An Bhruiséil,9.11.2022

COM(2022) 632 final

2022/0376(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

maidir le táille víosa mhéadaithe a chur i bhfeidhm i ndáil leis an nGaimbia


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

I gcomhréir le hAirteagal 25a(2) den Chód Víosaí 1 , déanfaidh an Coimisiún measúnú go tráthrialta ar chomhar na dtríú tíortha maidir le hathligean isteach agus déanfaidh sé tuarascáil don Chomhairle ar a laghad uair amháin sa bhliain.

Ar bhonn an mheasúnaithe sin, agus aird á tabhairt ar na céimeanna a ghlac an Coimisiún chun feabhas a chur ar leibhéal comhair an tríú tír lena mbaineann i réimse an athligean isteach agus ar chaidreamh foriomlán an Aontais leis an tríú tír sin, mheas an Coimisiún nach raibh an Ghaimbia ag comhoibriú go hiomchuí agus gur gá gníomhaíocht a dhéanamh dá bhrí sin. Dá bhrí sin, an 15 Iúil 2021 ghlac an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 25a(5), pointe (a) den Chód Víosaí, togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena gcuirfí ar fionraí cur i bhfeidhm forálacha áirithe den Chód Víosaí dá dtagraítear thíos maidir le náisiúnaigh na Gaimbia. Ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1781 an 7 Deireadh Fómhair 2021 2 .

Foráiltear sa Chód Víosaí gur cheart don Choimisiún, i gcás ina meastar nach éifeachtach na bearta a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir le cinneadh cur chun feidhme den chineál sin, tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh agus i gcomhréir le hAirteagal 25a(5), pointe (b), den Chód Víosaí, gur cheart dó togra a chur isteach chun ceann de na táillí víosa méadaithe, mar atá, EUR 120 nó EUR 160, a chur i bhfeidhm de réir a chéile. Bheadh feidhm ag an táille víosa sin seachas an táille víosa chaighdeánach, mar atá, EUR 80.

   Cás na Gaimbia

Tar éis ghlacadh Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1781 ón gComhairle, lean an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála / an Leas-Uachtarán den idirphlé le húdaráis na Gaimbia agus d’iarr ar an tír sin feabhas a chur gan tuilleadh moille ar a comhar maidir leis an athligean isteach. Chuaigh an Coimisiún agus na Ballstáit i mbun plé le hionadaithe ó údaráis na Gaimbia ar an leibhéal teicniúil agus ar an leibhéal polaitiúil araon. Is iomaí uair a chuir taobh an Aontais i dtábhacht an imní mhór atá air maidir leis an easpa dul chun cinn agus na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith i gceist mura gcuirfí feabhas ar an staid.

Tá an comhar leis an nGaimbia maidir leis an athligean isteach fós ina dhúshlán. Chuaigh Ballstáit i ngleic le comhar neamh-chothrom i ngach céim den phróiseas athligean isteach agus fillidh. Faoi chuimsiú na measúnuithe leanúnacha a dhéanann an Coimisiún ar bhonn sonraí iontaofa arna soláthar ag na Ballstáit, an phlé i meithleacha ábhartha na Comhairle agus cruinnithe de ghrúpaí saineolaithe, mar aon leis na measúnuithe a dhéanann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, thuairiscigh Ballstáit go raibh an comhar neamh-iomchuí ag gach céim den phróiseas athligean isteach, lena n-áirítear nuair a chuirtear na Dea-Chleachtais maidir le nós imeachta um shainaithint agus filleadh, arna gcomhaontú idir an tAontas agus an Ghaimbia, i bhfeidhm.

Le linn an chuid is mó de 2019 agus de 2020, agus idir mí an Mhárta 2021 agus mí an Mhárta 2022, chuir an Ghaimbia ar fionraí go haontaobhach an fhéidearthacht do Bhallstáit den Aontas imircigh neamhrialta ón nGaimbia a fhilleadh ar eitiltí cairtfhostaithe.

Níl dul chun cinn suntasach agus inbhuanaithe déanta go fóill ar an bpróiseas athligean isteach agus fillidh, cé gur thosaigh údaráis na Gaimbia ag plé cheist an athligean isteach in 2022. Cuirtear bac ar an gcomhar maidir le hathligean isteach mar gheall ar an easpa freagartha ó údaráis na Gaimbia ar iarrataí ar shainaithint arna ndéanamh ag na Ballstáit, mar gheall ar chleachtais sainaitheanta mhalltriallacha neamhéifeachtacha amhail diúltú iarratas ar athligean isteach nó iarrataí ar agallaimh bhreise nuair a sholáthraítear cruthúnas náisiúntachta, agus mar gheall ar dhiúltuithe agallaimh shainaitheanta a dhéanamh. Bíonn dúshláin fós ag baint le heisiúint phras na ndoiciméad taistil, fiú i gcásanna deimhnithe, rud a dhéanann difear dá réir d’eagrú na n-oibríochtaí um fhilleadh.

I mí an Mhárta 2022, chuir an Ghaimbia deireadh leis an moratóir aontaobhach ar eitiltí cairtfhostaithe. Tá an comhar maidir le hoibríochtaí um fhilleadh fós deacair, áfach: d’eisigh údaráis na Gaimbia ceadanna tuirlingthe níos déanaí ná an t-achar ama a comhaontaíodh, mar atá seachtain amháin roimh an eitilt, rud ba chúis le dúshláin eagraíochtúla agus cealuithe. Ní dhearnadh ach trí oibríocht um fhilleadh ina dhiaidh sin, i mí an Mheithimh, i mí Iúil agus i mí Mheán Fómhair 2022. Ní mór leanúint de na hoibríochtaí um fhilleadh agus ní mór na heitiltí a bheith níos minice.

D’ainneoin gur glacadh na bearta víosa sriantacha leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle agus d’ainneoin obair leanúnach an Choimisiúin chun feabhas a chur ar leibhéal an chomhair leis an nGaimbia, ní dhearnadh aon dul chun cinn suntasach agus inbhuanaithe go fóill maidir leis na táscairí a leagtar amach in Airteagal 25a(2) den Chód Víosaí.

Ar bhonn an mhéid a luaitear thuas, agus aird á tabhairt ar an gcaidreamh foriomlán agus ar na céimeanna a ghlac an Coimisiún go dtí seo chun feabhas a chur ar leibhéal an chomhair, meastar go bhfuil comhoibriú na Gaimbia leis an Aontas i réimse an athligean isteach neamh-iomchuí fós agus gur gá gníomhaíocht bhreise a dhéanamh.

   An tuarascáil ar dhul chun cinn atá déanta maidir le comhar na Gaimbia san athligean isteach

Le hAirteagal 25a(7) den Chód Víosaí cuirtear de chúram ar an gCoimisiún tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le comhar na Gaimbia san athligean isteach tar éis do na bearta de bhun Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1781 ón gComhairle teacht i bhfeidhm.

Mar a thuairiscítear thuas, chuaigh Ballstáit i ngleic le comhar neamh-chothrom a chuir isteach ar gach céim den phróiseas athligean isteach agus fillidh.

Is léir ón staid tar éis theacht i bhfeidhm na bhforálacha dá bhforáiltear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1781 ón gComhairle, lena gcuirtear forálacha den Chód Víosaí ar fionraí, gur cruthaíodh nach raibh na forálacha sin éifeachtach, leo féin, chun gníomhaíocht a spreagadh ón nGaimbia chun dul chun cinn suntasach agus inbhuanaithe a bhaint amach sa chomhar um athligean isteach. Molann an Coimisiún, dá bhrí sin, go gcoinneofaí na bearta atá ann cheana i bhfeidhm ach go rachfaí níos faide freisin, i gcomhréir le hAirteagal 25a(5), pointe (b) den Chód Víosaí, i.e. go gcuirfí táille víosa mhéadaithe i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh na Gaimbia. Is é is aidhm dó sin na gníomhaíochtaí is gá a chothú ó údaráis na Gaimbia chun feabhas a chur ar an gcomhar maidir leis an athligean isteach.

   Caidreamh foriomlán an Aontais leis an tSeineagáil

Ón aistriú daonlathach in 2017, tá tacaíocht pholaitiúil agus airgeadais sheasmhach soláthraithe ag an Aontas don Ghaimbia.

Tá céimeanna dearfacha déanta ag an nGaimbia le blianta beaga anuas chun an daonlathas a dhaingniú, agus eagraíodh toghcháin uachtaránachta (mí Eanáir 2022) agus pharlaiminteacha (mí Aibreáin 2022) go rathúil le déanaí. Mar thoradh air sin, d’oibrigh an tAontas chun feabhas a chur ar an rannpháirtíocht pholaitiúil, agus tacaíocht á tabhairt aige d’eiseamláir dhearfach san Afraic Thiar, go háirithe trí níos mó teagmhálacha ardleibhéil.

Tá imchlúdach EUR 119 milliún ag an gClár Ilbhliantúil Táscach le haghaidh na tréimhse 2021-2027 3 .

Tairbhíonn an Ghaimbia de rochtain saor ó dhleacht agus saor ó chuóta ar an margadh Eorpach faoin socrú Gach Ní seachas Airm 4 . Síníodh an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh 5 6 bliana in 2019. Is páirtí í an tír i gComhaontú Cotonou 6 .

   Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1781 ón gComhairle

Sa mheasúnú a rinne an Coimisiún ar an gcomhar in 2019, bá é a thoradh nach raibh an Ghaimbia ag comhoibriú go hiomchuí maidir leis an athligean isteach. Ar bhonn togra ón gCoimisiún faoi Airteagal 25a(5), pointe (a) den Chód Víosaí, ghlac an Chomhairle an 7 Deireadh Fómhair 2021 Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1781, lena gcuirtear ar fionraí go sealadach cur i bhfeidhm forálacha áirithe den Chód Víosaí maidir le náisiúnaigh na Gaimbia. Is iad seo a leanas na forálacha a chuirtear ar fionraí:

an rogha roinnt de na ceanglais maidir leis an bhfianaise dhoiciméadach a bhíonn le cur isteach ag iarratasóirí ar víosa a tharscaoileadh i gcásanna aonair. Fágann sin nach mór tacar iomlán de dhoiciméid tacaíochta a chur isteach, lena gcruthaítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le dul isteach mar a leagtar amach i gCód Teorainneacha Schengen iad, le gach iarratas, gan beann ar ‘stair víosaí’ an iarratasóra ná ar cheartúsáid na víosaí a deonaíodh dó roimhe sin.

an rogha atá ag Ballstáit aonair an táille víosa a tharscaoileadh i gcás sealbhóirí pas taidhleoireachta agus pas seirbhíse i gcomhréir le hAirteagal 16(5), pointe (b), den Chód Víosaí. Ní mór d’iarratasóirí den chatagóir sin an táille víosa chaighdeánach a íoc.

an gnáth-tréimhse phróiseála 15 lá féilire dá dtagraítear in Airteagal 23(1) den Chód Víosaí. Mar thoradh air sin, is tréimhse 45 lá í an tréimhse phróiseála chaighdeánach feasta i ngach cás a thagann faoi raon feidhme na mbeart.

eisiúint víosaí dul isteach iolrach (MEVanna) i gcomhréir le hAirteagal 24(2) agus (2c) den Chód Víosaí. Fágann sin nach n-eisítear ach víosaí dul isteach aonair d’iarratasóirí a thagann faoi raon feidhme na mbeart.

Tá na bearta sin á gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit ó mhí na Samhna 2021 agus beidh feidhm fós acu go nglaca an Chomhairle cinneadh chun iad a leasú nó a aisghairm.

   Na bearta víosa breise a mholtar

Raon feidhme na mbeart

Ní bheadh feidhm ag an táille víosa mhéadaithe ach amháin maidir le náisiúnaigh den Ghaimbia atá faoi réir an cheanglais víosa. Ní bheadh feidhm aici ar leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois ná ar iarratasóirí a thairbhíonn de tharscaoileadh na táille víosa. Thairis sin, bheadh an méadú ar an táille víosa gan dochar don fhéidearthacht dá bhforáiltear faoi Airteagal 16(6) den Chód Víosaí laghdú nó tarscaoileadh a dhéanamh ar an táille víosa i gcásanna aonair.

Maille leis sin, ní bheadh feidhm ag an méadú ar an táille víosa maidir le baill teaghlaigh de chuid saoránach soghluaiste den Aontas a chumhdaítear le Treoir 2004/38/CE 7 ná le baill teaghlaigh de chuid náisiúnach tríú tír a thairbhíonn de cheart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach le ceart shaoránaigh an Aontais faoi chomhaontú idir an tAontas agus a Bhallstáit, de pháirt, agus na tríú tíortha lena mbaineann, den pháirt eile. Ina theannta sin, tá sé gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát faoin dlí idirnáisiúnta.

Inneachar na mbeart víosa

Le hAirteagal 16(2a) den Chód Víosaí foráiltear gur féidir táille víosa EUR 120 nó EUR 160 a mhuirearú seachas an táille víosa chaighdeánach, mar atá, EUR 80. Ós rud é gur cheart an táille víosa mhéadaithe a chur i bhfeidhm ‘de réir a chéile’ mar a fhoráiltear le hAirteagal 25a(5)(b), measann an Coimisiún gurb iomchuí cur i bhfeidhm táille víosa EUR 120 a mholadh, ag an gcéim seo, maidir le náisiúnaigh den Ghaimbia a thagann faoi raon feidhme an bhirt nua.

Tréimhse chur i bhfeidhm na táille víosa méadaithe

Ní dhéantar foráil le hAirteagal 25a(5), pointe (b) den Chód Víosaí maidir le tréimhse cur i bhfeidhm shonrach le haghaidh na táille víosa méadaithe. Dá bhrí sin, beidh feidhm fós aici go gcinne an Chomhairle í a leasú nó a aisghairm.

De bhun Airteagal 25a(6) den Chód Víosaí, ba cheart don Choimisiún an dul chun cinn sa chomhar maidir leis an athligean isteach a mheas go leanúnach ar bhonn na dtáscairí a leagtar amach in Airteagal 25a(2), lena n-áirítear an cúnamh a sholáthraítear chun daoine atá ag fanacht go mídhleathach ar chríoch na mBallstát a shainaithint, eisiúint phras na ndoiciméad taistil, agus eagrú na n-oibríochtaí um fhilleadh. Ba cheart don Choimisiún a thuairisciú an féidir feabhas suntasach agus inbhuanaithe ar an gcomhar leis an tríú tír lena mbaineann maidir leis an athligean isteach a shuí agus, ag cur chaidreamh foriomlán an Aontais leis an tríú tír sin san áireamh freisin, féadfaidh sé togra a chur faoi bhráid na Comhairle chun an cinneadh cur chun feidhme a aisghairm nó a leasú.

Ina theannta sin, de bhun Airteagal 25a(7), ba cheart don Choimisiún, ar a dhéanaí sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an chinnidh cur chun feidhme, tuarascáil a dhéanamh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an dul chun cinn atá déanta maidir le comhar an tríú tír sin maidir le hathligean isteach.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an cinneadh a mholtar i gcomhréir leis an gCód Víosaí lena leagtar amach rialacha comhchuibhithe an chomhbheartais víosaí lena rialaítear na nósanna imeachta agus na coinníollacha maidir le víosaí a eisiúint le haghaidh tréimhsí fanachta atá beartaithe ar chríoch na mBallstát nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá. Cuireann an cinneadh a mholtar leis na bearta a cuireadh i bhfeidhm cheana ó dheireadh 2021 i leith na Gaimbia faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1781 ón gComhairle agus dá bhrí sin tá sé comhsheasmhach leis.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Cuireann an tAontas cur chuige cuimsitheach i leith na himirce agus an easáitithe éigeantais chun cinn, cur chuige atá bunaithe ar luachanna agus freagrachtaí comhroinnte. Sa Chomhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann tá sé beartaithe comhpháirtíochtaí cothroma cuimsitheacha saincheaptha a fhorbairt agus a shaothrú chun an comhar a chothú maidir le gach gné atá ábhartha:

   Cosaint a sholáthar dá bhfuil sí ag teastáil uathu agus tacaíocht a sholáthar do thíortha óstacha agus do phobail óstacha;

   Deiseanna eacnamaíocha a chothú agus aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce neamhrialta agus an easáitithe éigeantais;

   Tacú le comhpháirtithe chun rialachas agus bainistiú na himirce a neartú;

   An comhar a chothú maidir leis an bhfilleadh agus leis an athligean isteach;

   Conairí dlíthiúla isteach san Eoraip a fhorbairt.

Gné thábhachtach den bheartas sin is ea an comhar idir na Ballstáit agus tríú tíortha maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a athligean isteach. Chun na comhpháirtíochtaí cuimsitheacha sin a threisiú agus chun lánchomhar a áirithiú ó thríú tíortha, d’iarr an Chomhairle Eorpach go mbainfeadh an tAontas leas a bhaint as na huirlisí uile atá ar fáil, lena n-áirítear an comhar um fhorbairt, an trádáil, nó bearta víosaí 8 .

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí), Airteagal 25a(5), pointe (b).

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Ní bhaineann le hábhar.

Comhréireacht

Is é is aidhm do na bearta a mholtar a chur ina luí ar an nGaimbia feabhas a chur ar an gcomhar maidir le hathligean isteach náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach. Tá siad i gcomhréir leis an gcuspóir atá á shaothrú. Leis na bearta a mholtar ní dhéantar difear do chumas náisiúnach den Ghaimbia cur isteach ar víosaí ná don fhéidearthacht víosaí a dheonú dóibh; ní dhéantar ach an táille a mhuirearófar ar na hiarratasóirí a mhéadú. Maille leis sin, eisiatar catagóirí áirithe daoine ó raon feidhme an chinnidh seo.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Ní bhaineann le hábhar.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Ní bhaineann le hábhar.

Bailiú agus úsáid saineolais

Ní bhaineann le hábhar.

Measúnú tionchair

Ní bhaineann le hábhar.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ní bhaineann le hábhar.

Cearta bunúsacha

Ní dhéanann na bearta a mholtar difear don fhéidearthacht iarratas a dhéanamh ar víosaí ná víosaí a dheonú d’iarratasóirí, agus dá réir sin urramaítear cearta bunúsacha na n-iarratasóirí, go háirithe an meas ar shaol an teaghlaigh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bhaineann le hábhar.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Ní bhaineann le hábhar.

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Ní bhaineann le hábhar.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

In Airteagal 1 soiléirítear raon feidhme an chinnidh cur chun feidhme a mholtar. Sonraítear i míreanna 1 agus 2 nach bhfuil feidhm aige ach ar náisiúnaigh den Ghaimbia atá faoi réir an cheanglais víosa agus nach bhfuil feidhm aige orthu siúd atá díolmhaithe uaidh ar bhonn Airteagail 4 nó 6 de Rialachán (AE) 2018/1806.

Leagtar amach i mír 3 nach bhfuil feidhm ag an gcinneadh ar leanaí atá faoi bhun 12 bhliain d’aois, mar a fhoráiltear in Airteagal 16(2a) den Chód Víosaí.

Soiléirítear le mír 4 nach bhfuil feidhm ag an gcinneadh ar iarratasóirí a dtarscaoiltear an táille víosa ina leith i gcomhréir le hAirteagal 16(4) nó le hAirteagal 16(5), pointí (a) nó (c), den Chód Víosaí. Ní féidir, áfach, táillí víosa a tharscaoileadh i leith sealbhóirí pasanna taidhleoireachta agus pasanna seirbhíse de chuid na Gaimbia, ó cuireadh cur i bhfeidhm Airteagal 16(5), pointe (b), den Chód Víosaí ar fionraí le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2021/1781 ón gComhairle. Sealbhóirí pasanna den chineál sin ar náisiúnaigh den Ghaimbia iad, dá bhrí sin tá siad faoi réir an chinnidh cur chun feidhme a mholtar agus faoi réir na táille víosa méadaithe.

Thairis sin, sonraítear le mír 5 go bhfuil an cinneadh gan dochar don fhéidearthacht dá bhforáiltear in Airteagal 16(6) den Chód Víosaí tarscaoileadh nó laghdú a dhéanamh ar an táille víosa i gcásanna aonair.

Le mír 6, díolmhaítear ó raon feidhme an chinnidh a mholtar iarratasóirí ar víosa ar baill teaghlaigh iad de chuid saoránaigh den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis, mar aon le baill teaghlaigh de chuid náisiúnaigh tríú tír a thairbhíonn de cheart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach le ceart shaoránaigh an Aontais faoi chomhaontú idir an tAontas agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus tríú tír, den pháirt eile.

Sonraítear le mír 7 go bhfuil an cinneadh a mholtar gan dochar d’oibleagáidí idirnáisiúnta na mBallstát, agus meabhraítear le mír 8 nach ndéanann an cinneadh cur chun feidhme a mholtar difear do chur i bhfeidhm na mbeart víosa atá i bhfeidhm cheana féin maidir leis an nGaimbia i gcomhréir le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1781 ón gComhairle.

Leagtar amach le hAirteagal 2 go mbeidh feidhm ag táille víosa EUR 120 i leith saoránaigh den Ghaimbia a thagann faoi raon feidhme an chinnidh a mholtar.

In Airteagal 3 liostaítear a ndírítear an cinneadh a mholtar orthu, mar atá, na Ballstáit ábhartha.

2022/0376 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

maidir le táille víosa mhéadaithe a chur i bhfeidhm i ndáil leis an nGaimbia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) 9 , agus go háirithe d’Airteagal 25a(5), pointe (b) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Measadh nach raibh an comhar leis an nGaimbia maidir leis an athligean isteach iomchuí faoi Airteagal 25a(2) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009. Agus aird á tabhairt ar na céimeanna a glacadh chun feabhas a chur ar an leibhéal comhair, agus ar chaidreamh foriomlán an Aontais leis an nGaimbia, measadh nach raibh an comhar leis an nGaimbia i réimse an athligean isteach iomchuí agus gur ghá don Aontas gníomhaíocht a dhéanamh dá bhrí sin.

(2)I gcomhréir le hAirteagal 25a(5), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, glacadh an 7 Deireadh Fómhair 2021 Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1781 ón gComhairle 10 lenar cuireadh cur i bhfeidhm Airteagal 14(6), Airteagal 16(5) pointe (b), Airteagal 23(1) agus Airteagal 24(2) agus (2c) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ar fionraí go sealadach maidir le náisiúnaigh áirithe den Ghaimbia.

(3)I gcomhréir le hAirteagal 25a(2) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, rinne an Coimisiún measúnú leanúnach ar an gcomhar leis an nGaimbia maidir leis an athligean isteach tar éis theacht i bhfeidhm Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1781 ón gComhairle. Léiríonn an measúnú nach cuireadh aon fheabhas mór ar chúrsaí, óir tá dúshláin fós ag baint leis an gcomhar maidir leis an tsainaithint agus an bhfilleadh, níor urramaíodh an tréimhse ama a leagadh síos sa socrú AE um athligean isteach, agus bhí moratóir ar fhillteacha ar eitiltí cairtfhostaithe, moratóir a thug an Ghaimbia isteach go haontaobhach, fós i bhfeidhm go dtí mí an Mhárta 2022. D’ainneoin roinnt forbairtí teoranta, go háirithe eisiúint trí chead tuirlingthe le haghaidh oibríochtaí um fhilleadh a rinneadh tar éis don mhoratóir arna tabhairt isteach ag an nGaimbia a bheith curtha ar fionraí, tá an comhar maidir leis an athligean isteach fós neamh-iomchuí agus tá gá fós le feabhsuithe suntasacha agus inbhuanaithe.

(4)Is éard a mheasann an Choimisiúin go bhfuil comhar na Gaimbia leis an Aontas i réimse an athligean isteach fós neamh-iomchuí, d’ainneoin na mbeart a glacadh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1781 ón gComhairle, agus gur gá gníomhaíocht bhreise a dhéanamh dá bhrí sin. Ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1781 ón gComhairle a choinneáil i bhfeidhm.

(5)Le cur i bhfeidhm táille víosa mhéadaithe, de réir a chéile, ar náisiúnaigh na Gaimbia, ba cheart go gcuirfí in iúl go soiléir d’údaráis na Gaimbia gur gá na gníomhaíochtaí riachtanacha a dhéanamh chun feabhas a chur ar an gcomhar maidir leis an athligean isteach.

(6)Ba cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag táille víosa EUR 120, mar a leagtar amach in Airteagal 16(2a) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, maidir le náisiúnaigh den Ghaimbia atá faoi réir an cheanglais víosa de bhun Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 . Níl feidhm ag an táille sin maidir le leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois. Níor cheart feidhm a bheith aici ach oiread maidir le hiarratasóirí a dtarscaoiltear an táille víosa ina leith i gcomhréir le hAirteagal 16(4) nó le hAirteagal 16(5), pointí (a) nó (c), de Rialachán (AE) Uimh. 810/2009.

(7) Níor cheart aon difear a dhéanamh leis an gCinneadh seo do chur i bhfeidhm Threoir 2004/38/CE lena leathnaítear an ceart chun saorghluaiseachta chuig baill teaghlaigh, gan beann ar a náisiúntacht, nuair a bhíonn siad ag taisteal in éineacht leis an saoránach den Aontas nó ag taisteal chun bheith in éineacht leis. Níor cheart, dá réir sin, feidhm a bheith ag an gCinneadh seo maidir le baill teaghlaigh de chuid saoránaigh den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leis ná maidir le baill teaghlaigh de chuid náisiúnaigh tríú tír a thairbhíonn de cheart chun saorghluaiseachta coibhéiseach le ceart shaoránaigh an Aontais faoi chomhaontú idir an tAontas agus tríú tír.

(8)Ba cheart na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a bheith gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát faoin dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear a n-oibleagáidí mar thíortha óstacha d’eagraíochtaí idir-rialtasacha idirnáisiúnta nó do chomhdhálacha idirnáisiúnta arna dtionól ag na Náisiúin Aontaithe nó ag eagraíochtaí idir-rialtasacha idirnáisiúnta eile atá á n-óstáil ag Ballstáit. Dá réir sin, níor cheart feidhm a bheith ag cur i bhfeidhm na táille víosa méadaithe maidir le náisiúnaigh den Ghaimbia a dhéanann iarratas ar víosa a mhéid is gá sin chun go gcomhlíonfaidh Ballstáit a n-oibleagáidí mar thíortha óstacha d’eagraíochtaí den chineál sin nó do chomhdhálacha den chineál sin.

(9)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Cinneadh seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an gCinneadh seo, cé acu a chuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é nó nach gcuirfidh.

(10)Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha de acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle 12 ; dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(11)Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha de acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme 13 , a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle 14 .

(12)Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt 15 , ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle 16 .

(13)Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt 17 , ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 18 .

(14)Is é atá sa Chinneadh seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(2) d’Ionstraim Aontachais 2003, Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2005 agus Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2011 faoi seach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Raon feidhme

1.Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ar náisiúnaigh den Ghaimbia atá faoi réir an cheanglais víosa de bhun Rialachán (AE) 2018/1806 19 .

2.Ní bheidh feidhm ag an gCinneadh seo ar náisiúnaigh den Ghaimbia atá díolmhaithe ón gceanglas víosa faoi Airteagal 4 nó 6 de Rialachán (AE) 2018/1806.

3.Beidh an Cinneadh seo gan dochar don fhéidearthacht tarscaoileadh nó laghdú a dhéanamh ar mhéid na táille víosa a mhuirearófar i gcásanna aonair, i gcomhréir le hAirteagal 16(6) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009.

4.Ní bheidh feidhm ag an gCinneadh seo ar náisiúnaigh den Ghaimbia a dhéanann iarratas ar víosa, ar baill teaghlaigh iad de chuid saoránaigh den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leis, nó ar baill teaghlaigh iad de chuid náisiúnaigh tríú tír a thairbhíonn de cheart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach le ceart shaoránaigh an Aontais faoi chomhaontú idir an tAontas agus tríú tír.

5.Beidh an Cinneadh seo gan dochar do na cásanna ina mbeidh Ballstát faoi cheangal ag oibleagáid faoin dlí idirnáisiúnta, mar atá:

(a)mar thír óstach d’eagraíocht idir-rialtasach idirnáisiúnta;

(b)mar thír óstach do chomhdháil idirnáisiúnta arna tionól ag na Náisiúin Aontaithe nó faoina gcoimirce nó ag eagraíochtaí idir-rialtasacha idirnáisiúnta eile atá á n-óstáil ag Ballstáit nó faoina gcoimirce sin;

(c)faoi chomhaontú iltaobhach lena dtugtar pribhléidí agus díolúintí; nó

(d)de bhun Chonradh Idir-réitigh 1929 (Comhaontú na Lataráine) a tugadh i gcrích idir an Suí Naofa (Stát Chathair na Vatacáine) agus an Iodáil, arna leasú go deireanach.

6.Beidh an Cinneadh seo gan dochar do na bearta dá bhforáiltear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1781 ón gComhairle agus a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir leis an gCinneadh sin.

Airteagal 2

Ábhar

Íocfaidh náisiúnaigh den Ghaimbia táille víosa EUR 120.

Airteagal 3

Seolaithe

Is chuig Ríocht na Beilge, Poblacht na Bulgáire, Poblacht na Seice, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na hEastóine, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na Cróite, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblachta na Liotuáine, Ard-Diúcacht Lucsamburg, an Ungáir, Poblacht Mhálta, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice, Poblacht na Fionlainne, agus Ríocht na Sualainne a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí), IO L 243, 15.9.2009, lch. 1.
(2)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1781 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2021 maidir le forálacha áirithe de Rialachán (CE) 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur ar fionraí a mhéid a bhaineann leis an nGaimbia
(3)    https://international-partnerships.ec.europa.eu/system/files/2019-09/nip-gambia-edf11-2016_en.pdf
(4)    Rialaítear sin le Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ón gComhairle
(5)

   IO L 208, 8.8.2019

(6)    IO L 317, 15.12.2000
(7)    Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh aistriú agus cur fúthu faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).
(8)    EUCO 22/21 (17)
(9)    IO L 243, 15.9.2009, lch. 1.
(10)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1781 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2021 maidir le forálacha áirithe de Rialachán (CE) 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur ar fionraí a mhéid a bhaineann leis an nGaimbia (IO L 360, 11.10.2021, lch. 124)
(11)    Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (códú) (IO L 303, 28.11.2018, lch. 39).
(12)    Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
(13)    IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
(14)    Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
(15)    IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(16)    Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008 lch. 1).
(17)    IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.
(18)    Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
(19)    Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (códú) (IO L 303, 28.11.2018, lch. 39).