|
Bileog Achoimre Feidhmiúcháin
|
|
Measúnú tionchair maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bailiú agus comhroinnt sonraí a bhaineann le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724
|
|
A. An gá atá le beart
|
|
Cén fhadhb atá ann agus cén fáth ar fadhb í ar leibhéal an Aontais?
|
|
Maidir le cóiríocht ar chíos gearrthéarmach (STRanna), tá an chuid seo d’earnáil na turasóireachta ag dul i dtábhacht. Is ionann iad agus geall leis an gceathrú cuid de sholáthar iomlán an Aontais Eorpaigh de lóistín do thurasóirí, agus cuireadh leis ó tháinig ardáin ar líne chun cinn. Éiríonn tairbhí agus deiseanna d’aíonna, d’óstaigh agus don éiceachóras turasóireachta ina iomláine as STRanna, ach is ábhar imní iad freisin, go háirithe do phobail áitiúla a bhíonn ag déileáil le róthurasóireacht agus le heaspa tithíochta inacmhainne. Tá méadú ag teacht ar rialáil STRanna ag údaráis phoiblí, ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, ach de bharr easpa sonraí beachta maidir le STRanna bíonn sé deacair orthu freagairtí beartais a shainiú agus rialacha a fhorfheidhmiú. Ag an am céanna, bíonn ar ardáin ar líne, gan beann ar a méid, dul i ngleic níos minice le hiarrataí iomadúla éagsúla ó údaráis phoiblí chun sonraí a roinnt maidir le STRanna agus chun níos mó trédhearcachta a thabhairt isteach (e.g. trí fhaisnéis áirithe a thaispeáint). Cuireann sé sin ualach trom ar ardáin, a dhiúltaíonn go minic iarrataí ar shonraí a chomhlíonadh nó nach gcuireann ach tacair sonraí neamhiomlána isteach. Tagann deacrachtaí maidir le sonraí a roinnt as na nithe seo a leanas: i) scéimeanna clárúcháin atá neamhéifeachtúil agus éagsúil óna chéile arna mbainistiú ag údaráis phoiblí (nach féidir, dá bhrí sin, sonraí aitheantais a fháil go héifeachtúil le haghaidh óstaigh agus liostaí d’áiteanna); ii) easpa creataí dlíthiúla, caighdeáin agus uirlisí atá éifeachtach agus in‑fhorghníomhaithe chun sonraí a roinnt idir ardáin agus údaráis phoiblí; agus iii) easpa creata dlíthiúil ceart lena rialaítear trédhearcacht agus comhroinnt sonraí. Baineann na fadhbanna a sainaithníodh go mór leis an Aontas Eorpach. I gcás ardáin, a fheidhmíonn thar theorainneacha de ghnáth, baineann éagsúlacht agus castacht na rialacha agus na n‑iarrataí ar shonraí an bonn dá gcumas seirbhísí a thairiscint sa mhargadh aonair. Bíonn deacrachtaí den chineál céanna ag údaráis phoiblí ar fud an Aontais a dteastaíonn sonraí maidir le STRanna uathu i ndáil le sonraí d'ardchaighdeán a fháil go héifeachtúil. Dá bhrí sin, iarrtar go láidir go ndéanfadh an tAontas gníomhaíocht, go háirithe sa chonair i dtreo an aistrithe i dtaca leis an turasóireacht agus an clár oibre uirbeach. Tá an tionscnamh seo mar chuid freisin de straitéis FBM an Aontais Eorpaigh - i bhfianaise an ghá atá ag an iliomad gníomhaithe FBM sa deighleog STR le réitigh, lena n‑áirítear ardáin.
|
|
Cad é ba cheart a bhaint amach?
|
|
Ba cheart don tionscnamh seo cur le trédhearcacht sa deighleog STR, rud is gá chun éiceachóras turasóireachta atá cothrom a chur chun cinn. Go sonrach, is é is aidhm don tionscnamh na hualaí ar ardáin ar líne mar gheall ar cheanglais maidir le comhroinnt sonraí agus maidir le trédhearcacht, ar ceanglais iad atá ilroinnte agus casta, a laghdú. Tá sé mar aidhm aige freisin a áirithiú go mbeidh na sonraí a theastaíonn uathu ag údaráis phoiblí chun beartais STR cuí a dhearadh agus a fhorfheidhmiú.
|
|
Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (coimhdeacht)?
|
|
Tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun na fadhbanna a bhaineann le hiarrachtaí ilroinnte, neamhéifeachtúla a bhfuil anró ag baint leo chun sonraí maidir le STRanna a ghiniúint agus a roinnt a shárú. Teastaíonn creat maidir le sonraí ar leibhéal an Aontais ó ardáin ar líne chun go mbeidh rath orthu sa mhargadh aonair agus chun a bheith cinnte go gcomhlíonann siad rialacháin an Aontais agus iad ag déileáil le hiarrataí maidir le comhroinnt sonraí. Teastaíonn creat soiléir ar leibhéal an Aontais ó údaráis phoiblí ar fud an Aontais freisin le go mbeidh siad in ann na sonraí a theastaíonn uathu a fháil (is minic a fuarthas go raibh réitigh ar an leibhéal náisiúnta neamhéifeachtúil). Ní dhéanfadh creat de chuid an Aontais difear do chumas na n‑údarás STRanna a bhainistiú ina limistéar de réir mar is oiriúnach dóibh - ná ar a n‑inniúlachtaí i réimsí amhail pleanáil uirbeach agus sláinte.
|
|
B. Réitigh
|
|
Cad iad na roghanna éagsúla lenar féidir na cuspóirí a ghnóthú? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Mura bhfuil, cén fáth nach bhfuil?
|
|
Chomh maith leis an gcás bunlíne a bhfuil cur chuige maidir le ‘gan athrú beartais ar bith’ i gceist leis, aithníodh trí rogha beartais sa tionscnamh. Le Rogha 1 moltar bearta boga chun giniúint agus comhroinnt sonraí a chur chun cinn. Is éard atá i Rogha 2 creat reachtach de chuid an Aontais ina bhfuil cur chuige comhchoiteann maidir le giniúint agus comhroinnt sonraí. Ceanglaítear leis ar údaráis phoiblí atá ag iarraidh sonraí maidir le STRanna córais chlárúcháin d’óstaigh a bhainistiú (lena mbaineann deonú uimhir chlárúcháin uathúil in aghaidh an liostaithe). Is féidir córais chlárúcháin den sórt sin a bhainistiú ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, ach ní mór dóibh a bheith comhsheasmhach le teimpléad de chuid an Aontais (ina bhfuil ceanglais nós imeachta agus ceanglais shubstainteacha áirithe). Ní mór d’údaráis phoiblí foráil a dhéanamh freisin do Phointe Iontrála Digiteach Aonair lena gcuirtear ar fáil an fhaisnéis a theastaíonn ó ardáin agus ó óstaigh, agus lena gceadaítear d’óstaigh foirmiúlachtaí a chomhlánú ar líne. Cuirfear de cheangal ar ardáin ligean d’uimhreacha clárúcháin a bheith ar taispeáint agus chun tacar dúnta sonraí gníomhaíochta a roinnt (trí Phointe Iontrála Digiteach Aonair) le húdaráis phoiblí a bhfuil scéimeanna clárúcháin acu. Bainfidh ardáin bheaga agus micrea‑ardáin a bhfuil gníomhaíocht theoranta acu leas as ceanglais níos boige maidir le comhroinnt sonraí. Is éard atá i Rogha 3 na bearta céanna atá i rogha 2, ach iad níos leithne ó thaobh raon feidhme de agus níos déine toisc go mbeadh gá le scéimeanna clárúcháin náisiúnta a chruthú chun clárú na n‑óstach uile ar fud an Aontais a áirithiú. Is í Rogha 2 an rogha thosaíochta, toisc go n-áiritheofaí léi trédhearcacht agus comhroinnt sonraí maidir le gníomhaíocht STRanna ag ardáin ar bhealach éifeachtach, ach bheadh cead léi ag údaráis réigiúnacha/áitiúla cinneadh a dhéanamh cé acu a theastaíonn nó nach dteastaíonn sonraí uathu agus cén cineál sonraí is féidir leo a fháil nuair a éilíonn siad ar óstaigh clárú (na hóstaigh agus an t‑aonad a shainaithint).
|
|
Cad iad tuairimí na bpáirtithe leasmhara difriúla? Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo
|
|
Dheimhnigh na páirtithe leasmhara go léir, lena n‑áirítear cumainn áitritheoirí, go bhfuil tacaíocht leathan ina measc do chreat is comhchuibhithe um comhroinnt sonraí idir údaráis phoiblí agus ardáin ar líne, agus do scéimeanna clárúcháin is comhchuibhithe ar fud an Aontais. Bhí 85.6 % d’fhreagróirí (4875 as 5695 san iomlán) a ghlac páirt sa chomhairliúchán poiblí den tuairim gur cheart uirlisí den sórt sin a chur ar bun agus/nó a éascú ar leibhéal an Aontais. Chuir údaráis phoiblí agus ardáin ar líne béim ar an acmhainneacht theoranta atá ag cineálacha cur chuige boige chun trédhearcacht a bhaint amach agus chun próisis chomhroinnte sonraí a fheabhsú. Tá na húdaráis phoiblí, ardáin ar líne agus óstaigh ar aon intinn maidir leis na bearta faoi roghanna 2 agus 3. Tá na húdaráis phoiblí agus na hóstaigh i bhfabhar rogha 2, toisc go bhfágtar rogha do na húdaráis phoiblí agus go laghdaítear léi tionchar na hoibleagáide clárúcháin ar óstaigh. Is fearr le hardáin ar líne rogha 3, toisc go ndéanfaí an oibleagáid chlárúcháin a chomhchuibhiú ar fud an Aontais léi agus go mbeadh sé níos éasca uimhreacha clárúcháin a thaispeáint agus sonraí a roinnt (rud atá fíor i gcás gach óstach ar fud an Aontais agus ní hamháin óstaigh i limistéir roghnaithe). Is fearr le heagraíochtaí neamhrialtasacha, cumainn áitritheoirí, agus soláthraithe seirbhísí eile amhail óstáin uasleibhéal trédhearcachta agus comhroinnte sonraí ag ardáin.
|
|
C. Tionchar na rogha tosaíochta
|
|
Cé na tairbhí a bhaineann leis an rogha thosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad tairbhí na bpríomhroghanna)?
|
|
Bainfidh ardáin ar líne tairbhe eacnamaíoch as coigilteas costais a bhaineann le cur chuige i bhfad níos sruthlínithe a chur in ionad iarrataí neamhchomhordaithe ar shonraí, toisc go laghdóidh sé sin costais chomhlíontachta agus méadóidh sé deimhneacht dhlíthiúil. Meastar go mbeidh coigilteas idir EUR 54 agus EUR 115 milliún i gceist d’ardáin ar líne thar thréimhse 5 bliana. Bainfidh údaráis phoiblí leas freisin as deimhneacht dhlíthiúil níos mó agus as coigilteas costais (a luaithe a bheidh an córas nua i bhfeidhm, beidh ionchur tráthrialta sonraí ó ardáin ar chostas an‑íseal d’údaráis). Bainfidh óstaigh leas as scéimeanna clárúcháin atá níos so‑úsáidte agus nach bhfuil an anró céanna ag baint leo. D’fhéadfadh coigilteas de níos mó ná EUR 1480 milliún ar an gceann caol de (mar gheall ar luach airgid a chur ar shábháil ama sa phróiseas clárúcháin) a bheith ann do na hóstaigh nua sin a bheidh ag cur tús lena ngníomhaíochtaí (agus ar gá dóibh ar an gcúis sin clárú sna réimsí sin) sna chéad 5 bliana tar éis cur i bhfeidhm an chreata. Beidh tairbhí eacnamaíocha indíreacha eile ann freisin do ghrúpa níos leithne gníomhaithe (e.g. rachaidh iomaíocht níos cothroime chun tairbhe d’óstáin, toisc go mbeidh údaráis phoiblí in ann rialacha maidir le STRanna a rialáil agus a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr). Tiocfaidh na tairbhí sóisialta agus comhshaoil go príomha as cumas méadaithe na n‑údarás poiblí turasóireacht agus éifeachtaí STRanna ar phobail áitiúla, ar an gcomhshaol agus ar an éiceachóras turasóireachta níos leithne a bhainistiú. Cuirfidh an tionscnamh seo le cosaint sonraí pearsanta freisin.
|
|
Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)?
|
|
Is costais riaracháin aonuaire den chuid is mó a bheidh i gceist leis na costais d’ardáin ar líne a bhaineann lena mbonneagar TF a oiriúnú agus le nascadh leis an bPointe Iontrála Digiteach Aonair (meastar na costais sin a bheith thart ar EUR 30 000 in aghaidh an ardáin ar líne), agus meastar gurb ionann na costais chothabhála bhliantúla agus EUR 36 000. Faoi na hipitéisí sin, meastar gurb ionann na costais fhoriomlána aonuaire riaracháin agus thart ar EUR 8.2 milliún, agus costas EUR 10 milliún san iomlán a bheidh i gcothabháil bhliantúil thar thréimhse 5 bliana. Maidir le fiontair bheaga agus micrifhiontair a bheadh incháilithe do na hoibleagáidí tuairiscithe nach bhfuil chomh dian céanna, meastar gur EUR 2 400 sa bhliain a bheidh sna costais. Is dócha go ndéanfaí na costais sin a fhritháireamh tríd an gcoigilteas a dhéanfaí as an méid ama a chaitear i mbun próiseála iarrataí neamhchomhordaithe éagsúla ar chomhroinnt sonraí agus agóidí ina n‑aghaidh sa chúirt a laghdú. Tabhóidh údaráis phoiblí a chuireann an creat i bhfeidhm costais riaracháin aonuaire (a mheastar a bheith EUR 3 mhilliún) maidir le hoiriúnú don chóras nua clárúcháin agus don Phointe Iontrála Digiteach Aonair. Meastar gurb ionann na costais bhliantúla a bhaineann le hóstáil agus cothabháil an bhonneagair TF agus EUR 96 000 in aghaidh an Bhallstáit, ar chostas iomlán de EUR 2.4 milliún é. I gcás ina gcuirtear an creat chun feidhme ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal áitiúil, is ar na húdaráis ábhartha a bheidh na costais maidir leis an gcóras clárúcháin agus maidir le nascadh leis an bPointe Iontrála Digiteach Aonair náisiúnta. Bunaithe ar na meastacháin a rinneamar, is féidir a thuar go mbeidh costas carnach aonuaire de thart ar EUR 3.6 milliún ar údaráis réigiúnacha nó áitiúla agus costas carnach bliantúil de thart ar EUR 4.3 milliún maidir le hóstáil agus cothabháil an chreata.
|
|
Cén tionchar a imreofar ar FBManna agus ar an iomaíochas?
|
|
Ba cheart go n‑éireodh an deighleog STR agus an t‑éiceachóras turasóireachta níos iomaíche. Rachaidh sé seo chun tairbhe d'óstaigh agus do sholáthraithe seirbhísí eile. Rachaidh creat an Aontais maidir le comhroinnt sonraí, ar creat é atá sruthlínithe agus uathoibrithe, chun tairbhe d’ardáin ar líne, ar FBManna den chuid is mó iad, agus d’óstaigh. Beidh tairbhe díreach ann d’ardáin bheaga agus do mhicrea‑ardáin ar líne i gcóras comhroinnte sonraí nach bhfuil chomh dian. Beidh tairbhe indíreach ann do ghníomhaithe turasóireachta eile níos mó trédhearcachta agus intuarthachta a bheith ann. Beidh gach páirtí in ann acmhainní a leithdháileadh ar bhealach níos fearr, próisis a fheabhsú, méadú nó leathnú a dhéanamh, agus nuálaíocht a dhéanamh (e.g. seirbhísí nua a bhunú).
|
|
An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta?
|
|
Cuirtear na costais riaracháin, óstála agus chothabhála d’údaráis phoiblí i láthair thuas. Tá coinne leis go ndéanfar na costais ghearrthéarmacha sin a fhritháireamh tríd na tairbhí fadtéarmacha a thabharfaidh an creat d’údaráis phoiblí i dtéarmaí ama agus gnóthachain éifeachtúlachta (bailiú sonraí agus forfheidhmithe a bheidh éascaithe).
|
|
An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist?
|
|
Níor aithníodh aon tionchar suntasach eile.
|
|
Comhréireacht?
|
|
Tugann na bearta aghaidh ar na cuspóirí go comhréireach. Tugadh neamhaird ar roghanna lena gcruthaítear ualaí agus costais dhíréireacha.
|
|
D. Iarobair
|
|
Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?
|
|
Déanfar an Rialachán a athbhreithniú trí mheastóireacht 5 bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm (beidh idirthréimhse 2 bhliain ann ón dáta a ghlacfar é).
|