An Bhruiséil,8.12.2022

COM(2022) 701 final

2022/0407(CNS)

Togra le haghaidh

TREOIR ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le rialacha CBL don ré dhigiteach

{SEC(2022) 433 final} - {SWD(2022) 393 final} - {SWD(2022) 394 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is foinse mhór ioncaim í an cháin bhreisluacha (CBL) i mBallstáit uile an Aontais 1 . Tá sí mar phríomhfhoinse maoinithe freisin ag buiséad an Aontais toisc go n‑aistrítear 0.3 % den CBL a bhailítear ar an leibhéal náisiúnta chuig an Aontas mar acmhainní dílse, rud a léiríonn 12 % de bhuiséad iomlán an Aontais. D’ainneoin go bhfuil tábhacht mhór le CBL i gceapadh beartas buiséadach, cuirtear bac ar an gcóras CBL de bharr modhanna bailiúcháin agus rialaithe CBL fo‑optamacha. Forchuirtear ualaí agus costais chomhlíontachta iomarcacha leis freisin.

Léiríonn an caillteanas ioncaim, ar a dtugtar an ‘bhearna CBL 2 ’, na saincheisteanna a cruthaíodh de bharr bailiú agus rialú fo‑optamach CBL. Meastar gur fiú EUR 93 bhilliún san iomlán an caillteanas sin le haghaidh 2020, agus cuid shuntasach den chaillteanas sin ann i ngeall ar chalaois laistigh den Chomhphobal arna déanamh ag trádálaí atá ar iarraidh 3 . Áirítear leis an mbearna CBL freisin ioncaim arna gcailleadh i ngeall ar chalaois agus imghabháil CBL, seachaint CBL, féimheacht agus dócmhainneacht airgeadais, chomh maith le mí‑áirimh agus earráidí riaracháin. Ní hamháin go bhfuil an córas CBL tugtha do chalaois, ach tá sé éirithe níos casta do ghnólachtaí freisin agus é ag cur ualaí móra orthu. Go háirithe, níor cuireadh na rialacha CBL maidir le trádáil trasteorann, atá 30 bliain d’aois, in oiriúint do ghnó a dhéanamh sa ré dhigiteach, rud a éilíonn go ndéanfaí machnamh ar an gcaoi ar féidir an teicneolaíocht a úsáid chun ualaí riaracháin agus costais ghaolmhara ar ghnólachtaí a laghdú agus calaois chánach a chomhrac an tráth céanna.

Dá bhrí sin, ina Phlean Gníomhaíochta 2020 le haghaidh cánachas cothrom agus simplí lena dtacaítear leis an téarnamh 4 , d’fhógair an Coimisiún an pacáiste reachtach ‘Rialacha CBL don ré dhigiteach’, a áiríodh freisin i gclár oibre 2022 an Choimisiúin 5 . Is cuid den phacáiste sin an togra seo, mar aon le togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a mhéid a bhaineann leis na socruithe comhair riaracháin CBL is gá don ré dhigiteach 6 , agus an togra le haghaidh Rialachán Cur Chun Feidhme ón gComhairle lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais faisnéise le haghaidh scéimeanna CBL áirithe 7 .

Tar éis Plean Gníomhaíochta Cánach an Choimisiúin a fhógairt, luaigh an Chomhairle go ‘dtacaíonn sí leis an moladh a rinne an Coimisiún maidir le rialacha CBL an Aontais a shoiléiriú, a shimpliú agus a nuachóiriú’, go ‘gcuireann sí fáilte roimh an tionscnamh a d’fhógair an Coimisiún chun oibleagáidí tuairiscithe a nuachóiriú le haghaidh idirbhearta trasteorann (...) agus an rún atá ag an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar an ngá atá leis an gcreat CBL a chur in oiriúint don gheilleagar ardán 8 . Tugtar tacaíocht ghinearálta i rúin Pharlaimint na hEorpa do thionscnaimh chun calaois CBL a chomhrac 9 . Ina theannta sin, luaigh Parlaimint na hEorpa a tacaíocht shainráite don tionscnamh ag maíomh go bhfuil sí ‘ag tnúth leis an togra reachtach chun oibleagáidí tuairiscithe CBL a nuachóiriú 10 . Le déanaí anuas, ghlac Parlaimint na hEorpa le rún 11 inar tugadh ar aird go bhfuil sé de chumas ag uirlisí sonraí agus digiteacha an ró‑mhaorlathas a laghdú agus oibleagáidí éagsúla a bhíonn ar an gcáiníocóir a shimpliú, go háirithe sa réimse maidir le tuairisceáin CBL agus ráitis achoimreacha, (...) agus ag cur fáilte roimh thogra an Choimisiúin na ceanglais CBL a nuachóiriú, a shimpliú agus a chomhchuibhiú, ag úsáid tuairisciú agus ríomhshonrascadh fíor‑ama bunaithe ar idirbhearta. Cuirtear i dtábhacht freisin sa rún go bhfuil ualach anásta i gceist leis na héagsúlachtaí i rialacháin chánach na mBallstát agus, cé go ndéantar Ionad Ilfhreastail (OSS) an Aontais a fhormhuiniú, iarrtar sa rún go leathnófaí raon feidhme an ionaid chun raon seirbhísí níos leithne a chumhdach.

Tá trí phríomhchuspóir ag an bpacáiste sin:

(1)Oibleagáidí tuairiscithe CBL 12 a nuachóiriú, trí Cheanglais maidir le Tuairisciú Digiteach a thabhairt isteach, rud a dhéanfaidh caighdeánú ar an bhfaisnéis is gá do dhaoine inchánacha a chur isteach chuig na húdaráis chánach, i bhformáid leictreonach, maidir le gach idirbheart. An tráth céanna forchuirfear leis úsáid a bhaint as ríomhshonrascadh le haghaidh idirbhearta trasteorann;

(2)Aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le geilleagar ardán 13 , trí na rialacha CBL is infheidhme maidir leis an ngeilleagar ardán a thabhairt cothrom le dáta chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist maidir le cóir chomhionann, an ról atá ag rialacha soláthair is infheidhme maidir leis na hidirbhearta sin a shoiléiriú agus ról na n‑ardán i mbailiú CBL a fheabhsú le linn dóibh soláthar seirbhísí cóiríochta gearrthéarmaí ar cíos nó seirbhísí iompair paisinéirí a éascú; agus

(3)An gá atá le clárúcháin CBL iomadúla a sheachaint san Aontas agus feabhas a chur ar fheidhmiú na huirlise a cuireadh chun feidhme chun an CBL atá dlite ar chiandíol earraí a dhearbhú agus a íoc 14 , trí Chlárú Aonair CBL a thabhairt isteach. Is é sin feabhas a chur ar chórais an Ionaid Infhreastail (OSS)/an Ionaid Infhreastail Allmhairiúcháin (IOSS) agus an aistrithe táillí atá ann cheana, agus cur leo, chun ioslaghdú a dhéanamh ar na cásanna ina gceanglaítear ar dhuine inchánach clárú i mBallstát eile.

(1)Ceanglais maidir le tuairisciú CBL agus tuairisciú digiteach (CTDanna)

Téann an Treoir CBL siar go dtí na 1970idí agus, dá bharr sin, níl na ceanglais tuairiscithe réamhshocraithe digiteach. É sin ráite, taispeántar leis an treocht dhomhanda go bhfuiltear ag bogadh ó chomhlíontacht traidisiúnta CBL i dtreo comhroinnt sonraí fíor‑ama bunaithe ar idirbhearta le riaracháin chánach, a bhíonn bunaithe ar ríomhshonrascadh go minic. Léirítear bacainn shuntasach i dtreo digitiú 15  leis an Treoir CBL, toisc gur gá do Bhallstáit maolú a fháil ionas go mbeidh siad in ann CTDanna a ghlacadh bunaithe ar cheanglais éigeantacha maidir le ríomhshonrascadh.

Fiú amháin leis sin, trí bhíthin maolú den sórt sin go háirithe, thug roinnt Ballstát cineálacha éagsúla CTDanna isteach, lena dtugtar faisnéis d’údaráis chánach ar bhonn gach idirbhirt. D’éirigh leis na bearta bailiú CBL a mhéadú, a bhuí leis na feabhsúcháin ar rialú cánach agus an éifeacht dhíspreagthach ar neamhchomhlíonadh. Meastar go bhfuil an méadú gaolmhar ar ioncam CBL ó 2014 go dtí 2019 idir EUR 19 mbilliún agus EUR 28 mbilliún sna Ballstáit sin inar tugadh CTDanna isteach sa tréimhse sin, méadú a chomhfhreagraíonn do mhéadú bliantúil idir 2,6 % agus 3,5 % ar ioncam CBL 16 .

Deonaítear leis an Treoir CBL discréid leathan do na Ballstáit na hoibleagáidí a thabhairt isteach a mheasann siad is gá chun bailiú ceart na cánach a áirithiú agus chun imghabháil a chosc. Dá bhrí sin, bíonn éagsúlacht shubstaintiúil idir na CTDanna ó Bhallstát go chéile. Is féidir leo na nithe a leanas a chuimsiú (i) tarchur tuarascálacha míosúla maidir le hidirbhearta gnó, (ii) sonraisc a chur isteach i bhfíor‑am, (iii) sonraí sonraisc a tharchur i bhfíor‑am nó i leath‑fhíor-am, nó (iv) sonraí cánach agus cuntasaíochta nó taifid CBL a chur isteach. Chuir Ballstáit eile uirlisí neamhdhigiteacha chun feidhme maidir le hidirbhearta tuairiscithe, amhail liostálacha nach soláthraíonn sonraí ar leibhéal idirbhirt, ach a sholáthraíonn luachanna na ndíolachán nó na gceannachán in aghaidh an chustaiméara nó an tsoláthróra amháin (liostálacha soláthróirí agus custaiméirí). Tá na ceanglais sin uile anuas ar an gceanglas maidir le tuairisceáin CBL a chur isteach.

Dheimhnigh páirtithe leasmhara le linn an chomhairliúcháin méid na bhfadhbanna a cruthaíodh de bharr gur tugadh ceanglais tuairiscithe CBL digiteacha éagsúla isteach go tobann agus an gá a bhí le gníomhú go tapa 17 . Leis an deighilt a rinneadh dá thoradh sin ar an gcreat rialála cruthaítear costais comhlíontachta bhreise ar ghnólachtaí a fheidhmíonn i mBallstáit dhifriúla, agus a chaitheann dá bhrí sin ceanglais áitiúla éagsúla a chomhlíonadh, agus cruthaítear bacainní laistigh den mhargadh aonair. Agus líon níos mó Ballstát ag cur samhlacha difriúla oibleagáidí tuairiscithe digiteacha chun feidhme 18 , tá na costais a bhaineann le deighilt do chuideachtaí ilnáisiúnta (cuideachtaí a bhfuil láithreacht acu i mbreis is Ballstát amháin) 19 suntasach. Meastar gur fiú thart ar EUR 1,6 billiún go bliantúil iad ar fud an Aontais, agus íocann cuideachtaí ilnáisiúnta mionscála EUR 1,2 billiún díobh agus íocann cuideachtaí ilnáisiúnta mórscála EUR 0,4 billiún díobh 20 .

Ina theannta sin, leis an gcóras tuairiscithe reatha ar idirbhearta laistigh den Chomhphobal (dá dtagraítear sa Treoir CBL mar ‘ráitis achoimreacha’ 21 ) ní ligtear do Bhallstáit dul i ngleic go héifeachtach le calaois CBL atá nasctha leis na hidirbhearta sin. Téann na ráitis achoimreacha reatha siar go dtí 1993 agus níor tháinig aon athrú substaintiúil orthu ó shin i leith. Níl siad ullmhaithe go maith don gheilleagar digiteach agus is ar éigean is féidir comparáid a dhéanamh eatarthu agus na córais tuairiscithe digití nua‑aimseartha atá curtha chun feidhme ag roinnt Ballstát le haghaidh idirbhearta intíre.

I measc easnamh eile, ní sholáthraíonn ráitis achoimreacha ach sonraí comhiomlánaithe maidir le gach duine inchánach, agus ní sonraí de réir na n‑idirbheart. Ní cheadaítear leo ach an oiread sonraí ó sholáthairtí a chrosmheaitseáil leo sin a bhaineann le héadálacha, toisc go bhfágann an Treoir CBL tuairisciú na n‑éadálacha laistigh den Chomhphobal faoi rogha na mBallstát agus thug níos lú ná leath na mBallstát an oibleagáid sin isteach. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh na sonraí sin ar fáil d’údaráis chánach i mBallstáit eile ag an am ceart, mar gheall ar mhinicíocht comhdaithe mar gheall ar an am a thógann sé ar údaráis chánach áitiúla sonraí a uaslódáil ar an gcóras. Chuir beagnach dhá thrian de na páirtithe leasmhara a bhí ar an eolas na heasnaimh sin i dtábhacht ag freagairt don chomhairliúchán poiblí inar comhaontaíodh i bpáirt nó go hiomlán go mbeadh ráitis achoimreacha níos éifeachtaí chun calaois laistigh den Aontas a chomhrac dá mba rud é gur bailíodh sonraí ar bhonn gach idirbhirt agus níos gaire do thráth an idirbhirt.

Níl aon amhras ach go mbíonn athruithe ar chomhar riaracháin agus malartú sonraí idir údaráis inniúla na mBallstát agus an Córas Malartaithe Faisnéise CBL i gceist le haon leasú ar an tuairisciú a dhéantar ar idirbhearta trasteorann 22 .

Réiteofar na saincheisteanna sin, maidir leis an gcomhrac in aghaidh CBL a leanann as trádáil laistigh den Chomhphobal, trí chóras tuairiscithe idirbheart ar idirbheart a thabhairt isteach a sholáthróidh faisnéis do Bhallstáit i mbeagnach fíor‑am, i gcomhréir leis na córais rathúla a chuir roinnt Ballstát chun feidhme le haghaidh idirbhearta intíre. I ndáil leis an easpa comhchuibhithe a bhaineann le córais tuairiscithe intíre, rachfar i ngleic leis na saincheisteanna trí theimpléad coiteann a bhunú a chaithfidh siad siúd a bheidh ag tuairisciú a leanúint, rud a cheadóidh do dhaoine inchánacha sonraí a thuairisciú i gcónaí ó shonraisc leictreonacha arna n‑eisiúint de réir an chaighdeáin Eorpaigh arna bhunú i dTreoir 2014/55/AE maidir le ríomhshonrascadh sa soláthar poiblí 23 .

(2)Cóireáil CBL an gheilleagair ardán

Leis an méadú atá ar shamhail ghnó an gheilleagair ardán 24 tá fadhbanna nua cruthaithe don chóras CBL. Ceann de na fadhbanna sin is ea neamh‑chomhionannas CBL.

Faoi rialacha CBL, ciallaíonn duine inchánach aon duine (nádúrtha nó dlítheanach) a dhéanann, go neamhspleách, aon ghníomhaíocht eacnamaíoch 25 . Ceanglaítear ar dhaoine inchánacha clárú i gcomhair CBL agus CBL a mhuirearú ar a ndíolacháin. Daoine aonair a ghníomhaíonn ina gcáil phearsanta áfach, ní mheastar gur daoine inchánacha iad. Ina theannta sin, tá fiontair bheaga díolmhaithe ó CBL i ngeall ar bheart simplithe lena dtugtar fuascailt dóibh ó oibleagáidí riaracháin CBL.

Go dtí le déanaí anuas, níor measadh go raibh aon tionchar ag daoine aonair príobháideacha ná ag fiontair bheaga dhíolmhaithe ar iomaíocht sa mhargadh le gnólachtaí atá cláraithe i gcomhair CBL. Ach tugadh samhlacha nua gnó isteach sa gheilleagar ardán agus tá an cás á athrú leis na samhlacha sin.

Is féidir le daoine aonair príobháideacha agus le gnólachtaí beaga a seirbhísí saor ó CBL a sholáthar trí ardán agus leis na barainneachtaí scála agus leis an éifeacht líonra 26 a bheith in iomaíocht dhíreach le soláthróirí traidisiúnta atá cláraithe i gcomhair CBL. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, go bhféadfadh óstán a bheith in iomaíocht le liostálacha cóiríochta nach ngearrann CBL ar a gcuid seirbhísí. Is féidir leis an gcostas cóiríochta trí ardán a bheith idir thart ar 8 % agus 17 % níos saoire san Eoraip ná meánráta laethúil óstáin réigiúnaigh 27 . Léirítear leis an bhfaisnéis a sholáthraítear sa staidéar ‘CBL sa Ré Dhigiteach’ 28 nach bhfuil suas le 70 % d’iomlán na soláthróirí foluiteacha a úsáideann ardán cláraithe i gcomhair CBL (cé go bhfuil éagsúlacht ag baint leis sin ag brath ar an gcineál ardáin). Chuir díchumadh iomaíochta den sórt sin isteach ar bhreis is dhá thrian de fhreagróirí a raibh tuairim acu maidir leis an tsaincheist.

Sainaithníodh na hearnálacha iompair paisinéirí agus cóiríochta go sainráite sa staidéar mar earnálacha inar follasaí an neamh‑chomhionannas CBL (sa mhéid is go bhfuil samhail an ardáin cóiríochta in iomaíocht dhíreach le hearnáil na n‑óstán, agus tá samhail an ardáin iompair paisinéirí in iomaíocht dhíreach le gnólachtaí tacsaí príobháideacha). Is iad sin an dá earnáil is mó freisin den gheilleagar ardán 29 , atá ag gabháil do dhíol earraí trí ardáin (ar a dtugtar ‘ríomhthráchtáil’ freisin), ag a bhfuil a cuid rialacha féin maidir le soláthar earraí.

Réimse eile a bhfuil fadhb leis is ea an easpa soiléireachta maidir le rialacha CBL a bhfuil feidhm acu maidir leis na seirbhísí arna soláthar ag na hardáin sin agus, go háirithe, maidir le stádas CBL an tsoláthróra fholuitigh a shainaithint.

Cinntear le stádas incháinithe na ndaoine a sholáthraíonn seirbhísí tríd an ardán an bealach a láimhseálfar CBL na seirbhísí éascaíochta ardáin i gcás ina bhfuil an soláthraí bunaithe i mBallstát difriúil uaidh sin atá ag an ardán. I gcás den sórt sin, gan beann ar cé acu ar duine neamh‑inchánach nó duine inchánach é an soláthraí, d’fhéadfadh an t‑ardán an tIonad Ilfhreastail a úsáid nó an táille aistrithe a chur i bhfeidhm. Níl an cinneadh sin éasca áfach, toisc nach mbíonn an fhaisnéis a theastaíonn uathu ar na hardáin go minic chun measúnú a dhéanamh ar stádas an tsoláthróra fholuitigh.

Ina theannta sin, chuir na Ballstáit rialacha éagsúla sa Treoir CBL is infheidhme maidir leis an ngeilleagar ardán i bhfeidhm ar bhealach difriúil 30 . Na seirbhísí éascaíochta arna muirearú ag na hardáin mar shampla, meastar gur seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach iad i roinnt Ballstát, agus meastar gur seirbhísí idirghabhála iad i mBallstáit eile. Is gá soiléiriú a fháil maidir leis na rialacha sin, toisc go bhféadfaí le cur i bhfeidhm éagsúil rialacha CBL an Aontais mar atá i bhfeidhm faoi láthair áiteanna difriúla soláthair a chur i bhfeidhm 31 , rud as a bhféadfadh cánachas dúbailte nó neamh‑chánachas leanúint.

Baineann réimse faidhbe breise amháin leis na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar na hardáin.

Ceanglaítear ar ardáin faisnéis áirithe a choimeád 32 a bhaineann le soláthairtí arna n‑éascú acu agus an fhaisnéis sin a chur ar fáil ach a n‑iarrann Ballstáit í. Cuireann na Ballstáit roinnt ceanglais difriúla chuig na hardáin áfach maidir leis an tréimhse ama agus an fhormáid a ghlacfaidh an fhaisnéis sin. Tá gá dá bhrí sin lena tabhairt chun rialtachta. Ina theannta sin, chun an chalaois a chomhrac is gá d’ardáin an fhaisnéis sin a choimeád agus í a chur ar fáil ní hamháin le haghaidh soláthairtí gnólacht le gnólacht (B2B) (mar atá sé faoi láthair) ach le haghaidh soláthairtí gnólacht le tomhaltóir (B2C) freisin.

Réiteofar na saincheisteanna sin trí shamhail den soláthróir measta a thabhairt isteach, trína dtabharfaidh ardáin cuntas ar an CBL ar an soláthar foluiteach i gcás nach ngearrann an soláthróir aon CBL, rud lena n‑áiritheofar cóir chomhionann idir earnálacha digiteacha agus as líne na cóiríochta gearrthéarmaí ar cíos agus iompair paisinéirí. Ina theannta sin, tabharfar soiléirithe maidir le cóireáil na seirbhíse éascaíochta ionas go mbeifear in ann na rialacha maidir leis an áit soláthair a chur i bhfeidhm ar bhonn uilíoch, agus glacfar céimeanna chun an tarchur faisnéise ón ardán chuig na Ballstáit a chomhchuibhiú.

(3)Ceanglais maidir le clárú CBL san Aontas Eorpach

Gnólachtaí a dhéanann idirbhearta a ngearrtar cáin orthu i mBallstáit eile bíonn ualaí móra comhlíontachta agus costais CBL orthu go fóill, ar bacainn iad laistigh den mhargadh aonair. Meastar iad mar a leanas:

·Is é EUR 1 200 an costas aonuaire íosta le haghaidh clárú CBL i mBallstát eile.

·Is é EUR 8 000 an costas leanúnach íosta ar ghnáth‑ghnó, ar bhonn bliantúil, le haghaidh clárú CBL i mBallstát eile agus EUR 2 400 le haghaidh FBM.

Soláthraíodh sa phacáiste ríomhthráchtála CBL a tháinig i bhfeidhm an 1 Iúil 2021, den chéad uair, reachtaíocht chuimsitheach CBL inar láimhseáladh an geilleagar ríomhthráchtála (i gcás ina n‑ordaíonn tomhaltóirí, tríd an idirlíon go bunúsach, go díreach ó sholáthróirí i mBallstáit eile agus i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad). Leis na scéimeanna a forbraíodh (nó a síneadh) tríd an bpacáiste ríomhthráchtála maolaíodh an t‑ualach riaracháin a bhí ar ghnólachtaí a bhí i mbun idirbhearta i mBallstáit nach bhfuil siad bunaithe iontu, agus seachnaíodh an gá soláthróirí/soláthróirí measta a chlárú i gcomhair CBL i ngach Ballstát bunaíochta a gcustaiméara.

Tugtar Ionad Ilfhreastail (OSS) ar na scéimeanna sin le haghaidh soláthairtí do thomhaltóirí laistigh den Aontas Eorpach agus an tIonad Ilfhreastail Allmhairiúcháin (IOSS) chun beartáin bheaga earraí tomhaltóirí a allmhairiú (i gcás nach mó an luach ná EUR 150). Tugadh isteach forálacha agus oibleagáidí sonracha CBL le haghaidh ‘ardáin’ (an nóisean maidir le ‘soláthróir measta’ á thabhairt isteach) a bhfuil seasamh ceannasach acu sa gheilleagar ríomhthráchtála.

D’éirigh go han‑mhaith le cur chun feidhme OSS agus IOSS mar a léiríodh leis an meastóireacht 33 ar an bpacáiste ríomhthráchtála. Dheimhnigh Ballstáit na tairbhí atá le OSS agus IOSS do ghnólachtaí agus don mhargadh aonair sna Conclúidí ón gComhairle 34 ó ECOFIN Mhí an Mhárta 2022.

Níl roinnt soláthairtí d’earraí agus seirbhísí cumhdaithe le ceachtar de na scéimeanna simplithe sin áfach agus tá siad in ionad sin fós faoi réir ceanglas cuntasaíochta CBL i mBallstáit eile lena ngabhann ualach mór. Áirítear leo sin cineálacha áirithe soláthairtí earraí nach dtagann faoi réim an tsainmhínithe ar chiandíol earraí laistigh den Aontas, cé go bhféadfadh gné thrasteorann a bheith ag baint leo. Toisc go bhfuil IOSS roghnach faoi láthair, tá teorainn lena acmhainneacht an gá atá le clárúcháin iomadúla CBL a mhaolú agus ní laghdaítear castacht an phróisis allmhairiúcháin a mhéid is féidir.

D’áiritheofaí le síneadh ar raon feidhme OSS agus IOSS go laghdófaí a thuilleadh an gá atá le clárúcháin iomadúla CBL san Aontas.

Is tionscnamh REFIT é an togra CBL sa Ré Dhigiteach ina dtugtar aghaidh ar na rialacha CBL i gcomhthéacs úsáid mhéadaithe na teicneolaíochta digití 35 , i measc údaráis chánach agus an phobail ghnó araon. Níor bhain an córas CBL tairbhe iomlán go fóill as na deiseanna a cruthaíodh leis na forbairtí teicneolaíochta sin. Cuideoidh uirlisí agus réitigh nua dhigiteacha le húdaráis chánach dul i ngleic leis an mBearna CBL ar bhealach níos éifeachtúla agus beifear in ann comhlíontacht CBL a shimpliú agus laghdófar na costais ghaolmhara. Féachann an tionscnamh sin dá bharr sin le creat CBL an Aontais a oiriúnú a thuilleadh do ré dhigiteach.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an tionscnamh sin i gcomhréir leis an togra 36 a chuir an Coimisiún síos in 2018 le haghaidh córas cinntitheach CBL maidir le cánachas trádála idir na Ballstáit, atá fós á phlé sa Chomhairle. Is é is aidhm don togra sin an córas idirthréimhseach atá i bhfeidhm inniu a athsholáthar 37 trí idirbhearta laistigh den Chomhphobal a láimhseáil ar an mbealach céanna le hidirbhearta intíre. Bheadh CBL dlite i mBallstát cinn scríbe na n‑earraí 38 ar ráta an Bhallstáit sin ach dhéanfadh an soláthróir ina Bhallstát féin é a mhuirearú agus a bhailiú. Tá sé de chumas ag an tionscnamh CBL sa Ré Dhigiteach an córas cinntitheach CBL agus an córas atá i bhfeidhm faoi láthair araon a neartú.

Ceapadh an pacáiste ríomhthráchtála CBL chun an córas CBL a athmhúnlú, a thabhairt le cothrom agus a nuachóiriú chun a áirithiú go bhfuil sé ábhartha agus go gcuirfear i bhfeidhm é go héifeachtach lena bhfuil ag tarlú anois sa mhargadh ríomhthráchtála. An tráth céanna, féachadh leis na hathchóirithe comhlíontacht CBL a dhéanamh níos éasca do ghnólachtaí dlisteanacha a dhéanann gníomhaíocht thráchtála ar líne ar bhonn trasteorann trí chur chuige nua a ghlacadh maidir le bailiú cánach. Bhí sé mar phríomhaidhm córas cánachais níos cothroime, níos simplí agus níos comhchuibhithe a chruthú. Tógann an togra ar athchóiriú rathúil na rialacha ríomhthráchtála CBL tríd an ngá atá do thrádálacha neamhshainaitheanta clárú sa Bhallstát is tomhaltas a laghdú a thuilleadh. Áireofar leis sin inter alia nuashonrú ar na rialacha ríomhthráchtála is infheidhme faoi láthair maidir le Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBManna) ag ligean do FBManna tairbhiú de na simplithe arna dtabhairt ag na scéimeanna nua FBM 39 agus na scéimeanna OSS atá ann faoi láthair.

Tacaíonn an tionscnamh le straitéis fáis inbhuanaithe an Aontais 40 ina dtagraítear do bhailiú cánach níos fearr, laghdú ar chalaois, seachaint agus imghabháil cánach agus don laghdú ar chostais chomhlíontachta do ghnó, do dhaoine aonair, agus do riaracháin chánach. Cuid de chlár oibre inbhuanaitheachta iomaíoch an Aontais freisin is ea córais chánach a fheabhsú ionas go mbeidh gníomhaíocht eacnamaíoch níos inbhuanaithe agus níos cothroime.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an tionscnamh CBL sa Ré Dhigiteach nasctha leis an sprioc conradh‑bhunaithe maidir le margadh inmheánach feidhmiúil a bhunú 41 agus léiríonn sé tosaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh 42 chun feabhas a chur ar an timpeallacht cánachais ghnó sa mhargadh aonair, chomh maith le dul i ngleic le difríochtaí i rialacha cánach ar féidir leo bac a chur ar chomhtháthú níos doimhne an mhargaidh aonair. Féachtar sa tionscnamh seo le creat CBL an Aontais a oiriúnú don ré dhigiteach. Dá bhrí sin, tá a chuspóirí i gcomhréir freisin le ceann de na sé thosaíocht is mó atá ag an gCoimisiún, ‘Eoraip atá oiriúnach don aois dhigiteach’, agus a chuspóirí gnólachtaí a chumhachtú chun tairbhe iomlán a bhaint as acmhainn an chlaochlaithe dhigitigh.

Tá feabhas ar bhailiú cánach agus laghdú ar chalaois, seachaint agus imghabháil cánach leagtha síos ag an gCoimisiún mar thosaíochtaí 43 . Is iad an dá thopaic sin cloch choirnéil an tionscnaimh. Tacaíonn an tionscnamh freisin le straitéis fáis inbhuanaithe an Aontais 44 ina dtagraítear do bhailiú cánach níos fearr, laghdú ar chalaois, ar sheachaint agus imghabháil cánach agus don laghdú ar chostais chomhlíontachta do ghnó, do dhaoine aonair, agus do riaracháin chánach freisin. Tá feabhas ar chórais chánach chun gníomhaíocht eacnamaíoch níos inbhuanaithe agus níos cothroime a chruthú áirithe freisin i gclár oibre inbhuanaitheachta iomaíoch an Aontais.

Tá an tionscnamh CBL sa Ré Dhigiteach á reáchtáil in éineacht le tionscnaimh eile de chuid an Choimisiúin a bhaineann leis an nGeilleagar Eacnamaíoch, amhail an togra le déanaí le haghaidh Treoir chun feabhas a chur ar dhálaí oibre daoine a oibríonn trí ardáin saothair dhigiteacha 45 , agus an obair leanúnach a bhaineann le cíosanna gearrthéarmacha. Faoi na tionscnaimh sin is í an treoir ghinearálta go mbeadh ardáin níos cuntasaí agus go mbeadh ról níos mó acu sa chreat rialála. Tá sé sin i gcomhréir leis na hathruithe atá beartaithe sa Treoir sin don gheilleagar ardán i gcás ina mbeidh, faoi imthosca áirithe, ardáin freagrach as an CBL atá dlite a íoc in ionad soláthróirí ardán beag. Cuirfidh sé sin feabhas ar bhailiú CBL, toisc nach eol do chuid mhaith de na soláthróirí sin faoina n‑oibleagáidí CBL ionchasacha agus bheadh deacrachtaí acu in aon chás na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh.

Áirithítear freisin leis an tionscnamh CBL sa Ré Dhigiteach go bhfuil sé i gcomhréir le reachtaíocht atá ann cheana sa réimse digiteach amhail, Treoir an Aontais maidir le ríomhshonrascadh sa soláthar poiblí (B2G) 46 . Is é is aidhm don Treoir sin úsáid a bhaint as caighdeán coiteann Eorpach maidir le ríomhshonrascadh ar fud na mBallstát chun idir‑inoibritheacht agus cóineasú a chur chun cinn ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Tá an fhéidearthacht aige sin laghdú a chur ar bhacainní ar thrádáil trasteorann a eascraíonn as ceanglais dlíthiúla náisiúnta agus caighdeáin teicniúla dhifriúla sa ríomhshonrascadh. Tá foráil sa tionscnamh CBL sa Ré Dhigiteach go mbeidh an caighdeán Eorpach sin maidir le ríomhshonrascadh ar an modh réamhshocraithe chun críocha ceanglais tuairiscithe CBL go digiteach.

Tá an tionscnamh sin i gcomhréir freisin leis an bPlean Gníomhaíochta Custaim 47 . Tá bainistíocht ríomhthráchtála ar cheann de na ceithre phríomhréimse gníomhaíochta sa Phlean Gníomhaíochta Custaim. Dá thoradh sin, tá an feabhas ar scéim an ionaid ilfhreastail allmhairiúcháin (IOSS) sa togra seo teoranta don fhoráil éigeantach sa scéim seo le haghaidh ardán. Aon fheabhas nó síneadh eile, amhail baint na tairsí EUR 150 faoinar féidir an scéim simplithe sin a úsáid, déanfar é sin faoi chuimsiú an athchóirithe custaim sin 48 .

I dtuarascáil chríochnaitheach na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa 49 éilíonn saoránaigh go ndéanfaí beartais chánach a chomhchuibhiú agus a chomhordú laistigh de Bhallstáit an Aontais chun imghabháil agus seachaint cánach a chosc agus go gcuirfí comhar chun cinn idir Ballstáit an Aontais chun a áirithiú go n‑íocann gach cuideachta san Aontas sciar chothrom cánacha. Tá an tionscnamh CBL sa Ré Dhigiteach i gcomhréir leis na spriocanna sin.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Leasaítear an Treoir CBL leis an Treoir sin ar bhonn Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Foráiltear leis an Airteagal sin gur féidir leis an gComhairle, ag gníomhú di d’aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, forálacha a ghlacadh chun rialacha na mBallstát i réimse an chánachais indírigh a chomhchuibhiú.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tá an tionscnamh sin i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta. Ag glacadh leis an ngá atá ann an Treoir CBL a mhodhnú, ní féidir leis na Ballstáit amháin cuspóirí an tionscnaimh seo a bhaint amach. Dá bhrí sin, is gá don Choimisiún, atá freagrach as feidhmiú rianúil an mhargaidh aonair a áirithiú agus as leas ginearálta an Aontais a chur chun cinn, gníomhaíochtaí a mholadh chun feabhas a chur ar an gcás.

Ina theannta sin, toisc na príomhfhadhbanna atá i ngeall – bailiú agus rialú CBL fo‑optamach agus ualaí agus costais chomhlíontachta iomarcacha – tá siad comónta do na Ballstáit uile, bheadh sé de chumas ag gníomhaíochtaí náisiúnta ilroinnte nach bhfuil comhordaithe trádáil laistigh den Aontas a shaobhadh. Sa chomhairliúchán spriocdhírithe 50 , luaigh gnólachtaí a dtosaíocht féin maidir leis sin go gcuirfí rialacha CBL i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, seachas iallach a bheith orthu oibleagáidí difriúla tuairiscithe nó clárúcháin a chomhlíonadh ar an leibhéal náisiúnta. Murab amhlaidh le hardáin, is ann do shaobhadh suntasach iomaíochta idir na margaí ar líne agus as líne sna hearnálacha iompair paisinéirí agus cíosa gearrthéarmaí, chomh maith le cur chuige nach bhfuil comhchuibhithe maidir le háit soláthair na seirbhísí éascaíochta. Dá bhrí sin, is gá don Choimisiún a áirithiú go bhfuil na rialacha CBL comhchuibhithe. Maidir le bailiú agus rialú CBL, tugtar le fios le méid na bearna CBL agus chomh fada agus atá sé ann nach leor ionstraimí náisiúnta chun calaois thrasteorann a chomhrac, mar a thaispeántar leis na leibhéil mheasta calaoise laistigh den Chomhphobal arna déanamh ag trádálaí atá ar iarraidh, rud nach féidir a chomhrac go héifeachtúil agus go héifeachtach ach amháin le gníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Ceanglaítear idirghabháil ón Aontas dá bhrí sin i dtaca le hoibleagáidí tuairiscithe ón ngné calaoise CBL a tharlaíonn laistigh den Aontas.

Comhréireacht

Tá an togra i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a chomhlíonadh, go háirithe feidhmiú rianúil an mhargaidh aonair.

Áirithítear comhréireacht toisc go mbeidh na Ballstáit in ann a chinneadh cé acu a thabharfaidh nó nach dtabharfaidh siad ceanglais tuairiscithe intíre isteach a bheidh bunaithe go háirithe ar cé acu ar saincheist phráinneach dóibh an leibhéal calaoise CBL intíre nó nach ea. Tá an ceanglas maidir le hidir‑inoibritheacht nó cóineasú na gcóras náisiúnta leis an tuairisciú digiteach laistigh den Aontas riachtanach chun creat CTD ar fud an Aontais a ghlacadh.

Sa réimse a bhaineann le geilleagar ardán, áirithítear comhréireacht trí dhíriú ar an mbeart maidir le hearnálacha iompair paisinéirí agus cóiríochta, an réimse is géire an tsaincheist maidir le neamh‑chomhionannas CBL.

Áirithítear comhréireacht thairis sin toisc nach gcuireann an colún ‘clárú aonair CBL’ den tionscnamh isteach ar phróisis clárúcháin CBL náisiúnta. Ina ionad sin, díríonn sé ar theorainn a chur le cásanna ina gceanglaítear ar thrádálaí atá bunaithe lasmuigh den Bhallstát is tomhaltas clárú i gcomhair CBL sa Bhallstát sin.

Tá creat ar fud an Aontais chun clárú CBL a láimhseáil comhréireach toisc go bhfágfaidh sé go mbeidh feidhmiú an mhargaidh aonair níos inbhuanaithe. Ní fhéadfar deireadh a chur leis an ngá le clárúcháin iomadúla laistigh den Aontas, de bharr a chineáil, ach amháin le togra chun an Treoir CBL a leasú.

An rogha ionstraime

Ceanglaítear leis an togra go leasófaí Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha (an ‘Treoir CBL’), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gComhairle lena leagtar síos bearta cur chun feidhme do Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha agus Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle maidir le comhar riaracháin agus calaois i réimse na cánach breisluacha a chomhrac.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Tháinig an pacáiste ríomhthráchtála i bhfeidhm an 1 Iúil 2021 agus tugadh roinnt leasuithe isteach leis ar na rialacha CBL a rialaíonn an cháin a ghearrtar ar ghníomhaíocht ríomhthráchtála thrasteorann gnó‑go‑tomhaltóir (B2C) san Aontas. Áirítear ar na leasuithe is suntasaí an síneadh a cuireadh ar raon feidhme scéimeanna Mhion‑Ionad Ilfhreastail an Aontais (MOSS) agus Mhion‑Ionad Ilfhreastail neamh‑Aontais; cuireadh deireadh leis an tairseach díolúine EUR 22 CBL le haghaidh earraí allmhairithe; agus tugadh isteach an IOSS (Siopa Ilfhreastail Allmhairiúcháin) agus socruithe speisialta chun tacú le bailiú CBL ar chiandíol earraí allmhairithe nach mó ná EUR 150.

Rinne an Coimisiún meastóireacht ex‑post ar na chéad 6 mhí de chur i bhfeidhm an phacáiste ríomhthráchtála. Tá na torthaí tosaigh an‑dearfach agus is léir leo go bhfuil ag éirí go maith leis na bearta nua. San iomlán, sna chéad 6 mhí, bailíodh beagnach EUR 8 mbilliún de CBL trí na trí scéim (OSS agus IOSS an Aontais agus neamh‑Aontais). Taispeántar le torthaí na meastóireachta gur bailíodh thart ar EUR 6,8 billiún de CBL i scéimeanna Ionad Ilfhreastail an Aontais agus Ionad Ilfhreastail neamh‑Aontais, rud arb ionann é agus EUR 13,6 billiún ar a laghad ar bhonn bliantúil. Thairis sin, sna chéad 6 mhí, bailíodh thart ar EUR 2 bhilliún de CBL go sonrach i ndáil le hallmhairí de choinsíneachtaí ar luach íseal lenar ghabh luach intreach nach mó ná EUR 150, arb ionann é agus thart ar EUR 4 bhilliún ar bhonn bliantúil. As an EUR 2 bhilliún de CBL a bailíodh i ndáil le hallmhairí d’earraí ar luach íseal sna chéad 6 mhí, bailíodh beagnach EUR 1,1 billiún tríd an Ionad Ilfhreastail Allmhairiúcháin. Chomhlíon an pacáiste an sprioc maidir le córas cánachais níos cothroime agus níos simplí a bhaint amach agus tugadh cosaint d’ioncam CBL na mBallstát ag an am céanna.

Cuidíodh freisin le calaois CBL a chomhrac nuair a cuireadh an pacáiste chun feidhme. Tugtar le fios le hanailís ó shonraí custaim gur tháinig thart ar 91 % de na hidirbhearta uile a dearbhaíodh le haghaidh allmhairithe isteach san Aontas tríd an IOSS ó na 8 dtrádálaí is mó a bhí cláraithe le IOSS. Sin staitistic an‑dearfach toisc go dtaispeánann sé an tionchar a bhí ag an bhforáil nua ‘measta’ le haghaidh áiteanna margaidh ar chomhlíontacht. Beartaítear leis an togra dá bhrí sin go dtabharfar isteach córas maidir le soláthróir measta sna hearnálacha cóiríochta agus iompair paisinéirí sa gheilleagar ardán.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

An 6 Nollaig 2019 d’eagraigh Ard‑Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim (AS an Chánachais agus an Aontais Chustaim) de chuid an Choimisiúin imeacht maidir le ‘CBL sa Ré Dhigiteach’ sa Bhruiséil, an Bheilg. Tugadh páirtithe leasmhara a oibríonn sa réimse CBL le chéile ag an imeacht chun a machnamh a dhéanamh ar na deiseanna agus na dúshláin a chruthaíonn na teicneolaíochtaí nua sa réimse CBL. Go háirithe, pléadh an fhéidearthacht maidir le hardteicneolaíochtaí a úsáid. Soláthraíodh deis ag an seimineár freisin taithí nua a roinnt maidir leis an gcaoi a úsáideann Ballstáit réitigh dhigiteacha le haghaidh tuairisciú, bailiú agus brath calaoise CBL.

D’oibrigh an Coimisiún le dhá ghrúpa saineolaithe chun plé a dhéanamh ar an leibhéal teicniúil: an Grúpa ar Thodhchaí CBL (GFV) agus an Grúpa Saineolaithe CBL (VEG). Bhí cruinnithe den Ghrúpa ar Thodhchaí CBL (9 Feabhra agus 6 Bealtaine 2022) agus den Ghrúpa Saineolaithe CBL (29 Samhain 2021 agus 10 Meitheamh 2022) ar siúl chun saincheisteanna difriúla a bhaineann leis an tionscnamh CBL sa Ré Dhigiteach a phlé. Cuireadh de chúram ar fhoghrúpa ‘Gnéithe CBL den gheilleagar ardán’ ina raibh comhaltaí den dá Ghrúpa GFV agus VEG, comhairle agus cúnamh a thabhairt do AS an Chánachais agus an Aontais Chustaim trí anailís ghrinn a dhéanamh ar na fadhbanna a bhaineann le CBL atá os comhair na ngníomhairí difriúla sa gheilleagar ardán. Is féidir toradh a chuid oibre a fháil ag: 2. AN GRÚPA AR THODHCHAÍ CBL (GFV) - Leabharlann (europa.eu) .

Bhí dhá cheardlann Fiscalis ar bun freisin (Mí na Bealtaine agus mí Dheireadh Fómhair 2021) chun aiseolas a bhailiú ó Bhallstáit agus ó pháirtithe leasmhara maidir leis an tuarascáil eatramhach agus an dréacht‑tuarascáil chríochnaitheach ar an staidéar ‘CBL sa Ré Dhigiteach’.

Eagraíodh comhairliúchán poiblí freisin, ón 20 Eanáir go dtí an 5 Bealtaine 2022, agus tugadh 193 fhreagairt air. Lorgaíodh tuairimí páirtithe leasmhara sa chomhairliúchán faoi cé acu atá na rialacha CBL reatha oiriúnach don ré dhigiteach nó nach bhfuil, agus conas is féidir teicneolaíocht dhigiteach a úsáid chun cuidiú leis na Ballstáit calaois CBL a chomhrac agus dul chun tairbhe gnólachtaí. Tá tuarascáil an chomhairliúcháin le fáil ar leathanach comhairliúcháin phoiblí an tionscnaimh: https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/13186-VAT-inthe-digital-age/public-consultation_en .

D’aontaigh na páirtithe leasmhara go raibh bearna idir na sean‑rialacha CBL agus ré dhigiteach an lae inniu.

Maidir le tuairisciú CBL, d’aontaigh na freagróirí go bhféadfadh tairbhí a bheith le CTD agus mhaígh siad go bhfearr leo réiteach ríomhshonraiscthe ar féidir é a úsáid freisin le haghaidh a bpróisis inmheánacha. D’éiligh na Ballstáit níos mó neamhspleáchais chun cinneadh a dhéanamh maidir le CTD intíre.

Maidir leis an ngeilleagar ardán, d’aithin páirtithe leasmhara go raibh fadhbanna ann i gcoitinne, agus níos mó tuairimí caolchúiseacha ag brath ar shamhail ghnó an fhreagróra. Iad sin a mbeadh tionchar ag na fadhbanna orthu (i.e. ardáin) dhiúltaigh siad go ginearálta don fhoráil maidir le ‘soláthróir measta’ agus léirigh siad go bhfearr leo an status quo.

Maidir le clárú CBL, d’aontaigh na páirtithe leasmhara d’aon toil go gcaithfear raon feidhme OSS/IOSS a leathnú. D’iarr gnólachtaí freisin go ndéanfaí aistriú táillí a dhéanann daoine neamhbhunaithe le haghaidh soláthairtí B2B éigeantach. Bhí tacaíocht ann freisin do IOSS a dhéanamh éigeantach.

Saineolas a bhailiú agus a úsáid

Bhain an Coimisiún feidhm as an anailís a rinne Economisti Associati S.r.l. le haghaidh an staidéir ‘CBL sa Ré Dhigiteach’ (a bhí ar siúl ó mhí Dheireadh Fómhair 2020 go dtí mí an Mhárta 2022) 51 . Cuireadh an tuarascáil chríochnaitheach isteach an 1 Aibreán 2022.

Bhí sé mar aidhm ag an staidéar meastóireacht a dhéanamh ar dtús ar an staid reatha i dtaca leis na ceanglais maidir le tuairisciú digiteach, cóireáil CBL an gheilleagair ardán; agus clárú aonair CBL agus an tIonad Ilfhreastail Allmhairiúcháin agus ansin, measúnú a dhéanamh ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag roinnt tionscnaimh bheartais sna réimsí sin.

Measúnú tionchair

Arna scrúdú ag an mBord um Ghrinnscrúdú Rialála an 22 Meitheamh 2022, fuair an measúnú tionchair le haghaidh an togra tuairim dhearfach (Ares(2022)4634471). Mhol an Bord go gcuirfí tuilleadh sonraí leis, chun tuairisc níos fearr a thabhairt ar na modheolaíochtaí a úsáideadh i gcomhair samhaltú agus chun soiléiriú breise a thabhairt ar na roghanna. Leasaíodh an measúnú tionchair dá réir sin chun peirspictíochtaí na mBallstát agus na hearnála a áireamh maidir leis an ngeilleagar ardán, rinneadh tuairisciú cuimsitheach ar an anailís/teicnící eacnaiméadracha a úsáideadh i gcomhair samhaltú agus mionsonraíodh struchtúr na CTDanna atá nasctha leis na roghanna.

Rinneadh anailís ar roinnt roghanna beartais sa mheasúnú tionchair.

·Maidir le tuairisciú CBL, i measc na roghanna bhí moladh aonair CTD de chuid an Aontais a thabhairt isteach agus iarraidh ar shonraí i bhformáid shonrach, agus CTD a thabhairt isteach ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal intíre araon.

·Maidir le cóireáil CBL i réimse an gheilleagair ardán, i measc na roghanna bhí soiléirithe dlíthiúla maidir le foráil ‘soláthróir measta’ a thabhairt isteach a bheadh infheidhme maidir le gach díolachán seirbhísí tríd ardáin.

·Maidir le clárú CBL bhain na roghanna le trádáil laistigh den Aontas (raonta difriúla den síneadh ar OSS agus aistriú táillí a thabhairt isteach le haghaidh soláthairtí B2B ag daoine neamhbhunaithe) agus allmhairithe de choinsíneachtaí ar luach íseal (an IOSS a bheith éigeantach do sholáthróirí difriúla, le/gan teorainn áirithe agus an tairseach EUR 150 maidir le húsáid IOSS a bhaint).

Léiríodh san anailís go mbainfí an chothromaíocht is fearr amach maidir leis na roghanna beartais i dtéarmaí éifeachtachta, comhréireachta agus coimhdeachta trí thabhairt isteach na CTDanna a chónascadh ar leibhéal an Aontais, foráil maidir le ‘soláthróir measta’ do na hearnálacha cóiríochta cíosa gearrthéarmaí agus iompair paisinéirí agus teaglaim de shíneadh níos leithne ar IOSS, aistriú táillí agus IOSS éigeantach d’ardáin.

Tá coinne leis go gcruthóidh an cur chuige sin idir EUR 172 bhilliún agus EUR 214 bhilliún i bhfoirm glan‑tairbhí idir 2023 agus 2032, lena n‑áirítear EUR 51 bhilliún i gcoigiltis. Áirítear ar na coigiltis sin:

·EUR 41,4 billiún ó thuairisciú CBL (EUR 11 bhilliún ó bhaint sean‑oibleagáidí tuairiscithe, laghdú EUR 24,2 billiún de chostais ilroinnte, coigiltis EUR 4,3 billiún i bhfoirm tuairisceáin CBL réamhlíonta, agus EUR 1,9 billiún i dtairbhí maidir le ríomhshonrascadh);

·EUR 0,5 billiún ó shruthlíniú agus soiléirithe sa réimse a bhaineann leis an ngeilleagar ardán; agus

·EUR 8,7 billiún ó oibleagáidí maidir le clárú CBL a bhaint. Tá coinne freisin le tairbhí comhshaoil, sóisialta agus uathoibrithe gnó, chomh maith le tairbhí a bhaineann le feidhmiú an Mhargaidh Inmheánaigh (cothrom iomaíochta níos fearr) agus le héifeachtúlacht rialaithe cánach.

I gcomhréir le spriocanna forbartha inbhuanaithe Uimh. 8 agus 9 52 , le córas CBL atá níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe cuirtear fás eacnamaíoch chun cinn, agus ag an am céanna le tuairisciú digiteach tacaítear le huathoibriú gnó agus cothaítear nuálaíocht. I gcomhréir leis an bprionsabal ‘digiteach trí réamhshocrú’, le tabhairt isteach an tuairiscithe dhigitigh sábháiltear sonraisc pháipéir agus déantar leas don chomhshaol.

Tá an measúnú tionchair agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis, an achoimre feidhmiúcháin agus tuairim an Bhoird ar an measúnú tionchair ar fáil ar leathanach an chomhairliúcháin ar an tairseach “Cloisimis uait!”: https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/13186-VAT-inthe-digital-age_en .

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Is tionscnamh REFIT é an togra seo chun na rialacha atá ann faoi láthair maidir le CBL a nuachóiriú agus chun na deiseanna a chuirtear ar fáil le teicneolaíochtaí digiteacha a chur san áireamh 53 . Leis an togra tá coinne leis go ndéanfar cóireáil CBL a chomhchuibhiú agus go gcuirfear soláthar soláthairtí trasteorann chun cinn sa mhargadh aonair, agus go gcuideofar le feabhas a chur ar bhailiú cánach agus dá bhrí sin, go náiritheofar ioncaim inbhuanaithe le linn an téarnaimh ó phaindéim COVID19.

Tá coinne leis go bhfeicfidh cuideachtaí atá i mbun idirbhearta trasteorann glansochar agus an togra á thabhairt isteach. Ar an mórgóir, ach ceanglais tuairiscithe dhigitigh (CTD) a thabhairt isteach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, agus le réimeas na soláthróirí measta agus leis an gclárúchán aonair CBL (CAB), tacófar leis an bprionsabal ‘ceann isteach, ceann amach’ nó rachfar níos faide fiú go ‘ceann isteach, cúpla ceann amach’ agus na hoibleagáidí iolracha arna gcruthú ag údaráis náisiúnta á gcur san áireamh. Meastar gurb é EUR 51 bhilliún an coigilteas foriomlán thar an tréimhse 10 mbliana idir 2023 agus 2032 agus gurb é EUR 13,5 billiún an costas cur chun feidhme foriomlán (do ghnólachtaí agus do riaracháin náisiúnta) sa tréimhse chéanna.

Tá coinne leis go dtabharfar glansochar do chuideachtaí atá i mbun idirbhearta trasteorann agus na ráitis achoimreacha á mbaint de thoradh an CTD. Thabhódh cuideachtaí nach bhfuil gníomhach thar theorainneacha, áfach, (formhór mór na micreintiteas agus na n‑eintiteas beag) costais a bhaineann le CTD a thabhairt isteach. D’fhéadfaí na costais sin a mhaolú go páirteach ach seirbhísí breise a thabhairt isteach ar an leibhéal náisiúnta, amhail tuairisceáin CBL a réamhlíonadh. Maidir le CAB, tá coinne leis go laghdófar a thuilleadh an gá le clárúcháin iolracha i mBallstáit eile agus go gcuideofar le hualaí riaracháin agus costais ghaolmhara a laghdú do ghnólachtaí a bhfuil baint acu le soláthairtí trasteorann sa mhargadh aonair.

Chuimsigh an tArdán Oiriúnach don Todhchaí CBL sa Ré Dhigiteach ina chlár oibre bliantúil do 2022, agus aithníodh an acmhainn atá ann an t‑ualach riaracháin sa réimse beartais a laghdú 54 . Cuireadh an fhianaise atá taobh thiar den tuairim ón ngrúpa saineolaithe sin an 5 Nollaig 2022 san áireamh agus an togra seo á ullmhú.

Cearta bunúsacha

N/B

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Tá coinne leis go mbeidh méadú ar ioncaim CBL do na Ballstát de bharr an togra. Tá na cuspóirí oibriúcháin socraithe ag laghdú bearna CBL suas le 4 phointe céatadáin i gcomparáid le leibhéal 2019, agus an bhonnlíne san áireamh. Meastar gur idir EUR 172 bhilliún agus EUR 214 bhilliún an sochar foriomlán idir 2023 agus 2032, lena n‑áirítear ioncam breise ó CBL.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

An Coiste um CBL, ar coiste comhairleach é ar shaincheisteanna a bhaineann le CBL a bhfuil ionadaithe ó na Ballstáit uile rannpháirteach ann agus a bhfuil oifigigh an Choimisiúin ó Ard‑Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Custaim (AS an Chánachais agus an Aontais Chustaim) ina gcathaoirleach air, déanfaidh sé faireachán ar chur chun feidhme an tionscnaimh um CBL sa Ré Dhigiteach, agus déanfaidh sé saincheisteanna léirmhínithe a d’fhéadfadh a bheith ann idir na Ballstáit maidir leis an reachtaíocht nua a phlé agus a shoiléiriú.

Déileálfaidh an Buanchoiste um Chomhar Riaracháin (BCR) le gach saincheist a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le comhar riaracháin idir na Ballstáit a leanann as na forálacha nua a chumhdaítear sa phacáiste reachtach seo. I gcás inar gá forbairtí reachtacha nua, féadfar dul i gcomhairle a thuilleadh leis an GFV agus leis an nGrúpa Saineolaithe um CBL.

Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit faireachán agus meastóireacht ar cibé an bhfuil nó nach bhfuil an tionscnamh seo ag feidhmiú i gceart agus a mhéid a baineadh amach na cuspóirí atá leis bunaithe ar na táscairí a leagtar amach i Roinn 4 den mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo.

Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

Éilítear doiciméid mhíniúcháin maidir leis an trasuí leis an togra seo.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Ardáin: Airteagal 28a, Airteagal 46a, Airteagal 135 (3), Airteagal 136b, Airteagal 172a, Airteagal242a agus Airteagal 306

Tabharfar réimeas soláthróirí measta isteach in earnáil na cóiríochta gearrthéarma ar cíos agus san earnáil iompair paisinéirí ar earnálacha iad de chuid an gheilleagair ardán (Airteagal 28a). Faoin mbeart seo, i gcás nach ngearrann an soláthróir foluiteach CBL toisc gur duine nádúrtha é, mar shampla, nó toisc go mbaineann sé leas as an scéim speisialta d’fhiontair bheaga, gearrfaidh an t‑ardán an CBL ar an soláthróir foluiteach agus coinneoidh sé cuntas air. Áiritheofar leis sin cothrom iomaíochta idir ardáin a thairgeann seirbhísí agus soláthróirí traidisiúnta eile a cháilíonn mar dhaoine inchánacha, agus ag an am céanna ní chuirfear ualach ar na soláthróirí foluiteacha a oibríonn tríd an ardán. Is beart simplithe é samhail an ‘tsoláthróra mheasta’ atá beartaithe chun bailiú CBL a éascú i gcásanna sonracha. Tarlaíonn sé seo go hiondúil nuair a bhíonn sé níos éasca don idirghabhálaí in idirbheart (i.e. an t‑ardán) ná don soláthróir foluiteach a áirithiú go mbaileofar an CBL atá dlite ar an idirbheart sin. Is iad na cúiseanna cibé acu toisc go mbeadh sé róthrom ar an soláthróir foluiteach sin an CBL a bhailiú (e.g. i gcás inar duine nádúrtha nó duine inchánach a úsáideann scéimeanna speisialta le haghaidh fiontair bheaga an soláthróir foluiteach), nó toisc go bhfuil sé níos sláine é a bhailiú ón idirghabhálaí sin (i gcás nach bhfuil an soláthróir foluiteach bunaithe san Aontas). Tá gnéithe breise a bhaineann le cur i bhfeidhm praiticiúil an bhirt le fáil sa togra a ghabhann leis seo chun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 a leasú.

Chun mí‑úsáid a chosc, soiléiríodh nach féidir idirbheart arb é ardán an soláthróir measta dó a áireamh sa scéim speisialta le haghaidh gníomhairí taistil (Airteagal 306).

Tugadh isteach soiléirithe breise ar an reachtaíocht CBL atá ann cheana sa réimse sin. Eadhon:

·Gur cheart breathnú ar an tseirbhís éascaíochta arna soláthar ag ardán mar sheirbhís idirghabhálach (Airteagal 46a). Ceadaítear leis sin cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na rialacha maidir le háit an tsoláthair le haghaidh na seirbhíse éascaíochta.

·Go mbeidh an soláthar ón soláthróir foluiteach don ardán díolmhaithe ó CBL gan ceart asbhainte (Airteagal 136b).

·Go mbreathnófar ar sholáthar na cóiríochta gearrthéarma ar cíos mar earnáil atá cosúil leis an earnáil óstán ó thaobh cineáil de, agus dá bhrí sin measfar nach mbeidh sé incháilithe le bheith díolmhaithe ó CBL (Airteagal 135). Áirithítear leis sin go mbíonn an chóireáil CBL chéanna ag baint leis an soláthar measta ón ardán don tomhaltóir deiridh atá ag an soláthar seirbhísí ó óstáin thraidisiúnta don tomhaltóir deiridh.

·Nár cheart go mbeadh tionchar ag an soláthar ón ardán don chustaiméir deiridh ar cheart asbhainte an ardáin dá chuid gníomhaíochtaí (Airteagal 172a).

·Maidir le soláthairtí nach dtagann laistigh de shamhail an tsoláthróra mheasta, go mbeidh oibleagáid ar an ardán na taifid a bhaineann le soláthairtí gnólacht le gnólacht (B2B) agus gnólacht le tomhaltóir (B2C) a choimeád (Airteagal 242a). Le reachtaíocht tionlacain (an togra chun Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a leasú) déanfar caighdeánú ar an gcaoi a ndéanfar an fhaisnéis sin a tharchur chuig na Ballstáit. I gcás soláthairtí a thagann laistigh de shamhail an tsoláthróra mheasta, beidh feidhm ag na gnáthrialacha cuntasaíochta CBL.

Is trí ríomhshonrascadh a eiseofar sonraisc go ginearálta: Airteagail 217, 218 agus 232

Le hoiriúnú na Treorach CBL don ré nua dhigiteach éilítear athrú ar an mbealach a gcaitear le sonraisc leictreonacha. Go dtí seo, cuireadh sonraisc pháipéir agus leictreonacha ar comhchéim sa Treoir CBL. Éilíodh le hAirteagal 232 go n‑eiseofaí sonraisc leictreonacha faoi réir ghlacadh an fhaighteora leo. Chuir an ceanglas sin bac ar na Ballstáit ríomhshonrascadh éigeantach a chur chun feidhme a d’fhéadfaí a úsáid mar bhonn le córas tuairiscithe leictreonaigh. Chuir sé moill ar fhorbairt an ríomhshonraiscthe freisin óir nach raibh daoine inchánacha in ann a gcórais sonraiscthe a oiriúnú chun ríomhshonrascadh iomlán a chur chun feidhme toisc go raibh orthu sonraisc pháipéir a eisiúint tráth ar bith nár ghlac an faighteoir le sonraisc leictreonacha.

Athraítear an cás sin leis an togra agus foráiltear leis in Airteagal 218 gurb é an ríomhshonrascadh an córas réamhshocraithe a bheidh ann chun sonraisc a eisiúint. Ní fhéadfar sonraisc pháipéir a úsáid ach amháin i gcás ina n‑údaraítear sna Ballstáit iad. Ní fhéadfar na cásanna sin atá faoi réir na n‑oibleagáidí tuairiscithe i gCaibidil 6 de Theideal XI a chumhdach leis an údarú sin, toisc go gcuirfeadh sé sin cosc ar thuairisciú uathoibríoch na sonraí nó go gcruthódh sé deacrachtaí maidir leis. Beidh cead ag daoine inchánacha sonraisc leictreonacha a eisiúint i gcónaí de réir an chaighdeáin Eorpaigh. Is é an caighdeán sin an ceann a glacadh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1870 ón gCoimisiún 55 de réir na hiarrata a leagtar síos i dTreoir 2014/55/AE. Ní fhéadfaidh eisiúint agus tarchur sonrasc leictreonach a bheith mar choinníoll ar údarú bailíochtaithe roimh ré ó údaráis chánach an Bhallstáit chun iad a sheoladh chuig an bhfaighteoir. Deonaíodh beart speisialta do roinnt Ballstát chun ríomhshonrascadh éigeantach a chur i bhfeidhm, i gcás inar cuireadh córais imréitigh den sórt sin chun feidhme. Ní féidir leis na Ballstáit sin na córais sin a chur i bhfeidhm ach go dtí an 1 Eanáir 2028, agus áirithítear leis sin an cóineasú le córas tuairiscithe dhigitigh an Aontais.

Chun a áirithiú nach mbeidh daoine inchánacha ag brath ar údarú an fhaighteora chun sonrasc leictreonach a eisiúint, scriostar Airteagal 232 ón Treoir CBL.

Ina theannta sin, athraítear an sainmhíniú ar shonrasc leictreonach sa Treoir CBL chun an coincheap a ailíniú leis an gceann atá i dTreoir 2014/55/AE maidir le ríomhshonrascadh sa soláthar poiblí, lena rialaítear ríomhshonrascadh in idirbhearta B2G. Dá thoradh sin, agus tagairt á déanamh do shonraisc leictreonacha sa Treoir CBL, déanfar tagairt do ríomhshonraisc struchtúrtha.

Sprioc‑am chun sonraisc a eisiúint ar sholáthairtí earraí agus seirbhísí laistigh den Chomhphobal i gcás ina bhfuil feidhm ag an aistriú táillí: Airteagal 222

I gcás soláthairtí earraí atá díolmhaithe laistigh den Chomhphobal agus maidir le seirbhísí arna soláthar ag daoine inchánacha neamhbhunaithe atá faoi réir an aistrithe táillí, déantar foráil leis an Treoir CBL maidir le sprioc‑am chun sonrasc leictreonach a eisiúint agus d’fhéadfadh chomh fada le 45 lá a bheith i gceist leis sin ón nóiméad a tharla an teagmhas inmhuirir.

Tá an fhaisnéis fíor‑ama mar bhonn taca faoin gcóras tuairiscithe nua. Ós rud é go bhfuil an tuairisciú bunaithe ar eisiúint an tsonraisc, le sprioc‑am den sórt sin cuirfear moill rómhór ar tharchur na faisnéise maidir leis na soláthairtí sin chuig an riarachán cánach. Ar an gcúis sin, le hAirteagal 222 leagtar síos mar sprioc‑am 2 lá tar éis don teagmhas inmhuirir tarlú chun sonraisc a eisiúint sna cásanna sin.

Deireadh a chur leis an bhféidearthacht sonraisc achoimre a eisiúint: Airteagal 223

Tá sé d’aidhm ag an gcóras tuairiscithe nua faisnéis ar idirbhearta a sholáthar nach mór i bhfíor‑am do na riaracháin chánach agus úsáid sonrasc leictreonach a chothú. Téann an fhéidearthacht sonraisc achoimre a eisiúint ar feadh mí féilire in aghaidh na spriocanna sin. Ar an gcúis sin, scriostar Airteagal 223, agus mar sin ní bheidh aon fhéidearthacht ann leanúint de shonraisc achoimre a eisiúint.

Inneachar na sonrasc: Airteagal 226

Tá sé d’aidhm ag an gcóras tuairiscithe nua an fhaisnéis is gá a sholáthar do riaracháin chánach agus ag an am céanna an t‑ualach riaracháin ar dhaoine inchánacha a íoslaghdú. Chun an dara cuspóir sin a bhaint amach, bainfear leas as eisiúint sonraisc leictreonaigh sa chóras tuairiscithe chun an próiseas tuairiscithe a uathoibriú. Chun gur féidir é sin a dhéanamh, áfach, is gá an fhaisnéis uile a éilíonn na riaracháin chánach a chuimsiú sa sonrasc le haghaidh na hoibleagáide tuairiscithe.

Is é sin an chúis ar athraíodh Airteagal 226 chun a áirithiú go n‑áireofaí na sonraí uile nach mór a thuairisciú sa sonrasc. Is iad na heilimintí sonraí a chuirtear le hinneachar an tsonraisc aitheantóir an chuntais bainc ina gcuirfear an íocaíocht le haghaidh an tsonraisc, dátaí comhaontaithe agus méid comhaontaithe gach íocaíochta a bhaineann le hidirbheart coincréiteach, agus, i gcás sonrasc lena leasaítear an sonrasc tosaigh, aitheantas an tsonraisc tosaigh sin.

Deireadh a chur le hAirteagail atá as dáta: Airteagal 237

Le hAirteagal 237 déantar foráil maidir le hoibleagáid ar an gCoimisiún tuarascáil a chur i láthair Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i ndáil le tionchar na rialacha sonraiscthe. Ós rud é gur comhlíonadh an oibleagáid sin cheana féin 56 , níl aon chúis leis an Airteagal sin a choimeád sa Treoir CBL.

Córas tuairiscithe dhigitigh le haghaidh idirbhearta laistigh den Chomhphobal: Airteagail 262 go 271

Ar cheann de chuspóirí an tionscnaimh tá córas um cheanglais maidir leis an tuairisciú digiteach le haghaidh idirbhearta laistigh den Chomhphobal a chur in ionad na ráiteas achoimreach atá as dáta, agus soláthrófar leis sin faisnéis ar bhonn níos tapa ar bhonn gach idirbhirt agus ar chaighdeán níos airde. Cuirfear an fhaisnéis sin isteach i gcórais anailíse riosca na mBallstát chun cuidiú leo an chalaois CBL a bhaineann leis an trádáil laistigh den Chomhphobal a chomhrac, go háirithe calaois laistigh den Chomhphobal arna déanamh ag Trádálaí ar Iarraidh. Chun na críche sin, i gCaibidil 6 de Theideal XI, ina ndearnadh tagairt do na ráitis achoimreacha, déantar tagairt anois do cheanglais maidir leis an tuairisciú digiteach, agus ina roinn 1 nua déantar tagairt do cheanglais maidir leis an tuairisciú digiteach le haghaidh idirbhearta laistigh den Chomhphobal.

Leis na ceanglais maidir leis an tuairisciú digiteach le haghaidh idirbhearta laistigh den Chomhphobal cumhdófar na hidirbhearta céanna a cumhdaíodh leis na ráitis achoimreacha cé is moite de na stoic ar glao faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 17a, lena dtiocfaidh deireadh. Ar an gcúis sin, scriostar Airteagal 262, an dara mír. Ina theannta sin, déanfar soláthairtí earraí agus seirbhísí atá faoi réir an tsásra aistrithe táillí i gcomhréir le hAirteagal 194 a áireamh sna ráitis achoimreacha agus dá dheasca sin sna ceanglais maidir leis an tuairisciú digiteach.

Déantar foráil le hAirteagal 263 maidir leis na príomhghnéithe den chóras tuairiscithe dhigitigh nua: ní mór an fhaisnéis a tharchur ar bhonn gach idirbhirt, is é 2 lá oibre tar éis an sonrasc a eisiúint, nó tar éis an dáta ar cheart an sonrasc a bheith eisithe i gcás nár chomhlíon an duine inchánach a oibleagáid maidir le sonrasc a eisiúint, an sprioc‑am chun na sonraí a tharchur, ní mór na sonraí a tharchur go leictreonach, agus soláthróidh na Ballstáit an modh chun go bhféadfar é sin a dhéanamh. Ar deireadh, féadfaidh an duine inchánach an fhaisnéis a chur isteach go díreach nó féadfaidh tríú páirtí í a chur isteach thar a cheann.

   

Is féidir na sonraí a tharchur de réir an Chaighdeáin Eorpaigh. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le tarchur na sonraí ó shonraisc leictreonacha a eisíodh faoi fhormáid dhifriúil, chomh fada agus a cheadaítear úsáid an Chaighdeáin Eorpaigh leo freisin. I gcás ar bith, ní mór an idir‑inoibritheacht leis an gCaighdeán Eorpach a ráthú leis na formáidí sonraí arna gceadú ag na Ballstáit.

Leis an bhforáil sin tugtar solúbthacht do na Ballstáit agus do dhaoine inchánacha formáidí éagsúla sonraí a úsáid chun na sonraí a tharchur. Déantar foráil leis, áfach, maidir le caighdeán amháin ar a laghad a nglacfaidh na Ballstáit uile leis agus dá bhrí sin ceadaítear do chuideachtaí a gcuid sonraí maidir le hidirbhearta laistigh den Chomhphobal a chur isteach de réir an Chaighdeáin Eorpaigh in aon Bhallstát, gan aon ghá é a oiriúnú do chórais éagsúla tuairiscithe.

Déantar foráil sa chéad mhír d’Airteagal 264 maidir leis an bhfaisnéis nach mór a chur isteach le haghaidh gach idirbhirt. Go bunúsach, is ionann an fhaisnéis sin agus an fhaisnéis a bhí le cur isteach sna ráitis achoimreacha, ach déantar í a mhionsonrú le haghaidh gach idirbhirt seachas í a chomhiomlánú de réir custaiméara. Cuireadh réimsí nua isteach, áfach, chun feabhas a chur ar bhrath calaoise. Is iad na réimsí nua sin an tagairt don sonrasc roimhe sin i gcás ceartú sonrasc, aitheantas an chuntais bainc ina gcuirfear an íocaíocht as an sonrasc agus na dátaí a comhaontaíodh chun méid an idirbhirt a íoc. D’fhonn caighdeánú iomlán agus idir‑inoibritheacht a bhaint amach, glacfaidh an Coimisiún rialacha cur chun feidhme chun teachtaireacht leictreonach choiteann a shainiú chun na críche sin.

Le hAirteagal 266 ceadaíodh do na Ballstáit sonraí breise a iarraidh maidir le hidirbhearta laistigh den Chomhphobal. Ní thagann an fhéidearthacht sin leis an gcomhchuibhiú inmhianaithe sa réimse seo. Ar an gcúis sin, scriostar an tAirteagal seo ón Treoir CBL, ionas go gcuirfidh cáiníocóirí an fhaisnéis chéanna isteach i gcónaí nuair a dhéanann siad idirbheart laistigh den Chomhphobal, gan beann ar an mBallstát ina ndéantar an t‑idirbheart sin.

Le hAirteagal 268 cuirtear oibleagáid ar na Ballstáit sonraí a bhailiú ó na cáiníocóirí a dhéanann éadálacha earraí nó idirbhearta laistigh den Chomhphobal ar a gcríoch ar earraí nó ar idirbhearta iad a gcaitear mar sin leo. Bhí an rogha ag na Ballstáit na sonraí sin a bhailiú faoi na ráitis achoimreacha.

Le córas tuairiscithe dhigitigh nua a chur in ionad na ráiteas achoimreach éilítear go modhnófaí roinnt Airteagal de chuid na Treorach CBL ina raibh tagairtí do na ráitis achoimreacha chun an tagairt don chóras tuairiscithe nua a chur ina n‑ionad. Is amhlaidh atá an cás le hAirteagal 42, Airteagal 138a agus Airteagail 262, 265 agus 267. Scriosadh Airteagail eile lenar rialaíodh gnéithe de na ráitis achoimreacha agus nach bhfuil gá leo a thuilleadh leis an gcóras tuairiscithe nua. Is amhlaidh atá an cás le hAirteagail 266, 269, 270 agus 271.

Córas tuairiscithe dhigitigh le haghaidh soláthairtí earraí agus seirbhísí ar comaoin a dhéantar laistigh de chríoch Ballstáit amháin: Airteagal 271a go hAirteagal 273

Seachas córas tuairiscithe dhigitigh nua le haghaidh idirbhearta laistigh den Chomhphobal a chur in ionad na ráiteas achoimreach, is é is aidhm don tionscnamh comhchuibhiú a bhaint amach idir na córais tuairiscithe atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo maidir le soláthairtí earraí agus seirbhísí ar comaoin a dhéantar laistigh de chríoch an Bhallstáit, chun an t‑ualach riaracháin a bhaineann leis an gcreat ilroinnte sin le haghaidh daoine inchánacha a oibríonn ar an leibhéal trasteorann a sheachaint. Déanfar na córais sin a ailíniú leis an gcóras tuairiscithe dhigitigh atá deartha le haghaidh idirbhearta laistigh den Chomhphobal, rud a dhéanfaidh an chomhlíontacht do cháiníocóirí a shimpliú, agus leis an gcóras sin beifear in ann na sonraí a éilítear le haghaidh idirbhearta intíre agus idirbhearta laistigh den Chomhphobal araon a sholáthar le formáid chomhchoiteann, in aon Bhallstát.

Baintear an comhchuibhiú sin amach leis na rialacha a áirítear i Roinn 2 nua de Chaibidil 6 de Theideal XI.

Leis an gcéad mhír d’Airteagal 271a ceadaítear do na Ballstáit córas tuairiscithe a chur i bhfeidhm maidir le soláthairtí earraí agus seirbhísí a dhéantar idir daoine inchánacha laistigh dá gcríoch. Leis an dara mír d’Airteagal 271a ceadaítear do na Ballstáit córais tuairiscithe a chur i bhfeidhm maidir le haon chineál idirbhirt eile. Leis an dara mír sin cumhdaítear, mar shampla, tuairisciú soláthairtí earraí nó seirbhísí a dhéanann duine inchánach do dhuine príobháideach.

Tá sé le tabhairt faoi deara gur rogha atá in Airteagal 271a, ach nach oibleagáid é ar na Ballstáit. Má chinneann siad córas tuairiscithe a chur i bhfeidhm de réir na chéad mhíre den Airteagal sin, áfach, is é sin córas tuairiscithe le haghaidh idirbhearta idir daoine inchánacha laistigh de chríoch a mBallstáit, ní mór do chóras den sórt sin na gnéithe a leagtar síos in Airteagal 271b a chomhlíonadh.

Tá gnéithe den chóras tuairiscithe in Airteagal 271b cosúil leis an gceann a dearadh le haghaidh idirbhearta laistigh den Chomhphobal: tuairisciú a dhéanamh ar bhonn gach idirbhirt, tarchur na sonraí 2 lá oibre tar éis an sonrasc a eisiúint, nó tar éis an dáta ar cheart an sonrasc a bheith eisithe i gcás nár chomhlíon an duine inchánach a oibleagáid sonrasc a eisiúint, an fhéidearthacht go ndéanfadh an duine inchánach na sonraí a tharchur go díreach nó trí sholáthraí seirbhíse, agus an fhéidearthacht na sonraí a tharchur de réir an Chaighdeáin Eorpaigh. Féadfaidh na Ballstáit uirlisí breise a chur ar fáil do dhaoine inchánacha chun na sonraí a tharchur. Is é an cuspóir, arís eile, dóthain solúbthachta a sholáthar do na Ballstáit agus do dhaoine inchánacha chun modhanna éagsúla a úsáid agus na sonraí á dtarchur acu, agus foráil á déanamh ag an am céanna maidir le caighdeán amháin ar a laghad a nglacfaidh na Ballstáit uile leis, rud a cheadaíonn do chuideachtaí dá bhrí sin a gcuid sonraí a chur isteach de réir an Chaighdeáin Eorpaigh in aon Bhallstát, gan é a oiriúnú do chórais éagsúla tuairiscithe.

Beidh gá lena fhíorú an mbaineann an t‑athchóiriú ar an gcóras tuairiscithe a chuspóirí amach maidir leis an mbearna CBL a laghdú agus na costais ar dhaoine inchánacha a laghdú a eascraíonn as ilroinnt na gcóras sin. Ar an gcúis sin, le hAirteagal 271c iarrtar ar an gCoimisiún tuarascáil a chur isteach faoi mhí an Mhárta 2033 ina ndéanfar meastóireacht ar na torthaí a bhainfear amach leis an athchóiriú sin agus, más gá, moladh a dhéanamh chun na teorainneacha a shárú agus comhchuibhiú breise ar an tuairisciú intíre a bhaint amach. Leis an sprioc‑am sin beifear in ann meastóireacht a dhéanamh ar na córais tuairiscithe a luaithe a bheidh siad curtha chun feidhme go hiomlán, agus cuirtear san áireamh leis sin nach gá an t‑oiriúnú iomlán do na ceanglais chomhchuibhithe a dhéanamh go dtí 2028.

Chun comhchuibhiú na gcóras tuairiscithe a bhaint amach, ní leor na córais a bheidh ann amach anseo a chur chun feidhme de réir na ngnéithe a leagtar síos sa tionscnamh seo. Beidh ar na Ballstáit a bhfuil córais tuairiscithe i bhfeidhm acu cheana féin do na hidirbhearta sin iad a oiriúnú do na gnéithe den chóras tuairiscithe comhchuibhithe. Chun na críche sin, éilítear leis an tionscnamh go ndéanfaí an t‑oiriúnú sin faoi 2028 ar a dhéanaí.

Le hAirteagal 273 leantar de shaoirse a thabhairt do na Ballstáit na hoibleagáidí sin a chur chun feidhme a mheasann siad is gá chun a áirithiú go mbaileofar CBL i gceart agus chun imghabháil a chosc. Cuirtear teorainn leis an tsaoirse sin, áfach, i ndáil le hoibleagáidí tuairiscithe, nach féidir a chur chun feidhme ach de réir fhorálacha Chaibidil 6 de Theideal XI, i dtaca leis na hidirbhearta faoina raon feidhme.

Clárúchán Aonair CBL (CAB) agus feabhsuithe ar na rialacha ríomhthráchtála atá ann cheana agus ar an scéim corrlaigh

Tugadh isteach modhnuithe agus soiléirithe ar an reachtaíocht CBL atá ann cheana mar a leagtar amach thíos.

Táthar ag bogadh i dtreo phrionsabal an chánachais ag an gceann scríbe agus i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir (AE) 2022/542 ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2006/112/CE agus (AE) 2020/285 a mhéid a bhaineann le rátaí CBL 57 , modhnaítear Airteagal 14(4), pointe (1)(a), chun an sainmhíniú ar chiandíol earraí laistigh den Chomhphobal a leathnú chun earraí athláimhe, saothair ealaíne, earraí inbhailithe agus seandachtaí a chumhdach. Thairis sin, scriostar Airteagal 35 agus, mar sin, gearrtar cáin ar na soláthairtí sin ag an gceann scríbe i gcomhréir le hAirteagal 33, pointe (a). Mar iarmhairt air sin, ceadaítear an scéim simplithe OSS a chur i bhfeidhm chun na ciandíolacháin sin a dhearbhú, rud a íoslaghdóidh a thuilleadh an gá le clárú i roinnt Ballstát.

D’fhonn deiseanna chun CBL a sheachaint a laghdú, déantar foráil leis an Airteagal 39a nua go ngearrtar cáin ar sholáthairtí saothar ealaíne agus seandachtaí gan seoladh nó gan iompar (nó soláthairtí i gcás ina gcuirtear tús agus deireadh le seoladh nó iompar na n‑earraí sa Bhallstát céanna) ag an áit a bhfuil an custaiméir bunaithe, a bhfuil a sheoladh buan aige nó a bhfuil gnáthchónaí air.

Leathnaítear cur i bhfeidhm riail an tsoláthróra mheasta leis na modhnuithe ar Airteagal 14a. Go háirithe, i leith soláthairtí earraí arna ndéanamh laistigh den Aontas Eorpach, modhnaítear mír 2 chun cur i bhfeidhm riail an tsoláthróra mheasta a leathnú. Faoin raon feidhme méadaithe atá aici, áireofar i riail an tsoláthróra mheasta anois na soláthairtí earraí uile laistigh den Aontas a éascaítear le comhéadan leictreonach, gan beann ar an áit a bhfuil an soláthróir foluiteach bunaithe ná ar stádas an cheannaitheora. Ina theannta sin, cuirtear mír 3 nua isteach chun foráil a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm riail an tsoláthróra mheasta ar aistrithe áirithe earraí dílse a éascaítear trí chomhéadan leictreonach.

Leasaítear na forálacha sa Treoir CBL a bhaineann le socruithe stoic ar glao chun scoithdháta a thabhairt isteach, an 31 Nollaig 2024, nach féidir aon aistriú nua stoic a dhéanamh faoi na socruithe sin ina dhiaidh. Déantar Airteagal 17a, lena rialaítear socruithe stoic ar glao, a leasú a thuilleadh trí mhír nua a chur isteach chun a shoiléiriú nach mbeidh feidhm ag an Airteagal ón 31 Nollaig 2025 ar aghaidh. Tugtar isteach na leasuithe seo chun léiriú a thabhairt ar an bhfíoras nach mbeidh gá a thuilleadh leis na socruithe stoic ar glao atá ann faoi láthair toisc go bhfuil an scéim shimplithe nua OSS le haghaidh aistrithe earraí dílse cuimsitheach agus go gcuimsítear inti gluaiseachtaí trasteorann earraí a chumhdaítear faoi láthair le socruithe stoic ar glao.

Sonraítear in Airteagal 59c go bhfuil tairseach EUR 10 000 féilire‑bhunaithe ann, agus faoina bhun sin tá soláthairtí trasteorann seirbhísí teileachumarsáide, craolacháin agus leictreonacha (TCL) agus ciandíol earraí laistigh den Chomhphobal, arna soláthar ag soláthróir atá bunaithe san Aontas Eorpach agus nach bhfuil bunaithe ach i mBallstát amháin, faoi réir CBL sa Bhallstát ina bhfuil an duine inchánach a sholáthraíonn na seirbhísí TCL sin bunaithe, nó sa Bhallstát ina bhfuil na hearraí sin suite tráth a chuirtear tús lena seoladh nó lena n‑iompar. I dteannta le soláthairtí trasteorann seirbhísí TCL, soiléirítear anois nach n‑áirítear sa tairseach sin ach ciandíol earraí laistigh den Chomhphobal a sholáthraítear ón mBallstát ina bhfuil an duine inchánach bunaithe.

Leis an modhnú in Airteagal 66 cuidítear le soiléiriú a dhéanamh ar uainiú an teagmhais inmhuirir i leith soláthairtí faoi na scéimeanna simplithe OSS nach de chuid an Aontais iad agus iad siúd de chuid an Aontais.

Foráiltear leis an mír 1a nua d’Airteagal 143 go nglacfar gníomh cur chun feidhme chun bearta speisialta a thabhairt isteach chun cineálacha áirithe imghabhála nó seachanta cánach a chosc ach úsáid cheart agus próiseas fíoraithe uimhir aitheantais CBL IOSS an tsoláthróra nó an idirghabhálaí atá ag gníomhú ar a shon a dhaingniú ar bhealach níos fearr, rud a éilítear chun an díolúine dá ndéantar foráil i bpointe (ca) d’Airteagal 143(1) a chur i bhfeidhm.

Chun an gá atá le clárú i mBallstát ina ngearrtar cáin ar sholáthar intíre B2B a íoslaghdú a thuilleadh, leis an modhnú in Airteagal 194 tá sé sainordaitheach go nglacfaidh na Ballstáit le cur i bhfeidhm an tsásra aistrithe táillí i gcás ina ndéanann soláthróir, nach bhfuil bunaithe chun críocha CBL sa Bhallstát ina bhfuil CBL dlite, earraí a sholáthar do dhuine atá sainaitheanta le haghaidh CBL sa Bhallstát sin. Leis an athchóiriú sin áiritheofar, sna himthosca sin, nach mbeidh ar an soláthróir nach sainaithnítear ann clárú sa Bhallstát sin. Ina theannta sin, eisiatar leis an modhnú soláthairtí earraí de chuid na scéime corrlaigh ó chur i bhfeidhm sainordaitheach an tsásra aistrithe táillí. Chun a áirithiú go ndéanfar bearta leantacha oiriúnacha ar na hearraí, tá an cineál sin soláthairtí le lua anois sa ráiteas achoimreach dá dtagraítear in Airteagal 262.

Ós rud é go gcumhdaítear gluaiseachtaí trasteorann earraí a chumhdaítear le socruithe stoic ar glao faoi láthair leis an scéim shimplithe nua OSS le haghaidh aistrithe earraí dílse, leis na modhnuithe in Airteagail 243(3) agus 262(2) baintear na forálacha sa Treoir CBL a bhaineann le socruithe stoic ar glao le héifeacht ón 1 Eanáir 2026 toisc nach bhfuil gá leo a thuilleadh. Mar a luadh cheana, tá tréimhse 12 mhí beartaithe chun go bhféadfar socruithe stoic ar glao a cuireadh i bhfeidhm an 31 Nollaig 2024 nó roimhe a thabhairt chun críche.

Leis an modhnú in Airteagal 359 leathnaítear raon feidhme na scéime nach scéim Aontais é chuig soláthairtí seirbhísí ó ghnólachtaí nach de chuid an Aontais iad do dhaoine neamh‑inchánacha uile, fiú mura bhfuil a seoladh buan acu nó mura bhfuil gnáthchónaí orthu i mBallstát.

Leis an modhnú in Airteagal 365 soiléirítear an tráth faoinar féidir leasuithe a dhéanamh ar na tuairisceáin CBL ábhartha sa scéim nach scéim Aontais é. Is féidir leasuithe a dhéanamh anois sa tuairisceán céanna a mhéid a tharlaíonn na leasuithe sin roimh an tráth ar ghá an tuairisceán a chur isteach.

Chun críche scéim an Aontais, leis na míreanna nua in Airteagal 369a leathnaítear an sainmhíniú ar Bhallstát tomhaltais chun soláthairtí earraí a áireamh de réir Airteagal 36 (soláthar earraí lena mbíonn suiteáil nó cóimeáil i gceist), 37 (soláthar earraí ar bord long, aerárthaí nó traenacha) agus 39 (soláthar gáis, leictreachais, teasa agus fuaraithe), agus soláthairtí intíre earraí.

In Airteagal 369b, maidir leis na cineálacha soláthairtí thuasluaite, sonraítear gur féidir scéim an Aontais a úsáid freisin a mhéid a sholáthraítear na hearraí sin do dhaoine neamh‑inchánacha (nó do dhaoine inchánacha nó do dhaoine dlítheanacha neamh‑inchánacha nach bhfuil a n‑éadálacha earraí laistigh den Chomhphobal faoi réir CBL de bhun Airteagal 3(1) de Threoir 2006/112/CE). Ina theannta sin, is féidir an scéim a chur i bhfeidhm freisin ar sholáthairtí intíre earraí de chuid na scéime corrlaigh d’aon duine inchánach eile arna sholáthar faoin scéim corrlaigh ag déileálaithe inchánach.

Leis an modhnú in Airteagal 369g(1) agus leis na míreanna nua leasaítear a bhfuil i dtuairisceán an Aontais chun go bhféadfar na soláthairtí thuasluaite a chuimsiú.

Leis an modhnú in Airteagal 369g(2) agus i mír (2a) nua soiléirítear an fhaisnéis atá le soláthar i dtuairisceán scéim an Aontais i ndáil leis na soláthairtí thuasluaite agus tugtar le fios go gcumhdaítear soláthairtí earraí nialas‑rátaithe agus díolmhaithe le scéim an Aontais agus dá bhrí sin, déanfar iad a thuairisciú freisin.

Leis an modhnú in Airteagal 369g(3) tugtar le fios go n‑áireofar i dtuairisceán scéim an Aontais soláthairtí seirbhísí nialas‑rátaithe agus díolmhaithe a chumhdaítear leis an scéim speisialta.

Leis an modhnú in Airteagal 369g(4) soiléirítear gur gá leasuithe ar thuairisceáin CBL i scéim an Aontais tar éis an trátha ar ghá an tuairisceán a chur isteach a dhéanamh i dtuairisceán eile ina dhiaidh sin.

Leis an modhnú in Airteagal 369j sonraítear nach féidir asbhaint a dhéanamh sa tuairisceán CBL de chuid scéim an Aontais ach go bhfuil CBL le haisíoc i gcomhréir leis an gcóras aisíocaíochta iomchuí.

Leis an mír nua in Airteagal 369m sonraítear gur éigeantach úsáid IOSS le haghaidh comhéadain leictreonacha a éascaíonn, mar sholáthróir measta, ciandíol áirithe earraí allmhairithe.

Leasaítear Airteagal 369p chun foráil a dhéanamh, sula dtosófar ar an scéim speisialta le haghaidh Allmhairí (IOSS) a úsáid, nach mór do dhuine inchánach nó d’idirghabhálaí arna cheapadh thar a cheann stádas an duine inchánach mar sholáthróir measta a chur in iúl don Bhallstát aitheantais i leith ciandíol earraí a allmhairítear isteach san Aontas Eorpach.

Déantar forail leis an modhnú in Airteagal 369r agus leis na míreanna nua go ndéanfar duine inchánach a eisiamh ón scéim allmhairiúcháin mura gcomhlíonann sé rialacha na scéime, mura gcuirfear d’oibleagáid ar an duine inchánach sin an scéim seo a úsáid mar sholáthróir measta. I gcás nach gcomhlíonann an soláthróir measta sin na rialacha a bhaineann leis an scéim speisialta seo go seasmhach, tabhóidh sé smachtbhannaí eile seachas é a eisiamh ón scéim.

Leis an modhnú i mír 2 d’Airteagal 369t soiléirítear an tráth faoinar féidir leasuithe a dhéanamh ar na tuairisceáin CBL ábhartha le haghaidh na scéime allmhairiúcháin. Má tá leasuithe le déanamh tar éis an trátha a bhí an tuairisceán le cur isteach, ní mór iad seo a dhéanamh i dtuairisceán eile ina dhiaidh sin.

Leis an modhnú ar Airteagal 369w sonraítear nach bhfuil CBL le hasbhaint ach go bhfuil sí le haisíoc i gcomhréir leis an gcóras aisíocaíochta iomchuí faoin scéim speisialta.

Leis na hAirteagail 369xa go 369xk nua déantar foráil maidir le scéim nua a chur i bhfeidhm atá deartha go sonrach chun na hoibleagáidí comhlíontachta CBL a bhaineann le haistrithe áirithe earraí dílse a shimpliú.

Le hAirteagal 369xa soláthraítear sainmhínithe a bhíonn feidhm acu maidir leis an scéim nua d’aistrithe earraí dílse. Earraí caipitiúla, nó earraí nach gceadaítear ceart iomlán asbhainte leo sa Bhallstát ina dtarlaíonn an éadáil laistigh den Chomhphobal, eisiatar ón scéim speisialta iad.

Le hAirteagal 369xb sainmhínítear raon feidhme na scéime. Féadfaidh aon duine inchánach a dhéanann aistrithe earraí dílse, mar a shainmhínítear in Airteagal 369xa, clárú chun úsáid a bhaint as an scéim speisialta seo, agus sa chás sin cumhdófar a n‑aistrithe ábhartha uile leis an scéim speisialta.

Le hAirteagal 369xc éilítear ar dhaoine inchánacha a bhaineann úsáid as an scéim a mBallstát aitheantais a chur ar an eolas trí mhodhanna leictreonacha, i gcás tús nó deireadh a chur lena ngníomhaíochtaí inchánacha arna gcumhdach ag an scéim speisialta seo nó athruithe ábhartha a dhéanamh orthu.

Le hAirteagal 369xd déantar foráil nach mbeidh duine inchánach a bhaineann úsáid as an scéim speisialta seo cláraithe ach i mBallstát aitheantais amháin, chun críocha aistrithe a chumhdaítear leis an scéim sin. Chun críoch aitheantais sa scéim speisialta le haghaidh aistrithe earraí dílse, bainfidh an Ballstát aitheantais úsáid as an uimhir aitheantais aonair CBL a leithdháileadh cheana féin ar an duine inchánach i leith oibleagáidí an duine sin faoin gcóras inmheánach.

Le hAirteagal 369xe déantar foráil maidir leis na himthosca faoina ndéanfar daoine inchánacha a bhaineann úsáid as an scéim le haghaidh aistrithe earraí dílse a eisiamh ón scéim sin, lena n‑áirítear, i measc cásanna eile, i gcás nach gcomhlíonann siad rialacha na scéime go seasmhach nó ina gcuireann siad deireadh lena ngníomhaíochtaí ábhartha.

Sonraítear in Airteagal 369xf go ndéanfar tuairisceáin CBL a chur isteach gach mí trí mhodhanna leictreonacha, fiú i gcás nach ndearnadh aon ghníomhaíocht ábhartha.

Tugtar tuairisc in Airteagal 369xg ar an bhfaisnéis a bheidh sa tuairisceán CBL míosúil agus sonraítear nach mór leasuithe ar na tuairisceáin sin a dhéanamh i dtuairisceán eile ina dhiaidh sin tar éis an trátha a bhí an tuairisceán le cur isteach.

In Airteagal 369xh leagtar amach na ceanglais i ndáil leis an airgeadra atá le húsáid sa tuairisceán CBL.

Maidir le haistrithe earraí dílse faoin scéim, sonraítear in Airteagal 369xi go ndíolmhaítear na héadálacha laistigh den Chomhphobal sa Bhallstát a seoltar nó a n‑iompraítear na hearraí chuige.

Sonraítear in Airteagal 369xj nach féidir asbhaint a dhéanamh sa tuairisceán CBL thuasluaite ach go bhfuil CBL le haisíoc i gcomhréir leis an gcóras aisíocaíochta iomchuí nó le hasbhaint mar ionchuir i dtuairisceán náisiúnta CBL Ballstáit in imthosca inar sainaithníodh an duine inchánach cheana féin chun críocha CBL i mBallstát i leith gníomhaíochtaí nach gcumhdaítear leis an scéim speisialta.

In Airteagal 369xk leagtar amach na hoibleagáidí coimeádta taifid do dhaoine inchánacha a bhaineann úsáid as an scéim speisialta d’aistrithe earraí dílse.

2022/0407 (CNS)

Togra le haghaidh

TREOIR ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le rialacha CBL don ré dhigiteach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 113 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa 58 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 59 ,

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá tionchar suntasach ag teacht chun cinn an gheilleagair dhigitigh ar fheidhmiú chóras CBL an Aontais, toisc nach bhfuil sé oiriúnach do na samhlacha nua gnó dhigitigh, agus ní cheadaíonn sé úsáid iomlán a bhaint as na sonraí a ghintear leis an digitiú. Ba cheart Treoir 2006/112/CE ón gComhairle 60 a leasú chun an fhorbairt sin a chur san áireamh.

(2)Ba cheart na hoibleagáidí tuairiscithe CBL a oiriúnú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an ngeilleagar ardán agus chun an gá atá le clárúcháin iolracha CBL san Aontas a laghdú.

(3)Measadh gurbh ionann caillteanas ioncaim CBL, ar a dtugtar ‘an Bhearna CBL’, agus EUR 93 bhilliún 61 san Aontas in 2020, agus bhí calaois ina cuid shuntasach den mhéid sin, go háirithe calaois laistigh den Chomhphobal arna déanamh ag trádálaí ar iarraidh 62 , a measadh a bheith sa raon idir EUR 40 agus EUR 60 billiún 63 . I dtuarascáil chríochnaitheach na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa éilíonn saoránaigh ‘Comhchuibhiú agus comhordú beartas cánach laistigh de Bhallstáit an Aontais chun imghabháil agus seachaint cánach a chosc’, agus ‘An comhar a chur chun cinn idir Ballstáit an Aontais chun a áirithiú go n‑íocann gach cuideachta san Aontas sciar chothrom den cháin’. Tá an tionscnamh CBL sa Ré Dhigiteach i gcomhréir leis na spriocanna sin.

(4)Chun bailiú cánach ar idirbhearta trasteorann a mhéadú agus chun deireadh a chur leis an ilroinnt atá ann faoi láthair a eascraíonn as cur chun feidhme córais tuairiscithe éagsúla i measc na mBallstát, ba cheart rialacha a leagan síos maidir le ceanglais tuairiscithe dhigitigh san Aontas. Leis na rialacha sin ba cheart faisnéis a sholáthar do riaracháin chánach ar bhonn gach idirbhirt, chun crosmheaitseáil sonraí a cheadú, chun cumais rialaithe na riarachán cánach a mhéadú agus chun éifeacht dhíspreagthach ar neamhchomhlíonadh a chruthú, agus ag an am céanna costais chomhlíontachta a laghdú do ghnólachtaí a oibríonn i mBallstáit éagsúla agus deireadh a chur le bacainní laistigh den mhargadh inmheánach.

(5)Chun uathoibriú an phróisis tuairiscithe a éascú do dhaoine inchánacha agus do riaracháin chánach araon, ba cheart na hidirbhearta atá le tuairisciú do na riaracháin chánach a dhoiciméadú go leictreonach. Ba cheart an ríomhshonrascadh a bheith ina chóras réamhshocraithe chun sonraisc a eisiúint. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann modhanna eile a údarú le haghaidh soláthairtí intíre. Níor cheart eisiúint sonrasc leictreonach ón soláthróir agus a dtarchur chuig an gcustaiméir a bheith mar choinníoll ar údarú nó ar fhíorú roimh ré ón riarachán cánach.

(6)Ba cheart an sainmhíniú ar shonrasc leictreonach a ailíniú leis an sainmhíniú a úsáidtear i dTreoir 2014/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 64 , chun caighdeánú a bhaint amach i réimse an tuairiscithe CBL.

(7)Chun an córas tuairiscithe CBL a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtach, is gá go sroichfidh an fhaisnéis an riarachán cánach gan mhoill. Dá bhrí sin, ba cheart an sprioc‑am chun sonrasc a eisiúint le haghaidh idirbhearta trasteorann a shocrú ag 2 lá oibre tar éis don teagmhas inmhuirir tarlú.

(8)Leis an sonrasc leictreonach ba cheart tarchur uathoibrithe na sonraí is gá chuig an riarachán cánach chun críocha rialaithe a éascú. Chun na críche sin, ba cheart na sonraí uile nach mór a tharchur chuig an riarachán cánach níos déanaí a bheith sa ríomhshonrasc.

(9)Ní fhéadfaí an sonrasc leictreonach a chur chun feidhme mar an modh réamhshocraithe chun idirbhearta a dhoiciméadú chun críocha CBL má fhanann úsáid an tsonraisc leictreonaigh faoi réir a ghlactha ag an bhfaighteoir. Dá bhrí sin, níor cheart gá a bheith le glacadh den sórt sin a thuilleadh chun ríomhshonraisc a eisiúint.

(10)Chomhlíon an Coimisiún a oibleagáid maidir le tuarascáil a chur i láthair Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i ndáil le tionchar na rialacha sonraiscthe is infheidhme ón 1 Eanáir 2013 agus go háirithe ar a mhéid atá laghdú ann anois ar ualaí riaracháin do ghnólachtaí dá bharr, mar a éilítear le hAirteagal 237 de Threoir 2006/112/CE. Ós rud é gur comhlíonadh an oibleagáid sin cheana féin, ba cheart í a bhaint den Treoir sin.

(11)Ba cheart deireadh a chur leis an oibleagáid maidir le ráitis achoimreacha a chur isteach chun tuairisciú a dhéanamh ar idirbhearta laistigh den Chomhphobal toisc go gcumhdaítear leis na ceanglais tuairiscithe dhigitigh le haghaidh idirbhearta laistigh den Chomhphobal na hidirbhearta céanna faoina raon feidhme, ach le faisnéis níos tapúla agus níos mionsonraithe. Leis na ceanglais tuairiscithe dhigitigh cumhdaítear na hidirbhearta céanna leis na ráitis achoimreacha, cé is moite d’idirbhearta faoi shocruithe stoc ar glao, dá dtagraítear in Airteagal 17a de Threoir 2006/112/CE, ar cheart iad a thuairisciú trí thuairisceán an ionaid ilfhreastail (OSS).

(12)Chun tarchur na sonraí sonraisc a éascú do dhaoine inchánacha, ba cheart do na Ballstáit na modhanna is gá chun an tarchur sin a dhéanamh a chur ar fáil do na daoine inchánacha, rud a cheadódh gurb é an duine inchánach a sheolann na sonraí go díreach nó gur tríú páirtí a dhéanann iad a sheoladh thar a cheann.

(13)Cé gur cheart an fhaisnéis atá le tarchur trí na ceanglais tuairiscithe dhigitigh le haghaidh idirbhearta laistigh den Chomhphobal a bheith cosúil leis an méid a tarchuireadh trí na ráitis achoimreacha, is gá iarraidh ar dhaoine inchánacha sonraí breise a sholáthar, lena n‑áirítear sonraí bainc agus méideanna íocaíochta, chun gur féidir le riaracháin chánach ní hamháin na hearraí ach na sreabha airgeadais a leanúint freisin.

(14)Ualach riaracháin gan ghá a chur ar dhaoine inchánacha a oibríonn i mBallstáit éagsúla, ba cheart é a sheachaint. Dá bhrí sin, ba cheart do na daoine inchánacha sin a bheith in ann an fhaisnéis is gá a sholáthar dá riaracháin chánach agus úsáid á baint as an gcaighdeán Eorpach a leagtar síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1870 ón gCoimisiún 65 , lena gcomhlíontar an iarraidh a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Threoir 2014/55/AE maidir le caighdeán Eorpach a chruthú le haghaidh shamhail sonraí séimeantacha na bpríomhghnéithe a bhíonn i ríomhshonrasc. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh maidir le modhanna breise maidir leis na sonraí a thuairisciú a d’fhéadfadh a bheith níos éasca do dhaoine inchánacha áirithe a chomhlíonadh.

(15)Chun an comhchuibhiú is gá a bhaint amach agus sonraí ar idirbhearta laistigh den Chomhphobal á dtuairisciú, ba cheart an fhaisnéis atá le tuairisciú a bheith mar an gcéanna i ngach Ballstát, gan na Ballstáit a bheith in ann sonraí breise a iarraidh.

(16)Gné thábhachtach sa chomhrac in aghaidh na calaoise CBL a bhaineann le hidirbhearta laistigh den Chomhphobal is ea na sonraí a dhearbhaigh an soláthróir a chur i gcomparáid leis na sonraí a dhearbhaigh an custaiméir. Chun na críche sin, ba cheart a éileamh ar an duine a fhaigheann na hearraí agus ar an duine a fhaigheann na seirbhísí na sonraí maidir lena n‑idirbhearta laistigh den Chomhphobal a thuairisciú.

(17)Tá ceanglais tuairiscithe éagsúla curtha i bhfeidhm ag roinnt Ballstát maidir le hidirbhearta laistigh dá gcríocha, agus bíonn ualaí suntasacha riaracháin ann mar thoradh air sin do dhaoine inchánacha a oibríonn i mBallstáit éagsúla, toisc gur gá do na daoine sin a gcórais chuntasaíochta a oiriúnú chun na ceanglais sin a chomhlíonadh. Chun na costais a eascraíonn as an éagsúlacht sin a sheachaint, ba cheart do na córais a chuirtear chun feidhme sna Ballstáit chun soláthairtí earraí agus seirbhísí ar comaoin idir daoine inchánacha laistigh dá gcríocha a thuairisciú na gnéithe céanna den chóras a chuirtear chun feidhme le haghaidh idirbhearta laistigh den Chomhphobal a chomhlíonadh. Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis na modhanna leictreonacha chun an fhaisnéis a tharchur agus, mar is amhlaidh i gcás idirbhearta laistigh den Chomhphobal, ba cheart don duine inchánach a bheith in ann na sonraí a chur isteach i gcomhréir leis an gcaighdeán Eorpach a leagtar síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1870, cé go bhféadfadh an Ballstát ábhartha foráil a dhéanamh maidir le modhanna breise chun na sonraí a tharchur. Ba cheart don duine inchánach a bheith in ann na sonraí a tharchur go díreach nó ba cheart do thríú páirtí iad a tharchur thar a cheann.

(18)Níor cheart é a chur d’oibleagáid ar na Ballstáit ceanglas tuairiscithe dhigitigh a chur chun feidhme maidir le soláthairtí earraí agus seirbhísí ar comaoin idir daoine inchánacha laistigh dá gcríoch. Má tá siad chun ceanglas den sórt sin a chur chun feidhme amach anseo, áfach, ba cheart dóibh é a ailíniú leis na ceanglais tuairiscithe dhigitigh le haghaidh idirbhearta laistigh den Chomhphobal. Ba cheart do na Ballstáit a bhfuil córas tuairiscithe le haghaidh na n‑idirbheart sin i bhfeidhm acu cheana féin na córais sin a oiriúnú chun a áirithiú go dtuairiscítear na sonraí i gcomhréir leis na ceanglais tuairiscithe dhigitigh le haghaidh idirbhearta laistigh den Chomhphobal.

(19)Chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na gceanglas tuairiscithe dhigitigh, ba cheart don Choimisiún tuarascáil mheasúnachta a ullmhú ina ndéanfaí meastóireacht ar thionchar na gceanglas tuairiscithe dhigitigh ar laghdú na bearna CBL agus ar na costais a bhaineann le cur chun feidhme agus le comhlíontacht do dhaoine inchánacha agus do riaracháin chánach, chun a fhíorú an bhfuil a chuspóirí bainte amach ag an gcóras nó an bhfuil gá le tuilleadh coigeartuithe.

(20)Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann leanúint de bhearta eile a chur chun feidhme chun a áirithiú go mbaileofar CBL i gceart agus chun imghabháil a chosc. Níor cheart dóibh a bheith in ann tuilleadh oibleagáidí tuairiscithe a fhorchur ar na hidirbhearta a chumhdaítear leis na ceanglais tuairiscithe dhigitigh, áfach.

(21)D’eascair deacrachtaí áirithe as an ngeilleagar ardán maidir le cur i bhfeidhm na rialacha CBL - go háirithe bunú an stádais inchánaigh do sholáthróir na seirbhíse agus cothrom iomaíochta idir fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus gnólachtaí eile.

(22)Mar thoradh ar an ngeilleagar ardán tá saobhadh gan údar ann ar an iomaíocht idir soláthairtí a dhéantar trí ardáin ar líne a éalaíonn ó chánachas CBL, agus soláthairtí a dhéantar sa gheilleagar traidisiúnta atá faoi réir CBL. Tar éis na ríomhthráchtála ba ghéire an saobhadh sa dá earnáil is mó de chuid an gheilleagair ardán, is é sin earnáil na cóiríochta gearrthéarma ar cíos agus an earnáil iompair paisinéirí.

(23)Is gá, dá bhrí sin, rialacha a leagan síos chun aghaidh a thabhairt ar shaobhadh na hiomaíochta in earnáil na cóiríochta gearrthéarma ar cíos agus in earnáil an iompair paisinéirí trí bhíthin an ról a bhíonn ag ardáin ioncam CBL a bhailiú a athrú (ag teacht chun bheith ina sholáthróir measta). Faoin múnla seo, ba cheart a éileamh ar ardáin CBL a ghearradh i gcás ina bhfuil CBL dlite ach nach ngearrann an soláthróir foluiteach CBL toisc gur duine nádúrtha nó duine inchánach é, mar shampla, ag baint leas as an scéim speisialta le haghaidh fiontair bheaga.

(24)Déanann Ballstáit áit an tsoláthair le haghaidh na seirbhíse éascaithe arna soláthar ag na hardáin do dhaoine neamh‑inchánach a léirmhíniú ar bhealach difriúil. Dá bhrí sin, is gá an riail seo a shoiléiriú.

(25)Braitheann roinnt Ballstát ar Airteagal 135(2) de Threoir 2006/112/CE chun díolúine ó CBL a chur i bhfeidhm ar sheirbhísí cóiríochta gearrthéarma ar cíos, cé nach ndéanann Ballstáit eile amhlaidh. Chun an chóir chomhionann agus comhsheasmhacht a áirithiú, le linn aghaidh a thabhairt ar shaobhadh ar an iomaíocht san earnáil chóiríochta, ba cheart a shoiléiriú nach mbeadh feidhm ag an díolúine sin maidir le cóiríocht ghearrthéarma ar cíos. Níor cheart na critéir a úsáidtear chun cóiríochta gearrthéarma ar cíos a shainaithint, a measfar a bhfuil feidhm den tsamhail chéanna leis an earnáil óstán, a chur i bhfeidhm ach amháin chun críocha na Treorach seo agus gan dochar do na sainmhínithe a úsáidtear i reachtaíocht eile an Aontais. Ní chruthaítear leis an Treoir seo dá bhrí sin sainmhíniú an Aontais ar chóiríocht ghearrthéarma ar cíos.

(26)Ionas nach gcuirfear ardáin a dhéanann soláthairtí measta san áireamh de thaisme sa scéim speisialta le haghaidh gníomhairí taistil, nó a mhalairt, ba cheart idirbhearta a bhfuil an t‑ardán ina sholáthróir measta lena n‑aghaidh a eisiamh ón scéim speisialta sin.

(27)Tá an togra seo gan dochar do na rialacha a leagtar síos le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, go háirithe Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) 66  lena rialaítear gnéithe eile de sholáthar na seirbhísí ag ardáin ar líne, amhail oibleagáidí is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne lena gceadaítear do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe.

(28)Treoracha (AE) 2017/2455 67 agus 2019/1995 68 ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann leis na rialacha CBL lena rialaítear an cháin ar ghníomhaíocht ríomhthráchtála trasteorann idir gnólachtaí agus tomhaltóirí san Aontas. Leis na Treoracha leasaitheacha sin laghdaíodh saobhadh iomaíochta, comhar riaracháin feabhsaithe agus tugadh isteach roinnt rudaí a shimpliú. D’éirigh go maith, den chuid is mó leis na leasuithe a tugadh isteach leis na Treoracha sin a bhfuil feidhm acu ó 1 Iúil 2021, mar sin féin sainaithníodh an gá atá ann le feabhsuithe áirithe.

(29)Chuige sin, ba cheart roinnt rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair a shoiléiriú. Áirítear leis sin an riail maidir le ríomh an tairseach EUR 10 000 féilire‑bhunaithe a leagtar síos in Airteagal 59c de Threoir 2006/112/CE, agus faoina bhun sin tá soláthairtí seirbhísí teileachumarsáide, craolacháin agus leictreonacha (TCL) agus ciandíol earraí laistigh den Chomhphobal, arna soláthar ag soláthróir atá bunaithe san Aontas Eorpach agus nach bhfuil bunaithe ach i mBallstát amháin, is féidir leis nó léi fós a bheith faoi réir CBL sa Bhallstát ina bhfuil an duine inchánach a sholáthraíonn na seirbhísí TCL sin bunaithe, nó sa Bhallstát ina bhfuil na hearraí sin suite tráth a chuirtear tús lena seoladh nó lena n‑iompar. Ba cheart Airteagal 59c de Threoir 2006/112/CE a leasú chun a áirithiú nach n‑áirítear i ríomh an tairseach EUR 10 000 ach ciandíol earraí laistigh den Chomhphobal arna soláthar ón mBallstát ina bhfuil an duine inchánach bunaithe ach nach náireofar ciandíol a dhéantar as stoc earraí i mBallstát eile.

(30)Ba cheart Treoir 2006/112/CE a leasú freisin chun a shoiléiriú go dtagann soláthairtí seirbhísí uile idir gnólachtaí agus tomhaltóirí a soláthraíodh laistigh den Aontas ag daoine inchánacha bunaithe lasmuigh den Aontas faoi raon feidhme na scéime speisialta maidir le seirbhísí a sholáthraíonn daoine inchánacha nach bhfuil bunaithe sa Chomhphobal (an scéim nach scéim de chuid an Aontais í), agus ní amháin soláthairtí seirbhísí do chustaiméirí atá bunaithe san Aontas Eorpach. Tar éis na rialacha nua maidir le rátaí CBL a thabhairt isteach le Treoir (AE) 2022/542 ón gComhairle 69 agus teacht i bhfeidhm na rialacha nua maidir le FBManna atá beartaithe 70 agus chun díolúintí a chumhdach faoi Airteagal 151 de Threoir 2006/112/CE maidir le soláthairtí earraí agus seirbhísí, inter alia, faoi shocruithe taidhleoireachta agus consalachta agus soláthairtí chuig comhlachtaí idirnáisiúnta áirithe eile, is gá freisin scéim an Aontais faoi Theideal XII, Caibidil 6, Roinn 3 de Threoir 2006/112/CE a leathnú trína áirithiú go dtagann soláthairtí atá saor ó rátaí agus atá díolmhaithe ó CBL faoi raon feidhme na scéime sin, amhail soláthairtí ó fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna). Ina theannta sin, ba cheart Treoir 2006/112/CE a leasú chun an tráth faoinar féidir leis an duine inchánach a bhfuil leas á bhaint aige nó aici as na scéimeanna speisialta seo leasuithe a dhéanamh ar na tuairisceáin CBL ábhartha feadh na dtrí scéim simplithe atá ann faoi láthair; OSS neamh‑Aontais, OSS an Aontais agus an tIonad Ilfhreastail Allmhairiúcháin (‘IOSS’). Leis an soiléiriú seo, ceadófar do dhaoine inchánacha atá cláraithe do na scéimeanna ceartúcháin a dhéanamh ar na tuairisceáin CBL ábhartha suas go dtí an sprioc-am atá socraithe leis na tuairisceáin sin a chur isteach. Ar deireadh, ba cheart uainiú an teagmhais inmhuirir i leith soláthairtí faoi na scéimeanna simplithe OSS neamh‑Aontais a shocrú go soiléir chun difríochtaí i gcur i bhfeidhm na rialacha i measc na mBallstát.

(31)Go ginearálta, tá gá le haitheantas CBL i ngach Ballstát ina dtarlaíonn idirbhearta inchánach. Chun na cásanna ina bhfuil gá le clárúcháin CBL iolracha a laghdú, áfach, thug Treoir (AE) 2017/2455 roinnt beart isteach i dTreoir 2006/112/CE chun an gá le clárúcháin CBL iolracha a íoslaghdú. Chun an gá le clárúcháin CBL iolracha a laghdú a thuilleadh sainaithníodh roinnt beart sínidh chun tacú leis an gcuspóir go mbeadh clárú aonair CBL san Aontas. Ba cheart dá bhrí sin rialacha a leagan síos chun foráil a dhéanamh maidir leis na bearta sínidh sin.

(32)I measc beart eile, le Treoir (AE) 2017/2455 cuireadh síneadh le raon feidhme den Mhion‑ionad ilfhreastail a bheith ina OSS níos leithne, a chumhdaíonn na soláthairtí trasteorann seirbhísí go léir do dhaoine neamh‑inchánach a tharlaíonn san Aontas agus ciandíol earraí ar fad laistigh den Chomhphobal. Go heisceachtúil, is féidir le comhéadain leictreonacha, amhail margaí agus ardáin a thagann chun bheith ina soláthróirí measta le haghaidh soláthairtí earraí áirithe laistigh den Aontas soláthairtí intíre earraí áirithe a dhearbhú freisin i scéim an Aontais. Chun tacaíocht a thabhairt don chuspóir go mbeidh clárú aonair CBL san Aontas, ba cheart raon feidhme scéim an Aontais a leathnú a thuilleadh chun soláthairtí eile earraí a chumhdach, lena náirítear soláthairtí earraí intíre idir gnólachtaí agus tomhaltóirí san Aontas ag daoine inchánacha nach sainaithnítear chun críocha CBL sa Bhallstát tomhaltais, á áirithiú nach gá do ghnólachtaí clárú i gcomhair CBL i ngach Ballstát ina dtarlaíonn soláthairtí earraí den sórt sin do thomhaltóirí. Ina theannta sin, ba cheart raon feidhme scéim an Aontais a leathnú chun go n‑áireofaí freisin soláthairtí intíre earraí de chuid na scéime corrlaigh d’aon duine, nuair a sholáthraítear na hearraí sin ag duine inchánach (déileálaí inchánach) nach sainaithnítear é nó í sa Bhallstát ina dtarlaíonn soláthairtí earraí den sórt sin. Leis an leasú seo, beidh déileálaithe inchánach in ann tairbhiú de na simplithe OSS agus ba cheart go mbeifear in ann an CBL atá dlite ar na soláthairtí sin a dhearbhú agus a íoc i mBallstát aitheantais amháin via scéim OSS méadaithe de chuid an Aontais.

(33)De ghnáth, gearrtar CBL agus tugann soláthróir na n‑earraí nó na seirbhísí cuntas uirthi. In imthosca áirithe, áfach, féadfaidh Ballstáit foráil a dhéanamh faoin sásra aistrithe táillí go mbeidh oibleagáid ar fhaighteoir an tsoláthair seachas an soláthróir cuntas a thabhairt ar an CBL atá dlite. Chun tacaíocht níos mó a thabhairt don chuspóir maidir le clárú aonair CBL san Aontas, ba cheart rialacha a leagan síos chun go ndéanfadh na Ballstáit an sásra aistrithe táillí a chur i bhfeidhm go héigeantach i gcásanna nach bhfuil an soláthróir bunaithe chun críocha CBL sa Bhallstát ina bhfuil CBL dlite. Ba cheart do sholáthróir, atá ag déanamh soláthairtí earraí nó seirbhísí do dhuine atá sainaitheanta le haghaidh CBL sa Bhallstát ina bhfuil an soláthar inchánach a bheith i dteideal an aistriú táillí a chur i bhfeidhm. Chun críocha rialála, ba cheart soláthairtí den sórt sin a thuairisciú sa ráiteas achoimreach.

(34)Thug Treoir (AE) 2017/2455 isteach i dTreoir 2006/112/CE an dliteanas ar chomhéadain leictreonacha, amhail margaí agus ardáin agus iad ag gníomhú mar sholáthróir measta i gcás ina n‑éascaíonn siad soláthairtí earraí áirithe do thomhaltóirí san Aontas. I dtéarmaí soláthairtí earraí a rinneadh laistigh den Aontas, tá riail an tsoláthróra mheasta teoranta faoi láthair do sholáthairtí earraí do dhaoine inchánacha i gcás ina soláthraíonn daoine inchánacha nach bhfuil bunaithe san Aontas na hearraí sin. Chun cothrom iomaíochta a thabhairt idir trádálaithe de chuid an Aontais agus trádálaithe neamh‑Aontais agus chun na costais a bhaineann le gnó trasteorann a dhéanamh laistigh den Aontas a íoslaghdú, ba cheart bearta a ghlacadh chun an t‑ualach comhlíontachta ar dhíoltóirí an Aontais a fheidhmíonn trí chomhéadain leictreonacha a laghdú a thuilleadh. Faoina raon feidhme méadaithe, d’áireofaí i riail an tsoláthróra mheasta na soláthairtí uile earraí laistigh den Aontas Eorpach a éascaítear le comhéadan leictreonach, gan beann ar an áit a bhfuil an soláthróir foluiteach bunaithe agus ar stádas an cheannaitheora.

(35)Thug Treoir (AE) 2017/2455 isteach i dTreoir 2006/112/CE simpliú sonrach, IOSS, a dearadh chun an t‑ualach comhlíontachta CBL atá bainteach le hallmhairiú d’earraí ar luach íseal do thomhaltóirí san Aontas a laghdú. Dá réir sin, na daoine inchánacha a roghnaíonn clárúchán i gcomhair IOSS a dhéanamh, ní gá dóibh clárú i gcomhair CBL i ngach Ballstát ina dtarlaíonn a gcuid allmhairí incháilithe do thomhaltóirí san Aontas. Ina ionad sin, féadfar an CBL atá dlite ar na soláthairtí sin a dhearbhú agus a íoc i mBallstát amháin tríd an scéim IOSS. Chun tacaíocht níos mó a thabhairt do chomhlíontacht CBL i ndáil le hearraí allmhairithe áirithe agus chun i a fheabhsú, ba cheart go nglacfar le bearta chun go mbeidh sé éigeantach an IOSS a úsáid le haghaidh comhéadan leictreonach, amhail margaí agus ardáin, i gcás ina n‑éascaíonn siad allmhairí áirithe do thomhaltóirí san Aontas. Ba cheart, áfach, go dtiocfaidh daoine inchánacha a oibríonn comhéadain leictreonacha agus a dhéanann soláthairtí intíre a éascú go heisiach ina mBallstát bunaíochta lasmuigh de raon feidhme an bhirt.

(36)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun Treoir 2006/112/CE a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí a thabhairt don Choimisiún chun an úsáid cheart agus an próiseas fíoraithe d’uimhreacha aitheantais CBL IOSS a dhaingniú i mbealach níos fearr chun críocha na díolúine dá bhforáiltear sa Threoir sin. Ba cheart go gceadódh an cumhachtú seo don Choimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh chun bearta speisialta a thabhairt isteach chun cineálacha áirithe imghabhála nó seachanta cánach a chosc. Baineann bearta speisialta den sórt sin, inter alia, le huimhir uathúil na coinsíneachta a nascadh leis an uimhir aitheantais CBL IOSS. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 71 .agus chun na críocha seo is é an rud ba cheart a bheith ann an coiste a bunaíodh le hAirteagal 58 de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 72 .

(37)Bíonn clárúchán CBL soláthróra de dhíth nuair nach sainaithnítear an soláthróir sin le haghaidh CBL sa Bhallstát ina bhfuil CBL dlite. Go háirithe, le haistriú a chuid earraí féin de chuid duine inchánach chuig Ballstát eile chun críocha, inter alia, gníomhaíocht a bhaineann le ríomhthráchtáil spreagtar gá le clárú sna Ballstáit óna n‑aistrítear agus chuig a n‑aistrítear na hearraí. Ag teacht leis an gcuspóir maidir le clárú aonair CBL san Aontas, ba cheart go laghdófar a thuilleadh na cásanna ina bhfuil gá le clárúcháin CBL iolracha trí fhoráil a dhéanamh do scéim nua faoi chuimsiú na scéimeanna OSS a chur i bhfeidhm, rud atá deartha go sonrach chun na hoibleagáidí comhlíontachta a bhaineann le haistrithe áirithe earraí dílse a shimpliú.

(38)Le Treoir 2006/112/CE déantar foráil maidir le cóireáil shimplithe CBL le haghaidh earraí a aistrítear faoi shocruithe stoic ar glao i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha forordaithe áirithe. Ós rud é go bhfuil an scéim shimplithe le haghaidh aistrithe earraí dílse cuimsitheach agus go gcuimsítear inti gluaiseachtaí trasteorann earraí a chumhdaítear faoi láthair le socruithe stoic ar glao faoi airteagal 17a den Treoir sin, is gá deireadh a chur de réir a chéile leis na socruithe seo trí dháta deiridh a chur san áireamh sula mbainfear na forálacha stoic ar glao ina n‑iomláine i dTreoir 2006/112/CE. Ba cheart, dá bhrí sin, dáta deiridh an 31 Nollaig 2024 a leagan síos, agus ina dhiaidh sin ní bheidh sé indéanta a thuilleadh aon socruithe stoic ar glao nua a dhéanamh. Maidir le socruithe stoic ar glao dar tús an 31 Nollaig 2024 nó roimhe sin, ba cheart feidhm a bheith ag na coinníollacha ábhartha fós, lena n‑áirítear teorainn ama 12 mhí chun úinéireacht na nearraí sin a aistriú chuig an gceannaitheoir beartaithe. I gcomhthráth leis an dáta deiridh nua a chur san áireamh, ba cheart mír nua a chur isteach sna forálacha a bhaineann le socruithe stoic ar ghlao chun a áirithiú go scoirfidh na socruithe sin d’fheidhm a bheith acu an 31 Nollaig 2025, mar ní bheidh gá a thuilleadh leo ina dhiaidh sin.

(39)Feidhmíonn an scéim corrlaigh trí cheadú do dhéileálaithe inchánach CBL a íoc ar an difríocht idir praghas díola agus praghas ceannaigh na nearraí a chumhdaítear leis an scéim seo is é sin earraí athláimhe, saothar ealaíne, earraí inbhailithe agus seandachtaí. Chun a áirithiú go ngearrtar cáin ar na soláthairtí sonracha sin sa Bhallstát a bhfuil an custaiméir bunaithe, a bhfuil a sheoladh buan aige nó a seoladh buan aici, nó a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi, ba cheart Treoir 2006/112/CE a leasú chun riail nua maidir le háit soláthair a thabhairt isteach. Ina theannta sin, ba cheart Treoir 2006/112/CE a leasú chun soláthairtí earraí de chuid na scéime corrlaigh a eisiamh go sonrach ó chur i bhfeidhm sainordaitheach an tsásra aistrithe táillí. Chun tacaíocht a thabhairt don chuspóir go mbeidh clárú aonair CBL san Aontas, áfach, agus chun ualaí móra comhlíontachta a íoslaghdú, is féidir le déileálaithe inchánach a fheidhmíonn faoin scéim corrlaigh rogha a dhéanamh clárú chun scéim an Aontais a úsáid chun an CBL atá dlite ar sholáthairtí earraí áirithe de chuid na scéime corrlaigh a dhearbhú agus a íoc, gan aon ghá clárú i mBallstáit iomadúla.

(40)I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin 73 , ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad ina mínítear an gaol idir comhpháirteanna de threoir agus codanna comhfhreagracha na n‑ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur.

(41)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, is é sin an córas CBL a thabhairt isteach sa ré dhigiteach, a ghnóthú go leordhóthanach, ach, de bharr an gá le húsáid Cheanglais maidir le Tuairisciú Digiteach a chomhchuibhiú agus a spreagadh, le feabhas a chur ar chóireáil CBL maidir le hardáin, agus le laghdú a chur ar na cásanna ina n‑éilítear ar ghnó clárú i mBallstáit eile, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(42)Dá bhrí sin ba cheart Treoir 2006/112/CE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2006/112/CE le héifeacht ón 1 Eanáir 2024

Leasaítear Treoir 2006/112/CE mar a leanas:

(1)Leasaítear Airteagal 17a mar a leanas:

(a)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)seolann nó iompraíonn duine inchánach, nó tríú páirtí thar a cheann nó thar a ceann, an 31 Nollaig 2024 nó roimhe, earraí chuig Ballstát eile d’fhonn na hearraí sin a sholáthar ansin, ag céim níos déanaí agus i ndiaidh dóibh teacht isteach san áit, chuig duine inchánach eile atá i dteideal úinéireacht ar na hearraí sin a ghlacadh i gcomhréir le comhaontú atá ann cheana féin idir na beirte inchánach;’;

(b)cuirtear an mhír 8 seo a leanas leis:

‘8.    Scoirfidh an tAirteagal seo d’fheidhm a bheith aige an 31 Nollaig 2025.’;

(2)i dTeideal V, Caibidil 3a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil:

‘CAIBIDIL 3a

Tairseach síos do dhaoine inchánacha a dhéanann soláthairtí áirithe d’earraí a chumhdaítear le hAirteagal 33, pointe (a), agus soláthairtí áirithe de sheirbhísí a chumhdaítear le hAirteagal 58’;

(3)Leasaítear Airteagal 59c mar a leanas:

(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b) soláthraítear seirbhísí do dhuine neamhinchánach atá bunaithe in aon Bhallstát seachas an Ballstát dá dtagraítear i bpointe (a), nó a bhfuil a sheoladh buan aige in aon Bhallstát eile nó a bhfuil gnáthchónaí air in aon Bhallstát eile, nó seoltar nó iompraítear earraí ón mBallstát dá dtagraítear i bpointe (a) chuig Ballstát eile; agus’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.    Deonóidh an Ballstát dá dtagraítear i mír 1, pointe (a) an ceart do daoine inchánacha a dhéanann soláthairtí atá incháilithe faoin mír sin an ceart chun a roghnú go gcinnfear áit an tsoláthair i gcomhréir le hAirteagal 33, pointe (a), agus le hAirteagal 58, lena chumhdófar dhá bhliain féilire, in aon chás.’;

(4)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 66:

‘Airteagal 66

1.    De mhaolú ar Airteagail 63, 64 agus 65, féadfaidh Ballstáit foráil a dhéanamh go bhfuil CBL le bheith inmhuirearaithe i leith idirbheart áirithe nó catagóirí áirithe de dhuine inchánach, ag ceann de na hamanna a leanas:

(a)tráth nach déanaí ná an t‑am a eisítear an sonrasc;

(b)tráth nach déanaí ná an t‑am a fhaightear an íocaíocht;

(c)i gcás nach n‑eisítear sonrasc, nó ina n‑eisítear sonrasc go déanach, laistigh d’am sonraithe nach déanaí ná dul in éag na teorann ama a fhorchuireann Ballstáit maidir le sonraisc a eisiúint de bhun na dara míre d’Airteagal 222, nó i gcás nach bhfuil teorainn ama den sórt sin forchurtha ag an mBallstát, laistigh de thréimhse shonraithe ó dháta an teagmhais inmhuirir.

2.     Ní bheidh feidhm ag an maolú dá ndéantar foráil i mír 1 maidir leis na soláthairtí a leanas:

(a)soláthairtí seirbhísí a chumhdaítear leis an scéim speisialta mar a leagtar amach i dTeideal XII, Caibidil 6, Roinn 2 i gcás inar duine inchánach a bhfuil cead aige nó aici an scéim sin a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 359 a dhéanann na soláthairtí sin;

(b)soláthairtí a chumhdaítear leis an scéim speisialta mar a leagtar amach i dTeideal XII, Caibidil 6, Roinn 3 i gcás inar duine inchánach a bhfuil cead aige nó aici an scéim sin a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 359b a dhéanann na soláthairtí sin;

(c)soláthairtí seirbhísí ar ina leith a bhfuil CBL iníoctha ag an gcustaiméir de bhun Airteagal 196;

(d)soláthairtí nó aistrithe earraí dá dtagraítear in Airteagal 67.’;

(5)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre in Airteagal 167a:

‘Féadfaidh Ballstáit foráil a dhéanamh, laistigh de scéim roghnach, maidir le ceart asbhainte duine inchánach nach dtagann a CBL de bheith inmhuirir ach amháin i gcomhréir le hAirteagal 66(1), pointe (b), go gcuirfear an ceart asbhainte sin siar go dtí go mbeidh an CBL ar na hearraí nó ar na seirbhísí arna soláthar don duine sin íoctha leis an soláthróir.’;

(6)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 217:

‘Airteagal 217

Chun críocha na Treorach seo, is éard a chiallaíonn ‘sonrasc leictreonach’ ná sonrasc ina bhfuil an fhaisnéis a éilítear leis an Treoir seo, agus atá eisithe, tarchurtha agus faighte i bhformáid leictreonach struchtúrtha lena bhféadtar é a phróiseáil go huathoibríoch agus go leictreonach.’;

(7)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 218:

Airteagal 218

1. Chun críocha na Treorach seo, glacfaidh Ballstáit le doiciméid nó le teachtaireachtaí ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach mar shonraisc i gcás ina gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach sa Chaibidil seo.

2. Féadfaidh Ballstáit eisiúint sonrasc leictreonach a fhorchur mar oibleagáid. Agus an oibleagáid sin á forchur ag Ballstáit, beifear in ann sonraisc leictreonacha a eisiúint a chomhlíonann an caighdeán Eorpach i ndáil le ríomhshonrascadh agus liosta a chomhréireanna de bhun Threoir 2014/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*. Ní bheidh eisiúint sonrasc leictreonach ag daoine inchánacha ná a dtarchur faoi réir ag údarú éigeantach roimh ré ná ag fíorú ag na húdaráis chánach, gan dochar do na bearta speisialta a údaraítear faoi Airteagal 395 agus a bheidh curtha chun feidhme cheana féin an tráth a thiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm.

*Treoir 2014/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ríomhshonrascadh i gcás an tsoláthair phoiblí (IO L 133, 6.5.2014, lch. 1).’;

(8)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 7a in Airteagal 226:

‘(7a)i gcás ina dtagann an CBL de bheith inmhuirir tráth a fhaightear an íocaíocht i gcomhréir le hAirteagal 66(1), pointe (b), agus ina dtagann an ceart asbhainte chun cinn tráth a dtagann an cháin in‑asbhainte de bheith inmhuirir, maidir le ‘cuntasaíocht bunaithe ar airgead tirim’ a lua;

(9)Scriostar Airteagal 232;

(10)Scriostar Airteagal 237;

(11)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 359:

‘Airteagal 359

Ceadóidh Ballstáit d’aon duine inchánach nach bhfuil bunaithe laistigh den Chomhphobal agus a sholáthraíonn seirbhísí do dhuine neamh‑inchánach an scéim speisialta seo a úsáid. Beidh feidhm ag an scéim sin maidir leis na seirbhísí uile sin a sholáthraítear laistigh den Chomhphobal.’;

(12)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre in Airteagal 369j:

‘An duine inchánach a bhfuil leas á bhaint aige nó aici as an scéim speisialta seo, i leith a ghníomhaíochtaí nó a gníomhaíochtaí inchánach a chumhdaítear leis an scéim speisialta seo, ní fhéadfaidh sé nó sí CBL a asbhaint, ar CBL é a thabhaítear sna Ballstáit tomhaltais de bhun Airteagal 168 den Treoir seo. D’ainneoin Airteagal 1, pointe (1), de Threoir 86/560/CEE, Airteagal 2, pointe (1), Airteagal 3, agus Airteagal 8(1), pointe (e), de Threoir 2008/9/CE, déanfar an duine inchánach i gceist a aisíoc i gcomhréir leis na Treoracha sin. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 2(2) agus (3) ná le hAirteagal 4(2) de Threoir 86/560/CEE maidir le haisíocaíochtaí a bhaineann le hearraí a chumhdaítear leis an scéim speisialta seo.’;

(13)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre in Airteagal 369w:

‘An duine inchánach a bhfuil leas á bhaint aige nó aici as an scéim speisialta seo, i leith a ghníomhaíochtaí nó a gníomhaíochtaí inchánach a chumhdaítear leis an scéim speisialta seo, ní fhéadfaidh sé nó sí CBL a asbhaint, ar CBL é a thabhaítear sna Ballstáit tomhaltais de bhun Airteagal 168 den Treoir seo. D’ainneoin Airteagal 1, pointe (1), de Threoir 86/560/CEE, agus Airteagal 2, pointe (1), Airteagal 3, agus Airteagal 8(1), pointe (e), de Threoir 2008/9/CE, déanfar an duine inchánach i gceist a aisíoc i gcomhréir leis na Treoracha sin. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 2(2) agus (3) ná le hAirteagal 4(2) de Threoir 86/560/CEE maidir le haisíocaíochtaí a bhaineann le hearraí a chumhdaítear leis an scéim speisialta seo.’;

Airteagal 2

Leasuithe ar Threoir 2006/112/CE le héifeacht ón 1 Eanáir 2025

Leasaítear Treoir 2006/112/CE mar a leanas:

(1)cuirtear an méid seo a leanas in ionad in ionad phointe (1)(a) in Airteagal 14(4):

‘(a) déantar an soláthar earraí do dhuine inchánach, nó do dhuine dlítheanach neamh‑inchánach nach bhfuil a éadálacha nó a héadálacha earraí laistigh den Chomhphobal faoi réir CBL de bhun Airteagal 3(1) nó d’aon duine neamh‑inchánach eile; nó más é atá sa soláthar, soláthar earraí athláimhe, saothar ealaíne, earraí inbhailithe agus seandachtaí, arna soláthar ag déileálaí inchánach d’aon duine inchánach eile, i gcás ina bhfuil na hearraí faoi réir CBL i gcomhréir leis na socruithe speisialta dá ndéantar foráil i dTeideal XII, Caibidil 4, Roinn 2 den Treoir seo.’;

(2)Leasaítear Airteagal 14a mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.    I gcás ina n‑éascaíonn duine inchánach, trí chomhéadan leictreonach amhail margadh, ardán, tairseach nó modh comhchosúil eile a úsáid, soláthar earraí laistigh den Chomhphobal ag duine inchánach, measfar go bhfuair agus gur sholáthair an duine a éascaíonn an soláthar na hearraí sin.’;

(b)cuirtear an mhír 3 agus an mhír 4 seo a leanas leis:

‘3.    I gcás ina n‑éascaíonn duine inchánach, trí chomhéadan leictreonach amhail margadh, ardán, tairseach nó modh comhchosúil eile a úsáid, aistriú earraí chuig Ballstát eile i gcomhréir le hAirteagal 17(1) ag duine inchánach, seachas earraí caipitiúla mar a shainmhínítear iad ag an mBallstát ar chuige a sheoltar nó a iompraítear na hearraí i gcomhréir le hAirteagal 189, pointe (a), nó earraí ar ina leith nach ann do cheart asbhainte iomlán sa Bhallstát sin, measfar go bhfuair agus gur sholáthair an duine a éascaíonn an t‑aistriú na hearraí sin.

4.    I gcás ina n‑éascaíonn duine inchánach nach bhfuil bunaithe ach i mBallstát amháin, trí chomhéadan leictreonach amhail margadh, ardán, tairseach nó modh comhchosúil eile a úsáid, soláthar earraí sa Bhallstát sin amháin gan seoladh nó iompar, nó le seoladh agus iompar a thosaíonn agus a chríochnaíonn sa Bhallstát sin, measfar go bhfuair agus gur sholáthair an duine inchánach sin na hearraí sin.’;

(3)cuirtear isteach an tAirteagal 28a seo a leanas:

‘Airteagal 28a

D’ainneoin Airteagal 28, maidir le duine inchánach a éascaíonn, trí chomhéadan leictreonach amhail margadh, ardán, tairseach nó modh comhchosúil eile a úsáid, soláthar cóiríochta gearrthéarma ar cíos, dá dtagraítear in Airteagal 135(3), nó soláthar iompair paisinéirí, measfar go bhfuair agus gur sholáthair an duine sin na seirbhísí sin i gcás inar duine de na daoine a leanas é nó í an duine a chuireann na seirbhísí sin ar fáil:

(a)duine neamhbhunaithe nach sainaithnítear é nó í chun críocha CBL i mBallstát;

(b)duine neamh‑inchánach;

(c)duine inchánach nach ndéanann ach soláthairtí earraí nó seirbhísí nach bhfuil CBL in‑asbhainte ina leith;

(d)duine dlítheanach neamh‑inchánach;

(e)duine inchánach atá faoi réir na comhscéime ráta chomhréidh d’fheirmeoirí;

(f)duine inchánach atá faoi réir na scéime speisialta d’fhiontair bheaga.’;

(4)Scriostar Airteagal 35;

(5)cuirtear an Roinn 5 a leanas isteach i dTeideal V, Caibidil 1:

Roinn 5

Soláthar saothar ealaíne agus seandachtaí a sholáthraítear faoi na socruithe speisialta do dhéileálaithe inchánach

Airteagal 39a

Is éard a bheidh in áit soláthair saothar ealaíne agus seandachtaí a sholáthraítear gan seoladh nó gan iompar, nó i gcás ina gcuirtear tús agus deireadh le seoladh nó iompar na n‑earraí sin sa Bhallstát céanna, agus a soláthraítear iad i gcomhréir leis an scéim speisialta dá ndéantar foráil i dTeideal XII, Caibidil 4, Roinn 2, foroinn 1, an áit ina bhfuil an custaiméir bunaithe, nó a bhfuil a sheoladh buan aige nó aici nó a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi.’;

(6)Cuirtear isteach an tAirteagal 46a seo a leanas:

‘Airteagal 46a

Is éard a bheidh in áit soláthair na seirbhíse éascaíochta a sholáthraítear do dhuine neamh‑inchánach le hardán, tairseach nó modh comhchosúil eile, an áit ina soláthraítear an t‑idirbheart foluiteach i gcomhréir leis an Treoir seo.

(7)in Airteagal 135, cuirtear an mhír 3 seo a leanas isteach:

‘3.    Maidir le cóiríocht ar cíos ar feadh uasmhéid de 45 lá gan bhriseadh, le soláthar seirbhísí coimhdeacha eile nó gan soláthar seirbhísí coimhdeacha eile, measfar go mbeidh feidhm aige sin atá den tsamhail chéanna leis an earnáil óstán.’;

(8)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 136a:

‘Airteagal 136a

I gcás ina meastar go bhfuair agus gur sholáthair duine inchánach earraí i gcomhréir le hAirteagal 14a(2) nó le hAirteagal 14a(3), díolmhóidh Ballstáit soláthar na n‑earraí sin don duine inchánach sin.’;

(9)cuirtear isteach an tAirteagal 136b seo a leanas:

‘Airteagal 136b

I gcás ina meastar go bhfuair agus gur sholáthair duine inchánach seirbhísí i gcomhréir le hAirteagal 28a, díolmhóidh Ballstáit soláthar na seirbhísí sin don duine inchánach sin.’;

(10)in Airteagal 143, cuirtear isteach an mhír 1a seo a leanas:

‘1a.    Chun críocha na díolúine dá ndéantar foráil i mír 1, pointe (ca), glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme chun bearta speisialta a thabhairt isteach chun cineálacha áirithe imghabhála nó seachanta cánach a chosc trí, inter alia, uimhir uathúil na coinsíneachta a nascadh leis an uimhir aitheantais CBL chomhfhreagrach dá dtagraítear in Airteagal 369q.

Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011* agus chun na críche sin is é an coiste arna bhunú le hAirteagal 58 de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010± a bheidh sa choiste.

* Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

± Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2010 maidir le comhar riaracháin agus maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise i réimse na cánach breisluacha (IO L 268 12.10.2010, lch. 1).’;

(11)cuirtear isteach an tAirteagal 172a seo a leanas:

‘Airteagal 172a

I gcás ina meastar go bhfuair agus gur sholáthair duine inchánach seirbhísí i gcomhréir le hAirteagal 28a, ní dhéanfaidh na soláthairtí sin difear do cheart asbhainte an duine inchánach sin, gan beann ar cé acu is soláthar dá bhfuil CBL in‑asbhainte é an soláthar sin, nó nach é.’;

(12)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 194:

‘Airteagal 194

1.    Gan dochar d’Airteagail 195 agus 196, i gcás inar duine inchánach nach bhfuil bunaithe sa Bhallstát ina bhfuil an CBL dlite a dhéanann an soláthar inchánach earraí nó seirbhísí, ceadóidh Ballstáit gurb é an duine dá soláthraítear na hearraí nó na seirbhísí é an duine inchánach atá dlite an CBL a íoc, i gcás inar sainaithníodh an duine sin sa Bhallstát sin cheana féin.

2.    Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le soláthar earraí a dhéanann déileálaí inchánach mar a shainmhínítear in Airteagal 311(1), pointe (5), i gcás ina bhfuil na hearraí faoi réir CBL i gcomhréir leis na socruithe speisialta dá ndéantar foráil i Roinn 2 de Chaibidil 4 de Theideal XII den Treoir seo.’;

(13)in Airteagal 222, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

‘Maidir le soláthairtí earraí a dhéantar i gcomhréir leis na coinníollacha a shonraítear in Airteagal 138 nó maidir le soláthairtí earraí nó seirbhísí dá bhfuil CBL iníoctha ag an gcustaiméir de bhun Airteagail 194 agus 196, eiseofar sonrasc tráth nach déanaí ná an 15ú lá den mhí i ndiaidh na míosa ina dtarlaíonn an teagmhas inmhuirir.’

(14)Leasaítear Airteagal 242a mar a leanas:

(a)cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

‘1a.    I gcás ina n‑éascaíonn duine inchánach, trí chomhéadán leictreonach amhail ardán, tairseach nó modh comhchosúil eile a úsáid, soláthar cóiríochta gearrthéarmaí ar cíos nó seirbhísí iompair phaisinéirí, agus nach meastar go bhfuair agus gur sholáthair an duine sin na seirbhísí sin iad féin faoi Airteagal 28a, cuirfear d’oibleagáid ar an duine inchánach a éascaíonn an soláthar taifid ar na soláthairtí sin a choimeád.’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.    Ní mór na taifid dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 1a a chur ar fáil go leictreonach do na Ballstáit lena mbaineann arna iarraidh sin.

Ní mór na taifid sin a choimeád ar feadh tréimhse 10 mbliana ó dheireadh na bliana ina ndearnadh an t‑idirbheart.’;

(15)in Airteagal 262, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1, pointe (c):

‘(c) na daoine inchánacha, agus na daoine dlítheanacha neamh‑inchánach a sainaithnítear chun críoch CBL, ar sholáthair an duine inchánach sin earraí nó seirbhísí a sainaithníodh chun críoch CBL dóibh, seachas earraí nó seirbhísí atá díolmhaithe ó CBL sa Bhallstát ina bhfuil an t‑idirbheart inchánach, a bhfuil an faighteoir dlite an cháin a íoc ina leith de bhun Airteagail 194 agus 196.’;

(16)in Airteagal 306, cuirtear an mhír 3 seo a leanas isteach:

‘3.    Ní bheidh feidhm ag an scéim speisialta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo maidir le soláthairtí a dhéantar faoi Airteagal 28a.’;

(17)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil de Chaibidil 6 i dTeideal XII:

‘CAIBIDIL 6

Scéimeanna speisialta le haghaidh daoine inchánacha a sholáthraíonn seirbhísí do dhaoine neamh‑inchánacha nó a dhéanann earraí, soláthairtí intíre áirithe earraí nó aistriú earraí dílse a chiandíol’;

(18)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 365:

Airteagal 365

Taispeánfar sa tuairisceán CBL an uimhir aitheantais aonair CBL maidir leis an scéim speisialta seo a chur i bhfeidhm agus, le haghaidh gach Ballstáit tomhaltais ina bhfuil CBL dlite, an luach iomlán, gan CBL san áireamh, maidir le soláthairtí seirbhísí a chumhdaítear leis an scéim speisialta seo ar tharla an teagmhas inmhuirir ina leith le linn na tréimhse cánach agus an méid iomlán in aghaidh ráta na CBL comhfhreagraí. Ní mór na rátaí CBL is infheidhme agus an méid iomlán CBL dlite a thabhairt le fios sa tuairisceán.

I gcás ina dteastaíonn aon leasú ar an tuairisceán CBL i ndiaidh an dáta ar ar éilíodh an tuairisceán a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 364, cuirfear leasuithe den sórt sin san áireamh i dtuairisceán ina dhiaidh sin laistigh de 3 bliana ón dáta ar ar éilíodh an tuairisceán bunaidh a chur isteach de bhun Airteagal 364. Sainaithneofar an Ballstát tomhaltais ábhartha, an tréimhse chánach agus an méid CBL a n‑éilítear aon leasú ina leith sa tuairisceán CBL sin ina dhiaidh sin.’;

(19)cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Roinn 3 i dTeideal XII, Caibidil 6:

‘Roinn 3

Scéim speisialta do ciandíol earraí laistigh den Chomhphobal, do sholáthairtí áirithe earraí laistigh de Bhallstát a dhéanann duine inchánach nár sainaithníodh chun críocha CBL sa Bhallstát sin nó trí chomhéadain leictreonacha a éascaíonn na soláthairtí sin agus do sheirbhísí a sholáthraítear do dhuine neamh‑inchánach ag daoine inchánacha atá bunaithe laistigh den Chomhphobal ach ní sa Bhallstát tomhaltais’;

(20)leasaítear pointe (3) in Airteagal 369a mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)i gcás soláthar earraí a dhéanann duine dlítheanach a éascaíonn na soláthairtí sin i gcomhréir le hAirteagal 14a(2) ina dtosaíonn agus ina gcríochnaíonn seoladh agus iompar na n‑earraí arna soláthar sa Bhallstát céanna, i gcás ina ndéantar an soláthar earraí do dhuine inchánach, nó do dhuine dlítheanach neamh‑inchánach nach bhfuil a éadálacha nó a héadálacha earraí laistigh den Chomhphobal faoi réir CBL de bhun Airteagal 3(1), nó d’aon duine neamh‑inchánach eile, an Ballstát sin;’;

(b)cuirtear na pointí (d) agus (e) seo a leanas leis:

‘(d) i gcás soláthar earraí i gcomhréir le hAirteagail 36, 37 agus 39, ina soláthraítear na hearraí sin do dhuine inchánach nó do dhuine dlítheanach neamh‑inchánach, nach bhfuil a éadálacha nó a héadálacha earraí laistigh den Chomhphobal faoi réir CBL de bhun Airteagal 3(1), nó d’aon duine neamh‑inchánach eile, an Ballstát ina meastar a dhéantar an soláthar;

(e) i gcás soláthar earraí gan seoladh nó iompar na n‑earraí, nó i gcás ina dtosaíonn agus ina gcríochnaíonn seoladh na n‑earraí sa Bhallstát céanna ina soláthraítear na hearraí do dhuine inchánach nó do dhuine dlítheanach neamh‑inchánach nach bhfuil a éadálacha nó a héadálacha earraí laistigh den Chomhphobal faoi réir CBL de bhun Airteagal 3(1), nó d’aon duine neamh‑inchánach eile, an Ballstát sin.’;

(21)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 369b:

‘Airteagal 369b

Ceadóidh Ballstáit do na daoine inchánacha seo a leanas an scéim speisialta seo a úsáid:

(a)duine inchánach a dhéanann ciandíol earraí laistigh den Chomhphobal;

(b)gan dochar d’Airteagal 14a(2), chun críche na scéime speisialta seo, duine inchánach a éascaíonn soláthar earraí i gcomhréir le hAirteagal 14a(2) gan seoladh nó iompar, nó i gcás ina dtosaíonn agus ina gcríochnaíonn an seoladh nó an t‑iompar sa Bhallstát céanna, i gcás ina soláthraítear na hearraí sin do dhuine inchánach nó do dhuine dlítheanach neamh‑inchánach nach bhfuil a éadálacha nó a héadálacha earraí laistigh den Chomhphobal faoi réir CBL de bhun Airteagal 3(1), nó d’aon duine neamh‑inchánach eile.

(c)duine inchánach nach bhfuil bunaithe sa Bhallstát tomhaltais a sholáthraíonn seirbhísí do dhuine neamhinchánach;

(d)duine inchánach nár sainaithníodh sa Bhallstát ina bhfuil na hearraí faoi réir CBL, a sholáthraíonn earraí i gcomhréir le hAirteagail 36, 37 agus 39, do dhuine inchánach nó do dhuine dlítheanach neamh‑inchánach, nach bhfuil a éadálacha nó a héadálacha earraí laistigh den Chomhphobal faoi réir CBL de bhun Airteagal 3(1), nó d’aon duine neamh‑inchánach eile;

(e)duine inchánach nár sainaithníodh sa Bhallstát ina bhfuil na hearraí faoi réir CBL, soláthar earraí gan seoladh nó iompar nó i gcás ina dtosaíonn agus ina gcríochnaíonn an seoladh sa Bhallstát céanna do cheann ar bith de na cineálacha daoine a leanas:

(a)duine inchánach nó duine dlítheanach neamh‑inchánach nach bhfuil a éadálacha nó a héadálacha earraí laistigh den Chomhphobal faoi réir CBL de bhun Airteagal 3(1) nó d’aon duine neamh‑inchánach eile;

(b)aon duine inchánach eile i gcás inar soláthar earraí athláimhe, saothar ealaíne, earraí inbhailithe nó seandachtaí atá sa soláthar, i gcás ina bhfuil na hearraí faoi réir CBL i gcomhréir leis an scéim corrlaigh dá ndéantar foráil in Airteagail 312 go 325.

Tá feidhm ag an scéim speisialta seo maidir leis na hearraí nó seirbhísí sin uile a sholáthraítear sa Chomhphobal ag an duine inchánach lena mbaineann.’

(22)Leasaítear Airteagal 369g mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.    Taispeánfar sa tuairisceán CBL an uimhir aitheantais CBL dá dtagraítear in Airteagal 369d agus, le haghaidh gach Ballstáit tomhaltais, an luach iomlán gan CBL san áireamh, na rátaí CBL is infheidhme, i gcás inarb ábhartha, an méid iomlán in aghaidh ráta na CBL comhfhreagraí, i gcás inarb ábhartha, agus an méid iomlán CBL atá dlite i leith na soláthairtí seo a leanas a chumhdaítear leis an scéim speisialta seo ar tharla an teagmhas inmhuirir ina leith le linn na tréimhse cánach:

(a)ciandíol earraí laistigh den Chomhphobal;

(b)gan dochar d’Airteagal 14a(2), chun críche na scéime speisialta seo, soláthairtí earraí i gcomhréir le hAirteagal 14a(2) i gcás ina dtosaíonn agus ina gcríochnaíonn seoladh nó iompar na n‑earraí sin sa Bhallstát céanna, i gcás ina soláthraítear na hearraí sin do dhuine inchánach nó do dhuine dlítheanach neamh‑inchánach nach bhfuil a éadálacha nó a héadálacha earraí laistigh den Chomhphobal faoi réir CBL de bhun Airteagal 3(1), nó d’aon duine neamh‑inchánach eile;

(c)soláthairtí seirbhísí;

(d)soláthairtí earraí i gcomhréir le hAirteagail 36, 37 agus 39, i gcás ina soláthraítear na hearraí sin do dhuine inchánach nó do dhuine dlítheanach neamh‑inchánach, nach bhfuil a éadálacha nó a héadálacha earraí laistigh den Chomhphobal faoi réir CBL de bhun Airteagal 3(1), nó d’aon duine neamh‑inchánach eile;

(e)soláthairtí earraí gan seoladh nó iompar, nó i gcás ina dtosaíonn agus ina gcríochnaíonn an seoladh sa Bhallstát céanna, i gcás ina soláthraítear na hearraí sin do dhuine inchánach nó do dhuine dlítheanach neamh‑inchánach nach bhfuil a éadálacha nó a héadálacha earraí laistigh den Chomhphobal faoi réir CBL de bhun Airteagal 3(1), nó d’aon duine neamh‑inchánach eile.

Beidh leasuithe a bhaineann le tréimhsí cánacha roimhe sin dá ndéantar foráil i mír 4 den Airteagal seo sa tuairisceán CBL freisin.’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.    I gcás ina seoltar agus ina n‑iompraítear earraí i mBallstáit seachas an Ballstát aitheantais nó uathu, is éard a bheidh sa tuairisceán CBL freisin, an luach iomlán gan CBL san áireamh, na rátaí CBL is infheidhme, i gcás inarb ábhartha, an méid iomlán in aghaidh ráta na CBL comhfhreagraí, i gcás inarb ábhartha, agus an méid iomlán CBL atá dlite i leith na soláthairtí seo a leanas a chumhdaítear leis an scéim speisialta seo, le haghaidh gach Ballstáit a seoltar agus a iompraítear earraí den sórt sin iontu nó uathu:

(a)ciandíol earraí laistigh den Chomhphobal seachas an chiandíol earraí a dhéanann duine inchánach i gcomhréir le hAirteagal 14a(2);

(b)ciandíol earraí laistigh den Chomhphobal agus soláthairtí earraí i gcás ina dtosaíonn agus ina gcríochnaíonn seoladh nó iompar na n‑earraí sin sa Bhallstát céanna, arna ndéanamh ag duine inchánach i gcomhréir le hAirteagal 14a(2) i gcás ina soláthraítear na hearraí sin do dhuine inchánach nó do dhuine dlítheanach neamh‑inchánach nach bhfuil a éadálacha nó a héadálacha earraí laistigh den Chomhphobal faoi réir CBL de bhun Airteagal 3(1), nó d’aon duine neamh‑inchánach eile;

(c)soláthairtí earraí i gcomhréir le hAirteagail 36, 37 agus 39, i gcás ina soláthraítear na hearraí sin do dhuine inchánach nó do dhuine dlítheanach neamh‑inchánach, nach bhfuil a éadálacha nó a héadálacha earraí laistigh den Chomhphobal faoi réir CBL de bhun Airteagal 3(1), nó d’aon duine neamh‑inchánach eile;

(d)soláthairtí earraí do dhuine inchánach nó do dhuine dlítheanach neamh‑inchánach nach bhfuil a éadálacha nó a héadálacha earraí laistigh den Chomhphobal faoi réir CBL de bhun Airteagal 3(1), nó d’aon duine neamh‑inchánach eile, i gcás ina dtosaíonn agus ina gcríochnaíonn an seoladh sa Bhallstát ceanna.

I ndáil leis na soláthairtí dá dtagraítear i pointe (a), áireofar sa tuairisceán CBL freisin an uimhir aitheantais aonair CBL nó an uimhir thagartha cánach arna leithdháileadh ag gach Ballstát a ndéantar earraí den sórt sin a sheoladh nó a iompar uathu, más infhaighte.

I ndáil leis na soláthairtí dá dtagraítear i bpointe (b), áireofar sa tuairisceán CBL freisin an uimhir aitheantais aonair CBL nó an uimhir thagartha cánach arna leithdháileadh ag gach Ballstát a ndéantar earraí den sórt sin a sheoladh nó a iompar uathu, más infhaighte.

Áireofar sa tuairisceán CBL an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo arna briseadh síos de réir an Bhallstáit tomhaltais.’;

(c)cuirtear an mhír 2a seo a leanas isteach:

‘2a.    Beidh feidhm ag an gceanglas chun an fhaisnéis a leagtar amach i mír 2 a sholáthar maidir le soláthairtí earraí gan seoladh nó iompar a dhéantar i mBallstát seachas an Ballstát aitheantais freisin.’;

(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.    I gcás ina bhfuil buanbhunaíocht ghnó amháin nó níos mó ag an duine inchánach a sholáthraíonn na seirbhísí a chumhdaítear leis an scéim speisialta seo seachas an ceann sa Bhallstát aitheantais, óna soláthraítear na seirbhísí, áireofar sa tuairisceán CBL freisin an luach iomlán gan CBL san áireamh, na rátaí CBL is infheidhme, i gcás inarb ábhartha, an méid iomlán in aghaidh ráta na CBL comhfhreagraí, i gcás inarb ábhartha, agus an méid iomlán CBL atá dlite i leith soláthairtí den sórt sin, le haghaidh gach Ballstáit ina bhfuil bunaíocht ghnó ag an duine sin, maille leis an uimhir aitheantais aonair CBL nó le huimhir thagartha cánach na bunaíochta sin, arna mbriseadh síos de réir an Bhallstáit tomhaltais.’;

(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.    I gcás ina dteastaíonn aon leasú ar an tuairisceán CBL i ndiaidh an dáta ar ar éilíodh an tuairisceán a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 369f, cuirfear leasuithe den sórt sin san áireamh i dtuairisceán ina dhiaidh sin laistigh de 3 bliana ón dáta ar ar éilíodh an tuairisceán bunaidh a chur isteach de bhun Airteagal 369f. Sainaithneofar an Ballstát tomhaltais ábhartha, an tréimhse chánach agus an méid CBL a n‑éilítear aon leasú ina leith sa tuairisceán CBL sin ina dhiaidh sin.’;

(23)in Airteagal 369m, cuirtear mír 4 seo a leanas isteach:

‘4.    D’ainneoin mhír 1, ceanglóidh Ballstáit ar an duine inchánach atá ag gníomhú mar sholáthróir measta i gcomhréir le hAirteagal 14a(1) úsáid a bhaint as an scéim speisialta seo le haghaidh a chuid nó a cuid ciandíola earraí uile a allmhairítear ó thríú críocha nó ó thríú tíortha.

(24)Leasaítear Airteagal 369p mar a leanas:

(a)i mír 1, cuirtear an pointe (e) seo a leanas léi:

‘(e)stádas mar dhuine inchánach a mheastar ina leith go bhfuair agus gur sholáthair sé nó sí earraí i gcomhréir le hAirteagal 14a(1).’;

(b)i mír 3, cuirtear an pointe (f) seo a leanas léi:

‘(f) stádas mar dhuine inchánach a mheastar ina leith go bhfuair agus gur sholáthair sé nó sí earraí i gcomhréir le hAirteagal 14a(1).’;

(25)Leasaítear Airteagal 369r mar a leanas:

(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d) i gcás ina dteipeann go seasmhach ar an duine inchánach sin na rialacha a bhaineann leis an scéim speisialta seo a chomhlíonadh agus a mhéid nach éigeantach é an scéim seo a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 369m(4).’,

(b)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d) i gcás ina dteipeann go seasmhach ar an duine inchánach sin na rialacha a bhaineann leis an scéim speisialta seo a chomhlíonadh agus a mhéid nach éigeantach é an scéim seo a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 369m(4);’,

(c)cuirtear mír 4 nua isteach:

‘4. I gcás inar éigeantach é an scéim speisialta a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 369m(4), glacfaidh Ballstáit aitheantais bearta iomchuí, seachas scriosadh ón gclár aitheantais, i gcás ina dteipeann go seasmhach ar an duine inchánach na rialacha a bhaineann leis an scéim speisialta seo a chomhlíonadh.’;

(26)in Airteagal 369t, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.    I gcás ina n‑éilítear aon leasú ar an tuairisceán CBL i ndiaidh an dáta ar ar éilíodh an tuairisceán a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 369s, cuirfear leasuithe den sórt sin san áireamh i dtuairisceán ina dhiaidh sin laistigh de 3 bliana ón dáta ar ar éilíodh an tuairisceán bunaidh a chur isteach de bhun Airteagal 369s. Sainaithneofar an Ballstát tomhaltais ábhartha, an tréimhse chánach agus an méid CBL a n‑éilítear aon leasú ina leith sa tuairisceán CBL sin ina dhiaidh sin.’;

(27)cuirtear an Roinn 5 seo a leanas isteach i dTeideal XII, Caibidil 6:

‘Roinn 5

Scéim speisialta d’aistrithe earraí dílse

Airteagal 369xa

Chun críocha na Roinne seo, agus gan dochar d’fhorálacha eile de chuid an Chomhphobail, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)    ciallaíonn ‘aistriú earraí dílse’ aistriú earraí chuig Ballstát eile i gcomhréir le hAirteagal 17(1), lena n‑áirítear aistrithe de bhun Airteagal 14a(3), agus ní áireofar leis aistrithe earraí caipitiúla mar a shainmhínítear iad ag an mBallstát ar chuige a sheoltar nó a iompraítear na hearraí i gcomhréir le hAirteagal 189(a), nó earraí ar ina leith nach ann do cheart asbhainte iomlán sa Bhallstát sin.

(2)    Ciallaíonn ‘Ballstát aitheantais’ an Ballstát ina bhfuil a ghnó nó a gnó bunaithe ag an duine inchánach nó, mura bhfuil a ghnó nó a gnó bunaithe sa Chomhphobal ag an duine inchánach sin, Ballstát ina bhfuil buanbhunaíocht ag an duine inchánach sin.

I gcás nach bhfuil a ghnó nó a gnó bunaithe sa Chomhphobal ag duine inchánach, ach i gcás ina bhfuil níos mó ná buanbhunaíocht amháin aige nó aici ann, is é an Ballstát ina bhfuil buanbhunaíocht agus ar ann a thugann an duine inchánach sin le tuiscint go mbainfidh sé nó sí úsáid as an scéim speisialta seo, a bheidh sa Bhallstát aitheantais. Beidh an duine inchánach faoi cheangal ag an gcinneadh sin ar feadh na bliana féilire lena mbaineann agus ar feadh an dá bhliain féilire ina dhiaidh sin.

I gcás nach bhfuil a ghnó nó a gnó bunaithe sa Chomhphobal ag duine inchánach, ach i gcás nach bhfuil buanbhunaíocht aige nó aici ann, is é an Ballstát ina dtosaíonn seoladh nó aistriú na n‑earraí a bheidh sa Bhallstát aitheantais. I gcás ina bhfuil níos mó ná aon Bhallstát amháin ann ina dtosaíonn seoladh nó aistriú na n‑earraí, tabharfaidh an duine inchánach le fios cén ceann de na Ballstáit sin a bheidh sa Bhallstát aitheantais. Beidh an duine inchánach faoi cheangal ag an gcinneadh sin ar feadh na bliana féilire lena mbaineann agus ar feadh an dá bhliain féilire ina dhiaidh sin.

Airteagal 369xb

Ceadóidh Ballstáit d’aon duine inchánach a dhéanann aistrithe earraí dílse úsáid a bhaint as an scéim speisialta seo.

Beidh feidhm ag an scéim speisialta seo maidir le gach aistriú earraí dílse a dhéanann duine inchánach atá cláraithe don scéim seo.

Airteagal 369xc

Cuirfidh duine inchánach in iúl don Bhallstát aitheantais nuair a thosaíonn sé nó sí a ghníomhaíochtaí nó a gníomhaíochtaí inchánach agus nuair a chuireann sé nó sí deireadh leo, ar gníomhaíochtaí iad a chumhdaítear leis an scéim speisialta seo, nó nuair a athraíonn sé nó sí na gníomhaíochtaí sin ar bhealach a fhágann nach gcomhlíonann an duine inchánach sin na coinníollacha is gá chun úsáid a bhaint as an scéim speisialta seo a thuilleadh. Déanfaidh an duine inchánach sin an fhaisnéis sin a chur in iúl go leictreonach.

Airteagal 369xd

Ní dhéanfar duine inchánach a bhaineann úsáid as an scéim speisialta seo, maidir leis na hidirbhearta inchánach a dhéantar faoin scéim seo, a shainaithint chun críocha CBL ach sa Bhallstát aitheantais agus sa Bhallstát sin amháin. Chun na críche sin, bainfidh an Ballstát úsáid as an uimhir aitheantais aonair CBL a leithdháileadh cheana féin ar an duine inchánach i leith oibleagáidí an duine sin faoin gcóras inmheánach.

Airteagal 369xe

Déanfaidh an Ballstát aitheantais duine inchánach a eisiamh ón scéim speisialta in aon cheann de na cásanna a leanas:

(a)i gcás ina gcuireann an duine inchánach sin in iúl nach ndéanann sé nó sí aistrithe earraí dílse a chumhdaítear leis an scéim speisialta seo a thuilleadh;

(b)i gcás ina bhféadfar glacadh leis ar shlí eile go bhfuil deireadh le gníomhaíochtaí inchánach an duine inchánach a chumhdaítear leis an scéim speisialta seo;

(c)i gcás nach gcomhlíonann an duine inchánach sin na coinníollacha is gá chun úsáid a bhaint as an scéim speisialta seo a thuilleadh;

(d)i gcás ina dteipeann go seasmhach ar an duine inchánach sin na rialacha a bhaineann leis an scéim speisialta seo a chomhlíonadh.

Airteagal 369xf

Déanfaidh an duine inchánach a bhfuil úsáid á baint aige nó aici as an scéim speisialta seo tuairisceán CBL le haghaidh gach míosa a chur faoi bhráid an Bhallstáit aitheantais trí mhodhanna leictreonacha, cé acu a rinneadh aistrithe earraí a chumhdaítear leis an scéim speisialta seo nó nach ndearnadh. Cuirfear an tuairisceán CBL isteach faoi dheireadh na míosa i ndiaidh dheireadh na tréimhse cánach a chumhdaítear leis an tuairisceán.

Airteagal 369xg

1.    Taispeánfar sa tuairisceán CBL an uimhir aitheantais CBL dá dtagraítear in Airteagal 369xd agus, le haghaidh gach Ballstáit dá seoltar nó dá n‑aistrítear earraí, luach iomlán gan CBL san áireamh na naistrithe a chumhdaítear leis an scéim speisialta seo ar tharla an teagmhas inmhuirir ina leith le linn na tréimhse cánach.

Beidh leasuithe a bhaineann le tréimhsí cánacha roimhe sin mar a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo sa tuairisceán CBL freisin.

2.    I gcás ina seoltar nó ina n‑iompraítear earraí ó Bhallstáit seachas an Ballstát aitheantais, is éard a bheidh sa tuairisceán CBL freisin, an luach iomlán gan CBL san áireamh, de na haistrithe a chumhdaítear leis an scéim speisialta seo, maidir le gach Ballstát óna seoltar nó óna n‑iompraítear earraí den sórt sin.

Áireofar sa tuairisceán CBL freisin an uimhir aitheantais aonair CBL nó an uimhir thagartha cánach arna leithdháileadh ag gach Ballstát a ndéantar earraí den sórt sin a sheoladh nó a iompar uathu, más infhaighte. Áireofar sa tuairisceán CBL an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo arna briseadh síos de réir an Bhallstáit a ndéantar earraí den sórt sin a sheoladh nó a iompar chuige.

3.    I gcás ina n‑éilítear aon leasú ar an tuairisceán CBL i ndiaidh an dáta ar ar éilíodh an tuairisceán a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 369xf, cuirfear leasuithe den sórt sin san áireamh i dtuairisceán ina dhiaidh sin laistigh de 3 bliana ón dáta ar ar éilíodh an tuairisceán bunaidh a chur isteach de bhun Airteagal 369xf. Sainaithneofar an Ballstát ábhartha a ndéantar na hearraí a sheoladh nó a iompar chuige, an tréimhse chánach agus an méid inchánach a n‑éilítear aon leasú ina leith sa tuairisceán CBL sin ina dhiaidh sin.

Airteagal 369xh

1.    Is in euro a shloinnfear an tuairisceán CBL.

Féadfaidh Ballstáit nach bhfuil an euro glactha acu a cheangal go sloinnfear an tuairisceán CBL ina n‑airgeadra náisiúnta.

Más in airgeadraí eile a rinneadh na soláthairtí, úsáidfidh an duine inchánach a bhfuil úsáid á baint aige nó aici as an scéim speisialta seo an ráta malairte a mbeidh feidhm leis ar an dáta deiridh den tréimhse chánach, chun críocha an tuairisceán CBL a chomhlíonadh.

2.    Déanfar an comhshó trí na rátaí malairte arna bhfoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach don lá sin a chur i bhfeidhm, nó, mura bhfuil aon fhoilsiú ann an lá sin, ar an gcéad lá eile a bhfoilseofar é.

Airteagal 369xi

Chun críche na scéime speisialta seo, tá díolúine ag éadáil earraí laistigh den Chomhphobal sa Bhallstát a ndéantar na hearraí a sheoladh nó a iompar chuige.

Airteagal 369xj

An duine inchánach a bhfuil úsáid á baint aige nó aici as an scéim speisialta seo, i leith a ghníomhaíochtaí nó a gníomhaíochtaí inchánach a chumhdaítear leis an scéim speisialta seo, ní fhéadfaidh sé nó sí an CBL in‑asbhainte de bhun Airteagal 168 den Treoir seo sna Ballstáit a ndéantar na hearraí a sheoladh nó a iompar chucu nó uathu a fhógairt sa tuairisceán CBL den scéim sin. D’ainneoin Airteagal 1, pointe (1), de Threoir 86/560/CEE, Airteagal 2, pointe (1), Airteagal 3, agus Airteagal 8(1), pointe (e), de Threoir 2008/9/CE, déanfar an duine inchánach i gceist a aisíoc i gcomhréir leis na Treoracha sin. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 2(2) agus (3) ná le hAirteagal 4(2) de Threoir 86/560/CEE maidir le haisíocaíochtaí a bhaineann le hearraí a chumhdaítear leis an scéim speisialta seo.

I gcás ina gceanglaítear ar an duine inchánach a bhfuil úsáid á baint aige nó aici as an scéim speisialta seo bheith cláraithe i mBallstát le haghaidh gníomhaíochtaí nach gcumhdaítear leis an scéim speisialta seo, déanfaidh sé nó sí CBL a asbhaint, ar CBL é a thabhaítear sa Bhallstát sin i leith earraí nó seirbhísí arna soláthar dó nó di sa Bhallstát sin, sa tuairisceán CBL atá le cur isteach de bhun Airteagal 250.

Airteagal 369xk

1. Déanfaidh an duine inchánach a bhfuil úsáid á baint aige nó aici as an scéim speisialta seo taifid ar na haistrithe earraí dílse a chumhdaítear leis an scéim speisialta seo a choimeád. Ní mór do na taifid sin a bheith mionsonraithe a dhóthain lena chur ar chumas údaráis chánach na mBallstát a ndearnadh earraí a sheoladh nó a iompar chucu a fhíorú go bhfuil an tuairisceán CBL ceart.

2.    Ní mór na taifid dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil go leictreonach don Bhallstát a ndearnadh na hearraí a sheoladh nó a iompar uaidh agus chuige agus don Bhallstát aitheantais arna iarraidh sin.

Ní mór na taifid sin a choimeád ar feadh tréimhse 5 bliana ón 31 Nollaig sa bhliain ar lena linn a rinneadh an t‑aistriú earraí dílse.’.

Airteagal 3

Leasuithe ar Threoir 2006/112/CE le héifeacht ón 1 Eanáir 2026

Leasaítear Treoir 2006/112/CE mar a leanas:

(1)in Airteagal 243, scriostar mír 3;

(2)in Airteagal 262, scriostar mír 2;

Airteagal 4

Leasuithe ar Threoir 2006/112/CE le héifeacht ón 1 Eanáir 2028

Leasaítear Treoir 2006/112/CE mar a leanas:

(1)in Airteagal 42, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)chomhlíon an duine a fhaigheann na hearraí leis na hoibleagáidí atá leagtha síos in Airteagal 265 a bhaineann le haistriú sonraí faoi na héadálacha laistigh den Chomhphobal.’;

(2)in Airteagal 138, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1a:

‘1a.    Ní bheidh feidhm ag an díolúine dá ndéantar foráil i mír 1 den Airteagal seo i gcás nár chomhlíon an soláthróir an oibleagáid dá ndéantar foráil in Airteagail 262 agus 263 chun na sonraí faoi idirbhearta laistigh den Chomhphobal a chur in iúl, ná i gcás nach bhfuil an fhaisnéis cheart sna sonraí sin a aistríodh maidir leis an soláthar mar a éilítear faoi Airteagal 264, ach amháin i gcás ina bhféadfaidh an soláthróir údar cuí a thabhairt le haon easnamh chun sástacht na n‑údarás inniúil.’;

(3)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 218:

Chun críocha na Treorach seo, eiseofar sonraisc i bhformáid leictreonach struchtúrtha. Féadfaidh Ballstáit glacadh le doiciméid ar pháipéar nó i bhformáid eile, áfach, mar shonraisc le haghaidh idirbheart nach bhfuil faoi réir na n‑oibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos i dTeideal XI, Caibidil 6. Ceadóidh Ballstáit do shonraisc leictreonacha a eisiúint ar sonraisc iad a chomhlíonann an caighdeán Eorpach i ndáil le ríomhshonrascadh agus liosta a chomhréireanna de bhun Threoir 2014/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ní bheidh eisiúint sonrasc leictreonach ag daoine inchánacha agus a dtarchur faoi réir ag údarú éigeantach roimh ré ná ag fíorú ag na húdaráis chánach.’;

(4)in Airteagal 222, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

‘Maidir le soláthairtí earraí a dhéantar i gcomhréir leis na coinníollacha a shonraítear in Airteagal 138 nó maidir le soláthairtí earraí nó seirbhísí dá bhfuil CBL iníoctha ag an gcustaiméir de bhun Airteagail 194 agus 196, eiseofar sonrasc tráth nach déanaí ná 2 lá oibre i ndiaidh an teagmhais inmhuirir.’;

(5)Scriostar Airteagal 223;

(6)Cuirtear isteach na pointí (16), (17) agus (18) seo a leanas in Airteagal 226:

‘(16)i gcás sonrasc ceartaitheach, an uimhir sheicheamhach lena sainaithnítear an sonrasc ceartaithe, dá dtagraítear i bpointe (2);

(17)uimhir IBAN chuntas bainc an tsoláthróra a chuirfear do shochar le híocaíocht an tsonraisc. I gcás nach bhfuil fáil ar an uimhir IBAN, aon aitheantóir eile lena sainaithnítear go soiléir an cuntas bainc a chuirfear do shochar leis an sonrasc;

(18)An dáta ar a bhfuil an íocaíocht do sholáthar na n‑earraí nó seirbhísí dlite nó, i gcás ina gcomhaontaítear íocaíochtaí páirteacha, dáta agus méid gach íocaíochta.’;

(7)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil de Chaibidil 6 i dTeideal XI:

‘CAIBIDIL 6

Ceanglais maidir le tuairisciú digiteach’;

(8)i dTeideal XI, Caibidil 6, cuirtear isteach an ceannteideal seo a leanas ar Fhoroinn 1:

‘Roinn 1

Ceanglais maidir le tuairisciú digiteach le haghaidh soláthairtí trasteorann earraí agus seirbhísí ar comaoin a dhéantar idir daoine inchánacha’; 

(9)Leasaítear Airteagal 262 mar a leanas:

(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:

‘Gach duine inchánach a sainaithníodh chun críocha CBL, cuirfidh sé nó sí faoi bhráid an Bhallstáit ina bhfuil an duine sin bunaithe nó sainaitheanta chun críocha CBL na sonraí seo a leanas maidir le gach soláthar agus aistriú earraí a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 138, maidir le gach éadáil earraí laistigh den Chomhphobal i gcomhréir le hAirteagal 20 agus maidir le gach soláthar seirbhíse ar seirbhís í atá inchánach i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil an soláthróir bunaithe:’;

(10)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 263:

‘Airteagal 263

1. Déanfar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 262(1) a tharchur le haghaidh gach idirbheart aonair a rinne an duine inchánach tráth nach déanaí ná 2 lá oibre i ndiaidh an sonrasc a eisiúint, nó i ndiaidh an dáta ar a raibh an sonrasc le heisiúint i gcás nach gcomhlíonann an duine inchánach an oibleagáid maidir le sonrasc a eisiúint. Is é an duine inchánach nó tríú páirtí thar ceann an duine inchánach sin a tharchuirfidh na sonraí. Déanfaidh Ballstát foráil maidir leis na modhanna leictreonacha chun sonraí den sórt sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ceadóidh Ballstáit d’aistriú sonraí ó shonraisc leictreonacha a chomhlíonann an caighdeán Eorpach i ndáil le ríomhshonrascadh agus liosta a chomhréireanna de bhun Threoir 2014/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Féadfaidh Ballstáit ceadú d’aistriú sonraí ó shonraisc leictreonacha agus formáidí sonraí eile á n‑úsáid a áirithíonn idir-inoibritheacht leis an gcaighdeán Eorpach i ndáil le ríomhshonrascadh.

2. Cinnfear an teachtaireacht leictreonach choiteann chun na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil i gcomhréir leis an nós imeachta dá ndéantar foráil in Airteagal 58(2) de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010.’;

(11)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 264:

‘Airteagal 264

Beidh an méid uile seo a leanas sna sonraí a tharchuirtear i gcomhréir le hAirteagal 263:

(a)an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 226, pointí (1) go (4), (6), (8) go (11a), (16), (17) agus (18);

(b)maidir le soláthairtí of earraí atá comhdhéanta d’aistrithe chuig Ballstát eile, dá dtagraítear in Airteagal 138(2), pointe (c), luach iomlán an tsoláthair, arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 76.

(12)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 265:

Airteagal 265

I gcás éadálacha earraí laistigh den Chomhphobal, dá dtagraítear in Airteagal 42, an duine inchánach a sainaithníodh chun críocha CBL sa Bhallstát a d’eisigh an uimhir aitheantais CBL dó faoina ndearna an duine sin éadálacha den sórt sin, leagfaidh sé amach an fhaisnéis seo a leanas sna sonraí atá le tarchur:

(a)uimhir aitheantais CBL an duine sin sa Bhallstát sin agus faoina ndearnadh éadáil earraí agus a soláthar ina dhiaidh sin;

(b)uimhir aitheantais CBL, sa Bhallstát inar chríochnaigh seoladh nó iompar na n‑earraí, an duine a ndearnadh an soláthar ina dhiaidh sin chuige ag an duine inchánach;

(c)luach, gan CBL san áireamh, gach soláthair a rinne an duine inchánach sa Bhallstát inar chríochnaigh seoladh nó iompar na n‑earraí.’;

(13)Scriostar Airteagal 266;

(14)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 267:

‘Airteagal 267

Glacfaidh na Ballstáit pé bearta is gá lena áirithiú, maidir le daoine a mheastar atá dlite as CBL a íoc, i gcomhréir le hAirteagal 194 nó 204, seachas duine inchánach nach bhfuil bunaithe ina gcríoch, go gcomhlíonann siad an oibleagáid a leagtar síos sa Chaibidil seo maidir leis na sonraí a chur isteach.’;

(15)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 268:

‘Airteagal 268

Ceanglóidh Ballstáit, maidir le daoine inchánacha a dhéanann éadálacha earraí laistigh den Chomhphobal ina gcríoch, nó idirbhearta a gcaitear mar sin leo de bhun Airteagal 21 nó 22, go gcuirfidh siad sonraí faoi na hidirbhearta sin isteach mar a ndéantar foráil dó sa Chaibidil seo.’;

(16)Scriostar Airteagail 269, 270 agus 271;

(17)i dTeideal XI, Caibidil 6, cuirtear isteach an Roinn 2 seo a leanas:

Roinn 2 
Ceanglais maidir le tuairisciú digiteach le haghaidh soláthairtí earraí agus seirbhísí ar comaoin a dhéantar idir daoine inchánacha laistigh de chríoch Bhallstáit

Airteagal 271a

1.    Féadfaidh Ballstáit a cheangal, maidir le daoine inchánacha a sainaithníodh chun críocha CBL ina gcríoch, go seolfaidh siad go leictreonach chuig a n‑údarás cánach sonraí faoi na soláthairtí earraí agus seirbhísí ar comaoin a dhéantar chuig daoine inchánacha eile laistigh dá gcríoch.

2.    Féadfaidh Ballstáit a cheangal, maidir le daoine inchánacha a sainaithníodh chun críocha CBL ina gcríoch, go seolfaidh siad go leictreonach chuig a n‑údarás cánach sonraí faoi idirbhearta inchánach seachas na cinn sin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus in Airteagal 262.

Airteagal 271b

I gcás ina gceanglaíonn Ballstát go seoltar na sonraí de bhun Airteagal 271a, déanfaidh an duine inchánach, nó tríú páirtí thar ceann an duine inchánach, na sonraí sin a tharchur ar bhonn gach idirbhirt tráth nach déanaí ná 2 lá oibre i ndiaidh an sonrasc a eisiúint, nó i ndiaidh an dáta ar a raibh an sonrasc le heisiúint i gcás nach gcomhlíonann an duine inchánach an oibleagáid maidir le sonrasc a eisiúint. Ceadóidh Ballstáit d’aistriú sonraí ó shonraisc leictreonacha a chomhlíonann an caighdeán Eorpach i ndáil le ríomhshonrascadh agus liosta a chomhréireanna de bhun Threoir 2014/55/AE.

Féadfaidh Ballstáit ceadú d’aistriú sonraí ó shonraisc leictreonacha agus formáidí sonraí eile á n‑úsáid.

Airteagal 271c

Faoin 31 Márta 2033 ar a dhéanaí, déanfaidh an Coimisiún, bunaithe ar an bhfaisnéis arna cur ar fáil ag Ballstáit, tuarascáil a chur faoi bhráid na Comhairle faoi fheidhmiú na gceanglas tuairiscithe intíre a leagtar amach sa Roinn seo. Sa tuarascáil sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá le bearta breise comhchuibhithe agus, má mheastar gur ghá, déanfaidh sé moladh iomchuí le haghaidh bearta den sórt sin.’;

(18)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 273:

‘Airteagal 273

Féadfaidh Ballstáit oibleagáidí eile a fhorchur, ar oibleagáidí iad a mheasann siad a mbeidh gá leo chun bailiúchán ceart CBL a áirithiú agus chun imghabháil a sheachaint, faoi réir an cheanglais maidir le cóir chomhionann amhail idir idirbhearta intíre agus idirbhearta a dhéantar idir Ballstáit ag daoine inchánacha agus ar choinníoll nach n‑eascraíonn foirmiúlachtaí a bhaineann le trasnú teorainneacha as oibleagáidí den sórt sin maidir le trádáil idir Ballstáit.

Ní fhéadtar brath ar an rogha faoin gcéad mhír chun oibleagáidí breise maidir le sonrascadh a fhorchur os cionn na n‑oibleagáidí atá leagtha síos i gCaibidil 3, ná chun oibleagáid tuairiscithe breise a chur chun feidhme os cionn na n‑oibleagáidí atá leagtha síos i dTeideal XI, Caibidil 6.’;

Airteagal 5

Trasuí

1. Glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit, faoin 31 Nollaig 2023, pé dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun Airteagal 1 den Treoir seo a chomhlíonadh. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2024.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2. Glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit, faoin 31 Nollaig 2024, pé dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun Airteagal 2 den Treoir seo a chomhlíonadh.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2025.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

3. Glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit, faoin 31 Nollaig 2025, pé dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun Airteagal 3 den Treoir seo a chomhlíonadh.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2026.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

4. Glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit, faoin 31 Nollaig 2027, pé dlíthe, rialúcháin agus forálacha riaracháin is gá chun Airteagal 4 den Treoir seo a chomhlíonadh.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2028.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

5. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 7

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Eurostat: https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Tax_revenue_statistics
(2)    Is éard atá sa Bhearna CBL an difríocht fhoriomlán idir an t‑ioncam CBL a bhfuil coinne leis bunaithe ar reachtaíocht CBL agus rialacháin choimhdeacha agus an méid a bhailítear go hiarbhír:    
https://ec.europa.eu/taxation_customs/business/vat/vat-gap_en
(3)    Europol: https://www.europol.europa.eu/crime-areas-and-statistics/crime-areas/economic-crime/mtic-missing-trader-intra-community-fraud
(4)    COM(2020) 312 final.
(5)    COM(2021) 645 final (Iarscríbhinn II, Pointe 20).
(6)    Cuir an tagairt isteach nuair a bheidh fáil uirthi.
(7)    Cuir an tagairt isteach nuair a bheidh fáil uirthi.
(8)    Conclúidí ón gComhairle maidir le cánachas cothrom agus éifeachtach i dtréimhsí téarnaimh, maidir le dúshláin chánach atá nasctha le digitiú agus maidir le dea‑rialachas cánach san Aontas agus lasmuigh de (FISC 226 ECOFIN 1097, doic. 13350/20 ).
(9)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Samhain 2016 maidir le dul i dtreo córais chinntithigh CBL agus calaois CBL a chomhrac (2016/2033(INI)); Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Deireadh Fómhair 2018 maidir le calaois chustaim a chomhrac agus acmhainní dílse an Aontais a chosaint (2018/2747(RSP)).
(10)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Feabhra 2022 maidir le cur chun feidhme an Séú Treoir CBL: cad is ceart a dhéanamh go fóill chun bearna CBL an Aontais a laghdú? (2020/2263(INI)).
(11)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2022 ina bhfuil moltaí don Choimisiún maidir le cánachas cothrom agus simplí a thacaíonn leis an straitéis téarnaimh (P9_TA(2022)0082).
(12)    Tagraíonn oibleagáidí tuairiscithe CBL don oibleagáid atá ar ghnólachtaí atá cláraithe i gcomhair CBL dearbhuithe tréimhsiúla a dhéanamh maidir lena n‑idirbhearta chuig an údarás cánach ionas go mbeifear in ann faireachán a dhéanamh ar bhailiú CBL.
(13)    Maidir leis sin, baineann an téarma ‘geilleagar ardán’ le soláthairtí seirbhísí arna ndéanamh trí ardán.
(14)     https://ec.europa.eu/taxation_customs/business/vat/vat-e-commerce_en
(15)    Níl aon rogha shainráite ann do na Ballstáit ceanglais éigeantacha maidir le ríomhshonrascadh a thabhairt isteach mar bhealach chun a áirithiú go mbaileofar CBL i gceart agus chun calaois CBL a chosc. Cuirtear faoi deara leis an Treoir CBL go mbeidh úsáid sonrasc leictreonach faoi réir a nglactha ag an bhfaighteoir, in Airteagal 232; ní féidir an fhoráil sin a mhaolú trí Airteagal 273, rud a ligeann do na Ballstáit oibleagáidí eile a thabhairt isteach ar cháiníocóirí chun a áirithiú go mbailítear CBL i gceart agus chun calaois CBL a chosc. Mar sin, más mian le Ballstát ceanglais éigeantacha maidir le ríomhshonrascadh a thabhairt isteach, ní mór dó é sin a dhéanamh trí mhaolú a iarraidh ón Treoir faoi Airteagal 395, rud atá faoi réir chomhaontú d’aon toil na Comhairle bunaithe ar thogra ón gCoimisiún.
(16)    Chun a mheas cé acu ar fheabhsaigh nó nár fheabhsaigh comhlíontacht CBL le CTDanna, rud lena laghdófaí dá réir sin an bhearna CBL agus lena méadófaí na hioncaim CBL, rinneadh anailís eacnaiméadrach sa staidéar ‘CBL sa Ré Dhigiteach’. Meastar éifeachtaí CTDanna ar dhá athróg atá ag brath ar a chéile: an bhearna CBL agus C‑éifeachtúlacht. Tá na mionsonraí iomlána maidir le sonraíochtaí na samhla agus na torthaí ar fáil in Iarscríbhinn 4 den tuarascáil ar an measúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo (doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin SWD (2022) 393).
(17)    Is féidir achoimre ar an gcomhairliúchán poiblí a fháil anseo: CBL sa Ré Dhigiteach (europa.eu) .
(18)    Tá cineálacha difriúla ceanglas tuairiscithe digiteach i bhfeidhm faoi láthair i roinnt Ballstát: ríomhshonrascadh imréitigh (An Iodáil), tuairisciú fíor‑ama (An Ungáir, an Spáinn), tuairisciú SAF‑T (An Liotuáin, An Pholainn, An Phortaingéil), liostáil CBL (An Bhulgáir, An Chróit, An tSeicia, An Eastóin, An Laitvia, Poblacht na Slóvaice) agus d’fhógair roinnt Ballstát go poiblí ceanglais tuairiscithe atá ar na bacáin (An Fhrainc, An Ghréig, An Rómáin).
(19)    Bunaithe ar mheastacháin Eurostat, tá thart ar 210 000 cuideachta ilnáisiúnta (MNCanna) san Aontas, agus tá ceanncheathrú áitiúil ag 85 % díobh agus tá an chuid eile á rialú ag eintitis eachtracha.
(20)    Leanann siad sin go príomha ó chostais bhunaithe shuntasacha, go háirithe i dtíortha ina bhfuil CTDanna níos casta. Maidir le comhlíontacht, is féidir coinne a bheith leis go ndéanfaidh cuideachta ilnáisiúnta mionscála infheistíocht thart ar EUR 10 000 le haghaidh ceanglais SAF-T, EUR 25 000 le haghaidh ceanglais fíor‑ama agus níos mó ná EUR 50 000 maidir le ríomhshonrascadh. Maidir le cuideachta ilnáisiúnta mórscála, téann na figiúirí suas go dtí EUR 50 000 le haghaidh ceanglais SAF-T, EUR 200 000 le haghaidh ceanglais fíor-ama agus EUR 500 000 maidir le ríomhshonrascadh.
(21)    Nuair a dhíolann gnó earraí nó seirbhísí le gnó i mBallstát eile, tá sé de chúram air ráiteas achoimreach a chur isteach chuig a Bhallstát ag tabhairt mionsonraí maidir leis an ngnó lena ndearna sé an soláthar, agus méid iomlán na soláthairtí chuig an ngnó sin. Roinntear an fhaisnéis idir Ballstáit, agus úsáidtear í chun cuidiú le comhlíontacht a áirithiú.
(22)    In 1993, le tabhairt isteach an Mhargaidh Aonair, cuireadh deireadh leis na rialuithe teorann agus tháinig oibleagáidí tuairiscithe soláthairtí laistigh den Chomhphobal ina n‑ionad i bhfoirm ráiteas achoimreach tréimhsiúil chun críche CBL (is foirm shimplí é ráiteas achoimreach a chuireann trádálaithe isteach ar bhonn míosúil/ráithiúil, in éineacht lena dtuairisceán CBL, chun earraí arna seachadadh agus seirbhísí arna soláthar do thrádálaithe i mBallstáit eile a dhearbhú, ina bhfuil uimhir CBL na gcustaiméirí agus luach comhiomlánaithe na soláthairtí in aghaidh an chustaiméara le linn tréimhse ar leith). Stóráiltear na ráitis achoimreacha sin i mbunachair sonraí náisiúnta CBL. Nasctar na bunachair sonraí sin ansin trí chomhéadan leictreonach ar a dtugtar VIES (Córas Malartaithe Faisnéise CBL), agus bainistíonn an Coimisiún na naisc chumarsáide idir na Ballstáit agus forbraíonn na Ballstáit na feidhmchláir náisiúnta VIES. Faigheann riaracháin chánach rochtain ar fhaisnéis VIES chun críocha rialaithe, agus úsáideann oibreoirí eacnamaíocha modúl de VIES, ar a dtugtar ‘VIES ar an ngréasán’ (VoW) chun bailíocht uimhir CBL a gcliaint atá cláraithe san Aontas Eorpach le haghaidh idirbhearta trasteorann ar earraí nó seirbhísí a sheiceáil.
(23)     Treoir 2014/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ríomhshonrascadh sa soláthar poiblí .
(24)    Úsáidtear ‘geilleagar ardán’ chun tuairisc a thabhairt ar shamhail idirbheart iltaobhach, agus trí pháirtí nó níos mó i gceist ann. Sna hidirbhearta sin, éascaíonn ardán ar líne an nasc idir dhá thacar úsáideoirí ar leith nó níos mó, ach atá spleách ar a chéile. Sna hidirbhearta sin, d’fhéadfadh ceann de na páirtithe san ardán (soláthraithe nó soláthróirí foluiteacha) seirbhísí a thairiscint don pháirtí eile (an tomhaltóir) agus comaoin airgeadaíochta a fháil mar mhalairt air. Gearrann ardán táille de ghnáth as an idirbheart a éascú.
(25)    De réir Airteagal 9 den Treoir CBL agus cásdlí socraithe na Treorach, tá brí an‑leathan le ‘gníomhaíocht eacnamaíoch’. Ciallaíonn an coincheap ‘go neamhspleách’, áfach, nach gcaitear le fostaithe mar dhaoine inchánacha.
(26)    An acmhainneacht líonraí a thógáil trína gcuirfidh aon úsáideoir breise feabhas ar an eispéireas a gheobhaidh gach úsáideoir atá ann cheana; cuireann líon méadaithe daoine nó rannpháirtithe feabhas ar luach earra nó seirbhíse.
(27)     https://ipropertymanagement.com/research/airbnb-statistics
(28)    CBL sa Ré Dhigiteach. Tuarascáil Chríochnaitheach (iml. I – III). Conradh Sonrach Uimh. 07 lena gcuirtear chun feidhme Creatchonradh Uimh. TAXUD/2019/CC/150.
(29)    Ag a bhfuil luach éiceachórais de EUR 38,2 billiún agus EUR 43,2 billiún in aghaidh na bliana
(30)    Taispeántar i dTábla 25 den Staidéar CBL sa Ré Dhigiteach (Cuid II) go raibh fadhb ag 44 % de na freagróirí le cur i bhfeidhm difriúil na rialacha CBL ag Ballstáit.
(31)    Is ionann áit soláthair seirbhíse a sholáthraítear go leictreonach do dhuine neamh‑inchánach agus an áit ina bhfuil an custaiméir bunaithe, ach is ionann áit soláthair seirbhísí idirghabhála do dhuine neamh‑inchánach agus an áit ina soláthraítear an t‑idirbheart foluiteach, a bheadh ionann, i gcás seirbhísí a bhaineann le maoin dhochorraithe mar shampla, leis an áit ina bhfuil an mhaoin lonnaithe.
(32)    Airteagal 242a den Treoir CBL.
(33)    Féach pointe 3 ina dhiaidh seo.
(34)    Conclúidí ón gComhairle maidir le cur chun feidhme an phacáiste ríomhthráchtála CBL, ST 7104/22 an 15 Márta 2022.
(35)    Clár Oibre 2022 an Choimisiúin, Iarscríbhinn II: Tionscnamh REFIT, foroinn ‘Geilleagar a fhóireann do dhaoine’ (Uimh. 20).
(36)    COM(2018) 329 final.
(37)    Faoin gcóras atá ann cheana ní ghearrtar CBL ar idirbhearta trasteorann, contrártha d’idirbhearta intíre, rud a chuireann ar a gcumas do dhaoine inchánacha earraí a cheannach saor ó CBL laistigh den mhargadh aonair, agus an slabhra íocaíochta deighilte á bhriseadh agus dreasacht á cruthú i gcomhair calaoise
(38)    Leathnófaí an córas sin chuig seirbhísí ag céim níos déanaí.
(39)     Treoir (AE) 2025/285 ón gComhairle maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a mhéid a bhaineann leis an scéim speisialta d’fhiontair bheaga  
(40)    Samhlaítear tacar leathan athchóirithe le pleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát arb é is aidhm dóibh an timpeallacht ghnó a fheabhsú agus díriú ar theicneolaíochtaí digiteacha agus glasa a ghlacadh. Comhlánaítear na hathchóirithe sin le hiarrachtaí tábhachtacha chun riaracháin chánach a dhigitiú mar earnáil straitéiseach den riarachán poiblí. (An Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe 2022 (COM(2021) 740 final)).
(41)    Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).
(42)    https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/political-guidelines-next-commission_en_0.pdf.
(43)    An Suirbhé Bliantúil don Fhás 2021 (féach leathanach 13)    : https://ec.europa.eu/info/system/files/economy-finance/2022_european_semester_annual_sustainable_growth_survey.pdf .
(44)    Samhlaítear tacar leathan athchóirithe le pleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát arb é is aidhm dóibh an timpeallacht ghnó a fheabhsú agus díriú ar theicneolaíochtaí digiteacha agus glasa a ghlacadh. Comhlánaítear na hathchóirithe sin le hiarrachtaí tábhachtacha chun riaracháin chánach a dhigitiú mar earnáil straitéiseach den riarachán poiblí. (An Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe 2022 (COM(2021) 740 final)).
(45)    Tá coinne leis go mbeidh ann do dheimhneacht dhlíthiúil, de thoradh na Treorach a mholtar, maidir le stádas fostaíochta na ndaoine a oibríonn trí ardáin saothair dhigiteacha, go dtiocfaidh feabhas ar a ndálaí oibre (lena n‑áirítear le haghaidh daoine féinfhostaithe atá faoi réir bainistíocht algartamach) agus go bhfeabhsófar trédhearcacht agus inrianaitheacht in obair ardáin, lena n‑áirítear i gcásanna trasteorann
(46)    Treoir 2014/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ríomhshonrascadh sa soláthar poiblí.
(47)    Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions: Taking the Customs Union to the Next Level: a Plan for Action, An Bhruiséil, 28.9.2020 [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: - An tAontas Custaim á Thabhairt chuig an gCéad Leibhéal eile: Plean i gcomhair Gníomhaíochta, ( customs-action-plan-2020_en.pdf (europa.eu) ).
(48)     Lorgaíonn an Coimisiún tuairimí maidir le hathchóiriú custaim an Aontais atá ar na bacáin (europa.eu) .
(49)    An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, Tuarascáil maidir leis an Toradh Deiridh, Mí na Bealtaine 2022, Togra 16 (1)-(3). Tionóladh an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa idir Mí Aibreáin 2021 agus Mí na Bealtaine 2022. Ba chleachtadh sainiúil é faoi stiúir na saoránach inar tugadh d’aon turas faoin daonlathas ar an leibhéal uile‑Eorpach, lena raibh baint ag na mílte saoránach Eorpach chomh maith le gníomhairí polaitiúla, comhpháirtithe sóisialta, ionadaithe ón tsochaí shibhialta agus príomhpháirtithe leasmhara.
(50)    CBL sa Ré Dhigiteach. Tuarascáil Chríochnaitheach (iml. IV Gníomhaíochtaí Comhairliúcháin). Conradh Sonrach Uimh. 07 lena gcuirtear chun feidhme Creatchonradh Uimh. TAXUD/2019/CC/150.
(51)    CBL sa Ré Dhigiteach. Tuarascáil chríochnaitheach (iml. I – III). Conradh Sonrach Uimh. 07 lena gcuirtear chun feidhme Creatchonradh Uimh. TAXUD/2019/CC/150.
(52)     https://sdgs.un.org/goals .
(53)    Clár oibre 2022 an Choimisiúin, Iarscríbhinn II: Tionscnamh REFIT, foroinn ‘Geilleagar a fhóireann do dhaoine’ (Uimh. 20).
(54)     2022_annual_work_programme_-_fit_for_future_platform_en.pdf (europa.eu)
(55)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1870 ón gCoimisiún an 16 Deireadh Fómhair 2017 maidir le foilsiú na tagartha don chaighdeán Eorpach i ndáil le ríomhshonrascadh agus liosta a chomhréireanna de bhun Threoir 2014/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(56)    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle lena ndéantar measúnú ar na rialacha sonraiscthe de chuid Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha (COM(2020)47).
(57)    Treoir (AE) 2022/542 ón gComhairle an 5 Aibreán 2022 lena leasaítear Treoracha 2006/112/CE agus (AE) 2020/285 a mhéid a bhaineann le rátaí cánach breisluacha.
(58)    IO C , , lch. .
(59)    IO C , , lch. .
(60)    Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).
(61)    Is éard atá sa Bhearna CBL an difríocht fhoriomlán idir an t‑ioncam CBL a bhfuil coinne leis bunaithe ar reachtaíocht CBL agus rialacháin choimhdeacha agus an méid a bhailítear go hiarbhír:
https://ec.europa.eu/taxation_customs/business/vat/vat-gap_en
(62)    Europol: https://www.europol.europa.eu/crime-areas-and-statistics/crime-areas/economic-crime/mtic-missing-trader-intra-community-fraud  
(63)    Cúirt Iniúchóirí na hEorpa:
https://www.eca.europa.eu/Lists/ECADocuments/SR15_24/SR_VAT_FRAUD_EN.pdf
(64)    Treoir 2014/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ríomhshonrascadh i gcás an tsoláthair phoiblí (IO L 133, 6.5.2014, lch. 1).
(65)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1870 ón gCoimisiún an 16 Deireadh Fómhair 2017 maidir le foilsiú na tagartha don chaighdeán Eorpach i ndáil le ríomhshonrascadh agus liosta a chomhréireanna de bhun Threoir 2014/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 266, 17.10.2017, lch. 19).
(66)    Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lgh. 1–102).
(67)    Treoir (AE) 2017/2455 ón gComhairle an 5 Nollaig 2017 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE agus Treoir 2009/132/CE a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí áirithe cánach breisluacha i ndáil le soláthairtí seirbhísí agus ciandíol earraí (IO L 348, 29.12.2017, lch. 7).
(68)    Treoir (AE) 2019/1995 ón gComhairle an 21 Samhain 2019 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le forálacha a bhaineann le ciandíol earraí agus le soláthairtí intíre earraí áirithe.
(69)    Treoir (AE) 2022/542) ón gComhairle an 5 Aibreán 2022 lena leasaítear Treoracha 2006/112/CE agus (AE) 2020/285 a mhéid a bhaineann le rátaí cánach breisluacha (IO L 107, 6.4.2022, lch. 1).
(70)    Treoir (AE) 2020/285) ón gComhairle an 18 Feabhra 2020 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a mhéid a bhaineann leis an scéim speisialta d’fhiontair bheaga agus Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a mhéid a bhaineann leis an gcomhar riaracháin agus leis an malartú faisnéise chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart na scéime speisialta d’fhiontair bheaga (IO L 62, 2.3.2020, lch. 13).
(71)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(72)    Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2010 maidir le comhar riaracháin agus calaois a chomhrac i réimse na cánach breisluacha (IO L 268, 12.10.2010, lch. 1).
(73)    IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.