feidhme go forleathan cur chuige atá dírithe ar laghdú ar an éileamh.

Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo?

Is é is aidhm don tionscnamh seo creat dlíthiúil an Aontais in aghaidh na gáinneála ar dhaoine a neartú. Chun an cuspóir ginearálta sin a bhaint amach, leagtar amach sa tionscnamh ceithre chuspóir shonracha:

·Cosc agus brath leordhóthanach na gáinneála ar dhaoine ar leibhéal an Aontais a áirithiú mar aon le feabhas a chur ar fhaireachán trí inniúlacht na bpáirtithe leasmhara uile ar dócha go mbeidh siad i dteagmháil le híospartaigh (féideartha) a neartú chun comharthaí na coire a aithint, chomh maith leis an eolas faoin bhfeiniméan agus faoina threochtaí a mhéadú.

·Freagairt an cheartais choiriúil ar an gcoir a threisiú, lena n‑áirítear sa chomhthéacs trasteorann, d’fhonn feabhas a chur ar inniúlacht na n‑údarás forfheidhmithe dlí agus na n-údarás breithiúnach an choir a chomhrac agus dul in oiriúint do modi operandi nua agus do shamhail ghnó nua na ngáinneálaithe, agus aghaidh a thabhairt ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn.

·A áirithiú go bhfaigheann íospartaigh na gáinneála ar dhaoine cúnamh, tacaíocht agus cosaint leordhóthanach ó Bhallstát go chéile, go háirithe trí fheabhas a chur ar shásraí maidir le sainaithint luath agus atreoraithe, lena n‑áirítear sa chomhthéacs trasteorann.

·An t‑éileamh ar sheirbhísí saothraithe íospartaigh na gáinneála ar dhaoine a laghdú, ar sheirbhísí iad a chothaíonn gáinneáil maidir le gach cineál dúshaothraithe idir neartú a dhéanamh ar an bhfreagairt choiriúil ar úsáid seirbhísí saothraithe agus feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí múscailte feasachta, ar oideachas agus ar oiliúint. 

Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais? 

Is coir thrasteorann í an gháinneáil ar dhaoine, a dhéanann difear do na Ballstáit uile. Tá gné thrasteorann laistigh den Aontas agus gné inmheánach ann a bhaineann le teorainneacha seachtracha an Aontais a thrasnú. Tá comhar ar fud an Aontais ríthábhachtach chun dul i ngleic leis an ngné thrasteorann a mhéid a bhaineann sí leis an gcoir a chosc agus a chomhrac, agus chomh maith lena chinntiú go sainaithnítear íospartaigh agus go bhfaigheann siad cúnamh, tacaíocht agus cosaint leordhóthanach. Tugann ábharthacht mhéadaithe na gné ar líne den choir údar breise le gníomhaíocht nua ar leibhéal an Aontais, ós rud é go dtugann sé tuilleadh deiseanna do gháinneálaithe na híospartaigh a earcú, a rialú, a iompar agus a dhúshaothrú, chomh maith le brabúis a bhogadh agus teagmháil a dhéanamh le húsáideoirí laistigh den Aontas agus lasmuigh den Aontas gan aon teorainn a thrasnú. Aithníonn na húdaráis náisiúnta agus na páirtithe leasmhara go forleathan go bhfuil gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun an gháinneáil a chomhrac.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a breithníodh? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Cén fáth? 

Díríonn Rogha beartais 1 ar bhearta neamhreachtacha.

Níl ann iRogha beartais 2 ach bearta reachtacha, a mbeadh leasuithe ar an Treoir i gceist leo. I gcás roinnt de na bearta reachtacha faoi rogha beartais 2, rinneadh measúnú ar roinnt fo‑roghanna.

Is meascán í Rogha beartais 3 de na bearta neamhreachtacha a chuirtear i láthair i rogha beartais 1 agus roinnt de na bearta reachtacha a mholtar i rogha beartais 2.

Is í rogha beartais 3 an rogha thosaíochta. Freagraíonn sí do na cuspóirí cothrománacha agus sonracha a sainaithníodh:

·Cuspóir cothrománach 1: A áirithiú go ndéanfar an gháinneáil ar dhaoine a chosc agus a bhrath, mar aon le faireachán a fheabhsú ar bhealach leordhóthanach ar leibhéal an Aontais:

oMol Eolais agus Saineolais maidir le Gáinneáil ar Dhaoine a Chomhrac a bhunú, lena dtacaítear, i measc nithe eile, le treoirlínte a fhorbairt i ndáil le bailiú sonraí i dtaca le gáinneáil ar dhaoine san Aontas agus le múscailt feasachta in aghaidh na gáinneála a chur chun cinn (bearta neamhreachtacha).

oOibleagáid a thabhairt isteach sa Treoir do na Ballstáit sonraí maidir le gáinneáil ar dhaoine a bhailiú agus a thuairisciú don Choimisiún gach bliain, lena n‑áirítear trí na táscairí i ndáil le bailiú sonraí den sórt sin a shonrú (beart reachtach).

·Cuspóir sonrach 2: Freagairt an cheartais choiriúil ar an gcoire a threisiú, lena n‑áirítear sa chomhthéacs trasteorann:

oA áirithiú go gcuirtear an ghné ar líne san áireamh maidir le gach gné den chion sa Treoir (beart reachtach).

oFeabhas a chur ar an gcomhar idir an Coimisiún agus cuideachtaí idirlín laistigh d’Fhóram Idirlín an Aontais Eorpaigh (beart neamhreachtach).

oPósadh éigeantais agus uchtú neamhdhleathach a chur san áireamh ar liosta na gcineálacha dúshaothraithe (beart reachtach).

oA áirithiú gur féidir daoine dlítheanacha a chur faoi réir roinnt de na smachtbhannaí, a bhfuil rogha faoi láthair ag na Ballstáit iad a thrasuí, i gcás na gcionta caighdeánacha gáinneála ar chiontú sa chúirt agus faoi réir na smachtbhannaí eile nuair a dhéantar an cion le cúinsí géaraitheacha (beart reachtach).

oGrúpa Fócais na n‑ionchúisitheoirí speisialaithe in aghaidh na gáinneála ar dhaoine a bhunú (beart neamhreachtach).

·Cuspóir sonrach 3: A áirithiú go bhfaighidh íospartaigh na gáinneála ar dhaoine cúnamh, tacaíocht agus cosaint leordhóthanach ó Bhallstát go chéile:

oCeangal a chur ar na Ballstáit Sásraí Náisiúnta Atreorúcháin foirmiúla a bhunú agus pointí fócasacha náisiúnta a chruthú maidir le atreorú íospartach (beart reachtach).

oTreoirlínte a fhorbairt maidir le híoscheanglais agus le híoschaighdeáin i ndáil le Sásraí Náisiúnta Atreorúcháin agus Sásra Atreorúcháin Eorpach a chur ar bun laistigh de chreat an Mhoil Eolais agus Saineolais (beart neamhreachtach).

·Cuspóir sonrach 4: An t-éileamh ar sheirbhísí dúshaothraithe d’íospartaigh a laghdú, ar seirbhísí iad a chothaíonn gáinneáil maidir le gach cineál dúshaothraithe:

oÉ a chur de cheangal ar na Ballstáit coir a dhéanamh as úsáid eolach seirbhísí a bhaintear as íospartaigh na gáinneála ar dhaoine maidir le gach cineál dúshaothraithe (beart reachtach).

oFeachtas múscailt feasachta a eagrú ar fud an Aontais, arb é is aidhm dó an t‑éileamh a chothaíonn gáinneáil laistigh de chreat an Mhoil Eolais agus Saineolais (beart neamhreachtach) a dhíspreagadh.

Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo 

Ina rún an 10 Feabhra 2021, d’iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach Frithgháinneála agus tograí a chur chun cinn chun í a athbhreithniú. Rinne an Coimisiún comhairliúcháin fhorleathana le páirtithe leasmhara, lena n‑áirítear trí chomhairliúchán poiblí agus trí chruinnithe de Líonra an Aontais um Rapóirtéirí Náisiúnta agus sásraí coibhéiseacha agus Ardán Shochaí Shibhialta an Aontais in aghaidh na gáinneála ar dhaoine. Bhí an Coimisiún ag brath freisin ar na comhairliúcháin a rinne conraitheoir seachtrach le raon leathan páirtithe leasmhara, lena n‑áirítear údaráis náisiúnta sna Ballstáit, Gníomhaireachtaí an Aontais, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, chomh maith le hionadaithe ón earnáil phríobháideach agus ó Eagraíochtaí Idirnáisiúnta. Thacaigh formhór na bpáirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo leis na bearta éagsúla a moladh mar chuid den rogha thosaíochta. Ina rún, d’iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún an Treoir a leasú d’fhonn a áirithiú go ndéanfadh na Ballstáit uile úsáid fheasach na seirbhísí a fhaightear ó íospartaigh na gáinneála a choiriúlú. Níl na páirtithe leasmhara ar aon tuairim maidir leis an athrú reachtach sin, cé gur thacaigh beagnach dhá thrian de fhreagróirí an chomhairliúcháin phoiblí leis. Thairis sin, bhí formhór na bpáirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo mar chuid de chás-staidéir agus agallaimh spriocdhírithe ar na roghanna beartais i bhfabhar na rogha sin. Meastar gurb í an fho‑rogha seo an ceann a bhfuil an fhéidearthacht is airde aici ó thaobh na comhthola a bhaint amach i measc na bhfo‑roghanna uile a bhaineann le coiriúlú a dhéanamh ar úsáid seirbhísí.

C. Tionchar na rogha tosaíochta

Cad iad na tairbhí a bhaineann leis an rogha thosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad tairbhí na bpríomhroghanna)? 

Is é is aidhm don rogha thosaíochta feabhas a chur ar inniúlacht na mBallstát an choir a chomhrac go héifeachtúil, go háirithe maidir le bagairtí agus treochtaí atá tagtha chun cinn agus forbartha le blianta beaga anuas. Tá coinne leis go gcuirfidh rialacha comhchoiteanna agus comhchuibhithe nua is infheidhme maidir leis na Ballstáit feabhas ar an gcomhar trasteorann, ó thaobh imscrúduithe agus ionchúisimh de, agus ar chúnamh agus tacaíocht d’íospartaigh. Soláthróidh na bearta neamhreachtacha tacaíocht do na Ballstáit a reachtaíocht a oiriúnú agus an Treoir a chur chun feidhme a thuilleadh, i gcomhréir le Straitéis an Aontais maidir le Gáinneáil ar Dhaoine a Chomhrac (2021-2025).

Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)? 

Tá ualach teoranta ar na Ballstáit ag an rogha thosaíochta, rud a dhéantar a fhritháireamh le tionchar dearfach na mbeart maidir le gáinneáil a chosc agus a chomhrac, agus cosaint na n‑íospartach. Is é atá i gceist leis an rogha thosaíochta, den chuid is mó, feabhas a chur ar fhorálacha atá ann cheana seachas oibleagáidí nua a chruthú. Mar thoradh ar an oibleagáid coir a dhéanamh as úsáid fheasach na seirbhísí a éilítear ar íospartaigh na gáinneála, chruthófaí ualach rialála go príomha ar na Ballstáit nach bhfuil an beart sin trasuite acu go fóill, nó nach bhfuil bearta eile a théann níos faide trasuite acu. Tá reachtaíocht chomhfhreagrach i bhfeidhm cheana féin ag formhór na mBallstát maidir le dúshaothrú gnéasach ar a laghad. Chuirfeadh an ceanglas maidir le Sásraí Náisiúnta Atreorúcháin a chur ar bun ualach rialála agus riaracháin áirithe ar na Ballstáit freisin. Mar sin féin, ní oibleagáid nua go hiomlán é, ós rud é go raibh ar na Ballstáit cheana féin, faoin Treoir atá ann faoi láthair, sásraí a bhunú atá dírithe ar íospartaigh a shainaithint go luath agus ar chúnamh agus tacaíocht a thabhairt dóibh, agus ós rud é go bhfuil sásra atreoraithe foirmiúil nó neamhfhoirmiúil i bhfeidhm cheana féin ag na Ballstáit uile seachas Ballstát amháin. Dá bhrí sin, tá coinne leis gur mhionchéimeanna iad na céimeanna is gá chun nósanna imeachta a chur ar bhonn foirmiúil chun íospartaigh a shainaithint agus a atreorú.

Cén difear a dhéanfar do ghnólachtaí, do FBManna agus do mhicrifhiontair?

Ní fhorchuirtear aon oibleagáid ar ghnólachtaí leis an rogha beartais thosaíochta agus, dá bhrí sin, ní dhéanann sí difear díreach dóibh, seachas go mbeadh gá lena rannpháirtíocht dheonach i gcás roinnt beart neamhreachtach. Ní fhéadfadh daoine dlítheanacha a bheith faoi réir pionóis a mbeadh tionchar eacnamaíoch acu, amhail dúnadh sealadach a mbunaíochta, ach amháin tar éis ciontú i gcion gáinneála a dhéantar chun a leasa. Chuideodh an beart seo le geilleagar níos cothroime a áirithiú mar nach n‑íocann an choireacht agus ina mbainfeadh cuideachtaí a ghníomhaíonn faoi na rialacha tairbhe as laghdú ar an iomaíocht mhídhílis ó ghnólachtaí a úsáideann obair éigeantais. Cé go gcothódh an Coimisiún comhar le tionscal na teicneolaíochta agus an idirlín, aon oibleagáid rialála ghaolmhar atá nasctha le freagracht na n‑ardán ar líne agus na soláthraithe seirbhíse ábhar a bhaineann le gáinneáil ar dhaoine a bhrath, faireachán a dhéanamh air agus é a bhaint, chumhdófaí í le hionstraimí dlíthiúla eile atá ann cheana nó a bhfuiltear ar tí iad a ghlacadh.

An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta? 

Mar a thuairiscítear thuas, bheadh tionchar teoranta ag an rogha thosaíochta ar rialtais náisiúnta, a mbeadh orthu, den chuid is mó, a reachtaíocht a chur in oiriúint d’fhorálacha nua nó athbhreithnithe na Treorach, tráth nach bhfuil sé sin déanta acu cheana féin. Maidir le cuid de na bearta reachtacha, atá mar chuid den rogha thosaíochta, go háirithe na cinn a bhaineann le coiriúlú, meastar go mbeidh méadú ar líon na n‑imscrúduithe, na n‑ionchúiseamh agus na gciontuithe mar thoradh orthu. Mar sin féin, le leibhéal níos airde comhchuibhithe ar rialacha an Aontais, chuideofaí le feabhas a chur ar staid na gáinneála ar dhaoine san Aontas agus le méadú a dhéanamh ar inniúlacht na n-údarás forfheidhmithe dlí agus na n-údarás breithiúnach gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac, chun íospartaigh na gáinneála sin a chosaint agus chun an t‑éileamh a chothaíonn an choir a laghdú.

An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist? 

Leis an rogha thosaíochta, neartófar an comhrac in aghaidh na gáinneála ar dhaoine trí chur isteach ar shamhail choiriúil na ngáinneálaithe agus laghdófar an dóchúlacht atá ann go ndéanfar dúshaothrú ar dhaoine, rud a mbeidh tionchar dearfach aige ar an tsochaí, ar chearta bunúsacha, ar an smacht reachta agus ar an tslándáil laistigh den Aontas.

D. Iarobair

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

Ba cheart an mheastóireacht ar an Treoir athbhreithnithe a dhéanamh, i bprionsabal, tráth nach luaithe ná cúig bliana i ndiaidh an sprioc‑ama maidir le trasuí chun a áirithiú go bhfuil tréimhse leordhóthanach fada ann chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an tionscnaimh tar éis é a bheith trasuite go hiomlán ar fud na mBallstát uile. Go háirithe, bheadh foráil sa Treoir athbhreithnithe lena gceanglófaí ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchar na rialacha lena ndéantar coir d’úsáid eolach a bhaint as seirbhísí dúshaothraithe trí thuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle cúig bliana i ndiaidh sprioc‑am an trasuite. Idir an dá linn, leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán agus de mheasúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach i gcomhthéacs an tuairiscithe a dhéanann an Coimisiún gach dhá bhliain ar an dul chun cinn atá déanta sa chomhrac in aghaidh na gáinneála ar dhaoine.