AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,7.12.2022
COM(2022) 695 final
2022/0402(CNS)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla in ábhair tuismíochta agus maidir le Deimhniú Eorpach Tuismíochta a chruthú
{SEC(2022) 432 final} - {SWD(2022) 390 final} - {SWD(2022) 391 final} - {SWD(2022) 392 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Tá sé d’aidhm ag an Aontas limistéar saoirse agus ceartais a chruthú, a chothabháil agus a fhorbairt ina n‑áirithítear saorghluaiseacht daoine, rochtain ar an gceartas agus lánurraim do chearta bunúsacha.
Chun an cuspóir sin a chur chun cinn, dúirt Uachtarán an Choimisiúin von der Leyen ina haitheasc ar Staid an Aontais in 2020 ‘Más tuismitheoir i dtír amháin thú, is tuismitheoir i ngach tír atá ionat’. Leis an ráiteas sin rinne Uachtarán an Choimisiúin tagairt don ghá lena áirithiú go dtugtar aitheantas don tuismíocht a shuitear i mBallstát amháin i ngach aon Bhallstát eile chun gach críche. Sainaithníodh an tionscnamh sin mar phríomhbheart i Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le cearta an linbh agus i Straitéis an Aontais Eorpaigh um Chomhionannas LGBTIQ.
Is é is cuspóir don togra cosaint ceart bunúsach agus chearta eile an linbh in imthosca trasteorann a neartú, lena n‑áirítear a gceart féiniúlachta, chun neamh‑idirdhealú agus chun saol príobháideach agus saol teaghlaigh a fháil, agus chun ceart comharbais agus cothabhála i mBallstát eile, agus leas an linbh á thabhairt san áireamh mar phríomhthosaíocht. I gcomhréir leis an gcuspóir sin, cuirtear i dtábhacht le conclúidí na Comhairle maidir le Straitéis an Aontais Eorpaigh um chearta an linbh gur cearta uilíocha iad cearta an linbh, go bhfuil ag gach leanbh na cearta céanna gan idirdhealú d’aon chineál, agus nach mór gurb é leas an linbh an phríomhthosaíocht i gcás gach gníomhaíochta a bhaineann le leanaí, cé acu údaráis phoiblí nó institiúidí príobháideacha a ghlacann iad.
Is cuspóirí breise leis an togra iad deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht a sholáthar i ndáil leis na rialacha um dhlínse idirnáisiúnta agus an dlí is infheidhme maidir le suí na tuismíochta in imthosca trasteorann agus chun aitheantas a thabhairt do thuismíocht, agus na costais dlí agus an t‑ualach a laghdú do theaghlaigh agus do bhreithiúna na mBallstát i dtaca le himeachtaí dlíthiúla maidir le haitheantas a thabhairt don tuismíocht i mBallstát eile.
Is é an fáth leis an ngá chun aitheantas do thuismíocht idir Ballstáit a áirithiú gur minice do shaoránaigh a bheith in imthosca trasteorann, mar shampla i gcás ina gcónaíonn daoine muinteartha leo i mBallstát eile, ina dtaistealaíonn siad laistigh den Aontas, ina n‑aistríonn siad chuig Ballstát eile le post a chuardach nó le teaghlach a bhunú, nó le maoin i mBallstát eile a cheannach. Meastar faoi láthair go bhféadfadh timpeall is 2 mhilliún leanbh a bheith in imthosca nach dtugtar aitheantas chun gach críoch i mBallstát amháin don aitheantas dá dtuismíocht mar a shuitear i mBallstát eile í.
Ceanglaítear i ndlí an Aontais cheana féin go dtugann Ballstáit aitheantas do thuismíocht an linbh mar a shuitear i mBallstát eile chun críocha na gceart a ghabhann don leanbh sin ó dhlí an Aontais, go háirithe faoi dhlí an Aontais maidir le saorghluaiseacht, lena n‑áirítear Treoir 2004/38/CE maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh aistriú agus cur fúthu faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát, lena mbaineann an ceart chun cóir chomhionann agus an toirmeasc ar bhacainní i gcúrsaí amhail aitheantas d’ainmneacha.
Ní éilítear i ndlí an Aontais ar Bhallstáit go fóill áfach aitheantas a thabhairt do thuismíocht linbh mar a shuitear i mBallstát eile chun críocha eile. Féadann an neamhaitheantas sin iarmhairtí diúltacha suntasacha a chruthú do leanaí. Cuirtear bac leis ar a gcearta bunúsacha in imthosca trasteorann, agus féadfar séanadh na gceart a dhíorthaíonn siad ón tuismíocht de réir an dlí náisiúnta teacht dá thoradh. Is féidir le leanaí a gcuid ceart comharbais nó cothabhála i mBallstát eile a chailliúint dá réir, nó is féidir leo a gceart a chailliúint go bhfeidhmeoidh aon duine dá gcuid tuismitheoirí mar a n‑ionadaí dlíthiúil i mBallstát eile a mhéid a bhaineann le cúrsaí amhail cóireálacha leighis nó scolaíocht. D’fhéadfaí iallach a chur ar theaghlaigh dá mbaineann na deacrachtaí sin dul i mbun imeachtaí dlíthiúla le haitheantas a fháil do thuismíocht a leanaí i mBallstát eile, ach baineann am, costais agus ualach leis na himeachtaí dlíthiúla sin do theaghlaigh agus do bhreithiúna na mBallstát araon, agus bíonn torthaí neamhchinnte dá mbarr. I ndeireadh na dála, cé nach foláir do Bhallstáit aitheantas a thabhairt don tuismíocht mar a shuitear i mBallstát eile chun críocha na gceart a dhíorthaítear ó dhlí an Aontais, d’fhéadfaí teaghlaigh a dhíspreagadh ó fheidhmiú a gcirt chun saorghluaiseachta ar eagla nach dtabharfaí aitheantas do thuismíocht a gcuid leanaí chun gach críoch i mBallstát eile.
Is iad na fáthanna a bhaineann leis na deacrachtaí atá ann faoi láthair maidir le haitheantas do thuismíocht go mbíonn rialacha substainteacha difriúla ag na Ballstáit maidir le suí na tuismíochta in imthosca intíre, atá faoina n‑inniúlacht agus a fhanfaidh faoina n‑inniúlacht, ach go mbíonn rialacha difriúla acu freisin maidir le rialacha um dhlínse idirnáisiúnta agus coinbhleacht dlíthe maidir le suí na tuismíochta in imthosca trasteorann agus maidir le haitheantas a thabhairt don tuismíocht a suíodh i mBallstát eile, rud a bhfuil inniúlacht ag an Aontas chun gníomhú ina leith. An lá inniu ann, áfach, i gcás ionstraimí an Aontais maidir leis an dlí teaghlaigh lena mbaineann impleachtaí trasteorann, lena n‑áirítear na cinn um fhreagracht tuismitheoirí agus cothabháil, um chomharbas agus um chur i láthair doiciméad poiblí i mBallstát eile; ní áirítear orthu rialacha maidir le dlínse idirnáisiúnta agus coinbhleacht idir dlíthe maidir le suí na tuismíochta in imthosca trasteorann ná maidir le haitheantas do thuismíocht idir Ballstáit ina raon feidhme.
Taispeántar sna gearáin ó shaoránaigh, sna hachainíocha le Parlaimint na hEorpa agus sna himeachtaí dlíthiúla na fadhbanna a bhaineann do theaghlaigh chun aitheantas a fháil do thuismíocht a leanaí in imthosca trasteorann laistigh den Aontas, i gcás ina n‑aistríonn siad chuig Ballstát eile nó ina bhfilleann siad ar a mBallstát tionscnaimh agus ina n‑iarrann siad aitheantas do thuismíocht chun gach críoch.
Le haghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhaineann le haitheantas do thuismíocht chun gach críoch agus leis an easnamh atá ann faoi láthair i ndlí an Aontais a dhúnadh, tá an Coimisiún ag moladh go nglacfaí rialacha an Aontais maidir le dlínse idirnáisiúnta um thuismíocht (lena gcinntear cúirteanna an Bhallstáit ag a bhfuil inniúlacht chun cúrsaí tuismíochta a phlé, lena n‑áirítear suí na tuismíochta, in imthosca trasteorann) agus an dlí is infheidhme (lena n‑ainmnítear an dlí náisiúnta ar cheart feidhm a bheith leis maidir le cúrsaí tuismíochta, lena n‑áirítear i ndáil le suí na tuismíochta, in imthosca trasteorann), sa chaoi go n‑éascófaí ansin d’ aitheantas a thabhairt i mBallstát amháin don tuismíocht a shuitear i mBallstát eile. Tá an Coimisiún ag moladh freisin go gcruthófaí Deimhniú Eorpach Tuismíochta ar féidir le leanaí (nó lena n‑ionadaí dlíthiúil) a iarraidh agus a úsáid chun fianaise a sholáthar maidir lena dtuismíocht i mBallstát eile.
I bhfianaise go bhfuil sé den cheart céanna ag gach leanbh de réir an dlí idirnáisiúnta, dhlí an Aontais agus dhlíthe na mBallstát gan idirdhealú, cumhdaítear leis an togra aitheantas a thabhairt do thuismíocht linbh gan beann ar an gcaoi ar gineadh nó ar rugadh an leanbh, agus gan beann ar chineál teaghlaigh an linbh. Áirítear leis an togra seo dá réir an t‑aitheantas a thabhairt do thuismíocht linbh ag a bhfuil tuismitheoirí comhghnéis agus freisin an t‑aitheantas a thabhairt do thuismíocht linbh a uchtáiltear trí uchtáil intíre i mBallstát.
Ní dhéantar difear leis an togra áfach d’inniúlacht na mBallstát chun rialacha substainteacha an dlí teaghlaigh a ghlacadh amhail rialacha maidir le sainmhíniú ar theaghlach nó rialacha maidir le suí na tuismíochta in imthosca intíre. Ní dhéantar difear leis an togra freisin do rialacha na mBallstát maidir le haitheantas a thabhairt do phóstaí nó páirtíochtaí cláraithe a dhéantar ar an gcoigríoch.
Beidh feidhm leis an togra gan beann ar náisiúntacht leanaí agus ar náisiúntacht a dtuismitheoirí. Is amhlaidh áfach, i gcomhréir le hionstraimí an Aontais atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le cúrsaí sibhialta (lena n‑áirítear an dlí teaghlaigh) agus maidir le cúrsaí tráchtála, ní éilítear leis an togra ach aitheantas a thabhairt do dhoiciméid nó glacadh leo, lena suitear nó lena gcruthaítear an tuismíocht arna n‑eisiúint i mBallstát, agus leanfaidh an t‑aitheantas a thugtar do dhoiciméid nó an glacadh leo, lena suitear nó lena gcruthaítear an tuismíocht arna n‑eisiúint i dtríú Stát, dá rialú ag an dlí náisiúnta.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais sa réimse beartais
An lá inniu ann, ní foláir do Bhallstáit cheana féin de réir dhlí an Aontais atá i bhfeidhm faoi láthair aitheantas a thabhairt do thuismíocht linbh mar a shuitear i mBallstát eile chun críche fheidhmiú na gceart a dhíorthaíonn an leanbh ó dhlí an Aontais, go háirithe maidir le saorghluaiseacht. Ní dhéantar difear leis an togra d’oibleagáid an Bhallstáit sin. In éagmais rialacha an Aontais áfach maidir le dlínse idirnáisiúnta agus maidir leis an dlí is infheidhme i ndáil le suí na tuismíochta in imthosca trasteorann agus maidir le haitheantas do thuismíocht i mBallstát chun críocha na gceart a dhíorthaíonn leanbh ón tuismíocht de réir an dlí náisiúnta, is le dlí gach Ballstáit a rialaítear na cúrsaí sin faoi láthair.
Le hionstraimí an Aontais atá i bhfeidhm faoi láthair rialaítear an t‑aitheantas a thugtar do chinntí cúirte agus d’ionstraimí barántúla i roinnt réimsí lena mbaineann ábharthacht dhíreach do leanaí in imthosca trasteorann, amhail freagracht tuismitheoirí, cothabháil agus comharbas. Eisiatar cúrsaí tuismíochta ó raon feidhme na n‑ionstraimí sin áfach. A mhéid a bhaineann leis féin, tugtar aghaidh sa Rialachán maidir le doiciméid phoiblí ar bharántúlacht na ndoiciméad poiblí i réimsí áirithe, lena n‑áirítear breith, tuismíocht agus uchtáil, ach ní chumhdaítear leis an t‑aitheantas a thugtar d’inneachar na ndoiciméad poiblí den sórt sin. Bheadh glacadh rialacha comhchoiteanna maidir le dlínse idirnáisiúnta agus maidir leis an dlí is infheidhme i ndáil le suí na tuismíochta in imthosca trasteorann agus maidir leis an aitheantas a thugtar do thuismíocht i mBallstát eile mar chomhlánú do reachtaíocht an Aontais atá i bhfeidhm faoi láthair maidir leis an dlí teaghlaigh agus an comharbas agus d’éascódh sé dá cur i bhfeidhm, óir is réamhcheist í tuismíocht linbh nach mór a réiteach sula gcuirfí i bhfeidhm rialacha an Aontais atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le freagracht tuismitheoirí, cothabháil agus comharbas a mhéid a bhaineann leis an leanbh.
Óir tá sé d’aidhm ag an togra cosaint a thabhairt do chearta leanaí in imthosca trasteorann, tá sé comhsheasmhach le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, ina bhforáiltear nach mór do Stáit Rannpháirteacha a áirithiú go dtugtar cosaint don leanbh in aghaidh gach cineál idirdhealaithe nó pionóis ar bhonn stádas nó ghníomhaíochtaí thuismitheoirí an linbh (Airteagal 2); nach mór gurb é leas an linbh an phríomhthosaíocht, i ngach gníomhaíocht lena mbaineann leanaí, cé acu arb iad na cúirteanna nó comhlachtaí reachtacha a dhéanann iad (Airteagal 3); agus go bhfuil an ceart ag leanaí chun féiniúlachta agus le cúram a fháil óna dtuismitheoirí (Airteagail 7 agus 8). Tá an togra comhsheasmhach freisin leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, lena ndéantar foráil maidir leis an gceart chun meas a fháil ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, agus leis an gcásdlí ábhartha de chuid na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann le haitheantas a thabhairt do leanaí a bheirtear trí mháthairionadaíocht. Ar deireadh, tá sé comhsheasmhach freisin leis an gcuspóir cosaint a thabhairt do chearta an linbh agus iad a chur chun cinn mar a leagtar amach sa Chonradh ar an Aontas Eorpach iad (Airteagal 3(3) agus 3(5) CAE) agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). Is leis an gCairt a ráthaítear, i gcur i bhfeidhm agus i gcur chun feidhme dhlí an Aontais, cosaint a thabhairt do chearta bunúsacha leanaí agus a dteaghlaigh. Áirítear leis na cearta sin an ceart chun meas a fháil ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh (Airteagal 7), an ceart chun neamh‑idirdhealú (Airteagal 21), agus ceart na leanaí chun gaol pearsanta agus teagmháil dhíreach a choinneáil ar bun ar bhonn tráthrialta leis an mbeirt tuismitheoirí más chun a leasa iad (Airteagal 24). Ar bhonn Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, foráiltear in Airteagal 24(2) den Chairt freisin, nach mór gurb é leas an linbh an phríomhthosaíocht i ngach gníomhaíocht i ndáil le leanaí, is cuma cé acu a dhéanann na cúirteanna nó comhlachtaí reachtacha na gníomhaíochtaí sin.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Baintear leas as roinnt tionscnamh beartais leis an togra seo. Áirítear leo sin ‘ClárStócólm na Comhairle Eorpaí 2010 – an Eoraip atá oscailte agus slán ag freastal ar shaoránaigh agus á gcosaint’, Plean Gníomhaíochta an Choimisiúin lena gCuirtear Clár Stócólm chun Feidhme, agus an Páipéar Glas ó 2010 dar teideal ‘Less bureaucracy for citizens:[Níos lú maorlathais do shaoránaigh:] saorghluaiseacht na ndoiciméad poiblí a chur chun cinn agus aitheantas a thabhairt d’éifeachtaí na dtaifead stádais shibhialta’. Thairis sin, in 2017, d’iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún togra reachtach a chur faoina bráid maidir le haitheantas a thabhairt d’orduithe uchtála.
In 2020, d’fhógair an Coimisiún bearta chun a áirithiú go dtabharfaí aitheantas don tuismíocht a shuitear i mBallstát i ngach aon Bhallstát eile. Cuireadh an tionscnamh sin san áireamh le Straitéis 2021 an Aontais Eorpaigh maidir le cearta an linbh mar phríomhbheart chun tacú leis an gcomhionannas agus le cearta leanaí agus freisin le Straitéis 2020 an Aontais Eorpaigh um Chomhionannas LGBTIQ . Chuir Parlaimint na hEorpa fáilte roimh thionscnamh an Choimisiúin ina Rún in 2022 maidir le cosaint a thabhairt do chearta an linbh in imeachtaí sibhialta, riaracháin agus dlí teaghlaigh.
Cuirtear i dtábhacht i gconclúidí ón gComhairle maidir le Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le cearta an linbh gur cearta uilíocha iad cearta an linbh, go bhfuil ag gach leanbh na cearta céanna gan idirdhealú d’aon chineál, agus nach mór leas an linbh a bheith ina phríomhthosaíocht i ngach gníomhaíocht i ndáil le leanaí, cé acu arb iad údaráis phoiblí nó institiúidí príobháideacha a dhéanann iad. Is gá go mbaineann bunú creata dhlíthiúil leis sin ina bhfuil rialacha aonfhoirmeacha maidir le dlínse idirnáisiúnta agus an dlí is infheidhme chun aitheantas a thabhairt do thuismíocht idir Ballstáit lena gcuirtear ar chumas do leanaí a gcuid ceart a theachtadh san Aontas gan idirdhealú.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
De réir Chonarthaí an Aontais, tá an dlí substainteach maidir le cúrsaí teaghlaigh, lena n‑áirítear stádas dlíthiúil daoine, faoi réir inniúlacht na mBallstát, rud a chiallaíonn gur sa dlí náisiúnta a leagtar síos na rialacha substainteacha chun tuismíocht duine a shuí. Is féidir leis an Aontas bearta a dhéanamh áfach maidir leis an dlí teaghlaigh lena mbaineann impleachtaí trasteorann de bhun Airteagal 81(3) CFAE, amhail bearta chun éascú d’aitheantas na tuismíochta, a luaithe a shuitear i mBallstát í, i mBallstáit eile. Féadtar a áireamh leis na bearta sin glacadh rialacha comhchoiteanna maidir leis an dlínse idirnáisiúnta, an dlí is infheidhme agus nósanna imeachta chun aitheantas a tabhairt do thuismíocht i mBallstát eile. Leis na bearta sin, ní thiocfaidh comhchuibhiú dhlí substainteach na mBallstát astu maidir le sainmhíniú ar theaghlach ná maidir le suí na tuismíochta in imthosca intíre.
Fearacht ionstraimí eile an Aontais maidir leis an dlí teaghlaigh, tá sé d’aidhm ag an togra aithint chinntí cúirte agus ionstraimí barántúla maidir le tuismíocht a éascú trí rialacha comhchoiteanna a ghlacadh maidir le dlínse idirnáisiúnta agus an dlí is infheidhme. Tá sé d’aidhm ag an togra an t‑aitheantas do thuismíocht a shuitear i mBallstát eile a éileamh chun críocha, go sonrach, na gceart a dhíorthaítear ón tuismíocht de réir an dlí náisiúnta. Dá bhrí sin, is é Airteagal 81(3) CFAE an bunús dlí iomchuí.
De bhrí Phrótacal Uimh. 22 a ghabhann le CFAE, ní bhíonn feidhm ag bearta dlíthiúla a ghlactar i limistéar an cheartais sa Danmhairg, ná ní bhíonn sí faoina gceangal. De bhrí Phrótacal Uimh. 21 a ghabhann le CFAE, ní bhíonn Éire faoi cheangal bearta den sórt sin freisin. A luaithe a chuirtear togra i láthair sa limistéar sin áfach, féadann Éire fógra a thabhairt faoina mian a bheith páirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an bhirt agus, a luaithe a ghlactar an beart, féadfaidh sí fógra a thabhairt faoina mian glacadh leis an mbeart.
•Coimhdeacht
Cé gur faoi na Ballstáit atá sé rialacha a leagan síos maidir leis an sainmhíniú ar an teaghlach agus maidir le suí na tuismíochta, is idir an tAontas agus na Ballstáit a chomhroinntear an inniúlacht chun bearta a dhéanamh i dtaca leis an dlí teaghlaigh agus cearta an linbh lena mbaineann impleachtaí trasteorann. Baineann gné Aontais le fadhbanna um an aitheantas a thugtar i mBallstát don tuismíocht a shuitear i mBallstát eile chun críocha na gceart a dhíorthaítear ón dlí náisiúnta nó ó dhlí an Aontais óir is gá baint a bheith ag dá Bhallstát leis an aithint. Baineann gné Aontais le hiarmhairtí an neamhaitheantais a thugtar don tuismíocht freisin, óir is féidir go ndíspreagfaí teaghlaigh ó fheidhmiú a gcirt saorghluaiseachta ar eagla nach dtabharfaí aitheantas do thuismíocht a linbh i mBallstát eile chun gach críoch.
Tagann fadhbanna le haitheantas do thuismíocht go sonrach ó rialacha substainteacha na mBallstát difriúil do shuí na tuismíochta, agus ó rialacha na mBallstát difriúil maidir le dlínse idirnáisiúnta agus an dlí is infheidhme do shuí na tuismíochta in imthosca trasteorann. Ní fhéadfadh Ballstáit ag gníomhú ina n‑aonar na fadhbanna leis an aitheantas a thugtar don tuismíocht a bhaint go sásúil óir ba ghá go mbeadh rialacha agus nósanna imeachta Ballstát mar an gcéanna nó comhoiriúnach ar a laghad d’fhonn go dtabharfaí aitheantas do thuismíocht idir Ballstáit. Is gá gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go meastar an dlínse chuige sin a bheith ag Ballstát arb iad a chúirteanna nó a údaráis inniúla a shuíonn an tuismíocht, agus go gcuirfidh na cúirteanna agus na húdaráis inniúla eile ag gach Ballstát an dlí céanna i bhfeidhm leis an tuismíocht a shuí in imthosca trasteorann. Is ar an gcaoi sin a choiscfear tuismíochtaí contrártha don duine céanna laistigh den Aontas, agus a thabharfaidh gach Ballstát aitheantas don tuismíocht a shuitear i mBallstát eile.
Dá bhrí sin, ba ar leibhéal an Aontais ab fhearr a bhainfí amach cuspóirí an togra seo, de bhrí a raoin feidhme agus a éifeachtaí, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta.
•Comhréireacht
Is é is cuspóir don togra seo an t‑aitheantas do thuismíocht idir Ballstáit a éascú trí fhoráil a dhéanamh maidir le haitheantas do (i) chinntí cúirte agus (ii) ionstraimí barántúla lena suitear tuismíocht ag a bhfuil éifeacht dhlíthiúil cheangailteach, agus glacadh le hionstraimí barántúla nach bhfuil aon éifeacht dhlíthiúil cheangailteach acu i mBallstát tionscnaimh ach lena mbaineann éifeachtaí fianaiseacha sa Bhallstát sin. Chun na críche sin, is leis an togra a chomhchuibhítear rialacha na mBallstát maidir le dlínse idirnáisiúnta do shuí na tuismíochta in imthosca trasteorann agus rialacha na mBallstát maidir le heasaontacht dlíthe lena n‑ainmnítear an dlí is infheidhme maidir le suí na tuismíochta in imthosca trasteorann.
Ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóirí a bhaint amach: ní chuireann sé isteach ar dhlí náisiúnta substainteach maidir le sainmhíniú an teaghlaigh; ní dhéanann sé difear don dlí náisiúnta maidir le haithint póstaí nó páirtnéireachtaí cláraithe a dhéantar ar an gcoigríoch; ní bhíonn feidhm ag na rialacha maidir le dlínse agus an dlí is infheidhme ach amháin ar shuí na tuismíochta in imthosca trasteorann; éilítear ar Bhallstáit leis gan aitheantas a thabhairt do thuismíocht ach amháin i gcás ina suitear i mBallstát í agus ní i gcás ina suitear i dtríú Stát í; ní dhéanann sé difear d’inniúlacht údaráis na mBallstát chun cúrsaí tuismíochta a phlé; agus is roghnach é an Deimhniú Eorpach Tuismíochta i gcás leanaí (nó a n‑ionadaithe dlíthiúla) agus ní chuirfear in ionad doiciméid choibhéiseacha náisiúnta é ina gcuirtear fianaise ar thuismíocht ar fáil.
Urramaítear prionsabal na comhréireachta leis an togra dá bhrí sin.
•An rogha ionstraime
Ní féidir glacadh rialacha aonfhoirmeacha maidir le dlínse idirnáisiúnta agus an dlí is infheidhme do shuí na tuismíochta in imthosca trasteorann a bhaint amach ach trí Rialachán amháin, óir is le Rialachán amháin a áirithítear léirmhíniú agus cur i bhfeidhm na rialacha ar bhealach a bheidh comhsheasmhach go hiomlán. I gcomhréir le hionstraimí an Aontais roimhe seo maidir leis an dlí príobháideach idirnáisiúnta, is amhlaidh dá bhrí arb é Rialachán an rogha ionstraime dlí.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Agus an togra á ullmhú, rinne an Coimisiún comhairliúcháin fhairsinge in 2021 agus 2022 lenar cuimsíodh gach Ballstát (cé is moite den Danmhairg). Díríodh na comhairliúcháin ar réimse leathan páirtithe leasmhara ag feidhmiú mar ionadaithe do shaoránaigh, údaráis phoiblí, lucht acadúil, gairmithe dlí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, agus grúpaí leasmhara ábhartha eile. I gcomhdhéanamh na gcomhairliúchán bhí (i) aiseolas poiblí maidir leis an measúnú tionchair tosaigh; (ii) comhairliúchán poiblí oscailte; (iii) cruinniú le páirtithe leasmhara agus le hionadaithe na sochaí shibhialta; agus (iv) cruinniú le saineolaithe d’údaráis na mBallstát.
I dteannta le gníomhaíochtaí comhairliúcháin an Choimisiúin, rinne conraitheoir seachtrach comhairliúcháin. Bhí na comhairliúcháin sin comhdhéanta de (i) shuirbhéanna ar líne a díríodh ar chláraitheoirí sibhialta na mBallstát; (ii) ceistneoirí i scríbhinn chuig aireachtaí agus breithiúna na mBallstát; agus (iii) agallaimh le breithiúna agus eagraíochtaí neamhrialtasacha na mBallstát.
Bhí formhór na bpáirtithe leasmhara a fheidhmíonn mar ionadaithe do chearta leanaí, teaghlaigh bhogha ceatha, dlíodóirí agus cláraitheoirí sibhialta ina fhabhar go dtabharfadh an tAontas aghaidh ar na fadhbanna atá ann faoi láthair maidir le haitheantas do thuismíocht trí reachtaíocht cheangailteach a ghlacadh. Os a choinne sin, bhí seasamh cáinteach ar an togra reachtach ag an gcuid is mó d’eagraíochtaí a fheidhmíonn mar ionadaithe do theaghlaigh thraidisiúnta agus dóibh siúd atá ag cur in aghaidh na máthairionadaíochta. Fuarthas éagsúlacht tuairimí i measc an phobail.
Leis an aiseolas a fuarthas múnlaíodh ullmhú an togra agus an mheasúnaithe tionchair a ghabhann leis. Tá achoimre mhionsonraithe ar thoradh na gcomhairliúchán a rinne an Coimisiún curtha san áireamh leis an measúnú tionchair.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Seachas na comhairliúcháin thuasluaite a rinneadh le páirtithe leasmhara, bhailigh agus d’úsáid an Coimisiún saineolas ó fhoinsí eile.
Agus an togra á ullmhú, d’fhéach an Coimisiún le saineolas an tSainghrúpa a fháil maidir le haitheantas do thuismíocht idir Ballstáit, arbh eisean a chuir ar bun thiar in 2021 é. Ghlac an Coimisiún páirt i gcruinnithe na saineolaithe freisin maidir le Tionscadal Tuismíochta / Máthairionadaíocht de chuid Chomhdháil na Háige um an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach, agus chuaigh i gcomhairle na litríochta acadúla, tuarascálacha agus staidéar.
Le haghaidh ullmhú an mheasúnaithe tionchair, chuir an Coimisiún muinín i staidéar a rinne conraitheoir seachtrach. Ba é an conraitheoir seachtrach a chuir tuarascálacha tíre freisin le chéile, maidir le dlí substainteach na mBallstát agus dlí idirnáisiúnta príobháideach um thuismíocht, i measc nithe eile. Baineadh leas as uirlisí difriúla i staidéar an chonraitheora le hanailís a dhéanamh ar fhadhbanna atá ann faoi láthair leis an aitheantas do thuismíocht, ar thionchair an togra seo agus ar na roghanna beartais a ndearnadh iniúchadh orthu. Áiríodh leis na huirlisí sin úsáid sonraí turgnamhacha a bhailítear ar bhealaí difriúla (trí agallaimh, ceistneoirí, tuarascálacha náisiúnta), chomh maith le staitisticí agus taighde deisce. I gcás nach raibh sonraí cainníochtúla ar fáil, úsáideadh meastacháin cháilíochtúla ina n‑ionad. Ba í an chonclúid a fuarthas ón staidéar a rinne an conraitheoir seachtrach go mba í an rogha ab oiriúnaí don Aontas lena chuspóirí beartais a bhaint amach í ionstraim reachtach a ghlacadh maidir le haitheantas do thuismíocht idir Ballstáit, lena n‑áirítear Deimhniú Eorpach Tuismíochta a chruthú.
•Measúnú tionchair
Bunaithe ar Threoirlínte an Choimisiúin maidir le Rialáil níos Fearr agus ar chonclúidí an mheasúnaithe tionchair tosaigh, d’ullmhaigh an Coimisiún measúnú tionchair tosaigh ar an togra. Sa mheasúnú tionchair, rinneadh iniúchadh ar na roghanna beartais seo a leanas: (i) an cás bonnlíne; (ii) moladh ón gCoimisiún a dhírítear ar na Ballstáit; (iii) bearta reachtacha atá comhdhéanta de rialachán maidir le haitheantas do thuismíocht idir Ballstáit; agus (iv) bearta reachtacha atá comhdhéanta de rialachán maidir le haitheantas do thuismíocht idir Ballstáit lena n‑áirítear Deimhniú Eorpach Tuismíochta roghnach a chruthú. Bheadh bearta neamhreachtacha áirithe curtha i dteannta na roghanna beartais sin uile, lena n‑áirítear an cás bonnlíne, le feasacht a spreagadh, dea‑chleachtais a chur chun cinn agus feabhas a chur ar an gcomhar idir údaráis Ballstát a phléann le cúrsaí tuismíochta.
Rinneadh iniúchadh sa mheasúnú tionchair scrúdú ar gach ceann de na roghanna sin a mhéid a bhaineann leis na tionchair a d'fhéadfadh a bheith ann, agus lena n‑éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas le creat dlíthiúil agus beartais an Aontais. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, ba í an rogha bheartais an rogha lenar bhain togra le haghaidh rialacháin maidir le haitheantas do thuismíocht idir Ballstáit lena n‑áirítear Deimhniú Eorpach Tuismíochta roghnach a chruthú.
Is í conclúid an mheasúnaithe tionchair go n‑éascófaí go mór leis an rogha roghnaithe don aitheantas do thuismíocht le haghaidh gach duine den 2 mhilliún leanbh measta le teaghlaigh thrasteorann, agus ní hamháin dóibh siúd a mbaineann na fadhbanna is mó dóibh maidir le haitheantas don tuismíocht. Go sonrach, leis an Deimhniú Eorpach Tuismíochta, a dhearfaí go sainiúil lena úsáid i mBallstát eile, laghdófaí an t‑ualach riaracháin ar na nósanna imeachta maidir le haitheantas agus na costais aistriúcháin le haghaidh gach teaghlach.
Ba é an beartas roghnaithe an ceann ab éifeachtaí freisin le haghaidh a thabhairt ar fhadhbanna maidir leis an aitheantas do thuismíocht, óir ba shuntasach i bhfad iad na tionchair dhearfacha dhlíthiúla, shóisialta agus shíceolaíochta a bhainfeadh leis. Bheadh tionchar dearfach follasach ag an rogha roghnaithe ar chosaint a thabhairt do chearta bunúsacha leanaí, amhail a gceart chun féiniúlachta, chun neamh‑idirdhealú agus chun meas a fháil ar shaol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh. Ba é ab éifeachtaí freisin leis na cearta a dhíorthaíonn leanaí ón tuismíocht de réir an dlí náisiúnta a chosaint, amhail a gceart chun cothabhála agus comharbais i mBallstát eile. Bhainfeadh tionchar dearfach sóisialta agus síceolaíochta leis freisin, óir go dtabharfaí an chóir chéanna do leanaí agus in imthosca trasteorann agus a thabharfaí do leanaí áitiúla.
Trí rialacha comhchoiteanna a ghlacadh don Aontas maidir leis an dlínse idirnáisiúnta agus an dlí is infheidhme agus maidir le haitheantas do thuismíocht gan ghá le haon nós imeachta sonrach, dhíothófaí leis an rogha roghnaithe na costais agus an t‑ualach a bhaineann leis na nósanna imeachta riaracháin agus leis na himeachtaí dlíthiúla nach mór do leanaí agus dá dteaghlaigh a iompar le go bhfaighidís aitheantas don tuismíocht i mBallstát eile. Rinneadh meastachán go dtiocfadh laghdú 71 % ar na meánchostais in aghaidh an cháis ó imeachtaí aitheantais de réir na rogha roghnaithe, agus 90 % do na teaghlaigh dá mbaineann na fadhbanna is tromchúisí faoi láthair maidir leis an aitheantas don tuismíocht.
Thiocfadh coigilteas suntasach i dtéarmaí costas, ama agus ualaigh d’údaráis phoiblí na mBallstát ar a seal féin de bharr na rogha roghnaithe. Meastar go dtiocfadh laghdú 54 % de réir na rogha roghnaithe ar na costais do na nósanna imeachta aitheantais a d’íocfadh údaráis phoiblí.
•Cearta bunúsacha
Mar a mhínítear thuas, tagann imthosca ó na fadhbanna atá ann faoi láthair leis an aitheantas do thuismíocht ina sáraítear cearta bunúsacha agus cearta eile na leanaí in imthosca trasteorann. Tá baint a stádais dhlíthiúil agus na tuismíochta a shuitear i mBallstát eile de leanaí contrártha do chearta bunúsacha leanaí chun féiniúlacht, chun neamh‑idirdhealú agus chun meas a thabhairt don saol príobháideach agus do shaol an teaghlaigh, chomh maith le bheith bunoscionn lena leasanna. Trí aitheantas do thuismíocht idir Ballstáit a éascú, tá sé d’aidhm ag an togra cosaint a thabhairt do chearta bunúsacha leanaí in imthosca trasteorann agus leanúnachas an stádais tuismíochta laistigh den Aontas a áirithiú.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Féadann Ballstáit costais aonuaire a thabhú chun dul in oiriúint do na rialacha nua a bhaineann leis an Rialachán, go sonrach na costais a eascraíonn as an éileamh chun oiliúint a thabhairt do bhreithiúna, cláraitheoirí sibhialta agus údaráis inniúla eile maidir leis na rialacha nua. D’fhéadfaí coinne a bheith le mionchostais athfhillteacha le haghaidh oiliúint leanúnach a chur ar na húdaráis sin. Níl coinne leis go mbeidh aon cheann de na costais sin ina gcostais shuntasacha, agus ba mhó iad na gnóthachain éifeachtúlachta agus an coigilteas costais a thiocfadh de bharr an Rialacháin in aon chás.
Bheadh tionchar ag na forálacha sa togra maidir le cumarsáid dhigiteach tríd an bpointe rochtana leictreonaí Eorpach i gcomhthéacs an chórais TF dhíláraithe a bhunaítear le Rialachán (AE) XX/YYYY [an Rialachán maidir leis an gClaochlú Digiteach] ar bhuiséad an Aontais a d’fhéadfaí a chumhdach trí ath‑imscaradh laistigh den Chlár um Cheartas. Bheadh an tionchar sin ina thionchar beag toisc nár ghá an córas TF díláraithe a bhunú go sainiúil leis an togra a chur i bhfeidhm, ach go bhforbrófaí é le haghaidh go leor ionstraimí Aontais maidir leis an gcomhar breithiúnach i gcúrsaí sibhialta agus tráchtála de réir [an Rialacháin maidir leis an gClaochlú Digiteach].
Thabhódh Ballstáit roinnt costas freisin le pointí rochtana an chórais TF dhíláraithe a shuiteáil agus a choinneáil ar bun ar a gcríoch agus lena gcórais TF náisiúnta a choigeartú le go mbeidís idir‑inoibritheach leis na pointí rochtana. Mar a tugadh ar aird áfach, bheadh an chuid ba mhó de na hinfheistíochtaí airgeadais sin déanta cheana féin i gcomhthéacs an chlaochlaithe dhigitigh ar ionstraimí eile an Aontais maidir le comhar breithiúnach i gcúrsaí sibhialta agus tráchtála. Ina theannta sin, bheadh Ballstáit in ann iarratas a dhéanamh ar dheontais leis na costais sin a mhaoiniú de réir chlár airgeadais ábhartha an Aontais, go sonrach cistí an bheartais chomhtháthaithe agus an Clár um Cheartas.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Tá Rialachán infheidhme go díreach i ngach Ballstát agus, dá bhrí sin, ní gá é a chur chun feidhme sa dlí náisiúnta.
Tá oibleagáidí iomchuí monatóireachta, meastóireachta agus tuairiscithe á mbeartú sa togra. Ar an gcéad dul síos, dhéanfaí faireachán ar chur chun feidhme praiticiúil an Rialacháin trí chruinnithe tráthrialta an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh i gcúrsaí sibhialta agus tráchtála ina dtugtar le chéile saineolaithe ó na Ballstáit. Ina theannta sin, dhéanfadh an Coimisiún meastóireacht iomlán ar chur i bhfeidhm an Rialacháin 5 bliana tar éis chur i bhfeidhm an Rialacháin. Ba ar bhonn ionchuir a dhéanfaí an mheastóireacht, i measc nithe eile, a fuarthas ó údaráis na mBallstát, saineolaithe seachtracha agus páirtithe leasmhara ábhartha.
•Míniúchán ar na forálacha den togra
Tá an togra comhdhéanta de naoi gCaibidil: (i) ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe; (ii) dlínse maidir le cúrsaí tuismíochta in imthosca trasteorann; (iii) an dlí is infheidhme maidir le suí na tuismíochta in imthosca trasteorann; (iv) aitheantas do chinntí cúirte agus d’ionstraimí barántúla ag a bhfuil éifeacht dhlíthiúil cheangailteach i mBallstát eile; (v) glacadh le hionstraimí barántúla nach bhfuil aon éifeacht dhlíthiúil cheangailteach acu i mBallstát eile; (vi) an Deimhniú Eorpach Tuismíochta; (vii) cumarsáid dhigiteach; (viii) gníomhartha tarmligthe; agus (ix) forálacha ginearálta agus deiridh.
Caibidil I ‑ Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe
Is in Airteagal 1 a leagtar amach ábhar an togra. Beartaítear leis an togra a chuspóir a bhaint amach chun aitheantas i mBallstát don tuismíocht a shuitear i mBallstát eile trí rialacha aonfhoirmeacha a ghlacadh maidir leis an (i) dlínse idirnáisiúnta maidir le suí na tuismíochta i mBallstát in imthosca trasteorann; (ii) an dlí is infheidhme maidir le suí na tuismíochta i mBallstát in imthosca trasteorann; (iii) aitheantas a thabhairt do chinntí cúirte chomh maith le hionstraimí barántúla lena suitear an tuismíocht ag a bhfuil éifeacht dhlíthiúil cheangailteach; (iv) glacadh le hionstraimí barántúla nach bhfuil aon éifeacht dhlíthiúil cheangailteach acu sa Bhallstát tionscnaimh ach lena mbaineann éifeachtaí fianaiseacha sa Bhallstát sin; agus (v) Deimhniú Eorpach Tuismíochta a chruthú lena gcumasaítear do leanbh nó ionadaí dlíthíuil fianaise a sholáthar maidir le tuismíocht i mBallstát eile.
Is iondúil go suitear an tuismíocht le hoibriú an dlí nó trí ghníomh údaráis inniúil, amhail cinneadh cúirte, cinneadh údaráis riaracháin nó trí ionstraim nótaire, arb iondúil go gcláraítear an tuismíocht ina dhiaidh sa chlár sibhialta nó daonra den Bhallstát. Is minice a iarrann saoránaigh aitheantas do thuismíocht i mBallstát eile ar bhonn ionstraim bharántúil áfach nach suitear an tuismíocht léi ag a bhfuil éifeacht dhlíthiúil cheangailteach ach lena mbaineann éifeachtaí fianaiseacha na tuismíochta a bunaíodh roimhe sin ar mhodhanna eile sa Bhallstát (le hoibriú an dlí nó trí ghníomh údaráis inniúil). Is féidir le hionstraimí barántúla den sórt sin, mar shampla, a bheith ina sliocht as an gclár sibhialta nó as teastas breithe nó deimhniú tuismíochta. Tá na rialacha aonfhoirmeacha sa togra maidir leis an dlí is infheidhme maidir le suí na tuismíochta in imthosca trasteorann beartaithe chun éascú do ghlacadh ionstraimí barántúla nach bhfuil aon éifeacht dhlíthiúil cheangailteach acu ach lena mbaineann éifeachtaí fianaiseacha sa Bhallstát tionscnaimh leis an tuismíocht a suíodh sa Bhallstát sin roimhe sin (mar shampla, teastas breithe) nó leis na fíorais seachas suí na tuismíochta (mar shampla, aitheantas ar atharthacht nó toiliú le suí na tuismíochta).
Is in Airteagal 2 maidir le gaolmhaireacht an togra le forálacha eile de dhlí an Aontais a dhéantar soiléiriú nár cheart go ndéanfaí difear leis an togra do na cearta a dhíorthaíonn leanbh ó dhlí an Aontais, go sonrach na cearta de réir dhlí an Aontais maidir le saorghluaiseacht, lena n‑áirítear Treoir 2004/38/CE. Ní bheartaítear leis an togra foráil a dhéanamh maidir le haon choinníoll ná ceanglais bhreise maidir le haitheantas do thuismíocht ar mhaithe le cearta a dhíorthaítear ó dhlí an Aontais a fheidhmiú, ná difear a dhéanamh do chur chun feidhme na rialacha den sórt sin. Dá bhrí sin, beidh feidhm leanúnach ag dlí an Aontais maidir le saorghluaiseacht, gan aon difear. Go sonrach, ní féidir diúltú d’aitheantas do thuismíocht ar mhaithe le cearta a dhíorthaítear ó dhlí an Aontais a fheidhmiú ach amháin ar na forais a cheadaítear de réir dhlí an Aontais maidir le saorghluaiseacht mar a léirmhínítear ag an gCúirt Bhreithiúnais í. Chomh maith leis, ar bhonn dhlí an Aontais atá i bhfeidhm faoi láthair de réir Airteagal 21 CFAE agus na reachtaíochta tánaistí lena mbaineann mar a léirmhínítear ag an gCúirt Bhreithiúnais í, ní féidir an urraim d’fhéiniúlacht náisiúnta Ballstáit de réir Airteagal 4(2) CFAE agus beartas poiblí Ballstáit feidhmiú mar údar chun diúltú d’aitheantas a thabhairt do ghaol idir tuismitheoir agus leanbh idir leanaí agus a dtuismitheoirí comhghnéis chun críoch fheidhmiú na gceart a dhíorthaíonn an leanbh sin ó dhlí an Aontais. Ina theannta sin, chun críoch fheidhmiú na gceart a dhíorthaítear ó dhlí an Aontais, is féidir cruthúnas ar thuismíocht a chur i láthair trí mheán ar bith. Níl Ballstát i dteideal dá bhrí sin ceangal a chur ar dhuine an fianú dá bhforáiltear sa togra a ghabhann le cinneadh cúirte ná ionstraim bharántúil um thuismíocht, ná an Deimhniú Eorpach Tuismíochta a chruthaítear leis an togra a chur i láthair, i gcás ina bhféachann an duine le haitheantas a fháil do thuismíocht chun críoch fheidhmiú na gceart a dhíorthaíonn leanbh ó dhlí an Aontais maidir le saorghluaiseacht. Mar sin féin, níor cheart go gcuirfeadh sé sin cosc ar dhuine roghnú an fianú ábhartha nó Deimhniú Eorpach Tuismíochta a chur i láthair freisin i gcásanna den sórt sin.
Is in Airteagal 2 a dhéantar soiléiriú freisin nach ndéanfaidh an togra difear do chur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Doiciméid Phoiblí, lena simplítear cheana féin cur i gcúrsaíocht na ndoiciméad poiblí (amhail breithiúnais, ionstraimí nótaire agus deimhnithe riaracháin) i réimsí áirithe, lena n‑áirítear an bhreith, an tuismíocht agus an uchtáil, maidir lena mbarántúlacht.
Is é Airteagal 3 a chinneann raon feidhme an togra. Tá feidhm ag na rialacha maidir le dlínse agus an dlí is infheidhme i gcás ina bhfuil tuismíocht le bunú i mBallstát in imthosca trasteorann. Tá feidhm ag na rialacha maidir le haitheantas do thuismíocht i gcás inar suíodh tuismíocht i mBallstát, agus mar sin ní chumhdaítear leis an togra aitheantas do chinntí cúirte, ná glacadh leo de réir mar a bheidh, agus d’ionstraimí barántúla lena suitear nó lena gcruthaítear tuismíocht arna dtarraingt suas nó arna gclárú i dtríú Stát. Sna cásanna sin, tá aitheantas nó glacadh fós faoi réir dhlí náisiúnta gach Ballstáit. Mar sin féin, tá feidhm ag an togra maidir le haitheantas do thuismíocht gach linbh, gan beann ar a náisiúntacht ná ar náisiúntacht a dtuismitheoirí, ar choinníoll gur bunaíodh a dtuismíocht i mBallstát agus ní i dtríú Stát.
Ábhair a d’fhéadfadh nasc a bheith acu le tuismíocht linbh ach a rialaítear iad le hionstraimí Aontais nó idirnáisiúnta eile nó le dlí náisiúnta, tá siad eisiata ó raon feidhme an togra, amhail ábhair a bhaineann le freagracht tuismitheora, cothabháil, comharbas, uchtú idir tíortha, pósadh nó páirtnéireacht chláraithe an linbh a bheith ann, a bheith bailí nó a bheith aitheanta agus na héifeachtaí a bheadh ag tuismíocht an linbh a chlárú nó gan í a chlárú ar chlár ábhartha Ballstáit. Mar sin féin, trí thuismíocht an linbh a réiteach mar réamhcheist, d’éascódh an togra cur i bhfeidhm ionstraimí an Aontais atá ann cheana féin faoi fhreagracht tuismitheora, cothabháil agus comharbas, a mhéid a bhaineann leis an leanbh. Ní dhéileáiltear ach an oiread leis an togra le cearta agus oibleagáidí arna ndíorthú ó thuismíocht faoin dlí náisiúnta, náisiúntacht agus ainm an linbh, mar shampla.
Le hAirteagal 4, tugtar sainmhíniú, chun críche an togra, ar na téarmaí ‘tuismíocht’, ‘leanbh’, ‘suí tuismíochta’, ‘cúirt’ agus ‘cinneadh cúirte’, ‘ionstraim bharántúil’, ‘Ballstát tionscnaimh’, ‘córas TF díláraithe’ agus ‘pointe rochtana leictreonaí Eorpach’.
–Tugtar sainmhíniú leathan ar Leanbh agus áirítear leis duine d’aon aois a bhfuil a thuismíocht le bunú, le haithint nó le cruthú. Ós rud é go bhfuil stádas tuismíochta ábhartha le linn saol iomlán duine, tá feidhm ag an togra maidir le leanaí ag aon aois, is é sin, mionaoisigh agus daoine fásta araon. Mar sin féin, ní mór ní mór leas an linbh agus an ceart chun éisteacht a fháil a thuiscint mar thagairt don leanbh mar a shainmhínítear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh é, is é sin, duine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois, ach amháin i gcás ina slánaítear lán‑aois níos luaithe faoin dlí is infheidhme maidir leis an leanbh.
–Is éard a chiallaíonn tuismíocht, dá ngairtear gaol teaghlaigh uirthi freisin, an gaol idir tuismitheoir agus leanbh arna shuí faoin dlí, lena n‑áirítear stádas dlíthiúil de bheith mar leanbh ag tuismitheoir áirithe nó tuismitheoirí áirithe. Chun críocha an togra, féadfaidh tuismíocht a bheith bitheolaíoch, géiniteach, le huchtú nó le hoibriú an dlí. Mar a luadh, cumhdaítear leis an togra tuismíocht arna bunú i mBallstát de mhionaoisigh agus daoine fásta araon, lena n‑áirítear leanbh éagtha agus leanbh gan bhreith, bíodh sin do thuismitheoir aonair, do lánúin de facto, do lánúin phósta nó do lánúin i bpáirtnéireacht chláraithe. Cumhdaítear leis aitheantas do thuismíocht linbh gan beann ar an tslí ar gineadh nó ar rugadh an leanbh - lena n‑áirítear dá réir sin leanaí a gineadh le teicneolaíocht an atáirgthe cuidithe - agus gan beann ar chineál teaghlaigh an linbh - lena n‑áirítear dá réir sin leanaí ag a bhfuil beirt thuismitheoirí comhghnéis, leanaí ag a bhfuil tuismitheoir aonair amháin, agus leanaí arna n‑uchtú sa bhaile i mBallstát ag tuismitheoir amháin nó ag beirt thuismitheoirí.
–Is éard a chiallaíonn tuismíocht a shuí, an gaol idir leanbh agus gach tuismitheoir a shuí faoin dlí, lena n‑áirítear tuismíocht a shuí i ndiaidh maíomh lena gconspóidtear tuismíocht a suíodh cheana féin. I gcás inarb ábhartha, féadfaidh múchadh nó foirceannadh tuismíochta a bheith san áireamh leis an téarma seo freisin. Níl feidhm ag an togra maidir le tuismíocht a shuí i gcásanna intíre nach bhfuil aon ghné thrasteorann i gceist leo, amhail uchtáil bhaile i mBallstát, cé go bhfuil feidhm aige maidir le haitheantas don tuismíocht arna bunú i gcásanna baile den sórt sin i mBallstát.
–Tugtar sainmhíniú leathan ar ionstraimí barántúla, amhail i rialacháin eile an Aontais maidir le ceartas sibhialta. Dá réir sin, áirítear le hionstraimí barántúla faoin togra (i) doiciméid lena suitear tuismíocht a bhfuil éifeacht dhlíthiúil cheangailteach acu, amhail gníomhais nótaire (i gcás uchtála, nó i gcás ina bhfuil an leanbh gan bhreith fós, mar shampla), nó cinntí riaracháin (i ndiaidh aitheantas d’atharthacht, mar shampla), chomh maith le (ii) doiciméid nach suitear tuismíocht le héifeacht dhlíthiúil cheangailteach leo ach lena soláthraítear fianaise ar an tuismíocht arna bunú ar mhodhanna eile (sliocht as clár daonra nó stádas sibhialta, teastas breithe nó teastas tuismíochta, mar shampla) nó fianaise ar fhíorais eile (gníomh nótaire nó doiciméad riaracháin lena dtaifeadtar aitheantas d’atharthacht nó lena dtugtar toiliú chun teicneolaíocht an atáirgthe cuidithe a úsáid, mar shampla).
Soiléirítear le hAirteagal 5 nach ndéanfaidh an togra difear don cheist maidir le cé na húdaráis laistigh de gach Ballstát atá inniúil chun déileáil le hábhair thuismíochta (cúirteanna, údaráis riaracháin, nótairí, cláir agus/nó údaráis eile, mar shampla).
Caibidil II - Dlínse
Chun aitheantas do chinntí cúirte agus d’ionstraimí barántúla maidir le tuismíocht a éascú nó, de réir mar a bheidh, chun glacadh leo a éascú, leagtar síos rialacha dlínse aonfhoirmeacha sa togra maidir le suí tuismíocht a bhfuil gné thrasteorann i gceist léi. Leis na rialacha maidir le dlínse, seachnaítear imeachtaí comhthreomhara i mBallstáit éagsúla a d’fhéadfadh cinntí coinbhleachta teacht astu. Ós rud é nach féidir cearta maidir le tuismíocht a shocrú ná a tharscaoileadh, i bhformhór na mBallstát, ní dhéanann an togra foráil maidir le neamhspleáchas páirtithe a mhéid a bhaineann le dlínse (amhail rogha cúirte nó aistriú dlínse).
Déanann an togra foráil maidir le forais mhalartacha dlínse chun rochtain ar cheartas i mBallstát a éascú. Chun a áirithiú go bhféadfaidh leanaí rochtain a dhéanamh ar chúirt atá cóngarach dóibh, bunaítear forais dhlínse ar a ngaireacht don leanbh. Dá réir sin, féadfaidh dlínse bheith ag baint, go malartach, leis an mBallstát a bhfuil gnáthchónaí ar an leanbh, le náisiúntacht an linbh, le háit ghnáthchónaithe an fhreagróra (an duine ar ina leith a mhaíonn an leanbh tuismíocht, mar shampla), le háit ghnáthchónaithe aon duine de na tuismitheoirí, le náisiúntacht aon duine de na tuismitheoirí nó le breith an linbh. I gcomhréir leis an gcásdlí arb ann dó ón gCúirt Bhreithiúnais maidir leis an ábhar, bunaítear an áit a bhfuil gnáthchónaí ar an leanbh ar bhonn na n‑imthosca go léir a bhaineann go sonrach le gach cás ar leith.
I gcás nach bhféadfar dlínse a shuí bunaithe ar cheann de na forais mhalartacha dlínse ghinearálta, ba cheart go mbeadh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit a mbeidh an leanbh i láthair ann. D’fhéadfadh feidhm a bheith ag an bhforas dlínse go háirithe maidir le leanaí is dídeanaithe agus le leanaí atá easáitithe go hidirnáisiúnta. I gcás nach bhfuil dlínse ag aon chúirt Ballstát de bhun an togra, ba cheart dlínse iarmharach a chinneadh, i ngach Ballstát, le dlíthe an Bhallstáit sin. Ar deireadh, chun staideanna ina séantar an ceartas a leigheas, déantar foráil sa togra seo freisin maidir le forum necessitatis lena gceadaítear do chúirt Ballstáit, a bhfuil baint leordhóthanach ag cás leis, rialú ar cheist tuismíochta a bhfuil dlúthbhaint aici le tríú Stát. Féadfar sin a dhéanamh ar bhonn eisceachtúil, amhail sa chás go mbeadh sé dodhéanta imeachtaí a thionscnamh sa tríú Stát sin, mar gheall ar chogadh sibhialta mar shampla, nó i gcás nach bhféadfaí a bheith ag súil leis go réasúnach go ndéanfadh an leanbh nó páirtí leasmhar eile imeachtaí a thionscnamh sa tríú Stát sin.
Leis an togra, aisghairtear an ceart atá ag leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois atá in ann teacht ar a dtuairimí féin chun deis a fháil na tuairimí sin a chur in iúl in imeachtaí a bhaineann le tuismíocht a bhfuil na leanaí faoina réir.
Caibidil III - An dlí is infheidhme
Ba cheart don togra foráil a dhéanamh maidir le deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht trí rialacha comhchoiteanna a mholadh faoin dlí is infheidhme maidir le suí tuismíochta in imthosca trasteorann. Tá sé d’aidhm ag rialacha comhchoiteanna den sórt sin cinntí coinbhleachta maidir le tuismíocht a sheachaint, ag brath ar cé na cúirteanna nó na húdaráis inniúla eile i mBallstáit a shuíonn tuismíocht. Tá sé d’aidhm acu éascaíocht a dhéanamh freisin, go háirithe maidir le glacadh le hionstraimí barántúla nach suitear tuismíocht le héifeacht dhlíthiúil cheangailteach leo sa Bhallstát tionscnaimh ach a bhfuil éifeachtaí fianaiseacha acu sa Bhallstát sin.
Tá saintréith uilíoch ag an dlí a ainmnítear leis an togra mar an dlí is infheidhme, is é sin, tá feidhm aige cé acu is dlí Ballstáit nó dlí tríú Stáit é. De ghnáth, is é dlí an Stáit ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine a shaolaíonn an leanbh tráth na breithe is ceart a bheith sa dlí is infheidhme maidir le tuismíocht a shuí. Mar sin féin, lena áirithiú gur féidir an dlí is infheidhme a chinneadh i ngach imthoisc, i gcás nach féidir an áit a bhfuil gnáthchónaí ar an duine a shaolaíonn an leanbh tráth na breithe a shuí (i gcás dídeanaí nó máthair atá easáitithe go hidirnáisiúnta, mar shampla), ba cheart feidhm a bheith ag an dlí i Stát breithe an linbh.
Chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna is coitianta a tharlaíonn sa lá atá inniu ann maidir le haitheantas do thuismíocht, mar eisceacht ar an riail thuasluaite, i gcás ina suitear tuismíocht a mhéid a bhaineann le haon tuismitheoir amháin agus sin amháin (an tuismitheoir géiniteach i lánúin chomhghnéis, de ghnáth) mar thoradh ar an riail sin, féadfaidh na húdaráis de Bhallstát ag a bhfuil dlínse maidir le hábhair tuismíochta faoin togra ceann amháin de dhá riail mhalartacha choimhdeacha a chur i bhfeidhm, an dlí maidir le náisiúntacht aon duine de na tuismitheoirí nó an dlí i Stát breithe an linbh, chun an tuismíocht a shuí a mhéid a bhaineann leis an dara tuismitheoir (an tuismitheoir neamh‑ghéiniteach i lánúin chomhghnéis, de ghnáth). Féadfaidh údaráis ag a bhfuil dlínse, arb iad na chéad údaráis a bhreithníonn suí tuismíochta, an fhéidearthacht sin a úsáid, ach féadfaidh údaráis ag a bhfuil dlínse i gcás ina bhfuil tuismíocht a mhéid a bhaineann le haon tuismitheoir amháin agus sin amháin bunaithe cheana féin ag na húdaráis de Bhallstát eile, féadfaidh na húdaráis sin an fhéidearthacht sin a úsáid freisin. Maidir le cinneadh cúirte nó ionstraim bharántúil lena suitear tuismíocht ag a bhfuil éifeacht dhlíthiúil cheangailteach a mhéid a bhaineann le gach duine de na tuismitheoirí i gcomhréir le ceann de na dlíthe is infheidhme a ainmnítear leis an togra, i gcás ina mbeidh cinneadh nó ionstraim den sórt sin tugtha, tarraingthe suas nó cláraithe ag cúirt nó ag údarás inniúil eile de Bhallstát ag a bhfuil dlínse faoin togra, ba cheart aitheantas a thabhairt do gach ceann de na doiciméid den sórt sin i ngach Ballstát eile, i gcomhréir leis na rialacha maidir le haitheantas a leagtar síos sa togra. Ina theannta sin, féadfaidh an leanbh (nó ionadaí dlíthíuil) Deimhniú Eorpach Tuismíochta a iarraidh agus a úsáid chun fianaise ar an tuismíocht a sholáthar a mhéid a bhaineann leis an mbeirt tuismitheoirí i mBallstát eile.
In imthosca eisceachtúla, ar mhaithe le leas an phobail, ba cheart go gceadófaí do na cúirteanna agus do na húdaráis inniúla eile a bhíonn ag bunú tuismíochta in imthosca trasteorann neamhaird a dhéanamh d'fhorálacha faoi leith de dhlí coigríche, i gcás go mbeadh sé soiléir, maidir le cás faoi leith, nach mbeadh sé ag luí le beartas poiblí (ordre public) an Bhallstáit lena mbaineann forálacha den sórt sin a chur i bhfeidhm. Níor cheart d’údaráis den sórt sin bheith in ann an eisceacht sin a chur i bhfeidhm chun dlí Stáit eile a chur ar ceal, áfach, nuair a bheadh sé contrátha don Chairt é sin a dhéanamh agus, go háirithe, d’Airteagal 21 den Chairt, lena dtoirmeasctar idirdhealú. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag an eisceacht sin chun cur i bhfeidhm fhoráil Stáit eile lena ndéantar foráil maidir leis an bhféidearthacht a bhaineann le tuismíocht a mhéid a bhaineann le beirt tuismitheoirí i lánúin chomhghnéis a dhiúltú, ar an bhforas go bhfuil an gnéas céanna ag na tuismitheoirí, agus ar an bhforas sin amháin.
Caibidil IV - Aitheantas
Déantar foráil sa chaibidil seo maidir le rialacha i ndáil le haitheantas do chinntí cúirte agus d’ionstraimí barántúla lena suitear tuismíocht le héifeacht dhlíthiúil cheangailteach a eisítear i mBallstát eile.
Aitheantas i mBallstát do chinntí cúirte a thugtar i mBallstát eile, agus d’ionstraimí barántúla lena suitear tuismíocht le héifeacht dhlíthiúil cheangailteach a eisítear sa Bhallstát tionscnaimh, ba cheart dóibh bheith bunaithe ar an bprionsabal d’iontaoibh fhrithpháirteach i gcóras ceartais a chéile. Ba cheart an iontaoibh sin a fheabhsú tuilleadh trí rialacha aonfhoirmeacha a ghlacadh maidir le dlínse idirnáisiúnta agus leis an dlí is infheidhme maidir le tuismíocht a shuí in imthosca trasteorann. Cinntí cúirte agus ionstraimí barántúla lena suitear tuismíocht le héifeacht dhlíthiúil cheangailteach a eisítear i mBallstát, ba cheart aitheantas a thabhairt dóibh i mBallstát eile gan ghá le haon nós imeachta speisialta, lena n‑áirítear taifid stádais shibhialta an linbh a thabhairt cothrom le dáta. Tá sin gan dochar don fhéidearthacht go bhféadfaidh páirtí leasmhar imeachtaí cúirte a thionscain chun cinneadh a fháil a mbeidh mar thoradh air nach bhfuil aon fhoras ann chun aitheantas do thuismíocht a dhiúltú nó chun imeachtaí maidir le neamh‑aitheantas do thuismíocht a dhiúltú.
Páirtí ar mian leis nó léi cinneadh cúirte a agairt, nó ionstraim bharántúil lena suitear tuismíocht ag a bhfuil éifeacht dhlíthiúil cheangailteach i mBallstát eile, ba cheart dó nó di cóip den chinneadh cúirte nó den ionstraim bharántúil agus an fianú ábhartha a chur ar fáil. Tá sé d’aidhm ag fianuithe inléiteacht na ndoiciméad lena ngabhann siad a éascú agus aitheantas na ndoiciméad sin dá réir. A mhéid a bhaineann le hionstraimí barántúla lena suitear tuismíocht le héifeacht dhlíthiúil cheangailteach, fónann an fianú chun a chruthú, maidir leis an mBallstát ar eisigh a údarás an ionstraim bharántúil, go raibh dlínse aige tuismíocht a shuí faoin togra.
Níl údaráis an Bhallstáit ina ndéantar tuismíocht a agairt i dteideal a éileamh go gcuirfí i láthair fianú a ghabhann le cinneadh cúirte nó le hionstraim bharántúil lena suitear tuismíocht le héifeacht dhlíthiúil cheangailteach, ná Deimhniú Eorpach Tuismíochta i gcás ina ndéantar tuismíocht a agairt chun críoch cearta a eascraíonn as dlí an Aontais, lena n‑áirítear an ceart chun saorghluaiseachta. Mar sin féin, níor cheart go gcuirfeadh sin cosc ar dhuine roghnú an fianú ábhartha nó Deimhniú Eorpach Tuismíochta a chur i láthair freisin i gcásanna den sórt sin.
Faoin togra, tá an liosta foras chun aitheantas do thuismíocht a dhiúltú uileghabhálach i gcomhréir lena aidhm fholuiteach chun aitheantas do thuismíocht a éascú. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar an bhféidearthacht go ndiúltófar d’aitheantas do thuismíocht ar fhorais beartais phoiblí, ní mór d’údaráis Ballstáit leasanna an linbh a chur san áireamh, go háirithe cearta an linbh a chosaint, lena n‑áirítear naisc dhílse theaghlaigh idir an leanbh agus an tuismitheoir a chaomhnú. Tá an foras maidir le haitheantas a dhiúltú bunaithe ar bheartas poiblí (ordre public) le húsáid go heisceachtúil agus i bhfianaise imthosca gach cáis ar leith, is é sin, gan é a úsáid ar bhealach ginearálta chun aitheantas do thuismíocht linbh a chur ar ceal i gcás ina bhfuil tuismitheoirí comhghnéis i gceist, mar shampla. I gcás ar leith, bheadh ar aitheantas den sórt sin a bheith neamh‑chomhoiriúnach go follasach le beartas poiblí an Bhallstáit ina lorgaítear aitheantas mar gheall, mar shampla, gur sáraíodh cearta bunúsacha duine le giniúint, saolú nó uchtáil an linbh nó le tuismíocht an linbh a shuí. Níor cheart do na cúirteanna ná d’údaráis inniúla eile a bheith in ann diúltú d’aitheantas a thabhairt do chinneadh cúirte ná d’ionstraim bharántúil a eisítear i mBallstát eile i gcás ina mbeadh sé contrátha don Chairt é sin a dhéanamh agus, go háirithe, d’Airteagal 21 den Chairt, lena dtoirmeasctar idirdhealú, lena n‑áirítear idirdhealú in aghaidh leanaí. Dá bhrí sin, ní fhéadfadh údaráis Bhallstát diúltú ar fhorais bheartais phoiblí d’aitheantas a thabhairt do chinneadh cúirte nó d’ionstraim bharántúil lena suitear tuismíocht trí uchtáil ag fear aonair, nó lena suitear tuismíocht a mhéid a bhaineann le beirt tuismitheoirí i lánúin chomhghnéis, ar an bhforas go bhfuil an gnéas céanna ag na tuismitheoirí, agus ar an bhforas sin amháin.
Ní dhéanfaidh an togra difear do na teorainneacha a fhorchuirtear le cásdlí na Cúirte Breithiúnais maidir le beartas poiblí a úsáid chun diúltú d’aitheantas a thabhairt do thuismíocht i gcás ina bhfuil Ballstáit faoi oibleagáid, faoi dhlí an Aontais maidir le saorghluaiseacht, aitheantas a thabhairt do dhoiciméad lena mbunaítear gaol idir tuismitheoir agus leanbh arna eisiúint ag na húdaráis de Bhallstát eile chun críche cearta a eascraíonn as dlí an Aontais a fheidhmiú. Go háirithe, ní féidir diúltú d’aitheantas a thabhairt do ghaol idir tuismitheoir agus leanbh chun críche cearta an linbh a eascraíonn as dlí an Aontais a fheidhmiú trí bheartas poiblí a agairt ar an bhforas go bhfuil an gnéas céanna ag na tuismitheoirí.
Caibidil V - Ionstraimí barántúla nach bhfuil éifeacht dhlíthiúil cheangailteach acu
Déanann an togra foráil freisin maidir le glacadh le hionstraimí barántúla nach suitear tuismíocht le héifeacht dhlíthiúil cheangailteach leo sa Bhallstát tionscnaimh ach a bhfuil éifeachtaí fianaiseacha acu sa Bhallstát sin. Féadfaidh na héifeachtaí fianaiseacha tagairt a dhéanamh do shuí tuismíochta roimh ré nó d’fhíorais eile. Ag brath ar an dlí náisiúnta, féadfaidh na nithe a leanas bheith ina n‑ionstraimí barántúla den sórt sin; teastas breithe, teastas tuismíochta, sliocht faoin mbreith ó chlár na mbreitheanna, nó doiciméad nótaire nó riaracháin lena dtaifeadtar admháil atharthachta nó toiliú ó mháthair nó ó leanbh maidir le suí tuismíochta.
Ba cheart go mbeadh na héifeachtaí fianaiseacha céanna ag ionstraimí barántúla i mBallstát eile agus a bheidh acu sa Bhallstát tionscnaimh nó go mbeadh na héifeachtaí is mó is inchomparáide acu. Duine ar mian leis ionstraim bharántúil den sórt sin a úsáid i mBallstát eile, féadfaidh sé iarraidh ar an údarás a tharraing suas an ionstraim bharántúil go foirmiúil nó a chláraigh an ionstraim bharántúil sa Bhallstát tionscnaimh fianú a eisiúint ina dtugtar tuairisc ar éifeachtaí fianaiseacha na hionstraime.
Ní fhéadtar diúltú ar fhorais bheartais phoiblí (ordre public) do ghlacadh le hionstraimí barántúla nach bhfuil aon éifeacht dhlíthiúil cheangailteach acu ach a bhfuil éifeachtaí fianaiseacha acu ach amháin leis na teorainneacha céanna is infheidhme maidir leis an bhforas diúltaithe sin i gcás ina gcuirtear i bhfeidhm é maidir le cinntí cúirte agus ionstraimí barántúla a bhfuil éifeacht dhlíthiúil cheangailteach acu, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann le comhlíontacht leis an gCairt.
Caibidil VI - Deimhniú Eorpach Tuismíochta
Déanann an togra foráil maidir le Deimhniú Eorpach Tuismíochta roghnach a chruthú (‘an Deimhniú’). Dearadh an deimhniú aonfhoirmeach go sonrach chun aitheantas do thuismíocht laistigh den Aontas a éascú mar gheall go n‑eiseofaí é ‘le húsáid i mBallstát eile’. Ní mór an deimhniú a eisiúint sa Bhallstát inar bunaíodh tuismíocht i gcomhréir leis an dlí is infheidhme agus a raibh dlínse ag a chúirteanna faoin togra. Ar é a eisiúint, féadtar an deimhniú a úsáid sa Bhallstát inar eisíodh é freisin.
Is deimhniú roghnach é an Deimhniú mar nach n‑éileofaí ar údaráis Bhallstát é a eisiúint ach amháin i gcás go n‑iarrfadh an leanbh nó ionadaí dlíthíuil é. Dá bhrí sin, ní bheadh aon oibleagáid ar dhaoine a bheadh i dteideal iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú amhlaidh a dhéanamh agus bheidís saor chun doiciméid eile a chur i láthair, amhail cinneadh cúirte nó ionstraim bharántúil agus an fianú ábhartha ag gabháil leo, agus aitheantas do thuismíocht á iarraidh acu i mBallstát eile. Ach, ní bheadh aon údarás ná duine dá dtugtar cóip den Deimhniú arna eisiúint i mBallstát eile i dteideal iarraidh go gcuirfí cinneadh cúirte nó ionstraim bharántúil i láthair in ionad an Deimhnithe.
Ionstraimí barántúla iad deimhnithe náisiúnta breithe nó tuismíochta, a bhfuil éifeachtaí fianaiseacha tuismíochta acu de ghnáth. Eisítear deimhnithe náisiúnta faoi nós imeachta difriúil, i bhformáid dhifriúil agus i dteanga dhifriúil i ngach Ballstát, agus tá ábhair agus éifeachtaí difriúla iontu ag brath ar an mBallstát a eisíonn iad. Faoin togra, is féidir iad a chiorclú agus fianú roghnach ag gabháil leo ina dtugtar tuairisc ar a n‑éifeachtaí fianaiseacha, agus is gá go nglacfaí lena n‑éifeachtaí fianaiseacha mura bhfuil siad contrártha do bheartas poiblí an Bhallstáit sin ina gcuirtear i láthair iad.
Os a choinne sin, eisítear an Deimhniú i gcónaí tríd an nós imeachta céanna is a leagtar síos sa togra, i bhfoirm chaighdeánach aonfhoirme (a áirítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an togra), agus leis na hábhair agus na héifeachtaí céanna ar fud an Aontais is a leagtar síos sa togra. Toimhdeofar go léirítear sa Deimhniú go beacht na gnéithe a bhunaítear faoin dlí is infheidhme a ainmnítear sa togra, agus ní gá go dtrasuífí é ina dhoiciméad náisiúnta sular féidir leis rochtain a fháil ar an gclár ábhartha i mBallstát. Mar gheall go mbeadh an fhoirm Deimhnithe ar fáil i ngach teanga de chuid an Aontais, bheadh laghdú suntasach ar an ngá le haistriúcháin.
I bhfianaise chobhsaíocht an stádais tuismíochta i bhformhór mór na gcásanna, níor cheart bailíocht an Deimhnithe agus a chóipeanna a theorannú ó thaobh ama, gan dochar don fhéidearthacht an Deimhniú a cheartú, a mhodhnú, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar de réir mar is gá.
Caibidil VII – Gníomhartha tarmligthe
Más gá leasú a dhéanamh leis na foirmeacha caighdeánacha de na fianuithe a ghabhann le cinneadh cúirte nó ionstraim bharántúil nó Deimhniú Eorpach Tuismíochta atá i gceangal leis an togra seo, bheadh sé de chumhacht ag an gCoimisiún glacadh le gníomhartha tarmligthe tar éis na gcomhairliúchán a éilítear le saineolaithe na mBallstát a dhéanamh.
Caibidil VIII – Digitiú
Tá forálacha sa Chaibidil seo a bhaineann le teachtaireacht leictreonach idir daoine nádúrtha (nó a n‑ionadaithe dlíthiúla) agus cúirteanna na mBallstát nó údaráis inniúla eile trí chóras TF díláraithe agus trí phointe rochtana leictreonaí Eorpach atá bunaithe ar an Tairseach Eorpach don r‑Cheartas. Bheadh sé de chead ag cúirteanna Ballstáit nó údaráis inniúla eile cumarsáid a dhéanamh le duine nádúrtha tríd an bpointe rochtana leictreonaí Eorpach dá dtabharfadh an duine nádúrtha toiliú sainráite tugtha roimh ré le go n‑úsáidfí na modhanna cumarsáide sin.
Caibidil IX – Forálacha ginearálta agus forálacha críochnaitheacha
Tá forálacha sa Chaibidil seo, go háirithe, maidir le caidreamh an togra le coinbhinsiúin idirnáisiúnta atá ann faoi láthair, forálacha maidir le cosaint sonraí agus forálacha idirthréimhseacha maidir le húsáid cinntí cúirte agus ionstraimí barántúla arna n‑eisiúint roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin.
2022/0402 (CNS)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla in ábhair tuismíochta agus maidir le Deimhniú Eorpach Tuismíochta a chruthú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 81(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa,
Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tá cuspóir leagtha amach ag an Aontas dó féin chun limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais a chruthú, a chothabháil agus a fhorbairt agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha ina n‑áirithítear saorghluaiseacht daoine agus rochtain ar an gceartas. Chun limistéir den sórt sin a bhunú de réir a chéile, tá an tAontas chun bearta a dhéanamh atá dírithe ar aitheantas frithpháirteach a áirithiú idir Ballstáit ar bhreithiúnais agus cinntí i gcásanna seachbhreithiúnacha maidir le hábhair shibhialta agus comhoiriúnacht na rialacha is infheidhme i mBallstáit a bhaineann le coinbhleacht dlíthe agus dlínse in ábhair shibhialta.
(2)Baineann an Rialachán seo le haitheantas i mBallstát ar thuismíocht linbh mar a shuitear í i mBallstát eile. Is é is aidhm leis cearta bunúsacha agus cearta eile an linbh a chosaint i gcúrsaí a bhaineann lena dtuismíocht in imthosca trasteorann a neartú, lena n‑áirítear a gceart chun féiniúlachta, chun neamh‑idirdhealaithe agus chun saol príobháideach agus saol an teaghlaigh, agus leas an linbh á thabhairt san áireamh mar phríomhthosaíocht. Tá sé mar aidhm leis an Rialachán seo freisin deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht a sholáthar agus chun na costais dlíthíochta agus an t‑ualach a laghdú le haghaidh teaghlach, cúirteanna náisiúnta agus údaráis inniúla eile i dtaca le himeachtaí maidir le haitheantas do thuismíocht i mBallstát eile. Chun na haidhmeanna sin a bhaint amach, ba cheart go n‑éileofar sa Rialachán seo ar Bhallstáit aitheantas a thabhairt do thuismíocht linbh le haghaidh gach cuspóra mar a shuitear i mBallstát eile.
(3)In Airteagal 21, Airteagal 45, Airteagal 49 agus Airteagal 56 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) tugtar ceart do shaoránaigh saorghluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát. Tá siad comhdhéanta de cheart shaoránaigh an Aontais gan constaicí a bheith rompu agus an ceart a bheith acu cóir chomhionann a fháil le náisiúnaigh i bhfeidhmiú na saorghluaiseachta, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann le buntáistí sóisialta, mar a shainmhínítear mar aon bhuntáiste ar dóchúil go n‑éascóidh sí an tsoghluaisteacht. Tá feidhm ag an gceart seo freisin le baill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais mar a shainmhínítear i dTreoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle in ábhair a bhaineann le scoláireachtaí, iontráil san oideachas, laghduithe ar chostais iompair phoiblí do theaghlaigh mhóra, táillí laghdaithe ar iompar poiblí do mhic léinn, agus táillí laghdaithe do chead isteach ar mhúsaeim. Áirítear sa chosaint a thugann forálacha an Chonartha maidir le saorghluaiseacht an ceart ar ainm atá luaite go dlíthiúil i mBallstát a bheith aitheanta i mBallstát eile.
(4)Rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘an Chúirt Bhreithiúnais’), go sonrach, go n‑éilítear ar Bhallstát gaol idir tuismitheoir agus leanbh a aithint chun críocha ceadú do leanbh an ceart a theachtadh, gan bhac, le gach tuismitheoir, aistriú agus cur fúthu faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát mar a rathaítear in Airteagal 21(1) CFAE, agus chun gach ceart a theachtadh a dhíorthaíonn an leanbh ó dhlí an Aontais. Ní éilítear le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, áfach, ar Bhallstáit a aithint, chun críocha seachas feidhmiú na gceart a dhíorthaíonn an leanbh ó dhlí an Aontais, an gaol tuismitheora-linbh idir an leanbh agus na daoine a luaitear ar an deimhniú breithe tarraingthe suas ag údaráis Bhallstát eile amhail a bheith mar thuismitheoirí an linbh.
(5)Faoi na Conarthaí, is ag na Ballstáit atá an inniúlacht chun rialacha substainteacha an dlí teaghlaigh a ghlacadh, amhail rialacha maidir le sainmhíniú ar theaghlach agus rialacha maidir le bunú tuismíocht linbh. Ach, de bhun Airteagal 81(3) CFAE, féadfaidh an tAontas bearta a dhéanamh a bhaineann le dlí an teaghlaigh le himpleachtaí trasteorann, go háirithe rialacha maidir le dlínse idirnáisiúnta, ar dhlí is infheidhme agus ar aitheantas do thuismíocht.
(6)I gcomhréir le hinniúlacht an Aontais chun bearta a dhéanamh maidir le dlí an teaghlaigh le himpleachtaí trasteorann, tugadh cuireadh don Choimisiún in ‘Clár Stócólm na Comhairle Eorpaí 2010 – an Eoraip atá oscailte agus slán ag freastal ar shaoránaigh agus á gcosaint’ breithniú a dhéanamh ar na fadhbanna a bhíonn ann maidir le doiciméid stádais shibhialta agus an rochtain ar dhoiciméid den sórt sin ar chláir agus, i bhfianaise a thorthaí, tograí iomchuí a chur faoi bhráid agus breithniú a dhéanamh ar cibé an bhféadfadh nó nach bhféadfadh aitheantas frithpháirteach ar éifeachtaí na ndoiciméad stádas sibhialta a bheith iomchuí, i réimsí áirithe ar a laghad. Beartaíodh le Plean Gníomhaíochta an Choimisiúin lena gCuirtear Clár Stócólm chun Feidhme togra reachtach leis na foirmiúlachtaí a tharscaoileadh maidir le dlisteanú doiciméad idir Ballstáit agus an togra reachtach maidir le haitheantas frithpháirteach ar éifeachtaí doiciméad stádas sibhialta áirithe, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann le breith, tuismíocht agus uchtáil.
(7)In 2010, d’fhoilsigh an Coimisiún Páipéar Glas dar teideal ‘Less bureaucracy for citizens: promoting free movement of public documents and recognition of the effects of civil status records’: [Níos lú maorlathais do shaoránaigh saorghluaiseacht na ndoiciméad poiblí a chur chun cinn agus aitheantas a thabhairt d’éifeachtaí na dtaifead um stádas sibhialta] trínar sheol sé comhairliúchán leathan maidir le hábhair a bhaineann le saorghluaiseacht na ndoiciméad poiblí agus le haithint éifeachtaí na dtaifead stádas sibhialta. I measc nithe eile, smaoinigh sé ar an bhféidearthacht deimhniú stádas sibhialta Eorpach a thabhairt isteach a d’éascódh aitheantas trasteorann ar stádas sibhialta san Aontas. Bhí sé mar aidhm leis an gcomhairliúchán rannchuidithe a bhailiú ó pháirtithe leasmhara agus ón bpobal d’fhonn beartas an Aontais a fhorbairt sna réimsí sin agus na tograí reachtacha ábhartha. In 2016, ghlac reachtóir an Aontais le Rialachán (AE) 2016/1191 maidir le saorghluaiseacht saoránach a chur chun cinn trí shimpliú a dhéanamh ar na ceanglais a bhaineann le doiciméid phoiblí áirithe a chur i láthair san Aontas Eorpach, lena n‑áirítear doiciméid maidir le breith, tuismíocht agus uchtáil.
(8)Cé go bhfuil inniúlacht ag an Aontas chun bearta a dhéanamh maidir le dlí an teaghlaigh le himpleachtaí trasteorann amhail rialacha maidir le dlínse idirnáisiúnta, an dlí is infheidhme agus aitheantas do thuismíocht idir Ballstáit, go dáta níor ghlac an tAontas le forálacha sna réimsí sin a mhéid a bhaineann le tuismíocht. Tá forálacha na mBallstát infheidhme sna réimsí sin faoi láthair.
(9)Ar leibhéal an Aontais, déileáiltear i roinnt ionstraimí Aontais le cearta áirithe leanaí in imthosca trasteorann, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 ón gComhairle, Rialachán (AE) 650/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 2019/1111 ón gComhairle. Ach, ní áirítear sna Rialacháin sin forálacha maidir le bunú tuismíochta nó aitheantas do thuismíocht. A mhéid a bhaineann leis féin, áirítear i Rialachán (AE) 2016/1191 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle doiciméid phoiblí maidir le breith, tuismíocht agus uchtáil ina raon feidhme, ach déileáiltear sa Rialachán seo le barántúlacht agus teanga doiciméad den sórt sin agus ní le haitheantas a n‑ábhar nó a n‑éifeachtaí i mBallstát eile.
(10)De thoradh ar éagmais forálacha Aontais maidir le dlínse idirnáisiúnta agus an dlí is infheidhme maidir le suí tuismíochta in imthosca trasteorann agus maidir le haitheantas do thuismíocht idir Ballstáit, d’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ag teaghlaigh chun aitheantas a fháil do thuismíocht a leanaí chun gach críoch laistigh den Aontas, lena n‑áirítear i gcás ina n‑aistríonn siad chuig Ballstát eile nó ina bhfilleann siad ar a mBallstát tionscnaimh.
(11)Díorthaíonn leanaí roinnt ceart ó thuismíocht, lena n‑áirítear an ceart ar aitheantas, ainm, náisiúntacht (i gcás ina rialáiltear é le ius sanguinis), cearta coimeádta ag, agus cearta rochtana ar, a dtuismitheoirí, cearta cothabhála, cearta comharbais agus an ceart go ndéanfar a dtuismitheoirí ionadaíocht dlí orthu. D’fhéadfadh neamhaitheantas i mBallstát ar thuismíocht a shuitear i mBallstát eile iarmhairtí díobhálacha tromchúiseacha a bheith aige ar chearta bunúsacha leanaí agus ar na cearta a dhíorthaíonn siad ón dlí náisiúnta. D’fhéadfadh sé teaghlaigh a spreagadh chun dlíthíocht a thosú ionas go n‑aithneofaí tuismíocht a linbh i mBallstát eile, cé go mbíonn torthaí neamhchinnte ag na himeachtaí sin agus baineann am agus costas suntasach leo do theaghlaigh agus do chórais bhreithiúnacha na mBallstát araon. I ndeireadh na dála, d’fhéadfaí teaghlaigh a dhíspreagadh ó fheidhmiú a gcirt chun saorghluaiseachta ar eagla nach dtabharfaí aitheantas do thuismíocht a linbh chun críocha cearta díorthaithe ón dlí náisiúnta i mBallstát eile.
(12)In 2020, d’fhógair an Coimisiún bearta chun a áirithiú go dtabharfaí aitheantas don tuismíocht a shuitear i mBallstát i ngach aon Bhallstát eile. Cuireadh an tionscnamh sin san áireamh i Straitéis 2020 an Aontais Eorpaigh um Chomhionannas LGBTIQ agus i Straitéis 2021 an Aontais maidir le cearta an linbh mar phríomhbheart chun tacú leis an gcomhionannas agus le cearta leanaí. Chuir Parlaimint na hEorpa fáilte roimh thionscnamh an Choimisiúin ina Rún ó 2021 maidir le cearta LGBTIQ san Aontas agus ina Rún ó 2022 maidir le cosaint a thabhairt do chearta an linbh in imeachtaí sibhialta, riaracháin agus an dlí teaghlaigh.
(13)Leis an Rialachán seo níor cheart go ndéanfaí difear do na cearta a dhíorthaíonn leanbh ó dhlí an Aontais, go sonrach na cearta a bhfuil teacht ag an leanbh orthu faoi dhlí an Aontais maidir le saorghluaiseacht, lena n‑áirítear Treoir 2004/38/CE. Mar shampla, is gá go n‑aithneodh Ballstáit cheana féin inniu gaol idir tuismitheoir agus leanbh chun críocha leanaí a cheadú, le gach ceann dá mbeirt tuismitheoirí, an ceart a fheidhmiú chun saorghluaiseachta agus cónaí laistigh de chríoch na mBallstát gan aon bhac, agus chun na cearta ar fad a dhíorthaíonn an leanbh sin ó dhlí an Aontais a fheidhmiú. Ní dhéantar foráil sa Rialachán seo maidir le haon choinníoll ná ceanglas breise maidir le feidhmiú na gceart sin.
(14)De réir Airteagal 21 CFAE agus na reachtaíochta tánaistí lena mbaineann mar a léirmhínítear ag an gCúirt Bhreithiúnais é, ní féidir an urraim d’fhéiniúlacht náisiúnta Ballstáit de réir Airteagal 4(2) CFAE agus beartas poiblí Ballstáit feidhmiú mar údar chun diúltú d’aitheantas a thabhairt do ghaol idir tuismitheoir agus leanbh idir leanaí agus a dtuismitheoirí comhghnéis chun críoch fheidhmiú na gceart a dhíorthaíonn leanbh ó dhlí an Aontais. Ina theannta sin, chun críoch fheidhmiú na gceart sin, is féidir cruthúnas ar thuismíocht a chur i láthair trí mheán ar bith. Dá bhrí sin, níl Ballstát i dteideal ceangal a chur ar dhuine na fianuithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo a ghabhann le cinneadh cúirte ná ionstraim bharántúil um thuismíocht, ná an Deimhniú Eorpach Tuismíochta a chruthaítear leis an Rialachán seo a chur i láthair, i gcás ina ndéanann an duine cearta a dhíorthaíonn leanbh ó dhlí an Aontais a agairt, i gcomhthéacs fheidhmiú na gceart chun saorghluaiseachta. Mar sin féin, níor cheart go gcuirfeadh sé sin cosc ar dhuine roghnú an fianú ábhartha nó Deimhniú Eorpach Tuismíochta a chur i láthair freisin i gcásanna den sórt sin dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Lena áirithiú go gcuirtear saoránaigh an Aontais agus a dteaghlach ar an eolas nach ndéantar difear do na cearta a dhíorthaíonn leanbh ó dhlí an Aontais leis an Rialachán seo, ba cheart a áireamh i bhfoirmeacha na bhfianuithe agus an Deimhnithe Eorpaigh Tuismíochta atá i gceangal leis an Rialachán seo ráiteas ina sonraítear nach ndéanann an fianú ábhartha ná an Deimhniú Eorpach Tuismíochta difear do na cearta a dhíorthaíonn leanbh ó dhlí an Aontais, go háirithe na cearta atá ag an leanbh sin faoi dhlí an Aontais maidir le saorghluaiseacht, agus, chun feidhmiú na gceart den chineál sin, féadfar cruthúnas maidir leis an ngaol idir tuismitheoir agus leanbh a chur in iúl trí mhodh ar bith.
(15)Níor cheart go ndéanfaí difear leis an Rialachán seo do Rialachán (AE) 2016/1191 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i leith doiciméad poiblí maidir le breith, tuismíocht agus uchtáil, go háirithe a mhéid a bhaineann le cur i láthair ag saoránaigh cóipeanna deimhnithe agus úsáid údaráis na mBallstát as Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (‘IMI’) má bhíonn amhras réasúnach orthu maidir le barántúlacht doiciméad poiblí um breith, tuismíocht nó uchtáil nó a gcóip dheimhnithe a cuireadh ina láthair dóibh.
(16)Éilítear in Airteagal 2 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh an 20 Samhain 1989 (‘Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh’) ar Stáit Rannpháirteacha cearta leanaí a urramú agus a áirithiú go gcosnaítear iad gan idirdhealú de chineál ar bith, agus chun gach beart iomchuí ábhartha a ghlacadh lena áirithiú go dtugtar cosaint don leanbh in aghaidh gach cineál idirdhealaithe nó pionóis ar bhonn imthosca thuismitheoirí an linbh. Faoi Airteagal 3 den Choinbhinsiún sin, i ngach gníomhaíocht a dhéanann cúirteanna agus comhlachtaí reachtacha, i measc eile, is gá go mbeadh leas an linbh ina phríomhthosaíocht.
(17)Ba cheart go mbeadh feidhm ag aon tagairt do ‘leas an linbh’ sa Rialachán seo maidir le leanaí de réir bhrí Airteagal 1 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh an 20 Samhain 1989 (‘Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh’), is é sin, leanaí atá faoi bhun 18 mbliana d’aois, ach amháin, faoin dlí is infheidhme maidir leis an leanbh, i gcás ina slánaítear lán‑aois níos luaithe. Ba cheart aon tagairt do ‘leas an linbh’ sa Rialachán seo a léirmhíniú freisin i bhfianaise Airteagal 24 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) agus Airteagal 3 agus Airteagal 12 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh mar a chuirtear chun feidhme iad leis an dlí náisiúnta. Ba cheart go dtuigfí aon tagairt do ‘leasanna an linbh’ sa Rialachán seo amhail a bheith ag tagairt do leas an linbh agus do leasanna leanaí cibé aois atá siad.
(18)Leagtar síos in Airteagal 8 den Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint an 4 Samhain 1950 (‘Coinbhinsiún na hEorpa um Chearta an Duine’) an ceart do mheas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, agus foráiltear in Airteagal 1 de Phrótacal Uimh. 12 leis an gCoinbhinsiún sin gur gá teachtadh aon cheart a leagtar amach sa dlí a shlánú gan idirdhealú ar aon fhoras, lena n‑áirítear breith. Léirmhínigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine Airteagal 8 den Choinbhinsiún amhail ag éileamh ar gach Stát laistigh dá dhlínse chun aitheantas a thabhairt don ghaol idir tuismitheoir agus leanbh a dhéantar ar an gcoigríoch idir leanbh a bheirtear trí mháthairionadaíocht agus an tuismitheoir bitheolaíochta atá beartaithe, agus chun foráil a dhéanamh maidir le sásra chun aitheantas a thabhairt sa dlí don ghaol idir tuismitheoir agus leanbh leis an tuismitheoir bitheolaíochta atá beartaithe (mar shampla trí uchtáil an linbh).
(19)Dheimhnigh an Chúirt Bhreithiúnais, mar gheall ar shaintréithe fíor‑riachtanacha dhlí an Aontais, go bhfuil gá le líonra struchtúraithe prionsabal, rialacha agus gaolmhaireachtaí dlí idirspleácha a nascann an tAontas agus a Bhallstáit, agus a nascann a Bhallstáit lena chéile. Tá an struchtúr dlí seo bunaithe ar an mbuntuiscint a roinneann gach Ballstát le gach Ballstát eile, agus aithnítear ann go roinneann siad é, le sraith rialacha comhchoiteanna ar a bhfuil an tAontas bunaithe, mar a luaitear in Airteagal 2 CAE. Tuigtear leis an mbuntuiscint sin agus tugtar údar ann don iontaoibh fhrithpháirteach idir na Ballstáit go n‑aithneofar na luachanna sin.
(20)De bhun Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (‘CAE’), tá comhionannas agus neamh‑idirdhealú i measc na luachanna ar a bhfuil an tAontas bunaithe agus atá coiteann i measc gach Ballstát. In Airteagal 21 den Chairt toirmeasctar idirdhealú ar fhorais, i measc nithe eile, breithe. Déantar foráil in Airteagal 3 CAE agus in Airteagal 24 den Chairt maidir le cosaint cheart an linbh, agus déantar foráil in Airteagal 7 maidir le ceart gach duine go ndéanfar a saol príobháideach agus saol a dteaghlaigh a urramú.
(21)I gcomhréir le forálacha na gcoinbhinsiún idirnáisiúnta agus le dlí an Aontais, ba cheart go n‑áiritheofaí leis an Rialachán seo go mbíonn teacht ag leanaí ar a gcearta agus go gcothaítear a stádas dlíthiúil in imthosca trasteorann gan idirdhealú. Chuige sin, agus i bhfianaise chásdlí na Cúirte Breithiúnais, lena n‑áirítear maidir le hiontaoibh fhrithpháirteach idir Ballstáit, agus an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, ba cheart go gcumhdófaí leis an Rialachán seo an t‑aitheantas i mBallstát ar an tuismíocht a shuitear i mBallstát eile ainneoin an chaoi ar gineadh nó ar rugadh an leanbh ainneoin cineál teaghlaigh an linbh, agus lena n‑áirítear uchtáil intíre. Dá bhrí sin, faoi réir chur i bhfeidhm na rialacha maidir le dlí is infheidhme an Rialacháin seo, ba cheart go gcumhdófaí leis an Rialachán seo an t‑aitheantas i mBallstát ar an tuismíocht mar a shuitear í i mBallstát eile de leanbh le tuismitheoirí comhghnéis. Ba cheart go gcumhdófaí freisin sa Rialachán seo aitheantas i mBallstát ar thuismíocht linbh arna uchtáil go hintíre i mBallstát eile faoi na rialacha lena rialaítear uchtáil intíre sa Bhallstát sin.
(22)Chun a aidhmeanna a bhaint amach, is gá agus is iomchuí go dtabharfaí le chéile sa Rialachán seo rialacha comhchoiteanna maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aitheantas nó, de réir mar a bheidh, glacadh le cinntí cúirte agus ionstraimí barántúla maidir le tuismíocht chomh maith le rialacha maidir le cruthú Deimhniú Eorpach Tuismíochta in ionstraim dlí de chuid an Aontais atá ceangailteach agus is infheidhme go díreach.
(23)Cumhdaítear sa Rialachán seo ‘ábhair shibhialta’, lena n‑áirítear imeachtaí cúirte sibhialta agus na cinntí as a n‑eascraíonn maidir le tuismíocht, agus ionstraimí barántúla maidir le tuismíocht. Ba cheart an téarma ‘ábhair shibhialta’ a léirmhíniú go féinrialaitheach, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais atá bunaithe. Ba cheart é a mheas mar choincheap neamhspleách lena léirmhíniú trí thagairt, ar an gcéad dul síos, do chuspóir agus do scéim an Rialacháin seo agus, ar an dara dul síos, do phrionsabail ghinearálta a eascraíonn as corpas na gcóras dlí náisiúnta. Ba cheart an téarma ‘ábhair shibhialta’ a léirmhíniú dá bhrí sin amhail is gur féidir é a shíneadh chuig bearta freisin a d’fhéadfadh teacht faoin dlí poiblí, ó thaobh chóras dlí Ballstáit.
(24)Chun críocha an Rialacháin seo, féadfaidh tuismíocht, dá dtagraítear amhail gaol teaghlaigh freisin, a bheith bitheolaíoch, géiniteach, le huchtú nó le hoibriú an dlí. Chun críocha an Rialacháin seo freisin, is éard ba cheart a chiallódh tuismíocht, an gaol idir tuismitheoir agus leanbh arna bunú faoin dlí, agus ba cheart go gcumhdófaí léi freisin stádas dlíthiúil de bheith mar leanbh ag tuismitheoir nó tuismitheoirí áirithe. Ba cheart go gcumhdófaí leis an Rialachán seo tuismíocht arna bunú i mBallstát de mhionaoisigh agus daoine fásta araon, lena n‑áirítear leanbh éagtha agus leanbh gan bhreith, bíodh sin do thuismitheoir aonair, do lánúin de facto, do lánúin phósta nó do lánúin i ngaol a bhfuil éifeachtaí inchomparáide aici faoin dlí is infheidhme maidir le gaol den sórt sin, amhail páirtnéireacht chláraithe. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ainneoin náisiúntacht an linbh a bhfuil a thuismíocht le bunú, agus ainneoin náisiúntacht thuismitheoirí an linbh. Ba cheart an téarma ‘tuismitheoir’ a thuiscint sa Rialachán seo, mar is infheidhme, amhail ag tagairt don tuismitheoir dlíthiúil, an tuismitheoir beartaithe, an duine a éilíonn gur tuismitheoir iad nó an duine a éilíonn an leanbh tuismíocht ina leith.
(25)Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le tuismíocht a shuí i mBallstáit i gcás intíre nach bhfuil aon ghné thrasteorann i gceist leis. Níor cheart go n‑áireofaí forálacha sa Rialachán seo dá bhrí sin maidir le dlínsí nó dlí is infheidhme maidir le tuismíocht a shuí in imthosca intíre, amhail tuismíocht linbh mar thoradh ar uchtáil intíre i mBallstát. Ach, d’fhonn cearta leanaí a choimirciú gan idirdhealú in imthosca trasteorann mar a leagtar síos sa Chairt, agus prionsabal na hiontaoibhe frithpháirtí idir Ballstáit arna dheimhniú ag an gCúirt Bhreithiúnais á chur i bhfeidhm, ba cheart go mbeadh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo maidir le haithint nó, de réir mar a bheidh, glacadh le, cinntí cúirte agus ionstraimí barántúla i leith tuismíochta maidir le haitheantas do thuismíocht a shuitear i mBallstát in imthosca intíre, amhail an tuismíocht a shuitear i mBallstát mar thoradh ar uchtáil intíre sa Bhallstát sin. Ba cheart go mbeadh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo a bhaineann le fianú ábhartha agus an Deimhniú Eorpach Tuismíochta freisin dá bhrí sin a mhéid a bhaineann le tuismíocht a shuitear i mBallstát in imthosca intíre, amhail mar thoradh ar uchtáil intíre i mBallstát.
(26)Chun críocha an Rialacháin seo, uchtáil intíre i mBallstát is ea uchtáil sa Bhallstát céanna a bhfuil gnáthchónaí ar an leanbh agus an tuismitheoir nó na tuismitheoirí uchtála agus i gcás ina gcruthaíonn an uchtáil gaolmhaireacht bhuan idir tuismitheoir agus leanbh. D’fhonn traidisiúin dhlí dhifriúla na mBallstát a chur san áireamh, ba cheart go gcumhdófaí leis an Rialachán seo uchtáil intíre i mBallstát i gcás ina mbíonn foirceannadh na gaolmhaireachta dlíthiúla idir an leanbh agus an teaghlach tionscnaimh (uchtáil iomlán) chomh maith le huchtáil intíre i mBallstát mar thoradh ar an uchtáil nach bhfuil foirceannadh na gaolmhaireachta dlíthiúla idir an leanbh agus an teaghlach tionscnaimh (uchtáil shimplí) mar thoradh air.
(27)Maidir le huchtáil idir tíortha, i gcás ina bhfuil gnáthchónaí ag an leanbh agus an tuismitheoir nó na tuismitheoirí uchtála i Stáit dhifriúla, rialaítear í le Coinbhinsiún na Háige 1993 maidir le Cosaint Leanaí agus Comhar i leith Uchtála idir Tíortha, a bhfuil gach Ballstát ina bpáirtithe leis. Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le huchtáil idir tíortha, ainneoin má tá dhá Bhallstát nó Ballstát agus tríú Stáit i gceist, agus ainneoin go bhfuil nó nach bhfuil uchtáil idir tíortha cumhdaithe ag Coinbhinsiún na Háige.
(28)Cé go bhfuil bunú agus aitheantas do thuismíocht i gcomhréir leis an Rialachán seo ábhartha maidir le réimsí eile dlí sibhialta, ba cheart raon feidhme an Rialacháin seo a theorannú chuig dlínse, an dlí is infheidhme, cinntí a aithint agus glacadh le hionstraimí barántúla a bhaineann le tuismíocht. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart breathnú ar réimsí eile den dlí sibhialta amhail nasc a bheith acu le tuismíocht a eisiamh go sainráite ó raon feidhme an Rialacháin seo.
(29)Go háirithe, níor cheart go mbeadh feidhm ag na rialacha maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aitheantas ar chinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le cearta cothabhála, arna rialú le Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 ón gComhairle; cearta comharbais, arna rialú le Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; nó ábhair a bhaineann le freagracht tuismitheoirí, arna rialú le Rialachán (AE) 2019/1111 ón gComhairle. Mar sin féin, mar gheall gur gá tuismíocht linbh a réiteach mar réamhcheist sula réitítear ábhair um fhreagracht tuismíochta, cothabhála nó comharbais a mhéid a bhaineann leis an leanbh, ba cheart go n‑éascódh an Rialachán seo cur i bhfeidhm ionstraimí an Aontais thuasluaite maidir le dlí an teaghlaigh agus comharbas.
(30)Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le réamhcheisteanna amhail pósadh nó gaol a bheith ann, a bailíocht nó í a aithint a mheastar de réir an dlí is infheidhme maidir léi go bhfuil éifeachtaí inchomparáide aici, a mba cheart í a rialú go leanúnach ag dlí náisiúnta na mBallstát, lena n‑áirítear a rialacha maidir le dlí idirnáisiúnta príobháideach agus, i gcás inarb ábhartha, le cásdlí na Cúirte Breithiúnais maidir le saorghluaiseacht.
(31)Ba cheart na ceanglais chun tuismíocht a thaifeadadh i gclár a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart, dá bhrí sin, gurb í dlí an Bhallstáit sin ina choinnítear an clár a chinnfidh cé na coinníollacha dlíthiúla faoinar gá an taifeadadh a dhéanamh agus cén chaoi a dhéantar an taifeadadh, agus cé na húdaráis atá i gceannas ar a sheiceáil go gcomhlíontar na ceanglais ar fad agus go bhfuil an doiciméadacht ar fad a chuirtear i láthair nó a shuitear leordhóthanach agus go bhfuil an fhaisnéis is gá inti. D’fhonn dúbláil doiciméad a sheachaint, ba cheart go nglacfadh na húdaráis chlárúcháin náisiúnta leis na doiciméid arna dtarraingt suas i mBallstát eile ag na húdaráis inniúla a ndéantar foráil maidir lena gciorclaíocht sa Rialachán seo. Go háirithe, ba cheart gur deimhniú bailí a bheadh sa Deimhniú Eorpach Tuismíochta arna eisiúint faoin Rialachán seo maidir le tuismíocht a thaifeadadh i gclár ábhartha Ballstáit. Mar gheall gur gá go mbeadh an nós imeachta chun Deimhniú Eorpach Tuismíochta agus a ábhair agus a éifeachtaí a eisiúint a bheith aonfhoirmeach i ngach Ballstát mar a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart an Deimhniú Eorpach Tuismíochta a eisiúint i gcomhréir leis na rialacha maidir le dlínse agus dlí is infheidhme a leagtar síos sa Rialachán seo, níor cheart go n‑éileodh na húdaráis atá bainteach sa chlárú go ndéanfaí an Deimhniú Eorpach Tuismíochta a thrasuí i dtosach i ndoiciméad náisiúnta maidir le tuismíocht. Ní chuireann sé seo bac ar na húdaráis lena mbaineann san fhoirm chlárúcháin ó na coinníollacha a dheimhniú is gá chun barántúlacht an Deimhnithe Eorpaigh Tuismíochta a shuí nó ó iarraidh ar an duine a bhfuil iarratas á dhéanamh aige ar chlárúchán chun faisnéis bhreise den sórt sin a sholáthar agus is gá faoi dhlí an Bhallstáit ina gcoinnítear an clár, ar choinníoll nach bhfuil an fhaisnéis san áireamh cheana féin sa Deimhniú Eorpach Tuismíochta. Féadfaidh an t‑údarás inniúil a thabhairt le fios don duine a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar chlárúchán conas is féidir an fhaisnéis atá in easnamh a sholáthar. Maidir le héifeachtaí a bhaineann le taifeadadh tuismíochta i gclár (mar shampla, ag brath ar an dlí náisiúnta, cibé an suitear tuismíocht sa chlárú nó mura soláthraíonn sé ach fianaise maidir le tuismíocht a bunaíodh cheana féin) ba cheart iad a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo agus iad a chinneadh le dlí an Bhallstáit ina gcoinnítear an clár.
(32)Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haitheantas do chinntí cúirte arna dtabhairt i dtríú Stát maidir le tuismíocht ná, de réir mar a bheidh, glacadh le hionstraimí barántúla maidir le tuismíocht tarraingthe suas nó cláraithe i dtríú Stát. Ba cheart go bhfanfadh aitheantas nó glacadh doiciméad den sórt sin fós faoi réir dhlí náisiúnta gach Ballstáit.
(33)Ba cheart go gciallódh tuismíocht an ghaolmhaireacht idir leanbh agus gach tuismitheoir a shuí go dlíthiúil, agus ba cheart go dtuigfí go n‑áireofaí leis tuismíocht a shuí i ndiaidh maímh lena gconspóidtear tuismíocht a suíodh roimhe sin. I gcás inarb ábhartha, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le múchadh nó foirceannadh tuismíochta.
(34)D’ainneoin na ndifríochtaí i ndlíthe náisiúnta, is iondúil go suitear an tuismíocht le hoibriú an dlí nó trí ghníomh údaráis inniúil. Áirítear le samplaí de shuí tuismíochta le hoibriú an dlí tuismíocht trí bhreith a mhéid a bhaineann leis an duine a shaolaíonn an leanbh, agus tuismíocht trí thoimhde dlíthiúil a mhéid a bhaineann le céile nó páirtí cláraithe an duine a shaolaíonn an leanbh. Áirítear le samplaí de thuismíocht a shuí trí ghníomh údarás inniúil tuismíocht a shuí trí chinneadh cúirte (amhail uchtáil, nó in imeachtaí i gcás ina bhfuil tuismíocht conspóidte, nó in imeachtaí i gcás ina n‑éilítear tuismíocht, mar shampla trí sheilbh an stáit a chruthú), trí ghníomhas nótaire (mar shampla, in uchtáil nó i gcás nach bhfuil an leanbh saolaithe go fóill), trí chinneadh riaracháin (mar shampla, i ndiaidh aitheantas d’atharthacht) nó trí chlárú. Is iondúil go gcláraítear tuismíocht sa chlár sibhialta, pearsanta nó daonra. Is féidir fianaise tuismíochta a sholáthar tríd an doiciméad lena suitear an tuismíocht (amhail an cinneadh cúirte, an gníomhas nótaire nó an cinneadh riaracháin lena suitear tuismíocht). Ach, is minice a sholáthraítear fianaise ar thuismíocht trí chlárú na tuismíochta sa chlár féin, trí shliocht ón gclár ábhartha nó trí dheimhniú ina bhfuil an fhaisnéis chláraithe sa chlár ábhartha (amhail deimhniú breithe nó deimhniú tuismíochta).
(35)Tá feidhmiú réidh agus ceart réimse ceartais Aontais agus córais dhlíthiúla agus traidisiúin dhifriúla Ballstát á n‑urramú bunúsach don Aontas. Chuige sin, ba cheart iontaoibh fhrithpháirteach i gcórais cheartais a chéile a fheabhsú a thuilleadh.
(36)Chun aitheantas do chinntí cúirte agus d’ionstraimí barántúla maidir le hábhair thuismíochta, ba cheart go leagfaí síos sa Rialachán seo rialacha dlínse aonfhoirmeacha maidir le suí tuismíocht a bhfuil gné thrasteorann i gceist léi. Ba cheart go soiléireofaí sa Rialachán seo freisin an ceart atá ag leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois chun deis a fháil a dtuairimí a chur in iúl in imeachtaí a bhfuil siad faoina réir.
(37)Níor cheart go ndéanfaí difear leis an Rialachán seo don cheist maidir le cé na húdaráis laistigh de gach Ballstát atá inniúil chun déileáil le hábhair thuismíochta (cúirteanna, údaráis riaracháin, nótairí, cláir nó údaráis eile, mar shampla).
(38)Ba cheart go n‑urramófaí leis an Rialachán seo na córais dhifriúla chun déileáil le hábhair thuismíochta sna Ballstáit. A mhéid a bhaineann le ‘hionstraimí barántúla’, is minic a chumhachtaíonn Ballstáit údaráis amhail nótairí, údaráis riaracháin nó cláraitheoirí chun ionstraimí barántúla a tharraingt suas lena suitear tuismíocht le héifeacht dhlíthiúil cheangailteach sa Bhallstát ina tarraingíodh suas iad nó inar cláraíodh iad (ionstraimí barántúla a bhfuil éifeacht dhlíthiúil cheangailteach leo), nó chun ionstraimí barántúla a tharraingt suas nach bhfuil aon éifeacht dhlíthiúil cheangailteach leo sa Bhallstát ina tarraingíodh suas iad nó inar cláraíodh iad ach a bhfuil éifeachtaí fianaiseacha acu sa Bhallstát sin (‘ionstraimí barántúla gan aon éifeacht dhlíthiúil cheangailteach’). Tá an téarma ‘cumhachtú’ sa Rialachán seo le léirmhíniú go féinrialaitheach i gcomhréir leis an sainmhíniú ar ‘ionstraim bharántúil’ a mbaintear úsáid as go cothrománach in ionstraimí an Aontais agus i bhfianaise chuspóirí an Rialacháin seo.
(39)Chun leas an linbh a chosaint, ba cheart go gcinnfí dlínse de réir chritéar na gaireachta. Dá dhroim sin, ba cheart go mbeadh dlínse, nuair is féidir, ag an mBallstát ina bhfuil gnáthchónaí ar an leanbh. Chun rochtain an linbh ar an gceartas i mBallstát a éascú, áfach, ba cheart go ndeonófaí dlínse mhalartach chomh maith don Bhallstát lena ngabhann náisiúntacht an linbh, don Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí ar an bhfreagróir (an duine a maíonn an leanbh tuismíocht ina leith, mar shampla), don Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí ar dhuine de na tuismitheoirí, don Bhallstát lena ngabhann náisiúntacht aon duine de na tuismitheoirí nó don Bhallstát inar saolaíodh an leanbh.
(40)I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, ní mór áit ghnáthchónaithe an linbh a shuí ar bhonn na n‑imthosca go léir a bhaineann go sonrach le gach cás ar leith. Anuas ar láithreacht fhisiciúil an linbh i gcríoch Ballstáit, ní mór fachtóirí eile a roghnú a bhfuil ar a gcumas é a léiriú nach bhfuil an láithreacht sin in aon chaoi sealadach ná eadrannach agus go léiríonn sí leibhéal éigin chomhtháthaithe an linbh i dtimpeallacht shóisialta agus teaghlaigh, a fheidhmíonn sa chleachtas mar an áit atá i lár shaol an linbh sin. Áirítear leis na fachtóirí sin fad, rialtacht coinníollacha agus cúiseanna maidir le fanacht an linbh i gcríoch Ballstáit lena mbaineann agus náisiúntacht an linbh, leis na fachtóirí ábhartha ag athrú de réir aois an linbh lena mbaineann. Áirítear leo áit agus coinníollacha thinreamh an linbh ar scoil, agus an teaghlach agus caidrimh shóisialta an linbh sa Bhallstát. Féadfar rún na dtuismitheoirí chun socrú leis an leanbh i mBallstát ar leith a chur san áireamh chomh maith i gcás ina léirítear an rún sin trí chéimeanna inláimhsithe, amhail áit chónaithe a cheannach nó a fháil ar léas sa Bhallstát lena mbaineann. Os a choinne sin, níl náisiúntacht an duine a shaolaíonn an leanbh ná iarchónaitheacht an duine sin sa Bhallstát a gcuirtear an cás os comhair cúirte ann ábhartha, agus ní leor an fíoras gur rugadh an leanbh sa Bhallstát sin agus go sealbhaíonn sé náisiúntacht an Bhallstáit sin.
(41)I gcás ina dtagraíonn an Rialachán seo do náisiúntacht mar nascfhachtóir chun críocha dlínse nó an dlí is infheidhme, is réamhcheist é an cheist maidir le conas leanbh nó duine fásta ag a bhfuil náisiúntachtaí éagsúla a mheas a thiteann laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo agus ba cheart é a fhágáil don dlí náisiúnta, lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme, coinbhinsiúin idirnáisiúnta, agus prionsabail ghinearálta an Aontais Eorpaigh a bheith á gcomhlíonadh go hiomlán. Chun críocha an Rialacháin seo, féadfaidh leanbh nó tuismitheoir ag a bhfuil níos mó ná náisiúntacht amháin cúirt nó dlí aon cheann de na Ballstáit a roghnú a bhfuil náisiúntacht de á sealbhú aige nó aici tráth a thabharfar an cás os comhair cúirte nó tráth a bhunófar an tuismíocht.
(42)I gcás nach bhféadfar dlínse a shuí bunaithe ar fhorais mhalartacha dlínse ghinearálta, ba cheart go mbeidh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit a mbeidh an leanbh i láthair ann. Leis an riail láithreachta sin, ba cheart, go háirithe, go mbeadh cúirteanna Ballstáit in ann dlínse a fheidhmiú maidir le leanaí náisiúnta tríú tír, lena n‑áirítear iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nó tairbhithe cosanta idirnáisiúnta amhail leanaí dídeanaithe agus leanaí a easáitíodh go hidirnáisiúnta mar gheall ar shuaitheadh a tharlaíonn ina Stát ina bhfuil gnáthchónaí orthu.
(43)I gcás nach bhfuil dlínse ag aon chúirt Bhallstáit de bhun an Rialacháin seo, ba cheart dlínse a chinneadh, i ngach Ballstát, de réir dhlíthe an Bhallstáit sin, lena n‑áirítear na hionstraimí idirnáisiúnta atá i bhfeidhm sa Bhallstát sin.
(44)Chun staideanna ina séantar an ceartas a leigheas, ba cheart don Rialachán seo foráil a dhéanamh maidir le forum necessitatis lena gceadaítear do chúirt Ballstáit, ar bhonn eisceachtúil, rialú ar cheist tuismíochta a bhfuil dlúthbhaint aici le tríú Stát. Féadfar a mheas go bhfuil bonn eisceachtúil den sórt sin ann sa chás go mbeadh sé dodhéanta imeachtaí a thionscnamh sa tríú Stát atá i gceist, mar gheall ar chogadh sibhialta mar shampla, nó i gcás nach bhféadfaí a bheith ag súil leis go réasúnach go ndéanfadh an leanbh nó páirtí leasmhar eile tús a chur leis na himeachtaí, nó na himeachtaí sin a sheoladh, sa Stát sin. Níor cheart dlínse atá bunaithe ar forum necessitatis a fheidhmiú, áfach, ach amháin má tá nasc leordhóthanach ag an gcás le Ballstát na cúirte a dtugtar os a comhair é.
(45)Ar mhaithe le geilleagar nós imeachta agus le héifeachtacht nós imeachta, má bhraitheann toradh imeachtaí os comhair cúirt Bhallstáit nach bhfuil dlínse faoin Rialachán seo aige ar cheist theagmhasach a thiteann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a chinneadh, níor cheart go gcoiscfeadh an Rialachán seo cúirteanna an Bhallstáit sin ar an gceist sin a chinneadh. Dá bhrí sin, más ionann cuspóir na n‑imeachtaí, mar shampla, agus díospóid chomharbais nach mór an gaol idir an duine éagtha agus an leanbh a shuí ina leith chun críocha na n‑imeachtaí sin, ba cheart go gceadófaí don Bhallstát a bhfuil dlínse aige maidir leis an díospóid chomharbais an cheist sin a chinneadh do na himeachtaí sin ar feitheamh, ainneoin dlínse a bheith aige nó gan a bheith maidir le hábhair tuismíochta faoin Rialachán seo. Ba cheart go ndéanfaí aon chinneadh den sórt sin i gcomhréir leis an dlí is infheidhme arna ainmniú ag an Rialachán seo agus níor cheart go mbeidh éifeachtaí aige ach amháin ar na himeachtaí dár ndearnadh é.
(46)Ar mhaithe le feidhmiú comhchuí ceartais, ba cheart a sheachaint go dtabharfaí cinntí atá ar neamhréir i mBallstáit eile. Chuige sin, ba cheart don Rialachán seo foráil a dhéanamh maidir le rialacha nós imeachta ginearálta atá cosúil leis na cinn a bhaineann le hionstraimí Aontais eile i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta.
(47)Is riail nós imeachta amháin den sórt sin é riail lis pendens, gur cheart go mbeadh feidhm aige dá dtabharfaí an cás tuismíochta céanna os comhair cúirteanna éagsúla i mBallstáit éagsúla. Ba cheart don riail sin cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcúirt ar cheart di dul ar aghaidh le déileáil leis an gcás tuismíochta.
(48)Ba cheart don Rialachán seo an t‑am a mheastar go dtabharfar cás os comhair cúirte a shainiú chun críocha an Rialacháin seo. I bhfianaise an dá chóras éagsúla atá sna Ballstáit, a cheanglaíonn go ndéantar an doiciméad a thionscnaíonn na himeachtaí a sheirbheáil ar an bhfreagróir ar dtús, nó a thaisceadh leis an gcúirt ar dtús, ba cheart dó a bheith leordhóthanach gur glacadh an chéad chéim faoin dlí náisiúnta, ar choinníoll nár theip ar an iarratasóir ina dhiaidh sin aon chéimeanna a ghlacadh, a raibh sé de cheangal air nó uirthi a ghlacadh faoi dhlí náisiúnta, chun go nglacfaí an dara céim.
(49)Ba cheart d’imeachtaí ar shuí tuismíochta faoin Rialachán seo, mar bhunphrionsabal, foráil a dhéanamh maidir le leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois atá faoi réir na n‑imeachtaí sin agus atá in ann a gcuid tuairimí féin a thabhairt, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, agus fíordheis éifeachtach á tabhairt dóibh chun a gcuid tuairimí a léiriú agus ba cheart, nuair a dhéantar measúnú ar leas an linbh, go gcuirfí béim chuí ar na tuairimí sin. Ba cheart don Rialachán seo, áfach, an cheist maidir le cé a éistfidh leis an leanbh agus conas a éistfear leis an leanbh a fhágáil le cinneadh ag an dlí náisiúnta agus nós imeachta na mBallstát. Ina theannta sin, cé go mbeidh sé fós de cheart ag an leanbh go n‑éistfear leis, níor cheart go mbeadh sé ina oibleagáid dhaingean ach ba cheart é a mheas trí leas an linbh a chur san áireamh.
(50)Ba cheart don Rialachán seo foráil a dhéanamh maidir le deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht trí rialacha comhchoiteanna a sholáthar faoin dlí is infheidhme maidir le suí tuismíochta in imthosca trasteorann. Tá sé d’aidhm ag rialacha comhchoiteanna den sórt sin cinntí coinbhleachta a sheachaint, ag brath ar cé hiad na cúirteanna nó na húdaráis inniúla eile i mBallstáit a shuíonn tuismíocht agus éascaíocht a dhéanamh, go háirithe do ghlacadh ionstraimí barántúla nach bhfuil éifeacht dhlíthiúil cheangailteach leo sa Bhallstát tionscnaimh ach a bhfuil éifeachtaí fianaiseacha acu sa Bhallstát sin.
(51)De ghnáth, is é dlí an Stáit ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine a shaolaíonn an leanbh tráth na breithe is ceart a bheith sa dlí is infheidhme maidir le tuismíocht a shuí in imthosca trasteorann. Ba cheart don nascfhactóir sin a áirithiú go bhféadfar an dlí is infheidhme a chinneadh i bhformhór mór na gcásanna, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann le leanbh nuabheirthe a d’fhéadfadh an áit a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi a bheith deacair le shuí. Ba cheart go saineofaí tráth na breithe go docht, ag tagairt don chás is minice ina suitear tuismíocht tar éis na breithe le hoibriú an dlí agus ina ndéantar í a chlárú sa chlár ábhartha laistigh de chúpla lá i ndiaidh na breithe. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an dlí sin i gcásanna ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine a shaolaíonn an leanbh i Stát na breithe (a bheadh mar an gnáthchás) agus i gcásanna ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine a shaolaíonn an leanbh i Stát eile seachas Stát na breithe (nuair a tharlaíonn an bhreith agus an duine ag taisteal, mar shampla). Ba cheart go mbeadh feidhm ag dlí an Stáit ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine a shaolaíonn an leanbh tráth na breithe, de réir analaí, i gcás inar gá tuismíocht an linbh a shuí sula mbeirtear an leanbh. Lena áirithiú gur féidir an dlí is infheidhme a chinneadh i ngach imthoisc, ba cheart go mbeadh feidhm ag an dlí i Stát breithe an linbh sna cásanna neamhchoitianta nuair nach féidir an áit a bhfuil gnáthchónaí ar an duine a shaolaíonn an leanbh tráth na breithe a shuí (i gcás dídeanaí nó máthair atá easáitithe go hidirnáisiúnta, mar shampla).
(52)Mar eisceacht, i gcás ina suitear tuismíocht a mhéid a bhaineann le haon tuismitheoir amháin agus leis sin amháin (an tuismitheoir géiniteach i lánúin chomhghnéis, mar shampla) mar thoradh ar an riail is infheidhme, féadfar ceachtar de dhá riail choimhdeacha, eadhon an dlí maidir le náisiúntacht aon duine de na tuismitheoirí nó an dlí i Stát breithe an linbh, a chur i bhfeidhm chun an tuismíocht a shuí a mhéid a bhaineann leis an dara tuismitheoir (an tuismitheoir neamh‑ghéiniteach i lánúin chomhghnéis, mar shampla). Ós rud é, sna cásanna sin, go mbunófaí an tuismíocht a mhéid a bhaineann le tuismitheoir amháin agus an tuismíocht a mhéid a bhaineann leis an tuismitheoir eile araon i gcomhréir le ceann amháin de na dlíthe arna n‑ainmniú mar infheidhme ag an Rialachán seo, ba cheart go n‑aithneofaí an tuismíocht a mhéid a bhaineann le gach tuismitheoir, lena n‑áirítear nuair a bhunaíonn na húdaráis i mBallstáit éagsúla í, sna Ballstáit eile go léir faoi rialacha an Rialacháin seo i gcás ina mbunaíonn údaráis Ballstáit ina bhfuil dlínse ag a chúirteanna faoin Rialachán seo an tuismíocht a mhéid a bhaineann le gach tuismitheoir.
(53)Ba cheart go mbeadh feidhm ag aon cheann de na dlíthe arna n‑ainmniú mar infheidhme ag an Rialachán seo fiú nuair nach dlí Ballstáit é.
(54)Chun deimhneacht dhlíthiúil agus leanúnachas na tuismíochta a áirithiú, i gcás ina suitear tuismíocht i mBallstát i gcomhréir le ceann amháin de na dlíthe arna n‑ainmniú mar is infheidhme ag an Rialachán seo, níor cheart d’athrú ar an dlí is infheidhme de thoradh athrú ar an áit a bhfuil gnáthchónaí ar an duine a shaolaíonn an leanbh nó ar náisiúntacht ceachtar de na tuismitheoirí difear a dhéanamh don tuismíocht a suíodh cheana féin.
(55)Féadfaidh páirtí leasmhar gníomh aontaobhach a dhéanamh a mbeartaítear éifeacht dhlíthiúil a bheith aige ar an tuismíocht a suíodh nó atá le suí, mar shampla, admháil atharthachta nó toiliú á thabhairt ag céile le teicneolaíocht an atáirgthe cuidithe a úsáid. Ba cheart go mbeadh gníomh den sórt sin bailí go foirmiúil má shásaíonn sé na ceanglais fhoirmiúla den dlí arna n‑ainmniú mar is infheidhme ag an Rialachán seo, nó de dhlí an Stáit ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine atá i mbun an ghnímh, nó de dhlí an Stáit ina ndéantar an gníomh.
(56)Ar mhaithe le leas an phobail, ba cheart go gceadófaí do chúirteanna agus údaráis inniúla eile a bhunaíonn tuismíocht sna Ballstáit neamhaird a dhéanamh, in imthosca eisceachtúla, d'fhorálacha faoi leith de dhlí coigríche, i gcás ina mbeadh sé soiléir, maidir le cás faoi leith, nach mbeadh sé ag luí le beartas poiblí (ordre public) an Bhallstáit lena mbaineann forálacha den sórt sin a chur i bhfeidhm. Níor cheart do na cúirteanna ná d’údaráis inniúla eile a bheith in ann an eisceacht maidir le beartas poiblí a chur i bhfeidhm chun dlí Stáit eile a chur ar ceal, áfach, nuair a bheadh sé contrátha don Chairt é sin a dhéanamh agus, go háirithe, d’Airteagal 21 den Chairt, lena dtoirmeasctar idirdhealú.
(57)Ós rud é go bhfuil Stáit ann ina bhfuil dhá chóras dlí nó dhá thacar rialacha, nó níos mó ná sin acu, maidir leis na hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ba cheart rialáil a dhéanamh le foráil ar an méid a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo in aonaid chríche éagsúla na Stát sin.
(58)Ba cheart don Rialachán seo foráil a dhéanamh maidir le haitheantas do chinntí cúirte agus d’ionstraimí barántúla lena suitear tuismíocht a bhfuil éifeacht dhlíthiúil cheangailteach leo a eisítear i mBallstát eile.
(59)Ag brath ar an dlí náisiúnta, féadfaidh na nithe a leanas a bheith ina n‑ionstraimí barántúla den sórt sin a bhfuil éifeacht dhlíthiúil cheangailteach leo sa Bhallstát tionscnaimh, gníomhas nótaire uchtála nó cinneadh riaracháin lena suitear tuismíocht tar éis admháil atharthachta. Ba cheart don Rialachán seo foráil a dhéanamh maidir le glacadh le hionstraimí barántúla nach bhfuil éifeacht dhlíthiúil cheangailteach leo sa Bhallstát tionscnaimh ach a bhfuil éifeachtaí fianaiseacha acu sa Bhallstát sin. Ag brath ar an dlí náisiúnta, féadfaidh na nithe a leanas a bheith ina n‑ionstraimí barántúla den sórt sin, teastas breithe nó teastas tuismíochta a sholáthraíonn fianaise maidir le tuismíocht a shuitear sa Bhallstát tionscnaimh (cibé ar bunaíodh an tuismíocht le hoibriú an dlí nó le gníomh údaráis inniúil, amhail cinneadh cúirte, gníomhas nótaire, cinneadh riaracháin nó clárúchán).
(60)Tugann muinín fhrithpháirteach i riaradh an cheartais san Aontas údar maith don phrionsabal gur cheart cinntí cúirte a bhunaíonn tuismíocht i mBallstát a aithint i ngach Ballstát gan gá a bheith le haon nós imeachta aitheantais. Go háirithe, nuair a chuirtear cinneadh cúirte a thugtar i mBallstát eile lena suitear tuismíocht nach bhféadfaí a agóid níos mó sa Bhallstát tionscnaimh i láthair, ba cheart do na húdaráis inniúla an cinneadh cúirte a aithint le hoibriú an dlí gan gá a bheith le haon nós imeachta speisialta agus na taifid ar thuismíocht sa chlár ábhartha a thabhairt cothrom le dáta dá réir.
(61)Ba cheart é a fhágáil faoin dlí náisiúnta an bhféadfadh páirtí nó ex officio na forais diúltaithe a tharraingt anuas. Níor cheart go gcuirfeadh sé sin cosc ar aon pháirtí leasmhar ar mian leis aitheantas ar chinneadh cúirte maidir le tuismíocht a thugtar i mBallstát eile a tharraingt anuas mar phríomh‑shaincheist i gconspóid ó iarratas a dhéanamh chun cúirte ar chinneadh cúirte á rá nach bhfuil aon fhoras ann chun aithint an chinnidh cúirte sin a dhiúltú. Ba cheart gur faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit ina ndéantar iarratas den sórt sin a bheadh sé cinneadh a dhéanamh maidir le cé a d’fhéadfaí a mheas mar pháirtí leasmhar atá i dteideal iarratas den sórt sin a dhéanamh.
(62)Ba cheart go mbeadh aitheantas i mBallstát do chinntí cúirte maidir le tuismíocht a thugtar i mBallstát eile bunaithe ar phrionsabal na muiníne frithpháirtí. Dá bhrí sin, ba cheart foras do neamhaitheantas a choinneáil chomh híseal agus is féidir i bhfianaise na haidhme forluití den Rialachán seo, a bhaineann le haitheantas do thuismíocht a éascú agus cearta an linbh agus leas an linbh a chosaint go héifeachtach in imthosca trasteorann.
(63)Níor cheart go ndiúltófaí d’aitheantas ar chinneadh cúirte ach amháin má tá ceann amháin nó níos mó de na foras chun aithint a dhiúltú dá bhforáiltear sa Rialachán seo ann. Is liosta uileghabhálach é liosta na bhforas chun aithint a dhiúltú sa Rialachán seo. Níor cheart é a bheadh indéanta, mar fhoras diúltaithe, foras a agairt nach liostaítear sa Rialachán seo amhail, mar shampla, sárú ar an riail lis pendens. Ba cheart cinneadh cúirte níos déanaí a chur i gcónaí in ionad cinnidh cúirte níos luaithe á mhéid atá siad ar neamhréir.
(64)A mhéid a bhaineann leis an deis a thugtar do leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois chun a dtuairimí a léiriú, ba cheart gur faoin gcúirt tionscnaimh a bheadh sé cinneadh a dhéanamh maidir leis an modh iomchuí chun éisteacht leis an leanbh. Dá bhrí sin, níor cheart é a bheith indéanta diúltú do chinneadh cúirte ar na bhforas gur bhain an chúirt tionscnaimh úsáid as modh éagsúil chun éisteacht leis an leanbh ná an ceann a mbainfeadh cúirt sa Bhallstát aitheantais úsáid as agus ar an bhforas sin amháin.
(65)Ba cheart go measfaí gurb ionann ionstraimí barántúla a bhfuil éifeacht dhlíthiúil cheangailteach leo sa Bhallstát tionscnaimh agus ‘cinntí cúirte’ chun críocha na rialacha aitheantais den Rialachán seo.
(66)Cé nár cheart go mbeadh feidhm ag an oibleagáid chun deis a sholáthar do leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois a dtuairimí a chur in iúl faoi Rialachán seo maidir le hionstraimí barántúla a bhfuil éifeacht dhlíthiúil cheangailteach leo, ba cheart ceart leanaí chun a dtuairimí a chur in iúl a chur san áireamh, áfach, de bhun Airteagal 24 den Chairt agus i bhfianaise Airteagal 12 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh arna chur chun feidhme ag dlí náisiúnta agus nós imeachta. Fiú murar tugadh an deis do leanaí chun a gcuid tuairimí a léiriú, níor cheart go gcaithfí leis go huathoibríoch mar fhoras chun aithint ionstraimí barántúla a bhfuil éifeacht dhlíthiúil cheangailteach leo a dhiúltú.
(67)Aitheantas i mBallstát eile faoin Rialachán seo do chinneadh cúirte lena suitear tuismíocht a thugtar i mBallstát eile, nó d’ionstraim bharántúil lena suitear tuismíocht a bhfuil éifeacht dhlíthiúil cheangailteach léi a dhréachtaítear nó a chláraítear i mBallstát eile, níor cheart dó aitheantas a thabhairt le tuiscint do phósadh féideartha nó do pháirtnéireacht chláraithe thuismitheoirí an linbh ar bunaíodh tuismíocht ina leith nó a bhfuil tuismíocht le bunú ina leith.
(68)D’fhonn na córais éagsúla chun déileáil le tuismíocht sna Ballstáit a chur san áireamh, ba cheart go ráthófaí leis an Rialachán seo glacadh ionstraimí barántúla sna Ballstáit go léir nach bhfuil éifeacht dhlíthiúil cheangailteach leo sa Bhallstát tionscnaimh ach a bhfuil éifeachtaí fianaiseacha acu sa Bhallstát sin. Féadfaidh éifeachtaí fianaiseacha a bheith ag ionstraimí barántúla den sórt sin a mhéid a bhaineann le tuismíocht a bunaíodh cheana féin nó a mhéid a bhaineann le fíorais eile. Ag brath ar an dlí náisiúnta, féadfaidh na nithe a leanas a bheith ina n‑ionstraimí barántúla a sholáthraíonn fianaise maidir le tuismíocht a bunaíodh cheana féin, teastas breithe, teastas tuismíochta nó sliocht ón chlár sibhialta tráth na breithe, mar shampla. Féadfaidh na nithe a leanas a bheith ina n‑ionstraimí barántúla a sholáthraíonn fianaise maidir le fíorais eile, doiciméad nótaire nó riaracháin lena dtaifeadtar admháil atharthachta, mar shampla, nó doiciméad nótaire nó riaracháin lena dtaifeadtar toiliú ó mháthair nó ó leanbh maidir le suí tuismíochta, doiciméad nótaire nó riaracháin lena dtaifeadtar toiliú ó chéile maidir le húsáid theicneolaíocht an atáirgthe cuidithe, nó doiciméad nótaire nó riaracháin lena dtaifeadtar seilbh an stáit.
(69)Ba cheart go mbeadh na héifeachtaí fianaiseacha céanna ag ionstraimí barántúla, nach bhfuil éifeacht dhlíthiúil cheangailteach leo sa Bhallstát tionscnaimh ach a bhfuil éifeachtaí fianaiseacha acu sa Bhallstát sin, i mBallstát eile agus a bheidh acu sa Bhallstát tionscnaimh nó go mbeadh na héifeachtaí is inchomparáide acu. Agus éifeachtaí fianaiseacha ionstraime barántúla den sórt sin i mBallstát eile nó na héifeachtaí is inchomparáide á gcinneadh, ba cheart tagairt a dhéanamh do chineál agus do raon feidhme éifeachtaí fianaiseacha na hionstraime barántúla sa Bhallstát tionscnaimh. Mar sin de, beidh na héifeachtaí fianaiseacha ar cheart a bheith ag ionstraim bharántúil den sórt sin i mBallstát eile ag brath ar dhlí an Bhallstáit tionscnaimh.
(70)Ba cheart gur coincheap uathrialach a bheidh i ‘mbarántúlacht’ ionstraime barántúla nach bhfuil aon éifeacht cheangailteach dhlíthiúil aici sa Bhallstát tionscnaimh ach a bhfuil éifeachtaí fianaiseacha aici sa Bhallstát sin lena gcumhdaítear eilimintí amhail fírinneacht na hionstraime, réamhriachtanais fhoirmiúla na hionstraime, cumhachtaí an údaráis a tharraingíonn suas an ionstraim agus an nós imeachta faoina dtarraingítear suas an ionstraim. Ba cheart go gcumhdófaí leis freisin na heilimintí fíorasacha arna dtaifeadadh san ionstraim bharántúil. Ba cheart do pháirtí ar mian leis agóid a dhéanamh in aghaidh barántúlacht ionstraime barántúla den sórt sin déanamh amhlaidh os comhair na cúirte inniúla i mBallstát tionscnaimh na hionstraime barántúla faoi dhlí an Bhallstáit sin.
(71)Maidir leis an téarma ‘gníomh dlí’ (mar shampla, aitheantas d’atharthacht nó toiliú a thabhairt) nó ‘gaolmhaireacht dhlíthiúil’ (mar shampla, tuismíocht linbh) arna thaifeadadh in ionstraim bharántúil nach bhfuil aon éifeacht cheangailteach dlí léi sa Bhallstát tionscnaimh ach a bhfuil éifeachtaí fianaiseacha léi sa Bhallstát sin, ba cheart é a léirmhíniú mar thagairt don inneachar ó thaobh substainte arna thaifeadadh san ionstraim bharántúil. Ba cheart do pháirtí ar mian leis agóid a dhéanamh in aghaidh gníomh dlí nó gaolmhaireacht dhlíthiúil arna thaifeadadh san ionstraim bharántúil déanamh amhlaidh os comhair na gcúirteanna a bhfuil dlínse acu faoin Rialachán seo, agus ba cheart di cinneadh a dhéanamh maidir leis an agóid i gcomhréir leis an dlí is infheidhme maidir le suí na tuismíochta a ainmnítear leis an Rialachán seo.
(72)Má tharraingítear anuas ceist a bhaineann leis an ‘gníomh dlí’ nó ‘gaolmhaireacht dhlíthiúil’ arna dtaifeadadh in ionstraim bharántúil nach bhfuil aon éifeacht cheangailteach dlí léi sa Bhallstát tionscnaimh ach a bhfuil éifeachtaí fianaiseacha léi sa Bhallstát sin mar cheist theagmhasach in imeachtaí os comhair cúirte de chuid Ballstáit, ba cheart go mbeadh dlínse ag an gcúirt sin maidir leis an gceist sin.
(73)Ba cheart go mbeadh na héifeachtaí fianaiseacha céanna ag ionstraimí barántúla, nach bhfuil éifeacht dhlíthiúil cheangailteach leo sa Bhallstát tionscnaimh ach a bhfuil éifeachtaí fianaiseacha acu sa Bhallstát sin, i mBallstát eile agus a bheidh acu sa Bhallstát tionscnaimh nó go mbeadh na héifeachtaí is inchomparáide acu. I gcás ina mbaineann agóid le hábhar sonrach maidir leis an ngníomh dlí nó le gaolmhaireachtaí dlíthiúla arna dtaifeadadh san ionstraim bharántúil, níor cheart don ionstraim bharántúil i gceist a bheith ina cúis le héifeachtaí fianaiseacha i mBallstát seachas sa Bhallstát tionscnaimh maidir leis an ábhar fad a bheidh an agóid ar feitheamh. Maidir le hionstraim bharántúil a dearbhaíodh a bheith neamhbhailí mar thoradh ar agóid, ba cheart go scoirfeadh sí d’aon éifeachtaí fianaiseacha a bheith aici.
(74)Más rud é, agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm aige, go dtíolacfar d’údarás dhá ionstraim bharántúla nach bhfuil ag teacht lena chéile agus nach suitear tuismíocht leo a bhfuil éifeacht cheangailteach dhlíthiúil leo ach a bhfuil éifeachtaí fianaiseacha leo ina mBallstát tionscnaimh faoi seach, ba cheart don údarás sin an cheist a mheas maidir le cén ionstraim bharántúil ar cheart tosaíocht a thabhairt di nó ar cheart gan tosaíocht a thabhairt d’ionstraim ar bith agus imthosca an cháis áirithe á gcur san áireamh. I gcás nach bhfuil sé soiléir ó na himthosca sin cé acu de na hionstraimí barántúla den sórt sin ar cheart tosaíocht a thabhairt di nó ar cheart gan tosaíocht a thabhairt d’ionstraim ar bith, ba cheart go gcinnfeadh na cúirteanna a bhfuil dlínse acu faoin Rialachán seo an cheist nó, i gcás ina dtarraingítear anuas an cheist mar cheist theagmhasach le linn imeachtaí, ag an gcúirt ar tugadh na himeachtaí sin os a comhair.
(75)Agus breithniú á dhéanamh ar leas an phobail, ba cheart go gceadófaí do chúirteanna agus d’údaráis inniúla sna Ballstáit diúltú, in imthosca eisceachtúla, aitheantas a thabhairt do chinneadh cúirte nó d’ionstraim bharántúil maidir leis an tuismíocht a shuitear i mBallstát eile i gcás, i gcás ina bhfuil sé soiléir maidir le cás faoi leith, nach mbeadh sé ag luí le beartas poiblí (ordre public) an Bhallstáit lena mbaineann forálacha den sórt sin a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, níor cheart go mbeadh na cúirteanna ná údaráis inniúla eile in ann diúltú cinneadh cúirte ná d’ionstraim bharántúil arna n‑eisiúint i mBallstát eile a aithint nó, de réir mar a bheidh, glacadh leo, nuair a bheadh sé sin contrártha don Chairt agus, go háirithe, le hAirteagal 21 di, lena dtoirmisctear idirdhealú.
(76)Ionas gur féidir aitheantas na tuismíochta atá bunaithe i mBallstát a shocrú go tapa, go réidh agus go héifeachtúil, ba cheart go mbeadh leanaí nó a dtuismitheoir(í) in ann stádas na leanaí i mBallstát eile a léiriú go héasca. Chun iad a chumasú déanamh amhlaidh, ba cheart leis an Rialachán seo foráil a dhéanamh maidir le deimhniú aonfhoirmeach, an Deimhniú Eorpach Tuismíochta, a chruthú a eiseofar lena úsáid i mBallstát eile. Chun prionsabal na coimhdeachta a urramú, níor cheart go gcuirfí an Deimhniú Eorpach Tuismíochta in ionad doiciméad inmheánach a fhéadfaidh a bheith ann chun críocha comhchosúla sna Ballstáit.
(77)Ba cheart don údarás a eisíonn an Deimhniú Eorpach Tuismíochta aird a thabhairt ar na foirmiúlachtaí is gá chun an tuismíocht a chlárú sa Bhallstát ina gcoimeádtar an clár. Chun na críche sin, ba cheart go ndéanfaí foráil sa Rialachán seo maidir le malartú faisnéise maidir le foirmiúlachtaí den sórt sin idir na Ballstáit.
(78)Níor cheart go mbeadh sé éigeantach an Deimhniú Eorpach Tuismíochta a úsáid. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil sé d’oibleagáid ar dhaoine atá i dteideal iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú, eadhon an leanbh nó ionadaí dlíthiúil, déanamh amhlaidh agus gur cheart go mbeidís saor chun na hionstraimí eile atá ar fáil faoin Rialachán seo a sholáthar (cinneadh cúirte nó ionstraim bharántúil) agus aitheantas á iarraidh acu i mBallstát eile. Mar sin féin, níor cheart go mbeadh aon údarás ná duine dá dtugtar Deimhniú Eorpach Tuismíochta arna eisiúint i mBallstát eile i dteideal iarraidh go ndéanfaí cinneadh cúirte nó ionstraim bharántúil a sholáthar in ionad an Deimhnithe Eorpaigh Tuismíochta.
(79)Ba cheart an Deimhniú Eorpach Tuismíochta a eisiúint sa Bhallstát inar bunaíodh an tuismíocht agus a bhfuil dlínse ag a chúirteanna faoin Rialachán seo. Ba cheart gur faoi gach Ballstát é cinneadh a dhéanamh ina reachtaíocht inmheánach cé na húdaráis a mbeidh inniúlacht acu an Deimhniú Eorpach Tuismíochta a eisiúint, cibé acu is cúirteanna nó údaráis eile a bhfuil inniúlacht acu in ábhair tuismíochta iad, amhail, mar shampla, údaráis riaracháin, nótairí nó cláraitheoirí. Ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha maidir leis na húdaráis a bhfuil sé de chumhacht acu faoin dlí náisiúnta an Deimhniú Eorpach Tuismíocht a eisiúint a chur in iúl don Choimisiún chun an fhaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí.
(80)Cé go n‑athraíonn inneachar agus éifeachtaí na hionstraime barántúla náisiúnta lena soláthraítear fianaise ar thuismíocht (amhail teastas breithe nó deimhniú tuismíochta) ag brath ar an mBallstát tionscnaimh, ba cheart go mbeadh an t‑inneachar céanna sa Deimhniú Eorpach Tuismíochta agus go mbeadh na héifeachtaí céanna aige i ngach Ballstát. Ba cheart go mbeadh éifeachtaí fianaiseacha leis agus ba cheart glacadh leis go dtaispeánfar go beacht ann gnéithe a bunaíodh faoin dlí is infheidhme maidir le suí na tuismíochta atá ainmnithe leis an Rialachán seo. Níor cheart go gcuimseofaí le héifeachtaí fianaiseacha an Deimhnithe Eorpaigh Tuismíochta gnéithe nach bhfuil faoi rialú ag an Rialachán seo, amhail stádas sibhialta thuismitheoirí an linbh arb í a thuismíocht nó a tuismíocht atá i gceist. Cé gur i dteanga an Bhallstáit tionscnaimh a eisítear teanga ionstraime barántúla náisiúnta lena soláthraítear fianaise ar thuismíocht, tá an fhoirm don Deimhniú Eorpach Tuismíocht atá i gceangal leis an Rialachán seo ar fáil i dteangacha uile an Aontais.
(81)Ba cheart don chúirt nó d’údarás inniúil eile an Deimhniú Eorpach Tuismíochta a eisiúint arna iarraidh sin. Ba cheart go bhfanfadh bunchóip an Deimhnithe Eorpaigh Tuismíochta leis an údarás eisiúna, ar cheart dó cóip dheimhnithe amháin nó níos mó den Deimhniú Eorpach Tuismíochta a eisiúint don iarratasóir nó don ionadaí dlíthiúil. I bhfianaise chobhsaíocht an stádais tuismíochta i bhformhór mór na gcásanna, níor cheart bailíocht na gcóipeanna den Deimhniú Eorpach Tuismíochta a theorannú ó thaobh ama, gan dochar don fhéidearthacht an Deimhniú Eorpach Tuismíochta a cheartú, a mhodhnú, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar de réir mar is gá. Ba cheart sa Rialachán seo go ndéanfaí foráil maidir le sásamh in aghaidh chinntí an údaráis eisiúna, lena n‑áirítear cinntí chun eisiúint Deimhnithe Eorpaigh Tuismíochta a dhiúltú. I gcás ina ndéantar an Deimhniú Eorpach Tuismíochta a cheartú, a mhodhnú, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, ba cheart don údarás eisiúna na daoine ar eisíodh cóipeanna deimhnithe dóibh a chur ar an eolas ionas nach n‑úsáidfear cóipeanna den sórt sin go mícheart.
(82)Ba cheart sa Rialachán seo go ndéanfaí foráil maidir le modh nua‑aimseartha rochtana ar cheartas chun go bhféadfaidh daoine nádúrtha nó a n‑ionadaithe dlíthiúla agus cúirteanna Ballstáit nó údaráis inniúla eile cumarsáid a dhéanamh go leictreonach tríd an bpointe rochtana leictreonaí Eorpach arna bhunú ar an Tairseach Eorpach don r‑Cheartas le Rialachán (AE) …/…[an Rialachán maidir leis an gClaochlú Digiteach]. Ba cheart comhsheasmhacht leis [an Rialachán maidir leis an gClaochlú Digiteach] a áirithiú. Is iomchuí, dá bhrí sin, tagairt a dhéanamh sa Rialachán seo don [Rialachán maidir leis an gClaochlú Digiteach] de réir mar is gá, lena n‑áirítear sa mhéid a bhaineann leis na sainmhínithe ar ‘córas TF díláraithe’ agus ar ‘pointe rochtana leictreonaí Eorpach’. Is cuid de chóras TF díláraithe é an pointe rochtana leictreonach Eorpach. Ba cheart go mbeadh sa chóras TF díláraithe córais chúil na mBallstát agus pointí rochtana idir‑inoibritheacha, lena n‑áirítear an pointe rochtana leictreonaí Eorpach, pointe trínar cheart idirnascadh a dhéanamh eatarthu. Ba cheart go mbeadh pointí rochtana an chórais TF dhíláraithe bunaithe ar an gcóras e‑CODEX a bunaíodh le Rialachán (AE) 2022/850. Soláthraíonn an Creat Eorpach Idir-inoibritheachta an coincheap tagartha do chur chun feidhme beartais idir-inoibritheacha.
(83)Leis an bpointe rochtana leictreonaí Eorpach, ba cheart go gceadófaí do dhaoine nádúrtha nó dá n‑ionadaithe dlíthiúla iarraidh ar Dheimhniú Eorpach Tuismíochta a sheoladh agus an Deimhniú sin a fháil agus a sheoladh go leictreonach. Ba cheart go bhfágfadh sé freisin go mbeidís in ann cumarsáid leictreonach a dhéanamh le cúirteanna Ballstáit nó le húdaráis inniúla eile in imeachtaí le haghaidh cinnidh nach bhfuil aon fhorais ann le diúltú aitheantas a thabhairt do chinneadh cúirte nó d’ionstraim bharántúil maidir le tuismíocht, nó imeachtaí chun diúltú d’aitheantas, do chinneadh cúirte nó d’ionstraim bharántúil maidir le tuismíocht. Níor cheart do chúirteanna Ballstáit nó d'údaráis inniúla eile cumarsáid a dhéanamh le saoránaigh tríd an bpointe rochtana leictreonaí Eorpach ach amháin i gcás ina bhfuil toiliú sainráite tugtha roimh ré ag an saoránach le húsáid an mhodha cumarsáide sin.
(84)Níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm Choinbhinsiúin Uimh. 16, Uimh. 33 agus Uimh. 34 ón gCoimisiún Idirnáisiúnta maidir le Stádas Sibhialta sa mhéid a bhaineann leis na sleachta ilteangacha agus na deimhnithe breithe idir Ballstáit nó idir Ballstát agus tríú Stát.
(85)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme sa mhéid a bhaineann le córas TF díláraithe a bhunú chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(86)Chun a áirithiú go gcoimeádtar na fianuithe dá bhforáiltear i gCaibidil IV agus i gCaibidil V agus sa Deimhniú Eorpach Tuismíochta dá bhforáiltear i gCaibidil VI den Rialachán seo cothrom le dáta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun Iarscríbhinní I go V a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(87)Ciallaíonn urraim do ghealltanais idirnáisiúnta arna ndéanamh ag na Ballstáit nár cheart go ndéanfadh an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm coinbhinsiún idirnáisiúnta ar páirtí nó páirtithe iontu Ballstát amháin nó níos mó tráth a ghlacfar an Rialachán seo. Chun na rialacha a dhéanamh níos inrochtana, ba cheart don Choimisiún liosta na gcoinbhinsiún ábhartha a fhoilsiú sa Tairseach Eorpach don r‑Cheartas ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag na Ballstáit. Éilíonn comhsheasmhacht le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo, áfach, go mbeidh tosaíocht ag an Rialachán seo, amhail idir na Ballstáit, ar choinbhinsiúin a thugtar i gcrích go heisiach idir dhá Bhallstát nó níos mó, a mhéid a bhaineann na coinbhinsiúin sin le hábhair a rialaítear leis an Rialachán seo.
(88)I gcás comhaontuithe le tríú Stát amháin nó níos mó arna dtabhairt i gcrích ag Ballstát roimh dháta a aontachais leis an Aontas, tá feidhm ag Airteagal 351 CFAE.
(89)Ba cheart don Choimisiún an fhaisnéis arna cur in iúl ag na Ballstáit a chur ar fáil go poiblí tríd an Tairseach Eorpach don r‑Cheartas agus í a thabhairt cothrom le dáta.
(90)Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear sa Chairt. Féachtar leis an Rialachán seo, go háirithe, le cur i bhfeidhm Airteagal 7 a chur chun cinn maidir le ceart gach duine go ndéanfar a saol príobháideach agus teaghlaigh a urramú, Airteagal 21 lena dtoirmisctear idirdhealú, agus Airteagal‑24 maidir le cearta an linbh a chosaint.
(91)Ba cheart an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí agus príobháideachais a urramú mar a chumhdaítear sa Chairt. Ba cheart aon phróiseáil ar shonraí pearsanta faoin Rialachán seo a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán an Aontais maidir le Cosaint Sonraí ‘EUDPR’) agus Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(92)Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, d’fhéadfadh go mbeadh ar chúirteanna Ballstáit nó ar údaráis inniúla eile sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha tuismíocht a shuí in imthosca trasteorann agus chun críocha aitheantas a thabhairt do thuismíocht idir na Ballstáit. Baineann sé sin le sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha tuismíocht a shuí in imthosca trasteorann, fianuithe a ghabhann le cinntí cúirte nó ionstraimí barántúla a eisiúint, Deimhniú Eorpach Tuismíochta a eisiúint, cur i láthair na ndoiciméad maidir le haithint na tuismíochta, cinneadh a fháil nach bhfuil aon fhoras ann chun aithint na tuismíochta a dhiúltú, nó an t‑iarratas ar aithint na tuismíochta a dhiúltú. Tá sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag cúirteanna Ballstáit nó ag údaráis inniúla eile de bhun an Rialacháin seo sna doiciméid a láimhseálann cúirteanna Ballstáit nó údaráis inniúla eile chun na gcríoch thuas. Bainfidh na sonraí pearsanta a phróiseáiltear go háirithe le leanaí, lena dtuismitheoirí agus lena n‑ionadaithe dlíthiúla. Ba cheart na sonraí pearsanta arna láimhseáil ag cúirteanna Ballstáit nó ag údaráis inniúla eile a phróiseáil i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme maidir le cosaint sonraí, go háirithe RGCS. Ina theannta sin, agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, d’fhéadfadh go mbeadh ar an gCoimisiún sonraí pearsanta a phróiseáil i dtaca leis an gcumarsáid leictreonach idir daoine nádúrtha nó a n‑ionadaithe dlíthiúla agus cúirteanna Ballstáit nó údaráis inniúla eile chun Deimhniú Eorpach Tuismíochta a iarraidh, a fháil agus a sheoladh, nó in imeachtaí a bhaineann le haitheantas a thabhairt do thuismíocht nó le diúltú aitheantais, tríd an bpointe rochtana leictreonaí Eorpach i gcomhthéacs an chórais TF dhíláraithe. Ba cheart na sonraí pearsanta arna láimhseáil ag an gCoimisiún a phróiseáil i gcomhréir le EUDPR.
(93)Leis an Rialachán seo, ba cheart an bunús dlí do phróiseáil sonraí pearsanta ag cúirteanna Ballstáit nó ag údaráis inniúla eile a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 6(1) agus (3) de RGCS agus ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 5(1) agus (2) de EUDPR. Le próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta faoin Rialachán seo comhlíontar ceanglais Airteagal 9(2) de RGCS ós rud é go bpróiseálfaidh cúirteanna atá ag gníomhú ina gcáil bhreithiúnach i gcomhréir le pointe (f) sonraí nó beidh gá leis an bpróiseáil le haghaidh sonraí ar chúiseanna leasa shubstaintiúil an phobail ar bhonn an Rialacháin seo, a bhfuil sé d’aidhm aige aithint cinntí cúirte agus ionstraimí barántúla maidir le tuismíocht i mBallstát eile a éascú chun cearta bunúsacha agus cearta eile leanaí in imthosca trasteorann laistigh den Aontas a áirithiú i gcomhréir le pointe (g). Ar an gcaoi chéanna, le próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta faoin Rialachán seo comhlíontar ceanglais Airteagal 10(2) de EUDPR toisc go mbeidh próiseáil sonraí riachtanach chun éilimh dhlíthiúla a shuí, a fheidhmiú nó a chosaint i gcomhréir le pointe (f), nó beidh gá leis an bpróiseáil ar chúiseanna a bhaineann le leas substaintiúil an phobail ar bhonn an Rialacháin seo, i gcomhréir le pointe (g).
(94)Níor cheart sonraí pearsanta a phróiseáil faoin Rialachán seo ach amháin chun na gcríoch sonrach a leagtar amach ann, gan dochar do phróiseáil bhreise chun críocha cartlannaithe ar mhaithe le leas an phobail i gcomhréir le hAirteagail 5 (1)(b) agus 89 de RGCS, ós rud é, a luaithe a shuitear nó a aithnítear tuismíocht i staid trasteorann, d’fhéadfadh go mbeadh ar chúirteanna Ballstáit nó údaráis inniúla eile sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail. Toisc go mbaineann an Rialachán seo le gnéithe trasteorann na tuismíochta, ar ábhar stádas sibhialta í a d’fhéadfadh leanúint de bheith ábhartha ar feadh tréimhse neamhchinntithe, níor cheart go gcuirfeadh an Rialachán seo teorainn le tréimhse stórála na faisnéise agus na sonraí pearsanta a phróiseáiltear.
(95)Chun críocha tuismíocht a shuí in imthosca trasteorann, fianuithe a ghabhann le cinntí cúirte nó le hionstraimí barántúla a eisiúint, Deimhniú Eorpach Tuismíochta a eisiúint, doiciméad chun tuismíocht a aithint a thíolacadh, cinneadh a fháil nach bhfuil aon fhorais ann chun aitheantas tuismíochta a dhiúltú, nó iarratais ar dhiúltú aitheantas tuismíochta, ba cheart cúirteanna Ballstáit nó údaráis inniúla eile arna gcumhachtú ag Ballstáit an Rialachán seo a chur i bhfeidhm a mheas mar rialaitheoirí de réir bhrí Airteagal 4, pointe 7 den Rialachán maidir le Cosaint Sonraí (AE). Chun críocha bhainistiú teicniúil, fhorbairt, chothabháil, shlándáil agus thacaíocht an phointe rochtana leictreonaigh Eorpaigh, agus chun críocha na cumarsáide idir daoine nádúrtha nó a n‑ionadaithe dlíthiúla agus cúirteanna na mBallstát nó údaráis inniúla eile tríd an bpointe rochtana leictreonaí Eorpach agus an córas TF díláraithe, ba cheart an Coimisiún a mheas mar rialaitheoir de réir bhrí Airteagal 3, pointe 8 de EUDPR. Ba cheart do rialtóirí slándáil, sláine, barántúlacht agus rúndacht na sonraí a phróiseáiltear chun na gcríoch thuas a áirithiú.
(96)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus thug sé tuairim uaidh an [dáta].
(97)[I gcomhréir le hAirteagail 1, 2 agus Airteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.] NÓ
(97a)[I gcomhréir le hAirteagal 3 agus Airteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, tá fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe [, trí litir an ...,] gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm na an Rialacháin seo.]
(98)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.
(99)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach mar gheall ar na difríochtaí idir rialacha náisiúnta lena rialaítear dlínse, an dlí is infheidhme agus aithint cinntí cúirte agus ionstraimí barántúla, ach, mar gheall ar infheidhmeacht dhíreach agus cineál ceangailteach an Rialacháin seo, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha comhchoiteanna maidir le dlínse agus an dlí is infheidhme chun tuismíocht a shuí in imthosca trasteorann; rialacha comhchoiteanna maidir le haitheantas a thabhairt do chinntí cúirte nó d’ionstraimí barántúla maidir le tuismíocht arna dtarraingt suas nó arna gclárú i dtríú Stát, ná do ghlacadh na gcinntí nó na n‑ionstraimí sin de réir mar a bheidh; agus cruthaítear Deimhniú Eorpach Tuismíochta.
Airteagal 2
Gaolmhaireacht le forálacha eile de dhlí an Aontais
1.Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do na cearta a dhíorthaíonn leanbh ó dhlí an Aontais, go sonrach na cearta de réir dhlí an Aontais maidir le saorghluaiseacht, lena n‑áirítear Treoir 2004/38/CE. Go háirithe, ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do na teorainneacha a bhaineann le beartas poiblí a úsáid mar údar le diúltú d’aitheantas a thabhairt do thuismíocht i gcás ina bhfuil na Ballstáit faoi oibleagáid, faoi dhlí an Aontais maidir le saorghluaiseacht, aitheantas a thabhairt do dhoiciméad lena suitear gaol idir tuismitheoir agus leanbh arna eisiúint ag na húdaráis de Bhallstát eile chun críche cearta a eascraíonn as dlí an Aontais.
2.Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do Rialachán (AE) 2016/1191, go háirithe a mhéid a bhaineann le doiciméid phoiblí, mar a shainmhínítear sa Rialachán sin, maidir le breith, tuismíocht agus uchtú.
Airteagal 3
Raon feidhme
1.Beidh feidhm ag an Rialachán maidir le hábhair shibhialta a bhaineann le tuismíocht in imthosca trasteorann.
2.Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
(a)pósadh nó gaol a bheith ann, bailíocht agus aitheantas a thabhairt do phósadh nó do ghaol a mheastar faoin dlí is infheidhme maidir le gaol den sórt sin go bhfuil éifeachtaí inchomparáide aige, amhail páirtnéireacht chláraithe;
(b)ábhair a bhaineann le freagracht tuismitheoirí;
(c)inniúlacht dhlíthiúil daoine nádúrtha;
(d)fuascailt;
(e)uchtú idir tíortha;
(f)oibleagáidí cothabhála;
(g)iontaobhais nó comharbas;
(h)náisiúntacht;
(i)na ceanglais dhlíthiúla chun tuismíocht a thaifeadadh i gclár Ballstáit, agus na héifeachtaí a bhaineann le taifeadadh nó mainneachtain tuismíocht a thaifeadadh i gclár Ballstáit.
3.Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haitheantas do chinntí cúirte arna dtabhairt i dtríú Stát chun tuismíocht a shuí ná maidir le haitheantas a thabhairt d’ionstraimí barántúla lena suitear nó lena gcruthaítear tuismíocht arna dtarraingt suas nó arna gclárú i dtríú Stát, ná do ghlacadh na n‑ionstraimí sin de réir mar a bheidh.
Airteagal 4
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1.ciallaíonn ‘tuismíocht’ an gaol idir tuismitheoir agus leanbh arna shuí faoin dlí. Áirítear ann stádas dlíthiúil a bhaineann le bheith mar leanbh ag tuismitheoir nó tuismitheoirí áirithe;
2.ciallaíonn ‘leanbh’ duine d’aon aois a bhfuil a thuismíocht le suí, le haithint nó le cruthú;
3.ciallaíonn ‘tuismíocht a shuí’ an gaol idir leanbh agus gach tuismitheoir a shuí faoin dlí, lena n‑áirítear tuismíocht a shuí i ndiaidh maíomh lena gconspóidtear tuismíocht a suíodh roimhe sin;
4.ciallaíonn ‘cúirt’ údarás i mBallstát a fheidhmíonn feidhmeanna breithiúnacha in ábhair a bhaineann le tuismíocht;
5.ciallaíonn ‘cinneadh cúirte’ cinneadh cúirte de chuid Ballstáit, lena n‑áirítear foraithne, ordú nó breithiúnas, maidir le hábhair a bhaineann le tuismíocht;
6.ciallaíonn ‘ionstraim bharántúil’ doiciméad atá dréachtaithe go foirmiúil nó atá cláraithe mar ionstraim bharántúil in aon Bhallstát in ábhair a bhaineann le tuismíocht agus:
(a)a mbaineann a barántúlacht le síniú agus le hábhar na hionstraime; agus
(b)a bhfuil a barántúlacht bunaithe ag údarás poiblí nó ag údarás eile arna chumhachtú chun na críche sin ag an mBallstát tionscnaimh;
7.Ciallaíonn ‘Ballstát tionscnaimh’ an Ballstát inar tugadh an cinneadh cúirte maidir le tuismíocht, inar tarraingíodh suas go foirmiúil nó inar cláraíodh an ionstraim bharántúil maidir le tuismíocht, nó inar eisíodh an Deimhniú Eorpach Tuismíochta;
8.Ciallaíonn ‘córas TF díláraithe’ córas TF mar a shainmhínítear é i bpointe (4) d’Airteagal 2 den [Rialachán maidir leis an gClaochlú Digiteach].;
9.Ciallaíonn ‘pointe rochtana leictreonach Eorpach’ pointe rochtana idir‑inoibritheach mar a shainmhínítear i bpointe (5) d’Airteagal 2 den [Rialachán maidir leis an gClaochlú Digiteach].
Airteagal 5
Inniúlacht maidir le hábhair tuismíochta laistigh de na Ballstáit
Ní dhéanann an Rialachán seo difear d’inniúlacht údaráis na mBallstát chun cúrsaí tuismíochta a phlé.
CAIBIDIL II
DLÍNSE
Airteagal 6
Dlínse ginearálta
In ábhair a bhaineann le tuismíocht, beidh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit maidir leis na nithe seo a leanas:
(a)áit ghnáthchónaithe an linbh tráth a bheidh na himeachtaí os comhair na cúirte, nó
(b)náisiúntacht an linbh tráth a bheidh na himeachtaí os comhair na cúirte, nó
(c)áit ghnáthchónaithe an fhreagróra tráth a bheidh na himeachtaí os comhair na cúirte, nó
(d)áit ghnáthchónaithe an tuismitheora tráth a bheidh na himeachtaí os comhair na cúirte, nó
(e)náisiúntacht ceachtar tuismitheoir tráth a bheidh na himeachtaí os comhair na cúirte, nó
(f)breith an linbh.
Airteagal 7
Dlínse bunaithe ar láithreacht an linbh
I gcás nach bhféadfar dlínse a shuí de bhun Airteagal 6, beidh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit a mbeidh an leanbh i láthair ann.
Airteagal 8
Dlínse iarmharach
I gcás nach bhfuil dlínse ag aon chúirt de chuid na mBallstát de bhun Airteagail 6 nó 7, déanfar dlínse a chinneadh i ngach Ballstát de réir dhlíthe an Bhallstáit sin.
Airteagal 9
Forum necessitatis
I gcás nach bhfuil dlínse ag cúirt ar bith de chuid Ballstáit de bhun fhorálacha eile an Rialacháin seo, féadfaidh cúirteanna Ballstáit, ar bhonn eisceachtúil, rialú a dhéanamh maidir le hábhair tuismíochta más rud é nach féidir imeachtaí a thionscnamh nó a sheoladh le réasún nó más dodhéanta é sin i dtríú Stát a bhfuil dlúthbhaint ag an gcás leis.
Ba cheart go mbeadh nasc leordhóthanach ag an gcás le Ballstát na cúirte a dtugtar os a comhair é.
Airteagal 10
Ceisteanna teagmhasacha
1.Más rud é go mbraitheann toradh imeachtaí os comhair cúirte de chuid Ballstáit maidir le hábhar nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo ar cheist theagmhasach a bhaineann le tuismíocht a chinneadh, féadfaidh cúirt sa Bhallstát sin an cheist sin a chinneadh chun críocha na n‑imeachtaí fiú mura bhfuil dlínse ag an mBallstát sin faoin Rialachán seo.
2.Ní bheidh éifeacht ag cinneadh maidir le ceist theagmhasach de bhun mhír 1 ach amháin sna himeachtaí a ndearnadh an cinneadh sin ina leith.
Airteagal 11
Caingean a thabhairt os comhair cúirte
Measfar caingean a bheith tugtha os comhair cúirte:
(a)tráth a thaisctear doiciméad tionscanta na n‑imeachtaí nó doiciméad coibhéiseach sa chúirt, ar choinníoll nár mhainnigh an t‑iarratasóir ina dhiaidh sin na bearta ba ghá dó nó di a ghlacadh chun go ndéanfaí an tseirbheáil ar an bhfreagróir;
(b)más rud é nach mór an doiciméad a sheirbheáil sula dtaiscfear sa chúirt é, tráth a gheobhaidh an t‑údarás atá freagrach as an tseirbheáil é, ar choinníoll nár mhainnigh an t‑iarratasóir ina dhiaidh sin na bearta ba ghá dó nó di a dhéanamh chun an doiciméad a thaisceadh sa chúirt; nó
(c)má thionscnaítear na himeachtaí ag an gcúirt as a stuaim féin, tráth a chinneann an chúirt na himeachtaí a thionscnamh, nó, i gcás nach gá cinneadh den sórt sin, tráth a chláraigh an chúirt an cás.
Airteagal 12
Scrúdú a dhéanamh maidir le dlínse
I gcás ina dtabharfar cás os comhair cúirte de chuid Ballstáit nach bhfuil aon dlínse aici maidir le substaint an ábhair faoin Rialachán seo agus a bhfuil dlínse ag cúirt de chuid Ballstáit eile maidir le substaint an ábhair faoin Rialachán seo, dearbhóidh sí as a stuaim féin nach bhfuil aon dlínse aici.
Airteagal 13
Scrúdú a dhéanamh maidir le hinghlacthacht
1.I gcás nach ndéanfaidh freagróir a bhfuil gnáthchónaí air i Stát seachas an Ballstát inar tionscnaíodh na himeachtaí láithreas a thaifeadadh, cuirfidh an chúirt a bhfuil dlínse aici bac ar na himeachtaí fad nach suífear go raibh an freagróir in ann an doiciméad lenar tionscnaíodh na himeachtaí ná doiciméad coibhéiseach a fháil in am trátha chun a chumasú don fhreagróir cosaint a shocrú, nó go ndearnadh gach beart is gá chuige sin.
2.Beidh feidhm ag Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2020/1784 in ionad mhír 1 den Airteagal seo más rud é gur ghá an doiciméad lenar tionscnaíodh na himeachtaí nó doiciméad coibhéiseach a tharchur ó Bhallstát amháin go Ballstát eile de bhun an Rialacháin sin.
3.I gcás nach bhfuil Rialachán (AE) 2020/1784 infheidhme, beidh feidhm ag Airteagal 15 de Choinbhinsiún na Háige an 15 Samhain 1965 maidir le seirbheáil doiciméad breithiúnach agus seachbhreithiúnach in ábhair shibhialta nó thráchtála ar an gcoigríoch a chur chun feidhme más rud é nár mhór an doiciméad lenar tionscnaíodh na himeachtaí nó doiciméad coibhéiseach a tharchur ar an gcoigríoch de bhun an Choinbhinsiúin sin.
Airteagal 14
Lis pendens
1.I gcás ina dtabharfar imeachtaí a bhaineann leis an gcúis chéanna caingne agus na páirtithe céanna os comhair cúirteanna Ballstát éagsúil, déanfaidh aon chúirt seachas an chéad chúirt ar tugadh imeachtaí os a comhair, as a stuaim féin, bac ar a himeachtaí féin go dtí go suífear go bhfuil dlínse ag an gcéad chúirt ar tugadh imeachtaí os a comhair.
2.Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, arna iarraidh sin do chúirt ar tugadh an díospóid os a comhair, cuirfidh aon chúirt eile ar tugadh díospóid os a comhair an chúirt iarrthach ar an eolas gan mhoill maidir leis an dáta a tugadh an díospóid os a comhair.
3.I gcás ina suitear go bhfuil dlínse ag an gcéad chúirt ar tugadh an díospóid os a comhair, diúltóidh aon chúirt seachas an chéad chúirt ar tugadh an díospóid os a comhair dlínse i bhfabhar na chéad chúirte ar tugadh an díospóid os a comhair.
Airteagal 15
Ceart leanaí a dtuairimí a chur in iúl
1.Agus a ndlínse á bhfeidhmiú acu faoin Rialachán seo, soláthróidh cúirteanna na mBallstát, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an nós imeachta náisiúnta, fíordheis éifeachtach a dtuairimí a chur in iúl, go díreach nó trí ionadaí nó comhlacht cuí, do leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois a bhfuil a dtuismíocht le bunú agus atá in ann a dtuairimí féin a fhoirmiú.
2.I gcás ina dtugann an chúirt, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an nós imeachta náisiúnta, deis do leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois a dtuairimí a chur in iúl i gcomhréir leis an Airteagal seo, tabharfaidh an chúirt aird chuí ar thuairimí na leanaí i gcomhréir lena n‑aois agus lena n‑aibíocht.
CAIBIDIL III
AN DLÍ IS INFHEIDHME
Airteagal 16
Cur i bhfeidhm uilíoch
Cuirfear aon dlí arna n‑ainmniú mar dhlí infheidhme ag an Rialachán seo i bhfeidhm cibé acu an dlí nó nach dlí de Bhallstát é.
Airteagal 17
An dlí is infheidhme
1.Is é dlí an Stáit ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine a shaolaíonn an leanbh tráth na breithe a bheith sa dlí is infheidhme maidir le tuismíocht a shuí, nó i gcás nach féidir an áit a bhfuil gnáthchónaí ar an duine a shaolaíonn an leanbh tráth na breithe a shuí, an dlí i Stát breithe an linbh.
2.D'ainneoin mhír 1, i gcás ina suitear tuismíocht a mhéid a bhaineann le haon tuismitheoir amháin agus leis sin amháin mar thoradh ar an dlí is infheidhme de bhun mhír 1, is féidir go mbeidh feidhm ag dlí Stát náisiúntachta an tuismitheora sin nó an dara tuismitheoir, nó dlí Stát breithe an linbh, maidir le suí tuismíochta a mhéid a bhaineann leis an dara tuismitheoir.
Airteagal 18
Raon feidhme an dlí is infheidhme
Beidh na nithe seo a leanas go háirithe faoi rialú ag an dlí arna ainmniú leis an Rialachán seo mar an dlí is infheidhme maidir le suí na tuismíochta:
(a)nósanna imeachta chun tuismíocht a shuí nó a chonspóid;
(b)éifeacht cheangailteach dhlíthiúil agus/nó éifeachtaí fianaiseacha ionstraimí barántúla;
(c)seasamh daoine in imeachtaí a bhaineann le tuismíocht a shuí nó a chonspóid;
(d)aon teorainn ama chun tuismíocht a shuí nó a chonspóid.
Airteagal 19
Athrú ar an dlí is infheidhme
I gcás ina mbeidh tuismíocht bunaithe i mBallstát de bhun an Rialacháin seo, ní dhéanfaidh athrú ina dhiaidh sin ar an dlí is infheidhme difear don tuismíocht suíodh cheana féin.
Airteagal 20
Bailíocht fhoirmiúil
1.Gníomh bailí a bheidh i ngníomh aontaobhach a mbeartaítear éifeacht dhlíthiúil a bheith aige ar thuismíocht a shuí i gcás ina gcomhlíontar leis ceanglais ceann de na dlíthe seo a leanas:
(a)an dlí is infheidhme maidir le tuismíocht a shuí de bhun Airteagal 17;
(b)dlí an Stáit ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine atá i mbun an ghnímh; nó
(c)dlí an Stáit ina ndearnadh an gníomh.
2.Féadfar gníomh a mbeartaítear éifeacht dhlíthiúil a bheith aige ar shuí na tuismíochta a chruthú trí aon mhodh cruthúnais a aithnítear le dlí an fhóraim nó le haon cheann de na dlíthe dá dtagraítear i mír 1 faoina bhfuil an gníomh sin bailí go foirmiúil, ar choinníoll gur féidir leis an bhfóram an modh cruthúnais sin a riar.
Airteagal 21
Renvoi a eisiamh
Ciallaíonn cur i bhfeidhm dlí aon Stáit a shonraítear leis an Rialachán seo cur i bhfeidhm na rialacha dlí a bheidh i bhfeidhm sa Stát sin seachas a rialacha dlí idirnáisiúnta phríobháidigh.
Airteagal 22
Beartas poiblí (ordre public)
1.Ní fhéadfar diúltú foráil dlí aon Stáit a shonraítear leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ach amháin más follas nach mbeidh an cur i bhfeidhm sin ag luí le beartas poiblí (ordre public) an fhóraim.
2.Cuirfidh na cúirteanna agus údaráis inniúla eile de na Ballstáit mír 1 i bhfeidhm chun na cearta bunúsacha agus na bunphrionsabail a leagtar síos sa Chairt, go háirithe Airteagal 21 de maidir le ceart an neamh‑idirdhealaithe, a chomhlíonadh.
Airteagal 23
Stáit a bhfuil níos mó ná córas dlí amháin acu
1.I gcás inarb é an dlí a shonraítear leis an Rialachán seo dlí Stáit ina gcuimsítear roinnt aonaid chríochacha a bhfuil a rialacha dlí féin ag gach aonad díobh maidir le comharbas, is le rialacha inmheánacha an Stáit sin um easaontacht dlíthe a chinnfear an t‑aonad críochach ábhartha a mbeidh feidhm ag a rialacha dlí.
2.In éagmais rialacha inmheánacha um easaontacht dlíthe den sórt sin:
(a)chun an dlí is infheidhme de bhun na bhforálacha lena ndéantar tagairt do ghnáthchónaí an duine a shaolaíonn an leanbh a chinneadh, déanfar aon tagairt do dhlí an Stáit dá dtagraítear i mír 1 a fhorléiriú mar thagairt do dhlí an aonaid chríochaigh ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine a shaolaíonn an leanbh;
(b)chun an dlí is infheidhme de bhun na bhforálacha lena ndéantar tagairt do Stát breithe an linbh a chinneadh, déanfar aon tagairt do dhlí an Stáit dá dtagraítear i mír 1 a fhorléiriú mar thagairt do dhlí an aonaid chríochaigh inar rugadh an leanbh.
(c)Maidir le Ballstát ina bhfuil roinnt aonaid chríochacha a bhfuil a rialacha dlí féin ag gach ceann acu maidir le hábhair tuismíochta, ní chuirfear de cheangal leis an Rialachán seo orthu an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le heasaontachtaí dlíthe a eascraíonn idir na haonaid sin amháin.
CAIBIDIL IV
AITHINT
ROINN 1
Forálacha ginearálta maidir le haitheantas
Airteagal 24
Aitheantas a thabhairt do chinneadh cúirte
1.Déanfar cinneadh cúirte maidir le tuismíocht a thabharfar i mBallstát a aithint i ngach Ballstát eile gan gá le haon nós imeachta speisialta.
2.Go háirithe, ní bheidh gá le nós imeachta speisialta chun taifid ar stádas sibhialta Ballstáit a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn cinnidh cúirte maidir le tuismíocht a tugadh i mBallstát eile agus nach bhfuil aon achomharc eile ina choinne faoi dhlí an Bhallstáit sin.
3.I gcás ina dtarraingítear anuas aitheantas cinnidh cúirte mar cheist theagmhasach os comhair cúirte de chuid Ballstáit, féadfaidh an chúirt sin an tsaincheist sin a chinneadh.
Airteagal 25
Cinneadh nach bhfuil aon fhorais ann le haitheantas a dhiúltú
1.Féadfaidh aon pháirtí leasmhar, i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagail 32 go 34, iarratas a dhéanamh ar chinneadh nach bhfuil aon fhorais ann chun an t‑aitheantas dá dtagraítear in Airteagal 31 a dhiúltú.
2.Déanfar dlínse áitiúil na cúirte a chuirtear in iúl don Choimisiún de bhun Airteagal 71 a chinneadh de réir dhlí an Bhallstáit ina ndéantar imeachtaí a thionscnamh i gcomhréir le mír 1.
Airteagal 26
Doiciméid atá le tabhairt ar aird le haghaidh aitheantais
1.Aon pháirtí ar mian leis cinneadh cúirte arna thabhairt i mBallstát amháin a agairt i mBallstát eile, tabharfaidh sé na nithe seo a leanas ar aird:
(a)cóip de chinneadh na cúirte a shásaíonn na coinníollacha is gá chun a bharántúlacht a shuí; agus
(b)an fianú iomchuí arna eisiúint de bhun Airteagal 29.
2.Más rud é go n‑éilíonn cúirt nó údarás inniúil eile a mbeidh breithiúnas a tugadh i mBallstát eile agartha os a comhair nó os a chomhair amhlaidh, déanfar aistriúchán nó traslitriú ar ábhar inaistrithe na réimsí téacs saora den fhianú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo a thabhairt ar aird.
3.Féadfaidh an chúirt nó údarás inniúil eile a mbeidh breithiúnas a tugadh i mBallstát eile agartha os a comhair nó os a chomhair a cheangal ar an bpáirtí aistriúchán nó traslitriú ar an gcinneadh cúirte mar aon le haistriúchán nó traslitriú ar ábhar inaistrithe na réimsí téacs saora a sholáthar mura féidir leis dul ar aghaidh gan aistriúchán ná traslitriú den sórt sin.
Airteagal 27
Doiciméid a bheith in easnamh
1.Mura dtugtar ar aird na doiciméid a shonraítear in Airteagal 26(1), féadfaidh an chúirt nó an t‑údarás inniúil eile tréimhse a shonrú chun é a thabhairt ar aird, nó glacadh le doiciméad comhionann, nó déanamh dá éagmais má mheasann sí nó sé go bhfuil a sáith nó a sháith faisnéise os a comhair nó os a chomhair.
2.Más rud é go n‑éilíonn cúirt nó údarás inniúil eile a mbeidh breithiúnas a tugadh i mBallstát eile agartha os a comhair nó os a chomhair amhlaidh, déanfar aistriúchán nó traslitriú ar dhoiciméid choibhéiseacha den sórt sin a thabhairt ar aird.
Airteagal 28
Bac ar na himeachtaí
Féadfaidh an chúirt nó an t‑údarás a mbeidh breithiúnas a tugadh i mBallstát eile agartha os a comhair nó os a chomhair bac a chur ar na himeachtaí, go hiomlán nó go páirteach, i gcás ina mbeidh feidhm ag aon cheann díobh seo a leanas:
(a)tá gnáthachomharc in aghaidh an chinnidh cúirte sin taiscthe sa Bhallstát tionscnaimh; nó
(b)tá iarratas curtha isteach ar chinneadh nach bhfuil aon fhorais ann le haitheantas a dhiúltú dá dtagraítear in Airteagal 25 nó le haghaidh cinnidh go bhfuil an t‑aitheantas le diúltú ar bhonn ceann de na forais sin.
Airteagal 29
Eisiúint an fhianaithe
1.Eiseoidh cúirt de chuid an Bhallstáit tionscnaimh mar a chuirtear in iúl í don Choimisiún de bhun Airteagal 71, arna iarraidh sin do pháirtí, fianú le haghaidh cinneadh cúirte maidir le tuismíocht ag baint úsáid as an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
2.Críochnófar an fianú agus eiseofar é i dteanga chinneadh na cúirte. Féadfar an fianú a eisiúint freisin i dteanga oifigiúil eile de chuid institiúidí an Aontais Eorpaigh arna iarraidh sin don pháirtí. Ní chuirfear leis sin aon oibleagáid ar an údarás inniúil a eisíonn an fianú aistriúchán ná traslitriú ar ábhar inaistrithe na réimsí téacs saora a sholáthar.
3.Beidh san fhianú ráiteas lena gcuirtear in iúl do shaoránaigh an Aontais agus a gcuid ball teaghlaigh nach gcuireann an fianú isteach ar na cearta a dhíorthaíonn an leanbh ó dhlí an Aontais agus chun feidhmiú na gceart den chineál sin, féadfar cruthúnas maidir leis an ngaol idir tuismitheoir agus leanbh a chur in iúl trí mhodh ar bith.
4.Ní bheidh aon agóid in aghaidh eisiúint an fhianaithe.
Airteagal 30
An fianú a cheartú
1.Déanfaidh an chúirt de chuid Ballstáit tionscnaimh mar a chuirtear in iúl don Choimisiún í de bhun Airteagal 71, ar iarratas, agus féadfaidh sí, as a stuaim féin, an fianú a choigeartú, más ann, de bharr earráid nó easnamh ábharach, do neamhréireacht idir an cinneadh cúirte atá le haithint agus an fianú.
2.Beidh feidhm ag dlí an Bhallstáit tionscnaimh maidir leis an nós imeachta chun an fianú a cheartú.
Airteagal 31
Foras le haitheantas a dhiúltú
1.Diúltófar d’aitheantas a thabhairt do chinneadh cúirte:
(a)má tá aitheantas den sórt sin go follasach in aghaidh bheartas poiblí an Bhallstáit ina ndéantar an t‑aitheantas a agairt, agus leas an linbh á thabhairt san áireamh;
(b)más rud é gur tugadh é in éagmais láithris, murar seirbheáladh an doiciméad lenar tionscnaíodh na himeachtaí nó doiciméad coibhéiseach in am leordhóthanach agus ar bhealach chun a chur ar a gcumas do na daoine sin a gcosaint a eagrú mura gcinntear gur ghlac na daoine sin leis an gcinneadh ón gcúirt scun scan;
(c)arna iarraidh sin d’aon duine a éilíonn go sáraíonn an cinneadh cúirte a atharthacht nó a máithreachas i leith an linbh i gcás inar tugadh é gan deis a thabhairt don duine sin éisteacht a fháil;
(d)má tá sé ar neamhréir le cinneadh cúirte níos déanaí maidir le tuismíocht a tugadh i mBallstát lena ndéantar aitheantas a agairt agus a mhéid atá sé ar neamhréir leis;
(e)má tá sé ar neamhréir le cinneadh cúirte níos déanaí maidir le tuismíocht a tugadh i mBallstát agus a mhéid atá sé ar neamhréir leis ar choinníoll go gcomhlíontar an cinneadh cúirte níos déanaí na coinníollacha is gá le haghaidh a aitheantais sa Bhallstát lena ndéantar aitheantas a agairt.
2.Cuirfidh na cúirteanna agus údaráis inniúla eile de na Ballstáit pointe (a) de mhír 1 i bhfeidhm chun na cearta bunúsacha agus na bunphrionsabail a leagtar síos sa Chairt, go háirithe Airteagal 21 di maidir le ceart an neamh‑idirdhealaithe, a chomhlíonadh.
3.Féadfar aitheantas do chinneadh cúirte maidir le hábhair tuismíochta a dhiúltú más rud é gur tugadh é gan deis a thabhairt do leanaí a gcuid tuairimí a chur in iúl, seachas má tá sé sin in aghaidh leas an linbh. Má bhí leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois, beidh feidhm ag an bhforáil seo i gcás ina raibh na leanaí in ann a gcuid tuairimí a chur le chéile i gcomhréir le hAirteagal 15.
ROINN 2
Nós imeachta um aitheantas a dhiúltú
Airteagal 32
Iarratas ar aitheantas a dhiúltú
1.Maidir leis an nós imeachta i ndáil le hiarratas ar dhiúltú aitheantais a dhéanamh, a mhéid nach bhfuil sé clúdaithe ag an Rialachán seo, rialófar é le dlí an Bhallstáit ina dtionscnaítear imeachtaí le haghaidh neamhaitheantais.
2.Diúltófar d’aitheantas ar chinneadh cúirte maidir le hábhair tuismíochta más ann do cheann amháin de na forais chun aitheantas a dhiúltú dá dtagraítear in Airteagal 31.
3.Déanfar dlínse áitiúil na cúirte a chuirtear in iúl don Choimisiún de bhun Airteagal 71 a chinneadh de réir dhlí an Bhallstáit ina dtionscnaítear imeachtaí le haghaidh neamhaitheantais.
4.Cuirfidh an t‑iarratasóir cóip den chinneadh cúirte agus, i gcás inarb infheidhme agus más féidir, an fianú iomchuí arna eisiúint de bhun Airteagal 29, ar fáil don chúirt.
5.Féadfaidh an chúirt, i gcás inar gá, a éileamh ar an iarratasóir aistriúchán nó traslitriú ar ábhar inaistrithe na réimsí téacs saora den fhianú iomchuí arna eisiúint de bhun Airteagal 29 a sholáthar.
6.Mura bhfuil an chúirt in ann dul ar aghaidh gan aistriúchán nó traslitriú ar an gcinneadh cúirte, féadfaidh sí an t‑aistriúchán sin nó an traslitriú sin a éileamh ar an iarratasóir.
7.Féadfaidh an chúirt táirgeacht na ndoiciméad dá dtagraítear i mír 4 a ligean ar ceal:
(a)má tá siad aici cheana féin; nó
(b)má bhreithníonn sí go bhfuil sé míréasúnta a éileamh ar an iarratasóir go gcuirfeadh sé iad ar fáil.
8.An páirtí a iarrann go ndéanfar aitheantas cinneadh cúirte a thugtar i mBallstát eile a dhiúltú, ní éileofar air seoladh poist a bheith aige sa Bhallstát ina dtionscnaítear imeachtaí le haghaidh neamhaitheantais. Ní éileofar ar an bpáirtí sin ionadaí údaraithe a bheith aige sa Bhallstát ina dtionscnaítear imeachtaí le haghaidh neamhaitheantais ach amháin má tá ionadaí den sórt sin éigeantach faoi dhlí an Bhallstáit ina dtionscnaítear imeachtaí le haghaidh neamhaitheantais beag beann ar náisiúntacht na bpáirtithe.
Airteagal 33
Agóid nó achomharc
1.Féadfaidh aon pháirtí agóid nó achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh cúirte an t‑iarratas ar aithint na tuismíochta a dhiúltú.
2.Déanfar an agóid nó an t‑achomharc a thaisceadh leis an gcúirt ar cúirt í a chuireann na Ballstáit in iúl don Choimisiún de bhun Airteagal 71 mar an chúirt lena dtaiscfear an agóid sin nó an t‑achomharc sin.
Airteagal 34
Agóid nó achomharc breise
Maidir le cinneadh cúirte ar an agóid nó achomharc, ní fhéadfar é a agóid ná a achomharc ach amháin sna cúirteanna sin lena ndéanfar aon agóid nó achomharc breise a thaisceadh ar chuir na Ballstáit na cúirteanna sin in iúl don Choimisiún de bhun Airteagal 71.
ROINN 3
Ionstraimí barántúla le héifeacht dhlíthiúil cheangailteach
Airteagal 35
Raon feidhme
Beidh feidhm ag an Roinn seo maidir le hionstraimí barántúla lena suitear tuismíocht:
(a)a dréachtaíodh go foirmiúil nó a cláraíodh go foirmiúil i mBallstát a bhfuil dlínse aige faoi Chaibidil II; agus
(b)a bhfuil éifeacht dhlíthiúil cheangailteach acu sa Bhallstát ar dréachtaíodh go foirmiúil nó ar cláraíodh go foirmiúil iad ann.
Airteagal 36
Ionstraimí barántúla a aithint
Ionstraimí barántúla lena suitear tuismíocht le héifeacht dhlíthiúil cheangailteach a eisítear sa Bhallstát tionscnaimh, tabharfar aitheantas dóibh i mBallstáit eile gan aon nós imeachta speisialta a éileamh. Beidh feidhm ag Ranna 1 agus 2 den Chaibidil seo dá réir, mura bhforáiltear dá mhalairt sa Roinn seo.
Airteagal 37
Fianú
1.Eiseoidh an t‑údarás inniúil den Bhallstát tionscnaimh mar a chuirtear in iúl don Choimisiún é de bhun Airteagal 71, arna iarraidh sin do pháirtí, fianú le haghaidh ionstraim bharántúil lena suitear tuismíocht le héifeacht dhlíthiúil cheangailteach ag baint úsáid as an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn II.
2.Ní fhéadfar an fianú a eisiúint ach má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)bhí dlínse faoi Chaibidil II ag an mBallstát a thug cumhacht don údarás poiblí nó d’údarás eile an ionstraim bharántúil lena suitear tuismíocht a tharraingt suas go foirmiúil nó a chlárú; agus
(b)tá éifeacht dhlíthiúil cheangailteach ag an ionstraim bharántúil sa Bhallstát tionscnaimh sin.
3.Déanfar an fianú a dhéanamh i dteanga na hionstraime barántúla. Féadfar é a eisiúint freisin i dteanga oifigiúil eile de chuid institiúidí an Aontais Eorpaigh arna iarraidh sin don pháirtí. Ní chuirfear leis sin de cheangal ar an údarás inniúil a eisíonn an fianú aistriúchán nó traslitriú ar ábhar inaistrithe na réimsí téacs saora a sholáthar.
4.Beidh san fhianú ráiteas lena gcuirtear in iúl do shaoránaigh an Aontais agus a gcuid ball teaghlaigh nach gcuireann an fianú isteach ar na cearta a dhíorthaíonn an leanbh ó dhlí an Aontais agus chun feidhmiú na gceart den chineál sin, féadfar cruthúnas maidir leis an ngaol idir tuismitheoir agus leanbh a chur in iúl trí mhodh ar bith.
5.Mura dtugtar an fianú ar láimh, ní dhéanfar an ionstraim bharántúil a aithint i mBallstát eile.
Airteagal 38
An fianú a tharraingt siar nó a choigeartú
1.Eiseoidh an t‑údarás inniúil den Bhallstát tionscnaimh mar a chuirtear in iúl don Choimisiún é de bhun Airteagal 71, arna iarraidh sin, agus féadfaidh sé, as a stuaim féin, an fianú a choigeartú, má tá, de bharr earráid nó easnamh ábharach, neamhréireacht idir an ionstraim bharántúil agus an fianú.
2.Déanfaidh an t‑údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, arna iarraidh sin nó as a stuaim féin, an fianú a tharraingt siar i gcás inar deonaíodh go mícheart é, ag féachaint do na riachtanais a leagtar síos in Airteagal 37.
3.Déanfar an nós imeachta, lena n‑áirítear aon achomharc, maidir le coigeartú nó tarraingt siar an fhianaithe, a rialú le dlí an Bhallstáit tionscnaimh.
Airteagal 39
Foras le haitheantas a dhiúltú
1.Diúltófar d’aitheantas a thabhairt d’ionstraim bharántúil lena suitear tuismíocht ag a bhfuil éifeacht dhlíthiúil cheangailteach:
(a)má tá aitheantas den sórt sin go follasach in aghaidh bheartas poiblí an Bhallstáit ina ndéantar an t‑aitheantas a agairt, agus leas an linbh á thabhairt san áireamh;
(b)arna iarraidh sin d’aon duine a éilíonn go sáraíonn an ionstraim bharántúil a atharthacht nó a máithreachas i leith an linbh i gcás inar dréachtaíodh nó inar cláraíodh í go foirmiúil gan aon bhaint a bheith ag an duine sin leis;
(c)má tá sé ar neamhréir le, agus a mhéid atá sé ar neamhréir le, cinneadh cúirte níos déanaí maidir le tuismíocht a tugadh, nó maidir le hionstraim bharántúil lena suitear tuismíocht le héifeacht dhlíthiúil cheangailteach a dréachtaíodh nó a cláraíodh sa Bhallstát lena ndéantar aitheantas a agairt;
(d)má tá sé ar neamhréir le, agus a mhéid atá sé ar neamhréir le, cinneadh cúirte níos déanaí maidir le tuismíocht a tugadh, nó maidir le hionstraim bharántúil lena suitear tuismíocht le héifeacht dhlíthiúil cheangailteach a dréachtaíodh nó a cláraíodh, i mBallstát eile ar choinníoll go gcomhlíonann an cinneadh cúirte níos déanaí nó an ionstraim bharántúil na coinníollacha is gá le haghaidh a aitheantais sa Bhallstát lena ndéantar aitheantas a agairt.
2.Cuirfidh na cúirteanna agus údaráis inniúla eile de na Ballstáit pointe (a) de mhír 1 i bhfeidhm chun na cearta bunúsacha agus na bunphrionsabail a leagtar síos sa Chairt, go háirithe Airteagal 21 di maidir le ceart an neamh‑idirdhealaithe, a chomhlíonadh.
3.Féadfar diúltú d’aitheantas a thabhairt d’ionstraim bharántúil lena suitear tuismíocht ag a bhfuil éifeacht dhlíthiúil cheangailteach má dréachtaíodh nó má cláraíodh í gan an deis a thabhairt do leanaí a gcuid tuairimí a chur in iúl. Má bhí na leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois, beidh feidhm ag an bhforáil seo i gcás ina raibh na leanaí ábalta a gcuid tuairimí a chur le chéile.
ROINN 4
Forálacha eile
Airteagal 40
Athbhreithniú ar dhlínse na cúirte tionscnaimh a thoirmeasc
Ní fhéadfar dlínse chúirt an Bhallstáit tionscnaimh lena suitear tuismíocht a athbhreithniú. Tástáil an bheartais phoiblí dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 31(1), ní fhéadfar í a chur i bhfeidhm ar na rialacha a bhaineann le dlínse a leagtar amach in Airteagail 6 go 9.
Airteagal 41
Gan athbhreithniú maidir le substaint
`Ní fhéadfar, i gcás ar bith, cinneadh cúirte a thugtar i mBallstát eile, nó ionstraim bharántúil lena suitear tuismíocht a bhfuil éifeacht dhlíthiúil cheangailteach aici sa Bhallstát tionscnaimh, a athbhreithniú maidir lena substaint.
Airteagal 42
Costais
Beidh feidhm ag an gCaibidil seo freisin maidir le méid na gcostas agus na speansas a ghabhann le himeachtaí faoin Rialachán seo a chinneadh.
Airteagal 43
Cabhair dlí
1.Beidh iarratasóir, a bhain leas as cabhair dlí iomlán nó pháirteach nó as díolúine ó chostais nó speansais, i dteideal, sna himeachtaí dá ndéantar foráil in Airteagal 25(1) agus Airteagal 32, tairbhiú den chabhair dlí is fabhraí nó an díolúine is forleithne ó chostais agus speansais dá bhforáiltear le dlí an Bhallstáit ina dtionscnaítear imeachtaí.
2.Beidh iarratasóir, a thairbhigh, sa Bhallstát tionscnaimh, d’imeachtaí saora roimh údarás riaracháin a cuireadh in iúl don Choimisiún de bhun Airteagal 71, i dteideal, in aon imeachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 25(1) agus in Airteagal 32, tairbhiú de chabhair dlí i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Chun na críocha sin, cuirfidh an páirtí sin ráiteas i láthair ón údarás inniúil sa Bhallstát tionscnaimh go gcomhlíonann sé na riachtanais airgeadais chun bheith i dteideal cabhair dlí iomlán nó pháirteach nó díolúine ó chostais nó speansais.
CAIBIDIL V
IONSTRAIMÍ BARÁNTÚLA NACH bhFUIL ÉIFEACHT DHLÍTHIÚIL CHEANGAILTEACH ACU
Airteagal 44
Raon feidhme
Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le hionstraimí barántúla nach bhfuil éifeacht dhlíthiúil cheangailteach acu sa Bhallstát tionscnaimh ach a bhfuil éifeachtaí fianaiseacha acu sa Bhallstát sin.
Airteagal 45
Ionstraimí barántúla a ghlacadh
1.Beidh na héifeachtaí fianaiseacha céanna ag ionstraim bharántúil nach bhfuil éifeacht dhlíthiúil cheangailteach sa Bhallstát tionscnaimh aici i mBallstát eile agus atá aici sa Bhallstát tionscnaimh nó na héifeachtaí is inchomparáide aici ar choinníoll nach bhfuil sé sin go follasach in aghaidh beartas poiblí (ordre public) sa Bhallstát ina gcuirtear i láthair í.
2.Cuirfidh na cúirteanna agus údaráis inniúla eile de na Ballstáit an beartas poiblí (ordre public) dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm chun na cearta bunúsacha agus na bunphrionsabail a leagtar síos sa Chairt, go háirithe Airteagal 21 di maidir le ceart an neamh‑idirdhealaithe, a chomhlíonadh.
3.Duine ar mian leis ionstraim bharántúil den sórt sin a úsáid i mBallstát eile, féadfaidh sé iarraidh ar an údarás a tharraing suas an ionstraim bharántúil go foirmiúil nó a chláraigh an ionstraim bharántúil sa Bhallstát tionscnaimh an fhoirm atá in Iarscríbhinn III a líonadh isteach ina dtugtar tuairisc ar na héifeachtaí fianaiseacha atá ag an ionstraim bharántúil sa Bhallstát tionscnaimh.
4.Beidh san fhianú ráiteas lena gcuirtear in iúl do shaoránaigh an Aontais agus a gcuid ball teaghlaigh nach gcuireann an fianú isteach ar na cearta a dhíorthaíonn an leanbh ó dhlí an Aontais agus chun feidhmiú na gceart den chineál sin, féadfar cruthúnas maidir leis an ngaol idir tuismitheoir agus leanbh a chur in iúl trí mhodh ar bith.
5.Déanfar aon agóid a bhaineann le barántúlacht ionstraime barántúla den sórt sin os comhair chúirteanna an Bhallstáit tionscnaimh agus déanfar í a chinneadh faoi dhlí an Bhallstáit sin. Ní chruthófar aon éifeacht fhianaiseach leis an ionstraim bharántúil a bhfuil agóid á déanamh ina leith i mBallstát eile fad a bheidh an agóid ar feitheamh roimh an gcúirt inniúil.
6.Aon agóid a bhaineann leis na gníomhartha dlí nó leis na gaolmhaireachtaí dlíthiúla arna dtaifeadadh in ionstraim bharántúil den sórt sin, déanfar iad roimh na cúirteanna a bhfuil dlínse acu faoin Rialachán seo agus déanfar iad a chinneadh faoin dlí is infheidhme de bhun Chaibidil III. Ní bheidh aon éifeacht fhianaiseach ag an ionstraim bharántúil a dtugtar agóid ina leith i mBallstát seachas an Ballstát tionscnaimh a mhéid a bhaineann leis an ábhar a bhfuil agóid á tabhairt ina leith fad a bheidh an agóid ar feitheamh roimh an gcúirt inniúil.
7.Má bhraitheann toradh imeachtaí i gcúirt Bhallstáit ar chinneadh ceiste teagmhasaí a bhaineann leis na gníomhartha dlí nó na gaolmhaireachtaí dlíthiúla arna dtaifeadadh in ionstraim bharántúil den sórt sin, beidh dlínse ag an gcúirt sin ar an gceist sin.
CAIBIDIL VI
AN DEIMHNIÚ EORPACH TUISMÍOCHTA
Airteagal 46
Deimhniú Eorpach Tuismíochta a Chruthú
1.Cruthaítear leis an Rialachán seo Deimhniú Eorpach Tuismíochta (‘an Deimhniú’) a eiseofar lena úsáid i mBallstát eile agus beidh na héifeachtaí aige a liostaítear in Airteagal 53.
2.Ní bheidh sé éigeantach an Deimhniú a úsáid.
3.Ní chuirfear an Deimhniú in ionad doiciméid inmheánacha a úsáidtear chun críocha comhchosúla sna Ballstáit. Tar éis é a eisiúint i mBallstát eile, áfach, beidh na héifeachtaí aige a liostaítear in Airteagal 53 freisin sa Bhallstát ar eisigh a údaráis é i gcomhréir leis an gCaibidil seo.
Airteagal 47
Cuspóir an Deimhnithe
Tá an Deimhniú le húsáid ag leanbh nó ag ionadaí dlíthíuil a chaithfidh stádas tuismíochta an linbh a agairt i mBallstát eile.
Airteagal 48
Inniúlacht chun an Deimhniú a eisiúint
1.Déanfar an Deimhniú a eisiúint sa Bhallstát inar bunaíodh tuismíocht agus a bhfuil dlínse ag a chúirteanna, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(4), faoi Airteagail 6, 7 nó 9.
2.Is é an t‑údarás eisiúna, mar a chuirtear in iúl é sin don Choimisiún de bhun Airteagal 71, den Bhallstát dá dtagraítear i mír 1:
(a)cúirt mar a shainmhínítear in Airteagal 4(4) í; nó
(b)údarás eile a bhfuil inniúlacht aige, faoin dlí náisiúnta, déileáil le hábhair tuismíochta.
Airteagal 49
Iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú
1.Déanfar an Deimhniú a eisiúint arna iarraidh sin don leanbh (‘an t‑iarratasóir’) nó, i gcás inarb infheidhme, don ionadaí dlíthiúil.
2.Chun críocha iarratas a chur isteach, féadfaidh an t‑iarratasóir an fhoirm a shuitear in Iarscríbhinn IV a úsáid.
3.Beidh an fhaisnéis a liostaítear thíos san iarratas, a mhéid atá an fhaisnéis sin ar eolas ag an iarratasóir agus ar gá léi chun a chur ar a chumas don údarás eisiúna na heilimintí a dheimhniú ar mhaith leis an iarratasóir go ndeimhnítear iad, agus beidh ina dteannta gach doiciméad ábhartha, na bundoiciméid nó cóipeanna díobh, a chomhlíonann na coinníollacha is gá chun a mbarántúlacht a shuí, gan dochar d’Airteagal 50(2):
(a)sonraí maidir leis an iarratasóir: sloinne/sloinnte (más infheidhme, sloinne/sloinnte breithe), céadainm/céadainmneacha, gnéas, dáta breithe agus áit bhreithe, náisiúntacht (más eol), uimhir aitheantais (más infheidhme), seoladh;
(b)más infheidhme, sonraí maidir le hionadaí dlíthiúil an iarratasóra: sloinne/sloinnte (más infheidhme, sloinne/sloinnte breithe), céadainm/céadainmneacha, seoladh agus inniúlacht ionadaíochta;
(c)sonraí maidir leis na tuismitheoirí faoi seach: sloinne/sloinnte (más infheidhme, sloinne/sloinnte breithe), céadainm/céadainmneacha, dáta breithe agus áit bhreithe, náisiúntacht, uimhir aitheantais (más infheidhme), seoladh;
(d)an áit agus an Ballstát ina bhfuil tuismíocht an linbh cláraithe;
(e)na heilimintí a mbunaíonn an t‑iarratasóir tuismíocht orthu, agus bunchóip nó cóip an doiciméid/na ndoiciméad mar iarscríbhinn lena suitear tuismíocht le héifeacht dhlíthiúil cheangailteach nó lena gcuirtear fianaise ar thuismíocht ar fáil;
(f)sonraí teagmhála chúirt an Bhallstáit a shuigh tuismíocht, an údaráis inniúil a d’eisigh ionstraim bharántúil lena suitear tuismíocht le héifeacht dhlíthiúil cheangailteach, nó an údaráis inniúil a d’eisigh ionstraim bharántúil gan éifeacht dhlíthiúil cheangailteach sa Ballstát tionscnaimh ach a raibh éifeachtaí fianaiseacha léi sa Bhallstát sin;
(g)dearbhú, a mhéid is eol don iarratasóir, nach bhfuil aon díospóid ar feitheamh a bhaineann leis na heilimintí le deimhniú;
(h)aon fhaisnéis eile a mheasann an t‑iarratasóir go bhfuil sí úsáideach chun críocha an Deimhniú a eisiúint.
Airteagal 50
An t‑iarratas a scrúdú
1.Tar éis dó an t‑iarratas a fháil, déanfaidh an t‑údarás an fhaisnéis agus na dearbhuithe agus na doiciméid agus aon fhianaise eile a chuireann an t‑iarratasóir ar fáil a fhíorú. Déanfaidh sé na fiosrúcháin is gá le haghaidh an fhíoraithe sin as a stuaim féin nuair a fhoráiltear dó sin nó nuair a údaraítear sin lena dhlí náisiúnta, nó iarrfaidh sé ar an iarratasóir aon fhianaise bhreise a mheasann sé go bhfuil gá léi a sholáthar.
2.I gcás nach raibh an t‑iarratasóir in ann cóipeanna de na doiciméid ábhartha a thabhairt ar láimh a chomhlíonann na coinníollacha is gá chun a mbarántúlacht a shuí, féadfaidh an t‑údarás eisiúna cineálacha eile fianaise a ghlacadh.
3.I gcás go bhforáiltear dó sin lena dhlí náisiúnta agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos ann, féadfaidh an t‑údarás eisiúna a éileamh go ndéanfaí dearbhuithe faoi mhionn nó trí dhearbhú reachtúil in ionad mionna.
4.Chun críocha an Airteagail seo, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit, arna iarraidh sin, ar fáil d’údarás eisiúna Ballstáit eile faisnéis a shealbhaítear, go háirithe, sna cláir shibhialta, phearsanta nó daonra agus i gcláir eile a thaifeadann fíorais atá ábhartha maidir le tuismíocht an iarratasóra, i gcás ina mbeadh an t‑údarás inniúil údaraithe, faoin dlí náisiúnta, faisnéis den sórt sin a chur ar fáil d’údarás náisiúnta eile.
Airteagal 51
An Deimhniú a eisiúint
1.Déanfaidh an t‑údarás eisiúna an Deimhniú a eisiúint gan mhoill i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos sa Chaibidil seo nuair atá na heilimintí le deimhniú bunaithe faoin dlí infheidhme maidir le tuismíocht a shuí. Úsáidfidh sé an fhoirm in Iarscríbhinn V.
Ní eiseoidh an t‑údarás eisiúna an Deimhniú go háirithe:
(a)má tá agóid ar bun maidir leis na heilimintí le deimhniú; nó
(b)mura mbeadh an Deimhniú i gcomhréir le cinneadh cúirte a chumhdaíonn na heilimintí céanna.
2.Ní bheidh an táille a bhailítear as Deimhniú a eisiúint níos airde ná an táille a bhailítear as deimhniú a eisiúint faoin dlí náisiúnta lena gcuirtear fianaise ar fáil maidir le tuismíocht an iarratasóra.
Airteagal 52
Ábhar an Deimhnithe
Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa Deimhniú, mar is infheidhme:
(a)ainm, seoladh agus sonraí teagmhála údarás eisiúna an Bhallstáit;
(b)má tá siad difriúil, ainm, seoladh agus sonraí teagmhála chúirt an Bhallstáit a shuigh tuismíocht, an údaráis inniúil a d’eisigh ionstraim bharántúil lena suitear tuismíocht le héifeacht dhlíthiúil cheangailteach, nó an údaráis inniúil a d’eisigh ionstraim bharántúil gan éifeacht dhlíthiúil cheangailteach sa Ballstát tionscnaimh ach a raibh éifeachtaí fianaiseacha léi sa Bhallstát sin;
(c)uimhir thagartha an chomhaid;
(d)dáta agus áit eisiúna;
(e)an áit agus an Ballstát ina bhfuil tuismíocht an linbh cláraithe;
(f)sonraí maidir leis an iarratasóir: sloinne/sloinnte (más infheidhme, sloinne/sloinnte breithe), céadainm/céadainmneacha, gnéas, dáta breithe agus áit bhreithe, náisiúntacht (más eol), uimhir aitheantais (más infheidhme), seoladh;
(g)más infheidhme, sonraí maidir le hionadaí dlíthiúil an iarratasóra: sloinne/sloinnte (más infheidhme, sloinne/sloinnte breithe), céadainm/céadainmneacha, seoladh agus inniúlacht ionadaíochta;
(h)sonraí maidir leis na tuismitheoirí faoi seach: sloinne/sloinnte (más infheidhme, sloinne/sloinnte breithe), céadainm/céadainmneacha, dáta breithe agus áit bhreithe, náisiúntacht, uimhir aitheantais (más infheidhme), seoladh;
(i)na heilimintí ar a mbonn a measann an t‑údarás eisiúna go bhfuil sé inniúil chun an Deimhniú a eisiúint;
(j)an dlí is infheidhme maidir le tuismíocht a shuí agus na heilimintí ar a mbonn a cinneadh an dlí sin;
(k)ráiteas lena gcuirtear in iúl do shaoránaigh an Aontais agus a gcuid ball teaghlaigh nach gcuireann an Deimhniú isteach ar na cearta a dhíorthaíonn an leanbh ó dhlí an Aontais agus chun feidhmiú na gceart den chineál sin, féadfar cruthúnas maidir leis an ngaol idir tuismitheoir agus leanbh a chur in iúl trí mhodh ar bith;
(l)síniú agus/nó stampa an údaráis eisiúna.
Airteagal 53
Éifeachtaí an Deimhnithe
1.Beidh éifeachtaí ag an Deimhniú i ngach Ballstát gan ghá le haon nós imeachta speisialta.
2.Glacfar leis, leis an Deimhniú, go dtaispeánfar go cruinn ann eilimintí a bunaíodh faoin dlí is infheidhme maidir le suí na tuismíochta. Glacfar leis go bhfuil an stádas a luaitear sa Deimhniú ag an duine a luaitear sa Deimhniú mar leanbh tuismitheora nó tuismitheoirí áirithe.
3.Doiciméad bailí a bheidh sa Deimhniú maidir le tuismíocht a thaifeadadh sa chlár ábhartha den Bhallstát, gan dochar do phointe (i) d’Airteagal 3(2).
Airteagal 54
Cóipeanna deimhnithe den Deimhniú
1.Coimeádfaidh an t‑údarás eisiúna bunchóip an Deimhnithe agus eiseoidh sé cóip dheimhnithe amháin nó níos mó ná cóip dheimhnithe amháin don iarratasóir nó dá ionadaí dlíthíuil.
2.Eiseoidh an t‑údarás eisiúna, chun críocha Airteagal 55(3) agus Airteagal 57(2), liosta de na daoine ar eisíodh cóipeanna deimhnithe dóibh de bhun mhír 1.
Airteagal 55
An Deimhniú a choigeartú, a mhodhnú, nó a tharraingt siar
1.Déanfaidh an t‑údarás eisiúna, arna iarraidh sin d’aon duine a léiríonn leas dlisteanach nó as a stuaim féin, an Deimhniú a choigeartú i gcás earráid chléireachais.
2.Déanfaidh an t‑údarás eisiúna, arna iarraidh sin d’aon duine a léiríonn leas dlisteanach nó, más féidir sin faoin dlí náisiúnta, as a stuaim féin, an Deimhniú a mhodhnú nó a tharraingt siar má bhunaítear nach bhfuil an Deimhniú nó eilimintí aonair de cruinn.
3.Cuirfidh an t‑údarás eisiúna gan mhoill in iúl do gach duine ar eisíodh cóipeanna deimhnithe den Deimhniú dóibh de bhun Airteagal 54(1) maidir le haon choigeartú, modhnú nó tarraingt siar ina leith.
Airteagal 56
Nósanna imeachta um shásamh
1.Féadfaidh an t‑iarratasóir ar Dheimhniú nó ionadaí dlíthíuil agóid a dhéanamh maidir le cinntí a dhéanann an t‑údarás eisiúna de bhun Airteagal 51.
Féadfaidh aon duine a léiríonn leas dlisteanach agóid a dhéanamh maidir le cinntí a dhéanann an t‑údarás eisiúna de bhun Airteagal 55 agus de bhun phointe (a) d’Airteagal 57(1).
Déanfar an agóid a thaisceadh roimh chúirt i mBallstát an údaráis eisiúna i gcomhréir le dlí an Bhallstáit sin.
2.Má shuitear é, de thoradh ar agóid dá dtagraítear i mír 1, nach bhfuil an Deimhniú a eisíodh cruinn, déanfaidh an chúirt inniúil an Deimhniú a choigeartú, a mhodhnú nó a tharraingt siar nó a áirithiú go ndéanfaidh an t‑údarás eisiúna é a choigeartú, a mhodhnú nó a tharraingt siar.
Má shuitear é, de thoradh ar agóid dá dtagraítear i mír 1, nach raibh údar leis an diúltú an Deimhniú a eisiúint, déanfaidh an chúirt inniúil an Deimhniú a eisiúint nó a áirithiú go ndéanfaidh an t‑údarás eisiúna measúnú ar an gcás arís agus cinneadh nua a dhéanamh.
Airteagal 57
Éifeachtaí an Deimhnithe a chur ar fionraí
1.Féadfar éifeachtaí an Deimhnithe a chur ar fionraí ag:
(a)an t‑údarás eisiúna, arna iarraidh sin d’aon duine a léiríonn leas dlisteanach, ar feitheamh mhodhnú nó tharraingt siar an Deimhnithe de bhun Airteagal 55; nó
(b)an chúirt, arna iarraidh sin d’aon duine atá i dteideal agóid a dhéanamh i leith cinneadh a dhéanann údarás eisiúna de bhun Airteagal 56, ar feitheamh agóid den sórt sin.
2.Déanfaidh an t‑údarás eisiúna nó, de réir mar a bheidh, an chúirt gach duine dár eisíodh cóipeanna deimhnithe den Deimhniú de bhun Airteagal 54(1) a chur ar an eolas gan mhoill maidir le haon fionraíocht i leith éifeachtaí an Deimhnithe.
Le linn éifeachtaí an Deimhnithe a chur ar fionraí, ní fhéadfar cóipeanna deimhnithe breise den Deimhniú a eisiúint.
CAIBIDIL VII
CUMARSÁID DHIGITEACH
Airteagal 58
Cumarsáid tríd an bpointe rochtana leictreonaí Eorpach
1.Féadfar an pointe rochtana leictreonaí Eorpach bunaithe ar an Tairseach Eorpach don r‑Cheartas de bhun Airteagal 4 den [Rialachán maidir leis an gClaochlú Digiteach] a úsáid le haghaidh cumarsáid leictreonach idir daoine nádúrtha nó a n‑ionadaithe dlíthiúla agus cúirteanna na mBallstát nó údaráis inniúla eile i dtaobh na nithe a leanas:
(a)imeachtaí le haghaidh cinnidh nach bhfuil aon fhorais ann le diúltú aitheantas a thabhairt do chinneadh cúirte nó d’ionstraim bharántúil maidir le tuismíocht, nó imeachtaí chun diúltú d’aitheantas do chinneadh cúirte nó d’ionstraim bharántúil maidir le tuismíocht;
(b)iarratas ar Dheimhniú Eorpach Tuismíochta a chur isteach, agus eisiúint, coigeartú, modhnú, tarraingt siar, fionraíocht nó nósanna imeachta um shásamh ina leith.
2.Beidh feidhm ag Airteagail 4(3), 5(2) agus (3), 6, 9(1) agus 3, agus 10 den [Rialachán maidir leis an gClaochlú Digiteach] maidir le cumarsáid leictreonach de bhun mhír 1.
Airteagal 59
Gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ag an gCoimisiún
1.Chun críocha teachtaireachtaí leictreonacha de bhun Airteagal 58(1), glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar amach:
(a)na sonraíochtaí teicniúla lena sainmhínítear na modhanna cumarsáide trí mheáin leictreonacha;
(b)na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh prótacail chumarsáide;
(c)na cuspóirí slándála faisnéise agus na bearta teicniúla ábhartha lena n‑áirithítear na híoschaighdeáin slándála faisnéise agus ardleibhéal cibearshlándála maidir le faisnéis a phróiseáil agus cumarsáid a dhéanamh ina leith;
(d)na cuspóirí infhaighteachta íosta agus na riachtanais theicniúla bhainteacha fhéideartha le haghaidh cumarsáid leictreonach tríd an gcóras TF díláraithe.
2.Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).
3.Faoi [2 bhliain ón dáta a thagann an Rialachán seo i bhfeidhm], déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh.
Airteagal 60
Bogearraí cur chun feidhme tagartha
1.Beidh an Coimisiún freagrach as bogearraí cur chun feidhme tagartha a chruthú, a chothabháil agus a fhorbairt, ar bogearraí iad a fhéadfaidh Ballstáit a chur i bhfeidhm mar a gcóras cúil seachas córas TF náisiúnta. Déanfar cruthú, cothabháil agus forbairt na mbogearraí cur chun feidhme tagartha a mhaoiniú ó bhuiséad ginearálta an Aontais.
2.Déanfaidh an Coimisiún na bogearraí cur chun feidhme tagartha a chur ar fáil, a chothabháil agus a thacú ar bhonn saor in aisce.
Airteagal 61
Costais an chórais TF dhíláraithe, an phointe rochtana leictreonaí Eorpaigh agus na dtairseach TF náisiúnta
1.Seasfaidh gach Ballstát costais a bhaineann le suiteáil, feidhmiú agus cothabháil phointí rochtana an chórais TF dhíláraithe atá lonnaithe ar a gcríoch.
2.Seasfaidh gach Ballstát na costais a bhaineann lena gcórais TF náisiúnta a bhunú agus a choigeartú chun iad a dhéanamh idir‑inoibritheach leis na pointí rochtana, agus seasfaidh siad na costais a bhaineann leis na córais sin a riar, a fheidhmiú agus a chothabháil.
3.Ní chuirfear cosc ar Bhallstáit iarratas a dhéanamh ar dheontais chun tacú leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 faoi na cláir airgeadais ábhartha de chuid an Aontais.
4.Seasfaidh an Coimisiún gach costas a bhaineann le tacaíocht a thabhairt do chumarsáid leictreonach tríd an bpointe rochtana leictreonaí Eorpach de bhun Airteagal 58(1).
Airteagal 62
Nós imeachta coiste
1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bheidh sa choiste sin.
2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
CAIBIDIL VIII
GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE
Airteagal 63
Tarmligean cumhachtaí
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64 maidir le hIarscríbhinní I go V a leasú chun na hIarscríbhinní sin a nuashonrú nó chun athruithe teicniúla a dhéanamh ar na hIarscríbhinní sin.
Airteagal 64
An tarmligean a fheidhmiú
1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 63 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ó [dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
3.Féadfaidh an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 63 a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, don Chomhairle faoi.
6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 63 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh an Chomhairle tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh sí aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh na Comhairle.
7.Cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas maidir le glacadh gníomhartha tarmligthe ag an gCoimisiún, aon agóid arna bhfoirmliú ina n‑aghaidh, nó cúlghairm an tarmligin cumhachtaí ag an gComhairle.
CAIBIDIL IX
FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 65
Dlisteanú nó foirmiúlacht chomhchosúil eile
Ní bheidh gá le dlisteanú ná foirmiúlacht chomhchosúil eile i gcomhthéacs an Rialacháin seo.
Airteagal 66
Gaolmhaireacht le coinbhinsiúin idirnáisiúnta atá ann
1.Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do na coinbhinsiúin idirnáisiúnta ar páirtí nó páirtithe iontu Ballstát amháin nó níos mó an tráth a ghlacfar an Rialachán seo agus lena leagfar síos forálacha maidir le nithe atá faoi rialú an Rialacháin seo.
2.Beidh tosaíocht ag an Rialachán seo, áfach, amhail idir na Ballstáit, ar choinbhinsiúin idirnáisiúnta a tugadh i gcrích go heisiach idir dhá Bhallstát nó níos mó ná dhá Bhallstát a mhéid a bhaineann na coinbhinsiúin sin le hábhair a rialaítear leis an Rialachán seo.
3.Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do Choinbhinsiún na Háige an 29 Bealtaine 1993 maidir le Cosaint Leanaí agus Comhar i Leith Uchtála idir Tíortha.
4.Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do Choinbhinsiúin Uimh. 16, Uimh. 33 agus Uimh. 34 ón gCoimisiún Idirnáisiúnta maidir le Stádas Sibhialta.
Airteagal 67
Liosta na gCoinbhinsiún
1.Faoin [6 mhí roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na coinbhinsiúin dá dtagraítear in Airteagal 66(1). Tar éis an dáta sin, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi gach séanadh ar na coinbhinsiúin sin.
2.Laistigh de 6 mhí ón uair a gheobhaidh sé na fógraí dá dtagraítear i mír 1, foilseoidh an Coimisiún sa Tairseach Eorpach r‑Cheartas:
(a)liosta na gcoinbhinsiún dá dtagraítear i mír 1;
(b)na séantaí dá dtagraítear i mír 1.
Airteagal 68
Cosaint sonraí
1.Déanfaidh cúirteanna na mBallstát nó údaráis inniúla eile na sonraí pearsanta a éilítear chun an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm a phróiseáil chun críocha tuismíocht a shuí in imthosca trasteorann agus aithint na tuismíochta a dheimhniú i dtaca le tuismíocht a shuí de bhun Chaibidil II, fianuithe a eisiúint de bhun Airteagail 29, 37 agus 45, Deimhniú Eorpach Tuismíochta de bhun Airteagail 51 a eisiúint, cur i láthair na ndoiciméad maidir le haithint na tuismíochta de bhun Airteagail 26, cinneadh a fháil nach bhfuil aon fhoras ann chun aithint na tuismíochta a dhiúltú de bhun Airteagail 25, nó an t‑iarratas ar aithint na tuismíochta a dhiúltú de bhun Airteagail 32.
2.Cuirfear teorainn le próiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo a mhéid a bhfuil gá leis chun na gcríoch a leagtar amach i mír 1, gan dochar do thuilleadh próiseála chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail i gcomhréir le hAirteagail 5(1)(b) agus 89 de RGCS.
3.Chun críocha an Rialacháin seo, measfar gur rialaitheoirí sonraí iad cúirteanna na mBallstát nó údaráis inniúla eile de réir bhrí Airteagal 4, pointe 7 de RGCS.
4.Déanfaidh an Coimisiún na sonraí pearsanta a cheanglaítear chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm a phróiseáil i dtaca le cumarsáid leictreonach idir daoine nádúrtha nó a n‑ionadaithe dlíthiúla agus cúirteanna na mBallstát nó údaráis inniúla eile tríd an bpointe rochtana leictreonaí Eorpach i gcomhthéacs an chórais TF dhíláraithe.
5.Cuirfear teorainn le próiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo a mhéid a bhfuil gá leis chun na gcríoch a leagtar amach i mír 4.
6.Chun críocha an Rialacháin seo, measfar an Coimisiún a bheith ina rialtóir de réir bhrí Airteagal 3, pointe 8 de EUDPR.
Airteagal 69
Forálacha idirthréimhseacha
1.Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le himeachtaí dlí a tionscnaíodh agus le hionstraimí barántúla a tarraingíodh suas go foirmiúil nó a cláraíodh an [cuir isteach dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo] nó ina dhiaidh.
2.D'ainneoin mhír (1), i gcás inar bunaíodh an tuismíocht i gcomhréir le ceann de na dlíthe ainmnithe mar is infheidhme faoi Chaibidil III i mBallstát a raibh dlínse ag a chúirteanna faoi Chaibidil II, tabharfaidh na Ballstáit aitheantas do:
(a)cinneadh cúirte lena suitear tuismíocht i mBallstát eile in imeachtaí dlí a tionscnaíodh roimh [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], agus
(b)ionstraim bharántúil lena suitear tuismíocht ag a bhfuil éifeacht dhlíthiúil cheangailteach sa Bhallstát tionscnaimh a tarraingíodh suas go foirmiúil nó a cláraíodh roimh [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Beidh feidhm ag Caibidil IV maidir leis na cinntí cúirte agus na hionstraimí barántúla dá dtagraítear sa mhír seo.
3.D'ainneoin mhír 1, glacfaidh Ballstáit le hionstraim bharántúil nach bhfuil éifeacht dhlíthiúil cheangailteach léi sa Bhallstát tionscnaimh ach a bhfuil éifeachtaí fianaiseacha acu sa Bhallstát sin, ar choinníoll nach bhfuil sé sin contrártha go follasach do bheartas poiblí (ordre public) an Bhallstáit ina bhfuil glacadh a lorg.
Beidh feidhm ag Caibidil V maidir leis na hionstraimí barántúla dá dtagraítear sa mhír seo.
Airteagal 70
Athbhreithniú
1.Faoi [5 bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, lena n‑áirítear meastóireacht ar aon fhadhbanna praiticiúla a thagann chun cinn agus faisnéis a sholáthróidh na Ballstáit mar thaca leo. I gcás inar gá, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil.
2.Soláthróidh na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, i gcás ina mbeidh fáil orthu, faisnéis don Choimisiún atá ábhartha maidir le meastóireacht a dhéanamh ar oibríocht agus cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go háirithe maidir le:
(a)líon na n‑iarratas ar aithint cinnidh cúirte a dhiúltú nó ar ionstraimí barántúla lena suitear tuismíocht le héifeacht dhlíthiúil cheangailteach sa Bhallstát tionscnaimh de bhun Airteagal 32, agus líon na gcásanna inar deonaíodh diúltú aitheanta;
(b)líon na n‑achomharc a thaisctear de bhun Airteagail 33 agus 34, faoi seach;
(c)líon na n‑iarratas ag agóid in aghaidh an ábhair ionstraime barántúla nach bhfuil éifeacht dhlíthiúil cheangailteach léi sa Bhallstát tionscnaimh ach a bhfuil éifeachtaí fianaiseacha acu sa Bhallstát sin, agus líon na n‑iarratas inar éirigh leis an agóid;
(d)líon na nDeimhnithe Eorpacha Tuismíochta a eisíodh; agus
(e)na costais a tabhaíodh faoi Airteagal 61(2) den Rialachán seo.
Airteagal 71
Faisnéis atá le cur in iúl don Choimisiún
1.Cuirfidh na Ballstáit na nithe seo a leanas in iúl don Choimisiún:
(a)na húdaráis a chumhachtaítear chun ionstraimí barántúla a tharraingt suas nó a chlárú maidir le cúrsaí tuismíochta dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (6);
(b)na cúirteanna agus na húdaráis atá inniúil chun fianuithe a eisiúint dá dtagraítear in Airteagail 29, 37 agus 45, agus na cúirteanna agus na húdaráis atá inniúil chun fianuithe a cheartú dá dtagraítear in Airteagal 38;
(c)na cúirteanna atá inniúil chun déileáil le hiarratais ar chinneadh nach bhfuil aon fhoras ann chun aithint na tuismíochta a dhiúltú i gcomhréir le hAirteagal 25, agus na cúirteanna atá inniúil chun déileáil le hiarratais ar aithint a dhiúltú i gcomhréir le hAirteagal 32, agus le hachomhairc in aghaidh cinntí cúirte ar na hiarratais diúltaithe den sórt sin i gcomhréir le hAirteagail 33 agus 34, faoi seach; agus
(d)na cúirteanna agus na húdaráis atá inniúil chun an Deimhniú Eorpach Tuismíochta a eisiúint de bhun Airteagal 51, agus na cúirteanna atá inniúil chun déileáil leis na nósanna imeachta sásaimh dá dtagraítear in Airteagal 56.
2.Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 in iúl don Choimisiún laistigh de [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
3.Cuirfidh na Ballstáit aon athruithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 in iúl don Choimisiún.
4.Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar fáil go poiblí trí mhodhanna iomchuí, lena n‑áirítear tríd an Tairseach Eorpach r‑Cheartas.
Airteagal 72
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón [gcéad lá den mhí tar éis tréimhse 18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Beidh feidhm ag Airteagal 71, áfach, ón [cuir isteach an dáta a thiocfaidh an Rialacháin seo i bhfeidhm].
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán