AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,7.12.2022
COM(2022) 697 final
2022/0403(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an [xxxx]
lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 575/2013 agus (AE) 2017/1131 a mhéid a bhaineann le bearta chun neamhchosaintí iomarcacha ar chontrapháirtithe lárnacha tríú tír a mhaolú agus chun éifeachtúlacht mhargaí imréitigh an Aontais a fheabhsú.
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SEC(2022) 697 final} - {SWD(2022) 697 final} - {SWD(2022) 698 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (an Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach nó “EMIR”) rialaítear idirbhearta díorthach, lena n‑áirítear bearta chun a rioscaí a theorannú trí imréiteach i gcontrapháirtithe lárnacha (CPLanna). Glacann na CPLanna leis na rioscaí a bhíonn ag na páirtithe i dtrádáil, agus bíonn siad ina gceannaitheoir ag gach díoltóir agus ina dhíoltóir ag gach ceannaitheoir. Ar an gcaoi sin, méadaíonn siad trédhearcacht agus éifeachtúlacht an mhargaidh agus laghdaíonn siad na rioscaí sna margaí airgeadais, go háirithe i gcás díorthach.
Glacadh EMIR tar éis ghéarchéim airgeadais 2008/2009 chun cobhsaíocht airgeadais a chur chun cinn agus chun margaí a dhéanamh níos trédhearcaí, níos caighdeánaithe agus, dá bhrí sin, níos sábháilte. Ceanglaítear le EMIR go dtuairiscítear idirbhearta díorthach chun trédhearcacht an mhargaidh a áirithiú do rialtóirí agus do mhaoirseoirí agus go maolaítear a rioscaí go hiomchuí trí imréiteach lárnach ag CPL nó trí chomhthaobhacht, ar a dtugtar ‘éarlais’, a mhalartú in idirbhearta déthaobhacha. Ó glacadh EMIR, tá méadú suntasach tagtha ar CPLanna agus ar na rioscaí a bhainistíonn siad.
In 2017, d’fhoilsigh an Coimisiún dhá thogra reachtacha lena leasaítear EMIR, agus ghlac na comhreachtóirí an dá thogra sin in 2019. Rinne EMIR REFIT athchalabrú ar chuid de na ceanglais faoi EMIR chun a gcomhréireacht a áirithiú, agus cobhsaíocht airgeadais á háirithiú san am céanna. Ag aithint di na saincheisteanna atá ag teacht chun cinn a bhaineann leis an méadú atá ag teacht ar rioscaí i CPLanna, go háirithe CPLanna tríú tír, rinne EMIR 2.2 athbhreithniú ar an gcreat maoirseachta agus leag sí amach próiseas chun measúnú a dhéanamh ar chineál sistéamach CPLanna tríú tír ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) i gcomhar leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) agus leis na bainc cheannais eisiúna. Comhlánaítear EMIR leis an Rialachán maidir le Téarnamh agus Réiteach CPLanna, a glacadh in 2020, chun ullmhú don chás go mbeidh anás mór airgeadais os comhair CPL de chuid an Aontais, cás nach dócha - cé go mbeadh tionchar ollmhór aige.
Cé go bhfuil creat láidir maidir le himréiteach lárnach bunaithe ag EMIR, tá sé léirithe go bhfuil réimsí áirithe den chreat maoirseachta atá ann faoi láthair róchasta. Cuireann sé sin teorainn le cumas CPLanna an Aontais gnólachtaí a mhealladh laistigh den Aontas agus go hidirnáisiúnta araon. I roinnt mhaith cásanna, tá na nósanna imeachta um fhormheas maoirseachta maidir le seirbhísí agus gníomhaíochtaí imréitigh nua a sheoladh ag CPLanna an Aontais, chomh maith le hathruithe ar a samhlacha riosca, rófhada agus bíonn ualach rómhór ag baint leo. Is ann do na rialacha atá ann faoi láthair chun sábháilteacht agus fóntacht CPLanna an Aontais a áirithiú, ach d’fhéadfaí é sin a dhéanamh ar go leor bealaí agus cuireadh dúshlán na bpróiseas atá ann faoi láthair ró‑mhall agus, uaireanta, tá siad díréireach i bhfianaise an athraithe atá beartaithe. Níor cheart go dtógfadh sé blianta chun táirge nua a fhormheas, agus ní mór athruithe ar shamhlacha riosca a bheith tapa chun cúinsí athraitheacha margaidh agus eacnamaíocha a léiriú. Má chuirtear moill ar fhormheas, méadaítear costais agus laghdaítear tarraingteacht CPLanna an Aontais, agus, dá bhrí sin, laghdaítear tarraingteacht CPLanna an Aontais mar áit chun gnó a dhéanamh. Is é is aidhm don togra na bacainní sin a mhaolú chun CPLanna nua-aimseartha agus iomaíocha a chothú san Aontas ar féidir leo gnó a mhealladh.
Cuireann EMIR creat stuamachta cuimsitheach láidir ar fáil do CPLanna agus neartaítear fóntacht CPLanna an Aontais a thuilleadh leis an Rialachán nua maidir le Téarnamh agus Réiteach CPLanna. Is é is aidhm don togra seo go leanfaidh an tAontas de bheith ag forbairt a éiceachórais imréitigh lárnaigh a bhunú ar neart a chuid rialacha agus maoirseachta. Cuireann CPLanna atá láidir agus sábháilte le muinín an chórais airgeadais agus tacaíonn siad go mór le leachtacht na bpríomhmhargaí. Is réamhchoinníoll é éiceachóras imréitigh atá sábháilte, láidir agus athléimneach chun go dtiocfaidh fás breise air. Ba cheart go gcuirfeadh éiceachóras imréitigh lárnach an Aontais ar chumas ghnólachtaí an Aontais a rioscaí a fhálú go héifeachtúil agus go sábháilte, agus an chobhsaíocht airgeadais i gcoitinne á cosaint san am céanna. Ar an gcaoi sin, tacóidh an t‑imréiteach lárnach le geilleagar an Aontais. Is é is aidhm don togra seo gnólachtaí a chur i riocht níos fearr trí bheith in ann na riachtanais leachtachta a bhaineann le himréiteach lárnach a thuar. Méadóidh éiceachóras imréitigh de chuid an Aontais atá iomaíoch agus éifeachtúil gníomhaíochtaí imréitigh lárnaigh, ach tá rioscaí ag baint le himréiteach lárnach freisin trí idirbhearta a lárú i líon beag CPLanna a bhfuil tábhacht shistéamach leo ó thaobh airgeadais de. Dá bhrí sin, ní mór do CPLanna na rioscaí sin a bhainistiú go hiomchuí agus ní mór leanúint de mhaoirseacht chuimsitheach a dhéanamh ar na CPLanna ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais i gcoitinne araon. Dá bhrí sin, tá sé d’aidhm ag an togra seo maoirseacht láidir agus chomhpháirteach a áirithiú, ag tógáil ar an gcóras maoirseachta atá i bhfeidhm ag an Aontas faoi láthair.
Ina theannta sin, ó 2017 i leith, cuireadh imní in iúl arís agus arís eile faoi na rioscaí leanúnacha do chobhsaíocht airgeadais an Aontais a eascraíonn as ró‑chomhchruinniú imréitigh i roinnt CPLanna tríú tír, go háirithe i gcás struis. Is féidir le teagmhais ardriosca tarlú, teagmhais a bhfuil dóchúlacht íseal ag baint leo fiú amháin, agus ní mór don Aontas a bheith ullamh chun aghaidh a thabhairt orthu. Cé go bhfuil sé cruthaithe go ginearálta go bhfuil CPLanna an Aontais athléimneach, is léir ón taithí a fuarthas gur féidir éiceachóras imréitigh an Aontais a neartú, ar mhaithe leis an gcobhsaíocht airgeadais. Mar sin féin, ciallaíonn neamhspleáchas straitéiseach oscailte freisin nach mór don Aontas é féin a chosaint in aghaidh na rioscaí cobhsaíochta airgeadais a d’fhéadfadh teacht chun cinn nuair a bhíonn rannpháirtithe margaidh an Aontais ag brath an iomarca ar eintitis tríú tír, ós rud é gur féidir leis sin a bheith ina chúis leochaileachta. Dá bhrí sin, is é is aidhm don togra seo an creat coibhéise in EMIR a dhéanamh níos comhréirí agus comhar le maoirseoirí eachtracha a oiriúnú ar bhealach níos fearr agus na rioscaí a bhaineann le CPLanna atá bunaithe i dtríú tíortha á gcur san áireamh — agus gan cur isteach ar an ngá atá ann le rialacha fónta a bheith i bhfeidhm ag tríú tíortha. Moltar freisin go mbeidh an nós imeachta coibhéise níos simplí nuair atá na rioscaí a bhaineann le himréiteach lárnach i dtríú tír an‑íseal. Ina theannta sin, is é is aidhm don togra seo acmhainneacht imréitigh lárnach an Aontais a fhorbairt agus, ar an gcaoi sin, leachtacht CPLanna an Aontais a mhéadú agus é is aidhm dó na rioscaí do chobhsaíocht airgeadais an Aontais a laghdú mar gheall ar neamhchosaintí iomarcacha ar CPLanna tríú tír. Dá bhrí sin, leis an togra seo ceanglaítear ar na rannpháirtithe uile sa mhargadh atá faoi réir oibleagáid imréitigh cuntais ghníomhacha a choinneáil ag CPLanna an Aontais le haghaidh táirgí imréitigh atá sainaitheanta ag ESMA mar tháirgí a bhfuil tábhacht shistéamach shuntasach ag baint leo do chobhsaíocht airgeadais an Aontais.
Comhlánaítear an togra seo le togra le haghaidh Treoir lena dtugtar isteach líon teoranta athruithe ar Threoir 2013/36/AE (an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil nó ‘CRD’), Treoir (AE) 2019/2034 (An Treoir maidir le Gnólachtaí Infheistíochta nó ‘IFD’) agus Treoir 2009/65/AE (an Treoir maidir le Gnóthais Infheistíochta in Urrúis Inaistrithe nó ‘Treoir GCUInna’) a mhéid a bhaineann le láimhseáil riosca comhchruinnithe i leith CPLanna agus an riosca contrapháirtí ar idirbhearta díorthach a imréitítear go lárnach. Tá gá leis na leasuithe sin chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí an athbhreithnithe seo ar EMIR agus chun comhleanúnachas a áirithiú. Ba cheart, dá bhrí sin, an dá thogra a léamh i gcomhar le chéile.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá baint ag an togra seo le beartais eile de chuid an Aontais agus le tionscnaimh eile de chuid an Aontais arb é is aidhm dóibh (i) Aontas na Margaí Caipitil (CMU) a chur chun cinn, (ii) uathriail straitéiseach oscailte an Aontais a threisiú agus (iii) éifeachtúlacht agus éifeachtacht na maoirseachta ar leibhéal an Aontais a fheabhsú.
Ar an gcéad dul síos, gné thábhachtach d’Aontas na Margaí Caipitil is ea an acmhainn imréitigh. Is éard atá i gceist le hAontas na Margaí Caipitil margaí caipitil domhain leachtacha a thógáil a bheidh in ann freastal ar riachtanais shaoránaigh, ghnólachtaí agus institiúidí airgeadais an Aontais. Mar gheall ar ghéarchéim Covid‑19, tá sé níos práinní Aontas na Margaí Caipitil a bhaint amach toisc go bhfuil maoiniú margadhbhunaithe ina chomhpháirt ríthábhachtach do théarnamh gheilleagar na hEorpa agus d’fhonn filleadh ar an bhfás fadtéarmach. Tá socruithe iarthrádála atá sábháilte, láidir agus iomaíoch, go háirithe imréiteach lárnach san Aontas, ríthábhachtach le haghaidh Aontas na Margaí Caipitil a fheidhmíonn go maith. Leis na hathruithe reachtacha atá beartaithe, lena n‑áirítear chun an creat maoirseachta a neartú a thuilleadh, chuideofaí le tírdhreach iarthrádála níos éifeachtúla agus níos sábháilte a fhorbairt san Aontas Eorpach.
Ar an dara dul síos, is réamhchoinníoll d’uathriail straitéiseach oscailte an Aontais iad CPLanna de chuid an Aontais atá iomaíoch, dea-fhorbartha agus athléimneach. Leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le huathriail straitéiseach oscailte conas is féidir leis an Aontas a neamhspleáchas straitéiseach oscailte a threisiú sna réimsí maicreacnamaíocha agus airgeadais, go háirithe trí bhonneagair mhargadh airgeadais an Aontais a fhorbairt a thuilleadh agus trí chur lena n‑athléimneacht. Trí chóras imréitigh lárnach láidir de chuid an Aontais a thógáil ina bhfuil acmhainneacht láidir, laghdaítear na rioscaí a eascraíonn as spleáchas iomarcach ar CPLanna tríú tír agus ar a maoirseoirí.
Ar an tríú dul síos, léirigh na forbairtí a rinneadh le déanaí i margaí fuinnimh, agus roinnt cuideachtaí fuinnimh ag dul i ngleic le saincheisteanna leachtachta agus margaí na ndíorthach á n‑úsáid acu, gur gá EMIR a fheabhsú ionas go leanfar de na rioscaí do chobhsaíocht airgeadais an Aontais a mhaolú i bhfianaise dúshláin nua. Is éard atá i gceist leis sin éiceachóras imréitigh lárnach de chuid an Aontais atá sábháilte, láidir agus iomaíoch a thógáil, éiceachóras a bheidh in ann suaitheadh eacnamaíoch a sheasamh.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Ba cheart breathnú ar an tionscnamh seo i gcomhthéacs chlár oibre níos leithne an Choimisiúin chun margaí an Aontais a dhéanamh níos sábháilte, níos láidre, níos éifeachtúla agus níos iomaíche. Is é is aidhm dó a áirithiú go bhfuil socruithe iarthrádála, go háirithe imréiteach lárnach, atá ina ngné riachtanach de na margaí caipitil, go bhfuil siad chomh sábháilte, daingean, éifeachtúil agus chomh hiomaíoch céanna. Le margadh lánfheidhmiúil comhtháite le haghaidh caipitil beidh geilleagar an Aontais in ann fás ar bhealach inbhuanaithe agus a bheith níos iomaíche, i gcomhréir le tosaíocht straitéiseach an Choimisiúin um Gheilleagar a Fhóireann do Dhaoine, tosaíocht ina ndírítear ar chruthú na ndálaí cearta le haghaidh poist a chruthú, fáis agus infheistíochta.
Níl aon tionchar díreach nó in‑sainaitheanta ag an tionscnamh as a dtiocfaidh dochar suntasach nó a dhéanann difear do chomhsheasmhacht chuspóirí na haeráidneodrachta agus oibleagáidí an Dlí Aeráide Eorpaigh.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
In EMIR leagtar amach an creat rialála agus maoirseachta le haghaidh CPLanna arna mbunú san Aontas agus le CPLanna tríú tír a chuireann seirbhísí imréitigh lárnacha ar fáil do chomhaltaí imréitigh nó d'ionaid trádála arna mbunú san Aontas. Is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí EMIR toisc go mbunaítear leis comhrialacha do dhíorthaigh thar an gcuntar, do chontrapháirtithe lárnacha agus do stórtha trádála chun bearta nó cleachtais náisiúnta éagsúla agus bacainní ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint agus cobhsaíocht airgeadais á háirithiú san am céanna. Ós rud é go moltar sa tionscnamh seo tuilleadh gníomhaíochtaí beartais chun a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí sin, ghlacfaí an togra reachtach gaolmhar faoin mbunús dlí céanna.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Ní féidir leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a sainaithníodh sa mheasúnú tionchair agus iad ag gníomhú ina n‑aonar agus is gá don Aontas gníomhú ina leith. Leasaítear EMIR leis an togra seo, go háirithe chun feabhas a chur ar tharraingteacht CPLanna an Aontais trína gcumas táirgí nua a chur ar an margadh a éascú agus costais chomhlíonta a laghdú agus maoirseacht ar CPLanna an Aontais a neartú ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, mar thoradh ar ghníomhaíocht an Aontais, laghdófaí spleáchas iomarcach an Aontais ar CPLanna tríú tír agus, ar an gcaoi sin, laghdófaí na rioscaí do chobhsaíocht airgeadais an Aontais. Cuireann margadh sábháilte, láidir, éifeachtúil agus iomaíoch le haghaidh seirbhísí imréitigh lárnacha le margaí níos doimhne, níos leachtaí san Aontas agus tá sé bunriachtanach le haghaidh Aontas na Margaí Caipitil a fheidhmíonn go maith.
Ní féidir le Ballstáit agus maoirseoirí náisiúnta réiteach a fháil astu féin ar na rioscaí sistéamacha a bhaineann le CPLanna atá an‑chomhtháite agus idirnasctha a fheidhmíonn ar bhonn trasteorann lasmuigh de raon feidhme dlínsí náisiúnta. Ní féidir leo rioscaí a eascraíonn as cleachtais mhaoirseachta náisiúnta éagsúla a mhaolú ach oiread. Ní féidir leis na Ballstáit, astu féin, feabhas a chur ar tharraingteacht CPLanna an Aontais agus aghaidh a thabhairt ar neamhéifeachtúlachtaí an chreata le haghaidh comhar idir maoirseoirí náisiúnta agus údaráis an Aontais. Mar sin, an aidhm atá ag EMIR sábháilteacht, láidreacht, éifeachtúlacht agus iomaíochas CPLanna an Aontais sa mhargadh aonair a mhéadú agus cobhsaíocht airgeadais a áirithiú, ní féidir leis na Ballstáit é a bhaint amach go leordhóthanach faoi mar a d’aithin na comhreachtóirí in 2012 nuair a ghlac siad EMIR (agus in 2019 nuair a ghlac siad EMIR REFIT agus EMIR 2.2). Dá bhrí sin, de bharr fhairsinge na ngníomhaíochtaí, is fearr is féidir na cuspóirí sin a bhaint amach ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
•Comhréireacht
Is é is aidhm don togra seo a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí EMIR ar dhóigh comhréireach, éifeachtach agus éifeachtúil. I bhfianaise chineál an togra seo, tá comhbhabhtáil ríthábhachtach ann idir éifeachtacht na mbeart chun imréiteach a mhéadú ag CPLanna an Aontais agus an tionchar costais ar rannpháirtithe imréitigh. Déanfar an comhbhabhtáil seo a mheas i gcalabrú agus i ndearadh na mbeart féin, ionas go mbeidh na costais comhréireach. Déantar athbhreithniú sa togra freisin ar na socruithe maoirseachta do CPLanna an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá rompu mar gheall ar phróisis údarúcháin neamhéifeachtúla. Ina theannta sin, tá sé d’aidhm ag athruithe ar an struchtúr maoirseachta léiriú a thabhairt ar an ngá atá le comhar méadaithe idir na húdaráis san Aontas mar gheall ar thábhacht mhéadaitheach CPLanna an Aontais agus freagrachtaí fioscacha údaráis an Bhallstáit bhunaíochta á gcaomhnú san am céanna. Ina theannta sin, maidir le ceanglas cuntas gníomhach a thabhairt isteach, faireachán a bhunú ar leibhéal an Aontais maidir le neamhchosaintí iomarcacha gnólachtaí de chuid an Aontais a aistriú ó CPLanna tríú tír a bhfuil tábhacht shistéamach leo (‘CPLanna Leibhéal 2’) chuig CPLanna an Aontais agus maidir leis an nós imeachta formheasa/neamhagóide ex post maidir le hathruithe áirithe ar shamhlacha riosca CPLanna agus maidir le síneadh a chur leis na seirbhísí a chuireann siad ar fáil, cuirtear san áireamh na hábhair imní a luaigh na páirtithe leasmhara, ESMA san áireamh, agus cuspóirí EMIR á gcosaint san am céanna. Ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach, i bhfianaise an ghá atá le faireachán a dhéanamh ar oibríochtaí CPLanna, lena n‑áirítear CPLanna tríú tír, agus leis na rioscaí sin a mhaolú, i bhfianaise an ghá atá ann faireachán a dhéanamh ar aon rioscaí a d’fhéadfadh oibríochtaí CPLanna, lena n‑áirítear CPLanna tríú tír, a mhéadú don chobhsaíocht airgeadais agus na rioscaí sin a mhaolú. Déantar comhréireacht na roghanna beartais tosaíochta a mheasúnú a thuilleadh i gCaibidilí 7 agus 8 den Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis seo.
•An rogha ionstraime
Rialachán is ea EMIR agus, dá bhrí sin, is gá é a leasú le hionstraim dlí den chineál céanna.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Chuaigh seirbhísí an Choimisiúin i gcomhairle go forleathan le réimse leathan páirtithe leasmhara, lena n‑áirítear comhlachtaí de chuid an Aontais (BCE, an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS), na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha (ÚMEnna), na Ballstáit, comhaltaí de Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta Pharlaimint na hEorpa, earnáil na seirbhísí airgeadais (bainc, cistí pinsin, cistí infheistíochta, cuideachtaí árachais, etc.) chomh maith le corparáidí neamhairgeadais chun meastóireacht a dhéanamh ar cé acu a áirithíonn nó nach n‑áirithíonn EMIR cobhsaíocht airgeadais an Aontais go leordhóthanach. Léiríodh leis an bpróiseas sin go bhfuil rioscaí leanúnacha ann do chobhsaíocht airgeadais an Aontais mar gheall ar an ró‑chomhchruinniú imréitigh i líon beag CPLanna tríú tír. Tá na rioscaí sin ábhartha go háirithe i gcás struis.
Mar sin féin, ós rud é gur tháinig EMIR 2.2 i bhfeidhm le déanaí agus nach bhfuil feidhm ag roinnt ceanglas go fóill, níor mheas seirbhísí an Choimisiúin gurbh iomchuí meastóireacht iomlán chomhuaineach ar an gcreat iomlán a ullmhú. Ina ionad sin, sainaithníodh príomhréimsí roimh ré bunaithe ar ionchur ó pháirtithe leasmhara agus ar anailís inmheánach (Míniú mionsonraithe i Roinn 3 den Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis seo ar shainmhíniú na faidhbe neamhéifeachtúlachtaí agus neamhéifeachtacht na rialacha reatha).
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le páirtithe leasmhara i rith an phróisis ina ndearnadh an togra seo a ullmhú. Go háirithe tríd an méid seo a leanas:
·comhairliúchán spriocdhírithe ón gCoimisiún idir an 8 Feabhra agus an 22 Márta 2022. Cinneadh gur cheart an comhairliúchán a dhíriú agus go raibh na ceisteanna dírithe ar réimse an‑sonrach agus an‑teicniúil. D’fhreagair 71 pháirtí leasmhar an comhairliúchán spriocdhírithe tríd an bhfoirm ar líne agus cuireadh roinnt freagraí rúnda isteach trí ríomhphost freisin.
·glao ar Fhianaise ón gCoimisiún idir an 8 Feabhra agus an 8 Márta 2022.
·comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara tríd an Meitheal maidir leis na deiseanna agus na dúshláin a bhaineann le díorthaigh a aistriú ón Ríocht Aontaithe chuig an Aontas Eorpach, sa chéad leath de 2021 lena n‑áirítear roinnt cruinnithe for-rochtana le páirtithe leasmhara i mí Feabhra, mí an Mhárta agus mí an Mheithimh 2021.
·cruinniú le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine chomh maith le cruinnithe déthaobhacha ina dhiaidh sin.
·cruinniú le saineolaithe na mBallstát an 30 Márta 2022, an 16 Meitheamh 2022 agus an 8 Samhain 2022.
·cruinnithe an Choiste um Sheirbhísí Airgeadais an 2 Feabhra agus an 16 Márta 2022.
·cruinnithe an Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais an 18 Feabhra agus an 29 Márta 2022.
·cruinnithe déthaobhacha le páirtithe leasmhara chomh maith le faisnéis rúnda a fuarthas ó réimse leathan páirtithe leasmhara.
Ba iad seo a leanas príomhtheachtaireachtaí an phróisis chomhairligh sin:
·Léiríodh leis an obair a tosaíodh in 2021 go dtógfaidh sé tamall chun feabhas a chur ar tharraingteacht an imréitigh, forbairt bhonneagair an Aontais a spreagadh agus na socruithe maoirseachta san Aontas a neartú.
·Sainaithníodh bearta éagsúla a d’fhéadfadh cabhrú le feabhas a chur ar tharraingteacht CPLanna an Aontais agus gníomhaíochtaí imréitigh chomh maith lena áirithiú go ndéanfar na rioscaí a bhaineann leo a bhainistiú agus a mhaoirsiú mar is iomchuí.
·Ní hamháin go bhfuil na bearta sin a sainaithníodh laistigh de shainchúram an Choimisiúin agus na gcomhreachtóirí, ach d’fhéadfadh sé go gceanglaofaí leo freisin gníomhaíochtaí ó BCE, ó bhainc cheannais náisiúnta, ó ÚMEanna, ó údaráis mhaoirseachta náisiúnta, ó CPLanna agus ó bhainc.
·Léiríodh sa chomhairliúchán gur fearrle rannpháirtithe sa mhargadh ar bhonn ginearálta cur chuige atá faoi thionchar an mhargaidh i leith bearta rialála, chun costais a íoslaghdú agus chun go leanfadh rannpháirtithe margaidh an Aontais de bheith iomaíoch go hidirnáisiúnta. Mar sin féin, tacaíodh le bearta rialála go pointe áirithe, go háirithe nuair a bhíothas in ann próiseas formheasa níos tapúla a chur ar fáil do tháirgí agus seirbhísí nua CPLanna.
·Seo a leanas na bearta a measadh a bheith úsáideach chun feabhas a chur ar tharraingteacht CPLanna an Aontais: cuntas gníomhach a choinneáil le CPL de chuid an Aontais, bearta chun seirbhísí a leathnú ag CPLanna an Aontais, raon feidhme na rannpháirtithe imréitigh a leathnú, rialacha maidir le cuntasaíocht fálaithe a leasú agus feabhas a chur ar na coinníollacha maidir le cistiú agus le leachtacht a bhainistiú do CPLanna an Aontais.
Cuirtear an t‑aiseolas seo ó pháirtithe leasmhara san áireamh sa togra, chomh maith leis an aiseolas a fhaightear trí chruinnithe le raon leathan pairtithe leasmhara, údaráis agus institiúidí an Aontais Eorpaigh. Tugtar isteach léi leasuithe spriocdhírithe ar EMIR lena ndírítear ar an méid seo a leanas:
·Tarraingteacht CPLanna an Aontais a fheabhsú trí shimpliú a dhéanamh ar na nósanna imeachta chun táirgí a sheoladh agus samhlacha agus paraiméadair a athrú agus trí neamhagóid/formheas ex-post/athbhreithniú le haghaidh athruithe áirithe a thabhairt isteach. Cuireann sé sin ar chumas CPLanna an Aontais táirgí nua a thabhairt isteach agus athruithe a dhéanamh níos tapa agus a áirithiú go seasfar le breithnithe riosca leordhóthanacha agus gan cobhsaíocht airgeadais a chur i mbaol agus, dá bhrí sin, CPLanna an Aontais a dhéanamh níos iomaíche.
·Trí imréiteach lárnach a spreagadh san Aontas Eorpach chun cobhsaíocht airgeadais a chosaint trína cheangal ar chomhaltaí imréitigh agus ar chliaint cuntas gníomhach a bheith acu, go díreach nó go hindíreach, in CPLanna an Aontais, agus trí imréiteach a éascú do chliaint, cuideofar le neamhchosaintí CPLanna tríú tír ar Leibhéal 2 a laghdú, CPLanna atá ina riosca do chobhsaíocht airgeadais an Aontais.
·Feabhas a chur ar mheasúnú agus ar bhainistiú riosca trasteorann trína áirithiú go bhfuil cumhachtaí agus faisnéis leordhóthanach ag na húdaráis san Aontas chun faireachán a dhéanamh ar rioscaí i ndáil le CPLanna an Aontais agus tríú tír araon, lena n‑áirítear trína gcomhar maoirseachta laistigh den Aontas a fheabhsú.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Agus an togra seo á ullmhú, bhí an Coimisiún ag brath ar an saineolas seachtrach agus ar na sonraí seo a leanas:
·Tuarascáil ESMA faoi Airteagal 25(2c) de EMIR a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin i mí na Nollag 2021; cuireadh san áireamh sa tuarascáil freisin freagraí ar shuirbhéanna ESMA agus ar chleachtaí bailithe sonraí ó chontrapháirtithe lárnacha agus ó rannpháirtithe imréitigh;
·Freagairt BERS ar chomhairliúchán ESMA faoi Airteagal 25 (2c) EMIR, arna eisiúint i mí na Nollag 2021;
·AnBanc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta;
·CEPS, 2021, “Setting EU CCP policy – much more than meets the eye”[“Beartas CPL AE a leagan síos - ní mar a shíltear a bítear”]; agus
·Bunachar sonraí ClarusFT.
Comhlánaíodh an t‑ionchur sin ag amanna éagsúla le hionchur rúnda, cainníochtúil agus cáilíochtúil ó rannpháirtithe sna margaí airgeadais.
•Measúnú tionchair
Rinne an Coimisiún measúnú tionchair ar na roghanna beartais ábhartha. Aithníodh roghanna beartais bunaithe ar na ceithre spreagadh seo a leanas: (i) nósanna imeachta casta fada troma, (ii) rannpháirtíocht theoranta i CPLanna an Aontais agus díriú ar CPLanna atá ann faoi láthair, (iii) idirnascthacht chóras airgeadais an Aontais, (iv) creat neamhéifeachtúil don chomhar maoirseachta. Rinneadh measúnú ar na roghanna beartais i bhfianaise na gcuspóirí sonracha a bhaineann le tarraingteacht CPLanna an Aontais a fheabhsú, imréiteach a spreagadh i CPLanna an Aontais agus feabhas a chur ar mheasúnú agus ar bhainistiú rioscaí trasteorann.
Thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach mar aon le barúlacha i leith an Mheasúnaithe Tionchair an 14 Meán Fómhair 2022 inar ndearnadh na príomh‑mholtaí seo a leanas maidir le feabhsuithe:
·mínigh cén chuma a bheadh ar an rath agus conas a dhéanfar faireachán éifeachtach air;
·raon na roghanna a mheastar a bheith níos cuimsithí a dhéanamh;
·an réasúnaíocht agus an dearadh atá beartaithe a thabhairt do na príomhbhearta nach mór dul i ngleic leo trí rialachán cur chun feidhme agus na critéir agus na paraiméadair a bheidh ina mbonn lena bhforbairt a shoiléiriú.
Cuireadh na soiléirithe a iarradh isteach sna ranna ábhartha den Mheasúnú Tionchair.
Bunaithe ar mheasúnú agus ar chomparáid na roghanna beartais uile, thángthas ar an gconclúid sa Mheasúnú Tionchair ar na roghanna beartais tosaíochta seo a leanas:
·Bearta chun tarraingteacht CPLanna an Aontais a fheabhsú: aithníodh gurb é an rogha thosaíochta meascán de bhearta lena simplítear na nósanna imeachta chun táirgí a sheoladh agus samhlacha a athrú chomh maith le nós imeachta formheasa/neamhagóide ex-post a thabhairt isteach le haghaidh athruithe áirithe. Shimpleodh na bearta sin na nósanna imeachta atá ann faoi láthair agus dhéanfaí cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú san am céanna. Rinneadh measúnú freisin mar roghanna ar leith ar shimpliú na nósanna imeachta maidir le táirgí a sheoladh agus samhlacha a athrú chomh maith le formheas/athbhreithniú ex-post/neamhagóide a thabhairt isteach le haghaidh athruithe áirithe. Mar sin féin, ós rud é nach gcomhlíonfadh siad na cuspóirí ina n‑aonar ach go páirteach, measadh gurbh iomchuí meascán den dá rogha a bheith ann chun na cuspóirí a leagtar amach a bhaint amach.
·Bearta chun imréiteach lárnach a spreagadh san Aontas chun cobhsaíocht airgeadais a chosaint: measadh gurbh iomchuí roghanna éagsúla a chur le chéile chun na cuspóirí a bhaint amach, lena n‑áireofaí na gnéithe seo a leanas: i) ceangal a chur ar chomhaltaí imréitigh agus ar chliaint cuntas gníomhach a bheith acu ag CPLanna an Aontais; ii) comhlíonadh na gceanglas nua maidir le gníomhaíochtaí imréitigh a áirithiú; iii) eintitis phoiblí a imréitíonn go deonach trí chontrapháirtí lárnach a spreagadh chun é sin a dhéanamh san Aontas trí Theachtaireacht; agus iv) imréiteach lárnach a éascú. Dá ndéanfaí na roghanna sin a chomhcheangal, d’fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar spleáchas iomarcach ar CPLanna ar Leibhéal 2, imréiteach lárnach a mhéadú san Aontas agus bacainní ar imréiteach lárnach a bhaint. D’fhéadfadh gníomhartha ar leibhéal 2 lena leagtar amach na gnéithe sonracha a bheith i gceist le cuid de na bearta sin. Rinneadh measúnú ar leithligh ar na roghanna beartais freisin ach measadh gurbh éifeachtaí meascán de na roghanna chun na cuspóirí a bhaint amach.
·Bearta chun feabhas a chur ar mheasúnú agus ar bhainistiú rioscaí trasteorann: measadh go raibh leasuithe spriocdhírithe ar an gcreat maoirseachta atá ann faoi láthair an‑oiriúnach agus comhréireach toisc go mbaineann siad an chothromaíocht cheart amach idir na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach: (i) an creat a neartú chun breithniú láidir a dhéanamh ar rioscaí trasteorann, (ii) cobhsaíocht airgeadais an Aontais a fheabhsú, agus (iii) tarraingteacht CPLanna an Aontais a fheabhsú, agus san am céanna a aithint go ndéantar cinntí réitigh a mbíonn tionchar acu ar CPLanna, ar chomhaltaí imréitigh agus ar chliaint ar an leibhéal náisiúnta agus gurb iad na Ballstáit, ar deireadh thiar, atá freagrach as tacaíocht airgeadais a thabhairt do CPLanna atá údaraithe ina ndlínse.
·Beidh tionchar dearfach ag an bpacáiste foriomlán roghanna ar an timpeallacht iarthrádála san Aontas trí fheabhas a chur ar tharraingteacht CPLanna an Aontais, trí imréiteach lárnach a spreagadh san Aontas, feabhas a chur ar mheasúnú agus ar bhainistiú riosca trasteorann agus, ar an gcaoi sin, cur le hiomaíochas mhargaí airgeadais an Aontais chomh maith le cobhsaíocht airgeadais an Aontais.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Is é is aidhm don tionscnamh tarraingteacht CPLanna an Aontais a fheabhsú, spleáchas iomarcach rannpháirtithe margaidh an Aontais ar CPLanna nach den Aontas iad a laghdú, cobhsaíocht airgeadais an Aontais a chosaint agus uathriail straitéiseach oscailte an Aontais a fheabhsú. Dá réir sin, níl sé d’aidhm aige costais a laghdú ann féin. Mar sin féin, mar thoradh ar an rogha beartais tosaíochta chun cur le tarraingteacht CPLanna an Aontais, déanfar simpliú ar na nósanna imeachta do CPLanna an Aontais, rud a laghdóidh an t‑ualach riaracháin agus a dhéanfaidh a n‑oibríochtaí níos éifeachtúla, rud a fhágfaidh go laghdófar costais freisin. Rinneadh meastachán ar ghar-raon na gcoigilteas costais sin bunaithe ar idirghníomhaíochtaí le páirtithe leasmhara agus ar thoimhdí éagsúla a raibh gá leo chun na héifeachtaí ar an Aontas ar fad a eachtarshuí. Is de chineál riaracháin an choigilt costais sin agus dá bhrí sin áirítear é faoin gcur chuige “ceann amháin isteach, ceann amháin amach” mar “cheann amach” sa réimse thart ar EUR 5 mhilliún go EUR 15 mhilliún (iomlán an Aontais). Is dócha go mbeidh sé sin comhchruinnithe i líon beag CPLanna de chuid an Aontais (toisc gur beag CPL de chuid an Aontais a d’fhéadfadh táirgí nua a chur ar an margadh in aon bhliain ar leith) agus is dócha go mbeidh tairbhe ag baint leis ó thaobh a tharraingtí atá siad. A mhéid a bhaineann leis na costais bhreise a d’fhéadfadh a bheith ábhartha do “ceann amháin isteach, ceann amháin amach”, i.e. páipéarachas an‑teoranta a bhaineann le cuntas a oscailt le CPL, is beag costas riaracháin atá i gceist (le haghaidh tuilleadh sonraí, féach Iarscríbhinn 3 den Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis seo)
A mhéid a bhaineann leis an gceanglas maidir le cuntas gníomhach, bunaithe ar mheastacháin sheirbhísí an Choimisiúin ar bhonn faisnéise rúnda, tá cuntas cheana féin ag thart ar 60 % de chliaint an Aontais de chomhaltaí imréitigh an Aontais chun babhtálacha rátaí úis a imréiteach ag CPL AE, agus tá thart ar 85 % acu i gcás babhtálacha mainneachtana creidmheasa. Dá bhrí sin, ní bheadh costas breise i gceist le haghaidh na gcliant sin a d’oscail cuntas ag CPL de chuid an Aontais le haghaidh na gcineálacha táirgí sin. Ina theannta sin, d’fhéadfadh aon chostas a bheith ag brath ar an CPL a mbeidh siad rannpháirteach ann: de réir na faisnéise rúnda a chuirtear ar fáil do sheirbhísí an Choimisiúin, i roinnt CPLanna de chuid an Aontais, mar shampla, faoi choinníollacha áirithe, níl costais ag baint le cuntas ann féin. Déanfar an ceanglas maidir le cuntas gníomhach a shonrú a thuilleadh in RTS a bheidh le hullmhú ag ESMA, a bheidh faoi réir comhairliúchán poiblí agus anailís costais is tairbhe.
•Cearta bunúsacha
Tá an tAontas tiomanta d’ardchaighdeáin i dtaca le cosaint na gceart bunúsach agus tá raon leathan coinbhinsiún maidir le cearta an duine sínithe aige. Sa chomhthéacs seo, an togra ar na cearta sin, go háirithe na cearta eacnamaíocha, a liostaítear i bpríomhchoinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine, sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, atá ina dhlúthchuid de Chonarthaí an Aontais, agus sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní bheidh aon impleacht ag an togra ar bhuiséad an Aontais.
Ní bheidh aon tionchar ag an tionscnamh reachtach seo ar chaiteachas ar ESMA ná ar chomhlachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh.
Níor sainaithníodh sa mheasúnú tionchair ach costais mheasartha bhreise do ESMA, agus san am céanna cruthaíonn na bearta atá beartaithe éifeachtúlachtaí a mbeidh laghduithe costais mar thoradh orthu. Ina theannta sin, déantar ról ESMA a shoiléiriú agus a athchalabrú i roinnt forálacha ach ní cúraimí nua iad agus, dá bhrí sin, measfar iad a bheith neodrach ó thaobh an bhuiséid de.
Baineann na costais a sainaithníodh le bunachar sonraí lárnach nua a bhunú agus a oibriú, i.e. uirlis TF chun doiciméid mhaoirseachta a chur isteach. Mar sin féin, cé go bhféadfadh sé go dtabhódh ESMA costais níos airde a bhaineann le huirlis TF nua den sórt sin a fhorbairt nó a roghnú chomh maith lena hoibriú, cruthóidh an uirlis TF sin éifeachtúlachtaí freisin agus bainfidh ESMA tairbhe as na héifeachtúlachtaí sin. Baineann na héifeachtúlachtaí sin le níos lú oibre láimhe maidir le doiciméid a réiteach agus a chomhroinnt, leis na bearta leantacha maidir le spriocdhátaí agus ceisteanna chomh maith le comhordú leis na húdaráis inniúla náisiúnta (ÚINanna), leis an gcoláiste agus leis an gCoiste Maoirseachta do CPLanna. Is dócha gur mó na sochair sin ná na costais a thabhaítear.
Ina theannta sin, d’fhéadfadh obair tosaigh bhreise (maorlathas) a bhaineann le modhnú uirlisí agus nósanna imeachta, chomh maith le comhar feabhsaithe, costais a mhéadú ar dtús, ach is dócha go laghdófar iad sin, nó go bhfanfaidh siad cobhsaí, le himeacht ama. Go háirithe, beidh sé de cheangal ar ESMA caighdeáin theicniúla rialála/cur chun feidhme (RTS/ITS) a dhréachtú maidir le formáid agus inneachar na ndoiciméad a cheanglaítear ar chontrapháirtithe lárnacha a chur faoi bhráid na n‑údarás maoirseachta agus iarratas á chur isteach acu, maidir le caighdeáin chun gníomhaíochtaí imréitigh agus neamhchosaint a thuairisciú ar chontrapháirtithe neamh‑AE agus maidir le sonrú an cheanglais atá ar chomhaltaí imréitigh agus ar chliaint cuntas gníomhach a bheith acu i CPL de chuid an Aontais, chomh maith le roinnt tuarascálacha, lena n‑áirítear an tuarascáil bhliantúil ar thorthaí a ngníomhaíochtaí faireacháin agus a ngníomhaíochtaí trasteorann agus an tuarascáil leathbhliantúil ar ghníomhaíochtaí imréitigh contrapháirtithe neamhairgeadais. Agus na gníomhaíochtaí sin á ndéanamh aige, féadfaidh ESMA cur le próisis agus nósanna imeachta inmheánacha atá ann cheana, agus féadfaidh sé, i gcás inarb ábhartha, na nósanna imeachta sin a thiontú ina RTSanna/CCInna. Agus an ceanglas maidir le roinnt ionstraimí a sainaithníodh cheana á shainiú, agus faireachán leanúnach á dhéanamh orthu, is féidir le ESMA an obair a rinne sé faoi Airteagal 25(2c) de EMIR a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh aige ar na seirbhísí imréitigh CPLanna Leibhéal 2 a bhfuil tábhacht shistéamach shuntasach leo don Aontas nó do cheann amháin nó níos mó dá Bhallstáit agus d’fhéadfadh sé, dá bhrí sin, nach mbeadh ach roinnt acmhainní breise an‑teoranta ag teastáil uathu.
Catagóir eile atá le cur san áireamh san anailís chostais is ea nósanna imeachta agus uirlisí a mhodhnú ar an gcreat nua um chomhar maoirseachta. Is gnéithe nua den chreat maoirseachta iad an comhar i gcomhfhoirne maoirseachta agus sásra comhpháirteach faireacháin a bhunú ar leibhéal an Aontais. Mar sin féin, is uirlisí iad den chuid is mó chun feabhas a chur ar an gcomhar idir na húdaráis agus chun cúraimí a chumhdach atá á ndéanamh cheana féin, i ngach cuid bhunriachtanach, ag na húdaráis, cé is moite d’fhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na gceanglas a leagtar amach le haghaidh cuntais ghníomhacha ag CPLanna an Aontais, amhail táillí ar rochtain a ghearrann CPLanna ar chliaint le haghaidh cuntais ghníomhacha. Is dócha go mbeidh atheagrú acmhainní de dhíth ar na struchtúir nua seo agus d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le cruinnithe breise ach ní bheidh impleachtaí móra buiséadacha ag gabháil leo. Thairis sin, baineann tairbhí freisin leis an bpróiseas maoirseachta athchalabraithe, go háirithe freagrachtaí níos soiléire, lena seachnaítear obair dhúblach nach bhfuil gá léi agus obair níos lú mar gheall ar nósanna imeachta neamhagóide a thabhairt isteach lena gcuirtear ar chumas ESMA agus ÚINanna díriú ar ghnéithe ábhartha na maoirseachta i ndáil le síneadh a chur le seirbhísí imréitigh lárnacha agus athruithe a dhéanamh ar shamhlacha riosca CPLanna.
An t‑athrú atá beartaithe lena soiléirítear gur féidir le ESMA aitheantas CPLanna tríú tír a dhiúltaíonn táillí a íoc le ESMA a tharraingt siar, beidh sé dearfach ó thaobh costas de. Ar an gcaoi sin, ní bheidh ar ESMA méid suntasach oibre a infheistiú gan luach saothair a fháil as.
Ina theannta sin, tugtar forálacha breise isteach lena soiléirítear agus lena n‑athchalabraítear ról ESMA agus, dá bhrí sin, measfar iad a bheith neodrach ó thaobh an bhuiséid de. Mar shampla, tá sé d’oibleagáid ar ESMA cheana féin tuairimí a eisiúint sula nglacfaidh ÚINanna cinntí áirithe, ach déantar inneachar na dtuairimí sin a athchalabrú chun leibhéal níos airde éifeachtúlachta a áirithiú sa phróiseas maoirseachta agus tugtar deis fhoirmiúil do ESMA tuairim a eisiúint maidir le hathbhreithniú agus meastóireacht bhliantúil CPLanna agus maidir lena gceanglais údarúcháin agus éarlaise a tharraingt siar. Ina theannta sin, tá ESMA le ról soiléir a ghlacadh i gcomhordú agus i soláthar moltaí i gcásanna éigeandála. Is cúraimí iad sin a bhaineann, ar gach gné ábhartha, leis an obair atá ar siúl acu cheana féin agus leis na forálacha soiléirítear seasamh ESMA agus, dá bhrí sin, neartaíonn siad é, agus cuireann siad freagrachtaí soiléire ar fáil.
Cé go dtugtar isteach athruithe níos lú ar ról chomhlachtaí eile an Aontais Eorpaigh, amhail an Coimisiún Eorpach nó an Banc Ceannais Eorpach, ní bheidh impleachtaí buiséadacha acu.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Is é is aidhm do na bearta tarraingteacht CPLanna an Aontais a fheabhsú agus feabhas a chur ar an maoirseacht ar rioscaí trasteorann san Aontas. Mar sin, déantar roinnt athruithe ar EMIR a mheas agus, i gcásanna áirithe, leasuithe ar phíosaí eile de reachtaíocht an Aontais. Áirithítear leis an togra gur féidir le comhlachtaí ábhartha an Aontais rochtain a fháil ar an bhfaisnéis ábhartha, gan costais mhíchuí a chruthú san am céanna. Tá foráil sa togra gur cheart meastóireacht a dhéanamh ar EMIR ina iomláine, agus béim á leagan ar a éifeachtacht agus a éifeachtúlacht maidir lena chuid aidhmeanna bunaidh a bhaint amach (i.e. éifeachtúlacht agus sábháilteacht mhargaí imréitigh an Aontais a fheabhsú agus cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú). Ba cheart gach gné de EMIR a chur san áireamh sa mheastóireacht, ach go háirithe mealltacht CPLanna an Aontais a fheabhsú. I bprionsabal, ba cheart an mheastóireacht sin a dhéanamh 5 bliana ar a laghad tar éis don Rialachán ionchur a bhailiú ó na páirtithe leasmhara ábhartha go léir.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
1.Idirbhearta laistigh de ghrúpa
Déanann EMIR foráil maidir le creat lena ndéantar idirbhearta laistigh de ghrúpa (ar bhonn intíre agus trasteorann) a dhíolmhú ón oibleagáid imréitigh faoi Airteagal 4 agus ó na ceanglais éarlaise faoi Airteagal 11 den Rialachán sin. Chun tuilleadh deimhneachta dlíthiúla agus intuarthachta a sholáthar maidir leis an gcreat le haghaidh cinntí laistigh de ghrúpa, cuirtear liosta dlínsí nach féidir díolúine a dheonú ina leith in ionad an ghá le cinneadh coibhéise. Ba cheart, dá bhrí sin, Airteagal 3 a leasú chun liosta tríú tíortha nár cheart díolúine a dheonú ina leith a chur in ionad an ghá atá le cinneadh coibhéise agus ba cheart Airteagal 13 a scriosadh. Na tíortha sin a liostaítear mar thríú tír ardriosca a bhfuil easnaimh straitéiseacha aici ina córas maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, ba cheart gurb iad sin na tríú tíortha i gceist, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus na tíortha sin a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le liosta an Aontais de dhlínsí neamh‑chomhoibríocha chun críocha cánach. Tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na tríú tíortha nach bhféadfaidh a n‑eintitis tairbhe a bhaint as na díolúintí sin a shainaithint in ainneoin nár sainaithníodh iad ar na liostaí sin, ós rud é nach gá gur eintiteas ó thríú tír a shainaithnítear ar na liostaí sin an t‑aon toisc ar féidir leis tionchar a imirt ar riosca, lena n‑áirítear riosca contrapháirtí nó riosca dlíthiúil, a bhaineann le conarthaí díorthach.
2.Oibleagáid imréitigh
Leasaítear Airteagal 4 chun díolúine ón oibleagáid imréitigh a thabhairt isteach i gcás ina ndéanann contrapháirtí airgeadais de chuid an Aontais nó contrapháirtí neamhairgeadais, faoi réir na hoibleagáide imréitigh faoi EMIR, idirbheart le socrú scéime pinsean atá bunaithe i dtríú tír agus atá díolmhaithe ón oibleagáid imréitigh faoina dhlí náisiúnta.
3.Oibleagáid imréitigh do chontrapháirtithe airgeadais
Leasaítear Airteagal 4a agus mar thoradh air sin, agus an suíomh i dtreo na dtairseach faoi Airteagal 4a de EMIR á ríomh, níor cheart a áireamh sa ríomh sin ach na conarthaí díorthach sin nach bhfuil imréitithe ag CPL a údaraítear faoi Airteagal 14 nó a aithnítear faoi Airteagal 25 den Rialachán sin.
4.Cuntas gníomhach
Tugtar Airteagal 7a nua isteach chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le neamhchosaintí iomarcacha chomhaltaí imréitigh an Aontais agus cliant ar CPLanna tríú tír a chuireann seirbhísí imréitigh ar fáil atá sainaitheanta ag ESMA mar sheirbhísí imréitigh a bhfuil tábhacht shistéamach shuntasach ag baint leo, agus ar an gcaoi sin sláine agus cobhsaíocht chóras airgeadais an Aontais a áirithiú. Ceanglaítear leis an airteagal seo ar chontrapháirtithe airgeadais agus ar chontrapháirtithe neamhairgeadais atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh cuntais ghníomhacha a choinneáil, go díreach nó go hindíreach, ag CPLanna atá bunaithe san Aontas, cuid áirithe ar a laghad de na seirbhísí a shainaithnítear mar sheirbhísí a bhfuil tábhacht shuntasach shistéamach ag baint leo a imréiteach ag CPLanna an Aontais, agus tuairisciú air sin. Ba cheart go dtiocfadh laghdú ar neamhchosaintí iomarcacha ar sheirbhísí imréitigh sistéamacha a chuireann na CPLanna ábhartha ar Leibhéal 2 ar fáil mar thoradh ar an gceanglas sin, a mhéid is gá chun an chobhsaíocht airgeadais a chosaint. Bunóidh ESMA, i gcomhar le ÚBE, ÚEÁPC agus BERS agus tar éis dó dul i gcomhairle le CEBC, mionsonraí chalabrú na gníomhaíochta atá le coinneáil sna cuntais ghníomhacha sin agus ceanglais tuairiscithe na n‑idirbheart a imréitítear ag cuntais ghníomhacha den sórt sin. Tugtar de chumhacht don Choimisiún, i gcás ina ndéanann ESMA measúnú de bhun Airteagal 25(2c), gníomh tarmligthe a ghlacadh chun leasú a dhéanamh ar liosta na gcatagóirí conarthaí díorthach atá faoi réir an cheanglais maidir le cuntas gníomhach trí chatagóirí a chur leis an liosta sin nó a bhaint de.
5.Faisnéis faoi sheirbhísí imréitigh
Tugtar isteach Airteagal 7b nua chun ceangal a chur ar chomhaltaí imréitigh agus ar chliaint a chuireann seirbhísí imréitigh ar fáil, a gcliaint a chur ar an eolas faoin bhféidearthacht conradh ábhartha a imréiteach ag CPL de chuid an Aontais.
Tugtar isteach le hAirteagal 7b freisin oibleagáid ar chomhaltaí imréitigh an Aontais agus ar chliaint an Aontais raon feidhme an imréitigh a dhéantar ag CPLanna neamh‑AE a thuairisciú dá n‑údarás inniúil. Chun a áirithiú go sonrófar an fhaisnéis atá le cur isteach agus go gcuirfear ar fáil ar bhealach comhchuibhithe í, ceanglaítear ar ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme a fhorbairt ina sonrófar an fhaisnéis is gá.
6.Oibleagáid tuairiscithe
Leasaítear Airteagal 9 chun deireadh a chur leis an díolúine ó cheanglais tuairiscithe d’idirbhearta idir contrapháirtithe laistigh de ghrúpa, i gcás inar contrapháirtí neamhairgeadais ceann amháin ar a laghad de na contrapháirtithe, chun infheictheacht ar idirbhearta laistigh de ghrúpa a áirithiú.
7.Oibleagáid imréitigh do chontrapháirtithe neamhairgeadais
Leasaítear Airteagal 10 lena cheangal ar ESMA athbhreithniú agus soiléiriú a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, ar na caighdeáin theicniúla rialála a bhaineann leis na critéir chun conarthaí díorthach thar an gcuntar a bhunú ar féidir iad a thomhas go hoibiachtúil mar chonarthaí a laghdaíonn rioscaí, an díolúine fálaithe mar a thugtar orthu, agus ainmniú tairseacha chun na rioscaí agus na saintréithe i ndíorthaigh a léiriú go cuí agus go cruinn, agus chun a mheas an iad na haicmí díorthach thar an gcuntar, is é sin le rá ráta úis, malairt eachtrach, creidmheas agus díorthaigh chothromais, na haicmí ábhartha fós. Moltar do ESMA tuilleadh gráinneachta a mheas agus a sholáthar, i measc nithe eile, do dhíorthaigh tráchtearraí.
Leasaítear Airteagal 10 freisin chun a cheangal, agus na suíomhanna i dtreo na dtairseach á ríomh, nach n‑áireofaí sa ríomh sin ach na conarthaí díorthach sin nach bhfuil imréitithe ag CPL a údaraítear faoi Airteagal 14 nó a aithnítear faoi Airteagal 25.
8.Teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach ndéantar a imréiteach trí chontrapháirtí lárnach
Leasaítear Airteagal 11 chun tréimhse cur chun feidhme 4 mhí a chur ar fáil do chontrapháirtithe neamhairgeadais a bheidh faoi réir na hoibleagáide comhthaobhacht a mhalartú le haghaidh conarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe ag CPL den chéad uair, chun caibidlíocht agus tástáil a dhéanamh ar na socruithe maidir le comhthaobhacht a mhalartú.
Féadfaidh ÚBE treoirlínte nó moltaí a eisiúint chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na nósanna imeachta bainistithe riosca a áirithiú i gcomhar leis na ÚMEanna eile.
9.CPL a údarú agus gníomhaíochtaí agus seirbhísí a leathnú
Leasaítear Airteagal 14 agus Airteagal 15 chun a shoiléiriú gur cheart go mbeadh CPLanna údaraithe in ann seirbhísí agus gníomhaíochtaí imréitigh a chur ar fáil in ionstraimí neamhairgeadais, chomh maith lena n‑údarú seirbhísí imréitigh agus gníomhaíochtaí imréitigh a chur ar fáil in ionstraimí airgeadais.
10.CPL a údarú, gníomhaíochtaí agus seirbhísí a leathnú agus nós imeachta chun údarú a dheonú agus a dhiúltú
Leasaítear Airteagal 14, Airteagal 15 agus Airteagal 17 chun a áirithiú go mbeidh na nósanna imeachta ábhartha do chontrapháirtithe lárnacha chun a dtairiscint táirgí a leathnú níos giorra, níos neamhchasta agus níos cinnte de thoradh na nósanna imeachta sin do CPLanna an Aontais. Ní mór do na húdaráis inniúla a admháil go bhfuarthas an t‑iarratas agus measúnú á dhéanamh acu ar sholáthair an CPL na doiciméid is gá don údarú nó don síneadh. Chun a áirithiú go gcuirfidh CPLanna an Aontais gach doiciméad riachtanach isteach in éineacht lena n‑iarratais, ceanglaítear ar ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme a fhorbairt ina sonrófar na doiciméid sin, a bhformáid agus a n‑inneachar. Ina theannta sin, ba cheart don CPL na doiciméid uile a chur isteach i mbunachar sonraí lárnach inar cheart iad a roinnt láithreach le húdarás inniúil an CPL, le ESMA agus leis an gcoláiste. Ina theannta sin, ba cheart d’údarás inniúil an CPL, do ESMA agus don choláiste, le linn tréimhse measúnaithe réamhshainithe, idirghníomhú le chéile agus ceisteanna a chur ar an CPL chun próiseas solúbtha comhoibritheach a áirithiú.
11.Neamhagóid agus nósanna imeachta ex-post maidir le hiarratas a dheonú ar leathnú gníomhaíochtaí nó seirbhísí
Tugtar Airteagal 17a nua isteach chun deis a thabhairt do CPLanna dul faoi nós imeachta neamhagóide, seachas nós imeachta rialta, chun údarú a thabhairt do sheirbhísí nó gníomhaíochtaí breise a bheartaíonn CPL a thairiscint agus nach méadóidh na rioscaí don CPL. Luaitear in Airteagal 17a cé na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí breise a mheastar a bheith neamhábhartha agus, dá bhrí sin, atá le formheas trí nós imeachta neamhagóide den sórt sin ag údarás inniúil an CPL sin agus a bhféadfaidh an CPL tosú ag tairiscint ina leith sula bhfaighidh údarás inniúil an CPL an cinneadh. Seachas na cásanna sin, féadfaidh CPL a iarraidh ar a údarás inniúil go mbeadh feidhm ag an nós imeachta neamhagóide i gcás ina measfaidh sé nach dtiocfadh méadú ar na rioscaí a bhaineann leis an tseirbhís bhreise nó leis an ngníomhaíocht bhreise atá beartaithe.
12.Nós imeachta chun tuairim a lorg ó ESMA agus ón gcoláiste
Tugtar Airteagal 17b nua isteach chun an raon feidhme agus an próiseas atá le leanúint a shoiléiriú i gcás ina n‑iarrann údarás inniúil tuairim ESMA agus an choláiste sula nglacfaidh sé cinneadh maoirseachta nach gcuireann an CPL iarratas isteach ina leith, e.g. maidir le comhlíonadh na gceanglas maidir le taifid a choimeád nó coinbhleachtaí leasa.
13.Coláiste agus tuairim an choláiste
Leasaítear Airteagail 18 agus 19 chun maoirseacht chomhoibríoch ar chontrapháirtithe lárnacha a chothú a thuilleadh ar bhonn leanúnach. Iarrtar ar an gcoláiste, dá bhrí sin, tuairim a eisiúint freisin i gcás ina mbreithneoidh údarás inniúil údarú CPL a tharraingt siar agus i gcás ina ndéanfaidh údarás inniúil an t‑athbhreithniú agus an mheastóireacht bhliantúil ar an CPL sin. Ba cheart do ESMA bainistiú agus cathaoirleacht a dhéanamh ar an gcoláiste do gach CPL AE agus ba cheart an ceart vótála a thabhairt dó.
14.Údarú a tharraingt siar
Leasaítear Airteagal 20 chun ceangal a chur ar an údarás inniúil dul i gcomhairle le ESMA agus le comhaltaí an choláiste sula ndéanfaidh údarás inniúil an CPL cinneadh seirbhís nó gníomhaíocht ar leith a tharraingt siar, nó raon feidhme na seirbhíse nó na gníomhaíochta sin a shrianadh, ach amháin i gcás ina mbeidh gá práinneach le cinneadh.
15.Athbhreithniú bliantúil
Leasaítear Airteagal 21 chun a léiriú gur cheart a chur san áireamh san athbhreithniú bliantúil na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí a sholáthraíonn an CPL nó a athraíonn an tsamhail a úsáideann an CPL bunaithe ar nós imeachta neamhagóide. Chomh maith leis sin, déantar minicíocht na tuarascála a eascraíonn as an athbhreithniú a shonrú a thuilleadh (ba cheart an tuarascáil a sheachadadh ar bhonn bliantúil ar a laghad ar dháta ar leith). Thairis sin, sonraítear go bhfuil an tuarascáil faoi réir thuairim ESMA agus an choláiste.
16.Comhar maoirseachta idir údaráis inniúla agus ESMA maidir le CPLanna údaraithe agus an nós imeachta maidir le húdarú a dheonú agus a dhiúltú
Leasaítear Airteagal 17 agus Airteagal 23a chun go mbeidh ESMA in ann tuairim a eisiúint d’údarás inniúil an CPL freisin maidir le hathbhreithniú bliantúil agus meastóireacht an chontrapháirtí lárnaigh, a chuid ceanglas chorrlaigh agus tarraingt siar a údaraithe. Agus tuairim den sórt sin á heisiúint aige, tá ESMA le measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh cheanglais ábhartha EMIR ag an CPL, ag díriú go háirithe ar rioscaí trasteorann sainaitheanta nó ar rioscaí do chobhsaíocht airgeadais an Aontais.
Thairis sin, ba cheart do ESMA a fhoilsiú nach gcomhlíonann údarás inniúil a thuairim nó tuairim an choláiste nó nach bhfuil sé ar intinn aige iad a chomhlíonadh nó aon choinníollacha nó moltaí a áirítear ann a fhoilsiú. Féadfaidh ESMA na cúiseanna le neamhchomhlíonadh arna soláthar ag an údarás inniúil a fhoilsiú freisin.
Leasaítear Airteagal 23a chun ról ESMA a shonrú a thuilleadh maidir leis an gcomhordú i gcásanna éigeandála a neartú agus rioscaí a mheasúnú, go háirithe ar bhonn trasteorann.
17.Comhfhoirne Maoirseachta, nósanna imeachta neamhagóide chun iarratas ar shíneadh gníomhaíochtaí nó seirbhísí a dheonú agus chun athbhreithniú agus meastóireacht a dhéanamh
Tugtar Airteagal 23b nua isteach chun comhar na n‑údarás a bhfuil baint acu le maoirseacht a dhéanamh ar CPLanna údaraithe de chuid an Aontais trí chomhfhoirne maoirseachta a bhunú a mhéadú. Áirítear an méid seo a leanas ar chúraimí na gcomhfhoirne maoirseachta: (i) ionchur a sholáthar d’údarás inniúil an CPL i gcomhthéacs an nós imeachta neamhagóide maidir le síneadh a chur leis an údarú atá ag CPL cheana, (ii) cuidiú le minicíocht agus doimhneacht athbhreithnithe agus meastóireachta CPL a shuí agus (iii) páirt a ghlacadh i gcigireachtaí ar an láthair.
18.Comhmheicníocht Faireacháin
Tugtar Airteagal 23c nua isteach chun sásra faireacháin trasearnála a bhunú lena dtabharfar le chéile comhlachtaí de chuid an Aontais a bhfuil baint acu le maoirseacht a dhéanamh ar CPLanna, ar chomhaltaí imréitigh agus ar chliaint an Aontais. Tá ESMA, i gcomhar leis na comhlachtaí eile atá rannpháirteach sa Sásra Comhpháirteach Faireacháin, le tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin maidir le torthaí na gníomhaíochta faireacháin chun bonn eolais a chur faoi chinntí beartais amach anseo. Féadfaidh ESMA treoirlínte nó moltaí a eisiúint freisin má mheasann sé nach n‑áirithíonn na húdaráis inniúla go gcomhlíonann comhaltaí imréitigh agus cliaint an ceanglas maidir le cuntas gníomhach nó má shainaithníonn sé riosca do chobhsaíocht airgeadais an Aontais.
19.Cás éigeandála
Leasaítear Airteagal 24 chun ról ESMA i gcás éigeandála a fheabhsú a thuilleadh trína chur ar chumas ESMA cruinnithe den Choiste Maoirseachta do CPLanna a thionól, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin, a bhféadfadh comhdhéanamh méadaithe a bheith ag gabháil leo, chun freagairtí na n‑údarás inniúil a chomhordú go héifeachtach. Tá sé de chumhacht ag ESMA freisin faisnéis a iarraidh ar rannpháirtithe sa mhargadh, trí iarraidh shimplí, chun a fheidhm chomhordúcháin a chomhlíonadh sna cásanna sin. Féadfaidh ESMA moltaí a bheidh dírithe ar údaráis inniúla an chontrapháirtí lárnaigh a eisiúint freisin.
20.An Coiste Maoirseachta do CPLanna
Leasaítear Airteagal 24a chun go ndéanfaidh ESMA na tosaíochtaí maoirseachta a mhapáil agus a shainaithint, chun rioscaí trasteorann lena n‑áirítear idirnaisc, idircheangail agus rioscaí comhchruinnithe a mheas. Ina theannta sin, leasaítear Airteagal 24a ionas go mbeidh na bainc cheannais eisiúna in ann freastal ar chruinnithe uile an Choiste Maoirseachta do CPLanna an Aontais agus cuireadh a thabhairt do na húdaráis ábhartha do chliaint agus do chomhlachtaí de chuid an Aontais, i gcás inarb iomchuí.
21.Aitheantas contrapháirtí lárnaigh tríú tír
Leasaítear Airteagal 25 chun a shoiléiriú, i gcás ina dtugann ESMA faoi athbhreithniú ar aitheantas CPL tríú tír, nár cheart oibleagáid a bheith ar an CPL sin iarratas nua a chur isteach ach ba cheart dó an fhaisnéis uile is gá chun athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh a sholáthar do ESMA.
Leasaítear Airteagal 25 chun gur féidir leis an gCoimisiún, ar mhaithe leis an Aontas, cur chuige comhréireach a ghlacadh agus tarscaoileadh a dhéanamh ar an gceanglas atá ar thríú tír córas coibhéiseach éifeachtach a bheith aige maidir le haitheantas a thabhairt do CPLanna tríú tír agus cinneadh coibhéise á ghlacadh aige maidir leis an tríú tír sin.
Chun a áirithiú go bhfuil socruithe comhair comhréireach, ba cheart do ESMA iad a chur in oiriúint do dhlínsí éagsúla bunaithe ar an CPL nó na CPLanna atá bunaithe sa dlínse faoi seach. Maidir le CPLanna Leibhéal 2, ba cheart raon níos leithne faisnéise a chumhdach leis na socruithe comhair atá le malartú idir ESMA agus na húdaráis ábhartha tríú tír agus ar bhonn níos minice ná sin.
Déantar Airteagal 25 a leasú a thuilleadh chun go n‑áireofar sna socruithe comhair an ceart go gcuirfí ESMA ar an eolas freisin i gcás ina gceanglófar ar CPL Leibhéal 2 feabhas a chur ar a ullmhacht in anás airgeadais, trí phlean téarnaimh a bhunú, mar shampla, nó i gcás ina mbunóidh údarás i dtríú tír den sórt sin pleananna réitigh. Ní mór ESMA a chur ar an eolas freisin faoi na gnéithe is ábhartha do chobhsaíocht airgeadais an Aontais i ndáil le géarchéim atá ag teacht chun cinn.
22.Comhlíonadh leanúnach na gcoinníollacha aitheantais
Leasaítear Airteagal 25b lena shoiléiriú go gcuirfidh CPLanna Leibhéal 2 faisnéis ar fáil do ESMA ar bhonn rialta.
23.Aitheantas agus fógra poiblí a tharraingt siar
Leasaítear Airteagail 25p agus 25r chun a shoiléiriú gur féidir le ESMA an t‑aitheantas a tharraingt siar i gcás ina sáraíonn CPL nach bhfuil san Aontas aon cheann de na ceanglais faoi EMIR agus gur féidir leis fógra poiblí a eisiúint i gcás nach n‑íoctar táillí nó i gcás nach ndearna CPL gníomhaíocht feabhais arna hiarraidh ag ESMA.
24.Faisnéis a chur ar fáil do na húdaráis inniúla
Leasaítear Airteagal 31 maidir le fógra a thabhairt faoi athruithe ar bhainistíocht CPL chun an nós imeachta a shoiléiriú i ndáil le faisnéis a roinnt agus tuairimí ESMA agus an choláiste a eisiúint.
25.Tuairimí ESMA agus an choláiste
Leasaítear Airteagail 32, 35, 41 agus 54 chun na hiarrataí ar thuairimí ó ESMA agus ón gcoláiste a shoiléiriú.
26.Ceanglais rannpháirtíochta agus forálacha ginearálta maidir le ceanglais eagraíochtúla
Leasaítear Airteagail 26 agus 37 chun a shoiléiriú nár cheart cead a bheith ag CPLanna a bheith ina gcomhaltaí imréitigh de CPLanna eile ná níor cheart dóibh glacadh le CPLanna eile ná le tithe imréitigh eile a bheith ina gcomhaltaí imréitigh ná ina gcomhaltaí indíreacha imréitigh.
27.Ceanglais rannpháirtíochta
Leasaítear Airteagal 37 chun a leagan amach gur cheart do CPL a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais bhreise áirithe maidir le ceanglais éarlaise agus cistí mainneachtana i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag CPL contrapháirtithe neamhairgeadais a chur ar bord mar chomhaltaí imréitigh nó ina bhfuil sé beartaithe aige iad a dhéanamh. Níor cheart cead a bheith ag contrapháirtithe neamhairgeadais seirbhísí imréitigh cliant a thairiscint agus níor cheart cead a bheith acu cuntais a choimeád ag an CPL ach amháin le haghaidh sócmhainní agus suíomhanna arna sealbhú dá gcuntas féin. Ba cheart d’údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh tuairisciú do ESMA agus don choláiste ar bhonn rialta ar a iomchuí atá sé glacadh le contrapháirtithe neamhairgeadais mar chomhaltaí imréitigh. Tugtar sainordú do ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a ullmhú maidir leis na gnéithe a bheidh le breithniú agus na critéir rochtana á gcinneadh agus d’fhéadfadh sé tuairim a eisiúint maidir le hoiriúnacht socruithe den sórt sin tar éis athbhreithniú piaraí ad hoc a dhéanamh.
28.Trédhearcacht
Leasaítear Airteagal 38 chun a áirithiú go mbeidh infheictheacht agus intuarthacht níos fearr ag cliaint agus ag cliaint indíreacha maidir le glaonna ar éarlais. Ba cheart do chomhaltaí imréitigh agus do chliaint a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh trédhearcacht i leith a gcliant a áirithiú.
29.Ceanglais éarlaise
Leasaítear Airteagal 41 lena áirithiú go ndéanfaidh CPLanna athbhreithniú leanúnach ar leibhéal a n‑éarlaise agus aon tionchar comhthimthriallach a d’fhéadfadh a bheith ag athbhreithnithe den sórt sin á gcur san áireamh, lena léirítear dálaí reatha an mhargaidh agus lena gcuirtear san áireamh an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag a mbailiú éarlaise ionlae agus a n‑íocaíochtaí ar shuíomh leachtachta a rannpháirtithe.
30.Rialuithe riosca leachtachta
Leasaítear Airteagal 44 chun léiriú níos fearr a thabhairt ar na heintitis a bhféadfadh a mainneachtain difear ábhartha a dhéanamh do shuíomh leachtachta contrapháirtí lárnaigh trína cheangal ar chontrapháirtí lárnach an riosca leachtachta a ghineann mainneachtain dhá eintiteas ar a laghad a chur san áireamh, lena n‑áirítear comhaltaí imréitigh agus soláthraithe seirbhísí leachtachta
31.Ceanglais maidir le comhthaobhacht
Leasaítear Airteagal 46 chun go bhféadfar ráthaíochtaí bainc agus ráthaíochtaí poiblí a mheas a bheith incháilithe mar chomhthaobhacht fhíorleachtach ar choinníoll go bhfuil siad ar fáil go neamhchoinníollach arna iarraidh sin le linn na tréimhse leachtaithe agus lena áirithiú go gcuirfidh CPL san áireamh iad agus a neamhchosaint fhoriomlán ar an mbanc á ríomh aige. Ina theannta sin, ba cheart do chontrapháirtí lárnach aon éifeacht comhthimthriallach a d’fhéadfadh a bheith ann a chur san áireamh agus athbhreithniú á dhéanamh aige ar leibhéal na gcaolchorrlach a chuireann sé i bhfeidhm maidir leis na sócmhainní a ghlacann sé mar chomhthaobhacht.
32.Athbhreithniú ar shamhlacha, tástáil struis agus aistástáil
Leasaítear Airteagal 49 chun a áirithiú go mbeidh na nósanna imeachta ábhartha do CPLanna chun athruithe samplacha a chur i bhfeidhm níos giorra, níos neamhchasta agus níos cinnte de thoradh na nósanna imeachta sin. Ní mór do na húdaráis inniúla a admháil go pras go bhfuarthas an t‑iarratas ar an athrú samhla trí mheasúnú a dhéanamh i dtaobh ar chuir an CPL na doiciméid is gá ar fáil. Chun a áirithiú go gcuirfidh CPLanna an Aontais gach doiciméad riachtanach isteach in éineacht lena n‑iarratais, ceanglaítear ar ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme a fhorbairt ina sonrófar na doiciméid sin, a bhformáid agus a n‑inneachar. Ina theannta sin, ba cheart don CPL na doiciméid uile a chur isteach i mbunachar sonraí lárnach inar cheart iad a roinnt láithreach le húdarás inniúil an CPL, le ESMA agus leis an gcoláiste. Tugtar isteach le hAirteagal 49 freisin an fhéidearthacht dul faoi nós imeachta neamhagóide, seachas nós imeachta rialta, chun na hathruithe ar an tsamhail a mheastar nach bhfuil suntasach a bhailíochtú agus a shonrú cé na hathruithe a mheastar a bheith suntasach. I gcás ina measfaidh CPL go bhfuil an t‑athrú neamhshuntasach, féadfaidh sé tús a chur leis an athrú samhla a úsáid sula bhfaighidh údarás inniúil an CPL an cinneadh.
33.Leasuithe ar na Tuarascálacha agus ar an Athbhreithniú
Leasaítear Airteagal 85 chun a cheangal ar an gCoimisiún tuarascáil a thíolacadh faoin [5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ina ndéanfar measúnú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ceanglaítear ar an gCoimisiún an tuarascáil sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar aon le haon tograí iomchuí. Ina theannta sin, cuirtear deireadh leis an gceanglas atá ann faoi láthair tuarascáil a chur ar fáil faoin 2 Eanáir 2023. Ceanglaítear ar ESMA freisin tuarascáil a chur isteach faoin [3 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] maidir lena fhoireann agus lena acmhainní.
34.Leasuithe ar an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil (CRR)
Leasaítear Airteagal 382(4) de CRR chun forálacha ábhartha in CRR a ailíniú leis na hathruithe a mholtar sa togra seo. Leis an leasú, coigeartaítear raon feidhme an cheanglais cistí dílse le haghaidh riosca coigeartaithe luachála creidmheasa, go háirithe trína shoiléiriú cé na hidirbhearta laistigh de ghrúpa is féidir a eisiamh ón gceanglas sin.
35.Leasuithe ar an Rialachán maidir le Cistí Margaidh Airgid (RCMA)
Leasaítear Airteagal 17 de RCMA maidir leis na forálacha i ndáil le beartas infheistíochta a bhaineann le teorainneacha riosca contrapháirtí. Eisiatar leis idirbhearta díorthach a imréitítear go lárnach ó na teorainneacha riosca contrapháirtí a leagtar amach in Airteagal 17(4) agus in Airteagal 17(6)(c) de RCMA. Thairis sin, cuirtear sainmhíniú ar chontrapháirtí lárnach le hAirteagal 2, go sonrach mar phointe nua (24).
2022/0403 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an [xxxx]
lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 575/2013 agus (AE) 2017/1131 a mhéid a bhaineann le bearta chun neamhchosaintí iomarcacha ar chontrapháirtithe lárnacha tríú tír a mhaolú agus chun éifeachtúlacht mhargaí imréitigh an Aontais a fheabhsú.
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Rannchuidíonn Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis an riosca sistéamach a laghdú trí thrédhearcacht mhargadh na ndíorthach thar an gcuntar a mhéadú agus trí rioscaí creidmheasa an chontrapháirtí agus na rioscaí oibríochtúla a bhaineann le díorthaigh thar an gcuntar a laghdú.
(2)Gné bhunúsach d’Aontas na Margaí Caipitil is ea iad bonneagair iarthrádála agus tá siad freagrach as réimse próiseas iarthrádála, lena n‑áirítear imréiteach. Tá córas imréitigh éifeachtúil iomaíoch san Aontas fíor-riachtanach d’fheidhmiú mhargaí caipitil an Aontais agus is bunchloch de chobhsaíocht airgeadais an Aontais é. Is gá, dá bhrí sin, rialacha breise a leagan síos chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht na seirbhísí imréitigh san Aontas i gcoitinne, agus ar éifeachtúlacht contrapháirtithe lárnacha (CPLanna) go háirithe, trí nósanna imeachta a chuíchóiriú, go háirithe maidir le seirbhísí nó gníomhaíochtaí breise a chur ar fáil agus maidir le samhlacha riosca CPLanna a athrú, trí leachtacht a mhéadú, trí imréiteach ag CPLanna an Aontais a spreagadh, tríd an gcreat faoina n‑oibríonn CPLanna a nuachóiriú, agus tríd an tsolúbthacht is gá a chur ar fáil do CPLanna agus do ghníomhaithe airgeadais eile chun dul san iomaíocht laistigh den mhargadh aonair.
(3)Chun gnólachtaí a mhealladh, ní mór do CPLanna a bheith sábháilte agus athléimneach. Le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, leagtar síos bearta chun trédhearcacht mhargaí na ndíorthach a mhéadú agus rioscaí a mhaolú trí imréiteach agus malartú éarlaise. I ndáil leis sin, tá ról tábhachtach ag CPLanna maidir le rioscaí airgeadais a mhaolú. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha a leagan síos chun cobhsaíocht CPLanna an Aontais a fheabhsú a thuilleadh, go háirithe trí ghnéithe áirithe den chreat rialála a leasú. Ina theannta sin, agus mar aitheantas ar ról CPLanna an Aontais maidir le cobhsaíocht airgeadais an Aontais a chaomhnú, is gá a maoirseacht a neartú a thuilleadh, agus aird ar leith á tabhairt ar an ról atá acu laistigh den chóras airgeadais níos leithne agus ar an bhfíoras go gcuireann siad seirbhísí ar fáil thar theorainneacha.
(4)Gnó domhanda is ea an t‑imréiteach lárnach agus tá rannpháirtithe i margadh an Aontais gníomhach go hidirnáisiúnta. Mar sin féin, ó ghlac an Coimisiún an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta agus na húdaráis a bhaineann le CPLanna a údarú agus na ceanglais maidir le CPLanna tríú tír a aithint in 2017, tá ábhair imní curtha in iúl arís agus arís eile, lena n‑áirítear ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA), maidir leis na rioscaí leanúnacha do chobhsaíocht airgeadais an Aontais a eascraíonn as comhchruinniú iomarcach an imréitigh i roinnt CPLanna tríú tír, go háirithe mar gheall ar na rioscaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn i gcás struis. Sa ghearrthéarma, chun maolú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le héifeachtaí aille a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas mar gheall ar chur isteach tobann ar rochtain rannpháirtithe margaidh an Aontais ar CPLanna na Ríochta Aontaithe, ghlac an Coimisiún sraith cinntí coibhéise chun rochtain ar CPLanna na Ríochta Aontaithe a choinneáil ar bun. Mar sin féin, d’iarr an Coimisiún ar rannpháirtithe margaidh an Aontais a neamhchosaintí iomarcacha ar CPLanna sistéamacha lasmuigh den Aontas a laghdú sa mheántéarma. D’athdhearbhaigh an Coimisiún an glao sin sa teachtaireacht uaidh dar teideal ‘Córas eacnamaíoch agus airgeadais na hEorpa: oscailteacht, neart agus athléimneacht a chothú’, i mí Eanáir 2021. Rinneadh na rioscaí agus na héifeachtaí a bhaineann le neamhchosaintí iomarcacha ar CPLanna sistéamacha lasmuigh den Aontas a mheas sa tuarascáil a d’fhoilsigh ESMA i mí na Nollag 2021 tar éis measúnú a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 25(2c) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil sin go raibh tábhacht shistéamach chomh mór sin ag roinnt seirbhísí arna soláthar ag na CPLanna sin de chuid na Ríochta Aontaithe a bhfuil tábhacht shistéamach leo nach raibh na socruithe reatha faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 leordhóthanach chun na rioscaí do chobhsaíocht airgeadais an Aontais a bhainistiú. Chun na rioscaí a mhaolú a d’fhéadfadh a bheith ann do chobhsaíocht airgeadais an Aontais mar gheall ar an spleáchas iomarcach leanúnach ar CPLanna sistéamacha tríú tír, ach freisin chun feabhas a chur ar chomhréireacht na mbeart do na CPLanna tríú tír sin a mbaineann níos lú rioscaí leo do chobhsaíocht airgeadais an Aontais, is gá an creat a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2019/2099 a oiriúnú a thuilleadh do na rioscaí a bhaineann le CPLanna éagsúla tríú tír.
(5)Le hAirteagal 4(2) agus le hAirteagal 11(5) go (10) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, díolmhaítear idirbhearta laistigh de ghrúpa ón oibleagáid imréitigh agus ó na ceanglais éarlaise. Chun tuilleadh deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthachta a sholáthar maidir leis an gcreat d’idirbhearta laistigh de ghrúpa, ba cheart creat níos simplí a chur in ionad na gcinntí coibhéise in Airteagal 13 den Rialachán sin. Ba cheart, dá bhrí sin, Airteagal 3 den Rialachán sin a leasú chun liosta tríú tíortha nár cheart díolúine a dheonú ina leith a chur in ionad an ghá atá le cinneadh coibhéise. Dá réir sin, ba cheart Airteagal 13 den Rialachán sin a scriosadh. Ós rud é go dtagraítear in Airteagal 382 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle d’idirbhearta laistigh de ghrúpa dá bhforáiltear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ba cheart Airteagal 382 a leasú dá réir freisin.
(6)Ós rud é go bhfuil eintitis atá bunaithe i dtíortha a liostaítear mar thríú tíortha ardriosca a bhfuil easnaimh straitéiseacha acu ina gcóras maidir le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac, dá dtagraítear in Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, nó i dtríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na conclúidí ón gComhairle maidir le liosta athbhreithnithe an Aontais de dhlínsí neamh‑chomhoibríocha chun críoch cánach, faoi réir timpeallacht rialála nach bhfuil chomh dian céanna, féadfaidh a n‑oibríochtaí an riosca a mhéadú, lena n‑áirítear mar gheall ar riosca creidmheasa contrapháirtí agus riosca dlíthiúil méadaithe, do chobhsaíocht airgeadais an Aontais. Dá réir sin, níor cheart eintitis den sórt sin a bheith incháilithe lena gcur san áireamh i gcreat na n‑idirbheart laistigh de ghrúpa.
(7)Ní gá gurb iad easnaimh straitéiseacha sa chóras maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, nó easpa comhair chun críoch cánach an t‑aon fhachtóir a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar riosca, lena n‑áirítear riosca creidmheasa contrapháirtí agus riosca dlíthiúil, a bhaineann le conarthaí díorthach. Tá ról freisin ag tosca eile, amhail an creat maoirseachta. Ba cheart, dá bhrí sin, an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na tríú tíortha a shainaithint nach bhféadfaidh a n‑eintitis tairbhiú de na díolúintí sin in ainneoin nár sainaithníodh iad ar na liostaí sin. Ós rud é go dtairbhíonn idirbhearta laistigh de ghrúpa de cheanglais rialála laghdaithe, ba cheart do rialtóirí agus do mhaoirseoirí faireachán agus measúnú cúramach a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le hidirbhearta a bhaineann le heintitis ó thríú tíortha.
(8)Chun cothrom iomaíochta a áirithiú idir institiúidí creidmheasa de chuid an Aontais agus institiúidí creidmheasa tríú tír a thairgeann seirbhísí imréitigh do shocruithe do scéimeanna pinsean, ba cheart díolúine ón oibleagáid imréitigh faoi Airteagal 4, pointe (iv), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a thabhairt isteach i gcás ina ndéanann contrapháirtí airgeadais de chuid an Aontais nó contrapháirtí neamhairgeadais atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh idirbheart le socrú scéimeanna pinsean atá bunaithe i dtríú tír agus atá díolmhaithe ón oibleagáid imréitigh faoi dhlí náisiúnta an tríú tír sin.
(9)Le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, cuirtear chun cinn úsáid an imréitigh lárnaigh mar an bpríomhtheicníc maolaithe riosca do dhíorthaigh thar an gcuntar. Dá bhrí sin, is fearr na rioscaí a bhaineann le conradh díorthach thar an gcuntar a mhaolú nuair atá an conradh díorthach sin imréitithe ag CPL arna údarú faoi Airteagal 14 nó arna aithint faoi Airteagal 25 den Rialachán sin. Dá bhrí sin, agus an suíomh á ríomh, suíomh a chuirtear i gcomparáid leis na tairseacha a shonraítear de bhun Airteagal 10(4), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, níor cheart ach na conarthaí díorthach sin nach bhfuil imréitithe ag CPL a údaraítear faoi Airteagal 14 nó a aithnítear faoi Airteagal 25 den Rialachán sin a áireamh sa ríomh sin.
(10)Is gá aghaidh a thabhairt ar na rioscaí cobhsaíochta airgeadais a bhaineann le neamhchosaintí iomarcacha chomhaltaí imréitigh agus chliaint an Aontais ar CPLanna tríú tír (CPLanna Leibhéal 2) a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo agus a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh atá sainaitheanta ag ESMA mar sheirbhísí imréitigh a bhfuil tábhacht shistéamach shubstaintiúil ag baint leo de bhun Airteagal 25(2c) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. I mí na Nollag 2021, tháinig ESMA ar an gconclúid go bhfuil tábhacht shistéamach shubstaintiúil don Aontas nó do cheann amháin nó níos mó dá Bhallstáit ag baint le soláthar seirbhísí imréitigh áirithe arna soláthar ag dhá CPL Leibhéal 2, is é sin le rá do dhíorthaigh ráta úis arna n‑ainmniú in euro agus in zloty na Polainne, Babhtálacha Mainneachtana Creidmheasa (CDS) arna n‑ainmniú in euro, agus do dhíorthaigh ráta úis ghearrthéarmaigh (STIR) arna n‑ainmniú in euro. Faoi mar a thug ESMA dá aire ina thuarascáil mheasúnachta i mí na Nollag 2021, dá mbeadh ar na CPLanna sin ar Leibhéal 2 aghaidh a thabhairt ar anás airgeadais, d’fhéadfadh athruithe ar chomhthaobhacht incháilithe, ar chorrlaigh nó ar chaolchorrlaigh na CPLanna sin tionchar diúltach a imirt ar mhargaí bannaí ceannasacha Ballstáit amháin nó níos mó, agus ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais i gcoitinne. Ina theannta sin, d’fhéadfadh suaitheadh sna margaí atá ábhartha do chur chun feidhme an bheartais airgeadaíochta cur isteach ar an sásra tarchurtha atá ríthábhachtach do bhainc cheannais eisiúna. Is iomchuí, dá bhrí sin, ceangal a chur ar aon chontrapháirtí airgeadais agus ar aon chontrapháirtí neamhairgeadais atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh cuntais a shealbhú, go díreach nó go hindíreach, ag a bhfuil íosleibhéal gníomhaíochta ag CPLanna atá bunaithe san Aontas. Leis an gceanglas sin, ba cheart soláthar na seirbhísí imréitigh sin ag na CPLanna sin ar Leibhéal 2 a laghdú go leibhéal nach bhfuil tábhacht shistéamach shubstaintiúil ag baint leis a thuilleadh.
(11)Is gá a áirithiú gur féidir calabrú leibhéal na gníomhaíochta imréitigh atá le coinneáil ar bun i gcuntais i CPLanna de chuid an Aontais a chur in oiriúint do dhálaí athraitheacha. Tá ról tábhachtach ag ESMA sa mheasúnú ar thábhacht shistéamach shubstaintiúil CPLanna tríú tír agus a seirbhísí imréitigh. Ba cheart do ESMA, i gcomhar leis an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE), leis an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) agus le BERS, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC), dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar mionsonraí leibhéal na seirbhísí imréitigh sistéamacha substaintiúla atá le coinneáil ar bun sna cuntais ghníomhacha i CPLanna de chuid an Aontais ag contrapháirtithe airgeadais agus neamhairgeadais atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh. Níor cheart don chalabrú sin dul thar a bhfuil riachtanach agus comhréireach chun an t‑imréiteach sna seirbhísí imréitigh sainaitheanta ag CPLanna Leibhéal 2 lena mbaineann a laghdú. I ndáil leis sin, ba cheart do ESMA breithniú a dhéanamh ar na costais, ar na rioscaí agus ar an ualach a bhaineann le calabrú den sórt sin ar chontrapháirtithe airgeadais agus neamhairgeadais, ar an tionchar ar a n‑iomaíochas, agus ar an riosca go gcuirfí na costais sin ar aghaidh chuig gnólachtaí neamhairgeadais. Ina theannta sin, ba cheart do ESMA a áirithiú freisin nach measfar a thuilleadh go bhfuil tábhacht shistéamach shubstaintiúil ag baint leis na hionstraimí sin, ar ionstraimí iad a shainaithnítear go bhfuil tábhacht shistéamach shubstaintiúil ag baint leo, mar thoradh ar an laghdú atá beartaithe ar imréiteach sna hionstraimí sin, nuair a dhéanann ESMA athbhreithniú ar aitheantas na CPLanna ábhartha, athbhreithniú ba cheart a dhéanamh gach cúig bliana ar a laghad, de réir Airteagal 25(5) den Rialachán sin. Ina theannta sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le tréimhsí céimnithe isteach oiriúnacha chun an ceanglas maidir le leibhéal áirithe den ghníomhaíocht imréitigh a bheith i gcuntais CPLanna an Aontais a chur chun feidhme de réir a chéile.
(12)Chun a áirithiú go mbeidh cliaint ar an eolas faoina roghanna agus gur féidir leo cinneadh eolasach a dhéanamh i dtaobh cá háit a n‑imréiteoidh siad a gconarthaí díorthach, ba cheart do chomhaltaí imréitigh agus do chliaint a chuireann seirbhísí imréitigh ar fáil san Aontas agus i CPLanna tríú tír aitheanta araon a gcliaint a chur ar an eolas faoin rogha conradh díorthach a imréiteach i CPL de chuid an Aontais ionas go laghdófar imréiteach sna seirbhísí sin a shainaithnítear mar sheirbhísí a bhfuil tábhacht shubstaintiúil shistéamach ag baint leo i CPLanna Leibhéal 2 chun cobhsaíocht airgeadais an Aontais a áirithiú.
(13)Chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis is gá ag na húdaráis inniúla maidir leis na gníomhaíochtaí imréitigh a dhéanann comhaltaí imréitigh nó cliaint i CPLanna aitheanta, ba cheart oibleagáid tuairiscithe a thabhairt isteach do na comhaltaí imréitigh sin nó do na cliaint sin. Ba cheart idirdhealú a dhéanamh san fhaisnéis atá le tuairisciú idir idirbhearta urrús, idirbhearta díorthach arna dtrádáil ar mhargadh rialáilte agus idirbhearta díorthach thar an gcuntar (OTC).
(14)Le Rialachán (AE) 2019/834 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 chun, inter alia, díolúine ó cheanglais tuairiscithe a thabhairt isteach le haghaidh idirbhearta díorthach thar an gcuntar idir contrapháirtithe laistigh de ghrúpa, i gcás inar contrapháirtí neamhairgeadais ceann amháin ar a laghad de na contrapháirtithe. Tugadh isteach an díolúine sin toisc gur céatadán sách beag iad na hidirbhearta laistigh de ghrúpa a bhfuil baint ag contrapháirtithe neamhairgeadais leo de na conarthaí díorthach thar an gcuntar uile agus is le haghaidh fálú inmheánach laistigh de ghrúpaí is mó a úsáidtear iad. Dá réir sin, ní chuireann na hidirbhearta sin go mór leis an riosca sistéamach agus leis an idirnascthacht leis an gcuid eile den chóras airgeadais. Mar sin féin, leis an díolúine do na hidirbhearta sin ó cheanglais tuairiscithe, tá teorainn curtha le cumas ESMA, BERS agus údaráis eile na rioscaí a ghabhann contrapháirtithe neamhairgeadais a shainaithint agus a mheasúnú go soiléir. Chun níos mó infheictheachta a áirithiú maidir le hidirbhearta laistigh de ghrúpa, i bhfianaise a n‑idirnascthachta féideartha leis an gcuid eile den chóras airgeadais agus na forbairtí margaidh a tharla le déanaí á gcur san áireamh, go háirithe brú ar mhargaí fuinnimh mar thoradh ar fhogha gan chúis gan údar na Rúise faoin Úcráin, ba cheart deireadh a chur leis an díolúine sin.
(15)Chun a áirithiú go mbeidh na húdaráis inniúla ar an eolas i gcónaí faoi neamhchosaintí ar leibhéal an eintitis agus ar leibhéal an ghrúpa agus go mbeidhsiad in ann faireachán a dhéanamh ar neamhchosaintí den sórt sin, ba cheart do na húdaráis inniúla nósanna imeachta comhair éifeachtacha a bhunú chun suíomhanna i gconarthaí nach bhfuil imréitithe ag CPL údaraithe nó aitheanta a ríomh agus chun meastóireacht agus measúnú gníomhach a dhéanamh ar leibhéal na neamhchosanta i gconarthaí díorthach thar an gcuntar ar leibhéal an eintitis agus ar leibhéal an ghrúpa.
(16)Is gá a áirithiú go leanfaidh Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 149/2013 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2012 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na critéir chun a shuí cé na conarthaí díorthach thar an gcuntar is féidir a thomhas go hoibiachtúil mar chonarthaí lena laghdaítear rioscaí de bheith iomchuí i gcónaí i bhfianaise forbairtí sa mhargadh. Is gá a áirithiú freisin leis na tairseacha imréitigh a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe sin ón gCoimisiún a bhaineann le luachanna na dtairseach sin go léireofar go cuí agus go cruinn na rioscaí agus na saintréithe éagsúla i ndíorthaigh, seachas díorthaigh ráta úis, malairte eachtraí, creidmheasa agus cothromais. Dá bhrí sin, ba cheart do ESMA athbhreithniú agus soiléiriú a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, ar an Rialachán Tarmligthe sin ón gCoimisiún agus a mholadh go ndéanfaí é a leasú más gá. Moltar do ESMA tuilleadh gráinneachta a mheas agus a sholáthar, inter alia, do dhíorthaigh tráchtearraí. D’fhéadfaí an ghráinneacht sin a bhaint amach trí na tairseacha imréitigh a dheighilt de réir earnála agus cineáil, amhail idirdhealú a dhéanamh idir talmhaíocht, fuinneamh nó tráchtearraí a bhaineann le miotail nó idirdhealú a dhéanamh idir na tráchtearraí sin bunaithe ar ghnéithe eile amhail critéir chomhshaoil, shóisialta agus rialachais, infheistíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de nó gnéithe a bhaineann le criptea-airgeadraí. Le linn an athbhreithnithe, ba cheart do ESMA féachaint le dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara ábhartha a bhfuil eolas sonrach acu ar thráchtearraí ar leith.
(17)Contrapháirtithe neamhairgeadais ar gá dóibh comhthaobhacht a mhalartú le haghaidh conarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe ag contrapháirtí lárnach, ba cheart a ndóthain ama a bheith acu chun caibidlíocht a dhéanamh agus chun tástáil a dhéanamh ar na socruithe maidir leis an gcomhthaobhacht sin a mhalartú.
(18)Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na nósanna imeachta bainistithe riosca a áirithiú lena gceanglaítear malartú tráthúil comhthaobhachta a bheidh cruinn agus deighilte go hiomchuí i ndáil le conarthaí díorthach thar an gcuntar a dhéanann contrapháirtithe airgeadais agus contrapháirtithe neamhairgeadais, ba cheart do na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha (ÚMEnna) na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go haonfhoirmeach mar sin iad.
(19)Chun cur chuige comhsheasmhach agus cóineasaithe a áirithiú i measc na n‑údarás inniúil ar fud an Aontais, ba cheart do CPLanna údaraithe nó do dhaoine dlítheanacha ar mian leo údarú a fháil faoi Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 seirbhísí imréitigh agus gníomhaíochtaí in ionstraimí airgeadais a chur ar fáil a bheith in ann a bheith údaraithe freisin seirbhísí imréitigh agus gníomhaíochtaí eile i ndáil le hionstraimí neamhairgeadais a chur ar fáil. Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 maidir le CPLanna mar eintitis, agus ní maidir le seirbhísí sonracha, mar a leagtar amach in Airteagal 1(2) den Rialachán sin. Nuair a imréitíonn CPL ionstraimí neamhairgeadais, de bhreis ar ionstraimí airgeadais, ba cheart d’údarás inniúil an CPL a bheith in ann a áirithiú go gcomhlíonfaidh an CPL ceanglais uile Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 le haghaidh na seirbhísí uile a thairgeann sé.
(20)Tá dúshláin roimh CPLanna an Aontais maidir lena dtairiscint táirgí a leathnú agus bíonn deacrachtaí acu táirgí nua a thabhairt chun an mhargaidh. Is féidir na dúshláin agus na deacrachtaí sin a mhíniú le forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a fhágann go bhfuil roinnt nósanna imeachta údarúcháin rófhada, róchasta agus éiginnte maidir lena dtoradh. Ba cheart simpliú a dhéanamh, dá bhrí sin, ar an bpróiseas maidir le CPLanna an Aontais a údarú nó síneadh a chur lena n‑údarú, agus rannpháirtíocht iomchuí ESMA agus an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a áirithiú san am céanna. Ar an gcéad dul síos, chun moilleanna móra, agus moilleanna a d’fhéadfadh a bheith éiginnte, a sheachaint nuair a dhéanann na húdaráis inniúla measúnú ar iomláine iarratais ar údarú, ba cheart don údarás inniúil a admháil go mear go bhfuarthas an t‑iarratas sin agus a fhíorú go tapa ar sholáthair an CPL na doiciméid is gá don mheasúnú. Chun a áirithiú go dtíolacfaidh CPLanna an Aontais na doiciméid riachtanacha uile i dteannta a n‑iarratas, ba cheart do ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme a fhorbairt ina sonrófar na doiciméid ba cheart a sholáthar, an fhaisnéis ba cheart a bheith sna doiciméid sin agus an fhormáid inar cheart iad a thíolacadh. Ar an dara dul síos, chun measúnú éifeachtúil agus comhthráthach ar iarratais a áirithiú, ba cheart do CPLanna a bheith in ann na doiciméid uile a thíolacadh trí bhunachar sonraí lárnach inar cheart iad a roinnt láithreach le húdarás inniúil an CPL, le ESMA agus leis an gcoláiste. Ar an tríú dul síos, ba cheart d’údarás inniúil an CPL, do ESMA agus don choláiste, le linn na tréimhse measúnaithe, páirt a ghlacadh agus aon cheist a chur ar an CPL chun próiseas mear, solúbtha agus comhoibritheach a áirithiú le haghaidh athbhreithniú cuimsitheach. Chun dúbláil agus moilleanna nach bhfuil gá leo a sheachaint, ba cheart na ceisteanna agus na soiléirithe uile ina dhiaidh sin a roinnt go comhuaineach idir údarás inniúil an CPL, ESMA agus an coláiste.
(21)Tá éiginnteacht ann faoi láthair maidir le cathain a chumhdaítear seirbhís nó gníomhaíocht bhreise le húdarú contrapháirtí lárnaigh atá ann cheana. Is gá aghaidh a thabhairt ar an éiginnteacht sin agus comhréireacht a áirithiú nuair nach méadaíonn an tseirbhís nó an ghníomhaíocht bhreise atá beartaithe na rioscaí don CPL. Dá bhrí sin, is gá a leagan síos nár cheart iarratais sna cásanna sin a chur faoi réir an nós imeachta measúnaithe iomláin. Ar an gcúis sin, ba cheart a shonrú cé na seirbhísí agus gníomhaíochtaí imréitigh breise atá neamhábhartha, agus, dá bhrí sin, nach méadaíonn na rioscaí do chontrapháirtí lárnach de chuid an Aontais, agus ba cheart d’údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh sin iad a fhormheas trí nós imeachta neamhagóide. Ba cheart an nós imeachta neamhagóide sin a chur i bhfeidhm i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an CPL ionstraim airgeadais amháin nó níos mó a imréiteach atá sna haicmí céanna ionstraimí airgeadais a bhfuil sé údaraithe imréiteach a dhéanamh ina leith, ar choinníoll go ndéantar na hionstraimí airgeadais sin a thrádáil ar ionad trádála a soláthraíonn an CPL seirbhísí imréitigh cheana féin dó nó a ndéanann sé gníomhaíochtaí ina leith agus nach bhfuil íocaíocht in airgeadra nua i gceist leis an tseirbhís nó leis an ngníomhaíocht bhreise imréitigh atá beartaithe. Ba cheart an nós imeachta neamhagóide sin a chur i bhfeidhm freisin i gcás ina gcuirfidh an CPL airgeadra nua Aontais isteach in aicme ionstraimí airgeadais atá cumhdaithe cheana féin ag údarú an CPL, nó i gcás ina gcuirfidh an CPL aibíocht bhreise amháin nó níos mó le haicme ionstraimí airgeadais atá cumhdaithe cheana féin ag údarú an CPL ar choinníoll nach gcuirfear síneadh suntasach leis an raon aibíochta. Ina theannta sin, ba cheart do CPL a bheith in ann a iarraidh ar a údarás inniúil an nós imeachta neamhagóide a chur i bhfeidhm i gcás ina measfaidh an CPL sin nach méadódh an tseirbhís bhreise nó an ghníomhaíocht bhreise atá beartaithe a rioscaí, go háirithe i gcás ina bhfuil an tseirbhís nó an ghníomhaíocht imréitigh nua cosúil leis na seirbhísí a bhfuil an CPL údaraithe cheana féin a sholáthar. Níor cheart go mbeadh gá le tuairim ar leithligh ó ESMA agus ón gcoláiste de bharr an nós imeachta neamhagóide ós rud é go mbeadh ceanglas den sórt sin díréireach. Ina ionad sin, ba cheart do ESMA agus don choláiste a bheith in ann ionchur a sholáthar d’údarás inniúil an CPL tríd an gcomhfhoireann maoirseachta arna bunú don chontrapháirtí lárnach sin.
(22)Chun maoirseacht chomhoibríoch ar CPLanna a chothú ar bhonn leanúnach, ba cheart don choláiste tuairim a eisiúint i gcás ina ndéanfaidh údarás inniúil breithniú ar údarú CPL a tharraingt siar agus i gcás ina ndéanfaidh údarás inniúil an t‑athbhreithniú agus an mheastóireacht bhliantúil ar an CPL sin.
(23)Chun feidhmiú comhsheasmhach na gcoláistí uile a áirithiú agus chun cóineasú maoirseachta a fheabhsú a thuilleadh, ba cheart do ESMA an coláiste a bhainistiú agus a bheith ina chathaoirleach ar gach CPL de chuid an Aontais agus ba cheart an ceart vótála a thabhairt dó sa choláiste sin.
(24)Ba cheart do ESMA a bheith in ann rannchuidiú ar bhealach níos éifeachtaí lena áirithiú go mbeidh CPLanna an Aontais sábháilte, láidir agus iomaíoch maidir lena seirbhísí a chur ar fáil ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart do ESMA, sa bhreis ar na hinniúlachtaí maoirseachta a leagtar síos faoi láthair i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, tuairim a eisiúint freisin d’údarás inniúil an CPL maidir le hathbhreithniú agus meastóireacht bhliantúil CPL, maidir lena údarú a tharraingt siar agus maidir lena cheanglais éarlaise. Agus tuairim á heisiúint aige, ba cheart do ESMA measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme ag CPL, ag díriú go háirithe ar rioscaí trasteorann sainaitheanta nó ar rioscaí do chobhsaíocht airgeadais an Aontais. Is gá freisin feabhas breise a chur ar chóineasú maoirseachta agus a áirithiú go gcuirfear na páirtithe leasmhara uile ar an eolas faoi mheasúnú ESMA agus an choláiste ar ghníomhaíochtaí CPL. Dá bhrí sin, agus an gá atá le faisnéis rúnda a chosaint á chur san áireamh, ba cheart do ESMA a nochtadh nach gcomhlíonann údarás inniúil a thuairim nó tuairim an choláiste agus aon choinníoll nó moladh a áirítear ann nó nach bhfuil sé ar intinn aige iad a chomhlíonadh. Ba cheart go mbeadh ESMA in ann cinneadh a dhéanamh, cás ar chás, na cúiseanna arna soláthar ag an údarás inniúil i dtaobh gan tuairim ESMA nó tuairim an choláiste nó aon choinníoll nó moladh atá sa tuairim sin a fhoilsiú.
(25)Is gá a áirithiú go gcomhlíonfaidh an CPL Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ar bhonn leanúnach, lena n‑áirítear tar éis nós imeachta neamhagóide lena bhformheastar seirbhísí imréitigh breise nó gníomhaíochtaí imréitigh breise a chur ar fáil, nó tar éis nós imeachta neamhagóide chun athrú samhla a bhailíochtú, ar athrú é nach n‑eisíonn ESMA agus an coláiste tuairim ar leithligh ina leith. Ba cheart, dá bhrí sin, san athbhreithniú a dhéanfaidh údarás inniúil an CPL ar bhonn bliantúil ar a laghad, seirbhísí nó gníomhaíochtaí imréitigh nua den sórt sin agus aon athrú ar an tsamhail a mheas. Chun cóineasú maoirseachta a áirithiú agus chun go mbeidh CPLanna an Aontais sábháilte, láidir agus iomaíoch maidir lena seirbhísí a chur ar fáil ar fud an Aontais, ba cheart tuarascáil an údaráis inniúil a bheith faoi réir tuairime ó ESMA agus ón gcoláiste agus ba cheart í a thíolacadh gach bliain.
(26)Ba cheart go mbeadh na hacmhainní ag ESMA chun rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do chobhsaíocht airgeadais an Aontais a shainaithint. Dá bhrí sin, ba cheart do ESMA, i gcomhar le ÚBE, ÚEÁPC, agus BCE faoi chuimsiú na gcúraimí a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa faoi chuimsiú an tsásra maoirseachta aonair a thugtar dó i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle, idirnaisc agus idirthuilleamaíochtaí idir CPLanna éagsúla agus daoine dlítheanacha a shainaithint, lena n‑áirítear comhaltaí imréitigh comhroinnte, cliaint agus cliaint indíreacha, soláthraithe seirbhísí ábhair chomhroinnte, soláthraithe leachtachta ábhartha comhroinnte, socruithe maidir le comhthaobhacht fhrithpháirteach, forálacha trasmhainneachtana agus glanluachála tras‑CCP, comhaontuithe trasráthaíochta agus aistrithe riosca agus socruithe trádála droim-le-droim.
(27)Maidir le bainc cheannais eisiúna airgeadraí an Aontais, ar sna hairgeadraí sin atá na hionstraimí airgeadais arna n‑imréiteach ag CPLanna údaraithe a d’iarr comhaltas ar an gCoiste Maoirseachta do CPLanna, is comhaltaí den choiste sin gan ceart vótála iad. Ní ghlacann siad páirt sna cruinnithe a bhíonn ag CPLanna an Aontais ach amháin i gcomhthéacs an phlé faoi mheasúnuithe uile-Aontais ar athléimneacht na CPLanna sin i leith forbairtí dochracha sa mhargadh agus forbairtí ábhartha sa mhargadh. Murab ionann agus a rannpháirtíocht i maoirseacht CPLanna tríú tír, ní bhíonn baint leordhóthanach ag bainc cheannais eisiúna le cúrsaí maoirseachta do CPLanna an Aontais a bhfuil ábharthacht dhíreach acu maidir le feidhmiú an bheartais airgeadaíochta agus oibriú rianúil na gcóras íocaíochta, rud a fhágann nach dtugtar aird leordhóthanach ar rioscaí trasteorann. Is iomchuí, dá bhrí sin, go mbeidh na bainc cheannais eisiúna sin in ann freastal ar chruinnithe uile an Choiste Maoirseachta do CPLanna, mar chomhaltaí nach bhfuil vóta acu, nuair a thionólfaidh sé le haghaidh CPLanna an Aontais.
(28)Is gá malartú pras faisnéise, comhroinnt eolais agus comhar éifeachtach a áirithiú idir na húdaráis a bhfuil baint acu le maoirseacht a dhéanamh ar CPLanna údaraithe, agus go háirithe i gcás ina mbeidh gá le cinneadh tapa ó údarás inniúil an CPL. Is iomchuí, dá bhrí sin, comhfhoireann maoirseachta a chur ar bun do gach CPL de chuid an Aontais chun cúnamh a thabhairt do na húdaráis mhaoirseachta sin, lena n‑áirítear trí ionchur a sholáthar d’údarás inniúil an CPL faoi chuimsiú an nós imeachta neamhagóide chun an t‑údarú atá ag CPL cheana a leathnú, cúnamh a thabhairt maidir le minicíocht agus doimhneacht athbhreithnithe agus meastóireachta CPL a shuí, agus páirt a ghlacadh i gcigireachtaí ar an láthair. Ós rud é gurb é údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh a bheidh freagrach ar deireadh as na cinntí maoirseachta deiridh, ba cheart do na comhfhoirne maoirseachta a bheith ag obair faoi choimirce údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh a bhfuil an fhoireann bunaithe dó agus ba cheart iad a bheith comhdhéanta de bhaill foirne ó údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh, ó ESMA agus ó chomhaltaí áirithe den choláiste. Ba cheart do chomhaltaí eile den choláiste a bheith in ann a iarraidh go mbeidís rannpháirteach agus údar á thabhairt acu leis an iarraidh bunaithe ar an measúnú a dhéanfaidh siad ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag anás airgeadais an CPL ar chobhsaíocht airgeadais a mBallstáit faoi seach.
(29)Chun feabhas a chur ar chumas chomhlachtaí ábhartha an Aontais forléargas cuimsitheach a fháil ar fhorbairtí sa mhargadh atá ábhartha don imréiteach san Aontas, faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme ceanglas áirithe a bhaineann le himréiteach i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus plé comhchoiteann a dhéanamh ar na rioscaí a d’fhéadfadh teacht as idirnascthacht gníomhaithe airgeadais éagsúla agus saincheisteanna eile a bhaineann leis an gcobhsaíocht airgeadais, is gá sásra faireacháin trasearnála a bhunú lena dtabharfar le chéile comhlachtaí ábhartha an Aontais a bhfuil baint acu le maoirseacht a dhéanamh ar CPLanna, comhaltaí imréitigh agus cliaint an Aontais. Ba cheart do ESMA an Sásra Comhpháirteach Faireacháin sin a bhainistiú agus cathaoirleacht a dhéanamh air mar údarás an Aontais a bhfuil baint aige le maoirseacht a dhéanamh ar CPLanna an Aontais agus maoirseacht a dhéanamh ar CPLanna tríú tír a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo. Ba cheart go n‑áireofaí ar na rannpháirtithe eile ionadaithe ón gCoimisiún, ó ÚBE, ó ÚEÁPC, ó BERS, ó BCE agus ó BCE faoi chuimsiú na gcúraimí a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa faoi chuimsiú an tsásra maoirseachta aonair arna dtabhairt dó i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle.
(30)Chun bonn eolais a chur faoi chinntí beartais amach anseo, ba cheart do ESMA, i gcomhar leis na comhlachtaí eile atá rannpháirteach sa Sásra Comhpháirteach Faireacháin, tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin maidir le torthaí a gcuid gníomhaíochtaí. D’fhéadfadh ESMA sárú ar nós imeachta dhlí an Aontais a thionscnamh de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, más rud é, ar bhonn na faisnéise a fuarthas mar chuid den Sásra Comhpháirteach Faireacháin agus tar éis an phlé a rinneadh ann, go measann ESMA go mainníonn na húdaráis inniúla a áirithiú go gcomhlíonann comhaltaí imréitigh agus cliaint an ceanglas cion ar a laghad de na conarthaí sainaitheanta a imréiteach i gcuntais CPLanna an Aontais, nó i gcás ina sainaithníonn ESMA riosca do chobhsaíocht airgeadais an Aontais mar gheall ar shárú líomhnaithe ar dhlí an Aontais nó ar an líomhain nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm. Sula dtionscnaítear sárú den sórt sin ar nós imeachta dhlí an Aontais, d’fhéadfadh ESMA treoirlínte agus moltaí a eisiúint de bhun Airteagal 16 den Rialachán sin. I gcás ina measfaidh ESMA, ar bhonn na faisnéise a fuarthas mar chuid den Sásra Comhpháirteach Faireacháin agus tar éis an phlé a rinneadh ann, nach n‑áirithíonn comhlíonadh an cheanglais ar a laghad cion de chonarthaí sainaitheanta a imréiteach i gcuntais i CPLanna an Aontais laghdú neamhchosaint iomarcach chomhaltaí imréitigh agus cliant an Aontais ar CPLanna Leibhéal 2, ba cheart dó athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán Tarmligthe ábhartha ón gCoimisiún agus moladh a dhéanamh é a leasú, agus a shonrú chomh maith an ceanglas sin, lena moltar, i gcás inar gá, tréimhse oiriúnaithe iomchuí a shocrú.
(31)Léirigh suaitheadh margaidh 2020 mar thoradh ar phaindéim COVID‑19 agus praghsanna arda 2022 ar mhargaí mórdhíola fuinnimh tar éis fhogha gan chúis gan údar na Rúise faoin Úcráin, cé go bhfuil sé ríthábhachtach go n‑oibreoidh na húdaráis inniúla i gcomhar le chéile agus go malartóidh siad faisnéis chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a eascraíonn as sin nuair a thagann teagmhais a bhfuil tionchair trasteorann acu chun cinn, nach bhfuil na huirlisí is gá fós ag ESMA chun an comhordú sin agus cur chuige cóineasaithe a áirithiú ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart do ESMA a bheith in ann cruinnithe den Choiste Maoirseachta do CPLanna a thionól, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin dó, a bhféadfadh comhdhéanamh méadaithe a bheith i gceist leis, chun freagairtí na n‑údarás inniúil i gcásanna éigeandála a chomhordú go héifeachtach. Ba cheart go mbeadh ESMA in ann freisin, trí iarraidh shimplí, faisnéis a iarraidh ar rannpháirtithe sa mhargadh, ar faisnéis í atá riachtanach do ESMA chun a fheidhm chomhordúcháin a chomhlíonadh sna cásanna sin agus chun bheith in ann moltaí a eisiúint chuig an údarás inniúil.
(32)Chun an t‑ualach ar CPLanna agus ar ESMA a laghdú, ba cheart a shoiléiriú, i gcás ina ndéanann ESMA athbhreithniú ar aitheantas CPL tríú tír de bhun Airteagal 25(5), an chéad fhomhír, pointe (b), nár cheart oibleagáid a bheith ar an CPL tríú tír sin iarratas nua ar aitheantas a chur isteach. Ba cheart dó, áfach, an fhaisnéis uile is gá chun athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh a sholáthar do ESMA. Dá bhrí sin, an t‑athbhreithniú a dhéanann ESMA ar aitheantas CPL tríú tír, níor cheart gur aitheantas nua don CPL sin a bheadh ann.
(33)Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann, agus cinneadh coibhéise á ghlacadh aige, tarscaoileadh a dhéanamh ar an gceanglas go mbeadh córas coibhéiseach éifeachtach ag an tríú tír sin chun aitheantas a thabhairt do CPLanna tríú tír. Agus breithniú á dhéanamh aige ar na cásanna ina mbeadh cur chuige den sórt sin comhréireach, d’fhéadfadh an Coimisiún réimse tosca éagsúla a mheas, lena n‑áirítear comhlíonadh na bPrionsabal maidir le Bonneagair Mhargaidh Airgeadais arna bhfoilsiú ag an gCoiste ar Chórais Íocaíochta agus Socraíochta agus ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús, méid na CPLanna tríú tír atá bunaithe sa dlínse sin agus, i gcás inarb eol sin, an ghníomhaíocht a bhfuiltear ag súil léi sna CPLanna tríú tír sin ag comhaltaí imréitigh agus ag ionaid trádála atá bunaithe san Aontas.
(34)Chun a áirithiú gur socruithe comhréireacha a bheidh sna socruithe comhair idir ESMA agus na húdaráis inniúla ábhartha i dtríú tíortha, ba cheart na socruithe sin a bheith ina léiriú ar ghnéithe sonracha raon feidhme na seirbhísí a sholáthraíonn CPLanna arna n‑údarú sa tríú tír sin, nó a bhfuil sé beartaithe iad a sholáthar, laistigh den Aontas agus ba cheart go léireofaí leo freisin an mbaineann rioscaí sonracha leis na seirbhísí sin don Aontas nó do cheann amháin nó níos mó dá Bhallstáit. Dá bhrí sin, ba cheart a léiriú sna socruithe comhair an méid riosca a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis na CPLanna atá bunaithe i dtríú tír do chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit.
(35)Dá bhrí sin, ba cheart do ESMA a shocruithe comhair a chur in oiriúint do dhlínsí éagsúla tríú tír bunaithe ar na CPLanna atá bunaithe sa dlínse faoi seach. Go háirithe, cumhdaíonn CPLanna Leibhéal 1 raon leathan próifílí CPL agus, dá bhrí sin, ba cheart do ESMA a áirithiú go bhfuil socrú comhair comhréireach leis na CPLanna atá bunaithe i ngach dlínse tríú tír. Ba cheart do ESMA a mheas, i measc nithe eile, leachtacht na margaí lena mbaineann, a mhéid atá gníomhaíochtaí imréitigh na CPLanna ainmnithe in euro nó in airgeadraí eile de chuid an Aontais agus a mhéid a bhaineann eintitis an Aontais úsáid as seirbhísí na CPLanna sin. Ós rud é go gcuireann formhór mór CPLanna Leibhéal 1 seirbhísí imréitigh ar fáil go feadh méid teoranta do chomhaltaí imréitigh agus d’ionaid trádála atá bunaithe san Aontas, ba cheart raon feidhme measúnaithe agus faisnéise ESMA atá le hiarraidh a theorannú freisin sna dlínsí sin go léir. Chun teorainn a chur le hiarrataí ar fhaisnéis le haghaidh CPLanna Leibhéal 1, ba cheart do ESMA, i bprionsabal, raon réamhshainithe faisnéise a iarraidh go bliantúil. I gcás ina bhféadfadh na rioscaí a bhaineann le CPL Leibhéal 1 a bheith níos mó, bheadh údar maith le níos mó iarrataí, uair sa ráithe ar a laghad, agus le raon feidhme níos leithne faisnéise a iarradh. Mar sin féin, níor cheart go gceanglófaí aon socrú comhair a bheidh i bhfeidhm nuair a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm a choigeartú mura n‑iarrfaidh na húdaráis ábhartha tríú tír amhlaidh.
(36)I gcás ina dtugtar aitheantas faoi Airteagal 25(2b) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, i bhfianaise go bhfuil tábhacht shistéamach leis na CPLanna sin don Aontas nó do cheann amháin nó níos mó dá Bhallstáit, ba cheart a chumhdach leis na socruithe comhair idir ESMA agus na húdaráis ábhartha tríú tír an malartú faisnéise le haghaidh raon níos leithne faisnéise agus ar bhonn níos minice. Sa chás sin, ba cheart nósanna imeachta a bheith i gceist leis na socruithe comhair chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht ar CPL Leibhéal 2 den sórt sin de bhun Airteagal 25 den Rialachán sin. Ba cheart do ESMA a áirithiú gur féidir leis an fhaisnéis uile a fháil is gá chun a dhualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán sin, lena n‑áirítear an fhaisnéis is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagal 25(2b) den Rialachán sin agus chun a áirithiú go roinnfear faisnéis i gcás inar deonaíodh comhlíonadh inchomparáide i bpáirt nó ina iomláine do chontrapháirtí lárnach. Ionas go mbeidh ESMA in ann maoirseacht iomlán éifeachtach a dhéanamh ar CPLanna Leibhéal 2, ba cheart a shoiléiriú gur cheart do na CPLanna sin faisnéis a chur ar fáil do ESMA go tréimhsiúil.
(37)Chun a áirithiú go gcuirfear ESMA ar an eolas freisin faoin gcaoi a n‑ullmhaítear CPL Leibhéal 2 d’anás airgeadais, faoin gcaoi ar féidir leis é a mhaolú agus teacht slán as anás airgeadais, ba cheart a áireamh sna socruithe comhair an ceart go gcuirfí ESMA ar an eolas i gcás ina mbunóidh CPL Leibhéal 2 plean téarnaimh nó i gcás ina mbunóidh údarás tríú tír pleananna réitigh. Ba cheart ESMA a chur ar an eolas freisin faoi na gnéithe is ábhartha do chobhsaíocht airgeadais an Aontais, nó do cheann amháin nó níos mó dá Bhallstáit, agus faoin gcaoi a bhféadfadh cur chun feidhme plean téarnaimh nó réitigh den sórt sin difear ábhartha a dhéanamh do chomhaltaí imréitigh aonair, agus a mhéid is eol do chliaint agus cliaint indíreacha. Ba cheart a léiriú sna socruithe comhair gur cheart ESMA a chur ar an eolas nuair atá sé beartaithe ag CPL Leibhéal 2 a phlean téarnaimh a ghníomhachtú nó i gcás ina gcinneann na húdaráis tríú tír go bhfuil an chosúlacht ann go bhfuil géarchéim ag teacht chun cinn a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’oibríochtaí an CPL, a chomhaltaí imréitigh, a chliant agus a chliaint indíreacha.
(38)Chun maolú a dhéanamh ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do chobhsaíocht airgeadais an Aontais, nó do cheann amháin nó níos mó dá Bhallstáit, níor cheart cead a thabhairt do chontrapháirtithe lárnacha agus do thithe imréitigh a bheith ina gcomhaltaí imréitigh de CPLanna eile ná níor cheart do CPLanna a bheith in ann glacadh le CPLanna eile mar chomhaltaí imréitigh nó mar chomhaltaí imréitigh indíreacha.
(39)Léiríonn na heachtraí a tharla le déanaí ar mhargaí tráchtearraí mar thoradh ar fhogha gan chúis gan údar na Rúise faoin Úcráin nach bhfuil an rochtain chéanna ag contrapháirtithe neamhairgeadais ar leachtacht agus atá ag contrapháirtithe airgeadais. Dá bhrí sin, níor cheart cead a bheith ag contrapháirtithe neamhairgeadais seirbhísí imréitigh cliant a thairiscint agus níor cheart cead a bheith acu cuntais a choimeád ag an CPL ach amháin le haghaidh sócmhainní agus suíomhanna arna sealbhú dá gcuntas féin. I gcás ina bhfuil contrapháirtithe neamhairgeadais ag CPL mar chomhaltaí imréitigh nó ina bhfuil sé beartaithe aige glacadh le contrapháirtithe neamhairgeadais mar chomhaltaí imréitigh, ba cheart don CPL sin a áirithiú gur féidir leis na contrapháirtithe neamhairgeadais na ceanglais éarlaise agus na ranníocaíochtaí cistí mainneachtana a chomhlíonadh, lena n‑áirítear faoi choinníollacha struis. Ós rud é nach bhfuil contrapháirtithe neamhairgeadais faoi réir na gceanglas stuamachta agus na gcoimircí leachtachta céanna agus atá contrapháirtithe airgeadais, ba cheart d’údaráis inniúla na CPLanna a ghlacann leo mar chomhaltaí imréitigh faireachán a dhéanamh ar a rochtain dhíreach ar CPLanna. . Ba cheart d’údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh tuairisciú do ESMA agus don choláiste ar bhonn rialta ar a iomchuí atá sé glacadh le contrapháirtithe neamhairgeadais mar chomhaltaí imréitigh. D’fhéadfadh ESMA tuairim a eisiúint maidir le hoiriúnacht na socruithe sin tar éis athbhreithniú piaraí ad hoc.
(40)Chun a áirithiú go mbeidh infheictheacht agus intuarthacht níos fearr ag cliaint agus ag cliaint indíreacha maidir le glaonna ar éarlais, agus ar an gcaoi sin a straitéisí bainistithe leachtachta a fhorbairt a thuilleadh, ba cheart do chomhaltaí imréitigh agus do chliaint a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh trédhearcacht i leith a gcliant a áirithiú. Mar gheall ar an gcaidreamh níos dlúithe atá acu le CPLanna agus an taithí ghairmiúil atá acu le bainistiú lárnach imréitigh agus leachtachta, is iad na comhaltaí imréitigh is fearr atá in ann a chur in iúl ar bhealach soiléir trédhearcach do chliaint conas a fheidhmíonn samhlacha CPL, lena n‑áirítear i dteagmhais struis, agus na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag teagmhais den sórt sin ar na héarlaisí a iarrtar ar chliain a bhreacadh, lena n‑áirítear aon éarlais bhreise a d’fhéadfadh comhaltaí imréitigh a iarraidh iad féin. Is féidir le tuiscint níos fearr ar shamhlacha éarlaise CPLanna feabhas a chur ar chumas cliant glaonna ar éarlais a thuar go réasúnta agus iad féin a ullmhú le haghaidh iarrataí ar chomhthaobhacht, go háirithe i dteagmhais struis.
(41)Chun a áirithiú go léiríonn samhlacha éarlaise dálaí reatha an mhargaidh, ba cheart do chontrapháirtithe lárnacha athbhreithniú leanúnach a dhéanamh, seachas go díreach athbhreithniú rialta a dhéanamh, ar leibhéal a n‑éarlaisí agus aon éifeacht chomhthimthriallach a d’fhéadfadh a bheith ag athbhreithnithe den sórt sin á gcur san áireamh. Agus éarlaisí á nglao agus á mbailiú ar bhonn ionlae, ba cheart do CPLanna tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag a mbailiúcháin éarlaisí ionlae agus a n‑íocaíochtaí ar shuíomh leachtachta a rannpháirtithe.
(42)Chun a áirithiú go saineofar an riosca leachtachta go cruinn, ba cheart na heintitis a ndéanann CPL a mainneachtain a chur san áireamh chun an riosca sin a chinneadh, ba cheart iad a leathnú ní hamháin chun mainneachtain na gcomhaltaí imréitigh a chumhdach ach chun soláthraithe seirbhísí leachtachta, soláthraithe seirbhísí socraíochta nó aon soláthraí seirbhíse eile a chumhdach freisin.
(43)Chun rochtain ar imréiteach a éascú do na heintitis sin nach bhfuil méideanna leordhóthanacha sócmhainní fíorleachtacha ina seilbh acu, agus go háirithe do chuideachtaí fuinnimh, faoi choinníollacha a shonróidh ESMA agus chun a áirithiú go gcuirfidh CPL na coinníollacha sin san áireamh agus a neamhchosaint fhoriomlán ar bhanc ar comhalta imréitigh é freisin á ríomh, ba cheart ráthaíochtaí bainc thráchtála agus ráthaíochtaí bainc phoiblí a mheas mar chomhthaobhacht incháilithe. Ina theannta sin, mar gheall ar a bpróifíl riosca creidmheasa íseal, ba cheart a shonrú go sainráite go bhfuil ráthaíochtaí poiblí incháilithe mar chomhthaobhacht freisin. Ar deireadh, ba cheart do chontrapháirtí lárnach, agus athbhreithniú á dhéanamh aige ar leibhéal na gcaolchorrlach a chuireann sé i bhfeidhm maidir leis na sócmhainní a ghlacann sé leo mar chomhthaobhacht, aon éifeacht chomhthimthriallach a d’fhéadfadh a bheith ag athbhreithnithe den sórt sin a chur san áireamh.
(44)Chun cumas na CPLanna freagairt go pras d’fhorbairtí margaidh a bhféadfadh leasuithe ar a samhlacha riosca a bheith de dhíth mar gheall orthu, ba cheart simpliú a dhéanamh ar phróiseas bailíochtaithe na n‑athruithe ar shamhlacha den sórt sin. I gcás nach athrú mór atá ann, ba cheart go mbeadh feidhm ag nós imeachta bailíochtaithe neamhagóide. Chun cóineasú maoirseachta a áirithiú, ba cheart a shonrú i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 na hathruithe ba cheart a mheas a bheith mór. Ba cheart an cás a bheith amhlaidh i gcás ina gcomhlíonfaí coinníollacha áirithe a thagraíonn do ghnéithe éagsúla de staid airgeadais agus do leibhéal foriomlán riosca an CPL.
(45)Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a athbhreithniú tráth nach déanaí ná 5 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart go dtabharfadh sé sin am chun na hathruithe a thugtar isteach leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Cé gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ina iomláine, ba cheart don athbhreithniú sin díriú ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht an Rialacháin sin chun a chuid aidhmeanna a bhaint amach, agus feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus sábháilteacht mhargaí imréitigh an Aontais agus cobhsaíocht airgeadais an Aontais a chaomhnú. Ba cheart machnamh a dhéanamh san athbhreithniú freisin ar tharraingteacht CPLanna an Aontais, ar thionchar an Rialacháin seo maidir le himréiteach a spreagadh san Aontas, agus ar a mhéid a chuaigh measúnú agus bainistiú feabhsaithe rioscaí trasteorann chun tairbhe an Aontais.
(46)Chun comhsheasmhacht Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a áirithiú agus chun sláine agus cobhsaíocht an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú, is gá tacar aonfhoirmeach rialacha a leagan síos i Rialachán (AE) 2017/1131 chun aghaidh a thabhairt ar riosca contrapháirtí in idirbhearta díorthach airgeadais arna ndéanamh ag cistí margaidh airgid (CMA), nuair a bheidh na hidirbhearta imréitithe ag CPL atá údaraithe nó aitheanta faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Ós rud é go maolaíonn socruithe imréitigh lárnacha an riosca contrapháirtí atá ina dhlúthchuid de chonarthaí díorthach airgeadais, is gá a chur san áireamh ar imréitíodh díorthach go lárnach ag CPL atá údaraithe nó aitheanta faoin Rialachán sin, agus na teorainneacha riosca contrapháirtí is infheidhme á gcinneadh. Chomh maith leis sin, ní gá , chun críoch rialála agus comhchuibhithe, deireadh a chur le teorainneacha riosca contrapháirtí ach amháin i gcás ina mbaineann na contrapháirtithe úsáid as CPLanna atá údaraithe nó aitheanta i gcomhréir leis an Rialachán sin, chun seirbhísí imréitigh a chur ar fáil do chomhaltaí imréitigh agus dá gcliaint.
(47)Chun comhchuibhiú comhsheasmhach na rialacha agus an chleachtais mhaoirseachta a áirithiú maidir le hiarratais ar údarú, síneadh ar údarú agus bailíochtaithe samhlacha, an ceanglas maidir le cuntas gníomhach agus ceanglais rannpháirtíochta na CPLanna, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag ESMA a ghlacadh maidir leis an méid seo a leanas: na doiciméid a cheanglaítear ar chontrapháirtithe lárnacha a chur isteach agus iarratas á dhéanamh acu ar údarú, ar shíneadh ar údarú agus ar bhailíochtú athruithe sa tsamhail; cion na gníomhaíochta sna conarthaí díorthach ábhartha ba cheart a choinneáil i gcuntais ghníomhacha ag CPLanna an Aontais agus an mhodheolaíocht ríofa atá le húsáid chun an cion sin a ríomh; raon feidhme agus mionsonraí an tuairiscithe a dhéanann comhaltaí imréitigh an Aontais agus a gcliaint dá n‑údaráis inniúla maidir lena ngníomhaíochtaí imréitigh i CPLanna tríú tír agus, san am céanna, na sásraí a chur ar fáil lena spreagtar athbhreithniú ar luachanna na dtairseach imréitigh tar éis luaineachtaí praghais móra san aicme fholuiteach díorthach thar an gcuntar chun athbhreithniú a dhéanamh freisin ar raon feidhme na díolúine fálaithe agus tairseacha don oibleagáid imréitigh a chur i bhfeidhm; agus na heilimintí a bheidh le cur san áireamh agus na critéir iontrála do chontrapháirtí lárnach á leagan síos. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
(48)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún freisin caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh arna bhforbairt ag ESMA maidir le formáid na ndoiciméad is gá le haghaidh iarratas agus formáid an tuairiscithe ó chomhaltaí imréitigh an Aontais agus ó chliaint chuig a n‑údaráis inniúla maidir lena ngníomhaíocht imréitigh i CPLanna tríú tír. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
(49)Chun a áirithiú go mbeidh an liosta de thríú tíortha nach bhféadfaidh a n‑eintitis tairbhe a bhaint as na díolúintí sin, in ainneoin nár sainaithníodh iad sna liostaí sin, go mbeidh an liosta sin ábhartha maidir le cuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, chun comhchuibhiú comhsheasmhach na hoibleagáide idirbhearta áirithe a imréiteach i gcuntas le CPL údaraithe a áirithiú i gcás ina ndéanann ESMA measúnú de bhun Airteagal 25(2c) agus chun a áirithiú go leanfaidh an liosta d’athruithe neamhábhartha le go mbeidh feidhm ag an nós imeachta neamhagóide de bheith ábhartha, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na hidirbhearta faoi raon feidhme na hoibleagáide a choigeartú agus chun liosta na n‑athruithe neamhábhartha a athrú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile san am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe
(50)Maidir le cuspóirí an Rialacháin seo, is é sin le rá sábháilteacht agus éifeachtúlacht CPLanna Aontais a mhéadú trína dtarraingteacht a fheabhsú, trí imréiteach san Aontas a spreagadh agus trí bhreithniú trasteorann ar rioscaí a fheabhsú, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit iad a bhaint amach go leordhóthanach ach, de bharr a bhfairsinge agus a n‑iarmhairtí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
(51)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 575/2013 agus (AE) 2017/1131 a leasú dá réir sin.
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 mar a leanas:
(1)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:
‘Airteagal 3
Idirbhearta laistigh de ghrúpa
1.I ndáil le contrapháirtí neamhairgeadais, is éard a bheidh in idirbheart laistigh de ghrúpa conradh díorthach thar an gcuntar a dhéanfar le contrapháirtí eile atá mar chuid den ghrúpa céanna ar choinníoll go n‑áireofar an dá chontrapháirtí sa chomhdhlúthú céanna ar bhonn iomlán agus go mbeidh siad faoi réir nósanna imeachta iomchuí láraithe maidir le riosca a mheas, a thomhas agus a rialú agus go mbeidh an contrapháirtí sin bunaithe san Aontas nó, má tá sé bunaithe i dtríú tír, nach mbeidh an tríú tír sin liostaithe de bhun mhíreanna 4 agus 5.
2.I ndáil le contrapháirtí airgeadais, aon cheann de na nithe seo a leanas a bheidh in idirbheart laistigh de ghrúpa :
(a)conradh díorthach thar an gcuntar a dhéantar le contrapháirtí eile atá ina chuid den ghrúpa céanna, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)tá an contrapháirtí airgeadais bunaithe san Aontas nó, má tá sé bunaithe i dtríú tír, níl an tríú tír sin liostaithe de bhun mhíreanna 4 agus 5;
(b)is contrapháirtí airgeadais, cuideachta sealbhaíochta airgeadais, institiúid airgeadais nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha é an contrapháirtí eile atá faoi réir ceanglais stuamachta iomchuí;
(c)áirítear an dá chontrapháirtí sa chomhdhlúthú céanna ar bhonn iomlán;
(d)tá an dá contrapháirtí faoi réir nósanna imeachta iomchuí láraithe maidir le riosca a mheas, a thomhas agus a rialú;
(b)conradh díorthach thar an gcuntar a dhéantar le contrapháirtí eile, i gcás inar cuid den scéim cosanta institiúideach chéanna an dá chontrapháirtí, dá dtagraítear in Airteagal 113(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar choinníoll go gcomhlíontar an coinníoll a leagtar amach i bpointe (a)(ii) den mhír seo;
(c)conradh díorthach thar an gcuntar a dhéantar idir institiúidí creidmheasa atá cleamhnaithe leis an gcomhlacht lárnach céanna nó idir institiúid creidmheasa den sórt sin agus an comhlacht lárnach, dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(d)conradh díorthach thar an gcuntar a dhéantar le contrapháirtí neamhairgeadais atá mar chuid den ghrúpa céanna, ar choinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
(a)áirítear an dá chontrapháirtí sa chonradh díorthach sa chomhdhlúthú céanna ar bhonn iomlán agus tá siad faoi réir nósanna imeachta iomchuí láraithe maidir le riosca a mheas, a thomhas agus a rialú;
(b)tá an contrapháirtí neamhairgeadais bunaithe san Aontas nó, má tá sé bunaithe i dtríú tír, níl an tríú tír sin liostaithe faoi mhíreanna 4 agus 5.
3.Chun críocha an Airteagail seo, measfar go mbeidh contrapháirtithe san áireamh sa chomhdhlúthú céanna más rud é gur fíor aon cheann de na nithe seo a leanas fúthu araon:
(a)
tá siad san áireamh i gcomhdhlúthú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE nó leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS) arna nglacadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 nó, i ndáil le grúpa a bhfuil a cheannoifig ag a mháthairghnóthas i dtríú tír, i gcomhréir le prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glactha leo go ginearálta de chuid tríú tír agus a chinntear a bheith coibhéiseach le IFRS i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1569/2007 nó caighdeáin chuntasaíochta tríú tír a gceadaítear iad a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán sin;
(b)
tá siad cumhdaithe ag an maoirseacht chomhdhlúthaithe chéanna i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE nó, i ndáil le grúpa a bhfuil a cheannoifig ag a mháthairghnóthas i dtríú tír, ag an maoirseacht chomhdhlúite chéanna ag údarás inniúil tríú tír atá fíoraithe a bheith coibhéiseach leis an maoirseacht sin atá á rialú ag na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 127 de Threoir 2013/36/AE.
4.Chun críocha an Airteagail seo, ní thairbheoidh idirbhearta le contrapháirtithe atá bunaithe in aon cheann de na tríú tíortha seo a leanas d’aon cheann de na díolúintí d’idirbhearta laistigh de ghrúpa:
(a)
i gcás ina liostaítear an tríú tír mar thríú tír ardriosca a bhfuil easnaimh straitéiseacha aici ina córas maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*1;
(b)
i gcás ina liostaítear an tríú tír in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na conclúidí ón gComhairle maidir le liosta athbhreithnithe an Aontais de dhlínsí neamh‑chomhoibríocha chun críoch cánach*2 agus na nuashonruithe a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin a fhormheastar go sonrach dhá uair sa bhliain, de ghnáth i mí Feabhra agus i mí Dheireadh Fómhair, agus a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an AontaisEorpaigh.
5.
I gcás inarb iomchuí i bhfianaise socruithe dlíthiúla, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin tríú tír maidir le rioscaí, lena n‑áirítear riosca creidmheasa contrapháirtí agus riosca dlíthiúil, cumhachtaítear an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh chun na tríú tíortha a shainaithint nach bhféadfaidh a n‑eintitis tairbhiú d’aon cheann de na díolúintí d’idirbhearta laistigh de ghrúpa d’ainneoin nach liostaítear iad de bhun mhír 4.
___________________________________________________
*1
Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).’
*2
Conclúidí ón gComhairle maidir le liosta athbhreithnithe an Aontais de dhlínsí neamh‑chomhoibríocha chun críoch cánach agus na hIarscríbhinní a ghabhann leo (IO C 413 I, 12.10.2021, lch. 1).;
(2)in Airteagal 4(1), cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:
‘Níl feidhm ag an oibleagáid chun na conarthaí díorthacha thar an gcuntar uile a imréiteach maidir le conarthaí a thugtar i gcrích i gcásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a)(iv), idir, ar thaobh amháin, contrapháirtí airgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4a(1), an dara fomhír, nó contrapháirtí neamhairgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 10(1), an dara fomhír, agus, ar an taobh eile, socrú scéimeanna pinsin a bunaíodh i dtríú tír agus atá ag feidhmiú ar bhonn náisiúnta, ar choinníoll go bhfuil an t‑eintiteas sin nó an socrú sin údaraithe, maoirsithe agus aitheanta faoin dlí náisiúnta agus i gcás inarb é is príomhchuspóir dó sochair scoir a sholáthar agus go bhfuil sé díolmhaithe ón oibleagáid imréitigh faoina dhlí náisiúnta.’;
(3)in Airteagal 4a(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘Agus na suíomhanna dá dtagraítear i mír 1 á ríomh, cuirfidh an contrapháirtí airgeadais san áireamh gach conradh díorthach thar an gcuntar nach n‑imréitítear i gcontrapháirtí lárnach a údaraítear faoi Airteagal 14 nó a aithnítear faoi Airteagal 25, a rinne an contrapháirtí airgeadais sin nó a rinne eintitis eile laistigh den ghrúpa lena mbaineann an contrapháirtí airgeadais sin.’;
(4)cuirtear isteach na hAirteagail 7a agus 7b seo a leanas:
‘Airteagal 7a
Cuntas Gníomhach
1.
Contrapháirtithe airgeadais nó contrapháirtithe neamhairgeadais atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh i gcomhréir le hAirteagail 4a agus 10 agus a dhéanann aon cheann de chatagóirí na gconarthaí díorthacha dá dtagraítear i mír 2 imréiteach, déanfaidh siad ar a laghad cion de na conarthaí sin a imréiteach ag cuntais ag contrapháirtithe lárnacha a údaraítear faoi Airteagal 14.
2.
Is iad seo a leanas na catagóirí conarthaí díorthacha a bheidh faoi réir na hoibleagáide dá dtagraítear i mír 1:
(a)
díorthaigh ráta úis a ainmnítear in euro agus i zloty na Polainne;
(b)
Babhtálacha Mainneachtana Creidmheasa (CDS) a ainmnítear in euro;
(c)
Díorthaigh Ráta Úis Ghearrthéarmaigh (STIR) a ainmnítear in euro.
3.
Déanfaidh contrapháirtí airgeadais nó contrapháirtí neamhairgeadais atá faoi réir na hoibleagáide a leagtar amach i mír 1 a ghníomhaíochtaí a ríomh i gcatagóirí na gconarthaí díorthacha dá dtagraítear i mír 1 ag contrapháirtithe lárnacha a údaraítear faoi Airteagal 14.
4.
Déanfaidh contrapháirtí airgeadais nó contrapháirtí neamhairgeadais atá faoi réir na hoibleagáide a leagtar amach i mír 1 tuairisciú d’údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh nó na gcontrapháirtithe lárnacha a úsáideann sé maidir le toradh an ríomha dá dtagraítear i mír 2 ar bhonn bliantúil, lena ndeimhnítear go bhfuil an oibleagáid a leagtar amach sa mhír sin á comhlíonadh aige. Déanfaidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh an fhaisnéis sin a tharchur láithreach chuig ESMA agus chuig an Sásra Comhfhaireacháin dá dtagraítear in Airteagal 23c.
5.
Déanfaidh ESMA, i gcomhar le ÚBE, ÚEÁPC agus BERS agus tar éis dul i gcomhairle le CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar:
(a)
cion na gníomhaíochta i ngach catagóir de na conarthaí díorthacha dá dtagraítear i mír 2; socrófar an cion sin ar leibhéal arb é an toradh a bheidh air laghdú ar imréiteach sna conarthaí díorthacha sin ag na CPLanna Leibhéal 2 sin a thairgeann seirbhísí a bhfuil tábhacht shistéamach shubstaintiúil leo i dtaca le cobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit de bhun Airteagal 25(2c) agus lena n‑áirithítear nach bhfuil tábhacht shistéamach shubstaintiúil ag baint a thuilleadh le himréiteach sna conarthaí díorthacha sin;
(b)
an mhodheolaíocht ríofa faoi mhír 3.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin … [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
6.
I gcás ina ndéanfaidh ESMA measúnú de bhun Airteagal 25(2c) agus ina gcinnfidh sé go bhfuil tábhacht shistéamach shubstaintiúil ag baint le seirbhísí nó gníomhaíochtaí áirithe arna soláthar ag CPLanna Leibhéal 2 don Aontas nó do cheann amháin nó níos mó dá Bhallstáit nó nach bhfuil seirbhísí nó gníomhaíochtaí a shainaithin ESMA roimhe sin mar sheirbhísí nó gníomhaíochtaí a bhfuil tábhacht shistéamach shubstaintiúil leo don Aontas nó do cheann amháin nó níos mó dá Bhallstáit, cumhachtaítear an Coimisiún chun gníomh tarmligthe a ghlacadh chun mír 2 a leasú dá réir sin, i gcomhréir le hAirteagal 82.
Airteagal 7b
Faisnéis faoi sheirbhísí imréitigh
1.
Comhaltaí imréitigh agus cliaint a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh ag contrapháirtí lárnach atá údaraithe faoi Airteagal 14 agus ag contrapháirtí lárnach a aithnítear faoi Airteagal 25 araon, nuair a chuirfidh ceann dá gcliaint conradh imréitigh isteach, cuirfidh siad an cliant sin ar an eolas faoin bhféidearthacht conradh den sórt sin a imréiteach ag an gcontrapháirtí lárnach a údaraítear faoi Airteagal 14.
2.
Comhaltaí imréitigh agus cliaint atá bunaithe san Aontas nó atá ina chuid de ghrúpa atá faoi réir maoirseacht chomhdhlúite san Aontas agus a imréitíonn i gcontrapháirtí lárnach a aithnítear faoi Airteagal 25, tuairisceoidh siad dá n‑údarás inniúil raon feidhme a ngníomhaíochta imréitigh sa chontrapháirtí lárnach sin ar bhonn bliantúil, agus sonróidh siad na nithe uile seo a leanas:
(a)
cineál na n‑ionstraimí airgeadais nó na gconarthaí neamhairgeadais a imréitítíodh;
(b)
na meánluachanna a imréitíodh i gcaitheamh 1 bhliain amháin de réir airgeadra an Aontais agus de réir na haicme sócmhainne;
(c)
méid na gcorrlach a bailíodh;
(d)
na ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana
(e)
an oibleagáid íocaíochta is mó.
Déanfaidh an t‑údarás inniúil sin an fhaisnéis sin a tharchur go pras chuig ESMA agus chuig an Sásra Comhfhaireacháin dá dtagraítear in Airteagal 23c.
3.
Déanfaidh ESMA, i gcomhar le ÚBE, ÚEÁPC agus BERS agus tar éis dul i gcomhairle le CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar a thuilleadh ábhar na faisnéise atá le tuairisciú agus leibhéal mionsonraí na faisnéise atá le soláthar i gcomhréir le mír 2, agus an fhaisnéis atá ar fáil cheana féin do ESMA faoin gcreat tuairiscithe atá ann cheana á cur san áireamh.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin … [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
4.
Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ina sonrófar formáid na faisnéise atá le cur faoi bhráid an údaráis inniúil dá dtagraítear i mír 2.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin … [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Tabharfar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;
(5)leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
(a)
i mír 1, scriostar an tríú agus an ceathrú fomhír;
(b)
i mír 1a, an ceathrú fomhír,
- cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
‘(a) go mbeadh an t‑eintiteas tríú tír sin cáilithe mar chontrapháirtí airgeadais dá mbunófaí san Aontas é; agus’
- scriostar pointe (b).
(6)in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2a go 5:
‘2a.
Bunóidh údaráis inniúla ábhartha an chontrapháirtí neamhairgeadais agus na n‑eintiteas eile laistigh den ghrúpa nósanna imeachta comhair chun a áirithiú go ndéanfar na suíomhanna a ríomh go héifeachtach agus chun meastóireacht agus measúnú a dhéanamh ar leibhéal na neamhchosanta i gconarthaí díorthacha thar an gcuntar ar leibhéal an ghrúpa.
3.
Agus na suíomhanna dá dtagraítear i mír 1 á ríomh aige, cuirfidh an contrapháirtí neamhairgeadais san áireamh na conarthaí díorthacha thar an gcuntar uile nach n‑imréitítear i gcontrapháirtí lárnach a údaraítear faoi Airteagal 14 nó a aithnítear faoi Airteagal 25 a rinne an contrapháirtí neamhairgeadais, ar conarthaí iad nach féidir a thomhas go hoibiachtúil mar chonarthaí lena laghdaítear rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíocht tráchtála nó le gníomhaíocht mhaoinithe cisteáin an chontrapháirtí neamhairgeadais.
4.
Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála, tar éis dul i gcomhairle le BERS agus le húdaráis ábhartha eile, lena sonrófar na nithe seo a leanas go léir:
(a)
na critéir chun a shuí cé na conarthaí díorthacha thar an gcuntar is féidir a thomhas go hoibiachtúil mar chonarthaí lena laghdaítear rioscaí a bhaineann go díreach leis an ngníomhaíocht tráchtála nó leis an ngníomhaíocht mhaoinithe cisteáin dá dtagraítear i mír 3;
(b)
luachanna na dtairseach imréitigh, a chinntear agus ábharthacht shistéamach na suíomhanna oscailte agus na nglan‑neamhchosaintí todhchaí de réir contrapháirtí agus de réir aicme díorthach thar an gcuntar á gcur san áireamh;
(c)
na sásraí lena spreagtar athbhreithniú ar luachanna na dtairseach imréitigh tar éis luaineachtaí praghsanna móra san aicme fholuiteach de dhíorthaigh thar an gcuntar.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin … [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Déanfaidh ESMA athbhreithniú, i gcomhairle le BERS, ar na tairseacha imréitigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), agus aird á tabhairt, go háirithe, ar idirnascthacht na gcontrapháirtithe airgeadais. Déanfar an t‑athbhreithniú sin gach 2 bhliain ar a laghad, agus níos luaithe i gcás inar gá nó i gcás ina gceanglaítear sin faoin sásra a bhunaítear faoin gcéad fhomhír, pointe (c), agus féadfar athruithe ar na tairseacha a shonraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), a mholadh leis na caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun an Airteagail seo. Agus athbhreithniú á dhéanamh ag ESMA ar na tairseacha imréitigh, déanfaidh sé a mheas an aicmí ábhartha díorthach thar an gcuntar iad na haicmí díorthach thar an gcuntar, ar socraíodh tairseach imréitigh ina leith, nó ar cheart aicmí nua a thabhairt isteach.
Beidh tuarascáil ó ESMA ar an ábhar ag gabháil leis an athbhreithniú tréimhsiúil sin.
5.
Ainmneoidh gach Ballstát údarás a bheidh freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfar oibleagáidí na gcontrapháirtithe neamhairgeadais faoin Rialachán seo. Tuairisceoidh an t‑údarás sin do ESMA uair amháin sa bhliain ar a laghad, agus níos minice ná sin i gcás ina sainaithnítear staid éigeandála faoi Airteagal 24, maidir le gníomhaíocht i ndíorthaigh thar an gcuntar na gcontrapháirtithe neamhairgeadais a bhfuil sé freagrach astu chomh maith le gníomhaíocht an ghrúpa lena mbaineann siad.
Gach 2 bhliain ar a laghad, cuirfidh ESMA tuarascáil i láthair Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin ar ghníomhaíochtaí chontrapháirtithe neamhairgeadais de chuid an Aontais i ndíorthaigh thar an gcuntar, ina sainaithneofar réimsí ina bhfuil easpa cóineasaithe agus comhsheasmhachta i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo chomh maith leis na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do chobhsaíocht airgeadais an Aontais.’;
(7)leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:
(a)
i mír 2, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:
‘Contrapháirtí neamhairgeadais a thiocfaidh faoi réir na n‑oibleagáidí a leagtar síos sa chéad fhomhír den chéad uair, bunóidh sé na socruithe is gá chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh laistigh de 4 mhí tar éis an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 10(1), an dara fomhír, pointe (a). Beidh contrapháirtí neamhairgeadais díolmhaithe ó na hoibleagáidí sin i gcás conarthaí a dhéanfar le linn na 4 mhí tar éis an fhógra sin.’;
(b)
i mír 3, cuirtear isteach na fomhíreanna seo a leanas:
‘Contrapháirtí neamhairgeadais a thiocfaidh faoi réir na n‑oibleagáidí a leagtar amach sa chéad fhomhír den chéad uair, bunóidh sé na socruithe is gá chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh laistigh de 4 mhí tar éis an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 10(1), an dara fomhír, pointe (a). Beidh contrapháirtí neamhairgeadais díolmhaithe ó na hoibleagáidí sin i gcás conarthaí a dhéanfar le linn na 4 mhí tar éis an fhógra sin.
Féadfaidh ÚBE treoirlínte nó moltaí a eisiúint d’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na nósanna imeachta bainistithe riosca dá dtagraítear sa chéad fhomhír a áirithiú, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Forbróidh ÚBE dréachtaí de na treoirlínte nó de na moltaí sin i gcomhar leis na ÚMEnna.’;
(c)
i mír 15, an chéad fhomhír, scriostar pointe (aa).
(8)scriostar Airteagal 13;
(9)leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:
(a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3.
Deonófar an t‑údarú dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh gníomhaíochtaí atá nasctha le himréiteach agus sonrófar san údarú na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí a bhfuil an contrapháirtí lárnach údaraithe a sholáthar nó a chomhlíonadh lena n‑áirítear na haicmí ionstraimí airgeadais a chuimsítear leis an údarú sin.
Eintiteas a dhéanann iarratas ar údarú mar chontrapháirtí lárnach chun ionstraimí airgeadais a imréiteach, áireoidh sé san iarratas, le cois na n‑aicmí ionstraimí airgeadais a bhfuil sé ag déanamh iarratais chun iad a imréiteach, na haicmí ionstraimí neamhairgeadais atá oiriúnach lena n‑imréiteach agus a bheartaíonn an contrapháirtí lárnach sin a imréiteach.
I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag contrapháirtí lárnach a údaraítear de bhun an Airteagail seo aicmí ionstraimí neamhairgeadais a imréiteach atá oiriúnach lena n‑imréiteach, déanfaidh sé iarratas ar a údarú a leathnú de bhun Airteagal 15.’;
(b)
cuirtear isteach na míreanna 6 agus 7 seo a leanas:
‘6.
Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ESMA, i ndlúthchomhar le CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar liosta na ndoiciméad riachtanach a bheidh ag gabháil le hiarratas ar údarú de bhun mhír 1 agus ina sonrófar an fhaisnéis a bheidh sna doiciméid sin d’fhonn a léiriú go gcomhlíonann an contrapháirtí lárnach ceanglais ábhartha uile an Rialacháin seo.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin … [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
7.
Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ina sonrófar formáid leictreonach an iarratais atá le cur faoi bhráid an bhunachair sonraí lárnaigh maidir le húdarú dá dtagraítear i mír 1.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin … [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Tabharfar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;
(10)leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:
(a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1.
Contrapháirtí lárnach atá ag iarraidh a ghnó a leathnú chun seirbhísí agus gníomhaíochtaí breise a chumhdach nach gcumhdaítear leis an údarú atá ann cheana, cuirfidh sé iarraidh ar leathnúchun údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh a chumhdach. Measfar gur leathnú ar an údarú sin é seirbhísí nó gníomhaíochtaí imréitigh a thairiscint nach ndearnadh an contrapháirtí lárnach a údarú cheana ina leith.
Déanfar an t‑údarú a leathnú i gcomhréir le ceann amháin de na nithe seo a leanas:
(a)an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17;
(b)an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17a i gcás ina n‑iarrfaidh an CPL is iarratasóir amhlaidh de bhun Airteagal 17a(3).’;
(b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3.
Forbróidh ESMA, i ndlúthchomhar le CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar liosta na ndoiciméad riachtanach a bheidh ag gabháil le hiarratas ar údarú a leathnú de bhun mhír 1 agus ina sonrófar an fhaisnéis a bheidh sna doiciméid sin d’fhonn a léiriú go gcomhlíonann an contrapháirtí lárnach ceanglais ábhartha uile an Rialacháin seo.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin … [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;
(c)
cuirtear isteach an mhír 4 seo a leanas:
‘4.
Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ina sonrófar formáid leictreonach an iarratais atá le cur faoi bhráid an bhunachair sonraí lárnaigh maidir le leathnú an údaraithe dá dtagraítear i mír 1.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin … [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Tabharfar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;
(11)leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:
(a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal an Airteagail:
‘Nós imeachta maidir le hiarratas ar údarú nó ar leathnú ar údarú a dheonú agus a dhiúltú’
(b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1, 2 agus 3:
‘1.
Déanfaidh an CPL is iarratasóir iarratas ar údarú dá dtagraítear in Airteagal 14(1) nó iarratas ar leathnú ar a údarú dá dtagraítear in Airteagal 15(1) a chur isteach i bhformáid leictreonach tríd an mbunachar sonraí lárnach dá dtagraítear i mír 7. Déanfar an t‑iarratas a roinnt láithreach le húdarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh, le ESMA agus leis an gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18(1).
Laistigh de 2 lá oibre tar éis an t‑iarratas sin a fháil, admhóidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh go bhfuarthas an t‑iarratas, agus luafaidh sé leis an gcontrapháirtí lárnach cé acu atá nó nach bhfuil na doiciméid ann a cheanglaítear de bhun Airteagal 14(6) agus (7) nó, i gcás ina ndearna an contrapháirtí lárnach iarratas ar a údarú a leathnú, de bhun Airteagal 15(3) agus (4).
I gcás ina gcinnfidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh nár cuireadh isteach na doiciméid uile a cheanglaítear de bhun Airteagal 14(6) agus (7) nó Airteagal 15(3) agus (4), diúltóidh sé d’iarratas an chontrapháirtí lárnaigh.
2.
Soláthróidh an CPL is iarratasóir an fhaisnéis uile is gá chun a léiriú go bhfuil na socruithe uile is gá bunaithe aige, tráth an údaraithe, chun na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh.
3.
Laistigh de 40 lá oibre ó dheireadh na tréimhse a leagtar amach sa dara fomhír de mhír 1 (‘an tréimhse measúnaithe riosca’), déanfaidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh, ESMA agus an coláiste measúnuithe riosca ar chomhlíontacht an CPL leis na ceanglais ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo. Faoi dheireadh na tréimhse measúnaithe riosca:
(a)déanfaidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh a dhréachtchinneadh agus a thuarascáil a tharchur chuig ESMA agus chuig an gcoláiste;
(b)glacfaidh ESMA tuairim i gcomhréir le hAirteagal 24a(7) agus tarchuirfidh sé chuig údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh agus chuig an gcoláiste í;
(c)glacfaidh an coláiste tuairim de bhun Airteagal 19 agus tarchuirfidh sé chuig údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh agus chuig ESMA í.
Chun críocha phointe (b), féadfaidh ESMA a áireamh ina thuairim aon choinníoll nó aon mholadh a mheasann sé is gá chun aon easnamh i mbainistiú riosca an chontrapháirtí lárnaigh a mhaolú, go háirithe i ndáil le rioscaí trasteorann sainaitheanta nó rioscaí do chobhsaíocht airgeadais an Aontais.
Chun críocha phointe (c), féadfaidh an coláiste a áireamh ina thuairim aon choinníoll nó aon mholadh a mheasann sé is gá chun aon easnamh i mbainistiú riosca an chontrapháirtí lárnaigh a mhaolú.’;
(d)
cuirtear isteach na míreanna 3a agus 3b seo a leanas:
‘3a.
Le linn na tréimhse measúnaithe riosca dá dtagraítear i mír 3, féadfaidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh, ESMA nó aon duine de chomhaltaí an choláiste ceisteanna a chur go díreach chuig an gcontrapháirtí lárnach. I gcás nach bhfreagróidh an contrapháirtí lárnach na ceisteanna sin laistigh den tréimhse ama a leagfaidh an t‑údarás iarrthach síos, féadfaidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh, ESMA nó an coláiste cinneadh a dhéanamh in éagmais fhreagairt an chontrapháirtí lárnaigh nó féadfaidh siad a chinneadh síneadh nach faide ná 10 lá oibre a chur leis an tréimhse measúnaithe, más rud é, dar leo, go bhfuil an cheist ábhartha don mheasúnú.
3b.
Laistigh de 10 lá oibre tar éis d’údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh tuairim ESMA agus tuairim an choláiste araon a fháil, glacfaidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh a chinneadh agus tarchuirfidh sé chuig ESMA agus chuig an gcoláiste é.
I gcás nach n‑aontóidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh le tuairim ó ESMA nó ón gcoláiste, lena n‑áirítear aon choinníoll nó aon mholadh atá inti, beidh cúiseanna iomlána agus míniú sa chinneadh maidir le haon imeacht suntasach ón tuairim sin nó ó na coinníollacha nó ó na moltaí sin.
Foilseoidh ESMA an fíoras nach gcomhlíonann údarás inniúil a thuairim nó tuairim an choláiste nó aon choinníoll nó aon mholadh sa tuairim sin nó nach bhfuil sé beartaithe aige iad a chomhlíonadh. Féadfaidh ESMA a chinneadh freisin, ar bhonn cás ar chás, na cúiseanna a fhoilsiú a sholáthair an t‑údarás inniúil i dtaobh neamhchomhlíonadh thuairim ESMA nó thuairim an choláiste nó aon choinníoll nó aon mholadh sna tuairimí sin.’;
(e)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4.
Tar éis tuairimí ESMA agus an choláiste dá dtagraítear i mír 3 a bhreithniú go cuí, lena n‑áirítear aon choinníoll nó aon mholadh iontu, tabharfaidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh údarú dá dtagraítear in Airteagal 14 agus in Airteagal 15(1), an dara fomhír, pointe (a), i gcás ina mbeidh sé lánsásta go bhfuil an méid seo fíor i dtaca leis an CPL is iarratasóir agus sa chás sin amháin:
(a)go gcomhlíonann sé na ceanglais uile a leagtar síos sa Rialachán seo lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme, ceanglais chun seirbhísí nó gníomhaíochtaí imréitigh a chur ar fáil le haghaidh ionstraimí neamhairgeadais; agus
(b)go dtugtar fógra ina leith mar chóras de bhun Threoir 98/26/CE.
Ní údarófar an contrapháirtí lárnach i gcás ina dtiocfaidh comhaltaí uile an choláiste, seachas údaráis an Bhallstáit ina bhfuil an contrapháirtí lárnach bunaithe, ar thuairim chomhpháirteach trí chomhaontú frithpháirteach, de bhun Airteagal 19(1), nár cheart an contrapháirtí lárnach a údarú. Sa tuairim sin, luafar i scríbhinn na cúiseanna iomlána agus mionsonraithe atá ag an gcoláiste lena mheas nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo nó i ndlí eile de chuid an Aontais á gcomhlíonadh.
I gcás nár thángthas ar thuairim chomhpháirteach trí chomhaontú frithpháirteach dá dtagraítear sa dara fomhír agus i gcás inar léirigh tromlach dhá thrian den choláiste tuairim dhiúltach, féadfaidh aon cheann de na húdaráis inniúla lena mbaineann, bunaithe ar an tromlach dhá thrian sin den choláiste, laistigh de 30 lá féilire ón tráth a glacadh an tuairim dhiúltach sin, an t‑ábhar a tharchur chuig ESMA i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Sa chinneadh um tharchur, luafar i scríbhinn na cúiseanna iomlána agus mionsonraithe atá ag comhaltaí ábhartha an choláiste lena mheas nach bhfuil na ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo nó codanna eile de dhlí an Aontais á gcomhlíonadh. Sa chás sin, cuirfidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh a chinneadh maidir le húdarú siar agus fanfaidh sé le haon chinneadh maidir le húdarú a d’fhéadfadh ESMA a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Déanfaidh an t‑údarás inniúil a chinneadh i gcomhréir le cinneadh ESMA. Ní dhéanfar an t‑ábhar a tharchur chuig ESMA tar éis dheireadh na tréimhse 30 lá dá dtagraítear sa tríú fomhír.
I gcás ina dtiocfaidh comhaltaí uile an choláiste, seachas údaráis an Bhallstáit ina bhfuil an contrapháirtí lárnach bunaithe, ar thuairim chomhpháirteach trí chomhaontú frithpháirteach de bhun Airteagal 19(1), nár cheart údarú a thabhairt don chontrapháirtí lárnach, féadfaidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh an t‑ábhar a tharchur chuig ESMA i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an contrapháirtí lárnach bunaithe an cinneadh a tharchur chuig na húdaráis inniúla eile lena mbaineann.’;
(f)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:
‘7.
Coinneoidh ESMA bunachar sonraí lárnach ar bun lena dtabharfar rochtain d’údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh, ESMA, agus comhaltaí an choláiste i gcás an chontrapháirtí lárnaigh sin (‘faighteoirí cláraithe’), ar gach doiciméad atá cláraithe sa bhunachar sonraí maidir leis an gcontrapháirtí lárnach sin. Cuirfidh an contrapháirtí lárnach an t‑iarratas dá dtagraítear in Airteagal 14, Airteagal 15(1), an dara fomhír, pointe (a), agus Airteagal 49 isteach tríd an mbunachar sonraí sin.
Déanfaidh na faighteoirí cláraithe na doiciméid uile a gheobhaidh siad ón gcontrapháirtí lárnach i ndáil le hiarratas de bhun mhír 1 a uaslódáil go pras agus cuirfidh an bunachar sonraí lárnach na faighteoirí cláraithe ar an eolas go huathoibríoch nuair a dhéanfar athruithe ar a ábhar. Sa bhunachar sonraí lárnach, beidh na doiciméid uile a sholáthair contrapháirtí lárnach is iarratasóir faoi mhír 1 agus gach doiciméad eile is ábhartha don mheasúnú a dhéanfaidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh, ESMA agus an coláiste.
Beidh rochtain ag comhaltaí an Choiste Maoirseachta do CPLanna ar an mbunachar sonraí lárnach freisin chun a gcúraimí a chomhlíonadh de bhun Airteagal 24a(7). Féadfaidh Cathaoirleach an Choiste Maoirseachta do CPLanna rochtain a theorannú ar chuid de na doiciméid i gcás chomhaltaí an Choiste Maoirseachta do CPLanna dá dtagraítear in Airteagal 24a, pointí (c) agus (d)(ii), i gcás ina bhfuil údar cuí leis sin ar bhonn imní rúndachta.’;
(12)cuirtear isteach na hAirteagail 17a agus 17b seo a leanas:
‘Airteagal 17a
Nós imeachta neamhagóide maidir le hiarratas ar leathnú gníomhaíochtaí nó seirbhísí a dheonú
1.
Beidh feidhm ag an nós imeachta neamhagóide maidir le hathruithe neamhábhartha ar údarú reatha contrapháirtí lárnaigh in aon cheann de na cásanna seo a leanas inar fíor an méid seo a leanas faoin tseirbhís nó faoin ngníomhaíocht bhreise imréitigh atá beartaithe:
(a)
comhlíonann sí na coinníollacha uile seo a leanas:
(i)
tá sé beartaithe ag an gcontrapháirtí lárnach ionstraim airgeadais amháin nó níos mó a imréiteach a bhaineann leis na haicmí céanna ionstraimí airgeadais atá sé údaraithe a imréiteach faoi Airteagail 14 nó 15;
(ii)
trádáiltear na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (i) ar ionad trádála dá soláthraíonn an contrapháirtí lárnach seirbhísí imréitigh cheana féin nó dá ndéanann sé gníomhaíochtaí imréitigh cheana féin; agus
(iii)
níl íocaíocht in airgeadra nua i gceist leis an tseirbhís nó leis an ngníomhaíocht bhreise imréitigh atá beartaithe;
(b)
cuireann sí airgeadra nua de chuid an Aontais le haicme ionstraimí airgeadais atá cumhdaithe cheana féin ag údarú an chontrapháirtí lárnaigh; nó
(c)
cuireann sí aibíocht bhreise amháin nó níos mó le haicme ionstraimí airgeadais atá cumhdaithe cheana féin ag údarú an chontrapháirtí lárnaigh ar choinníoll nach gcuirfear síneadh mór leis an raon aibíochta.
2.
Féadfaidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh a chinneadh freisin, tar éis dó ionchur na comhfhoirne maoirseachta a cuireadh ar bun don chontrapháirtí lárnach sin de bhun Airteagal 23b a mheas, nós imeachta neamhagóide an Airteagail seo a chur i bhfeidhm i gcás ina n‑iarrann contrapháirtí lárnach amhlaidh agus i gcás nach gcomhlíonann an tseirbhís nó an ghníomhaíocht bhreise imréitigh atá beartaithe aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)is é an toradh atá uirthi nach mór don chontrapháirtí lárnach a struchtúr oibríochtúil a oiriúnú go mór, ag aon phointe i dtimthriall an chonartha:
(b)áirítear léi conarthaí a thairiscint nach féidir a leachtú ar an mbealach céanna, amhail trí thairiscint dhíreach nó trí cheant, nó mar aon le conarthaí a d’imréitigh an contrapháirtí lárnach cheana féin;
(c)is é an toradh atá uirthi nach mór don chontrapháirtí lárnach sonraíochtaí conartha ábhartha nua a chur san áireamh, amhail síntí móra ar na raonta aibíochta nó stíleanna nua feidhmithe roghanna laistigh de chatagóir conarthaí;
(d)is é an toradh atá uirthi go dtugtar isteach rioscaí ábhartha nua, atá nasctha le saintréithe éagsúla na sócmhainní dá dtagraítear;
(e)áirítear léi sásra nua socraíochta nó seachadta nó seirbhís nua a thairiscint a bhaineann le naisc a bhunú le córas socraíochta urrús, taisclann lárnach urrús nó córas íocaíochta éagsúil nár bhain an contrapháirtí lárnach úsáid astu roimhe sin.
3.
Contrapháirtí lárnach a chuirfidh isteach iarratas ar leathnú agus é ag iarraidh go gcuirfí an nós imeachta neamhagóide i bhfeidhm, léireoidh sé cén fáth a gcáilíonn an leathnú atá beartaithe ar a ghnó chuig seirbhísí imréitigh breise nó chuig gníomhaíochtaí imréitigh breise faoi mhíreanna 1 nó 2 chun measúnú a dhéanamh air faoin nós imeachta neamhagóide. Cuirfidh an contrapháirtí lárnach a iarratas isteach i bhformáid leictreonach tríd an mbunachar sonraí lárnach dá dtagraítear in Airteagal 17(7) agus soláthróidh sé an fhaisnéis uile is gá chun a léiriú go bhfuil na socruithe uile is gá bunaithe aige, tráth an údaraithe, chun na ceanglais ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh.
Contrapháirtí lárnach a dhéanann iarratas ar leathnú ar a údarú agus é ag iarraidh go gcuirfí an nós imeachta neamhagóide i bhfeidhm agus go dtiocfadh na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí imréitigh breise atá beartaithe faoi raon feidhme mhír 1, féadfaidh sé tús a chur le himréiteach na n‑ionstraimí airgeadais breise sin nó na n‑ionstraimí neamhairgeadais breise sin atá oiriúnach lena n‑imréiteach roimh chinneadh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh de bhun mhír 4.
4.
Laistigh de 10 lá oibre tar éis iarratas de bhun mhír 2 a fháil, cinnfidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh, tar éis ionchur na comhfhoirne maoirseachta a cuireadh ar bun don chontrapháirtí lárnach sin de bhun Airteagal 23b a bhreithniú, an mbeidh an t‑iarratas faoi réir an nós imeachta neamhagóide a leagtar amach san Airteagal seo nó, má tá rioscaí ábhartha sainaitheanta ag údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh mar thoradh ar an leathnú atá beartaithe ar ghnó an chontrapháirtí lárnaigh chuig seirbhísí nó gníomhaíochtaí imréitigh breise, cinnfidh sé go mbeidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17. Tabharfaidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh fógra don chontrapháirtí lárnach is iarratasóir faoina chinneadh. I gcás ina gcinneann údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh go mbeidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17, scoirfidh an contrapháirtí lárnach den tseirbhís nó den ghníomhaíocht imréitigh sin a sholáthar laistigh de 5 lá oibre tar éis dó an fógra sin a fháil.
5.
I gcás nár chuir údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh a agóid in iúl, tar éis ionchur na comhfhoirne maoirseachta a cuireadh ar bun don chontrapháirtí lárnach sin de bhun Airteagal 23b a mheas, in aghaidh na seirbhísí breise nó na ngníomhaíochtaí breise atá beartaithe ag an gcontrapháirtí lárnach laistigh de 10 lá oibre ón iarratas a fháil i gcás ina bhfuil feidhm ag mír 1 nó ón bhfógra dá dtagraítear i mír 4 a fháil, i gcás ina bhfuil feidhm ag an mír sin, lena ndeimhnítear go bhfuil feidhm ag an nós imeachta neamhagóide a leagtar amach san Airteagal seo, measfar gur deonaíodh an t‑údarú.
6.
Cumhachtaítear an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí aon athrú ar liosta na n‑athruithe neamhábhartha a liostaítear faoi mhír 1 a shonrú, i gcás nach mbeadh riosca méadaithe ann don chontrapháirtí lárnach mar thoradh ar an athrú sin.
Airteagal 17b
Nós imeachta chun tuairim a lorg ó ESMA agus ón gcoláiste
1.
Cuirfidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh iarraidh isteach i bhformáid leictreonach tríd an mbunachar sonraí lárnach dá dtagraítear in Airteagal 17(7) ar thuairim:
(a)ó ESMA de bhun Airteagal 23a(2), i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an údarás inniúil cinneadh a ghlacadh i ndáil le hAirteagail 7, 8, 20, 21, 29, 30, 31, 32, 33, 35, 36, 41 agus 54;
(b)ón gcoláiste de bhun Airteagal 18, i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an údarás inniúil cinneadh a ghlacadh i ndáil le hAirteagail 20, 21, 30, 31, 32, 35, 41, 49, 51 agus 54.
Déanfar an iarraidh sin ar thuairim a roinnt láithreach leis na faighteoirí cláraithe.
2.
Mura sonraítear a mhalairt faoin Airteagal ábhartha, déanfaidh ESMA agus an coláiste, laistigh de 30 lá oibre ón iarraidh dá dtagraítear i mír 1 a fháil (‘an tréimhse mheasúnaithe’), measúnú ar chomhlíontacht an CPL leis na ceanglais faoi seach. Faoi dheireadh na tréimhse measúnaithe:
(a)
déanfaidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh a dhréachtchinneadh agus a thuarascáil a tharchur chuig ESMA agus chuig an gcoláiste;
(b)
glacfaidh ESMA tuairim i gcomhréir le hAirteagal 24a(7), an chéad fhomhír, pointe (bc), agus tarchuirfidh sé chuig údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh agus chuig an gcoláiste í. Féadfaidh ESMA a áireamh ina thuairim aon choinníoll nó aon mholadh a mheasann sé is gá chun aon easnamh i mbainistiú riosca an chontrapháirtí lárnaigh a mhaolú, go háirithe i ndáil le rioscaí trasteorann sainaitheanta nó rioscaí do chobhsaíocht airgeadais an Aontais;
(c) glacfaidh an coláiste tuairim de bhun Airteagal 19 agus tarchuirfidh sé chuig ESMA agus chuig údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh í. Féadfar a áireamh i dtuairim an choláiste aon choinníoll nó aon mholadh a mheasann an coláiste is gá chun aon easnamh i mbainistiú riosca an chontrapháirtí lárnaigh a mhaolú.
3.
Laistigh de 10 lá oibre ón tuairim ó ESMA a fháil agus, i gcás inar gá, ó thuairim an choláiste a fháil, déanfaidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh, tar éis tuairimí ESMA agus an choláiste a bhreithniú go cuí, lena n‑áirítear aon choinníoll nó aon mholadh atá inti/iontu, a chinneadh a ghlacadh agus a tharchur chuig ESMA agus chuig an gcoláiste.
I gcás nach n‑aontóidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh le tuairim ó ESMA nó ón gcoláiste, lena n‑áirítear aon choinníoll nó aon mholadh atá inti, beidh cúiseanna iomlána agus míniú sa chinneadh maidir le haon imeacht suntasach ón tuairim sin nó ó na coinníollacha nó ó na moltaí sin.
Foilseoidh ESMA an fíoras nach gcomhlíonann údarás inniúil a thuairim nó tuairim an choláiste nó aon choinníoll nó aon mholadh sa tuairim sin nó nach bhfuil sé beartaithe aige iad a chomhlíonadh. Féadfaidh ESMA a chinneadh freisin, ar bhonn cás ar chás, na cúiseanna a fhoilsiú a sholáthair an t‑údarás inniúil i dtaobh neamhchomhlíonadh thuairim ESMA nó thuairim an choláiste nó aon choinníoll nó aon mholadh sna tuairimí sin.’;
(13)leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:
(a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Laistigh de 30 lá féilire ó iarratas comhlánaithe a bheith curtha isteach i gcomhréir le hAirteagal 17, déanfaidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh coláiste a bhunú chun feidhmiú na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagail 15, 17, 20, 21, 30, 31, 32, 35, 41, 49, 51 agus 54 a éascú.’;
(b)
i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
‘(a)
an Cathaoirleach nó aon duine de chomhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna dá dtagraítear in Airteagal 24a(2), pointí (a) agus (b), a dhéanfaidh bainistiú ar an gcoláiste agus a dhéanfaidh cathaoirleacht air;’;
(14)leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:
(a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1.
I gcás ina gceanglófar ar an gcoláiste tuairim a thabhairt de bhun an Rialacháin seo, tiocfaidh sé ar thuairim chomhpháirteach lena gcinnfear cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an contrapháirtí lárnach na ceanglais uile a leagtar síos sa Rialachán seo.
Gan dochar d’Airteagal 17(4), an tríú fomhír, agus mura dtiocfar ar thuairim chomhpháirteach i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, glacfaidh an coláiste tuairim thromlaigh laistigh den tréimhse ama chéanna.’;
(b)
i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú fomhír:
Ní bheidh aon cheart vótála ag comhaltaí an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18(2), pointí (ca) agus (i), i leith thuairimí an choláiste.’;
(c)
scriostar mír 4;
(15)in Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 go 7:
‘3.
Rachaidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh i gcomhairle le ESMA agus le comhaltaí an choláiste, i gcomhréir le mír 6, maidir leis an ngá a bheidh le húdarú an chontrapháirtí lárnaigh a tharraingt siar, ach amháin i gcás ina bhfuil gá go práinneach le cinneadh.
4.
Féadfaidh ESMA nó aon chomhalta den choláiste, tráth ar bith, a iarraidh go ndéanfadh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh scrúdú ar cé acu atá nó nach bhfuil an contrapháirtí lárnach fós i gcomhréir leis na coinníollacha faoinar deonaíodh an t‑údarú.
5.
Féadfaidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh an tarraingt siar a theorannú ionas nach mbainfidh sí ach le seirbhís, le gníomhaíocht, nó le haicme ionstraimí airgeadais nó ionstraimí neamhairgeadais ar leith.
6.
Sula ndéanfaidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh cinneadh seirbhís, gníomhaíocht, nó aicme ionstraimí airgeadais nó ionstraimí neamhairgeadais ar leith a tharraingt siar, iarrfaidh sé tuairimí ESMA agus an choláiste i gcomhréir le hAirteagal 17b.
7.
I gcás ina ndéanfaidh údarás inniúil contrapháirtí lárnaigh cinneadh maidir le húdarú a tharraingt siar ina iomláine nó i ndáil le seirbhís, le gníomhaíocht, nó le aicme ionstraimí airgeadais nó ionstraimí neamhairgeadais ar leith, gabhfaidh éifeacht leis an gcinneadh sin ar fud an Aontais.’;
(16)leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:
(a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1.
Déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 22 gach ceann de na nithe seo a leanas:
(a)
athbhreithniú ar na socruithe, na straitéisí, na próisis agus na sásraí a chuireann contrapháirtithe lárnacha chun feidhme chun an Rialachán seo a chomhlíonadh;
(b)
athbhreithniú ar na seirbhísí nó ar na gníomhaíochtaí a bhfuil an contrapháirtí lárnach tosaithe á soláthar tar éis na nósanna imeachta neamhagóide de bhun Airteagal 17a nó de bhun Airteagal 49;
(c)
meastóireacht ar na rioscaí, lena n‑áirítear rioscaí airgeadais agus oibríochtúla, a bhfuil contrapháirtithe lárnacha neamhchosanta orthu nó a bhféadfadh contrapháirtithe lárnacha a bheith neamhchosanta orthu.’;
(b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:
‘3.
Tar éis do na húdaráis inniúla ionchur na comhfhoirne maoirseachta a bunaíodh don chontrapháirtí lárnach sin de bhun Airteagal 23b a bhreithniú, leagfaidh siad síos minicíocht agus doimhneacht an athbhreithnithe agus na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ag féachaint go háirithe do mhéid, tábhacht shistéamach, cineál, scála, castacht na ngníomhaíochtaí agus idirnascthacht le bonneagair eile margaidh airgeadais na gcontrapháirtithe lárnacha lena mbaineann agus do na tosaíochtaí maoirseachta a shuigh ESMA i gcomhréir le hAirteagal 24a(7), an chéad fhomhír, pointe (ba). Déanfaidh na húdaráis inniúla an t‑athbhreithniú agus an mheastóireacht a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil ar a laghad.
Beidh na contrapháirtithe lárnacha faoi réir cigireachtaí ar an láthair. Iarrfaidh na húdaráis inniúla ar chomhaltaí na comhfhoirne maoirseachta a cuireadh ar bun don chontrapháirtí lárnach sin de bhun Airteagal 23b páirt a ghlacadh i gcigireachtaí ar an láthair.
Cuirfidh an t‑údarás inniúil ar aghaidh chuig comhaltaí na comhfhoirne maoirseachta a cuireadh ar bun don chontrapháirtí lárnach sin de bhun Airteagal 23b aon fhaisnéis a gheofar ó na contrapháirtithe lárnacha le linn cigireachtaí ar an láthair nó i ndáil leo.
4
Cuirfidh na húdaráis inniúla tuarascáil faoi bhráid an choláiste go rialta, agus uair sa bhliain ar a laghad, maidir le torthaí an athbhreithnithe agus na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1, lena n‑áirítear an ndearna an t‑údarás inniúil aon ghníomhaíocht leasúcháin nó ar fhorchuir sé pionóis. Cuirfidh na húdaráis inniúla an tuarascáil lena gcumhdaítear bliain féilire in iúl do ESMA faoin 30 Márta den bhliain féilire dár gcionn. Beidh an tuarascáil sin faoi réir tuairim ón gcoláiste de bhun Airteagal 19 agus tuairim ó ESMA de bhun Airteagal 24a(7), an chéad fhomhír, pointe (bc), a eisíodh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17b.’;
(17)leasaítear Airteagal 23a mar a leanas:
(a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:
‘1.
Comhlíonfaidh ESMA ról comhordúcháin idir údaráis inniúla agus ar fud na gcoláistí chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
cultúr maoirseachta coiteann agus cleachtais mhaoirseachta chomhsheasmhacha a fhorbairt;
(b)
nósanna imeachta aonfhoirmeacha agus cuir chuige chomhsheasmhacha a áirithiú;
(c)
comhsheasmhacht sna torthaí maoirseachta a neartú, go háirithe maidir le réimsí maoirseachta a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo nó a bhféadfadh tionchar trasteorann a bheith acu;
(d)
comhordú i gcásanna éigeandála a neartú i gcomhréir le hAirteagal 24;
(e)
measúnú a dhéanamh ar rioscaí agus tuairimí á soláthar d’údaráis inniúla de bhun mhír 2 maidir le ceanglais an Rialacháin seo a bheith á gcomhlíonadh ag contrapháirtithe lárnacha, go háirithe i ndáil le rioscaí trasteorann sainaitheanta nó rioscaí do chobhsaíocht airgeadais an Aontais, agus moltaí a thabhairt maidir leis an gcaoi a ndéanfaidh contrapháirtí lárnach na rioscaí sin a mhaolú.
2.
Cuirfidh údaráis inniúla a ndréachtchinntí faoi bhráid ESMA chun a thuairim a fháil sula nglacfaidh siad aon ghníomh nó beart de bhun Airteagail 7, 8 agus 14, Airteagal 15(1), an dara fomhír, pointe (a), agus Airteagail 20 agus 21, Airteagail 29 go 33, agus Airteagail 35, 36, 41 agus 54.
Féadfaidh údaráis inniúla freisin dréachtchinntí a chur faoi bhráid ESMA chun a thuairim a fháil sula nglacfaidh siad aon ghníomh nó beart eile i gcomhréir lena ndualgais faoi Airteagal 22(1).’;
(b)
scriostar míreanna 3 agus 4;
(18)cuirtear isteach na hAirteagail 23b agus 23c seo a leanas:
‘Airteagal 23b
Comhfhoirne Maoirseachta
1.
Bunófar comhfhoireann maoirseachta chun maoirseacht a dhéanamh ar gach contrapháirtí lárnach a údarófar faoi Airteagal 14. Beidh gach comhfhoireann maoirseachta comhdhéanta de bhaill foirne ó údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh, ESMA agus comhaltaí an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18, pointí (c), (g) agus (h). Féadfaidh comhaltaí eile den choláiste a iarraidh freisin páirt a ghlacadh sa chomhfhoireann maoirseachta. Oibreoidh na comhfhoirne maoirseachta faoi chomhordú ball foirne ainmnithe de chuid an údaráis inniúil.
2.
Beidh na cúraimí uile seo a leanas i measc cúraimí comhfhoirne maoirseachta, ach gan a bheith teoranta dóibh:
(a)
ionchur a sholáthar do na húdaráis inniúla, do ESMA agus do na coláistí de bhun Airteagal 17a (2), (4) agus (5) agus Airteagal 21(3);
(b)
páirt a ghlacadh i gcigireachtaí ar an láthair de bhun Airteagal 21(3);
(c)
dul i gcomhairle le húdaráis inniúla agus le comhaltaí an choláiste, i gcás inarb ábhartha;
(d)
i gcás ina n‑iarrann údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh amhlaidh, cúnamh a thabhairt don údarás inniúil sin agus measúnú á dhéanamh aige ar chomhlíontacht an CPL le ceanglais an Rialacháin seo.
3.
Beidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh i gceannas ar chomhfhoirne maoirseachta a bhunú.
4.
Rachaidh ESMA agus na húdaráis atá rannpháirteach sna comhfhoirne maoirseachta i gcomhairle le chéile agus comhaontóidh siad ar úsáid acmhainní maidir leis na comhfhoirne maoirseachta.
Airteagal 23c
Sásra Comhfhaireacháin
1.
Bunóidh ESMA Sásra Comhfhaireacháin chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 2 a fheidhmiú.
Beidh an Sásra Comhfhaireacháin comhdhéanta díobh seo a leanas:
(a)
ionadaithe ó ESMA;
(b)
ionadaithe ó ÚBE agus ó ÚEÁPC;
(c)
ionadaithe ón gCoimisiún, BERS, BCE agus BCE faoi chuimsiú na gcúraimí a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa laistigh den sásra maoirseachta aonair a thugtar dó i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle.
Déanfaidh ESMA bainistiú agus cathaoirleacht ar chruinnithe an tSásra Comhfhaireacháin. Féadfaidh Cathaoirleach an tSásra Comhfhaireacháin, arna iarraidh sin do chomhaltaí eile an tSásra Comhfhaireacháin nó ar a thionscnamh féin, cuireadh a thabhairt d’údaráis eile páirt a ghlacadh sna cruinnithe nuair is ábhartha maidir leis na hábhair a bheidh le plé.
2.
Déanfaidh an Sásra Comhfhaireacháin na nithe seo a leanas:
(a)
faireachán ar chur chun feidhme na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 7a agus 7b, lena n‑áirítear gach ceann de na nithe seo a leanas:
(i)
na neamhchosaintí foriomlána agus laghdú ar neamhchosaintí ar sheirbhísí imréitigh a bhfuil tábhacht shistéamach shubstaintiúil leo agus a shainaithnítear de bhun Airteagal 25(2c);
(ii)
forbairtí a bhaineann le himréiteach i gcontrapháirtithe lárnacha a údaraítear faoi Airteagal 14 agus rochtain ar imréiteach a bheith ag cliaint na gcontrapháirtithe lárnacha sin, lena n‑áirítear táillí a ghearrann na contrapháirtithe lárnacha sin as cuntais a bhunú de bhun Airteagal 7a agus aon táille a ghearrann comhaltaí imréitigh ar a gcliaint as cuntais a bhunú agus as imréiteach a dhéanamh de bhun Airteagal 7a;
(iii)
forbairtí móra eile i gcleachtais imréitigh a bhfuil tionchar acu ar an leibhéal imréitigh ag contrapháirtithe lárnacha a údaraíodh faoi Airteagal 14;
(b)
faireachán ar chaidrimh imréitigh cliant, lena n‑áirítear iniomparthacht agus comhaltaí imréitigh agus idirthuilleamaíochtaí agus idirghníomhaíochtaí cliant le bonneagair eile de chuid an mhargaidh airgeadais;
(c)
rannchuidiú le measúnuithe ar fud Aontais a fhorbairt ar athléimneacht contrapháirtithe lárnacha atá dírithe ar rioscaí leachtachta a bhaineann le contrapháirtithe lárnacha, comhaltaí imréitigh agus cliaint;
(d)
rioscaí comhchruinnithe a shainaithint, go háirithe maidir le himréiteach cliant, mar gheall ar chomhtháthú mhargaí airgeadais an Aontais, lena n‑áirítear i gcás ina mbaineann roinnt contrapháirtithe lárnacha, comhaltaí imréitigh nó cliant úsáid as na soláthraithe seirbhíse céanna;
(e)
faireachán ar éifeachtacht na mbeart lena ndírítear ar tharraingteacht chontrapháirtithe lárnacha an Aontais a fheabhsú, imréiteach ag contrapháirtithe lárnacha an Aontais a spreagadh agus faireachán ar rioscaí trasteorann a fheabhsú.
Oibreoidh na comhlachtaí atá rannpháirteach sa Sásra Comhfhaireacháin agus na húdaráis inniúla náisiúnta i gcomhar le chéile agus roinnfidh siad an fhaisnéis is gá chun na gníomhaíochtaí faireacháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhéanamh.
I gcás nach gcuirfear an fhaisnéis is gá ar fáil, lena n‑áirítear an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 7a(4), féadfaidh ESMA, trí iarraidh shimplí, ceangal a chur ar chontrapháirtithe lárnacha údaraithe, ar a gcomhaltaí imréitigh agus ar a gcliaint an fhaisnéis is gá a chur ar fáil lena gcuirfear ar a chumas do ESMA agus do na comhlachtaí eile atá rannpháirteach sa Sásra Comhfhaireacháin an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhéanamh.
3.
Déanfaidh ESMA, i gcomhar leis na comhlachtaí eile atá rannpháirteach sa Sásra Comhfhaireacháin, tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin maidir le torthaí a ghníomhaíochtaí de bhun mhír 2.
4.
Gníomhóidh ESMA i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 i gcás, ar bhonn na faisnéise a fuarthas mar chuid den Sásra Comhfhaireacháin agus tar éis an phlé a rinneadh ann:
(a)
ina measann sé nach n‑áirithíonn na húdaráis inniúla go gcomhlíonann comhaltaí imréitigh agus cliaint an ceanglas a leagtar amach in Airteagal 7a;
(b)
ina sainaithníonn sé riosca do chobhsaíocht airgeadais an Aontais mar gheall ar shárú líomhnaithe ar dhlí an Aontais nó ar líomhain nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm.
Sula ngníomhóidh ESMA i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, féadfaidh sé treoirlínte nó moltaí a eisiúint de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
5.
I gcás ina measfaidh ESMA, ar bhonn na faisnéise a fuarthas mar chuid den Sásra Comhfhaireacháin agus tar éis an phlé a rinneadh ann, nach n‑áirithítear go héifeachtach le comhlíonadh an cheanglais a leagtar amach in Airteagal 7a go laghdófar neamhchosaint iomarcach chomhaltaí imréitigh agus chliaint an Aontais ar chontrapháirtithe lárnacha Leibhéal 2, déanfaidh sé athbhreithniú ar na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear in Airteagal 7a(5), lena leagfar síos, i gcás inar gá, tréimhse oiriúnaithe iomchuí nach faide ná 12 mhí.’;
(19)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24:
‘Airteagal 24
Cásanna éigeandála
1.
Cuirfidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh nó aon údarás ábhartha eile ESMA, an coláiste, comhaltaí ábhartha CEBC, an Coimisiún agus údaráis ábhartha eile ar an eolas gan moill mhíchuí faoi aon chás éigeandála a bhaineann le contrapháirtí lárnach, lena n‑áirítear gach ceann díobh seo a leanas:
(a)
cásanna nó teagmhais a bhfuil tionchar acu nó ar dócha go mbeidh tionchar acu ar fhóntacht stuamachta nó airgeadais nó ar athléimneacht contrapháirtithe lárnacha a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 14, a gcomhaltaí imréitigh nó a gcliant;
(b) i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag contrapháirtí lárnach a phlean téarnaimh a ghníomhachtú de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 2021/23, ina ndearna údarás inniúil beart luath‑idirghabhála de bhun Airteagal 18 den Rialachán sin nó inar cheangail údarás inniúil bainistíocht shinsearach uile an chontrapháirtí lárnaigh nó cuid díobh nó bord uile an chontrapháirtí lárnaigh nó cuid díobh a chur as oifig de bhun Airteagal 19 den Rialachán sin;
(c) i gcás ina bhfuil forbairtí i margaí airgeadais, a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leachtacht an mhargaidh, do tharchur beartais airgeadaíochta, d’oibriú rianúil córas íocaíochta nó do chobhsaíocht an chórais airgeadais in aon cheann de na Ballstáit ina bhfuil an contrapháirtí lárnach nó ceann dá chomhaltaí imréitigh bunaithe.
2.
Comhordóidh ESMA údaráis inniúla, an t‑údarás réitigh arna ainmniú de bhun Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2021/23 agus coláistí chun freagairt choiteann a thógáil ar chásanna éigeandála a bhaineann le contrapháirtí lárnach.
3.
I gcásanna éigeandála, ach amháin i gcás ina bhfuil gníomhaíocht réitigh déanta ag údarás réitigh i ndáil le contrapháirtí lárnach de bhun Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 2021/23, agus chun freagairtí na n‑údarás inniúil a chomhordú, is fíor an méid seo a leanas maidir le cruinniú den Choiste Maoirseachta do CPLanna:
(a)
féadfaidh Cathaoirleach an Choiste Maoirseachta do CPLanna é a thionól;
(b)
is é Cathaoirleach an Choiste Maoirseachta do CPLanna a thionólfaidh é, arna iarraidh sin do bheirt chomhaltaí den Choiste Maoirseachta do CPLanna.
4.
Féadfar cuireadh a thabhairt d’aon cheann de na húdaráis seo a leanas chuig an gcruinniú dá dtagraítear i mír 3, i gcás inarb ábhartha, agus breithniú á dhéanamh ar na saincheisteanna a bheidh le plé ag an gcruinniú:
(a)
na bainc cheannais eisiúna ábhartha;
(b)
na húdaráis inniúla ábhartha chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhaltaí imréitigh, lena n‑áirítear, i gcás inarb ábhartha, BCE faoi chuimsiú na gcúraimí a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa laistigh den sásra maoirseachta aonair a thugtar dó i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle;
(c)
na húdaráis inniúla ábhartha chun maoirseacht a dhéanamh ar ionaid trádála;
(d)
na húdaráis inniúla ábhartha chun maoirseacht a dhéanamh ar chliaint i gcás inarb eol cé hiad féin;
(e)
na húdaráis réitigh ábhartha a ainmnítear de bhun Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2021/23.
I gcás ina dtionóltar cruinniú den Choiste Maoirseachta do CPLanna de bhun na chéad fhomhíre, cuirfidh an Cathaoirleach ÚBE, ÚEÁPC, BERS agus an Coimisiún ar an eolas faoi sin agus tabharfar cuireadh dóibh freisin páirt a ghlacadh sa chruinniú sin arna iarraidh sin dóibh.
5.
Féadfaidh ESMA, trí iarraidh shimplí, a cheangal ar chontrapháirtithe lárnacha údaraithe, ar a gcomhaltaí imréitigh agus ar a gcliaint, ar bhonneagair nasctha de chuid an mhargaidh airgeadais agus ar thríú páirtithe gaolmhara a ndearna na contrapháirtithe lárnacha sin feidhmeanna nó gníomhaíochtaí oibríochtúla a sheachfhoinsiú chucu an fhaisnéis uile is gá a sholáthar chun é a chur ar a chumas do ESMA a fheidhm chomhordúcháin a dhéanamh faoin Airteagal seo.
6.
Féadfaidh ESMA, ar thogra ón gCoiste Maoirseachta do CPLanna, moltaí éigeandála a eisiúint de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a bheidh dírithe ar údarás inniúil amháin nó níos mó lena molfar dóibh cinntí maoirseachta sealadacha nó buana a ghlacadh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 16 agus i dTeidil IV agus V chun éifeachtaí díobhálacha móra ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais a sheachaint nó a mhaolú. Ní fhéadfaidh ESMA moltaí éigeandála a eisiúint ach amháin i gcás ina bhfuil tionchar ar níos mó ná contrapháirtí lárnach údaraithe amháin nó i gcás ina bhfuil teagmhais ar fud an Aontais ag díchobhsú margaí a imréitítear ar bhonn trasteorann.’;
(20)leasaítear Airteagal 24a mar a leanas:
(a)
i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d) (ii):
‘(ii)
i gcás ina dtagann an Coiste Maoirseachta do CPLanna le chéile i dtaca le contrapháirtithe lárnacha arna n‑údarú i gcomhréir le hAirteagal 14, i gcomhthéacs an phlé a bhaineann le mír 7 den Airteagal seo, bainc cheannais eisiúna na n‑airgeadraí de chuid an Aontais, ar sna hairgeadraí sin atá na hionstraimí airgeadais a imréitíonn contrapháirtithe lárnacha údaraithe a bhfuil comhaltas den Choiste Maoirseachta do CPLanna iarrtha acu, agus nach mbeidh cead vótála acu.’;
(b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3;
‘3.
Féadfaidh an Cathaoirleach cuireadh a thabhairt mar bhreathnóirí chuig cruinnithe an Choiste Maoirseachta do CPLanna, i gcás inarb iomchuí agus inar gá, do chomhaltaí na gcoláistí dá dtagraítear in Airteagal 18, d’ionadaithe ó údaráis ábhartha na gcliant i gcás inarb eol cé hiad féin agus ó institiúidí agus comhlachtaí ábhartha de chuid an Aontais.’;
(c)
leasaítear mír 7 mar a leanas:
(i)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:
I ndáil le contrapháirtithe lárnacha atá údaraithe nó le contrapháirtithe lárnacha a bhfuil iarratas ar údarú á dhéanamh acu i gcomhréir le hAirteagal 14, déanfaidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna, chun críoch Airteagal 23a(2), cinntí a ullmhú agus na cúraimí sin a chuirtear ar ESMA sna pointí seo a leanas a chur i gcrích:’;
(ii)
cuirtear isteach na pointí (ba), (bb) agus (bc) seo a leanas:
‘(ba)
tosaíochtaí maoirseachta do chontrapháirtithe lárnacha atá údaraithe faoi Airteagal 14 a phlé agus a shainaithint uair sa bhliain ar a laghad chun cur le hullmhú thosaíochtaí maoirseachta straitéiseacha an Aontais a dhéanann ESMA i gcomhréir le hAirteagal 29a de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;
(bb)
i gcomhar le ÚBE, ÚEÁPC, agus BCE agus a chúraimí á ndéanamh aige mar chuid de shásra maoirseachta aonair faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, machnamh a dhéanamh ar aon riosca trasteorann a eascraíonn as gníomhaíochtaí contrapháirtithe lárnacha, lena n‑áirítear mar gheall ar idirnascthacht, idirnaisc agus rioscaí comhchruinnithe CPLanna i ngeall ar naisc thrasteorann den sórt sin;
(bc)
dréacht‑tuairimí a ullmhú lena nglacadh ag an mBord Maoirseoirí i gcomhréir le hAirteagail 17 agus 17b agus dréachtchinntí maidir le bailíochtú a ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 49;’;
(iii)
cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:
‘Tuairisceoidh ESMA ar bhonn bliantúil don Choimisiún maidir leis na rioscaí trasteorann a eascraíonn as gníomhaíochtaí na gcontrapháirtithe lárnacha dá dtagraítear i bpointe (bb) sa chéad fhomhír.’;
(21)leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:
(a)
i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír;
‘Bunófar an cinneadh aitheantais ar na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 maidir le CPLanna Leibhéal 1 agus i mír 2, pointí (a) go (d), agus mír 2b maidir le CPLanna Leibhéal 2. Laistigh de 180 lá oibre ón tráth a chinnfear go bhfuil iarratas comhlánaithe i gcomhréir leis an dara fomhír, cuirfidh ESMA in iúl i scríbhinn don chontrapháirtí lárnach is iarratasóir, le míniú lánréasúnaithe, cé acu a deonaíodh an t‑aitheantas nó a diúltaíodh dó.’;
(b)
i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
‘I gcás ina ndéanfar an t‑athbhreithniú i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír, déanfar é i gcomhréir le míreanna 2 go 4. I gcás ina ndéanfar an t‑athbhreithniú i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír, déanfar é freisin i gcomhréir le míreanna 2 go 4, ach ní cheanglófar ar an gcontrapháirtí lárnach dá dtagraítear i mír 1 iarratas nua a chur isteach ach soláthróidh sé an fhaisnéis uile is gá do ESMA chun a aitheantas a athbhreithniú.’;
(c)
i mír 6, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:
‘Ar mhaithe le leasanna an Aontais, agus i bhfianaise na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do chobhsaíocht airgeadais an Aontais mar gheall ar rannpháirtíocht ionchasach comhaltaí imréitigh agus ionaid trádála atá bunaithe san Aontas in CPLanna atá bunaithe i dtríú tír, féadfaidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh gan beann ar phointe (c) den fhomhír sin a bheith comhlíonta nó gan é a bheith comhlíonta.’;
(d)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:
‘7.
Bunóidh ESMA socruithe comhair éifeachtacha le húdaráis inniúla ábhartha na dtríú tíortha ar sainaithníodh go bhfuil a gcreataí dlí agus maoirseachta coibhéiseach leis an Rialachán seo i gcomhréir le mír 6.’;
(e)
cuirtear isteach na míreanna 7a, 7b agus 7c seo a leanas:
‘7a.
I gcás nár chinn ESMA leibhéal contrapháirtí lárnaigh go fóill nó i gcás inar chinn ESMA gur CPLanna Leibhéal 1 iad na CPLanna uile nó cuid den na CPLanna i dtríú tír ábhartha, cuirfear san áireamh sna socruithe comhair dá dtagraítear i mír 7 an riosca a bhaineann leis na CPLanna sin a bheith ag cur seirbhísí imréitigh ar fáil agus sonrófar an méid seo a leanas iontu:
(a)
an sásra chun faisnéis a mhalartú ar bhonn bliantúil idir ESMA, na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i mír 3, pointe (f), agus údaráis inniúla na dtríú tíortha lena mbaineann, ionas go mbeidh ESMA in ann na nithe seo a leanas a dhéanamh:
(i)
a áirithiú go gcomhlíonfaidh an contrapháirtí lárnach na coinníollacha maidir le haitheantas faoi mhír 2;
(ii)
aon tionchar ábhartha féideartha ar leachtacht an mhargaidh nó ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit a shainaithint; agus
(iii)
faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí imréitigh i gceann amháin, nó níos mó, de na CPLanna atá bunaithe sa tríú tír sin ag comhaltaí imréitigh atá bunaithe san Aontas, nó ar cuid de ghrúpa é atá faoi réir maoirseacht chomhdhlúite san Aontas.
(b)
go heisceachtúil, an sásra chun faisnéis a mhalartú ar bhonn ráithiúil lena n‑éilítear faisnéis mhionsonraithe lena gcumhdaítear na gnéithe dá dtagraítear i mír 2a agus go háirithe faisnéis maidir le hathruithe móra ar shamhlacha riosca agus ar pharaiméadair riosca, leathnú gníomhaíochtaí agus seirbhísí CPL agus athruithe ar struchtúr na gcliantchuntas, agus é d’aidhm aige sin a bhrath an bhféadfadh CPL a bheith gar do bheith tábhachtach go sistéamach, nó an bhféadfadh gur dócha go mbeidh tábhacht shistéamach leis, maidir le cobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit.
(c)
an sásra chun fógra pras a thabhairt do ESMA i gcás ina measfaidh údarás inniúil tríú tír go bhfuil coinníollacha a údaraithe nó dlí eile a bhfuil sé faoina réir á sárú ag contrapháirtí lárnach a bhfuil maoirseacht á déanamh ag an údarás inniúil air;
(d)
na nósanna imeachta is gá chun go ndéanfar faireachán éifeachtach ar fhorbairtí rialála agus maoirseachta i dtríú tír;
(e)
na nósanna imeachta lena gcuirfidh údaráis tríú tír ESMA, an coláiste do CPLanna tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 25c, agus na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i mír 3, pointe (f), ar an eolas gan moill mhíchuí maidir le haon chás éigeandála a bhaineann leis an CPL aitheanta, lena n‑áirítear forbairtí i margaí airgeadais, a d’fhéadfadh éifeacht dhochrach a bheith acu ar leachtacht an mhargaidh agus ar chobhsaíocht an chórais airgeadais san Aontas nó i gceann dá Bhallstáit, agus na nósanna imeachta agus na pleananna teagmhasacha chun aghaidh a thabhairt ar na cásanna sin;
(f)
na nósanna imeachta lena n‑áiritheoidh údaráis tríú tír forfheidhmiú éifeachtach na gcinntí a ghlacfaidh ESMA i gcomhréir le hAirteagail 25f, 25k(1), pointe (b), 25l, 25m agus 25p;
(g)
toiliú ó na húdaráis tríú tír maidir le haon fhaisnéis a thug siad do ESMA a chomhroinnt ina dhiaidh sin faoi na socruithe comhair leis na húdaráis dá dtagraítear i mír 3 agus le comhaltaí an choláiste do CPLanna tríú tír, faoi réir na gceanglas rúndachta gairmiúla a leagtar amach in Airteagal 83.
7b.
I gcás inar chinn ESMA gur CPL Leibhéal 2 é CPL amháin ar a laghad i dtríú tír ábhartha, sonrófar sna socruithe comhair dá dtagraítear i mír 7 an méid seo a leanas ar a laghad i ndáil leis na CPLanna Leibhéal 2 sin:
(a)
na gnéithe dá dtagraítear i mír 7a, pointí (a), (c), (d), (e) agus (g), i gcás nach bhfuil socruithe comhair bunaithe cheana féin leis an tríú tír ábhartha de bhun an dara fomhír;
(b)
an sásra chun faisnéis a mhalartú ar bhonn míosúil idir ESMA, na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i mír 3, pointe (f), agus údaráis inniúla na dtríú tíortha lena mbaineann, lena n‑áirítear rochtain ar an fhaisnéis uile a d’iarr ESMA chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an CPL na ceanglais dá dtagraítear i mír 2b;
(c)
na nósanna imeachta a bhaineann le gníomhaíochtaí maoirseachta a chomhordú, lena n‑áirítear comhaontú údarás tríú tír imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a cheadú i gcomhréir le hAirteagail 25g agus 25h faoi seach;
(d)
na nósanna imeachta lena n‑áiritheoidh údaráis tríú tír forfheidhmiú éifeachtach na gcinntí a ghlacfaidh ESMA i gcomhréir le hAirteagail 25b, 25f go 25m, 25p agus 25q;
(e)
na nósanna imeachta atá ann d’údaráis tríú tír chun ESMA a chur ar an eolas go pras faoin méid seo a leanas agus béim á leagan ar ghnéithe atá ábhartha don Aontas nó do cheann amháin nó níos mó dá Bhallstáit:
(i)
pleananna téarnaimh agus pleananna réitigh a bhunú agus aon athrú ábhartha ar na pleananna sin ina dhiaidh sin;
(ii)
má tá sé beartaithe ag CPL Leibhéal 2 a phlean téarnaimh a chur i ngníomh nó i gcás inar chinn na húdaráis tríú tír go bhfuil an chosúlacht ann go bhfuil géarchéim ag teacht chun cinn a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’oibríochtaí an CPL sin, go háirithe don chumas atá aige seirbhísí imréitigh a sholáthar nó i gcás ina mbeartaíonn na húdaráis tríú tír gníomhaíocht réitigh a dhéanamh go luath sa todhchaí.
7c.
I gcás ina measann ESMA nach ndearna údarás inniúil tríú tír aon cheann de na forálacha a leagadh síos i socrú comhair arna bhunú i gcomhréir le míreanna 7, 7a agus 7b, a chur i bhfeidhm, cuirfidh sé é sin in iúl don Choimisiún faoi rún agus gan mhoill. I gcás den sórt sin, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh an gníomh cur chun feidhme a glacadh i gcomhréir le mír 6 a athbhreithniú.’;
(22)in Airteagal 25b(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
‘Iarrfaidh ESMA gach ceann díobh seo a leanas ó gach CPL Leibhéal 2:
(i)daingniú, ar bhonn bliantúil ar a laghad, go bhfuil na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 25(2b) pointí (a), (c) agus (d) fós á gcomhlíonadh;
(ii)faisnéis agus sonraí ar bhonn rialta chun a áirithiú go bhfuil ESMA in ann maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 25(2b), pointe (a), ag na CPLanna sin.’;
(23)in Airteagal 25p(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c);
‘(c)
i gcás inar sháraigh an CPL lena mbaineann go tromchúiseach córasach aon cheann de na ceanglais is infheidhme a leagtar síos sa Rialachán seo nó nach gcomhlíonann sé a thuilleadh aon cheann de na coinníollacha maidir le haitheantas a leagtar síos in Airteagal 25 agus nach ndearna sé an ghníomhaíocht feabhais a d’iarr ESMA laistigh de thréimhse a socraíodh go hiomchuí a mhairfidh suas le 1 bhliain ar a mhéad.’;
(24)cuirtear isteach an tAirteagal 25r seo a leanas:
‘Airteagal 25r
Fógra poiblí
Gan dochar d’Airteagail 25p agus 25q, féadfaidh ESMA fógra poiblí a eisiúint i gcás inar comhlíonadh gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)níl na táillí atá dlite faoi Airteagal 25d íoctha ag CPL tríú tír nó níl fíneálacha atá dlite faoi Airteagal 25j nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla atá dlite faoi Airteagal 25k íoctha aige;
(b)níl aon ghníomhaíocht feabhais déanta ag an CPL a d’iarr ESMA in aon cheann de na cásanna a leagtar síos in Airteagal 25p(1), pointe (c) laistigh de thréimhse ama a socraíodh go hiomchuí a mhairfidh suas le sé mhí.’;
(25)in Airteagal 26(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘1.
Beidh socruithe rialachais láidre ag contrapháirtí lárnach, lena n‑áirítear struchtúr eagrúcháin soiléir a mbeidh freagrachtaí dea-shainithe, trédhearcacha agus comhsheasmhacha ann, próisis éifeachtacha chun na rioscaí a bhfuil sé neamhchosanta orthu nó a bhféadfadh sé a bheith neamhchosanta orthu a shainaithint, a bhainistiú, a thuairisciú agus faireachán a dhéanamh orthu, mar aon le sásraí leordhóthanacha um rialú inmheánach, lena n‑áirítear nósanna imeachta fónta ó thaobh an riaracháin agus na cuntasaíochta de. Ní bheidh contrapháirtí lárnach ina chomhalta imréitigh, ina chliant, ná ní éireoidh sé ina chomhalta imréitigh, ina chliant, ná ní bhunóidh sé socruithe indíreacha imréitigh le comhalta imréitigh agus é d’aidhm aige tabhairt faoi ghníomhaíochtaí imréitigh ag contrapháirtí lárnach.’;
(26)leasaítear Airteagal 31 mar a leanas:
(a)
i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír agus an cheathrú fomhír:
‘Ar shlí phras agus in aon chás laistigh de dhá lá oibre ón bhfógra dá dtagraítear sa mhír seo a fháil, agus ón bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a fháil, admhóidh an t‑údarás inniúil i scríbhinn chuig an bhfaighteoir beartaithe nó chuig an díoltóir go bhfuil siad faighte aige agus roinnfidh sé an fhaisnéis le ESMA agus leis an gcoláiste.
Laistigh de 60 lá oibre ón dáta a admhófar i scríbhinn go bhfuarthas an fógra agus na doiciméid uile is gá a chur i gceangal leis an bhfógra ar bhonn an liosta dá dtagraítear in Airteagal 32(4) agus mura gcuirfear síneadh leis i gcomhréir leis an Airteagal seo, (‘an tréimhse um measúnú’), déanfaidh an t‑údarás inniúil an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 32(1) (‘an measúnú’). Eiseoidh an coláiste tuairim de bhun Airteagal 19 agus eiseoidh ESMA tuairim de bhun Airteagal 24a(7), an chéad fhomhír, pointe (bc) agus i gcomhréir leis an nós imeachta faoi Airteagal 17b le linn na tréimhse measúnaithe.’;
(b)
i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘Féadfaidh an t‑údarás inniúil, ESMA agus an coláiste, le linn na tréimhse um measúnú, i gcás inar gá, ach tráth nach déanaí ná an 50ú lá oibre den tréimhse um measúnú, aon fhaisnéis bhreise a iarraidh is gá chun an measúnú a chur i gcrích. Déanfar an iarraidh sin i scríbhinn agus sonrófar inti an fhaisnéis bhreise is gá.’;
(27)in Airteagal 32(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú fomhír:
‘Beidh measúnú an údaráis inniúil maidir leis an bhfógra dá bhforáiltear in Airteagal 31(2) agus maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 31(3), faoi réir tuairim ón gcoláiste de bhun Airteagal 19 agus tuairim ó ESMA de bhun Airteagal 24a(7), an chéad fhomhír, pointe (bc), a eisíodh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17b.’;
(28)leasaítear Airteagal 35 mar a leanas:
(a)
i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
‘Ní dhéanfaidh contrapháirtí lárnach mórghníomhaíochtaí a bhaineann le bainistiú riosca a sheachfhoinsiú mura mbeidh an seachfhoinsiú sin formheasta ag an údarás inniúil. Beidh cinneadh an údaráis inniúil faoi réir tuairim ón gcoláiste de bhun Airteagal 19 agus tuairim ó ESMA de bhun Airteagal 24a(7)(bc) a eisíodh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17b.’;
(b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3.
An fhaisnéis uile is gá chun gur féidir leis an údarás inniúil, ESMA agus an coláiste measúnú a dhéanamh ar an dóigh a gcomhlíontar an Rialachán seo i bhfeidhmiú na ngníomhaíochtaí eisfhoinsithe, cuirfidh contrapháirtí lárnach an fhaisnéis sin ar fáil nuair a iarrtar í.’;
(29)leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:
(a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1.
Bunóidh contrapháirtí lárnach, i gcás inarb iomchuí de réir an chineáil táirge a imréitítear, catagóirí na gcomhaltaí imréitigh atá inghlactha agus na critéir iontrála, le comhairle ón gcoiste riosca de bhun Airteagal 28(3). Beidh na critéir sin neamh‑idirdhealaitheach, trédhearcach agus oibiachtúil ionas gur féidir rochtain chothrom agus oscailte ar an gcontrapháirtí lárnach a áirithiú agus áiritheofar leo go mbeidh acmhainní airgeadais leordhóthanacha agus cumas oibríochtúil leormhaith ag comhaltaí imréitigh chun na hoibleagáidí a eascraíonn as rannpháirtíocht i gcontrapháirtí lárnach a chomhlíonadh. Ní cheadófar critéir a úsáid a chuireann srian le rochtain ach amháin a mhéid is gurb é is cuspóir dóibh an riosca atá ann don chontrapháirtí lárnach a rialú. Áiritheofar leis na critéir nach bhféadfaidh contrapháirtithe lárnacha nó tithe imréitigh a bheith ina gcomhaltaí imréitigh, go díreach nó go hindíreach, den chontrapháirtí lárnach.’;
(b)
cuirtear isteach an mhír 1a seo a leanas:
‘1a.
Ní ghlacfaidh contrapháirtí lárnach le contrapháirtithe neamhairgeadais mar chomhaltaí imréitigh ach amháin más féidir leo a léiriú go bhfuil siad in ann na ceanglais éarlaise agus na ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana a chomhlíonadh, lena n‑áirítear i ndálaí anáis sa mhargadh.
Déanfaidh údarás inniúil contrapháirtí lárnaigh a ghlacann le contrapháirtithe neamhairgeadais athbhreithniú rialta ar na socruithe sin agus tuairisceoidh sé do ESMA agus don choláiste maidir lena n‑oiriúnacht.
Ní cheadófar do chontrapháirtí neamhairgeadais atá ag gníomhú mar chomhalta imréitigh seirbhísí imréitigh cliant a thairiscint agus ní choimeádfaidh sé cuntais ag an gcontrapháirtí lárnach ach amháin le haghaidh sócmhainní agus suíomhanna arna sealbhú dá chuntas féin.
Féadfaidh ESMA tuairim nó moladh a eisiúint maidir le hoiriúnacht na socruithe sin tar éis athbhreithniú piaraí ad hoc.’;
(c)
cuirtear isteach an mhír 7 seo a leanas:
‘7.
Forbróidh ESMA, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar a thuilleadh na gnéithe a bheidh le breithniú agus na critéir iontrála dá dtagraítear i mír 1 á leagan síos.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010’.
(30)leasaítear Airteagal 38 mar a leanas:
(a)
i mír 7, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:
‘Na comhaltaí imréitigh a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh agus na cliaint a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh, cuirfidh siad a gcliaint ar an eolas ar bhealach soiléir trédhearcach faoin gcaoi a n‑oibríonn samhlacha corrlaigh an chontrapháirtí lárnaigh, lena n‑áirítear i gcásanna struis, agus cuirfidh siad ionsamhlú ar fáil dóibh ar na ceanglais éarlaise a bhféadfaidh siad a bheith faoina réir i gcásanna éagsúla. Áireofar leis sin na héarlaisí a éileoidh an contrapháirtí lárnach agus aon éarlais bhreise a éileoidh na comhaltaí imréitigh agus na cliaint a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh iad féin.’;
(b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:
‘8.
Cuirfidh comhaltaí imréitigh an chontrapháirtí lárnaigh agus na cliaint a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh a gcuid cliant reatha agus féideartha ar an eolas go soiléir faoi na caillteanais fhéideartha nó costais fhéideartha eile a d’fhéadfaidís a iompar mar thoradh ar chur i bhfeidhm nósanna imeachta bainistithe mainneachtana agus socruithe leithdháilte caillteanais agus suíomhanna faoi rialacha oibríochta an chontrapháirtí lárnaigh, lena n‑áirítear an cineál cúitimh a d’fhéadfaidís a fháil, agus Airteagal 48(7) á chur san áireamh. Soláthrófar faisnéis atá mionsonraithe a dhóthain do chliaint lena áirithiú go dtuigfidh siad na caillteanais sa chás is measa nó na costais eile a d’fhéadfadh a bheith i ndán dóibh i gcás ina ndéanfadh an contrapháirtí lárnach bearta téarnaimh.’;
(31)leasaítear Airteagal 41 mar a leanas:
(a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1, 2 agus:
‘1.
Déanfaidh contrapháirtí lárnach éarlaisí ar mhaithe le teorannú neamhchosaintí creidmheasa a fhorchur, a ghlaoch agus a bhailiú óna chomhaltaí imréitigh, agus, i gcás inarb iomchuí, ó chontrapháirtithe lárnacha a bhfuil socruithe idir-inoibritheachta aige leo. Beidh na héarlaisí sin leordhóthanach chun neamhchosaintí féideartha a chumhdach a mheasann an contrapháirtí lárnach a thiocfaidh chun cinn roimh leachtú na suíomhanna ábhartha. Beidh siad leordhóthanach freisin chun caillteanais a chumhdach a eascraíonn as 99 % ar a laghad de ghluaiseachtaí na neamhchosaintí thar thréimhse ama iomchuí agus áiritheoidh siad go ndéanfaidh contrapháirtí lárnach urrús comhthaobhach a sholáthar go hiomlán dá neamhchosaintí lena chomhaltaí imréitigh ar fad, agus, i gcás inarb ábhartha, le contrapháirtithe lárnacha a bhfuil socruithe idir-inoibritheachta aige leo, ar bhonn laethúil ar a laghad. Déanfaidh contrapháirtí lárnach faireachán agus athbhreithniú leanúnach ar leibhéil a éarlaisí i bhfianaise dhálaí reatha an mhargaidh agus cuirfidh sé san áireamh aon iarmhairt chomhthimthriallach a d’fhéadfadh a bheith ag na hathbhreithnithe sin.
2.
Glacfaidh contrapháirtí lárnach samhlacha agus paraiméadair agus a cheanglais éarlaise á shocrú aige lena léireofar saintréithe riosca na dtáirgí a imréitítear agus lena gcuirfear san áireamh an tréimhse idir éarlaisí a bhailiú, leachtacht an mhargaidh agus athruithe a d’fhéadfadh a bheith ann i gcaitheamh an idirbhirt. Déanfaidh an t‑údarás inniúil na samhlacha a bhailíochtú agus beidh siad faoi réir tuairime i gcomhréir le hAirteagal 19 agus faoi réir tuairim ó ESMA i gcomhréir le hAirteagal 24a(7), an chéad fhomhír, pointe (bc), arna n‑eisiúint i gcomhréir leis an nós imeachta faoi Airteagal 17b.
3.
Déanfaidh contrapháirtí lárnach éarlaisí a ghlaoch agus a bhailiú ar bhonn ionlae, ar a laghad nuair a shárófar tairseacha réamhshainithe. Agus é sin á dhéanamh aige, cuirfidh contrapháirtí lárnach san áireamh an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag a bhailiúcháin éarlaisí ionlae agus a íocaíochtaí ar staid leachtachta a rannpháirtithe. Féachfaidh contrapháirtí lárnach chomh fada agus is féidir leis gan glaonna ar éarlais athrúcháin ionlae a bheith aige tar éis gach íocaíocht atá dlite a bheith faighte.’;
(32)in Airteagal 44(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
‘Tomhaisfidh contrapháirtí lárnach, ar bhonn laethúil, na riachtanais leachtachta a d'fhéadfadh a bheith aige. Cuirfidh sé san áireamh an riosca leachtachta a bheadh ann mar gheall ar mhainneachtain an dá eintiteas ar a laghad, lena n‑áirítear comhaltaí imréitigh nó soláthraithe leachtachta, a bhfuil na neamhchosaintí is mó aige orthu.’;
(33)leasaítear Airteagal 46 mar a leanas:
(a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1.
Glacfaidh contrapháirtí lárnach le comhthaobhacht fhíorleachtach lena mbaineann riosca íosta creidmheasa agus margaidh chun a neamhchosaint tosaigh agus reatha ar a chomhaltaí imréitigh a chumhdach. Féadfaidh contrapháirtí lárnach glacadh le ráthaíochtaí poiblí nó ráthaíochtaí bainc phoiblí nó ráthaíochtaí bainc tráchtála, ar choinníoll go bhfuil siad ar fáil go neamhchoinníollach arna iarraidh sin laistigh den tréimhse leachtaithe dá dtagraítear in Airteagal 41. I gcás ina gcuirfear ráthaíochtaí bainc ar fáil do chontrapháirtí lárnach, cuirfidh an contrapháirtí lárnach sin san áireamh iad agus a neamhchosaint ar an mbanc ar comhalta imréitigh é freisin á ríomh. Cuirfidh an contrapháirtí lárnach caolchorrlaigh leordhóthanacha i bhfeidhm maidir le luachanna sócmhainne agus ráthaíochtaí chun a léiriú go bhféadfaidh laghdú teacht ar luach i gcaitheamh na tréimhse idir a luacháil deiridh agus an tráth faoinar féidir glacadh leis go réasúnach go ndearnadh iad a leachtú. Cuirfidh sé san áireamh an riosca leachtachta tar éis mainneachtain rannpháirtí sa mhargadh agus an riosca comhchruinnithe ar shócmhainní áirithe, rud a d’fhéadfadh bunú na comhthaobhachta inghlactha agus na gcaolchorrlach ábhartha a bheith mar thoradh air. Agus athbhreithniú á dhéanamh ag an gcontrapháirtí lárnach ar leibhéal na gcaolchorrlach a chuireann sé i bhfeidhm maidir leis na sócmhainní a nglacann sé leo mar chomhthaobhacht, cuirfidh sé san áireamh aon iarmhairt chomhthimthriallach a d’fhéadfadh a bheith ag na hathbhreithnithe sin.’;
(b)
i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre, pointe (b):
‘(b)
na caolchorrlaigh dá dtagraítear i mír 1, agus an cuspóir chun a gcomhthimthriallacht a theorannú á chur san áireamh; agus’;
(34)leasaítear Airteagal 49 mar a leanas:
(a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 go 1e:
‘1. Déanfaidh contrapháirtí lárnach athbhreithniú tráthrialta ar na samhlacha agus ar na paraiméadair a glacadh chun a cheanglais éarlaise, ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana, ceanglais chomhthaobhachta agus sásraí eile rialaithe riosca a ríomh. Cuirfidh sé tástálacha struis diana agus rialta i bhfeidhm ar na samhlacha chun a n‑athléimneacht faoi dhálaí margaidh foircneacha ach sochreidte a mheas agus déanfaidh sé cúltástálacha chun iontaofacht na modheolaíochta a glacadh a mheas. Gheobhaidh an contrapháirtí lárnach bailíochtú neamhspleách, cuirfidh sé a údarás inniúil agus ESMA ar an eolas faoi thorthaí na dtástálacha a rinneadh agus gheobhaidh sé a mbailíochtú i gcomhréir le míreanna 1a go 1e sula nglacfaidh sé aon athrú mór ar na samhlacha.
Beidh na samhlacha a ghlacfar, lena n‑áirítear aon athrú mór orthu, faoi réir tuairim ón gcoláiste i gcomhréir leis an Airteagal seo.
Áiritheoidh ESMA go gcuirfear an fhaisnéis maidir le torthaí na dtástálacha struis ar aghaidh chuig na ÚMEnna, chuig CEBC agus chuig an mBord Réitigh Aonair chun é a chur ar a gcumas dóibh measúnú a dhéanamh ar neamhchosaint na ngnóthas airgeadais ar mhainneachtain na gcontrapháirtithe lárnacha.
1a.
I gcás ina mbeidh sé beartaithe ag contrapháirtí lárnach aon athrú mór ar na samhlacha dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh, cuirfidh sé iarratas isteach ar údarú an athraithe sin i bhformáid leictreonach tríd an mbunachar sonraí lárnach dá dtagraítear in Airteagal 17(7) áit a roinnfear láithreach é le húdarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh, le ESMA agus leis an gcoláiste. Cuirfidh an contrapháirtí lárnach faoi iamh bailíochtú neamhspleách ar an athrú atá beartaithe ar a iarratas.
I gcás ina measfaidh contrapháirtí lárnach nach athrú mór dá dtagraítear i mír 1g é an t‑athrú ar na samhlacha dá dtagraítear i mír 1 atá beartaithe aige a ghlacadh, iarrfaidh an contrapháirtí lárnach go mbeidh an t‑iarratas faoi réir nós imeachta neamhagóide faoi mhír 1b. Sa chás sin, féadfaidh an contrapháirtí lárnach tús a chur leis an athrú sin a chur i bhfeidhm roimh chinneadh údarás inniúil an contrapháirtí lárnaigh agus ESMA de bhun mhír 1b.
Laistigh de 2 lá oibre tar éis an t‑iarratas sin a fháil, admhóidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh, i gcomhar le ESMA, go bhfuarthas an t‑iarratas, agus deimhneoidh siad don chontrapháirtí lárnach go bhfuil na doiciméid riachtanacha ann. I gcás ina gcinnfidh ceann amháin díobh nach bhfuil na doiciméid riachtanacha san iarratas, diúltófar don iarratas.
1b.
Laistigh de 10 lá oibre ón dáta dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 1a, déanfaidh an t‑údarás inniúil agus ESMA measúnú féachaint an gcáilíonn an t‑athrú atá beartaithe mar athrú mór de bhun mhír 1g. I gcás ina gcinnfidh ceann amháin díobh go gcomhlíonann an t‑athrú ceann de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1g, déanfar an t‑iarratas a mheasúnú faoi mhíreanna 1c, 1d agus 1e agus cuirfidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh, i gcomhar le ESMA, an contrapháirtí lárnach is iarratasóir ar an eolas faoin méid sin i scríbhinn.
I gcás, laistigh de 10 lá oibre ón dáta dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 1a, nár cuireadh an contrapháirtí lárnach is iarratasóir ar an eolas i scríbhinn gur diúltaíodh dá iarraidh go mbeadh feidhm ag an nós imeachta neamhagóide, measfar an t‑athrú sin a bheith bailíochtaithe.
I gcás inar diúltaíodh don iarraidh ar an nós imeachta neamhagóide, ní bhainfidh an contrapháirtí lárnach úsáid a thuilleadh as an athrú samhla sin laistigh de 5 lá oibre ón bhfógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Laistigh de 10 lá oibre ón bhfógra sin, déanfaidh an contrapháirtí lárnach an t‑iarratas a tharraingt siar nó déanfaidh sé an t‑iarratas a chomhlánú le bailíochtú neamhspleách an athraithe.
1c.
Laistigh de 30 lá oibre ón dáta dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 1a:
(a)déanfaidh an t‑údarás inniúil measúnú riosca ar an athrú mór agus cuirfidh sé a thuarascáil faoi bhráid ESMA agus an choláiste;
(b)Déanfaidh ESMA measúnú riosca ar an athrú mór agus cuirfidh sé a thuarascáil faoi bhráid údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh agus an choláiste.
1d.
Laistigh de 10 lá oibre tar éis dóibh na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1c a fháil, glacfaidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh agus ESMA araon cinneadh, agus na tuarascálacha sin á gcur san áireamh acu agus cuirfidh siad a chéile ar an eolas faoin gcinneadh a rinneadh. I gcás nár bhailíochtaigh ceann amháin díobh an t‑athrú, diúltófar don bhailíochtú.
1e.
Laistigh de 5 lá oibre ón dáta ón tráth a ghlacfar na cinntí faoi mhír 1d, cuirfidh an t‑údarás inniúil agus ESMA an contrapháirtí lárnach ar an eolas i scríbhinn, lena n‑áirítear míniú lánréasúnaithe, ar deonaíodh an bailíochtú nó ar diúltaíodh dó.
(b)cuirtear isteach na míreanna 1f agus 1g seo a leanas:
1f.
Ní fhéadfaidh an contrapháirtí lárnach aon athrú mór ar na samhlacha dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh sula bhfaighidh sé na bailíochtaithe óna údarás inniúil agus ó ESMA. Féadfaidh an t‑údarás inniúil, i gcomhaontú le ESMA, cead a thabhairt athrú mór ar na samhlacha sin a ghlacadh go sealadach sula mbailíochtófar iad i gcás ina mbeidh údar cuí leis de bharr cás éigeandála faoi Airteagal 24 den Rialachán seo. Ní cheadófar athrú sealadach den sórt sin ar na samhlacha ach ar feadh tréimhse áirithe a shonróidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh agus ESMA go comhpháirteach. Tar éis don tréimhse sin dul in éag, ní cheadófar don chontrapháirtí lárnach an t‑athrú samhla sin a úsáid ach amháin má formheasadh é de bhun mhíreanna 1a, 1c, 1d agus 1e.
1g.
Measfar gur athrú mór é athrú i gcás ina gcomhlíonfar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
tá laghdú nó méadú níos mó ná 15 % ar na hacmhainní airgeadais réamh‑mhaoinithe iomlána mar thoradh ar an athrú, lena n‑áirítear ceanglais éarlaise, ciste mainneachtana agus rud is dír leo féin a chur i bhfiontar;
(b)
athraítear struchtúr, eilimintí struchtúracha nó paraiméadair éarlaise na samhla éarlaise nó go ndéantar modúl éarlaise a thabhairt isteach, a bhaint, nó a leasú ar bhealach a bhfuil laghdú nó méadú níos mó ná 15 % ar leibhéal an CPL ar an modúl éarlaise sin mar thoradh air;
(c)
athraítear an mhodheolaíocht a úsáidtear chun fritháirimh punainne a ríomh, rud a fhágann go bhfuil laghdú nó méadú níos mó ná 10 % ar na ceanglais éarlaise iomlána le haghaidh na n‑ionstraimí airgeadais sin;
(d)
athraítear an mhodheolaíocht chun cásanna tástála struis a shainiú agus a chalabrú chun neamhchosaintí ar chiste mainneachtana a chinneadh, rud a fháfann go bhfuil laghdú nó méadú níos mó ná 20 % de chiste mainneachtana, nó níos mó ná 50 % d’aon ranníocaíocht aonair le ciste mainneachtana;
(e)
athraítear an mhodheolaíocht a chuirtear i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar riosca leachtachta agus chun faireachán a dhéanamh ar an riosca comhchruinnithe, rud a fhágann go bhfuil laghdú nó méadú níos mó ná 20 % ar na riachtanais leachtachta mheasta in aon airgeadra nó laghdú nó méadú níos mó ná 10 % ar na riachtanais leachtachta iomlána;
(f)
athraítear an mhodheolaíocht a chuirtear i bhfeidhm chun comhthaobhacht a luacháil, chun caolchorrlach comhthaobhachta a chalabrú nó chun teorainneacha comhchruinnithe a shocrú, sa chaoi agus go dtiocfaidh laghdú nó méadú níos mó ná 10 % ar luach iomlán na comhthaobhachta neamhairgid; ar choinníoll nach gcomhlíonann an t‑athrú atá beartaithe ag an gcontrapháirtí lárnach aon chritéar maidir le síneadh a chur le húdarú an chontrapháirtí lárnaigh a shonraítear in Airteagal 2(1);
(g)
aon athrú eile ar na samhlacha a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith aige ar riosca foriomlán an chontrapháirtí lárnaigh.’
(c)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
‘5.
Forbróidh ESMA, i ndlúthchomhar le CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar liosta na ndoiciméad riachtanach a bheidh ag gabháil le hiarratas ar bhailíochtú de bhun mhír 1a agus sonróidh sé an fhaisnéis a bheidh sna doiciméid sin chun a léiriú go gcomhlíonann an contrapháirtí lárnach ceanglais ábhartha uile an Rialacháin seo.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin … [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta = 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;
(d)
cuirtear isteach an mhír 6 seo a leanas:
‘6.
Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ina sonrófar formáid leictreonach an iarratais ar bhailíochtú dá dtagraítear i mír 1a atá le cur faoi bhráid an bhunachair sonraí lárnaigh.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin … [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta = 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Tabharfar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;
(1)in Airteagal 54, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1.
Beidh socrú idir-inoibritheachta faoi réir formheas roimh ré ó údaráis inniúla na gcontrapháirtithe lárnacha lena mbaineann. Iarrfaidh údaráis inniúla na gcontrapháirtithe lárnacha tuairim ESMA i gcomhréir le 24a(7), an chéad fhomhír, pointe (bc), agus an choláiste i gcomhréir le hAirteagal 19, agus a eisíodh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17b.’;
(2)In Airteagal 82, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:
‘2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 1(6), Airteagal 3(5), Airteagal 4(3a), Airteagal 7a(6), Airteagal 17a(6), Airteagal 25(2a), Airteagal 25(6a), Airteagal 25a(3), Airteagal 25d(3), Airteagal 25i(7), Airteagal 25o, Airteagal 64(7), Airteagal 70, Airteagal 72(3), agus Airteagal 85(2) a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse neamhchinntithe ama.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 1(6), Airteagal 3(5), Airteagal 4(3a), Airteagal 7a(6), Airteagal 17a(6), Airteagal 25(2a), Airteagal 25(6a), Airteagal 25a(3), Airteagal 25d(3), Airteagal 25i(7), Airteagal 25o, Airteagal 64(7), Airteagal 70, Airteagal 72(3), agus Airteagal 85(2) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
(3)leasaítear Airteagal 85 mar a leanas;
(a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1.
Faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 5 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus ullmhóidh sé tuarascáil ghinearálta. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, mar aon le haon togra iomchuí.’;
(b)
cuirtear isteach an mhír 1b seo a leanas:
‘1b.
Faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 1 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] cuirfidh ESMA tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an bhféidearthacht agus leis an indéantacht leithscaradh cuntas a cheangal feadh shlabhra imréitigh na gcontrapháirtithe neamhairgeadais agus airgeadais. Beidh measúnú costais agus tairbhe ag gabháil leis an tuarascáil.’;
(c)
scriostar mír 7;
(4)leasaítear Airteagal 90 mar a leanas:
‘Faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = cuir isteach 3 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh ESMA measúnú ar na riachtanais foirne agus ar na riachtanais acmhainní a eascraíonn as a chumhachtaí agus a dhualgais a ghlacadh de láimh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin.’
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Leasaítear Airteagal 382 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a leanas:
(1)
i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
‘(b) idirbhearta laistigh de ghrúpa a dhéantar le contrapháirtithe airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 8, de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, institiúidí airgeadais nó gnóthais seirbhísí coimhdeacha atá bunaithe san Aontas nó atá bunaithe i dtríú tír a chuireann ceanglais stuamachta agus mhaoirseachta i bhfeidhm maidir leis na contrapháirtithe airgeadais, na hinstitiúidí airgeadais nó na gnóthais seirbhísí coimhdeacha sin atá coibhéiseach ar a laghad leo siúd a chuirtear i bhfeidhm san Aontas, mura rud é go nglacfaidh Ballstáit dlí náisiúnta lena gceanglaítear deighilt struchtúrach laistigh de ghrúpa baincéireachta, agus sa chás sin féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal go n‑áireofar na hidirbhearta sin laistigh de ghrúpa idir na heintitis atá deighilte go struchtúrtha sna ceanglais cistí dílse;’
(2)
cuirtear an mhír [4c] seo a leanas isteach:
‘[4c].
Chun críocha mhír 4, pointe (b), féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, agus faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 464(2), cinneadh a ghlacadh an gcuireann tríú tír ceanglais stuamachta mhaoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá ar a laghad coibhéiseach leis na socruithe sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas.
In éagmais cinneadh den sórt sin, féadfaidh institiúidí, go dtí an 31 Nollaig 2027, na hidirbhearta laistigh de ghrúpa lena mbaineann a eisiamh fós ó na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA ar choinníoll go mbeidh an tríú tír sin formheasta ag na húdaráis inniúla ábhartha mar thír atá incháilithe don láimhseáil sin roimh an 31 Nollaig 2026. Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra do ÚBE faoi chásanna den sórt sin faoin 31 Márta 2027.’
Airteagal 3
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/1131
Leasaítear Rialachán (AE) 2017/1131 mar a leanas:
(1)in Airteagal 2, cuirtear isteach an pointe (24) seo a leanas
‘(24)
Ciallaíonn ‘CPL’ duine dlítheanach dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.’;
(2)leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:
(a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4.
An risíocht chomhiomlán riosca don chontrapháirtí céanna de CMA a eascraíonn as idirbhearta díorthacha a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13 agus nach ndéantar a imréiteach go lárnach trí chontrapháirtí lárnach a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 25 den Rialachán sin, ní rachaidh sí thar 5 % de shócmhainní an CMA.’;
(b)
i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre, pointe (c):
‘(c)
ionstraimí díorthacha airgeadais nach ndéantar a imréiteach go lárnach trí chontrapháirtí lárnach a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 25 den Rialachán sin, a fhágann go bhfuil risíocht riosca ag an gcontrapháirtí don chomhlacht sin.’.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.
LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.
Teideal an togra/tionscnaimh
1.2.
Réimsí beartais lena mbaineann
1.3.
Baineann an togra/tionscnamh le:
1.4.
Cuspóirí
1.4.1.
Cuspóirí ginearálta
1.4.2.
Cuspóirí sonracha
1.4.3.
An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo
1.4.4.
Táscairí feidhmíochta
1.5.
Forais an togra/tionscnaimh
1.5.1.
Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
1.5.2.
Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.
1.5.3.
Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
1.5.4.
Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
1.5.5.
Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
1.6.
Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh
1.7.
Modhanna bainistíochta atá beartaithe
2.
BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.
Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
2.2.
Córas bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.
An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
2.2.2.
Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
2.2.3.
Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)
2.3.
Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
3.
AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.
Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a n‑imreofar tionchar
3.2.
An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
3.2.1.
Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
3.2.2.
An t‑aschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
3.2.3.
Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin
3.2.4.
Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
3.2.5.
Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
3.3.
An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Rialachán (AE) 2017/1131 Téacs atá ábhartha maidir le LEE.
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann
Margadh Inmheánach – Seirbhísí Airgeadais.
1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:
☒ beart nua
◻ beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart
◻ síneadh ar bheart atá ann cheana
◻ beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua
1.4.Cuspóirí
1.4.1.Cuspóirí ginearálta
Cobhsaíocht airgeadais a chur chun cinn agus Aontas na Margaí Caipitil a neartú.
1.4.2.Cuspóirí sonracha
Tá na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an togra chun cuspóirí ginearálta mhargadh inmheánach an Aontais le haghaidh seirbhísí imréitigh lárnaigh a bhaint amach:
-
An t‑imréiteach a spreagadh ag CPLanna an Aontais agus spleáchas iomarcach ar CPL sistéamach neamh‑AE a laghdú trí mhargadh imréitigh de chuid an Aontais a thógáil a bheidh níos tarraingtí agus níos láidre.
-
A áirithiú go bhfuil an creat maoirseachta do CPLanna an Aontais leormhaith chun na rioscaí a bhaineann le hidirnascthacht chóras airgeadais an Aontais agus méideanna imréitigh méadaitheacha a bhainistiú, go háirithe i ndáil le rioscaí trasteorann, toisc go bhféadfadh méadú breise teacht ar na rioscaí sin de réir mar a thagann méadú ar mhargaí imréitigh an Aontais.
An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo
Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.
Is é is aidhm don togra margadh imréitigh an Aontais a neartú trí fheabhas a chur ar tharraingteacht CPLanna an Aontais, trí imréiteach a spreagadh i CPLanna an Aontais agus trí chur leis an measúnú agus leis an mbainistiú ar rioscaí trasteorann.
1.4.3.Táscairí feidhmíochta
Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.
Maidir le gach cuspóir sonrach táthar tar éis na táscairí feidhmíochta seo a leanas a leagan síos.
Feabhas a chur ar tharraingteacht CPLanna an Aontais:
–Arna tomhas ag an % conarthaí a imréitíonn rannpháirtithe imréitigh an Aontais i CPLanna an Aontais agus i CPLanna tríú tír.
–An líon táirgí nua CPL de chuid an Aontais a fhormheastar.
–An méid ama a thógann sé ar an meán (an líon laethanta) chun táirgí nua CPL a fhormheas agus chun athruithe ar an tsamhail a bhailíochtú.
–Líon na nósanna imeachta neamhagóide a cuireadh i gcrích.
Imréiteach i CPLanna an Aontais a spreagadh:
–Meánmhéideanna ar chuntais ghníomhacha i CPLanna an Aontais.
–Idirbhearta arna n‑imréiteach i CPLanna an Aontais in airgeadraí éagsúla (dearbhluach agus i gcomparáid leis na margaí domhanda).
–Líon na gcomhaltaí imréitigh agus na gcliant in CPLanna an Aontais.
–Méid na gconarthaí arna n‑imréiteach lasmuigh de CPLanna an Aontais ag gníomhaithe nó le haghaidh conarthaí arna n‑ainmniú in airgeadra an Aontais.
Feabhas a chur ar an measúnú ar rioscaí trasteorann:
–Líon na dtuairimí arna n‑eisiúint ag ÚEUM in aghaidh na bliana.
–Líon na gcásanna ina n‑imíonn ÚINanna ó thuairimí ESMA.
–Líon na gcomhfhoirne maoirseachta arna mbunú agus cúraimí a rinneadh.
–Líon uaireanta a rinne ÚEUM comhordú ar iarrataí faisnéise nó a rinne sé iarrataí faisnéise.
1.5.Forais an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
Is iad na ceanglais a fhéachann an togra seo lena gcomhlíonadh ná CPLanna nua-aimseartha iomaíocha a bheith san Aontas atá in ann gnó a mhealladh agus an tráth céanna CPLanna atá sábháilte agus athléimneach a bheith san Aontas, agus uathriail straitéiseach oscailte an Aontais a fheabhsú.
Agus an togra seo á chur chun feidhme, lena n‑áirítear an fhorbairt bhreise atá beartaithe a dhéanamh ar leibhéal 2, meastar — faoi réir chomhaontú na gcomhreachtóirí — go ndéanfaidh an comhphobal maoirseachta agus an margadh araon a gcuid féin de na ceanglais faoi mhí an Mheithimh 2025 ar a dhéanaí.
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.
Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ex ante)
Is cuid dhoscartha de mhargadh airgeadais an Aontais é margadh imréitigh an Aontais. Dá réir sin, ba cheart a áirithiú le gníomhaíocht an Aontais nach mbeidh rioscaí ró‑ard i ndán do rannpháirtí i hargadh airgeadais an Aontais mar gheall ar spleáchas iomarcach ar CPLanna sistéamacha tríú tír más rud é, i gcás anacra, go ndéanfadh údaráis tríú tír cinntí chun cosc a chur le rogha a bheith ag an Aontas idirghabháil a dhéanamh le linn staideanna éigeandála.
An breisluach Aontais a mheastar a ghinfear (ex post)
Maidir le cuspóirí an Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach (EMIR), mar atá, idirbhearta díorthach a rialáil, cobhsaíocht airgeadais a chur chun cinn agus margaí a dhéanamh níos trédhearcaí, níos caighdeánaithe agus, dá bhrí sin níos sábháilte, is cuspóirí riachtanach iad chun margadh inmheánach airgeadais rathúil an Aontais a bhaint amach, go háirithe maidir leis an gcomhpháirt trasteorann de. Ní féidir leis na Ballstáit agus na maoirseoirí náisiúnta na rioscaí trasteorann a bhaineann le himréiteach lárnach laistigh den Aontas ná den chreat le haghaidh CPLanna tríú tír a réiteach as a stuaim féin, ná aghaidh a thabhairt orthu.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
Cuirtear san áireamh sa togra seo an taithí a fuarthas ó leaganacha roimhe seo de EMIR.
Le EMIR rialaítear idirbhearta díorthach, lena n‑áirítear bearta chun na rioscaí a bhaineann leo a theorannú trí CPLanna. Glacadh é tar éis ghéarchéim airgeadais 2008/2009 chun cobhsaíocht airgeadais a chur chun cinn agus chun na margaí a dhéanamh níos trédhearcaí, níos caighdeánaithe agus, dá bhrí sin, níos sábháilte. Cuireadh athchóirithe dá samhail chun feidhme i bhformhór thíortha G20. Ceanglaítear le EMIR go dtuairiscítear idirbhearta díorthach chun trédhearcacht an mhargaidh a áirithiú le haghaidh rialtóirí agus maoirseoirí; agus go ndéantar na rioscaí a baineann leo a mhaolú go hiomchuí trí imréiteach lárnach a dhéanamh i CPL nó trí mhalartú chomhthaobhachta, dá ngairtear ‘éarlais’, in idirbhearta déthaobhacha. Tá fás nach beag tar éis teacht ar CPLanna agus ar na rioscaí a bhainistíonn siad ó glacadh EMIR.
In 2017, d’fhoilsigh an Coimisiún dhá thogra reachtacha lena leasaítear EMIR, a ghlac na comhreachtóirí araon in 2019. Le EMIR REFIT rinneadh athchalabrú ar chuid de na rialacha chun a gcomhréireacht a áirithiú, agus cobhsaíocht airgeadais á háirithiú ag an am céanna. Agus aitheantas á thabhairt aige do na saincheisteanna atá ag teacht chun cinn i ndáil leis an méadú atá ag teacht ar rioscaí i CPLanna, go háirithe CPLanna tríú tír, le EMIR 2.2 rinneadh athbhreithniú ar an gcreat maoirseachta agus leagadh amach próiseas chun measúnú a dhéanamh ar chineál sistéamach CPLanna tríú tír ag ESMA i gcomhar leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) agus leis na bainc cheannais eisiúna. Comhlánaíodh EMIR leis an Rialachán maidir le Téarnamh agus Réiteach CPLanna, arna ghlacadh in 2020, chun ullmhú don chás neamhdhóchúil — ach a mbeadh tionchar ollmhór aige — ina mbeadh anás mór roimh CPL de chuid an Aontais. Tá cobhsaíocht airgeadais i gcroílár na bpíosaí sin de reachtaíocht an Aontais. Ó 2017 i leith, cuireadh údair imní in iúl arís agus arís eile faoi na rioscaí leanúnacha do chobhsaíocht airgeadais an Aontais a eascraíonn as ró‑chomhchruinniú an imréitigh i roinnt CPLanna tríú tír, go háirithe na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann i gcás struis. Thairis sin, d’éireodh do theagmhais lena mbaineann ardriosca ach dóchúlacht íseal agus ní mór don Aontas a bheith ullamh chun aghaidh a thabhairt orthu. Cé gur chruthaigh CPLanna an Aontais, le linn na n‑imeachtaí sin, go bhfuil athléimneacht iontu ar an mórgóir, is léir ón taithí a fuarthas gur féidir éiceachóras imréitigh an Aontais a neartú, ar mhaithe leis an gcobhsaíocht airgeadais. Mar sin féin, chun uathriail straitéiseach oscailte a áirithiú ní mór don Aontas é féin a chosaint i gcoinne na rioscaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn nuair a bhíonn rannpháirtithe i margadh an Aontais ag brath an iomarca ar eintitis tríú tír, de bhrí gur féidir leis sin a bheith ina chúis leochaileachtaí.
I ndearadh na gceanglas nua atá beartaithe cuirtear san áireamh an taithí a fuarthas le EMIR, mar a leagtar amach thuas.
1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
Tá an togra seo agus na ceanglais shonracha a ghabhann leis i gcomhréir leis na socruithe reatha le haghaidh seirbhísí airgeadais laistigh den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) agus tá siad ailínithe le cleachtais chaighdeánacha maidir le buiséad an Aontais a chur chun oibre agus i gcomhréir le cleachtais reatha sheirbhísí an Choimisiúin maidir le tograí nua a phleanáil agus a bhuiséadú.
Ina theannta sin, tá cuspóirí an tionscnaimh comhsheasmhach le beartas eile de chuid an Aontais agus le tionscnaimh eile de chuid an Aontais atá ar siúl faoi láthair arb é is aidhm dóibh: (i) Aontas na Margaí Caipitil a fhorbairt, agus (ii) feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht na maoirseachta ar leibhéal an Aontais, laistigh agus lasmuigh de Aontas araon.
Ar an gcéad dul síos, tá sé comhsheasmhach le hiarrachtaí reatha an Choimisiúin Aontas na Margaí Caipitil a fhorbairt a thuilleadh. Na saincheisteanna a dtugtar aghaidh orthu sa togra seo, déanann siad difear do chobhsaíocht airgeadais an Aontais de bhrí go gcuireann siad bac ar laghdú neamhchosaintí iomarcacha ar CPLanna sistéamacha agus mar gheall gur bac suntasach iad ar mhargadh imréitigh AE a fhorbairt atá éifeachtúil agus tarraingteach, rud is bunchloch i gcomhar Aontas na Margaí Caipitil atá domhain agus leachtach. Cuireadh béim ar an bpráinn atá le margaí caipitil an Aontais a fhorbairt agus a chomhtháthú a thuilleadh i bPlean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil i mí Mheán Fómhair 2020.
Ar an dara dul síos, tá sé comhsheasmhach le taithí sheirbhísí an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú forálacha tríú tíortha i reachtaíocht airgeadais an Aontais agus cuireann sé chun feidhme an taithí phraiticiúil a fuair seirbhísí an Choimisiúin agus iad ag tabhairt faoi na cúraimí sin go praiticiúil.
Ar an tríú dul síos, tá sé comhsheasmhach le cuspóir an Aontais maidir le huathriail straitéiseach oscailte.
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh
◻ tréimhse theoranta
◻
i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB
◻
Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.
☒ tréimhse neamhtheoranta
Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,
agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe
◻ Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún
◻ ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
◻
trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
◻ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
◻ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;
◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);
◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;
◻ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;
◻ comhlachtaí dlí poiblí;
◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;
◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.
I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’, le do thoil.
Barúlacha
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.
I gcomhréir le socruithe atá ann cheana ullmhaíonn ÚEUM tuarascálacha rialta ar a ghníomhaíochtaí (lena n‑áirítear tuairisciú inmheánach don Bhainistíocht Shinsearach, tuairisciú don Bhord Bainistíochta, tuairisciú gach sé mhí do Bhord Maoirseoirí agus an tuarascáil bhliantúil a chur i dtoll a chéile), agus déanann an Chúirt Iniúchóirí agus an tSeirbhís Inmheánach Iniúchta iniúchtaí ar ÚEUM maidir leis an gcaoi a n‑úsáideann sé acmhainní. Ina theannta sin, soláthraíonn an togra roinnt oibleagáidí breise faireacháin agus tuairiscithe a bheidh ar ÚEUM i ndáil le gnéithe nua an Rialacháin, lena n‑áirítear an cuntas gníomhach. Soláthróidh an Coimisiún tuarascáil 5 bliana tar éis don Rialachán teacht i bhfeidhm.
2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
I ndáil le húsáid dhlíthiúil, eacnamaíoch, éifeachtúil agus éifeachtach na leithreasuithe a eascróidh ón togra, meastar nach dtiocfaidh den togra rioscaí nua nach mbeadh cumhdaithe faoin gcreat rialaithe inmheánach atá ann faoi láthair.
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
Cuirtear chun feidhme cheana féin na córais bhainistíochta agus rialaithe dá bhforáiltear i Rialachán ÚEUM. Oibríonn ÚEUM i ndlúthchomhar le Seirbhís Inmheánach Iniúchta an Choimisiúin lena áirithiú go gcomhlíontar na caighdeáin iomchuí sna réimsí rialaithe inmheánacha uile. Beidh feidhm freisin ag na socruithe sin maidir le ról ÚEUM de réir an togra reatha. Seoltar tuarascálacha bliantúla iniúchóireachta inmheánaí chuig an gCoimisiún, chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle.
2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.
Chun críocha calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a chomhrac, beidh feidhm gan srian ag forálacha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle.
D’aontaigh ÚEUM do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Pharlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach, maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) agus ghlac sé forálacha iomchuí maidir le foireann uile ÚEUM.
Leagtar síos go sainráite sna cinntí maidir le maoiniú agus sna comhaontuithe agus sna hionstraimí cur chun feidhme a dtagann astu go bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF seiceálacha ar an láthair a dhéanamh, más gá, ar thairbhithe an airgid atá eisíoctha ag ÚEUM agus ar bhaill foirne atá freagrach as an airgead sin a leithdháileadh.
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a n‑imreofar tionchar
Línte buiséid atá ann cheana
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne bhuiséid
|
Saghas caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
|
Uimhir
|
LD/LN.
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais
|
|
|
[XX.YY.YY.YY]
|
LD/LN
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne bhuiséid
|
Saghas
caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
|
Uimhir
|
LD/LN
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais
|
|
|
[XX.YY.YY.YY]
|
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
Ní bheidh aon tionchar ag an tionscnamh reachtach seo ar chaiteachas i ndáil leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) ná le comhlachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh.
ÚEUM: Sa mheasúnú tionchair níor sainaithníodh ach costas breise measartha le haghaidh ÚEUM, agus ag an am céanna cruthaíonn na bearta atá beartaithe éifeachtúlachtaí a mbeidh laghduithe costais mar thoradh orthu. Ina theannta sin, le roinnt forálacha déantar ról ÚEUM a shoiléiriú agus a athchalabrú ach ní chruthaítear cúraimí nua leo agus, dá bhrí sin, measfar iad a bheith neodrach ó thaobh an bhuiséid de.
Baineann na costais a sainaithníodh le huirlis TF nua a chur ar bun agus a oibriú le haghaidh doiciméid mhaoirseachta a thíolacadh. Mar sin féin, cé go bhféadfadh sé go dtabhódh ÚEUM costais níos airde a bhaineann le huirlis TF nua den sórt sin a fhorbairt nó a roghnú chomh maith lena hoibriú, cruthóidh an uirlis TF sin éifeachtúlachtaí freisin agus bainfidh ESMA tairbhe as na héifeachtúlachtaí sin. Baineann na héifeachtúlachtaí sin le níos lú oibre a dhéanamh de láimh ó thaobh doiciméid a réiteach agus a chomhroinnt, leis na bearta leantacha i ndáil le spriocdhátaí agus ceisteanna, chomh maith le comhordú le húdaráis inniúla náisiúnta (ÚINanna), leis an gcoláiste agus leis an gCoiste Maoirseachta do CPLanna. Is dócha gur mó na tairbhí sin a gheofar ná na costais a thabhófar.
Thairis sin, maidir leis an obair bhreise thosaigh/leis an bpáipéarachas breise tosaigh a bhaineann le modhnú uirlisí agus nósanna imeachta, agus a bhaineann le comhar feabhsaithe, d’fhéadfadh sé méadú a chur ar an gcostas i dtosach, ach is dócha go laghdófar í, nó go bhfanfaidh sí cobhsaí, le himeacht ama. Go háirithe, ceanglófar ar ESMA caighdeáin theicniúla rialála/caighdeáin theicniúla cur chun feidhme (RTS/ITS) a dhréachtú maidir le formáid agus ábhar na ndoiciméad a cheanglaítear ar CPLanna a chur faoi bhráid na n‑údarás maoirseachta, le sonrú an cheanglais atá ar chomhaltaí imréitigh agus ar chliaint cuntas gníomhach a bheith acu le CPL de chuid an Aontais, leis an modheolaíocht atá le húsáid chun an cion a ríomh, le raon feidhme agus mionsonraí an tuairiscithe a dhéanann comhaltaí imréitigh agus cliaint an Aontais dá gcuid údarás inniúil maidir lena ngníomhaíocht imréitigh i CPLanna tríú tír agus, le linn na sásraí a sholáthar lena ngníomhachtófar athbhreithniú ar luachanna na dtairseach imréitigh i ndiaidh luaineachtaí praghais suntasacha san aicme fholuiteach díorthach thar an gcuntar, ceanglófar ar ESMA freisin athbhreithniú a dhéanamh ar raon feidhme na díolúine fálaithe agus tairseacha le haghaidh na hoibleagáide imréitigh atá le cur i bhfeidhm, chomh maith le tuarascáil bhliantúil ar thorthaí a gcuid gníomhaíochtaí faireacháin. Agus é ag tabhairt faoi na gníomhaíochtaí sin, féadfaidh ÚEUM tógáil ar phróisis agus nósanna imeachta inmheánacha atá ann cheana, agus féadfaidh sé, i gcás inarb ábhartha, na nósanna imeachta sin a thiontú ina gCaighdeáin Theicniúla Rialála/ina gCaighdeáin Theicniúla Cur Chun Feidhme. Agus é i mbun an ceanglas maidir le cuntas gníomhach a shainiú, le haghaidh roinnt ionstraimí a sainaithníodh cheana, agus le haghaidh an fhaireacháin leanúnaigh orthu, féadfaidh ÚEUM an obair a rinne sé faoi Airteagal 25(2c) de EMIR a chur san áireamh le linn measúnú a dhéanamh ar cé acu de na seirbhísí imréitigh CPLanna Leibhéal 2 a mbaineann tábhacht shistéamach shuntasach leo don Aontas nó do cheann amháin nó níos mó dá Bhallstáit agus ar ina leith, dá bhrí sin, nach mbeadh ach roinnt acmhainní breise an‑teoranta ag teastáil uathu.
Catagóir eile atá le cur san áireamh san anailís chostais is ea nósanna imeachta agus uirlisí a mhodhnú i leith an chreata nua um chomhar maoirseachta. Is gnéithe nua den chreat maoirseachta iad an comhar i gcomhfhoirne maoirseachta agus bunú an tsásra comhpháirtigh faireacháin ar leibhéal an Aontais. Mar sin féin, is uirlisí atá ann go príomha chun feabhas a chur ar an gcomhar idir na húdaráis agus chun cúraimí a chumhdach atá á ndéanamh, i ngach cuid bhunriachtanach, ag na húdaráis cheana féin, cé is moite den fhaireachán ar chur chun feidhme na gceanglas a leagtar amach le haghaidh cuntais ghníomhacha i CPLanna an Aontais, amhail táillí ar rochtain a ghearrann CPLanna ar chliaint le haghaidh cuntais ghníomhacha. Is dócha go mbeidh roinnt atheagrúcháin foirne de dhíth ar na struchtúir nua seo agus d’fhéadfadh sé go mbeidh gá le cruinnithe breise mar thoradh ar na struchtúir nua, ach ní bhainfidh impleachtaí móra buiséadacha leo. Thairis sin, gabhann tairbhí leis an bpróiseas maoirseachta athchalabraithe freisin, go háirithe freagrachtaí níos soiléire lena seachnaítear obair dhúblach nach bhfuil gá léi agus níos lú oibre mar gheall ar nósanna imeachta neamhagóide a thabhairt isteach lena gcuirtear ar chumas ÚEUM agus ÚINanna díriú ar ghnéithe ábhartha na maoirseachta i ndáil le síneadh a chur le seirbhísí imréitigh agus athruithe a dhéanamh ar shamhlacha riosca CPLanna.
Is é atá i gceist leis an gcur chuige atá beartaithe i leith CPLanna tríú tír a dhiúltaíonn táillí a íoc le ESMA ná fógra poiblí a eisiúint tar éis na táillí a bheith dlite 6 mhí agus tús a chur le tarraingt siar an aitheantais tar éis dóibh a bheith dlite ar feadh bliain amháin. Beidh an t‑athrú sin dearfach ó thaobh costais de. Ar an gcaoi sin ní gá d’ÚEUM méid suntasach oibre a infheistiú gan luach saothair a fháil air.
Thairis sin, tugtar forálacha breise isteach lena soiléirítear agus lena n‑athchalabraítear ról ESMA agus, dá bhrí sin, measfar iad a bheith neodrach ó thaobh an bhuiséid de. Mar shampla, tá oibleagáid ar ÚEUM cheana féin tuairimí a eisiúint maidir le gnéithe áirithe den mhaoirseacht, ach déantar a bhfuil sna dtuairimí sin a athchalabrú chun leibhéal níos airde éifeachtúlachta a áirithiú sa phróiseas maoirseachta agus tugtar deis fhoirmiúil do ÚEUM tuairim a eisiúint maidir le hathbhreithniú bliantúil agus meastóireacht bhliantúil CPLanna agus maidir haistarraingt a n‑údaraithe agus maidir le ról soiléir a ghlacadh i gcomhordú cásanna éigeandála. Is cúraimí iad sin a bhaineann, ar gach slí ábhartha, leis an obair atá ar siúl acu cheana, agus leis na forálacha soiléirítear seasamh ÚEUM agus, dá bhrí sin, neartaíonn siad é, agus soláthraítear freagrachtaí soiléire.
Comhlachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh: Cé go dtugtar isteach athruithe níos lú ar ról chomhlachtaí eile an Aontais Eorpaigh, amhail an Coimisiún Eorpach nó an Banc Ceannais Eorpach, ní bhainfidh impleachtaí buiséadacha leo.
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
☒
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
◻
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
|
Uimhir
|
|
|
AS: <…….>
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
|
• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Líne bhuiséid
|
Gealltanais
|
(1a)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2a)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Líne bhuiséid
|
Gealltanais
|
(1b)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2b)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Líne bhuiséid
|
|
(3)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe
i gcomhair AS <…….>
|
Gealltanais
|
=1a+1b +3
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=2a+2b
+3
|
|
|
|
|
|
|
|
|
• IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
Gealltanais
|
(4)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
• IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
(6)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL <….>
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
=4+ 6
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=5+ 6
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal oibríochta amháin, líon isteach an chuid thuas arís i gcás gach ceann de na ceannteidil sin:
|
• IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach ceannteideal oibríochta)
|
Gealltanais
|
(4)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach (gach ceannteideal oibríochta)
|
(6)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 6
den chreat airgeadais ilbhliantúil
(Méid tagartha)
|
Gealltanais
|
=4+ 6
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=5+ 6
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
|
7
|
‘Caiteachas riaracháin’
|
Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart leas a bhaint as na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ atá le hiontráil ar dtús san
Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach
(Iarscríbhinn V a ghabhann leis na rialacha inmheánacha) agus a uaslódáiltear chuig an gcóras DECIDE chun críoch comhairliúcháin idirsheirbhíse.
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
|
AS: <…….>
|
|
• Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
• Caiteachas riaracháin eile
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN AS <…….>
|
Leithreasuithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán na ngealltanas = Iomlán na n‑íocaíochtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Sonraigh cuspóirí agus aschuir
⇩
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
|
|
ASCHUIR
|
|
|
Saghas
|
Meánchostas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon iomlán
|
Costas iomlán
|
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1…
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2 ...
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁIN
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin
☒
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
◻
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
|
CEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Caiteachas eile
de chineál riaracháin
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Cumhdófar na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon, más gá, le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
☒
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.
◻
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos:
Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain N+2
|
Bliain N+3
|
Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
|
• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
|
20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
20 01 02 03 (Toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
01 01 01 01 (Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
01 01 01 11 (Taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
• Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)
|
|
20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 xx yy zz
|
- sa Cheanncheathrú
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- i dToscaireachtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
|
01 01 01 02 (AC, END, INT – Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
01 01 01 12 (AC, INT, SNE – Taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
|
|
|
|
|
|
|
Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.
Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath‑imlonnófar laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon, más gá, le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:
|
Oifigigh agus pearsanra sealadach
|
|
|
Pearsanra seachtrach
|
|
3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
☒
is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).
Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. Cuir tábla excel ar fáil i gcás athchlárú mór.
◻
is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.
Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.
◻
is gá athbhreithniú a dhéanamh ar CAI.
Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.
3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
☒
ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe
◻
déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh‑mheasta thíos:
Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
Iomlán
|
|
Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
☒
Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.
◻
Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
◻
ar acmhainní dílse
◻
ar ioncam eile
má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin ◻
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Líne buiséid ioncaim:
|
Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha
|
Tionchar an togra/tionscnaimh
|
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
|
Airteagal ………….
|
|
|
|
|
|
|
|
|
I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid caiteachais a ndéantar difear dóibh.
Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).