AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,30.11.2022
SWD(2022) 385 final
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN
ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR
[…]
a ghabhann leis an doiciméad
Togra le haghaidh Rialachán
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht, lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2019/904, agus lena n‑aisghairtear Treoir 94/62/CE
{COM(2022) 677 final} - {SEC(2022) 425 final} - {SWD(2022) 384 final}
Réamhrá
Tá sé mar aidhm le Treoir 94/62/CE maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (PPWD) bearta náisiúnta a chomhchuibhiú, an comhshaol a chosaint, agus dea‑fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú. Éilítear leis ar na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonann pacáistíocht a chuirtear ar mhargadh an Aontais roinnt Ceanglais Fhíor‑riachtanacha a bhaineann le monaraíocht agus lipéadú pacáistíochta, agus a chineál in‑athúsáidte agus in‑aisghabhála (trí athchúrsáil ábhair, aisghabháil fuinnimh nó múiríniú).
Gníomhaíocht eacnamaíoch shuntasach is ea pacáistíocht: Ghin monaraíocht pacáistíochta san Aontas
láimhdeachas
EUR 355 bhilliún in 2018 agus ghin na hoibreoirí ina bainistíocht dramhaíola EUR 15 bhilliún. Bíonn tionchair shuntasacha ar an gcomhshaol dá thoradh freisin, ó róshaothrú acmhainní go truailliú éiceachóras, agus astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa comhionann le astaíochtaí bliantúla iomlána na hUngáire.
Sainiú Faidhbe
Is é is aidhm leis an tionscnamh seo aghaidh a thabhairt ar thrí ghrúpa fadhbanna idirnasctha:
1.giniúint níos mó dramhaíola ó phacáistíocht nasctha le méadú ar phacáistíocht aon úsáide, ardleibhéal pacáistíochta inseachanta, agus sciar níos mó i bplaistigh laistigh den mheascán pacáistíochta.
2.bacainní le ciorclaíocht pacáistíochta, go háirithe úsáid mhéadaithe ar ghnéithe dearaidh pacáistíochta a chuireann bac ar athchúrsáil agus lipéadú mearbhlach pacáistíochta le haghaidh sórtáil tomhaltóirí. Ina theannta sin, cuireann margaí ilroinnte cosc ar bhainistíocht dramhaíola costéifeachtach i margadh inmheánach.
3.íoschúrsáil agus na leibhéil ísle glactha le hábhar athchúrsáilte i bpacáistíocht, a theorannaíonn acmhainneacht an Aontais chun úsáid óghábhar i bpacáistíocht nua a laghdú.
Áirítear ar na húdair spreagtha taobh thiar de na fadhbanna sin teipeanna rialála PPWD de bharr meascán de dhroch‑chur chun feidhme agus droch‑fhorfheidhmiú, gan a bheith cothrom le dáta leis na forbairtí margaidh is déanaí agus gan dóthain soiléireachta a sholáthar d’údaráis náisiúnta maidir le cur chun feidhme, a chomhlíonann an Treoir. Ina theannta sin, níor dhírigh a athbhreithniú in 2018 ach ar spriocanna athchúrsála, gan na dúshláin eile in earnáil na dramhaíola a áireamh. Níltear ag súil go réiteofar na fadhbanna thuasluaite, fiú iad sin amháin atá nasctha le plaistigh tríd an dá ghníomh ar leithligh, an Treoir maidir le Plaistigh Aon Úsáide (SUPD) ó 2019 agus an Cinneadh Acmhainní Dílse (ORD) 2020. Tá an teip rialála seo níos measa mar gheall ar theipeanna margaidh, amhail seachtrachtaí comhshaoil, margaí ilroinnte agus lipéadú nach bhfeidhmíonn go maith.
Dá thoradh sin, tá dramhaíl ó phacáistíocht ag méadú: Réamh‑mheastar go dtiocfaidh méadú ar dhramhaíl fhoriomlán ó phacáistíocht ó 78 milliún tona in 2018 go dtí 92 mhilliún tona in 2030, agus 107 milliún in 2040. Áirítear ar na hiarmhairtí úsáid mhéadaithe ar acmhainní neamh‑inathnuaite, bainistíocht dramhaíola neamhéifeachtúil, tionchair aeráide diúltacha, caitheamh bruscair, ró‑úsáid substaintí arb údar imní iad i bpacáistíocht, athchúrsáil de cháilíocht íseal, agus líonadh talún, loscadh agus onnmhairiú iomarcach ag deireadh ré.
Cad chuige ar cheart don Aontas Eorpach gníomhú?
Ní féidir teip rialála PPWD a leigheas trí fhorfheidhmiú níos fearr na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair amháin. Thairis sin, tugtar le fios sna sonraí atá ar fáil, nach bhfuil na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit bunaithe ar PPWD atá i bhfeidhm faoi láthair, ná iad sin bunaithe ar ORD nó SUPD leordhóthanach lena áirithiú go gcomhlíonann siad na spriocanna sonracha maidir leis na rátaí athchúrsála a leagtar amach in PPWD. Is margadh mór amháin comhchoiteann atá i margadh pacáistíochta agus bainistíocht dramhaíola an Aontais ar roinnt mhaith bealaí, seachas 27 margadh aonair agus baineann ardleibhéil de thrádáil trasteorann idir na Ballstáit leis.
Má shocraítear ceanglais chomónta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, áiritheofar margadh inmheánach comhchuibhithe agus dea-fheidhmitheach ar fud na mBallstát uile, agus, dá bhrí sin, cothroime iomaíochta do tháirgeoirí pacáistíochta a mbeidh gnóthachain éifeachtúlachta dá thoradh chun tairbhe saoránach den Aontas. Mar chuid den togra nua, athrófar ó Threoir go Rialachán. Simpleoidh sé sin na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair, soláthrófar creat níos soiléire agus laghdófar ualach riaracháin. An tráth céanna léirítear sa phacáiste a bheartaítear prionsabail na coimhdeachta a mhéid a bhaineann le riachtanas gníomh de chuid an Aontais agus mar is léir breisluach na gníomhaíochta sin de chuid an Aontais.
Cuspóirí
Is é is cuspóir ginearálta don togra reachtach tionchair dhiúltacha na pacáistíochta agus na dramhaíola ó phacáistíocht ar an gcomhshaol a laghdú agus feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, rud a threiseoidh gnóthachain éifeachtúlachta san earnáil. Is é is aidhm dó luachshlabhra athléimneach a chruthú, ag tosú le dearadh na pacáistíochta go hathúsáid nó ath‑chomhtháthú i dtáirgí ardchaighdeáin, agus ar an gcaoi sin poist nuálacha ‘ghlasa’ a chruthú i dtionscal pacáistithe ísealcharbóin. Is iad seo a leanas na cuspóirí sonracha chun an cuspóir ginearálta sin a bhaint amach:
1.Giniúint dramhaíola ó phacáistíocht a laghdú
2.Geilleagar ciorclach a chur chun cinn ar bhealach costéifeachtach
3.Glacadh le hábhar athchúrsáilte i bpacáistíocht a chur chun cinn
Céard iad na roghanna beartais atá ar fáil?
Tar éis scagadh a dhéanamh ar na bearta féideartha, grúpáladh sraith bearta éagsúla, casta agus idirghaolmhara ina dtrí rogha beartais:
·Tá bearta i Rogha 1 a bhaineann le caighdeánú níos fearr agus Ceanglais Fhíor‑riachtanacha. Is iondúil go mbíonn na bearta sin ina réamhriachtanais le haghaidh beart i ngrúpaí eile.
·I Rogha 2 leagtar amach spriocanna sainordaitheacha le haghaidh laghdú, athúsáid agus ábhar athchúrsáilte dramhaíola i bpacáistíocht phlaisteach, ceanglais chun in‑athchúrsáilteacht fhoriomlán a áirithiú faoi 2030 agus rialacha táirge comhchuibhithe.
·I Rogha 3 tá spriocanna sainordaitheacha níos airde agus ceanglais táirge bhreise.
An pacáiste beartais tosaíochta
Bunaithe ar an measúnú ar na bearta comhcheangailte sna roghanna, is í Rogha 2, i bhfoirm Rialacháin, an rogha thosaíochta foriomlán. Tá na bearta i Rogha 1 ann atá tacúil nó ina réamhriachtanais fiú chun seachadadh na spriocanna sainordaitheacha agus na ceanglais níos déine i gcur chuige cothromaithe a éascú, dá réir sin ag cothú bhaint amach na gcuspóirí agus éifeachtúlacht costais.
Is iad na croíbhearta sa limistéar idirghabhála ‘cosc agus athúsáid’:
1.sprioc chun dramhaíl ó phacáistíocht per capita a laghdú 19 % le haghaidh 2030 i gcomparáid leis an mbonnlíne, coibhéiseach le 5 % de laghdú ó luachanna 2018,
2.spriocanna sainordaitheacha athúsáide nó athlíonta le haghaidh pacáistíochta ar fud an Aontais, i gcás inarb amhlaidh gurb í athúsáid is éifeachtaí agus
3.céimniú amach pacáistíocht neamhriachtanach nó inseachanta.
Saincheist thábhachtach is ea comhlántacht agus comhleanúnachas na mbeart. Is beart achomair atá i spriocanna sainordaitheach laghdaithe de dhramhaíl ó phacáistíocht per capita a leagan amach ar leibhéal na mBallstát i limistéar idirghabhála an choisc agus na hathúsáide, lena rannchuidíonn roinnt beart: cé go bhfuil bearta comhchuibhithe an Aontais samhalta chun rannchuidiú le beagnach 60 % den laghdú dramhaíola is gá, ní mór do na Ballstáit an chuid eile a áirithiú le gníomhaíochtaí comhréireachta an mhargaidh inmheánaigh náisiúnta.
Is é an beart ríthábhachtach maidir le hin‑athchúrsáilteacht critéir um dhearadh pacáistíochta le haghaidh athchúrsála a bhunú, arna gcomhlánú le nós imeachta um measúnú in‑athchúrsáilteachta.
A mhéid a bhaineann le múiríniú, roghnaíodh ceithre chineál plaisteach pacáistíochta as grúpa pacáistíochta incháilithe do mhúiríniú agus is gá go mbeidh siad inmhúirínithe. Is gá go mbeifí in ann gach pacáistíocht phlaisteach eile a athchúrsáil go ceimiceach nó go meicniúil, d’fhonn a n‑athchúrsáil a cheadú.
Colún eile den phacáiste is ea spriocanna uaillmhianacha le haghaidh ábhar athchúrsáilte i bpacáistíocht phlaisteach. As na bearta cumasúcháin éagsúla, is iad na cinn is tábhachtaí bunú Córas Aisíoca Éarlaise (DRS) sainordaitheach le haghaidh cineálacha áirithe pacáistíochta, lena n‑áirítear íoscheanglais le haghaidh gach DRS, agus lipéadú comhchuibhithe táirgí agus gabhdáin dramhaíola chun sórtáil tomhaltóirí a éascú.
Thángthas ar an gconclúid san anailís nach raibh na bearta i Rogha 1 astu féin leordhóthanach chun giniúint pacáistíochta a laghdú i.e., thiocfadh ardú ar dhramhaíl ó phacáistíocht 17 % eile go dtí 2030. Thairis sin, ní thiocfadh méadú ar na rátaí athchúrsála, ná ar athchúrsáil ardcháilíochta agus bhreiseofaí éifeachtúlacht acmhainne. Ar deireadh, thiocfadh méadú ar astaíochtaí GHG fós i gcomparáid le 2018. Ar an taobh eile, tá an tsraith iomlán beart i Rogha 3, malartach nó sa bhreis orthu sin i Rogha 2, i bhfad níos deacra le cur chun feidhme, d’fhéadfadh inmharthanacht eacnamaíoch a bheith i mbaol, agus bheadh ualach riaracháin i bhfad níos airde dá thoradh. Droim ar ais, níl na sochair chomhshaoil chomh suntasach.
Ach tugadh faoi mheastóireacht cás ar chás dícheallach ar na croíbhearta d’fhonn gnéithe a bhrath taobh amuigh de na bearta i Rogha 2 chun prionsabal na coimhdeachta a urramú níos fearr, de réir mar is iomchuí, agus chun seasaimh ábhartha páirtí leasmhar a chur san áireamh agus indéantacht a fheabhsú. Dá bhrí sin, is é ‘Rogha 2+’ seachas díreach Rogha 2 an pacáiste beartais tosaíochta.
Tionchair an phacáiste beartais tosaíochta
Tugtar le fios sa samhaltú don rogha thosaíochta le haghaidh 2030 laghdú ar ghiniúint dramhaíola faoi 18 milliún t i gcomparáid leis an mbonnlíne, agus 3,1 milliún t i gcomparáid le 2018. Is ionann an laghdú ar GCT agus timpeall 23 mhilliún tona CO2 (42 % d’astaíochtaí bliantúla foriomlána na hUngáire) agus tagann laghdú EUR 6,4 billiún ar sheachtrachtaí comhshaoil a saothraítear airgead astu, i gcoibhneas leis na réamh‑mheastacháin bhonnlíne le haghaidh 2030.
Baintear amach coigiltis eacnamaíocha foriomlána EUR 47,2 billiún trí chostais bainistíochta dramhaíola EUR 4,2 billiún, costais bhreise scéimeanna athúsáidte agus DRS EUR 4,6 billiún agus díolacháin agus ídiú pacáistíochta a laghdú EUR 51,7 billiún. Droim ar ais, tá costais riaracháin bhliantúla bhreise EUR 1,3 billiún, go príomha le haghaidh in‑athchúrsáilteacht pacáistíochta agus ábhar athchúrsáilte i bpacáistíocht phlaisteach a dheimhniú. Meastar go mbeidh glanmhéadú beag de phoist ‘ghlasa’ mar thoradh ar na tionchair chasta ar an bhfostaíocht.
Ní laghdaítear ach leis na bearta maidir le hábhar athchúrsáilte a chothaíonn éifeachtúlacht acmhainne ceanglais bhreosla iontaise an Aontais faoi 3,1 milliún t in aghaidh na bliana (beagnach 1/4 den bhreosla iontaise is gá faoi láthair chun pacáistíocht phlaisteach a tháirgeadh). Tá sé deacair an laghdú foriomlán i gceanglais bhreosla iontaise Rogha 2+ a chainníochtú ach mar gheall go léiríonn coigiltis GCT an bhirt maidir le hábhar athchúrsáilte 22 % de choigiltis fhoriomlána GCT tugtar le fios ord dearbhmhéide 12-15 mhilliún t de choigiltis breosla iontaise. Thairis sin, méadaítear leis na bearta chun in‑athchúrsáilteacht a fheabhsú an ráta athchúrsáilte pacáistíochta foriomlán ó 66,5 % in 2018 go 73 % in 2030, ach laghdaítear líonadh talún ó 18,7 % go 9,6 %. Mar thoradh ar an ugach sin don chiorclaíocht laghdaítear go mór an gá le hamhábhair neamhshaothraithe amhail adhmad, gloine agus alúmanam.
Réamh‑mheastar sa phacáiste tosaíochta cóireáil shonrach do FBManna agus micrifhiontair lena áirithiú go mbíonn na tionchair a bheidh orthu comhréireach. Bheadh feidhm ag ceanglais ar bhealach neamh‑idirdhealaitheach ar chuideachtaí de chuid an Aontais agus nach de chuid an Aontais Eorpaigh iad. Níl na bearta níos sriantaí ar thrádáil ná mar is gá chun a gcuspóirí comhshaoil a chomhlíonadh.
Ar an iomlán, trí bhogadh i dtreo geilleagair níos ciorclaí laistigh den phacáistíocht bhainfí amach tairbhí amhail custaiméirí a chumhachtú, tionchair dhiúltacha ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine a laghdú, spleáchas an Aontais ar an allmhairiú le haghaidh amhábhar agus breoslaí iontaise a laghdú, nuálaíocht a spreagadh agus borradh a chur faoi théarnamh eacnamaíoch, agus sa deireadh caiteachas teaghlaigh neamhriachtanach a laghdú.