An Bhruiséil,8.12.2022

SWD(2022) 402 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

Tionscnamh chun na rialacha atá ann cheana a neartú agus an creat malartaithe faisnéise i réimse an chánachais a leathnú chun criptea-shócmhainní a chur san áireamh

a ghabhann leis an doiciméad

TREOIR ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais


{COM(2022) 707 final} - {SEC(2022) 438 final} - {SWD(2022) 400 final} - {SWD(2022) 401 final}


Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

Measúnú tionchair ar thionscnamh chun na rialacha atá ann cheana a neartú agus an creat malartaithe faisnéise i réimse an chánachais a leathnú chun criptea-shócmhainní a chur san áireamh.

A. An gá atá le beart

Cén fáth? Cén fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi?

Is í an phríomhfhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi leis an tionscnamh an easpa faisnéise atá ag na húdaráis chánach chun faireachán a dhéanamh ar na fáltais a fhaightear trí chriptea-shócmhainní. Cuireann tearcthuairisciú sonraí a bhaineann le hioncam a fhaigheann úsáideoirí criptea-shócmhainní srian mór le cumas na riarachán cánach a áirithiú go n-íoctar cánacha dlite go hiarbhír. Faoi láthair, níl criptea-shócmhainní faoi raon feidhme na Treorach maidir le Comhar Riaracháin (Treoir 2011/16/AE ón gComhairle (DAC)) lena ndéantar foráil maidir le huathmhalartú faisnéise idir na Ballstáit chun críoch cánach. 
Déantar táirgí, seirbhísí agus feidhmchláir atá bunaithe ar an idirlíon, go háirithe iad siúd a bhaineann leas as líonraí dáilte, amhail criptea-shócmhainní, a thrádáil go héasca ar bhonn trasteorann. Cruthaíonn sé sin dúshláin chánach maidir le rochtain ar fhaisnéis, rud nach féidir a réiteach ach amháin trí chomhar láidir riaracháin idir tíortha.

Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo?

Mar chuspóir ginearálta, tá sé d’aidhm ag an togra feidhmiú cothrom agus éifeachtúil an mhargaidh aonair a áirithiú trí thrédhearcacht fhoriomlán chánach a mhéadú. Rachadh sé sin chun tairbhe ní hamháin d’údaráis chánach ach d’úsáideoirí agus soláthraithe seirbhísí freisin. Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh seo freisin ioncam cánach na mBallstát a chosaint trí na hoibleagáidí tuairiscithe maidir le criptea-shócmhainní laistigh den Aontas Eorpach a leathnú agus a shoiléiriú. Ba cheart don togra reatha (DAC8) feabhas a chur go sonrach ar chumas na mBallstát calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a bhrath agus a chomhrac. Ba cheart dó freisin neamhchomhlíonadh a dhíspreagadh.

Cad é an breisluach atá le beart ar leibhéal an Aontais? 

Ní chuireann gníomhaíochtaí na mBallstát réiteach éifeachtúil éifeachtach ar fáil maidir le fadhbanna atá trasnáisiúnta go bunúsach. Is cosúil gur fearr cur chuige an Aontais chun nach mbeidh meascán ann de cheanglais tuairiscithe arna gcur chun feidhme go haontaobhach ag roinnt Ballstát nó ag na Ballstáit uile. Áirithíonn gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais comhleanúnachas, laghdaíonn sí an t-ualach riaracháin ar eintitis tuairiscithe agus ar údaráis chánach, agus tá sí níos láidre i ndáil le bealach éalaithe a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar chineál luaineach na sócmhainní lena mbaineann.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a breithníodh? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Cén fáth? 

Breithníodh na roghanna seo a leanas: a) rogha neamhreachtach, rogha na reachtaíochta boige; agus b) sé thionscnamh reachtacha féideartha. D’áireofaí na nithe seo a leanas sna tionscnaimh reachtacha mar roghanna malartacha: 1) idirbheart ar idirbheart; 2) idirbheart ar idirbheart lena ngabhann tairseach FBM; 3) tuairisciú lán-chomhiomlánaithe; 4) tuairisciú lán-chomhiomlánaithe le tairseach FBM; 5) rogha hibrideach nó chomhréiteach; agus 6) rogha hibrideach nó chomhréiteach lena ngabhann tairseach FBM. 
Is é an rogha thosaíochta tionscnamh reachtach lena ngabhann cumhdach idirmheánach. Dá bhrí sin, is í an rogha hibrideach nó chomhréiteach (rogha 5) an rogha is iomchuí chun cuspóirí an tionscnaimh a bhaint amach. Bheadh ar gach soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní, gan beann ar a mhéid agus ar a thír bhunaíochta, tuairisc a thabhairt agus idirbhearta á ndéanamh acu do chliaint a bhfuil cónaí orthu san Aontas. Cruthóidh sé sin creat nua tuairiscithe agus malartú faisnéise idir riaracháin chánach. Cuimseoidh an tionscnamh criptea-shócmhainní indíolta arb é is aidhm dó faisnéis idirbheartaíochta a mhalartú, cé go mbeidh méid áirithe comhiomlánaithe ann.



Cé a thacaíonn leis na roghanna éagsúla? 

Léiríonn torthaí an chomhairliúcháin phoiblí agus an chomhairliúcháin shonraigh le soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní go meastar gurb é tionscnamh reachtach an rogha is fearr go ginearálta. Chuir formhór na mBallstát in iúl freisin go dtacaíonn siad leis an rogha thosaíochta.

C. Tionchar na rogha tosaíochta

Cad iad buntáistí na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad buntáistí na bpríomhroghanna)?

Tá coinne leis go mbeidh buntáistí eacnamaíocha díreacha suntasacha ag baint leis an tionscnamh. Beidh tionchar dearfach aige ar bhailiú cánach, agus meastar go dtiocfaidh EUR 1.7 billiún d’ioncam cánach breise ó idirbhearta criptea-shócmhainní. D’fhéadfadh an t-ioncam sin a bheith ina fhoinse chun beartais eacnamaíocha agus shóisialta na mBallstát a chistiú. Tá coinne leis go rannchuideoidh an tionscnamh le gnéithe cothroime agus le muinín mhéadaithe i gcórais chánach trí ualach a roinnt go cothrom idir cáiníocóirí.

Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad buntáistí na bpríomhroghanna)? 

Is é an t-eolaire lárnach (a úsáidtear cheana féin le haghaidh malartuithe faoi DAC3 agus DAC6) an réiteach TF is fearr a d’éascódh tuairisciú agus malartú faisnéise leis na costais is ísle agus na tairbhí is airde do na páirtithe uile lena mbaineann – soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní, na Ballstáit agus an Coimisiún. I gcomparáid leis na ceanglais tuairiscithe a bhí ann roimhe seo, maidir leis na costais ar riaracháin chánach agus iad ag déileáil le criptea-shócmhainní, meastar go mbeidh idir EUR 1 mhilliún agus EUR 12,96 milliún le haghaidh costais aonuaire (forbartha) agus idir EUR 1 mhilliún agus EUR 5,67 milliún le haghaidh costais athfhillteacha. Meastar go dtabhóidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní thart ar EUR 259 milliún i gcostais aonuaire agus idir EUR 22,6 milliún agus EUR 24 mhilliún i gcostais athfhillteacha. Tabhóidh an Coimisiún Eorpach costais freisin agus meastar go mbeidh thart ar EUR 0,48 milliún i gcostais aonuaire agus EUR 0,21 milliún i gcostais athfhillteacha. Tá na meastacháin sin bunaithe, áfach, ar roinnt toimhdí agus eachtarshuíomhanna agus ba cheart iad a úsáid go cúramach.

Cén difear a dhéanfar do ghnólachtaí, do FBManna agus do mhicrifhiontair?

Meastar nach mbeidh ach tionchar teoranta ag an tionscnamh ar ghnólachtaí beaga agus meánmhéide. Tá an fhaisnéis atá le tuairisciú ar fáil den chuid is mó do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní le haghaidh a n-oibríochtaí laethúla. Ina theannta sin, téann an margadh criptea-shócmhainní in aibíocht go tapa, mar aon le soláthraithe seirbhíse. Cé go dtiocfaidh costais chomhlíonta as an tionscnamh, d’fhéadfadh sé a bheith níos fabhraí do FBManna sraith aonair rialacha a bheith acu ar fud an Aontais, seachas meascán féideartha de cheanglais tuairiscithe ar fud an Aontais. Ba cheart a áirithiú leis an tionscnamh freisin cothrom iomaíochta i ngach catagóir gníomhaithe agus ba cheart go rachadh sé sin chun tairbhe FBManna.

An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta? 

Braitheann na costais a thabhódh riaracháin náisiúnta ar an réiteach TF a úsáideadh chun faisnéis a mhalartú. Is mó i bhfad na tairbhí do bhuiséid náisiúnta i dtéarmaí ioncaim chánach bhreise ná na costais a bheadh ann faoi gach rogha, agus déantar iad a mheas sna billiúin euro (thart ar EUR 1,7 billiún faoin rogha thosaíochta).

An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist? 

Beidh an tionscnamh i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus dá bhrí sin ní bheidh tionchar diúltach aige ar an gceart bunúsach chun sonraí pearsanta a chosaint.

D. Obair leantach

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

Déanfar faireachán ar an tionscnamh trí fhaisnéis a bhaileofar trí mheasúnuithe bliantúla agus trí phlé le riaracháin chánach. Déanfar measúnú níos cuimsithí i gcomhréir le forálacha ginearálta DAC maidir le meastóireacht, nuair atá an Coimisiún le tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le feidhmiú na Treorach i dtaca le comhar riaracháin i gcánachas díreach.