|
Bileog Achoimre Feidhmiúcháin
|
|
Measúnú tionchair i gcomhair togra
lena leagtar síos rialacha chun mí‑úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac
|
|
A. An gá atá le beart
|
|
Cén fhadhb atá ann agus cén fáth ar fadhb í ar leibhéal an Aontais?
|
|
Is coir thar a bheith tromchúiseach í an mhí‑úsáid ghnéasach leanaí, ar líne agus as líne, a dhéanann difear don tslándáil phoiblí san Aontas agus a sháraíonn cearta bunúsacha leanaí. Bíonn iarmhairtí forleathana agus fad saoil tromchúiseacha aici d’íospartaigh. Ní thugtar aghaidh leormhaith ar roinnt coireanna mí‑úsáide gnéasaí leanaí san Aontas de bharr dúshlán lena mbrath, tuairisciú agus beart a dhéanamh ina n‑aghaidh ag soláthraithe seirbhíse ábhartha, agus freisin de bharr chosc agus chúnamh neamhimleor d’íospartaigh. Bíonn tionchar diúltach ag freagairtí éagsúla náisiúnta ar an Margadh Inmheánach. Nochtar leanaí do rioscaí agus díobhálacha méadaitheacha ar líne, agus tá méideanna i bhfad níos mó d’ábhair mhí‑úsáide gnéasaí leanaí á scaipeadh ar líne. Sainaithnítear trí phríomhspreagadh don fhadhb seo sa mheasúnú tionchair:
1.Cé go ndéanann roinnt soláthraithe seirbhíse beart deonach chun mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath, is léir nach leor é sin.
2.Le neamhéifeachtúlachtaí sa chomhar poiblí‑príobháideach idir soláthraithe seirbhíse ar líne, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus údaráis phoiblí, cuirtear isteach ar chomhrac éifeachtach in aghaidh mhí‑úsáid ghnéasach leanaí. Go háirithe, tá níos mó céimeanna á nglacadh ag Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta chun oibleagáidí sonracha a fhorchur maidir leis an inneachar seo atá neamhdhleathach go follasach, rud a chruthaíonn ilroinnt sa Mhargadh Inmheánach;
3.Tá iarrachtaí Ballstát chun cosc a chur ar mhí‑úsáid ghnéasach leanaí agus chun cúnamh a thabhairt d’íospartaigh teoranta agus éagsúil óna chéile, níl siad comhordaithe agus ní léir a n‑éifeachtacht.
|
|
Cad é ba cheart a bhaint amach?
|
|
An cuspóir ginearálta is ea feabhas a chur ar fheidhmiú an Mhargaidh Inmheánaigh trí bhíthin rialacha soiléire, aonfhoirmeacha agus cothromaithe ón Aontas a thabhairt isteach chun mí‑úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac, go háirithe trí bhíthin ról agus freagrachtaí soláthraithe seirbhíse ar líne a shoiléiriú. Is é is aidhm do na cuspóirí sonracha:
1.a áirithiú go ndéanfar mí‑úsáid ghnéasach leanaí a bhrath, a bhaint anuas agus a thuairisciú go héifeachtach i gcás nach ndéantar sin faoi láthair;
2.feabhas a chur ar dheimhneacht dhlíthiúil, trédhearcacht agus cuntasacht agus a áirithiú go gcosnófar cearta bunúsacha; agus
3.laghdú a chur ar leathadh agus éifeachtaí na mí‑úsáide gnéasaí leanaí trí bhíthin rialacha a chomhchuibhiú agus comhordú iarrachtaí a mhéadú.
|
|
Cad é an breisluach atá le gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (coimhdeacht)?
|
|
I bhfianaise chineál trasteorann agus trasearnála an chomhraic in aghaidh mhí‑úsáid ghnéasach leanaí agus na hilroinnte atá ann faoi láthair, ní fhéadfaidh Ballstáit feabhas sásúil a chur ar chúrsaí, i gcás ina ndéanann siad beart ina n‑aonar nó ar bhealach neamh‑chomhordaithe.. Ina theannta sin, chun iarrachtaí na mBallstát a éascú, chuirfeadh beart ón Aontas laghdú ar chostais chomhlíontachta/oibriúcháin, go háirithe le haghaidh soláthraithe seirbhíse ar líne, rud a chuirfeadh feabhas ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh trí bhíthin ilroinnt a laghdú. Chuideodh beart ón Aontas le síneadh a chur leis na dea‑chleachtais náisiúnta agus na ceachtanna a foghlaimíodh ar fud an Aontais, le laghdú a chur ar spleáchas ar thríú tíortha agus le héascaíocht a dhéanamh don chomhar leis na tríú tíortha sin.
|
|
B. Réitigh
|
|
Cad iad na roghanna éagsúla lenar féidir na cuspóirí a ghnóthú? An bhfuil rogha thosaíochta ann?
|
|
Rogha A: Bearta praiticiúla chun cur le cosc, brath, tuairisciú agus baint anuas, agus cúnamh d’íospartaigh, agus chun Lárionad an Aontais maidir le cosc agus cúnamh d’íospartaigh a bhunú.
Rogha B: Rogha A + reachtaíocht 1) ina ndéantar na coinníollacha maidir le brath deonach a shonrú, 2) tuairisciú agus baint anuas mí‑úsáide gnéasaí leanaí éigeantach a éileamh, agus 3) Lárionad an Aontais a mhéadú freisin chun tacú le brath, tuairisciú agus baint anuas.
Rogha C: Rogha B + brath éigeantach ábhar aitheanta mí‑úsáide gnéasaí leanaí.
Rogha D: Rogha C + brath éigeantach ábhar nua mí‑úsáide gnéasaí leanaí.
Rogha E: Rogha D + brath éigeantach na mealltóireachta. Is í seo an rogha thosaíochta.
|
|
Cad iad tuairimí na bpáirtithe leasmhara difriúla? Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo
|
|
Bhí páirtithe leasmhara ar aon intinn go ginearálta maidir leis an tábhacht a bhaineann le cur le hiarrachtaí sa chomhrac i gcoinne mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne agus as líne, gan iarrachtaí atá ar bun a dhúbláil ná cur isteach orthu gan údar, agus chuir siad fáilte roimh Lárionad féideartha an Aontais. Thacaigh údaráis phoiblí agus eagraíochtaí neamhrialtasacha um chearta leanaí le hoibleagáidí maidir le mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath, a thuairisciú agus a bhaint anuas, agus bhí soláthraithe seirbhíse i bhfabhar cur chuige deonach lena gcumasófaí iarrachtaí agus nuálaíocht. Leag eagraíochtaí neamhrialtasacha um chearta príobháideachais béim ar a thábhachtaí atá sé gan criptiúchán a lagú agus ar an ngá le hurraim a léiriú don chosc ar fhaireachán ginearálta.
|
|
C. Tionchar na rogha tosaíochta
|
|
Cé na tairbhí a bhaineann leis an rogha thosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad tairbhí na bpríomhroghanna)?
|
|
Tá coinne leis go gcuirfidh an tionscnamh laghdú ar ilroinnt sa Mhargadh Aonair agus go gcuirfidh sé feabhas ar dheimhneacht dhlíthiúil, go gcuirfidh sé feabhas ar shainaithint, cosaint agus tacaíocht d’íospartaigh mí‑úsáide gnéasaí leanaí, agus go n‑áiritheoidh sé cosc éifeachtach agus go ndéanfaidh sé imscrúduithe a éascú.
Trí bhíthin mí‑úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac agus a chosc, chuirfí feabhas ar chearta an linbh mar gheall go dtiocfadh laghdú ar leathadh agus éifeachtaí na mí‑úsáide gnéasaí leanaí, lena n‑áirítear an t‑ualach eacnamaíoch de bharr chostais sláinte, fostaíochta agus costais dhíreacha eile, chomh maith leis an gcailliúint táirgiúlachta.
|
|
Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann dóibh, murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)?
|
|
Is iad na príomhchostais sa rogha thosaíochta:
·soláthraithe seirbhíse, chun na hoibleagáidí um mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath, a thuairisciú agus a bhaint anuas a chomhlíonadh (costais aonuaire mheasta EUR 1.6 billiún agus costais bhliantúla mheasta EUR 1.5 billiún);
·údaráis phoiblí, chun déileáil leis an méadú ar thuarascálacha (costais aonuaire mheasta EUR 5.4m agus costais bhliantúla mheasta EUR 825.6m);
·lárionad an Aontais (costais aonuaire mheasta EUR 5m agus costais bhliantúla mheasta EUR 25.7m).
|
|
Cén tionchar a imreofar ar FBManna agus ar an iomaíochas?
|
|
Eascraíonn na tionchair is suntasaí ar FBManna as an oibleagáid maidir le mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne a fhaightear ina seirbhísí a bhrath, a thuairisciú agus a bhaint anuas. Maolófar an tionchar eacnamaíoch leis an rochtain shaor in aisce ar theicneolaíocht chun mí‑úsáid a bhrath, a thuairisciú agus a bhaint anuas, rud a éascóidh lárionad an Aontais. Rialacha aonfhoirmeacha a bhaineann leis an gcomhrac i gcoinne mhí‑úsáid ghnéasach leanaí, cuideoidh siad le FBManna feidhmiú ar fud an Mhargaidh Aonair, cuideofar le cuideachtaí atá i mbun fáis agus le nuálaithe, fad a éascófar timpeallacht ar líne níos sábháilte do leanaí.
|
|
An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta?
|
|
Táthar ag súil le méadú ar líon na dtuarascálacha faoi mhí‑úsáid ghnéasach leanaí mar thoradh ar an tionscnamh. Fágfaidh sin go mbeidh costais ar údaráis phoiblí, go háirithe maidir le himscrúduithe.
Ar an taobh eile, cuideoidh lárionad an Aontais le húdaráis phoiblí ina n‑iarrachtaí sa phróiseas maidir le tosaíocht a thabhairt in imscrúduithe trí bhíthin tuarascálacha ar cháilíocht níos fearr agus cumasóidh sé úsáid níos éifeachtaí a bhaint as na hacmhainní agus an saineolas atá ar fáil san Aontas, agus maidir le cosc agus cúnamh d’íospartaigh. Sna réimsí sin, éascóidh an lárionad comhordú i measc na mBallstát, chun dúbláil iarrachtaí a sheachaint.
|
|
An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist?
|
|
Leis an rogha thosaíochta, féachtar le gach ceart bunúsach atá i gceist a chosaint, lena n‑áirítear na cearta bunúsacha chun dínit an duine agus chun sláine an duine, toirmeasc ar íde atá mídhaonna nó táireach, chomh maith le cearta an linbh (lena n‑áirítear cearta leanaí go ndéanfar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú agus go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint). An tráth céanna, bheadh tionchar ag an rogha thosaíochta ar chearta bunúsacha úsáideoirí uile na seirbhísí i gceist, go háirithe na cearta go ndéanfar príobháideachas a urramú (lena n‑áirítear príobháideachas cumarsáide, mar chuid den cheart níos leithne go ndéanfar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú), an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus ceart na saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil. Ba cheart go n‑áireofaí coimircí leis an reachtaíocht ina dtugtar san áireamh an leibhéal athraitheach cunórachta, ag brath ar chineál na seirbhísí ar líne, chun cothromaíocht chóir a bhaint amach idir na cearta bunúsacha éagsúla agus an cumas freagairt níos leormhaithe a thabhairt ar mhí‑úsáid ghnéasach leanaí i bhfianaise na rioscaí atá ann faoi láthair agus na rioscaí atá ag éabhlóidiú, go háirithe na rioscaí sin atá ag teacht chun cinn i dtimpeallacht dhigiteach atá thar a bheith dinimiciúil.
|
|
Comhréireacht?
|
|
Saothraíonn an reachtaíocht an cuspóir dlisteanach arb é dul i ngleic le mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne ar bhealach níos éifeachtaí, lena n‑áirítear cosaint níos fearr d’íospartaigh is leanaí trí bhíthin brath, tuairisciú agus baint anuas níos éifeachtaí, agus áirítear léi na coinníollacha agus coimircí a bhfuil gá leo. Ní théann an rogha thosaíochta thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sonracha agus ginearálta a sainaithníodh le haghaidh idirghabháil ón Aontas a ghnóthú. Go háirithe, áirithíonn sí urraim don chosc ar fhaireachán ginearálta agus cothromaíocht chóir idir na cearta éagsúla atá i gceist.
|
|
D. Iarobair
|
|
Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?
|
|
Déanfar faireachán ar chur chun feidhme na rogha tosaíochta trí bhíthin táscairí feidhmíochta a bhaileodh údaráis phoiblí, soláthraithe seirbhíse agus lárionad an Aontais. Ar bhonn na dtáscairí sin, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil cur chun feidhme gach 5 bliana, agus meastóireacht gach 5 bliana.
|