Bileog Achoimre Feidhmiúcháin
|
Measúnú tionchair ar an athbhreithniú ar chóras tásca geografacha an Aontais Eorpaigh (TGanna) maidir le táirgí talmhaíochta agus earraí bia, fíonta agus deochanna biotáilleacha
|
A. An gá atá le beart
|
Cén fhadhb atá ann agus cén fáth ar fadhb í ar leibhéal an Aontais?
|
I Litir Misin ó Uachtarán an Choimisiúin, Ursula Von der Leyen, tugadh sainordú don Choimisinéir Wojciechowski “breathnú ar bhealaí chun an córas TGanna a neartú. Tá ról lárnach ag an gcóras TGanna maidir le hardchaighdeáin agus ardcháilíocht an bhia a choinneáil ar bun agus lena chinntiú go gcaomhnófar ár n‑oidhreacht chultúrtha, ghastranómach agus áitiúil agus go ndeimhneofar é mar oidhreacht atá barántúil ar fud an domhain”. Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh córas na dtásc geografach (TGanna) atá ann faoi láthair a neartú mar chearta maoine intleachtúla i gcomhréir
leis an bPlean Gníomhaíochta um Maoin Intleachtúil
agus ainmneacha bianna traidisiúnta a chosaint go héifeachtach. Cuireann sé leis na cuspóirí a shaothraítear leis an gComhbheartais Talmhaíochta, go háirithe chun feabhas a chur ar fhreagairt thalmhaíocht an Aontais d’éilimh shochaíocha ar bhia agus ar shláinte agus ar an gcaoi sin tugtar aghaidh ar an g
Comhaontú Glas don Eoraip
agus ar
an Straitéis ón ʻbhfeirm go dtí an forc’
. Rinneadh
staidéar tacaíochta
meastóireachta ar Thásca Geografacha agus ar Shainearraí Traidisiúnta faoi Ráthaíocht in 2020. Foilsíodh
Doiciméad Inmheánach Oibre
maidir leis an meastóireacht i mí na Nollag 2021. Aithníodh sé cinn de na fadhbanna mar a leanas:
I gcás táirgeoirí:
(1) Dúshláin agus bearnaí i bhforfheidhmiú na TGanna: laigí i rialuithe (go háirithe i gcéimeanna iartheachtacha an tslabhra luacha) agus deacrachtaí cearta táirgeoirí a fhorfheidhmiú lasmuigh den Bhallstát táirgthe agus ar an idirlíon;
(2) Míchothromaíochtaí i slabhra an tsoláthair bia: Grúpaí táirgeoirí TGanna nach bhfuil seasamh láidir acu i slabhra an tsoláthair bia chun a áirithiú go mbeidh toradh cóir ar a dtáirge;
I gcás tomhaltóirí:
(3) Ní léirítear an rannchuidiú leis an inbhuanaitheacht go leormhaith i scéimeanna TG;
(4) Easpa feasachta agus easpa tuisceanna i measc tomhaltóirí ar lógónna TGanna, rud a fhágann go bhfuil éifeachtacht theoranta ag na scéimeanna chun faisnéis shoiléir a chur ar fáil do thomhaltóirí;
Maidir leis an gcreat rialála:
(5) Rialacha agus nósanna imeachta casta maidir le TG: rialacha maidir le scéimeanna TG atá le fáil i gceithre bhunghníomh a bhfuil téarmaíocht dhlíthiúil beagán éagsúil ag baint leo, rud a chuireann le castacht an chórais;
(6) Níor éirigh leis an scéim um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht (STR), agus ní raibh ach líon íseal ainmneacha cláraithe le 28 mbliain anuas.
Cuirtear bac ar fhorfheidhmiú, ar bhainistiú iarratas ar ainm a chlárú, ar fheidhmiú grúpaí táirgeoirí TG, agus ar fhaisnéis faoi scéimeanna TG agus STR mar gheall ar rialacha agus nósanna imeachta a leagtar síos i gceithre Rialachán earnáil sonracha de chuid an Aontais, arb éagsúil iad ar chúiseanna stairiúla nó ar shainiúlachtaí táirgí. Leis an nglao ar chórais bhia níos inbhuanaithe (cf. Straitéis Feirme go Forc) tá comhtháthú na gcritéir inbhuanaitheachta i scéimeanna TGanna á threorú. Cuireann easpa sainmhínithe soiléire ar ghrúpaí táirgeoirí TGanna, mar aon le dúshlán táirgeoirí a thabhairt le chéile in eagraíocht ghníomhach, bac ar bhainistiú éifeachtach a sócmhainne TG. Aithníodh an easpa faisnéise agus poiblíochta mar an phríomhchúis le leibhéal íseal aitheantais agus tuisceana ar na scéimeanna.
Meastar an próiseas clárúcháin STR a bheith casta agus éilitheach.
Chun aghaidh a thabhairt go leormhaith ar na saincheisteanna thuas, tá gá le modhnuithe dlíthiúla. Gan aon idirghabháil ar leibhéal an Aontais, leanfar leis na saincheisteanna thuasluaite agus d’fhéadfadh roinnt acu éiriú níos measa fós. Leis na scéimeanna TG, cuirtear chun feidhme oibleagáidí an Aontais faoi chomhaontú TRIPS (Gnéithe de chearta maoine intleachtúla a bhaineann le trádáil) EDT chun na hacmhainní dlíthiúla a sholáthar chun na TGanna atá ag gach ball de EDT san Aontas Eorpach a chosaint. Tá freagracht ar an Aontas freisin cosaint cheart maoine intleachtúla a áirithiú faoi Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Cuireann TGanna breisluach le táirgí, rud a mhéadaíonn ioncam in earnáil an agraibhia. Is iad na páirtithe leasmhara is mó a ndéantar difear dóibh na táirgeoirí TG agus grúpaí táirgeoirí TG, tomhaltóirí, chomh maith le húdaráis náisiúnta agus údaráis ar leibhéal an Aontais.
|
Cad é ba cheart a bhaint amach?
|
Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh a áirithiú go ndéanfar cearta maoine intleachtúla a chosaint go héifeachtach maidir le tásca geografacha san Aontas agus glacadh TGanna agus STRanna a mhéadú ar fud an Aontais. Ceapadh é sin ina sé chuspóir shonracha:
-Feabhas a chur ar fhorfheidhmiú rialacha TG chun cosaint níos fearr a thabhairt do cheart maoine intleachtúla agus cosaint níos fearr a thabhairt do TGanna ar an idirlíon
-Rannchuidiú le córas bia an Aontas a dhéanamh níos inbhuanaithe trí aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna inbhuanaitheachta
-Táirgeoirí agus grúpaí táirgeoirí a chumhachtú chun bainistíocht níos fearr a dhéanamh ar a sócmhainní TG
-Tuiscint cheart ar an margadh agus feasacht tomhaltóirí ar scéimeanna TG a mhéadú
-An creat dlíthiúil a chuíchóiriú agus a shoiléiriú chun simpliú agus comhchuibhiú a dhéanamh ar na nósanna imeachta
-Táirgí agus modhanna traidisiúnta táirgthe a luacháil agus a chaomhnú
|
Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ceist na coimhdeachta)?
|
Déantar foráil sna scéimeanna TG maidir le hainmneacha agus téarmaí breisluacha a chosaint nó a fhorchoimeád ar fud chríoch an Aontais. Dá gcosnódh na Ballstáit iad ina n‑aonar, bheadh leibhéil éagsúla cosanta ag na téarmaí agus ag na hainmneacha i ngach Ballstát nó b’fhéidir nach mbeadh cosaint acu ar chor ar bith, rud a d’fhéadfadh tomhaltóirí a chur amú, bac a chur ar thrádáil laistigh den Aontas, agus bealach a dhéanamh d’iomaíocht mhíchothrom i dtáirgí arna sainaithint trí ainmneacha agus téarmaí breisluacha a mhargú. Ní féidir CMI a chosaint ar fud an Aontais go héifeachtach agus go héifeachtúil ach amháin ar leibhéal an Aontais.
|
B. Réitigh
|
Cad iad na roghanna éagsúla lenar féidir na cuspóirí a bhaint amach? An bhfuil rogha tosaíochta ann? Mura bhfuil, cén fáth?
|
Rogha 1 — Feabhsú agus tacú is é is aidhm don rogha sin na hionstraimí atá i bhfeidhm cheana a fheabhsú agus tuilleadh tacaíochta a thabhairt do tháirgeoirí, d’údaráis na mBallstát agus do pháirtithe leasmhara eile, agus béim a leagan ar threoraíocht.
Rogha 2 – Sainmhíniú níos fearr agus atreisiú is é is aidhm don rogha seo an chosaint atá ag TGanna a neartú agus feabhas a chur ar chothroime iomaíochta i measc na n‑oibreoirí trí nósanna rialaithe ailínithe; róil grúpaí táirgeoirí TG a shainiú ar bhealach níos fearr; an téarmaíocht dhlíthiúil a shoiléiriú; úsáid lógó an Aontais a dhéanamh solúbtha agus ag an am céanna an status‑quo a choinneáil i gcás táirgí talmhaíochta; critéir inbhuanaitheachta a thabhairt isteach sa tsonraíocht táirge ar bhonn deonach; sraith amháin de rialacha nós imeachta a chur ar fáil thar earnálacha agus cuid den ghrinnscrúdú ar an iarratas a sheachfhoinsiú chuig gníomhaireacht. Faoin rogha seo, coinnítear scéim STR le rialacha soiléirithe maidir le raon feidhme agus cosaint.
Rogha 3 – Comhchuibhiú agus uasghrádú a dhéanamh leis an rogha seo áirithítear comhchuibhiú iomlán trí Rialachán aonair a chruthú ina mbeadh rialacha aontaithe forfheidhmithe agus rialaithe chomh maith le forálacha cuíchóirithe maidir le cosaint agus rialacha nós imeachta. Beidh lógó forordaithe an Aontais éigeantach i ngach earnáil. Áiríonn táirgeoirí critéir inbhuanaitheachta sa tsonraíocht táirge agus soláthraítear treoirlínte sonracha chun tuilleadh cumhachta a thabhairt do ghrúpaí táirgeoirí TG. Is faoi chúram gníomhaireachta atá sé TGanna a chlárú gan an Coimisiún a bheith rannpháirteach ann. Is féidir STRanna a chosaint trí ionstraimí de chuid an Aontais atá ann cheana (e.g. trádmharcanna).
Ina theannta sin, cuirfear gníomhaíochtaí trasnaí chun feidhme gan beann ar an rogha a roghnófar. Cumhdófar leo gníomhaíochtaí cumarsáide agus faisnéise, treoirlínte maidir le hiarratais TG agus digitiú iomlán a dhéanamh ar an bpróisis iarratais.
Dealraíonn sé go bhfuil níos mó fiúntais ag Rogha 2 ná ag rogha eile, ós rud é go bhfuil an scór is airde aici maidir le comparáid a dhéanamh idir na costais agus na tairbhí, nuair a chuirtear le chéile í le gníomhartha áirithe ó rogha 1 agus rogha 3.
|
Cad iad tuairimí na bpáirtithe leasmhara éagsúla? Cé hiad na páirtithe leasmhara éagsúla agus cé na bearta is rogha leo?
|
Léiríonn Rogha 2 na cineálacha gníomhaíochtaí is fearr arna sainaithint trí chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara lena n‑áirítear an Chomhdháil maidir le TGanna a Neartú, an comhairliúcháin poiblí oscailte, comhairliúcháin faoi chuimsiú Grúpaí Idirphlé Sibhialta agus ghrúpa saineolaithe na mBallstát um an Inbhuanaitheacht agus um an gCáilíocht Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe (lena n‑áirítear ceistneoirí spriocdhírithe) chomh maith le cruinnithe spriocdhírithe le heagraíochtaí TG.
|
C. Tionchar na rogha tosaíochta
|
Cad iad buntáistí a bhaineann leis an rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad buntáistí na bpríomhroghanna)?
|
Beidh amanna clárúcháin níos giorra ann mar thoradh ar éifeachtúlacht mhéadaithe maidir le hiarratais ar ainm a chlárú, agus spárálfar suas le 36 mhí. Le caighdeáin forfheidhmithe aonfhoirmeacha, cuirfear feabhas ar chosaint TGanna agus beidh cothroime iomaíochta ann do gach oibreoir sa mhargadh inmheánach. Leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe, éascófar comheagrú na ngrúpaí táirgeoirí TG agus neartófar an seasamh atá acu maidir lena sócmhainn TG a bhainistiú agus a mhargú, rud a áiritheoidh go mbeidh toradh cóir ar a dtáirgeadh. Ina theannta sin, meastar go mbeidh éifeachtaí iarmharta ar thurasóireacht agus ar phróiseáil iartheachtach. Beidh sé níos éasca reachtaíocht TG a chur chun feidhme a bhuí le soiléirithe dlíthiúla. Trí úsáid sholúbtha a bhaint as lógó an Aontais d’fhíonta agus do dheochanna biotáilleacha cuirfear le hinfheictheacht theachtaireacht an Aontais maidir le TGanna agus cabhrófar le tomhaltóirí cinntí níos eolasaí a dhéanamh faoi cheannacháin. Déanfar níos mó TGanna a tháirgeadh ar bhealach inbhuanaithe agus imreofar dea-thionchar ar chosaint na bithéagsúlachta, ar leas na n‑ainmhithe, ar acmhainní nádúrtha agus tírdhreacha a bhainistiú, agus ar an méid a chuireann siad le haistí bia folláine inbhuanaithe, ar choinníoll go nglacfaidh formhór na ngrúpaí táirgeoirí leis na gealltanais inbhuanaitheachta atá inláimhsithe agus cuimsitheach.
|
Cad iad costais na rogha (más ann di; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)?
|
Ós rud é go rachaidh an táirgeadh níos tapúla agus níos fearr chun tairbhe do tháirgeoirí, laghdófar na costais, go háirithe na costais a bhaineann le fad an nós imeachta um chlárúchán agus leis na hacmhainní a bhfuil gá leo. Beidh costais bhreise maidir le comhlíonadh agus deimhniú ag baint leis na critéir inbhuanaitheachta a áireamh go deonach ag na táirgeoirí TG, costais a d’fhéadfaí a fhritháireamh go páirteach in aghaidh bearta tacaíochta faoi chuimsiú an bheartais forbartha tuaithe. I bhfianaise éagsúlacht na dtáirgí atá cláraithe mar TG agus leagan amach eagraíochtúil éagsúil na ngrúpaí táirgeoirí TG agus rialuithe TG, agus ag brath freisin ar na córais a chuirfear ar bun ar an leibhéal náisiúnta, ní féidir aon chur chuige amháin do chách maidir le cainníochtú ar na costais a sholáthar; tugtar meastachán san Iarscríbhinn chomhfhreagrach a ghabhann leis an Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair.
|
Cén tionchar a imreofar ar FBManna agus ar an iomaíochas?
|
De bhrí go mbaineann thart ar 90 % de na TGanna luach díolacháin níos lú ná EUR 50 milliún amach, is féidir a bhaint de thátal as go gcáilíonn formhór na dtáirgeoirí TG mar FBManna. Ciallaíonn sé sin go mbaineann gach tionchar a aithníodh sa tuarascáil ar an measúnú tionchair leo. Leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe, méadófar cumhachtaí margála na dtáirgeoirí sa bhiashlabhra agus áiritheofar gur fearr a rachaidh siad i ngleic leis an éileamh, rud a fheabhsóidh a bhfreagairt ar riachtanais na dtomhaltóirí. Trí aitheantas a thabhairt don tábhacht a bhaineann le grúpaí táirgeoirí TG a chomheagrú ar fud na n‑earnálacha, neartófar an seasamh atá acu maidir lena sócmhainn TG a bhainistiú agus a mhargú. Gníomhaíochtaí sonracha a thabharfaidh deis do tháirgeoirí rialacha a shocrú maidir le pacáistíocht agus maidir le húsáid a dTGanna mar chomhábhair, rannchuideoidh siad go hindíreach le hioncam níos airde a fháil mar gheall ar bhaol laghdaithe calaoise.
|
An imreofar tionchair shuntasacha ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta?
|
Le treoirlínte agus rialacha nós imeachta comhchuibhithe maidir le TGanna a chlárú, beidh údaráis riaracháin phoiblí in ann iarratais a phróiseáil níos tapúla, rud a rachaidh chun tairbhe na cistí poiblí. Ós rud é go gcuirfear na rialacha agus na nósanna imeachta tuilleadh soiléireachta ar fáil, agus go gcuirfear leis an Ríomhchlár agus leis an mbunachar sonraí GIview tuilleadh trédhearcachta ar fáil, beidh sé níos éasca ar údaráis forfheidhmithe agus na cúirteanna iad a chur i bhfeidhm.
|
An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist?
|
Beidh tionchar ag an rogha tosaíochta ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus ar iomaíocht, ar chosaint TGanna mar cheart maoine intleachtúla (i gcomhréir le EDT/TRIPS agus leis an gCairt Eorpach um Chearta Bunúsacha), ar fhorbairt inbhuanaithe agus ar chomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta. Déanfar difear d’oibreoirí lasmuigh den Aontas ar an gcaoi chéanna le hoibreoirí ón Aontas.
|
Comhréireacht?
|
Tá na gníomhaíochtaí atá beartaithe comhréireach chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a sainaithníodh. Tugadh an scór is airde do Rogha 2 a mhéid a bhaineann leis an gcomparáid idir na costais agus na tairbhí le haghaidh táirgeoirí TG. Cé go rachaidh an táirgeadh níos tapúla agus níos fearr chun tairbhe do tháirgeoirí, laghdófar na costais, go háirithe na costais a bhaineann le fad an nós imeachta um chlárúchán agus leis na hacmhainní a bhfuil gá leo, rud a d’fhéadfadh na costais a bhaineann le hinfheistíochtaí i dtreo na inbhuanaitheachta a chúiteamh.
|
D. Iarobair
|
Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?
|
I gcomhréir le Comhaontú Idirinstitiúideach 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, i gcás ina gcomhaontaíonn trí Institiúid breithniú córasach a dhéanamh ar úsáid na gclásal athbhreithnithe sa reachtaíocht agus an t‑am is gá le haghaidh cur chun feidhme agus bailiú fianaise ar thorthaí agus ar thionchair a chur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo tráth nach luaithe ná 5 bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
|