An Bhruiséil,28.11.2022

COM(2022) 653 final

2022/0389(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil agus um Fhorbairt Inbhuanaithe a bunaíodh faoin gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch a mhéid a bhaineann leis an Liosta Saineolaithe a ghlacadh, agus na Rialacha Nós Imeachta maidir leis an bpainéal atá le tionóil chun scrúdú a dhéanamh ar an ábhar a bhaineann le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm na nAirteagal ábhartha de Chaibidil 16


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste um Thrádáil a bunaíodh de bhun Airteagal 22.3 den Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch, i ndáil le Liosta a bhfuil sé beartaithe é a ghlacadh de dhaoine aonair atá toilteanach agus in ann feidhmiú mar shaineolaithe ar an bpainéal atá le tionól chun scrúdú a dhéanamh ar an ábhar a bhaineann le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm na nAirteagal ábhartha de Chaibidil 16 (Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe) den Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin,

(a)

(b)na Rialacha Nós Imeachta maidir leis an bpainéal saineolaithe.

2.Comhthéacs an mholta

2.1.Comhaontú idir an tAontas agus an tSeapáin um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch

Is é is aidhm don Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch (‘an Comhaontú’) an trádáil agus an infheistíocht a léirscaoileadh agus a éascú, caidreamh eacnamaíoch níos dlúithe idir na Páirtithe a chur chun cinn, chomh maith le forbairt na trádála idirnáisiúnta a chur chun cinn ar bhealach a chuirfidh le forbairt inbhuanaithe.

Thug Comhairle an Aontais Eorpaigh an Comhaontú i gcrích an 20 Nollaig 2018 tar éis do Pharlaimint na hEorpa é a dhaingniú an 12 Nollaig 2018. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Feabhra 2019.

2.2.An Coiste um Thrádáil agus um Fhorbairt Inbhuanaithe

Le hAirteagal 22.3 (1) den Chomhaontú bunaítear coistí speisialaithe, lena n-áirítear an coiste um Thrádáil agus um Fhorbairt Inbhuanaithe, ina bhfuil ionadaithe ón dá Pháirtí. Is trí chomhthoil a ghlacfar cinntí agus moltaí uile na gcoistí speisialaithe agus féadfar iad a ghlacadh le cruinniú duine le duine nó i scríbhinn (Airteagal 22.3 (3) (f)).

2.3.Na gníomhartha atá beartaithe ag an gCoiste um Thrádáil agus um Fhorbairt Inbhuanaithe

De bhun mhír 4(d) d’Airteagal 16.18, bunóidh an Coiste um Thrádáil agus um Fhorbairt Inbhuanaithe liosta de dheichniúr atá toilteanach agus in ann feidhmiú mar shaineolaithe don phainéal atá le tionól chun scrúdú a dhéanamh ar an ábhar a bhaineann le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm na nAirteagal ábhartha de Chaibidil 16 (Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe) den Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch.

Beidh trí fholiosta sa liosta: foliosta do gach Páirtí agus foliosta de dhaoine aonair nach náisiúnaithe de cheachtar den dá Pháirtí iad agus a fheidhmeoidh mar chathaoirleach ar an bpainéal.

Cuireadh le chéile dréachtliosta idir na páirtithe de dháréag atá toilteanach agus in ann feidhmiú mar shaineolaithe.

Comhlíonann an liosta na ceanglais i mír 4(d) d’Airteagal 16.18 den Chomhaontú nach mór triúr ar a laghad a bheith ar gach foliosta. Tá ceathrar ar an bhfoliosta don Aontas Eorpach, tá ceathrar ar an bhfoliosta don tSeapáin agus tá ceathrar ar an bhfoliosta de chathaoirligh a chomhaontaítear go comhpháirteach.

Thairis sin, de bhun mhír 2 d’Airteagal 16.18 glacfaidh an Coiste um Thrádáil agus um Fhorbairt Inbhuanaithe na rialacha nós imeachta maidir leis an bpainéal saineolaithe.

Cuireadh rialacha nós imeachta le chéile idir na páirtithe.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, ba cheart é a bheith dírithe ar an liosta saineolaithe agus na rialacha nós imeachta a ghlacadh. Ba cheart an seasamh a bhunú ar dhréachtchinneadh an Choiste um Thrádáil agus um Fhorbairt Inbhuanaithe.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

Déantar foráil le hAirteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Áirítear leis an gcoincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear leis freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a d’fhéadfadh tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’ 1 .

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é an Coiste um Thrádáil agus um Fhorbairt Inbhuanaithe a bunaíodh faoi comhaontú, is é sin an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch.

Is gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis é an gníomh atáthar a iarraidh ar an gCoiste um Thrádáil agus um Fhorbairt Inbhuanaithe a ghlacadh. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagail 16.8 agus 22.3 de Chomhaontú.

Leis an gníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) de CFAE an bunús dlí nós imeachta don chinneadh atáthar a mholadh.

4.2.Bunús substaintiúil dlí

4.2.1.Prionsabail

Braitheann an bunús substaintiúil dlí do chinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús substaintiúil dlí aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.

4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Baineann príomhchuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe leis an gcomhbheartas tráchtála.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 207 de CFAE an bunús dlí substainteach leis an gcinneadh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Ba cheart Airteagal 207 CFAE a bheith ina bhunús dlí don chinneadh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

2022/0389 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil agus um Fhorbairt Inbhuanaithe a bunaíodh faoin gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch a mhéid a bhaineann leis an Liosta Saineolaithe a ghlacadh, agus na Rialacha Nós Imeachta maidir leis an bpainéal atá le tionóil chun scrúdú a dhéanamh ar an ábhar a bhaineann le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm na nAirteagal ábhartha de Chaibidil 16

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(3) agus an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Thug an tAontas an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch (‘an Comhaontú’) i gcrích le Cinneadh (AE) 2018/1907 ón gComhairle an 20 Nollaig 2018 2 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2019.

(2)Foráiltear le mír 4(d) d’Airteagal 16.18 den Chomhaontú go mbunóidh an Coiste um Thrádáil agus um Fhorbairt Inbhuanaithe liosta de dheichniúr ar a laghad atá toilteanach agus in ann feidhmiú mar shaineolaithe ar an bpainéal atá le tionóil chun scrúdú a dhéanamh ar an ábhar a bhaineann le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm na nAirteagal ábhartha de Chaibidil 16.

(3)Foráiltear le mír 2 d’Airteagal 16.18 den Chomhaontú go nglacfaidh an Coiste um Thrádáil agus um Fhorbairt Inbhuanaithe na rialacha nós imeachta maidir leis an bpainéal saineolaithe.

(4)Is iomchuí an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais sa Choiste um Thrádáil agus um Fhorbairt Inbhuanaithe a bhunú, mar go mbeidh an cinneadh atá beartaithe ceangailteach ar an Aontas.

(5)De bhun mhír 3 d’Airteagal 22.3 den Chomhaontú, féadfar cinntí an Choiste um Thrádáil agus um Fhorbairt Inbhuanaithe a ghlacadh i scríbhinn freisin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste um Thrádáil agus um Fhorbairt Inbhuanaithe a bunaíodh faoin gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch i ndáil leis an Liosta Saineolaithe agus na Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh maidir leis an bpainéal atá le tionóil chun scrúdú a dhéanamh ar an ábhar a bhaineann le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm Airteagail ábhartha Chaibidil 16, beidh sé bunaithe ar dhréachtchinneadh an Choiste um Fhorbairt Inbhuanaithe atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(2)    IO L 330, 27.12.2018, lch. 1.

An Bhruiséil,28.11.2022

COM(2022) 653 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil agus um Fhorbairt Inbhuanaithe a bunaíodh faoin gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch a mhéid a bhaineann leis an Liosta Saineolaithe a ghlacadh, agus na Rialacha Nós Imeachta maidir leis an bpainéal atá le tionóil chun scrúdú a dhéanamh ar an ábhar a bhaineann le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm na nAirteagal ábhartha de Chaibidil 16


CEANGALTÁN

Dréachtchinneadh Uimh. .../2022  
ÓN gCOISTE UM THRÁDÁIL AGUS UM FHORBAIRT INBHUANAITHE FAOIN gCOMHAONTÚ IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN tSEAPÁIN UM CHOMHPHÁIRTÍOCHT EACNAMAÍOCH

an [dáta]

a bhaineann leis an liosta de dhaoine aonair atá toilteanach agus in ann feidhmiú mar shaineolaithe a bhunú, agus leis na rialacha nós imeachta maidir leis an bpainéal saineolaithe

AN COISTE UM THRÁDÁIL AGUS UM FHORBAIRT INBHUANAITHE,

Ag féachaint don Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch (an Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas agus an tSeapáin) agus go háirithe mír 2 agus fomhír 4(d) d’Airteagal 16.18 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

Le fomhír 4(d) d’Airteagal 16.18 den Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas agus an tSeapáin foráiltear go mbunóidh an Coiste um Thrádáil agus um Fhorbairt Inbhuanaithe (an Coiste) liosta de dheichniúr ar a laghad atá toilteanach agus in ann feidhmiú mar shaineolaithe de bhun an airteagail sin,

Foráiltear le mír 2 d’Airteagal 16.18 den Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas agus an tSeapáin go nglacfaidh an Coiste na rialacha nós imeachta don phainéal saineolaithe.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunaítear an liosta de dhaoine aonair atá toilteanach agus in ann feidhmiú mar shaineolaithe mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Bunaítear na rialacha nós imeachta maidir leis an bpainéal saineolaithe mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 3

An liosta de dhaoine aonair agus na rialacha nós imeachta maidir leis an bpainéal saineolaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 agus Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCinneadh seo i gcomhréir le mír 2 agus fomhír 4(d) d’Airteagal 16.18 den Chomhaontú, beidh siad bailí ó dháta glactha an Chinnidh seo.


AN LIOSTA SAINEOLAITHE
DÁ dTAGRAÍTEAR I bhFOMHÍR 4(d) d’AIRTEAGAL 16.18 DEN CHAOMHAONTÚ COMPHÁIRTÍOCHTA EACNAMAÍCHE IDIR AN tAONTAS AGUS AN tSEAPÁIN

Foliosta don Aontas Eorpach 

1.Jorge CARDONA

2.Karin LUKAS

3.Laurence BOISSON DE CHAZOURNES

4.Geert VAN CALSTER

Foliosta don tSeapáin 

1.Shin-ichi AGO

2.Yukari TAKAMURA

3.Dai TAMADA

4.Nobuyuki YAGI

Foliosta de dhaoine aonair nach náisiúnaithe de cheachtar den dá Pháirtí iad agus a fheidhmeoidh mar chathaoirleach ar an bpainéal

1.Armand DE MESTRAL (Ceanada)

2.Jennifer A. HILLMAN (na Stáit Aontaithe)

3.Arthur Edmond APPLETON (na Stáit Aontaithe)

4.Nathalie BERNASCONI (an Eilvéis)


RIALACHA NÓS IMEACHTA DE CHUID PAINÉIL SAINEOLAITHE

Maidir le nósanna imeachta de chuid painéil saineolaithe faoi Chaibidil 16 (Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe) den Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch, bíonn feidhm ag na rialacha seo a leanas:

I. Sainmhínithe

1.Sna Rialacha Nós Imeachta seo:

(a)ciallaíonn ‘foireann riaracháin’, i leith saineolaí, daoine faoi stiúradh agus rialú an tsaineolaí, seachas cúntóirí;

(b)ciallaíonn ‘comhairleoir’ duine atá fostaithe ag Páirtí chun comhairle a chur ar an bPáirtí sin nó chun cúnamh a thabhairt don Pháirtí sin i dtaca le nós imeachta an phainéil, seachas ionadaithe an Pháirtí sin;

(c)ciallaíonn ‘Comhaontú’ an Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas agus an tSeapáin;

(d)ciallaíonn ‘cúntóir’ duine a dhéanann, faoi théarmaí ceapacháin saineolaí, taighde don saineolaí sin nó a thugann cúnamh don saineolaí sin;

(e)ciallaíonn ‘Cód Iompair’ an Cód Iompair le haghaidh Eadránaithe dá dtagraítear in Airteagal 21.30 den Chomhaontú agus a glacadh le Cinneadh Uimh. 1/2019 an 10 Aibreán 2019 ó Choiste Comhpháirteach an Chomhaontaithe;

(f)ciallaíonn ‘Coiste’ an Coiste um Thrádáil agus um Fhorbairt Inbhuanaithe a bunaíodh de bhun Airteagal 22.3 den Chomhaontú;

(g)ciallaíonn ‘laethanta’ laethanta féilire;

(h)ciallaíonn ‘saineolaí’ comhalta de phainéal;

(i)ciallaíonn ‘painéal’ painéal saineolaithe a thionóltar de bhun mhír 1 d’Airteagal 16.18 den Chomhaontú;

(j)ciallaíonn ‘imeachtaí’ imeachtaí an phainéil;

(k)ciallaíonn ‘ionadaí’, i ndáil le Páirtí, feidhmeannach nó aon duine eile de chuid roinne nó gníomhaireachta rialtais nó aon eintiteas poiblí eile de chuid Páirtí agus baill foirne eile, a ainmníonn an Páirtí mar ionadaí dó chun críoch imeachtaí an phainéil;

(l)ciallaíonn ‘Páirtí iarrthach’ an Páirtí a iarrann painéal a thionól de bhun mhír 1 d’Airteagal 16.18 den Chomhaontú; agus

(m)ciallaíonn ‘Páirtí is freagróir’ an Páirtí a fhaigheann iarraidh ón bPáirtí iarrthach go dtionólfaí painéal saineolaithe de bhun mhír 1 d’Airteagal 16.18 den Chomhaontú.

II. Ceapadh saineolaithe

2.Beidh comhchathaoirleach Pháirtí iarrthach an Choiste a bunaíodh faoi Airteagal 16.13 den Chomhaontú freagrach as an gcrannchur dá dtagraítear i bhfomhíreanna 4 (c) d’Airteagal 16.18 den Chomhaontú a eagrú, agus déanfaidh sé dáta, am agus ionad an chrannchuir a chur in iúl go pras don chomhchathaoirleach ón bPáirtí is freagróir. Féadfaidh an comhchathaoirleach ón bPáirtí is freagróir a bheith i láthair nó féadfaidh duine eile ionadaíocht a dhéanamh air tráth a bheidh crannchur á dhéanamh. Féadfaidh ionadaithe de chuid an dá Pháirtí a bheith i láthair freisin. In aon chás, déanfar an crannchur leis an bPáirtí nó na Páirtithe a bheidh i láthair.

3.Cuirfidh na Páirtithe gach duine aonair a cheapfar chun feidhmiú mar shaineolaí de bhun Airteagal 16.18 den Chomhaontú ar an eolas i scríbhinn faoina cheapadh. Dearbhóidh gach duine don dá Pháirtí an bhfuil sé ar fáil laistigh de chúig lá ón dáta a cuireadh in iúl dó gur ceapadh é.

III. Cód Iompair

4.Beidh feidhm ag an gCód Iompair, mutatis mutandis, maidir leis na saineolaithe a fheidhmeoidh ar an bPainéal Saineolaithe.

IV. Cruinniú eagrúcháin

5.Mura mbeidh a mhalairt comhaontaithe ag na Páirtithe, tiocfaidh na Páirtithe agus an painéal le chéile laistigh de sheacht lá ón dáta a bunaíodh an painéal chun na ceisteanna a mheasann na páirtithe nó an painéal a bheith iomchuí a shocrú, ceisteanna lena n‑áirítear:

(a)    an luach saothair agus an speansas atá le híoc leis na saineolaithe, a bheidh i gcomhréir le caighdeáin agus critéir EDT;

(b)    na costais le haghaidh aon chúntóir nó aon bhall foirne riaracháin a chinnfeadh saineolaí earcú. I dtaca le méid iomlán an luacha saothair a íocfar le cúntóir nó ball foirne riaracháin gach saineolaí, ní mó ná 50 % de luach saothair an tsaineolaí a bheidh sé, mura gcomhaontaíonn na Páirtithe a mhalairt; agus

(c)    an tráthchlár le haghaidh na n‑imeachtaí a bhunófar bunaithe ar chrios ama an Pháirtí is freagróir.

Ní fhéadfaidh ach saineolaithe agus ionadaithe na bPáirtithe ar oifigigh nó daoine eile de chuid roinne nó gníomhaireachta rialtais nó aon eintitis phoiblí eile páirt a ghlacadh sa chruinniú duine le duine sin nó ar an bhfón nó i bhfíschomhdháil.

V. Fógraí

6.Maidir le haon iarraidh, fógra, aighneacht i scríbhinn nó doiciméad eile:

(a)a tharchuirfidh an painéal, cuirfear chuig an dá Pháirtí é an tráth céanna;

(b)a tharchuirfidh Páirtí, déanfar é a chóipeáil chuig an bPáirtí eile an tráth céanna; agus

(c)a tharchuirfidh Páirtí chuig Páirtí eile, déanfar é a chóipeáil chuig an bpainéal an tráth céanna, de réir mar is iomchuí.

7.Déanfar aon fhógra dá dtagraítear faoi mhír 6 a sheoladh le ríomhphost nó, i gcás inarb iomchuí, le haon mhodh teileachumarsáide eile lena ndéantar taifead gur seoladh an fógra sin. Mura gcruthófar a mhalairt, measfar go bhfuarthas an fógra sin ar an dáta seolta.

8.Mionearráidí de chineál cléireachais in iarraidh, i bhfógra, in aighneacht i scríbhinn nó i ndoiciméad eile a bhaineann le himeachtaí an phainéil, féadfar iad a cheartú trí dhoiciméad nua a sheachadadh ina léireofar na hathruithe go soiléir.

9.Más rud é gur lá saoire dlíthiúil de chuid na Seapáine nó an Aontais Eorpaigh nó aon lá eile ar a mbíonn oifigí Rialtas Páirtí dúnta go hoifigiúil nó trí force majeure an lá deireanach chun doiciméad a sheachadadh, measfar an doiciméad a bheith faighte ar an gcéad lá oibre eile. Ag an gcruinniú eagrúcháin dá dtagraítear i mír 5, cuirfidh gach Páirtí isteach liosta dá laethanta saoire dlíthiúla agus aon laethanta eile ar a mbíonn a chuid oifigí dúnta go hoifigiúil. Coinneoidh gach Páirtí a liosta nuashonraithe le linn an nós imeachta painéil.

VI. Teachtaireachtaí i scríbhinn

10.Cuirfidh an Páirtí iarrthach a aighneacht i scríbhinn isteach 20 lá ar a dhéanaí tar éis dháta bunaithe an phainéil. Cuirfidh an Páirtí is freagróir a fhrithaighneacht i scríbhinn isteach 20 lá ar a dhéanaí tar éis an dáta a fuarthas aighneacht i scríbhinn an Pháirtí iarrthaigh.

VII. Iarrataí ar fhaisnéis agus ar chomhairle

11.I gcomhréir le mír 3 d’Airteagal 16.18 den Chomhaontú, ba cheart don phainéal faisnéis agus comhairle a lorg ó na heagraíochtaí nó na comhlachtaí idirnáisiúnta ábhartha maidir le cúrsaí a bhaineann le hionstraimí EIS nó comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha, de réir mar a mheasann sé a bheith iomchuí.

12.Roimh fhaisnéis agus comhairle a lorg don phainéal ó na heintitis dá dtagraítear i mír 11, tabharfaidh an painéal an deis do na Páirtithe barúil a thabhairt faoin liosta d’eintitis agus faoi na hiarrataí a dhíreofar chucu.

13.Cuirfidh an painéal aon fhaisnéis a gheobhaidh sé de bhun mhír 11 isteach chuig na Páirtithe, agus beidh deis acu barúil a thabhairt faoin bhfaisnéis sin.

VIII. Oibriú an phainéil

14.Is é cathaoirleach an phainéil a bheidh i gceannas ar na cruinnithe ar fad. Féadfaidh painéal an t-údarás le cinntí riaracháin agus nós imeachta a dhéanamh a tharmligean chuig an gcathaoirleach.

15.Mura bhforáiltear a mhalairt in Airteagal 16.18 den Chomhaontú nó sna Rialacha Nós Imeachta sin, féadfaidh an painéal a chuid gníomhaíochtaí a sheoladh le haon mhodh, lena n‑áirítear an teileafón, tarchur facs nó naisc ríomhaireachta.

16.I gcás ina dtiocfaidh ceist nós imeachta aníos nach gcumhdaítear le hAirteagal 16.18 den Chomhaontú nó leis na Rialacha Nós Imeachta seo nó leis na gCód Iompair, féadfaidh an painéal, tar éis dul i gcomhairle leis na Páirtithe, nós imeachta iomchuí a ghlacadh atá ag teacht leis na forálacha sin.

17.Féadfaidh an painéal aon tréimhse ama seachas an tréimhse ama a leagtar amach in Airteagal 16.18 den Chomhaontú a mhodhnú agus aon choigeartú nós imeachta nó riaracháin eile sna himeachtaí a dhéanamh tar éis dul i gcomhairle leis na Páirtithe. Nuair a rachaidh an painéal i gcomhairle leis na Páirtithe, cuirfidh sé na Páirtithe ar an eolas i scríbhinn faoin modhnú nó coigeartú atá beartaithe agus faoin gcúis atá leis.

IX. Éisteachtaí

18.Ar bhonn na féilire a leagfar amach i gcomhréir le mír 5 agus tar éis do chathaoirleach an phainéil dul i gcomhairle leis na Páirtithe agus leis na saineolaithe eile, cinnfidh sé dáta, am agus láthair na héisteachta.

19.Mura mbeidh a mhalairt de chomhaontú déanta ag na Páirtithe, déanfar an láthair a mhalartú idir na Páirtithe, agus is sa Pháirtí is freagróir a bheidh an chéad éisteacht ar siúl. Mura mbeidh a mhalairt de chomhaontú déanta ag na Páirtithe, déanfaidh an Páirtí ina mbeidh an éisteacht ar siúl an méid seo a leanas:

(a)láthair na héisteachta a chinneadh agus cathaoirleach an phainéil a chur ar an eolas faoi; agus

(b)a bheith i gceannas as riarachán lóistíochta na héisteachta.

20.Mura mbeidh a mhalairt de chomhaontú déanta ag na Páirtithe, agus gan dochar do mhír 49, comhroinnfidh na Páirtithe na costais a dhíorthóidh ó riarachán lóistíochta na héisteachta.

21.Tabharfaidh cathaoirleach an phainéil fógra i scríbhinn do na Páirtithe, in am trátha, faoi dháta, am agus láthair na héisteachta. Cuirfidh an Páirtí ina mbeidh an éisteacht ar siúl an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí, ach amháin i gcás ina mbeidh an éisteacht dúnta don phobal.

22.Mar riail ghinearálta níor cheart ach aon éisteacht amháin a bheith ann. Má bhaineann an díospóid le saincheisteanna atá thar a bheith casta, féadfaidh an painéal éisteachtaí breise a thionól ar a thionscnamh féin nó, arna iarraidh sin do cheachtar den dá Pháirtí, tar éis dul i gcomhairle leis na Páirtithe. I gcás gach ceann de na héisteachtaí breise, beidh feidhm ag míreanna 18 go 21 mutatis mutandis.

23.Beidh aon éisteacht de chuid an phainéil oscailte don phobal mura mbeidh a mhalairt de chomhaontú déanta ag na Páirtithe nó má bhíonn faisnéis rúnda in aighneachtaí agus in argóintí an Pháirtí. Níor cheart don phobal aon taifead fuaime nó físe a dhéanamh ar an éisteacht. Is faoi rún a bheidh na héisteachtaí a reáchtálfar i seisiún dúnta i gcomhréir le mír 39.

24.Beidh na saineolaithe uile i láthair le linn na héisteachta ina hiomláine.

25.Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, féadfaidh na daoine seo a leanas freastal ar an éisteacht, bíodh an éisteacht ar oscailt don phobal nó ná bíodh:

(a)ionadaithe na bPáirtithe;

(b)comhairleoirí;

(c)cúntóirí agus foireann riaracháin;

(d)ateangairí, aistritheoirí agus tuairisceoirí cúirte an phainéil; agus

(e)ionadaithe ó na heagraíochtaí nó na comhlachtaí idirnáisiúnta ábhartha, arna gcinneadh ag na bpainéal de bhun mhír 3 d’Airteagal 16.18 den Chomhaontú.

26.Tráth nach déanaí ná 5 lá roimh dháta éisteachta, seolfaidh gach Páirtí chuig an bpainéal liosta d’ainmneacha na ndaoine a dhéanfaidh argóint nó cur i láthair ó bhéal ag an éisteacht thar ceann an Pháirtí sin agus ainmneacha na n‑ionadaithe agus na gcomhairleoirí eile a bheidh ag freastal ar an éisteacht.

27.Déanfaidh an painéal an éisteacht mar seo a leanas, agus áiritheoidh sé go dtabharfar am comhionann don Pháirtí is déantóir gearáin agus don Pháirtí iarrthach ó thaobh argóinte agus frisnéise araon:

An argóint

(a)argóint an Pháirtí iarrthaigh; agus

(b)argóint an Pháirtí is freagróir.

An Argóint Frisnéise

(a)freagra an Pháirtí iarrthaigh; agus

(b)frithfhreagra an Pháirtí is freagróir.

28.Féadfaidh an painéal ceisteanna a dhíriú ar cheachtar den dá Pháirtí tráth ar bith le linn na héisteachta.

29.Déanfaidh an painéal socrú ionas go ndéanfar tras-scríbhinn na héisteachta a ullmhú agus a sheachadadh chuig na Páirtithe a luaithe is féidir tar éis na héisteachta. Féadfaidh na Páirtithe barúil a thabhairt faoin tras-scríbhinn agus féadfaidh an painéal na barúlacha sin a bhreithniú.

30.Féadfaidh gach Páirtí aighneacht fhorlíontach i scríbhinn a sheachadadh maidir le haon ábhar a tháinig chun cinn le linn na héisteachta laistigh de 10 lá tar éis dháta na héisteachta.

X. Pléití

31.Ní fhéadfaidh ach na saineolaithe páirt a ghlacadh i bpléití an phainéil.

XI. Ceisteanna i scríbhinn

32.Féadfaidh an painéal, tráth ar bith le linn na n‑imeachtaí, ceisteanna i scríbhinn a chur faoi bhráid Páirtí amháin nó an dá Pháirtí. Déanfar aon cheist a chuirfear faoi bhráid Páirtí amháin a chóipeáil chuig an bPáirtí eile.

33.Cuirfidh gach páirtí cóip dá fhreagra ar fáil don Pháirtí eile ar na ceisteanna a chuir an painéal faoina bhráid. Beidh deis ag Páirtí barúlacha i scríbhinn a chur ar fáil maidir le freagra an Pháirtí eile laistigh de chúig lá tar éis an chóip sin a fháil.

XII. Ionadú na saineolaithe

34.Más rud é nach mbíonn aon cheann de shaineolaithe an phainéil bhunaidh in ann páirt a ghlacadh, nó má tharraingíonn sé siar nó más gá saineolaí eile a chur ina ionad in imeachtaí an phainéil de bhun Airteagal 16.18 den Chomhaontú, beidh feidhm ag mír 4 d’Airteagal 16.18 den Chomhaontú mutatis mutandis.

35I gcás ina measfaidh Páirtí nach gcomhlíonann saineolaí ceanglais an Chóid Iompair agus ar an gcúis sin gur cheart é a ionadú, tabharfaidh an Páirtí sin fógra don Pháirtí eile laistigh de 15 lá tar éis an ama a fuair sé fianaise leordhóthanach faoi neamh-chomhlíonadh cheanglais an Chóid Iompair.

36.I gcás ina measfaidh Páirtí nach gcomhlíonann saineolaí seachas an cathaoirleach ceanglais an Chóid Iompair, rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile agus, más rud é go gcomhaontaíonn siad amhlaidh, roghnóidh siad saineolaí nua i gcomhréir le mír 34.

Mura n‑éireoidh leis na Páirtithe teacht ar chomhaontú gur gá an painéalaí a ionadú, féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí a iarraidh go gcuirfear an cheist sin faoi bhráid chathaoirleach an phainéil agus ní fhéadfar achomharc a iarraidh ar chinneadh an chathaoirligh.

Má dhéanann an cathaoirleach amach, de bhun na hiarrata sin, nach gcomhlíonann an saineolaí ceanglais an Chóid Iompair, roghnófar an saineolaí nua i gcomhréir le mír 34.

37.I gcás ina measfaidh Páirtí nach gcomhlíonann cathaoirleach an phainéil ceanglais an Chóid Iompair, rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile agus, más rud é go gcomhaontaíonn siad amhlaidh, roghnóidh siad cathaoirleach nua i gcomhréir le mír 34.

Mura n‑éireoidh leis na Páirtithe teacht ar chomhaontú gur gá an cathaoirleach a ionadú, féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí a iarraidh go gcuirfear an cheist faoi bhráid an dá shaineolaí atá fágtha. Cinnfidh na saineolaithe, tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta seachadta na hiarrata, an bhfuil gá le cathaoirleach an phainéil a ionadú. Is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh na saineolaithe maidir leis an ngá atá leis an gcathaoirleach a ionadú.

Má chinneann na saineolaithe nach gcomhlíonann an cathaoirleach ceanglais an Chóid Iompair, roghnófar cathaoirleach nua i gcomhréir le mír 34.

38.Cuirfear na himeachtaí ar fionraí le linn na tréimhse a thógfaidh sé na nósanna imeachta dá bhforáiltear i míreanna 34 go 37 a chur i gcrích.

XIII. Rúndacht

39.Is mar fhaisnéis rúnda a dhéileálfaidh an painéal agus na Páirtithe le haon fhaisnéis a chuirfidh Páirtí faoi bhráid an phainéil agus a bheidh ainmnithe mar fhaisnéis rúnda ag an bPáirtí sin. I gcás ina gcuirfidh Páirtí leagan rúnda dá aighneachtaí i scríbhinn faoi bhráid an phainéil, cuirfidh sé leagan neamhrúnda de na haighneachtaí a d’fhéadfaí a nochtadh don phobal ar fáil, arna iarraidh sin don Pháirtí eile, laistigh de 20 lá ó dháta na hiarrata. Ní chuireann na rialacha nós imeachta sin aon bhac ar Pháirtí a aighneachtaí féin a nochtadh don phobal ar choinníoll nach nochtfaidh sé aon fhaisnéis ar ainmnigh an Páirtí sin gur faisnéis rúnda í. Is i seisiún dúnta a thiocfaidh an painéal le chéile má bhíonn faisnéis rúnda in aighneachtaí agus in argóintí an pháirtí. Más i seisiún dúnta a thionólfar éisteacht an phainéil, coinneoidh an painéal agus na Páirtithe rúndacht na héisteachta sin.

XIV. Teagmhálacha ex parte

40.Ní thiocfaidh an painéal le chéile nó ní dhéanfaidh sé cumarsáid le haon Pháirtí gan an Páirtí eile a bheith i láthair.

41.Ní phléifidh saineolaí aon ghné d’ábhar na n‑imeachtaí le Páirtí amháin ná leis an dá Pháirtí gan na saineolaithe eile a bheith i láthair.

XV. Aighneachtaí amicus curiae

42.Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt laistigh de 3 lá ó dháta bunaithe an phainéil, féadfaidh an painéal aighneachtaí i scríbhinn gan iarraidh a fháil ó aon daoine nádúrtha de chuid Páirtí, nó ó dhaoine dlítheanacha atá bunaithe i bPáirtí, atá neamhspleách ar rialtais na bPáirtithe, ar choinníoll go bhfaighfear na haighneachtaí laistigh de 10 lá ón dáta a bhunaítear an painéal.

43.Beidh na haighneachtaí beacht agus ní bheidh siad níos faide ná 15 leathanach ar spás dúbailte in aon chás, agus beidh siad ábhartha go díreach do shaincheist fhíorasach nó dhlíthiúil atá á breithniú ag an bpainéal. Beidh tuairisc sna haighneachtaí ar an duine a chuirfidh na haighneachtaí ar fáil, lena n‑áireofar an méid seo a leanas:

(a)i gcás duine nádúrtha, a náisiúntacht; agus

(b)i gcás duine dlítheanach, áit a bhunaithe, cineál a ghníomhaíochtaí, a stádas dlíthiúil, a chuspóirí ginearálta agus a fhoinse maoinithe.

Sonróidh aon duine ina aighneachtaí an leas atá aige sna himeachtaí. Beidh na haighneachtaí scríofa sna teangacha a roghnaigh na páirtithe, i gcomhréir le míreanna 45 agus 46 de na Rialacha Nós Imeachta seo.

44.Liostóidh an painéal ina thuarascáil na haighneachtaí go léir a fuair sé de bhun mhíreanna 42 agus 43. Níl sé d’oibleagáid ar an bpainéal dul i ngleic leis na hargóintí arna ndéanamh in aighneachtaí den sórt sin sa tuarascáil uaidh. Cuirfear na haighneachtaí sin ar fáil do na páirtithe chun a mbarúlacha ina leith a fháil. Barúlacha na bPáirtithe a cuireadh faoi bhráid an phainéil laistigh de 30 lá, cuirfidh an painéal san áireamh iad.

XVI. Teanga agus aistriúchán

45.Le linn na gcomhairliúchán dá dtagraítear in Airteagal 16.17 den Chomhaontú, agus tráth nach déanaí ná am an chruinnithe eagrúcháin dá dtagraítear i mír 5, féachfaidh na Páirtithe le teacht ar chomhaontú faoi theanga oibre choiteann le haghaidh na n‑imeachtaí os comhair an phainéil. Tabharfaidh gach Páirtí fógra don Pháirtí eile, tráth nach déanaí ná 90 lá tar éis don Choiste na Rialacha Nós Imeachta seo a ghlacadh i gcomhréir le mír 2 d’Airteagal 16.18 den Chomhaontú, faoi liosta teangacha dá rogha. Áireofar ar a laghad aon teanga oibre amháin de chuid EDT ar an liosta.

46.Mura n‑éiríonn leis na Páirtithe teacht ar chomhaontú faoi theanga oibre choiteann, cuirfidh gach Páirtí a aighneachtaí i scríbhinn isteach ina rogha teanga, agus ag an am céanna cuirfidh sé aistriúchán ar fáil i gceann de theangacha oibre EDT ar thug an Páirtí eile fógra ina leith i gcomhréir le mír 45, i gcás inarb iomchuí. Is é an Páirtí a bheidh freagrach as an éisteacht ó bhéal a eagrú a dhéanfaidh an socrú chun go ndéanfar ateangaireacht ar na haighneachtaí ó bhéal chuig teanga chéanna oibre EDT, i gcás inarb iomchuí.

47.Is sa teanga oibre choiteann a eiseofar tuarascáil eatramhach agus chríochnaitheach an phainéil. Mura mbeidh a mhalairt comhaontaithe ag na Páirtithe faoi theanga oibre choiteann, eiseofar tuarascáil eatramhach agus chríochnaitheach i dteangacha oibre EDT dá dtagraítear i mír 46.

48.Féadfaidh Páirtí barúlacha a thabhairt maidir le cruinneas an aistriúcháin ar aon leagan aistrithe de dhoiciméad a tarraingíodh suas i gcomhréir leis na Rialacha Nós Imeachta seo.

49.I gcás inar gá aistriúchán nó ateangaireacht i dteanga oibre ábhartha EDT a dhéanamh ar aighneachtaí i scríbhinn agus ó bhéal de chuid Páirtí, seasfaidh an Páirtí na costais a bhaineann leis sin.

XVII Tuarascáil an Phainéil

50.Cuirfidh an painéal tuarascáil eatramhach agus chríochnaitheach i láthair do na Páirtithe i gcomhréir le mír 5 d’Airteagal 16.18 den Chomhaontú. Cuirfear an tuarascáil chríochnaitheach ar fáil go poiblí. Níor cheart don phainéal a thuarascáil a nochtadh roimh í a fhoilsiú do na Páirtithe.

XVIII Athbhreithniú

51.Is féidir na Rialacha Nós Imeachta a athbhreithniú le comhaontú idir na Páirtithe.