AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,28.11.2022
COM(2022) 659 final
2022/0390(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le lipéadú bia peataí orgánaigh
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,28.11.2022
COM(2022) 659 final
2022/0390(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le lipéadú bia peataí orgánaigh
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 1 ón gComhairle, tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022. Mar gheall air sin, tharla athrú maidir le bia peataí. Roimh an 1 Eanáir 2022, d’fhéadfaí bia peataí, go háirithe le haghaidh cat agus madraí, a lipéadú mar bhia orgánach i gcás nár chomhábhair orgánacha iad na comhábhair thalmhaíochta uile toisc go raibh na Ballstáit in ann rialacha náisiúnta a leagan síos nó, ina éagmais sin, caighdeáin phríobháideacha a ghlacadh nó a aithint. Ó bhí 1 Eanáir 2022 ann, áfach, ní féidir bia peataí a lipéadú mar bhia orgánach a thuilleadh toisc nach mbunaítear rialacha sonracha maidir le lipéadú bia peataí le Rialachán (AE) 2018/848, cé go gcumhdaítear leis lipéadú beatha le haghaidh ainmhithe feirme amhail féar agus sadhlas.
Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2018/848 maidir le beatha le haghaidh bia-ainmhithe agus le beatha le haghaidh peataí, i.e. bia peataí. Faoin Rialachán sin, cé go n‑údaraítear comhábhair neamhorgánacha de thionscnamh talmhaíochta a úsáid i dtáirgeadh beatha orgánaí, ní fhéadfar téarma lena dtagraítear do tháirgeadh orgánach a úsáid sa tuairisc díolacháin i gcás nach comhábhair orgánacha iad na comhábhair thalmhaíochta uile. Thairis sin, ní féidir le lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a bheith ar bheatha den chineál sin. Dá thoradh sin, ní chuirtear tomhaltóirí deiridh ar an eolas go díreach faoi chomhlíontacht an táirge le rialacha maidir le táirgeadh orgánach.
Ar thaobh amháin, cuirtear oibreoirí gairmiúla ar an eolas faoi chomhdhéanamh agus cion na gcomhdhúl orgánach, na gcomhdhúl atá á dtiontú agus na gcomhdhúl neamhorgánach atá i mbeatha i gcomhréir le pointe 2.1.2 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848. Ar an taobh eile, nuair a dhíoltar beatha go díreach ar an leibhéal miondíola le tomhaltóirí deiridh, níl rialacha ann faoi láthair a bhaineann le faisnéis a sholáthar faoi na comhdhúile orgánacha sa bheatha i gcás nach comhábhair orgánacha iad na comhábhair thalmhaíochta uile. Thairis sin, tá lipéid bhia agus lipéid bia peataí ceaptha do na custaiméirí céanna: díoltar bia peataí agus bia (lena n‑áirítear bia réamhphacáilte) araon le tomhaltóirí deiridh ar an leibhéal miondíola.
I bhfianaise an mhéid sin, is é is cuspóir don togra seo rialacha sonracha maidir le lipéadú bia peataí a bhunú. Leis na rialacha sin, ceadófar lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a bheith ar bhia peataí, go háirithe i gcás bia cat agus madraí. Thairis sin, beidh lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach sainordaitheach i gcás bia peataí réamhphacáilte atá lipéadaithe mar bhia orgánach.
Leis an togra, tacófar leis an earnáil bia peataí orgánaigh atá beag ach atá ag fás trí chead a thabhairt do tháirgeoirí lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a úsáid agus a dtáirgí á gcur chun cinn acu. Ina theannta sin, cuirfear le forbairt talmhaíochta orgánaí leis an togra tríd an bhféidearthacht breisluach a chruthú do sheachtháirgí orgánacha a fhéadfar a úsáid i dtáirgeadh bia peataí. Tá sé sin i gcomhréir leis an gComhaontú Glas, an Straitéis ‘ón bhfeirm go dtí an forc’, an Straitéis Bhithéagsúlachta, an Plean Gníomhaíochta chun an Táirgeadh Orgánach a Fhorbairt, agus an sprioc maidir le 25 % de thalamh talmhaíochta an Aontais a bheith faoi fheirmeoireacht orgánach faoi 2030.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an togra comhsheasmhach le Rialachán (AE) 2018/848. Na rialacha atá beartaithe maidir le lipéadú bia peataí, tá siad ar aon dul leis na rialacha maidir le lipéadú is infheidhme maidir le bia, lena n‑áirítear an ceanglas sainordaitheach lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a úsáid ar phacáistíocht bia réamhphacáilte. Go deimhin, tá lipéid na dtáirgí sin ceaptha do na custaiméirí céanna: díoltar bia peataí agus bia (lena n‑áirítear bia réamhphacáilte) araon le tomhaltóirí deiridh ar an leibhéal miondíola.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra comhsheasmhach le Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le beatha, ina bhfuil forálacha sonracha maidir le beatha d’ainmhithe nach bia-ainmhithe iad amhail peataí.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
De bhun Rialachán (AE) Uimh. 2018/848, bhunaigh an tAontas scéim orgánach uile-Aontais agus rialacha comhchuibhithe maidir le táirgeadh orgánach, lena n‑áirítear rialacha a bhaineann le lipéadú táirgí orgánacha. Dá bhrí sin, ní féidir leis na Ballstáit rialacha sonracha aonfhoirmeacha maidir le lipéadú bia peataí orgánaigh a bhaint amach go leordhóthanach.
•Comhréireacht
Leis an togra, moltar rialacha breise teoranta spriocdhírithe a chur leis an gcreat reachtach atá ann faoi láthair maidir le lipéadú táirgí orgánacha. Ní théann na rialacha sin thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a bhaint amach maidir le rialacha a bhunú maidir le lipéadú bia peataí orgánaigh.
•An rogha ionstraime
Ceanglaítear leis na rialacha atá beartaithe a bhaineann le lipéadú bia peataí orgánaigh iad a bheith infheidhme go díreach sna Ballstáit. Is é Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ionstraim iomchuí chun rialacha sonracha a ghlacadh maidir le lipéadú bia peataí orgánaigh, agus é á chur san áireamh gurb é Rialachán (AE) 2018/848 an reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Neamhbhainteach
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Neamhbhainteach
•Bailiú agus úsáid saineolais
Neamhbhainteach
•Measúnú tionchair
Neamhbhainteach
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Neamhbhainteach
•Cearta bunúsacha
Neamhbhainteach
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Neamhbhainteach
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Neamhbhainteach
•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)
Neamhbhainteach
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Leis an togra, moltar rialacha sonracha maidir le lipéadú bia peataí orgánaigh a bhunú. Chun bia peataí a lipéadú mar bhia orgánach agus lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a bheith air, ní mór 95 % de na comhábhair thalmhaíochta ar a laghad, i dtéarmaí meáchain, a bheith orgánach. I gcás ina mbeidh níos lú ná 95 % de na comhábhair thalmhaíochta orgánach, ní fhéadfar an tagairt do chomhábhair orgánacha a úsáid i liosta na gcomhábhar i ndáil le comhábhair orgánacha ach amháin le tásc maidir le céatadán iomlán na gcomhábhar orgánach i gcomparáid le méid iomlán na gcomhábhar talmhaíochta.
2022/0390 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le lipéadú bia peataí orgánaigh
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 2 ,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 3 ,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 leagtar síos rialacha maidir le lipéadú beatha agus tá feidhm aige maidir le beatha le haghaidh bia-ainmhithe agus le beatha le haghaidh peataí, i.e. bia peataí. Faoin Rialachán sin, cé go n‑údaraítear comhábhair neamhorgánacha de thionscnamh talmhaíochta a úsáid i dtáirgeadh beatha orgánaí, ní fhéadfar téarma lena dtagraítear do tháirgeadh orgánach a úsáid sa tuairisc díolacháin i gcás nach comhábhair orgánacha iad na comhábhair talmhaíochta uile, fiú más úsáid bheag atá ann. Thairis sin, ní féidir le lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a bheith ar bheatha den chineál sin. Dá thoradh sin, ní chuirtear tomhaltóirí deiridh ar an eolas go díreach faoi chomhlíontacht an táirge le rialacha maidir le táirgeadh orgánach.
(2)Cuirtear oibreoirí gairmiúla ar an eolas faoi chomhdhéanamh agus cion na gcomhdhúl orgánach, na gcomhdhúl atá á dtiontú agus na gcomhdhúl neamhorgánach atá i mbeatha i gcomhréir le pointe 2.1.2 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848. Os a choinne sin, nuair a dhíoltar beatha go díreach ar an leibhéal miondíola le tomhaltóirí deiridh, níl rialacha ann faoi láthair a bhaineann le faisnéis a sholáthar faoi na comhdhúile orgánacha sa bheatha i gcás nach comhábhair orgánacha iad na comhábhair talmhaíochta uile. Tá sé sin an‑ábhartha i gcás bia peataí.
(3)Roimh chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/848, agus i gcomhréir le hAirteagal 95(5) de Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 ón gCoimisiún 5 , bhunaigh Ballstáit áirithe rialacha náisiúnta nó d’aithin siad caighdeáin phríobháideacha lenar ceadaíodh téarma a úsáid a thagraíonn do tháirgeadh orgánach i dtuairisc díolacháin bia peataí i gcás gur comhábhair orgánacha iad 95 % ar a laghad de chomhábhair thalmhaíochta an táirge de réir meáchain, rud atá ar aon dul leis na rialacha maidir le bia próiseáilte orgánach.
(4)Ba cheart na rialacha maidir le lipéadú le haghaidh bia peataí orgánach ar leibhéal an Aontais a bheith ar aon dul leis na rialacha maidir le bia orgánach, ós rud é go ndíoltar an dá chatagóir táirgí ar an leibhéal miondíola le tomhaltóirí deiridh den chuid is mó. Ba cheart faisnéis faoi chomhlíonadh rialacha maidir le táirgeadh orgánach a sholáthar trí na téarmaí lena dtagraítear do tháirgeadh orgánach sa tuairisc díolacháin agus trí lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a úsáid. Chun feasacht a éascú i dtaca le comhlíonadh rialacha maidir le táirgeadh orgánach, ba cheart lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a bheith éigeantach don bhia peataí réamhphacáilte go léir a chomhlíonann Rialachán (AE) 2018/848 agus an Rialachán seo agus a tháirgtear laistigh den Aontas, mar atá amhlaidh i gcás bia réamhphacáilte de bhun Airteagal 32(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2018/848.
(5)Chun forbairt bhreise na hearnála bia peataí a chur chun cinn a thuilleadh, is iomchuí forálacha sonracha a thabhairt isteach i leith lipéadú bia peataí, i leith úsáid téarmaí lena dtagraítear do tháirgeadh orgánach sa tuairisc díolacháin agus i liosta na gcomhábhar, agus i leith úsáid lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach.
(6)Ós rud é gur fearr is féidir cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú ar leibhéal an Aontais trí rialacha comhionanna le haghaidh lipéadú bia peata orgánach a ghlacadh, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, leagtar síos ceanglais shonracha maidir le lipéadú le haghaidh bia peataí a tháirgtear i gcomhréir leis na rialacha a bhaineann le táirgeadh orgánach dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2018/848.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1.ciallaíonn ‘bia peataí’ beatha a cheaptar lena úsáid mar bhia do pheataí mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2), pointe (f), de Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 ;
2.ciallaíonn ‘bia peataí réamhphacáilte’ aon ní amháin de bhia pheataí atá le cur i láthair amhlaidh don tomhaltóir deiridh, lena n‑áirítear an phacáistíocht inar cuireadh é roimh é a chur ar díol, cibé acu a dhéantar leis an bpacáistíocht an bia a chlúdach go hiomlán nó go páirteach, ach ar aon chuma, ar pacáistíodh é ar bhealach nach féidir a bhfuil ann a athrú gan an phacáistíocht a oscailt nó a athrú; ní chumhdaítear le bia peataí réamhphacáilte bia peataí a dhéantar a phacáil sa díolphointe arna iarraidh sin don tomhaltóir deiridh, nó a dhéantar a réamhphacáil le haghaidh díolachán díreach.
Airteagal 3
Úsáid téarmaí lena dtagraítear do tháirgeadh orgánach ar lipéadú bia peataí
1.I gcás bia peataí, féadfar na téarmaí dá dtagraítear in Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2018/848 a úsáid:
(a)sa tuairisc díolacháin agus i liosta na gcomhábhar ar choinníoll:
(i)go gcomhlíonann an bia peataí na rialacha mionsonraithe maidir le táirgeadh a leagtar amach i gCuid V d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 agus na teicnící próiseála a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 17(3) den Rialachán sin; agus
(ii)gur comhábhair orgánacha iad 95 % ar a laghad de chomhábhair thalmhaíochta an táirge de réir meáchain;
(b)i liosta na gcomhábhar amháin ar choinníoll:
(i)go bhfuil níos lú ná 95 % de na comhábhair thalmhaíochta de réir meáchain orgánach agus ar choinníoll go bhfuil na comhábhair sin i gcomhréir leis na rialacha maidir le táirgeadh a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/848;
(ii)nach n‑úsáidtear i bpróiseáil an bhia peataí ach breiseáin bheatha agus áiseanna próiseála a údaraítear de bhun Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2018/848; agus
(iii)go gcomhlíonann an bia peataí na rialacha sonracha maidir le táirgeadh a leagtar amach i bpointí 1.5, 2.1, 2.2 agus 2.4 de Chuid V d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 agus na teicnící próiseála a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 17(3) den Rialachán sin.
2.Sonrófar le liosta na gcomhábhar dá dtagraítear i mír 1 cad iad na comhábhair orgánacha. Ní fhéadfar na tagairtí don táirgeadh orgánach a bheith ann ach amháin i ndáil leis na comhábhair orgánacha.
3.I liosta na gcomhábhar dá dtagraítear i mír 1, bpointe (b), beidh tásc maidir le céatadán iomlán na gcomhábhar orgánach i gcomparáid le méid iomlán na gcomhábhar talmhaíochta.
4.Na téarmaí dá dtagraítear in Airteagal 30 (1) de Rialachán (AE) 2018/848 agus tásc an chéatadáin dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, beidh siad sa dath céanna, ar mhéid chomhionann agus sa stíl chéanna litreoireachta leis na tásca eile i liosta na gcomhábhar dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
Airteagal 4
Úsáid lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach ar lipéadú bia peataí
1.Ní fhéadfar lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2018/848 a úsáid ach amháin sa lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht ar bhia peataí a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(a).
2.I gcás bia peataí réamhphacáilte ar a bhfuil téarma dá dtagraítear in Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2018/848, beidh lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach ar an bpacáistíocht.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán An tUachtarán