An Bhruiséil,9.11.2022

COM(2022) 597 final

2022/0301(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear Ionstraim chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin le haghaidh 2023 (cúnamh macra-airgeadais +)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Leis an ngéarú atá déanta ag an Rúis le déanaí ar a cogadh foghach brúidiúil i gcoinne na hÚcráine, dearbhaítear go bhfuil rún daingean aici cearta bunúsacha na hÚcráine chun neamhspleáchais, ceannasachta agus iomláine críochaí laistigh dá teorainneacha, teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, a shárú agus a hinmharthanacht mar Stát a scriosadh. Tá meas agus buíochas as cuimse tuillte ag muintir na hÚcráine as an gcrógacht, an misneach agus an dhiongbháilteacht atá léirithe acu agus a tír á cosaint acu.

Ó thosaigh cogadh foghach na Rúise, de réir chur chuige Fhoireann na hEorpa, tá EUR 19.7 billiún slógtha ag an Aontas agus a Bhallstáit agus ag institiúidí airgeadais na hEorpa d’athléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus airgeadais na hÚcráine. Comhcheanglaítear leis sin an tacaíocht ó bhuiséad an Aontais (EUR 12.4 billiún), lena n‑áirítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil, tacaíocht ón mBanc Eorpach Infheistíochta agus ón mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, arna ráthú go hiomlán nó i bpáirt ag buiséad an Aontais, chomh maith le tacaíocht airgeadais bhreise ó na Ballstáit (EUR 7.3 billiún).

Le buiséad an Aontais, go háirithe tríd an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus tríd an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta, tá tacaíocht chuimsitheach athchóirithe agus infheistíochta á cur ar fáil don Úcráin ó bhí 2014 ann. Ó thosaigh cogadh foghach na Rúise, tá an tacaíocht seo atreoraithe i dtreo cúnamh éigeandála go háirithe agus, níos mó agus níos mó, i dtreo bonneagar agus tithíocht ar scriosadh iad nó a ndearnadh damáiste dóibh, idir náisiúnta agus bardasach, a athshlánú. Tá sé ríthábhachtach leanúint den tacaíocht sin ar bhealach comhlántach tríd an ionstraim cúnaimh macrairgeadais + (MFA+), lena n‑áirítear an méid sin a dhéanamh trí athchóirithe a bhaineann le conair Eorpach na hÚcráine.

Ina theannta sin, rinne an Chomhairle cinneadh maidir le bearta cúnaimh chun tacú le fórsaí armtha na hÚcráine faoin tSaoráid Eorpach Síochána, bearta dar luach EUR 3.1 billiún, mar aon le misean cúnaimh mhíleata chun tacú leis an Úcráin, lena ngabhann EUR 0.1 billiún le haghaidh na gcostas coiteann arb é is aidhm dóibh 15 000 saighdiúir a thraenáil mar chéim thosaigh. Ina theannta sin, tá freagairt éigeandála chomhchineáil nach bhfacthas a leithéid roimhe seo tugtha ag an Aontas agus ag a Bhallstáit tríd an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta, freagairt arb í an oibríocht éigeandála is mó í ó bunaíodh an Sásra, agus tá na milliúin earraí éigeandála dírithe acu ar an Úcráin agus ar an réigiún.

Tá damáiste as cuimse déanta ag cogadh foghach na Rúise do gheilleagar na hÚcráine, do shaoránaigh agus do ghnólachtaí na hÚcráine. Sa ghearrthéarma, tuarann an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta go bhféadfadh geilleagar na hÚcráine crapadh faoina oiread agus 35 % i dtéarmaí réadacha faoi dheireadh na bliana seo. Tá géarú ar an mboilsciú agus meastar go sroichfidh sé 30 % faoi dheireadh 2022, mar gheall ar ghanntanais earraí, dúshláin lóistíochta maidir le soláthar, agus maoiniú riachtanas rialtais trí chruthú airgeadaíochta.

Mar gheall ar chogadh leanúnach na Rúise, meastar gur riachtanais shuntasacha a bheidh i riachtanais chistiúcháin ghearrthéarmacha na hÚcráine le haghaidh 2023. De réir na meastachán a rinne údaráis na hÚcráine le déanaí, i gcomhar leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, beidh bearna leanúnach sa mhaoiniú idir EUR 3 bhilliún agus EUR 4 bhilliún in aghaidh na míosa in 2023. Beidh ardriachtanais chistiúcháin ag an Úcráin sa ghearrthéarma fós, maidir le feidhmeanna riachtanacha stáit a choinneáil ar bun, cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a áirithiú agus bonneagar criticiúil arna scriosadh i gcogadh na Rúise a athshlánú. Sin an fáth a bhfuil sé ríthábhachtach tacaíocht nua a chur ar fáil chomh tapa agus is féidir.

Is míonna cinntitheacha atá amach romhainn maidir le teacht ar chomhaontú i dtaobh tacaíocht bhreise. Beidh gá le hiarracht chomhordaithe idirnáisiúnta agus dlúthchomhar i measc comhpháirtithe idirnáisiúnta chun an tacaíocht ghearrthéarmach sin a thabhairt. Tá an tAontas ag leanúint de thacú go dílis leis an Úcráin, tír a bhfuil todhchaí aici laistigh den Aontas Eorpach. Is tosaíocht láidir don Aontas leanúint de thacaíocht a thabhairt don Úcráin de réir cur chuige comhchoiteann eagraithe.

Ba fhlaithiúil agus éifeachtach tacaíocht mhacrairgeadais an Aontais don Úcráin in 2022. Gheall an tAontas EUR 7.2 billiún d’iasachtaí ard-lamháltais, lena náirítear fóirdheontas ar íocaíochtaí ráta úis, faoina phacáistí éigeandála agus eisceachtúla cúnaimh macrairgeadais, as ar eisíocadh EUR 4.2 billiún cheana féin faoi lár mhí Dheireadh Fómhair, agus tá an EUR 3 bhilliún eile chun an Úcráin a shroicheadh faoi dheireadh na bliana. Mar sin féin, tá an cúnamh curtha ar fáil ar bhonn ad hoc go dtí seo, agus cumhdaíonn sé cúpla mí san am. Éilítear leis soláthar nach beag ó bhuiséad an Aontais agus ó ráthaíochtaí náisiúnta. Dá bhrí sin, ba cheart breithniú a dhéanamh ar chur chuige níos struchtúraí, níos éifeachtúla maidir le tacaíocht an Aontais don Úcráin in 2023. Leagtar amach leis an togra seo creat ordúil inbhuanaithe chun cúnamh airgeadais a chur ar fáil don Úcráin, agus san am céanna tá solúbthacht leordhóthanach ann chun an tacaíocht a choigeartú do na riachtanais chistiúcháin atá ag teacht chun cinn sa tír agus chun an bealach a réiteach le haghaidh Shaoráid ‘Atógáil na hÚcráine’ amach anseo, i gcomhréir leis an Teachtaireacht an 18 Bealtaine 2022 maidir le ‘Fóirithint agus Atógáil na hÚcráine’ 1 agus leis na prionsabail a comhaontaíodh i gComhdháil Lugano um Athchóiriú na hÚcráine i mí Iúil 2022.

Ba cheart paraiméadair leathana thacaíocht fóirithinte agus athshlánaithe an Aontais a chinneadh le haghaidh 2023 ina iomláine ar bhonn creata chobhsaí. Córas aontaithe éifeachtúil chun na coinníollacha iasachtaíochta is fearr a ghnóthú agus chun rochtain ar an margadh a leathnú le haghaidh tacaíocht iasachta, is mór na buntáistí ata ag córas mar sin i gcomhthéacs costais agus rátaí úis atá ag dul i méid.

Chuige sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún ionstraim a chruthú chun tacaíocht a sholáthar don Úcráin (cúnamh macrairgeadais +) le haghaidh 2023. Leis an ionstraim, cuirfear faoiseamh airgeadais gearrthéarmach ar fáil i bhfoirm iasachtaí ard-lamháltais ar bhealach intuartha, leanúnach, ordúil agus tráthúil, lena maoineofar riachtanais láithreacha, athshlánú an bhonneagair chriticiúil agus tacaíocht tosaigh don atógáil iarchogaidh inbhuanaithe, d’fhonn tacú leis an Úcráin agus í ag iarraidh lánpháirtiú san Eoraip a bhaint amach. Déanfaidh an tAontas costais ráta úis na hÚcráine a fhóirdheonú, rud a mhaoineofar le ranníocaíochtaí ó na Ballstáit i bhfoirm ioncam sannta seachtrach go dtí deireadh 2027. Chun cumhdach na gcostas úis le linn shaolré na n‑iasachtaí a áirithiú, ba cheart ranníocaíochtaí ó na Ballstáit tar éis 2027 a athnuachan agus ba cheart na ranníocaíochtaí sin a bheith ina n‑ioncam sannta seachtrach fós mura gcumhdaítear iad ar bhealaí eile i gcreataí airgeadais ilbhliantúla amach anseo. Ina theannta sin, méideanna a eascraíonn as ranníocaíochtaí deonacha breise ó na Ballstáit agus as ranníocaíochtaí féideartha ó thríú tíortha agus tríú páirtithe, féadfaidh na méideanna sin tacaíocht neamh-inaisíoctha a sholáthar.

Na riachtanais chistiúcháin atá ag teacht chun cinn don Úcráin, ní mór iad a shlógadh agus a eisíoc ar bhealach costéifeachtach solúbtha. Tá sé ríthábhachtach go neagrófaí an cistiú sin faoi aon mhodh cistiúcháin amháin in éineacht le cistiú eile ón Aontas ionas gur féidir freastal ar an iliomad riachtanas beartais i gcomhthráth. Ar an ábhar sin, is gá Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a leasú chun an straitéis chistiúcháin éagsúlaithe a bhunú, a chuirtear chun feidhme faoi láthair le haghaidh iasachtaí faoi Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 2 , mar an modh bonnlíne chun oibríochtaí iasachtaíochta a chur chun feidhme.

Chun bonn taca airgeadais fónta a áirithiú, ba cheart ráthaíocht ó lamháil bhuiséad an Aontais a bheith ina ráthú do na hiasachtaí don Úcráin, i.e. an spás buiséadach os cionn na huasteorann le haghaidh íocaíochtaí an chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI) suas go dtí an teorainn a bhaineann le huasteorainn na nacmhainní dílse. Sholáthródh sé sin ardleibhéal cosanta agus dearbhaithe d’infheisteoirí, agus sheachnófaí an gá le soláthar iasachtaí nó bunú ráthaíochtaí náisiúnta, gan athruithe ar mhéid ná ar uasteorainneacha CAI. Chuige sin, is gá leasú teoranta a dhéanamh ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 3 lena bhféadfar caitheamh le dliteanais theagmhasacha a eascraíonn as cúnamh airgeadais don Úcráin le haghaidh 2023 agus 2024 ar an mbealach céanna agus a chaithfear le cúnamh airgeadais do na Ballstáit.

Leis an tacaíocht faoin ionstraim, cuirfear de cheangal ar an Úcráin tuilleadh feabhais a chur ar an smacht reachta, ar an dea-rialachas, agus ar bhearta frithchalaoise agus frith-éillithe. Dá bhrí sin, agus an éabhlóid ar an láthair á cur san áireamh, ba cheart coinníollacha beartais a bheith ina mbonn leis an tacaíocht airgeadais, agus iad dírithe níos mó agus níos mó ar institiúidí na hÚcráine a neartú agus ar gach rud a chur i dtreo le haghaidh iarracht rathúil maidir le hatógáil, chomh maith le tacú le hiarrachtaí na hÚcráine ar a conair i dtreo na hEorpa.

Is laistigh den Aontas Eorpach atá todhchaí na hÚcráine agus a cuid saoránach go deimhin. Thug an Chomhairle Eorpach stádas mar iarrthóir don Úcráin i mí an Mheithimh 2022. Beidh gá le saineolas an Aontais, le hoibriú i gcomhair le comhpháirtithe idirnáisiúnta, agus le trédhearcacht agus faireachán chun an iarracht láithreach a dhéanamh d’fhonn athléimneacht airgeadais na hÚcráine agus an atógáil fhadtéarmach a choinneáil ar bun.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Beidh an tacaíocht faoin ionstraim seo comhsheasmhach agus comhlántach le gníomhaíochtaí arna maoiniú faoi Rialachán (AE) 2021/947 4 agus Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 5 , i gcomhréir le cuspóirí, loighic idirghabhála agus rialacha na nionstraimí sin.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Leis an stádas mar iarrthóir a dheonaigh an Chomhairle Eorpach an 23 Meitheamh 2022, déantar an Úcráin a dhaingniú go teann ar a conair i dtreo na hEorpa. Sin é an fáth a rannchuideoidh freagairt iomlán an Aontais chun tacú le hathléimneacht agus téarnamh na hÚcráine – lena n‑áirítear an fhreagairt tríd an ionstraim seo – le luathchéim phróiseas réamhaontachais na hÚcráine.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is bunús dlí iomchuí é Airteagal 212 CFAE le clár cúnaimh airgeadais arna dheonú ag an Aontas le haghaidh tríú tíortha nach tíortha forbartha iad. Mar thoradh ar an bhfogha leanúnach gan chúis atá á dhéanamh fós ag an Rúis, tá gá le cúnamh airgeadais breise a dheonú don Úcráin i gcomhréir leis na cuspóirí agus na módúlachtaí a ndéantar cur síos orthu faoin togra seo.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Urramaítear prionsabal na coimhdeachta mar ní féidir leis na Ballstáit freastal ina n‑aonair ar an ngá le freagairt chomhchoiteann a dhéanamh maidir le tacaíocht a sholáthar don Úcráin ar scála leormhaith, agus gur fearr is féidir leis an Aontas Eorpach an méid sin a bhaint amach. Is iad na príomhchúiseanna atá leis sin na srianta acmhainne agus buiséadacha atá ann ar an leibhéal náisiúnta agus an gá le deontóirí a chomhordú go láidir chun scála agus éifeachtacht na tacaíochta a uasmhéadú, agus san am céanna, an t‑ualach ar acmhainn riaracháin údaráis na hÚcráine, atá faoi bhrú mór sna cúinsí atá ann faoi láthair, a theorannú.

Comhréireacht

Meastar go bhfuil an tacaíocht airgeadais atá beartaithe don Úcráin leordhóthanach ó thaobh méid de, ar bhonn na meastachán is fearr ar riachtanais chistiúcháin na hÚcráine, arna gcur isteach ag na húdaráis náisiúnta agus arna measúnú i gcomhar leis an gcomhphobal idirnáisiúnta, lena n‑áirítear an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta. Ní théann an tacaíocht sin thar a bhfuil riachtanach chun na críche atá á lorg maidir le tacaíocht struchtúrtha intuartha a chur ar fáil don Úcráin in 2023, mar aon leis an maoiniú a ghabhann léi.

An rogha ionstraime

Ionstraim iomchuí is ea Rialachán, mar go bhforáiltear leis rialacha is infheidhme go díreach maidir leis an tacaíocht.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Tagann an togra seo sna sála ar shraith oibríochtaí tacaíochta macrairgeadais a cuireadh ar fáil don Úcráin ó 2015 i leith. Léiríodh le meastóireachtaí ex post a rinneadh ar oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais roimhe seo don Úcráin go raibh siad an‑ábhartha i gcoitinne i dtéarmaí a gcuspóirí, a n‑imchlúdach airgeadais agus a gcoinníollacha beartais. Tharla go raibh na hoibríochtaí cúnaimh macrairgeadais ríthábhachtach go háirithe mar thacaíocht don Úcráin chun aghaidh a thabhairt ar a fadhbanna maidir le comhardú na n‑íocaíochtaí agus athchóirithe struchtúracha tábhachtacha a chur chun feidhme chun an geilleagar a chobhsú agus chun inbhuanaitheacht a seasaimh sheachtraigh a fheabhsú. Cheadaigh siad coigilteas fioscach agus sochair airgeadais, agus spreagadh leo tacaíocht airgeadais bhreise agus muinín infheisteoirí. An choinníollacht a bhí ag gabháil leis na hoibríochtaí cúnaimh macrairgeadais, fuarthas go raibh sí comhlántach le cláir ghaolmhara CAI. Cruthaíodh léi éifeacht atreisitheach pholaitiúil a chuidigh le húdaráis na hÚcráine a shlógadh maidir le hathchóirithe bunriachtanacha, go háirithe i réimsí beartais struchtúracha nach gcumhdaítear an oiread sin le cláir idirnáisiúnta deontóirí eile.

É sin ráite, i gcomhthéacs an chogaidh, tá míbhuntáistí móra léirithe ag an gcur chuige ‘ceann ar cheann’ i leith cúnamh airgeadais don Úcráin in 2022, go háirithe maidir le teacht ar chomhaontú i dtaobh maoinithe. Éilítear leis an gcur chuige sin soláthar nach beag ó bhuiséad an Aontais agus/nó ó ráthaíochtaí náisiúnta. D’fhonn an gá le dul i muinín reachtóirí an Aontais agus reachtóirí náisiúnta arís agus arís eile maidir le saincheisteanna tacaíochta airgeadais, ba cheart paraiméadair leathana thacaíocht fóirithinte agus athshlánaithe an Aontais a chinneadh le haghaidh 2023 ina iomláine ar bhonn creata chobhsaí.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Déanann an togra beart de réir na n‑iarrataí ar thacaíocht chobhsaí intuartha Aontais don Úcráin ón gcomhphobal idirnáisiúnta agus ón tír féin. Agus an togra sin á ullmhú, chuaigh seirbhísí an Choimisiúin i gcomhairle le hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais agus le deontóirí déthaobhacha (lena n‑áirítear na Ballstáit) agus iltaobhacha eile, a bhfuil saineolas suntasach macrairgeadais acu, lena n‑áirítear saineolas a mhéid a bhaineann le geilleagar na hÚcráine. Bhí teagmháil á déanamh ag an gCoimisiún go tráthrialta freisin le húdaráis na hÚcráine.

Bailiú agus úsáid saineolais

Cuireann an togra le 30 bliain de thaithí fhairsing ar chúnamh macrairgeadais agus le taithí ar thacaíocht gníomhaíochta seachtraí an Aontais.

Bhunaigh an Coimisiún an togra seo ar anailís chúramach ar riachtanais airgeadais agus ar staid mhacrairgeadais níos leithne na hÚcráine, agus tógadh freisin ar ionchur ó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus institiúidí idirnáisiúnta inniúla eile. Áirítear leis sin plé ar bhonn rialta ar na réamh-mheastacháin is déanaí maidir le riachtanais chistiúcháin na hÚcráine laistigh d’fhóraim idirnáisiúnta, e.g. G7, Comhdháil na Saineolaithe Idirnáisiúnta maidir le Téarnamh, Atógáil agus Nuachóiriú na hÚcráine, chomh maith le teagmhálacha díreacha leanúnacha le húdaráis na hÚcráine.

Measúnú tionchair

Is ionstraim éigeandála eisceachtúil é cúnamh macrairgeadais an Aontais agus is é is cuspóir dó aghaidh a thabhairt ar mhórdheacrachtaí comhardaithe íocaíochtaí i dtríú tíortha. Ar leibhéal níos ginearálta, tógann tograí an Choimisiúin sa réimse cúnaimh macrairgeadais ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó mheastóireachtaí ex post a rinneadh ar oibríochtaí roimhe seo i gcomharsanacht an Aontais Eorpaigh. Leis an Ionstraim Cúnamh Macrairgeadais+ seo, cuideofar le riachtanais chistiúcháin ghearrthéarmacha na hÚcráine in 2023 a mhaolú sna himthosca eisceachtúla atá ann faoi láthair. Is é is aidhm do na ceanglais tuairiscithe agus na coinníollacha beartais atá nasctha léi éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na tacaíochta a áirithiú. Ba cheart don Ionstraim MFA+ seo tógáil ar a bhfuil bainte amach ag na sé chlár MFA ó bhí 2015 ann, lena n‑áirítear na hoibríochtaí COVID-19 is déanaí, na hoibríochtaí éigeandála go luath in 2022 agus na hoibríochtaí eisceachtúla MFA in 2022.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Níl aon nasc idir an togra seo agus oiriúnacht rialála agus simpliú.

Cearta bunúsacha

Réamhchoinníoll le tacaíocht a dheonú faoin ionstraim is ea go leanfaidh an Úcráin d’urraim a léiriú ar shásraí éifeachtacha daonlathacha agus ar a hinstitiúidí, lena n‐áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí agus an smacht reachta, agus d’urraim a ráthú maidir le cearta an duine.

Is comhartha dearfach é an tiomantas don athchóiriú agus toil pholaitiúil láidir údaráis na hÚcráine, go háirithe mar a léiríodh nuair a dheonaigh an Chomhairle Eorpach stádas mar iarrthóir don Úcráin i mí an Mheithimh 2022 agus nuair a cuireadh i gcrích go rathúil athnuachan na coinníollachta beartais struchtúraigh a ghabhann leis na hoibríochtaí MFA a rinneadh chuig an Úcráin le déanaí. Ó thosaigh fogha na Rúise, tá leibhéal suntasach athléimneachta léirithe ag údaráis na hÚcráine agus tá siad tiomanta fós do na hathchóirithe sin a shaothrú ar bhealach trédhearcach agus oibriú de réir chaighdeáin an Aontais agus i gcomhréir le conair na tíre i dtreo comhpháirtiú Eorpach.

Chuige sin, meastar an réamhchoinníoll polaitiúil le haghaidh oibríocht MFA a bheith comhlíonta faoi láthair. San am céanna, áiritheofar go gcloífear go leanúnach leis an réamhchoinníoll polaitiúil sin trí bhíthin coinníollachtaí beartais mar a bhunaítear sa Mheabhrán Tuisceana don ionstraim seo a bheidh ann amach anseo.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Cuirfear imchlúdach foriomlán suas le EUR 18 mbilliún d’iasachtaí ar fáil ar feadh thréimhse 12 mhí, arb ionann é agus EUR 1.5 billiún ar an meán in aghaidh na míosa. Tagann an méid sin sa bhreis ar an gcúnamh a sholáthraítear trí ionstraimí atá ann cheana.

D’úsáidfí méideanna breise arna n‑eascairt as ranníocaíochtaí deonacha sonracha ó na Ballstáit (mar ioncam sannta seachtrach) chun na gcríoch seo a leanas:

·Tacaíocht do chostais úis na niasachtaí – ní féidir spriocmhéid ar bith a shocrú roimh ré mar go mbeidh na costais sin ag brath ar an ús iarbhír ar na hiasachtaí

·Tacaíocht neamh-inaisíoctha do ghníomhaíochtaí a chumhdaítear le Meabhrán Tuisceana na hIonstraime nó

·Atá le cur ar aghaidh chuig an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda (NDICI) agus/nó Cabhair Dhaonnúil le haghaidh gníomhaíochtaí a théann chun tairbhe don Úcráin.

Thairis sin, féadfaidh tríú tíortha agus páirtithe acmhainní breise a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil tuairisc orthu thuas, mar ioncam sannta seachtrach chun rannchuidiú le Meabhrán Tuisceana na hIonstraime nó acmhainní atá le seoladh chuig NDICI agus/nó chuig Cabhair Dhaonnúil le haghaidh gníomhaíochtaí a théann chun tairbhe don Úcráin.

Tá sé ar intinn ag an gCoimisiún na hiasachtaí faoin Ionstraim a dheonú faoi réir aibíochtaí fada (le huastréimhse 35 bliana) agus gan an phríomhshuim a aisíoc roimh 2033. Déanfar é sin in éineacht leis na costais úis thuasluaite atá le cumhdach.

Is féidir eisíocaíochtaí a eagrú ar bhealach solúbtha tapa mar fhreagairt ar riachtanais údaráis na hÚcráine le linn na bliana 2023. D’fhéadfaí iad a bheartú go ginearálta, ar bhonn ráithiúil chun an t‑ualach riaracháin ar údaráis na hÚcráine a íoslaghdú. Beidh athbhreithniú ann i lár na bliana ina ndéanfar plé ar theacht chun cinn fhogha na Rúise agus ar a impleachtaí maidir leis na riachtanais chistiúcháin, agus ar ábharthacht agus indéantacht leanúnach na coinníollachta beartais.

Tá tuilleadh sonraí maidir leis na himpleachtaí buiséadacha agus na hacmhainní daonna agus riaracháin a bhfuil gá leo ar fáil sa Ráiteas Airgeadais Reachtach atá i gceangal leis an togra seo.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Ba cheart don Aontas Eorpach an ionstraim MFA+ seo a chur ar fáil don Úcráin ar luach iomlán EUR 18 mbilliún i bhfoirm iasachtaí ard-lamháltais ar bhealach intuartha, leanúnach, ordúil agus tráthúil, lena rannchuideofar lena riachtanais chistiúcháin ghearrthéarmacha a chumhdach, le hathshlánú bonneagair chriticiúil a mhaoiniú agus le tacaíocht tosaigh a thabhairt le haghaidh atógáil iarchogaidh, d’fhonn tacú leis an Úcráin agus í ag iarraidh comhtháthú san Eoraip a bhaint amach. Rannchuideoidh an tacaíocht leis an mbearna iarmharach cistithe sheachtraigh san Úcráin in 2023 a chumhdach agus tá sé beartaithe í a eisíoc i roinnt tráthchodanna. Bhraithfeadh na heisíocaíochtaí ar chur chun feidhme na gceanglas tuairiscithe agus na n‑athchóirithe beartais dá dtagraítear sa Rialachán seo, a comhaontaíodh sa Mheabhrán Tuisceana, lena n‑áirítear an tuarascáil atá le soláthar ag an Úcráin sula n‑eisíocfar gach tráthchuid. Oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis na húdaráis idirnáisiúnta chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí ábhartha agus ar chur i bhfeidhm na gceanglas agus na gcoinníollacha arna gcomhaontú sa Mheabhrán Tuisceana. Is é an Coimisiún a bhainisteoidh an tacaíocht. Is infheidhme forálacha sonracha maidir le cosc ar chalaois agus ar neamhrialtachtaí eile, rud atá comhsheasmhach leis an Rialachán Airgeadais.

Ar deireadh, cuirfidh an Coimisiún measúnú faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme thacaíocht an Aontais don Úcráin faoin ionstraim seo, lena n‑áirítear meastóireacht. Tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis dheireadh na tréimhse infhaighteachta, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil meastóireachta ex post, ina ndéanfar measúnú ar thorthaí agus éifeachtúlacht na tacaíochta ón Aontas a cuireadh i gcrích faoin Ionstraim agus ar a mhéid a rannchuidigh sí le haidhmeanna na tacaíochta a bhaint amach.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Baineann Caibidil I den Rialachán lena fhorálacha ginearálta.

Déantar foráil in Airteagal 1 maidir le hábhar an Rialacháin, arb é atá ann Ionstraim a bhunú chun tacaíocht an Aontais don Úcráin a sholáthar.

Sainítear in Airteagal 2 cuspóir ginearálta na hIonstraime agus liostaítear a príomhchuspóirí sonracha.

In Airteagal 3, déantar cur síos ar na réimsí faoina bhféadfar tacaíocht a sholáthar chun cuspóirí na hIonstraime a bhaint amach.

In Airteagal 4, tugtar na méideanna tacaíochta i dtéarmaí iasachtaí. Déantar foráil ann freisin maidir le méideanna breise chun fóirdheontas ráta úis agus tacaíocht neamh-inaisíoctha a d’fhéadfadh a bheith ann a chumhdach. Ar deireadh, socraítear san Airteagal tréimhse infhaighteachta na tacaíochta.

In Airteagal 5, déantar cur síos ar an gcaoi a bhféadfaidh na Ballstáit agus tríú tíortha agus tríú páirtithe leasmhara rannchuidiú leis an Ionstraim.

Tugtar breis eolais i Roinn 2 faoi choinníollacha na tacaíochta faoin Ionstraim.

Leagtar amach in Airteagal 6 an réamhchoinníoll ginearálta maidir leis an tacaíocht faoin Ionstraim a dheonú.

Sonraítear in Airteagal 7 go dtabharfaidh an Coimisiún Meabhrán Tuisceana i gcrích leis an Úcráin agus go gcuirfidh sé faisnéis ar fáil maidir lena inneachar, lena thráthúlacht agus lena athbhreithniú.

Déantar tagairt in Airteagal 8 do na ceanglais tuairiscithe faoin Meabhrán Tuisceana.

I Roinn 3 tugtar forálacha maidir leis an gcaoi a scaoiltear an tacaíocht faoin Ionstraim, agus maidir leis na hoibleagáidí measúnaithe agus faisnéise.

Déantar foráil in Airteagal 9 maidir leis an gcaoi a n‑eiseofar an tacaíocht faoin Ionstraim.

Leagtar síos in Airteagal 10 na céimeanna nós imeachta chun an tacaíocht a scaoileadh.

In Airteagal 11, tugtar na rialacha maidir leis an tacaíocht a laghdú, a chur ar fionraí agus a chur ar ceal.

Foráiltear le hAirteagal 12 go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur chun feidhme na tacaíochta faoin Ionstraim.

In Airteagal 13, sainítear an chaoi a gcuirfear Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi na forbairtí maidir leis an Ionstraim.

I gCaibidil II den Rialachán, tugtar forálacha sonracha a bhaineann le cur chun feidhme na hIonstraime: Airteagal 14 maidir leis na hoibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí agus maidir le maoluithe ar Rialachán (AE) 2021/947 maidir le cumhdach agus soláthar na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, Airteagal 15 – maidir leis an bhfóirdheontas úis agus Airteagal 16 – maidir leis an gcomhaontú maoinithe don tacaíocht neamh-inaisíoctha.

I gCaibidil III den Rialachán, déantar cur síos ar na forálacha coiteanna agus críochnaitheacha maidir leis an nós imeachta coiste (Airteagal 17), maidir le tuairisciú bliantúil (Airteagal 18), agus maidir le teacht i bhfeidhm (Airteagal 19).

2022/0301 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear Ionstraim chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin le haghaidh 2023 (cúnamh macra-airgeadais +)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach 6 ,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An 1 Meán Fómhair 2017 tháinig Comhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin 7 , lena náirítear Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, i bhfeidhm.

(2)In 2014, thug an Úcráin faoi chlár uaillmhianach um athchóiriú arb é is aidhm dó a geilleagar a chobhsú agus slí bheatha shaoránaigh na tíre a fheabhsú. Ar na príomhthosaíochtaí atá sa chlár oibre, tá an comhrac i gcoinne an éillithe, chomh maith le hathchóirithe bunreachtúla, toghchánacha agus breithiúnacha. Tugadh tacaíocht do chur chun feidhme na nathchóirithe sin le cláir chúnaimh mhacrairgeadais as a chéile, faoina bhfuair an Úcráin cúnamh ón Aontas i bhfoirm iasachtaí dar luach EUR 6.6 billiún san iomlán.

(3)Leis an gcúnamh macrairgeadais éigeandála, a cuireadh ar fáil i gcomhthéacs na bagairte a bhí ag méadú díreach roimh ionradh na Rúise, de bhun Chinneadh (AE) 2022/313 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 8 ,, tugadh EUR 1,2 billiún d’iasachtaí don Úcráin, a eisíocadh in dhá thráthchuid de EUR 600 milliún, i mí an Mhárta agus mí na Bealtaine 2022.

(4)Leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas de suas le EUR 1 bhilliún a cuireadh ar fáil de bhun Chinneadh (AE) 2022/1201 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 9 , soláthraíodh tacaíocht mhear phráinneach do bhuiséad na hÚcráine agus eisíocadh ina iomláine é in dhá thráinse an 1 agus an 2 Lúnasa 2022. Ba é an cúnamh sin an chéad chéim den chúnamh macrairgeadais eisceachtúil pleanáilte suas le EUR 9 mbilliún don Úcráin, a d’fhógair an Coimisiún ina Theachtaireacht dar teideal ‘Fóirithint agus Atógáil na hÚcráine’ an 18 Bealtaine 2022 agus a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 23–24 Meitheamh 2022.

(5)Is éard a bhí i gCinneadh (AE) 10 2022/1628 céim eile i gcur chun feidhme an chúnaimh mhacrairgeadais eisceachtúil sin de chuid an Aontais a beartaíodh. Bunaíodh leis an bonn chun méid breise suas le EUR 5 bhilliún a chur ar fáil don Úcráin i bhfoirm iasachtaí ar ardleibhéal lamháltais, méid as ar eisíocadh EUR 2 bhilliún an 18 Deireadh Fómhair, agus ba cheart an EUR 3 bhilliún atá fágtha a eisíoc faoi dheireadh 2022.

(6)An cogadh foghach a thug an Rúis gan chúis gan údar faoin Úcráin, ón 24 Feabhra 2022 i leith, is é is cúis leis an Úcráin rochtain a chailleadh ar an margadh agus leis an laghdú ollmhór ar a hioncaim phoiblí, agus tá méadú suntasach tagtha ar an gcaiteachas poiblí chun aghaidh a thabhairt ar an staid dhaonnúil agus chun leanúnachas na seirbhísí Stáit a choimeád. Sa chás éiginnte agus luaineach sin, is léir ó na meastacháin is fearr maidir le riachtanais chistiúcháin na hÚcráine ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) i samhradh na bliana 2022 go bhfuil bearna urghnách cistiúcháin de thart ar USD 39 mbilliún ann in 2022, a bhféadfaí tuairim is leath de a shásamh mar gheall ar an gcúnamh idirnáisiúnta. Maidir le soláthar pras den chúnamh macrairgeadais don Úcráin ón Aontas faoi Chinneadh (AE) 2022/1628, meastar gur freagairt ghearrthéarmach iomchuí é, i bhfianaise na nimthosca eisceachtúla atá ann faoi láthair, ar na rioscaí suntasacha do chobhsaíocht mhacrairgeadais na hÚcráine. Tá an méid breise suas le EUR 5 bhilliún den chúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas faoi Chinneadh (AE) 2022/1628, le tacú le cobhsaíocht macrairgeadais na hÚcráine, le hathléimneacht láithreach na tíre sin a neartú agus lena cumas i dtreo téarnamh a chothú, agus dá bhrí sin, chuirfí le hinbhuanaitheacht fiachais phoiblí na hÚcráine agus lena cumas a cuid oibleagáidí airgeadais a aisíoc sa deireadh.

(7)Ó cuireadh tús cogadh foghach na Rúis, rinne an tAontas, a Bhallstáit agus institiúidí airgeadais na hEorpa EUR 19.7 billiún a shlógadh le haghaidh athléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus airgeadais na hÚcráine. Leis sin, tugtar le chéile an tacaíocht ó bhuiséad an Aontais (EUR 12.4 billiún) arna ráthú go hiomlán nó i bpáirt ag buiséad an Aontais, lena náirítear an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil agus an tacaíocht ón mBanc Eorpach Infheistíochta agus ón mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, chomh maith le tacaíocht airgeadais bhreise ó na Ballstáit (EUR 7.3 billiún).

(8)Ina theannta sin, chinn an Chomhairle bearta cúnaimh chun tacú le fórsaí armtha na hÚcráine faoin tSaoráid Síochána Eorpach, ar bearta cúnaimh iad dar luach EUR 3.1 billiún, agus misean cúnaimh mhíleata chun tacú leis an Úcráin le EUR 0.1 billiún le haghaidh na gcostas coiteann. Sheachaid an tAontas agus a Bhallstáit freagairt éigeandála nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta atá ar an oibríocht éigeandála is mó í ó bunaíodh an Sásra, agus a chuireann na milliúin ábhar éigeandála ar fáil don Úcráin agus don réigiún.

(9)Thug an Chomhairle Eorpach stádas mar iarrthóir don Úcráin i mí an Mheithimh 2022 11 . Is príomhthosaíocht de chuid an Aontais é leanúint de thacaíocht láidir a thabhairt don Úcráin. Tá gá le cur chuige comhchoiteann eagraithe a leagtar amach san ionstraim seo, ós rud é go bhfuil an damáiste gur suntasach an damáiste atáthar a dhéanamh ar gheilleagar na hÚcráine, ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí na hÚcráine le cogadh foghach na Rúise.

(10)Cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, is bagairt straitéiseach gheopholaitiúil é ar an Aontas trí chéile agus éilíonn sé ar na Ballstáit an fód a sheasamh go láidir in éineacht le chéile. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, tacaíocht ón Aontas a imscaradh go tapa agus go mbeidh sé in ann í a chur in oiriúint go solúbtha agus de réir a chéile d’fhóirithint láithreach agus d’athshlánú gearrthéarmach ar an mbealach chun atógáil amach anseo a bhaint amach.

(11)Sa chomhthéacs sin, is é is aidhm don Ionstraim a bhunaítear faoin Rialachán seo rannchuidiú le bearna chistiúcháin na hÚcráine a dhúnadh in 2023, go háirithe trí fhaoiseamh airgeadais gearrthéarmach ar ardleibhéal lamháltais a sholáthar do bhuiséad an stáit ar bhealach intuartha, leanúnach, ordúil agus tráthúil, lena náirítear maoiniú a dhéanamh ar an athshlánú agus ar an tacaíocht tosaigh i dtreo atógáil iarchogaidh, i gcás inarb iomchuí, d’fhonn tacú leis an Úcráin agus í ar a bealach i dtreo lánpháirtiú na hEorpa.

(12)Chun an cuspóir ginearálta a bhaint amach, ba cheart an cúnamh a chur ar fáil chun tacú le cobhsaíocht mhacrairgeadais san Úcráin, agus chun srianta na hÚcráine maidir le maoiniú seachtrach a éascú. Ba cheart don Choimisiún an tacaíocht a chur chun feidhme i gcomhréir le príomhphrionsabail agus le príomhchuspóirí na mbeart a glacadh laistigh de réimsí éagsúla na gníomhaíochta seachtraí agus le beartais ábhartha eile de chuid an Aontais.

(13)Maidir le soláthar tacaíochta athshlánúcháin, le deisiú agus le feidhmeanna criticiúla agus bonneagair a chothabháil chomh maith le faoiseamh a thabhairt do dhaoine atá i ngátar agus do na limistéir is mó a ndéantar difear dóibh i dtéarmaí tacaíochta ábhartha agus sóisialta, le tithíocht shealadach, le foirgníocht chónaithe agus bonneagair, ba cheart iad a áireamh i measc na bpríomhréimsí tacaíochta faoin Ionstraim.

(14)Ba cheart an Ionstraim a bheith ina tacaíocht freisin le cumas údaráis na hÚcráine a neartú chun ullmhú le haghaidh na hatógála iarchogaidh amach anseo agus le haghaidh luathchéim ullmhúcháin an phróisis réamhaontachais, de réir mar is iomchuí, lena náirítear institiúidí na hÚcráine a neartú, éifeachtacht an riaracháin phoiblí a athchóiriú agus a threisiú mar aon le trédhearcacht, athchóirithe struchtúracha agus dea-rialachas ar gach leibhéal.

(15)Tacóidh an Ionstraim le beartas seachtrach an Aontais i leith na hÚcráine. Ba cheart don Choimisiún agus don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí a bheith ag obair i ndlúthchomhar le chéile i rith na hoibríochta tacaíochta chun beartas seachtrach an Aontais a chomhordú agus chun comhsheasmhacht bheartas seachtrach an Aontais a áirithiú. Leis an tacaíocht leis an Úcráin faoin Rialachán seo, leanfar den rannchuidiú mór le riachtanais chistiúcháin na hÚcráine a shásamh, riachtanais arna meas ag CAI, ag an mBanc Domhanda, agus ag institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile, agus cuirfear san áireamh leis sin cumas na hÚcráine í féin a mhaoiniú le hacmhainní dá cuid féin. Agus méid na tacaíochta á chinneadh, cuirtear san áireamh freisin na ranníocaíochtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó dheontóirí déthaobhacha agus ó dheontóirí iltaobhacha, chomh maith leis an úsáid atá á baint cheana as ionstraimí maoiniúcháin sheachtraigh eile de chuid an Aontais san Úcráin agus an breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais ina hiomláine.

(16)Le staid na hÚcráine éilítear cur chuige céim ar chéim lenar cheart tacaíocht leanúnach faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — an Eoraip Dhomhanda agus faoin Ionstraim um Chabhair Dhaonnúil chomh maith le faoiseamh láithreach agus áthshlánú a bheith ag gabháil le hionstraim lena ndírítear ar chobhsaíocht mhacrairgeadais.

(17)Sa Rialachán ba cheart na hacmhainní atá ar fáil le haghaidh na hIonstraime a leagan síos le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023 agus d’fhéadfaí eisíocaíochtaí a dhéanamh go dtí an 31 Márta 2024. Ba cheart uasmhéid EUR 18 mbilliún a chur ar fáil i bhfoirm iasachtaí. Ina theannta sin, le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2027, sa Rialachán ba cheart foráil a dhéanamh maidir le fóirdheontas ráta úis. Chun a áirithiú go gcumhdófar costais úis le linn shaolré na niasachtaí, ba cheart ranníocaíochtaí ó na Ballstáit tar éis 2027 a athnuachan agus ba cheart gurb ioncam sannta seachtrach iad go fóill mura rud é go gcumhdaítear iad ar bhealaí eile i gcreataí airgeadais ilbhliantúla amach anseo. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go bhféadfaí síneadh a chur leis na ranníocaíochtaí ó na Ballstáit tar éis 2027.

(18)Leis an Rialachán, ba cheart an deis a thabhairt do na Ballstáit acmhainní breise a chur ar fáil, mar ioncam sannta seachtrach a bheidh le cur chun feidhme faoi Mheabhrán Tuisceana na hIonstraime seo. An fhéidearthacht sin maidir le ranníocaíocht bhreise a dhéanamh mar ioncaim shannta sheachtracha, ba cheart í a bheith le haghaidh tríú tíortha agus páirtithe leasmhara, i gcomhréir le hAirteagal 21(2), pointe (d) agus pointe (e) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 12 . Chun sineirgí agus comhlántachtaí a chothú, is iomchuí a cheadú go bhféadfaí ranníocaíochtaí breise den sórt sin ó na Ballstáit, ó thríú tíortha agus ó thríú páirtithe eile a chur ar fáil freisin do na cláir arna mbunú faoi Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 13 agus Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 14 ón gComhairle chun bearta a mhaoiniú lena rannchuidítear le cuspóirí na hIonstraime seo.

(19)Ba cheart ranníocaíochtaí deonacha ó na Ballstáit a bheith neamh-inchúlghairthe, neamhchoinníollach agus ar éileamh. Chun na críche sin, an Ballstát a chuireann an tacaíocht ar fáil, ba cheart dó dul isteach i gcomhaontú ranníocaíochta leis an gCoimisiún de réir bhrí Airteagal 22(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Leis an gcomhaontú ranníocaíochta, ba cheart an ranníocaíocht leis an bhfóirdheontas ráta úis a chumhdach agus méideanna breise freisin, más mian leis an mBallstát iad a sholáthar.

(20)Ba cheart an tacaíocht faoin Ionstraim a chur ar fáil faoin réamhchoinníoll go leanfaidh an Úcráin de shásraí éifeachtacha daonlathacha agus a hinstitiúidí a urramú, lena náirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, an smacht reachta agus urraim do chearta an duine a ráthú.

(21)Ba cheart an tacaíocht faoin Ionstraim a bheith nasctha le coinníollacha beartais a leagfar amach i meabhrán tuisceana. Ba cheart a áireamh iontu freisin gealltanais chun feidhmíocht eacnamaíoch agus athléimneacht na tíre a neartú, an timpeallacht ghnó, atógáil chriticiúil a éascú agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin in earnáil an fhuinnimh.

(22)Ba cheart na coinníollacha beartais a chomhlánú le diancheanglais tuairiscithe, arb é is aidhm dóibh a áirithiú go núsáidfear na cistí ar bhealach éifeachtúil, trédhearcach agus cuntasach.

(23)I bhfianaise na staide reatha san Úcráin, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hathbhreithniú meántéarma ar an meabhrán tuisceana.

(24)Ba cheart an tacaíocht a scaoileadh faoi réir réamhchoinníollacha a urramú, faoi réir chur chun feidhme sásúil agus faoi réir dul chun cinn i dtreo chur chun feidhme na gcoinníollacha beartais.

(25)Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht athmheasúnú a dhéanamh ar riachtanais chistiúcháin na hÚcráine agus an tacaíocht a laghdú, a chur ar fionraí nó a chur ar ceal má thagann laghdú bunúsach orthu le linn thréimhse eisíocaíochta thacaíocht ón Aontas faoin Ionstraim i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin tosaigh. Is iomchuí freisin foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht eisíocaíochtaí a chur ar fionraí nó a chur ar ceal i gcás nach gcomhlíonfar na ceanglais maidir leis an tacaíocht faoin Ionstraim a scaoileadh.

(26)I gcomhthéacs riachtanais airgeadais phráinneacha na tíre faoi láthair, is iomchuí an cúnamh airgeadais don Úcráin a eagrú faoin modh cistiúcháin aonair dá bhforáiltear faoi Airteagal 220a de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, a bhfuil coinne go bhfeabhsóidh sé leachtacht bhannaí an Aontais agus tarraingteacht agus costéifeachtúlacht eisiúint an Aontais.

(27)I bhfianaise staid dheacair na hÚcráine mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise agus chun tacú léi ar a conair fhadtéarmach cobhsaíochta, is iomchuí iasachtaí a chur ar fáil don Úcráin ar ardleibhéal lamháltais a mhairfidh 35 bliana ar a mhéad agus tús a chur le haisíoc an bhunairgid tráth nach luaithe ná 2033. Is iomchuí freisin maolú ar Airteagal 220(5), pointe (e) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus cead a thabhairt don Aontas na costais ráta úis a chumhdach agus na costais riaracháin a tharscaoileadh don Úcráin. Ba cheart an fóirdheontas ráta úis a dheonú mar ionstraim a mheastar a bheith iomchuí chun éifeachtacht na tacaíochta a áirithiú de réir bhrí Airteagal 220(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Ba cheart é a mhaoiniú ó ranníocaíochtaí deonacha breise ó na Ballstáit agus ba cheart é a bheith ar fáil de réir a chéile de réir mar a tháinig na comhaontuithe leis na Ballstáit i bhfeidhm.

(28)D’fhéadfadh an Úcráin fóirdheontas an ráta úis agus tarscaoileadh na gcostas riaracháin a iarraidh faoi dheireadh mhí an Mhárta gach bliain.

(29)Níor cheart tacú leis an dliteanas airgeadais ó iasachtaí faoin Rialachán seo leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, de mhaolú ar Airteagal 31(3), an dara habairt de Rialachán (AE) 2021/947. Na méideanna is gá chun aon easnamh faoin gcúnamh airgeadais don Úcráin atá ar fáil do 2023 a chumhdach, ba cheart iad a shlógadh i gcomhréir le hAirteagal 2(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle 15 . Ba cheart an tacaíocht a bheith ina cúnamh airgeadais de réir bhrí Airteagal 220(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Agus na rioscaí airgeadais agus an cumhdach buiséadach á gcur san áireamh, níor cheart an soláthar a bhunú don chúnamh airgeadais i bhfoirm iasachtaí faoin Ionstraim seo agus, de mhaolú ar Airteagal 211(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, níor cheart ráta soláthair a shocrú mar chéatadán den mhéid dá dtagraítear in Airteagal 4(1).

(30)Is iomchuí go dtabharfaidh an Coimisiún agus an Úcráin comhaontú iasachta i gcrích le haghaidh na tacaíochta iasachta, faoi chuimsiú na gcoinníollacha a leagtar amach sa MT. Chun a áirithiú go gcosnaítear ar bhealach éifeachtúil na leasanna airgeadais sin de chuid an Aontais atá nasctha leis an tacaíocht faoin Ionstraim, ba cheart don Úcráin na bearta iomchuí a dhéanamh a bhaineann le calaois, éilliú agus aon neamhrialtacht eile a chosc agus a chomhrac i dtaca leis an gcúnamh sin. Sa bhreis air sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa chomhaontú iasachta agus sa chomhaontú maoiniúcháin go ndéanfadh an Coimisiún seiceálacha, go ndéanfadh an Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí agus go bhfeidhmeodh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a cuid inniúlachtaí, i gcomhréir le hAirteagail 129 agus 220 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

(31)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(32)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 16 .

(33)I bhfianaise na práinne a bhaineann leis na himthosca eisceachtúla atá ann mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise gan chúis gan údar, meastar gurb iomchuí an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach a agairt.

(34)I bhfianaise na staide reatha san Úcráin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I

Tacaíocht ón Aontas don Úcráin

Roinn 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo Ionstraim chun tacaíocht ón Aontas don Úcráin (an ‘Ionstraim’) a sholáthar i bhfoirm iasachtaí, tacaíocht neamh-inaisíoctha agus fóirdheontas ráta úis.

Leagtar síos leis cuspóirí na hIonstraime, a maoiniú, na foirmeacha cistiúcháin de chuid an Aontais fúithi agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Cuspóirí na hIonstraime

1.Is é cuspóir ginearálta na hIonstraime faoiseamh airgeadais gearrthéarmach a sholáthar ar bhealach intuartha, leanúnach, ordúil agus tráthúil, agus an tathshlánú agus an tacaíocht tosaigh d’atógáil iarchogaidh a mhaoiniú, i gcás inarb iomchuí, d’fhonn tacú leis an Úcráin agus í ag iarraidh lánpháirtiú na hEorpa a bhaint amach.

2.Chun an cuspóir ginearálta a bhaint amach, is iad seo a leanas go háirithe na príomhchuspóirí sonracha:

(a)cobhsaíocht mhacrairgeadais, agus srianta maoiniúcháin seachtracha agus inmheánacha na tíre a mhaolú;

(a)(b)    clár don athchóiriú le haghaidh luathchéim ullmhúcháin an phróisis réamhaontachais, de réir mar is iomchuí, lena náirítear institiúidí na hÚcráine a neartú, éifeachtacht an riaracháin phoiblí a athchóiriú agus a threisiú mar aon le trédhearcacht, athchóirithe struchtúracha agus dea-rialachas ar gach leibhéal;

(b)(c)    athshlánú feidhmeanna criticiúla agus bonneagair chriticiúil agus faoiseamh do dhaoine atá i ngátar

Airteagal 3

Réimsí tacaíochta

Chun a cuspóirí a bhaint amach, tacóidh an Ionstraim leis an méid seo a leanas go háirithe:

(a)riachtanais chistiúcháin na hÚcráine a mhaoiniú, d’fhonn cobhsaíocht mhacrairgeadais na tíre a choinneáil ar bun;

(b)athshlánú, agus bonneagar criticiúil á athchóiriú mar shampla, amhail bonneagar fuinnimh, córais uisce, gréasáin iompair, bóithre inmheánacha nó droichid, nó in earnálacha eacnamaíocha straitéiseacha agus bonneagar criticiúil sóisialta, amhail saoráidí cúraim sláinte, scoileanna, agus tithíocht do dhaoine athlonnaithe, lena náirítear tithíocht shealadach agus shóisialta;

(c)athchóirithe earnála agus institiúideacha, lena náirítear athchóirithe frithéillithe agus breithiúnacha, urraim don smacht reachta, dea-rialachas, agus nuachóiriú na ninstitiúidí náisiúnta agus áitiúla;

(d)atógáil na hÚcráine a ullmhú;

(e)tacaíocht maidir le creat rialála na hÚcráine a ailíniú le creat rialála an Aontais agus le lánpháirtiú na tíre sa mhargadh aonair, chomh maith le forbairt eacnamaíoch a neartú agus iomaíochas a fheabhsú;

(f)cumas riaracháin na hÚcráine a neartú trí mhodhanna iomchuí, lena náirítear úsáid a bhaint as cúnamh teicniúil.

Airteagal 4

Tacaíocht atá ar fáil faoin Ionstraim

1.Beidh an tacaíocht faoin Ionstraim i bhfoirm iasachtaí ar fáil le haghaidh uasmhéid suas le EUR 18 000 000 000 le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023 agus d’fhéadfaí eisíocaíochtaí a dhéanamh go dtí an 31 Márta 2024.

2.Beidh tacaíocht bhreise faoin Ionstraim le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2027 ar fáil freisin, faoi réir Airteagal 5(1), chun an caiteachas de bhun Airteagal 15 a chumhdach. Féadfaidh an tacaíocht bhreise sin a bheith ar fáil tar éis an 31 Nollaig 2027 faoi réir Airteagal 5(1).

3.Méideanna breise atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 5(2) agus 5(4) den Rialachán seo, féadfar iad a chur chun feidhme mar thacaíocht neamh-inaisíoctha i gcás ina bhforáiltear maidir leis sin sa Mheabhrán Tuisceana atá le tabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán seo nó i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/947 agus Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 chun bearta a mhaoiniú lena mbaintear amach na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(b) go (c) i gcomhréir le rialacha na Rialachán sin.

4.    Leis na méideanna dá dtagraítear i mír 3, féadfar caiteachas tacaíochta a chumhdach le maoiniú ón Aontas le haghaidh chur chun feidhme na hionstraime agus bhaint amach a cuspóirí, lena náirítear tacaíocht riaracháin a bhaineann le hullmhúchán, le bearta leantacha, le faireachán, le rialú, le gníomhaíochtaí iniúchóireachta agus meastóireachta is gá le haghaidh an chur chun feidhme sin, mar aon le caiteachas ag an gceannáras agus ag toscaireachtaí an Aontais ar an tacaíocht riaracháin agus chomhordúcháin is gá le haghaidh na hIonstraime agus chun na hoibríochtaí a mhaoinítear faoin Ionstraim, lena náirítear gníomhaíochtaí faisnéise agus chumarsáide agus córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha a bhainistiú.      

Airteagal 5
Ranníocaíochtaí ó na Ballstáit agus ó thríú páirtithe

1.Féadfaidh na Ballstáit na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 4(2) a ranníoc. An sciar coibhneasta de na méideanna sin a ranníocann gach Ballstáit lena mbaineann, beidh siad ag freagairt do sciar coibhneasta an Bhallstáit in ollioncam náisiúnta iomlán (GNI) an Aontais. Maidir leis na ranníocaíochtaí le haghaidh bhliain n, ríomhfar an sciar coibhneasta bunaithe ar OIN mar an sciar in OIN iomlán an Aontais, mar thoradh ar an gcolún faoi seach sa chuid ioncaim den bhuiséad bliantúil an Aontais is déanaí a glacadh nó de bhuiséad bliantúil leasaitheach an Aontais le haghaidh bhliain n1.

An tacaíocht faoin Ionstraim faoin mír seo, beidh sí ar fáil i leith aon mhéid a shocrófar i gcomhaontú leis an mBallstát faoi seach tar éis don chomhaontú sin teacht i bhfeidhm.

2.Féadfaidh na Ballstáit na méideanna breise dá dtagraítear in Airteagal 4(3) a ranníoc leis an Ionstraim.

3.Is éard a bheidh sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(2), pointe (a)(ii) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

4.Féadfaidh tríú tíortha agus páirtithe leasmhara ranníocaíocht a dhéanamh le tacaíocht neamh-inaisíoctha faoin Ionstraim le méideanna breise dá dtagraítear in Airteagal 4(3), go háirithe maidir leis na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(b) go (c). Ioncam sannta seachtrach a bheidh sna ranníocaíochtaí sin i gcomhréir le hAirteagal 21(2), pointe (d) agus pointe (e) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

Roinn 2

Coinníollacha na tacaíochta faoin ionstraim

Airteagal 6
Réamhchoinníoll don tacaíocht faoin Ionstraim

1.Mar réamhchoinníoll i dtaca leis an tacaíocht a dheonú faoin Ionstraim, ní mór don Úcráin leanúint de shásraí éifeachtacha daonlathacha a chumhdach agus a urramú, lena náirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, an smacht reachta, agus a ráthú go nurramófar cearta an duine.

2.Déanfaidh an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí faireachán ar chomhlíonadh an réamhchoinníoll a leagtar amach i mír 1 le linn thréimhse na tacaíochta a sholáthraítear faoin Ionstraim, go háirithe sula ndéanfar eisíocaíochtaí, agus aird chuí á tabhairt, de réir mar is iomchuí, ar an tuarascáil rialta ar mhéadú. Cuirfidh sé san áireamh freisin na himthosca san Úcráin agus iarmhairtí chur i bhfeidhm an dlí airm.

3.Beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle 17 .

Airteagal 7
Meabhrán Tuisceana

1.Déanfaidh an Coimisiún Meabhrán Tuisceana a thabhairt i gcrích leis an Úcráin lena mbunófar go háirithe na coinníollacha beartais, an phleanáil tháscach airgeadais agus na ceanglais tuairiscithe, dá dtagraítear in Airteagal 8.

Beidh na coinníollacha beartais nasctha, de réir mar is iomchuí, i gcomhthéacs na staide iomláine san Úcráin, leis na cuspóirí agus lena gcur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 2 agus in Airteagal 3 faoi seach agus leis an réamhchoinníoll a leagtar amach in Airteagal 6. Áireofar iontu tiomantas do phrionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus béim ar an bhfrithéilliú, ar an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe, ar an bhfrithchalaois agus ar choinbhleacht leasa a sheachaint agus ar chreat trédhearcach cuntasach a bhunú chun athshlánú a bhainistiú agus, i gcás inarb iomchuí, ar an atógáil.

2.Féadfaidh an Coimisiún an MT a athbhreithniú ag an meántéarma. Féadfaidh an Coimisiún an MT a leasú tar éis an athbhreithnithe.

3.Déanfar an Iarscríbhinn sin a bhunú agus a leasú i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 17(2).

Airteagal 8
Ceanglais tuairiscithe

1.Áireofar ceanglais tuairiscithe don Úcráin sa MT agus áiritheofar leo, go háirithe, éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht úsáid na tacaíochta a sholáthraítear faoin Ionstraim.

2.Fíoróidh an Coimisiún, go tráthrialta, cur chun feidhme na gceanglas tuairiscithe agus an dul chun cinn arna dhéanamh na gcoinníollacha beartais arna leagan amach sa MT. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas mar gheall ar thorthaí an fhíoraithe sin.

roinn 3

Scaoileadh na tacaíochta faoin Ionstraim, oibleagáidí measúnaithe agus faisnéise

Airteagal 9
Scaoileadh na tacaíochta faoin Ionstraim

1.Faoi réir na gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 10, cuirfidh an Coimisiún an tacaíocht faoin Ionstraim ar fáil i dtráthchodanna. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an tráthchlár chun gach tráthchuid a eisíoc. Féadfar tráthchuid a eisíoc i dtráinse amháin nó níos mó.

2.Is é an Coimisiún a bhainisteoidh scaoileadh na tacaíochta faoin Ionstraim ar bhonn a mheasúnaithe ar chur chun feidhme na gcoinníollacha beartais a áirítear sa MT.

Airteagal 10
Cinneadh faoi scaoileadh na tacaíochta faoin Ionstraim

1.Tíolacfaidh an Úcráin iarraidh ar chistí sula neisíocfar gach tráthchuid agus beidh tuarascáil ag gabháil léi i gcomhréir le forálacha an MT.

2.Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le scaoileadh na dtráthchodanna faoi réir a mheasúnaithe ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)an réamhchoinníoll a leagtar amach in Airteagal 6 a urramú;

(b)cur chun feidhme sásúil na gceanglas tuairiscithe mar a chomhaontaítear in MT;

(c)dul chun cinn sásúil i dtreo chur chun feidhme na gcoinníollacha beartais a leagtar amach sa MT.

(d)Sula ndéanfar uasmhéid na tacaíochta faoin Ionstraim a eisíoc, dearbhóidh an Coimisiún gur comhlíonadh gach coinníoll beartais a leagtar amach in MT.

Airteagal 11
An tacaíocht faoin Ionstraim a laghdú, a chur ar fionraí agus a chur ar ceal

1.Más rud é, le linn na tréimhse ina neisíocfar tacaíocht ón Aontas faoin Ionstraim, go dtagann laghdú suntasach ar riachtanais chistiúcháin na hÚcráine i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin tosaigh, féadfaidh sé go ndéanfaidh an Coimisiún méid an chúnaimh a laghdú, a chur ar fionraí nó a chur ar ceal.

2.I gcás nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i mír 10(2), déanfaidh an Coimisiún eisíoc na tacaíochta a chur ar fionraí go sealadach nó a chur ar ceal.

Airteagal 12
Cinneadh faoi chur chun feidhme scaoileadh na tacaíochta faoin Ionstraim

Le linn chur chun feidhme na hIonstraime, déanfaidh an Coimisiún measúnú trí bhíthin measúnú oibríochtúil, ar measúnú é a fhéadfar a dhéanamh in éineacht leis an measúnú oibríochtúil dá bhforáiltear faoi Chinneadh (AE) 2022/1201 agus Cinneadh (AE) 2022/1628, fóntacht shocruithe airgeadais na hÚcráine, na nósanna imeachta riaracháin, agus na sásraí rialaithe inmheánacha agus seachtracha is ábhartha don chúnamh.

Airteagal 13
Faisnéis chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi fhorbairtí maidir leis an Ionstraim, lena n‑áirítear eisíocaíochtaí an chúnaimh sin agus forbairtí maidir leis na hoibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 9, agus soláthróidh sé na doiciméid ábhartha do na hinstitiúidí sin in am trátha. I gcás fionraí nó cealú de bhun Airteagal 11(2), cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas gan mhoill faoi na cúiseanna leis an bhfionraí nó leis an gcealú.

Caibidil II
Forálacha sonracha a bhaineann le cur chun feidhme na tacaíochta

Airteagal 14
Oibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe

1.Chun an tacaíocht faoin Ionstraim i bhfoirm iasachtaí a mhaoiniú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, thar ceann an Aontais, na cistí is gá a fháil ar iasacht ar na margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 220(a) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

2.Leagfar síos téarmaí mionsonraithe na tacaíochta faoin Ionstraim i bhfoirm iasachtaí i gcomhaontú iasachta i gcomhréir le hAirteagal 220 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, atá le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus an Úcráin. Is é 35 bliana an uastréimhse a bheidh ag na hiasachtaí.

3.De mhaolú ar Airteagal 31(3), an dara habairt de Rialachán (AE) 2021/947, ní thacóidh an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha le cúnamh macrairgeadais a thugtar don Úcráin i bhfoirm iasachtaí faoin Ionstraim seo.

Ní bhunófar aon fhoráil maidir leis na hiasachtaí faoin Rialachán seo agus, de mhaolú ar Airteagal 211(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, ní shocrófar aon ráta soláthair mar chéatadán den mhéid dá dtagraítear in Airteagal 4(1).

Airteagal 15
Fóirdheontas ráta úis

1.De mhaolú ar Airteagal 220(5), pointe (e), de Rialachán (AE, Euratrom) 2018/1046, féadfaidh an tAontas ús a iompar trí fhóirdheontas ráta úis a dheonú agus trí chostais riaracháin a bhaineann le hiasacht a fháil agus a thabhairt a chumhdach, cé is moite de chostais a bhaineann le haisíoc luath na hiasachta, i leith na niasachtaí faoin gCinneadh seo.

2.Féadfaidh an Úcráin fóirdheontas ráta úis agus cumhdach na gcostas riaracháin a iarraidh ar an Aontas gach bliain.

Airteagal 16
Comhaontú maoiniúcháin le haghaidh tacaíocht neamh-inaisíoctha

Is i gcomhaontú maoiniúcháin atá le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus an Úcráin a leagfar síos na téarmaí mionsonraithe airgeadais a ghabhann leis an tacaíocht neamh-inaisíoctha dá dtagraítear in Airteagal 4(3). De mhaolú ar Airteagal 220(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, ní bheidh sa chomhaontú maoiniúcháin ach na forálacha dá dtagraítear i bpointí (a) go (c) d’Airteagal 220(5) de. Áireofar sa chomhaontú maoinúcháin forálacha maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, seiceálacha, iniúchtaí, calaois agus neamhrialtachtaí eile a chosc, agus cistí a aisghabháil.

Caibidil III
Forálacha coiteanna agus críochnaitheacha

Airteagal 17
Nós imeachta coiste

1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 18

Tuarascáil bhliantúil

1.Cuirfidh an Coimisiún measúnú ar chur chun feidhme Chaibidil I faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, lena náirítear meastóireacht ar an gcur chun feidhme sin. Sa tuarascáil sin, déanfar an méid seo a leanas:

(a)scrúdú ar an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis an tacaíocht ón Aontas a chur chun feidhme faoin Ionstraim;

(b)measúnú ar an staid eacnamaíoch agus ionchais na hÚcráine, chomh maith le measúnú ar chur chun feidhme na gceanglas agus na gcoinníollacha dá dtagraítear i Rannóg 2 de Chaibidil I;

(c)léiriú a thabhairt ar an nasc idir na ceanglais agus na coinníollacha a leagtar amach sa MT, staid macrairgeadais leanúnach na hÚcráine, agus cinneadh an Choimisiúin maidir le tráthchodanna na tacaíochta faoin Ionstraim a scaoileadh.

2.Tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis dheireadh na tréimhse infhaighteachta, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil meastóireachta ex post, ina ndéanfar measúnú ar thorthaí agus éifeachtúlacht na tacaíochta ón Aontas a cuireadh i gcrích faoin Ionstraim ón Aontas agus ar a mhéid a rannchuidigh sé le haidhmeanna an chúnaimh a bhaint amach.

Airteagal 19
Foráil chríochnaitheach

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

1.3.Baineann an togra/tionscnamh leis an méid seo a leanas:

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

1.4.2.Cuspóirí sonracha

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

2.2.3.Meastachán ar chost‑éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar tionchar

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.2. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.4.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1 Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin

1.2 Réimsí beartais lena mbaineann  (Braisle cláir)

6. An Chomharsanacht agus an Domhan

14. Gníomhaíocht Sheachtrach

Ionstraim chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin (cúnamh macrairgeadais +)

1.3 Baineann an togra/tionscnamh leis an méid seo a leanas:

 beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 18  

 síneadh le beart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4 Cuspóirí sonracha

1.4.1 Cuspóirí ginearálta

Faoiseamh airgeadais gearrthéarmach a chur ar fáil, an t‑athshlánú a mhaoiniú agus tacaíocht tosaigh a thabhairt d’atógáil iarchogaidh, d’fhonn tacú leis an Úcráin agus í ag iarraidh comhtháthú san Eoraip a bhaint amach.

1.4.2 Cuspóirí ginearálta

(a)cobhsaíocht mhacrairgeadais, agus srianta seachtracha agus inmheánacha na tíre a mhaolú;

(b)clár oibre athchóirithe lena ndíreofar ar luathchéim ullmhúcháin an phróisis réamhaontachais, de réir mar is iomchuí, lena náirítear institiúidí na hÚcráine a neartú, éifeachtacht an riaracháin phoiblí a athchóiriú agus a threisiú, chomh maith le trédhearcacht, athchóirithe struchtúracha agus dea-rialachas ar gach leibhéal

(c)athshlánú feidhmeanna criticiúla agus bonneagair chriticiúil, agus fóirithint do dhaoine atá i ngátar;

1.4.3 An toradh agus an tionchar a bhfuil coinne leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

   Tacú le hathléimneacht eacnamaíoch agus cobhsaíocht na hÚcráine faoi dhálaí an chogaidh.

   Rannchuidiú le riachtanais chistiúcháin sheachtraigh na hÚcráine a chumhdach, i gcomhthéacs an mheathlúcháin mhóir ar a gcuntais sheachtracha de dheasca ionradh na Rúise ar an Úcráin, ionradh gan údar, gan spreagadh.

   Riachtanais mhaoiniúcháin bhuiséadacha an chomhpháirtí a mhaolú, chun leanúint den chúnamh éigeandála a soláthraíodh cheana féin.

   Tacú le hathchóirithe struchtúracha arb aidhm dóibh feabhas a chur ar an mbainistíocht mhaicreacnamaíoch fhoriomlán, an rialachas eacnamaíoch agus an trédhearcacht a threisiú, agus na dálaí le haghaidh fás inbhuanaithe a fheabhsú.

1.4.4 Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Beidh ceangal ar údaráis na hÚcráine tuairisciú go rialta do sheirbhísí an Choimisiúin faoi thacar táscairí eacnamaíocha agus faoi na ceanglais tuairiscithe atá sa Mheabhrán Tuisceana.

Leanfaidh seirbhísí an Choimisiúin d’fhaireachán a dhéanamh ar bhainistíocht airgeadais phoiblí, tar éis an mheasúnaithe oibríochtúil ar scagchuarda airgeadais agus nósanna imeachta riaracháin san Úcráin, measúnú a tíolacadh i mí an Mheithimh 2020.

1.5 Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1 Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Beidh eisíocaíocht an chúnaimh ag brath ar chomhlíonadh an réamhchoinníll mar aon leis na coinníollacha beartais a liostaítear i Meabhrán Tuisceana idir an Coimisiún agus údaráis na hÚcráine. Tá sé beartaithe an cúnamh a eisíoc i roinnt tráthchodanna. Scaoilfí na tráthchodanna go pras tar éis fhormheas an togra seo agus tar éis theacht i bhfeidhm an Mheabhráin Tuisceana chomhfhreagraigh, agus bheadh sé ar fáil ina dhiaidh sin.

Is é an Coimisiún a bhainisteoidh an cúnamh. Beidh forálacha sonracha maidir le cosc ar chalaois agus ar neamhrialtachtaí eile i bhfeidhm, forálacha a bheidh i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais. Thiocfadh an Coimisiún agus údaráis na hÚcráine ar chomhaontú faoi Mheabhrán Tuisceana ina leagfaí amach na ceanglais um thuairisciú. Oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis na hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais agus leis na húdaráis náisiúnta chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí ábhartha agus ar chur i bhfeidhm na gceanglas agus na gcoinníollacha arna gcomhaontú sa Mheabhrán Tuisceana.

1.5.2 Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordaithe, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Freagraíonn an togra seo don ghá le comhfhreagairt maidir le tacaíocht a chur ar fáil don Úcráin ar scála leordhóthanach, nach féidir leis na Ballstáit a bhaint amach go leormhaith astu féin agus ar fearr is féidir leis an Aontas iad a bhaint amach. Is iad na príomhchúiseanna atá leis sin na srianta acmhainne agus buiséadacha a gcaithfear aghaidh a tabhairt orthu ar an leibhéal náisiúnta agus an gá le deontóirí a chomhordú go láidir chun scála agus éifeachtacht na tacaíochta a uasmhéadú, agus san am céanna, an t‑ualach ar acmhainn riaracháin údaráis na hÚcráine, atá faoi bhrú mór sna cúinsí atá ann faoi láthair, a theorannú.

Tá an tionscnamh mar chuid de chuspóir an Aontais tacaíocht leachtachta ghearrthéarmach a chur ar fáil don Úcráin. Daingnítear leis freisin gníomhaíochtaí an Aontais a bhaineann le tacaíocht dhíreach dhaonnúil, eacnamaíoch agus cosanta, chomh maith le tionscnaimh an Aontais chun gníomhaíochtaí iltaobhacha a chomhordú, amhail ‘Seasaimis ar son na hÚcráine’. Is tionscnamh é freisin, de réir a chineáil ar leith, a spreagfaidh athchóirithe lena neartófar athléimneacht ghearrthéarmach na tíre agus lena gcuideofar freisin le cobhsaíocht níos fadtéarmaí a bhaint amach. Na torthaí sin a mheasfar a bheidh ann, tá siad ábhartha go háirithe don Úcráin ag an tráth criticiúil seo.

Is é an breisluach is mó a bhaineann leis na hiasachtaí lamháltais i gcomparáid le hionstraimí Aontais eile go maolófar na srianta airgeadais seachtracha go gasta agus go mbeidh siad ina gcuidiú chun creat macrairgeadais cobhsaí leantach a áirithiú, lena n‑áirítear an méid sin a dhéanamh trí chomhardú íocaíochtaí agus staid bhuiséadach marthanach inbhuanaithe a chur chun cinn, laistigh de chreat iomchuí maidir le ceanglais tuairiscithe.

1.5.3 Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am atá thart

Oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais i dtíortha comhpháirtíochta, tá siad faoi réir meastóireacht ex post. Meastóireachtaí ex post san am atá thart a rinneadh ar oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais roimhe seo chuig an Úcráin, tá sé léirithe acu go raibh siad an‑ábhartha go ginearálta i dtéarmaí a gcuspóirí, a n‑imchlúdaigh airgeadais agus a gcuspóirí beartais.

Tharla go raibh siad ríthábhachtach chun tacú leis an Úcráin aghaidh a thabhairt ar a fadhbanna maidir le comhardú na n‑íocaíochtaí agus athchóirithe struchtúracha tábhachtacha a chur chun feidhme chun an geilleagar a chobhsú agus chun inbhuanaitheacht a seasaimh sheachtraigh a fheabhsú. Cheadaigh siad coigilteas fioscach agus sochair airgeadais, agus spreagadh tacaíocht airgeadais bhreise agus muinín infheisteoirí mar thoradh orthu.

1.5.4 Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Tá an togra comhoiriúnach le huasteorainneacha chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2021-2027. Beidh an tacaíocht i bhfoirm iasachtaí ar fáil le haghaidh na bliana 2023. Maoineofar na hacmhainní don ionstraim trí iasachtaíocht (suas le EUR 18 mbilliún don tacaíocht atá bunaithe ar iasachtaí).

Cuirfidh an tAontas fóirdheontas ráta úis ar fáil a mhaoineofar ó ranníocaíochtaí ó na Ballstáit mar ioncam sannta seachtrach le haghaidh bhuiséad an Aontais. Dá bhrí sin, ní bheidh tionchar ag an gcaiteachas sin ar uasteorainneacha chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027.

1.5.5 Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí ath-leithdháileadh a dhéanamh

Ba fhlaithiúil éifeachtach tacaíocht mhacrairgeadais an Aontais don Úcráin in 2022. Mar sin féin, tá an cúnamh á sholáthar ar bhonn ad hoc go dtí seo, agus cumhdaíonn sé cúpla mí san am. Éilítear leis soláthar nach beag ó bhuiséad an Aontais agus ó ráthaíochtaí náisiúnta. Dá bhrí sin, ba cheart breithniú a dhéanamh ar chur chuige níos struchtúraí, níos éifeachtúla maidir le tacaíocht an Aontais don Úcráin in 2023.

Leagtar amach leis an togra seo creat ordúil inbhuanaithe chun cúnamh airgeadais a chur ar fáil don Úcráin, agus san am céanna tá solúbthacht leordhóthanach ann chun an tacaíocht a chur in oiriúint do na riachtanais chistiúcháin atá ag teacht chun cinn sa tír agus chun an bealach a réiteach le haghaidh Shaoráid ‘Atógáil na hÚcráine’ amach anseo, i gcomhréir leis an Teachtaireacht an 18 Bealtaine 2022 maidir le ‘Fóirithint agus Atógáil na hÚcráine’ 19 agus leis na prionsabail a comhaontaíodh i gComhdháil Lugano um Athchóiriú na hÚcráine i mí Iúil 2022.

D’fhonn an gá le dul i muinín reachtóirí an Aontais agus reachtóirí náisiúnta arís agus arís eile maidir le saincheisteanna tacaíochta airgeadais, ba cheart paraiméadair leathana thacaíocht fóirithinte agus athshlánaithe an Aontais a chinneadh le haghaidh 2023 ina iomláine.

Tuilleadh brú a chur ar bhuiséad Aontais atá faoi bhrú mar gheall ar cheanglais soláthair agus socruithe casta lena mbaineann an iliomad ráthaíochtaí náisiúnta ad hoc, ba cheart é sin a sheachaint. Córas aontaithe éifeachtúil chun na coinníollacha iasachtaíochta is fearr a ghnóthú agus chun rochtain ar an margadh a leathnú le haghaidh tacaíocht iasachta, is mór na buntáistí ata ag córas mar sin i gcomhthéacs costais agus rátaí úis atá ag dul i méid.

1.6 Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

 tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

Tionchar airgeadais in 2023 maidir le tacaíocht iasachta, agus le linn na tréimhse aisíocaíochta maidir le tacaíocht i bhfoirm fóirdheontas ráta úis, arna mhaoiniú le hioncam sannta seachtrach mura gcumhdófar iad ar bhealaí eile i gcreataí airgeadais ilbhliantúla amach anseo.

 tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7 Modh(anna) bainistíochta atá beartaithe 20   

 Bainistíocht dhíreach arna déanamh ag an gCoimisiún

ag a ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (le sonrú);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí poiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach, a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’ le do thoil.

Nótaí

Neamhbhainteach

BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1 Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Tá feidhm ag na hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe faoi Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

Déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin faireachán ar an ngníomhaíocht ar bhonn na mbeart sonrach atá le comhaontú le húdaráis na hÚcráine i Meabhrán Tuisceana.

Áireofar sa Mheabhrán Tuisceana ceanglais tuairiscithe lena n‑áiritheofar, go háirithe, éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht úsáid na tacaíochta faoin Ionstraim.

Fíoróidh an Coimisiún, go tráthrialta, cur chun feidhme na gceanglas tuairiscithe agus an dul chun cinn a dhéantar maidir leis na coinníollacha beartais a leagtar amach sa Mheabhrán Tuisceana a chomhlíonadh. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi thorthaí an fhíoraithe sin.

Cuirfidh an Coimisiún measúnú ar chur chun feidhme thacaíocht an Aontais don Úcráin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, lena n‑áirítear meastóireacht ar an gcur chun feidhme sin.

Tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis dheireadh na tréimhse infhaighteachta, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil meastóireachta ex post faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ina ndéanfar measúnú ar thorthaí agus éifeachtúlacht na tacaíochta ón Aontas a cuireadh i gcrích faoin Ionstraim agus ar a mhéid a rannchuidigh sí le haidhmeanna an chúnaimh a bhaint amach.

2.2 Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1 An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Déanfaidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí atá le maoiniú faoin togra seo a chur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach, mar go mbaineann sé le tacaíocht airgeadais a sholáthraítear go díreach don Stát.

Cuirfidh an Coimisiún an tacaíocht faoin Ionstraim ar fáil i dtráthchodanna, agus is éard a bheidh i ngach ceann díobh sin iasacht agus, má tá sí ar fáil, tacaíocht neamh-inaisíoctha.

Is féidir eisíocaíochtaí a eagrú ar bhealach solúbtha tapa chun freagairt do riachtanais údaráis na hÚcráine. D’fhéadfaí iad a bheartú, mar shampla, ar bhonn ráithiúil chun an t‑ualach riaracháin ar údaráis na hÚcráine a íoslaghdú.

Ba cheart an tacaíocht a scaoileadh faoi réir réamhchoinníollacha a urramú, faoi réir cur chun feidhme sásúil agus faoi réir dul chun cinn i dtreo na coinníollacha beartais a chur chun feidhme.

2.2.2 Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Rioscaí muiníneacha, polaitiúla agus beartais is ea na rioscaí a bhaineann leis an oibríocht atá beartaithe. Is príomhriosca don oibríocht é ionradh leanúnach gan chúis gan údar na Rúise ar an Úcráin, ionradh a d’fhéadfadh tionchar diúltach breise a imirt ar chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch agus acmhainn riaracháin na hÚcráine.

Tá riosca ann go bhféadfaí na hiasachtaí a úsáid ar bhealach calaoiseach. Toisc nach bhfuil an cúnamh macrairgeadais sannta do chostais ar leith (murab ionann agus an maoiniú tionscadail, mar shampla), tá baint ag an riosca sin le tosca amhail caighdeán ginearálta na gcóras bainistíochta i mBanc Ceannais na hÚcráine agus san Aireacht Airgeadais, na nósanna imeachta riaracháin, na feidhmeanna rialaithe agus maoirseachta, slándáil na gcóras TF agus oiriúnacht na n‑inniúlachtaí iniúchóireachta inmheánaí agus seachtraí.

Tá an tríú riosca ann, is é sin, go bhféadfadh sé nach n‑éireodh leis an Úcráin ús a íoc ar a cuid dliteanas airgeadais i leith an Aontais, dliteanais a bheadh ceangailte leis na hiasachtaí atá beartaithe (riosca mainneachtana nó creidmheasa), rud a d’fhéadfadh titim amach, cuir i gcás, dá rachadh comhardú na n‑íocaíochtaí agus staid fhioscach an chomhpháirtí in olcas an athuair. Chuige sin, tar éis theacht i bhfeidhm an leasaithe seo ar Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, déanfaidh an Coimisiún creat rialachais níos leithne, nósanna imeachta bainistithe riosca agus modheolaíocht leithdháilte costas a ghlacadh agus a chur chun feidhme.

Córais rialaithe inmheánaigh

Beidh na hoibríochtaí faoi réir nósanna imeachta fíorúcháin, rialaithe agus iniúchóireachta faoi fhreagracht an Choimisiúin, lena n‑áirítear an Oifig Eorpach Frithchalaoise (OLAF) agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa mar a fhoráiltear in Airteagal 129 den Rialachán Airgeadais. Le linn an chur chun feidhme, seiceálfaidh an Coimisiún dearbhuithe an chomhpháirtí go tráthrialta. Tá an íocaíocht faoi réir monatóireacht arna déanamh ag foireann an Choimisiúin. An eisíocaíocht a bhaineann leis na hoibríochtaí, d’fhéadfadh sí a bheith faoi réir fíorúcháin bhreise neamhspleácha ex post (doiciméadacha agus/nó ar an láthair) arna ndéanamh ag oifigigh na foirne rialaithe ex post i roinn ábhartha an Choimisiúin. Féadfar fíorúcháin den sórt sin a thionscnamh freisin ar a iarraidh sin don oifigeach údarúcháin trí fhotharmligean ar a bhfuil freagracht. Is féidir úsáid a bhaint as briseadh íocaíochtaí agus íocaíochtaí a chur ar fionraí, ceartúcháin airgeadais (arna gcur chun feidhme ag an gCoimisiún) agus aisghabhálacha i gcás inar gá (níor tharla sé go dtí seo), agus déantar foráil go sainráite maidir leo sna comhaontuithe iasachta agus maoiniúcháin leis na comhpháirtithe. 

2.2.3 Meastachán ar chost‑éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costas rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus tráth an dúnta)

Leis na córais rialaithe atá i bhfeidhm, tá ráta earráide éifeachtach 0 % go dtí seo i dtaca le híocaíochtaí den chineál cúnaimh macrairgeadais. Ní heol aon chás calaoise, éillithe ná gníomhaíochta mídhleathaí a bheith ann. Tá loighic shoiléir idirghabhála ag na hoibríochtaí, loighic a fhágann go bhfuil an Coimisiún in ann meastóireacht a dhéanamh ar a dtionchar. A bhuí leis na rialuithe, táthar in ann cinnteacht a dheimhniú agus cuspóirí beartais agus tosaíochtaí a bhaint amach.

2.3 Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Chun na rioscaí a bhaineann le mí‑úsáid chalaoiseach a mhaolú, tá roinnt beart déanta cheana agus déanfar bearta eile amach anseo. Comhaontú Iasachta atá le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus an Úcráin i gcomhréir le hAirteagal 220 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Leagfar síos téarmaí mionsonraithe aon tacaíochta neamh-inaisíoctha a chuirfear ar fáil sa bhreis ar an bhfóirdheontas ráta úis i gcomhaontú maoinithe atá le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus an Úcráin.

Is éard a bheidh sna comhaontuithe tacar forálacha maidir le cigireacht, calaois a chosc, iniúchtaí agus aisghabháil cistí i gcás calaoise nó éillithe. Sa bhreis air sin, áireofar leis na comhaontuithe iasachta agus maoinithe forálacha go ndéanfadh an Coimisiún seiceálacha, go ndéanfadh an Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí agus go bhfeidhmeodh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a cuid inniúlachtaí, i gcomhréir le hAirteagail 129 agus 220 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

Anuas air sin, tá sé beartaithe go nascfar roinnt ceanglas tuairiscithe leis an gcúnamh, d’fhonn trédhearcacht agus cuntasacht maidir le húsáid cistí a neartú.

AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1 Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar tionchar

·Línte nua buiséid atá á niarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Cineál 
caiteachais

Ranníocaíocht

Líon  

LD/LN

ó thíortha CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

6

Líne nua le haghaidh fóirdheontas ráta úis

Líne nua le haghaidh caiteachas tacaíochta faoi Airteagal 4(4)

Líne nua le haghaidh tacaíocht neamh-inaisíoctha faoi Airteagal 4(3)

Difreáilte

Neamhdhifreáilte

Difreáilte

IS EA

IS EA

IS EA

IS EA

3.2 An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

3.2.1 Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

An caiteachas atá beartaithe a bhaineann leis an Ionstraim chun tacaíocht a sholáthar don Úcráin, cumhdófar é le huasmhéid EUR 18 000 000 000 i bhfoirm iasachtaí a eascraíonn as oibríochtaí iasachtaíochta an Aontais.

D’úsáidfí méideanna breise arna n‑eascairt as ranníocaíochtaí deonacha sonracha ó na Ballstáit (mar ioncam sannta seachtrach) chun na gcríoch seo a leanas:

tacaíocht do chostais úis na n‑iasachtaí – ní féidir spriocmhéid ar bith a shocrú roimh ré mar go mbeidh na costais sin ag brath ar an ús iarbhír ar na hiasachtaí;

·gníomhaíochtaí a chumhdaítear le Meabhrán Tuisceana na hIonstraime;

·déanfar iad a atreorú chuig an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda (NDICI) agus/nó Cabhair Dhaonnúil chun leas na hÚcráine.

Thairis sin, féadfaidh tríú tíortha agus páirtithe acmhainní breise a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil tuairisc orthu thuas, mar ioncam sannta seachtrach chun rannchuidiú le Meabhrán Tuisceana na hIonstraime nó acmhainní atá le hatreorú chuig NDICI agus/nó chuig Cabhair Dhaonnúil le haghaidh gníomhaíochtaí a théann chun tairbhe don Úcráin.

Ionstraim chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin

(bonn toimhde: is ionann na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí)

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

·Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (lena gcuimsítear)

Iasachtaí

18 000 000 000

-

-

-

-

Tacaíocht neamh-inaisíoctha chun an fóirdheontas ráta úis a chumhdach

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

Ranníocaíochtaí breise le haghaidh tacaíocht neamh-inaisíoctha

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.



Ceannteideal  
an chreata airgeadais ilbhliantúil

7

‘Caiteachas riaracháin’

Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart úsáid a bhaint as na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ atá le hiontráil ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach (Iarscríbhinn V a ghabhann leis na rialacha inmheánacha), a uaslódáiltear chuig an gcóras DECIDE chun críoch comhairliúcháin idirsheirbhíse.

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Ard‑Stiúrthóireacht: <…….>

• Acmhainní daonna

• Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN AS <…….>

Leithreasuithe

IOMLÁN leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

3.2.2 Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
2023 21

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas riaracháin eile

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 22   
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

Caiteachas eile  
de chineál riaracháin

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

Fo-iomlán  
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a sannadh cheana féin do bhainistiú an bhirt agus/nó a ath-leithdháileadh laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise, i gcás inar gá, a d’fhéadfaí a dheonú don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil agus i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

Éilítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid coibhéise lánaimseartha

2023

2024

2025

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

01 01 01 01 (Taighde indíreach)

01 01 01 11 (Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

Foireann sheachtrach (in aonaid coibhéise lánaimseartha: FTE) 23

20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

14 01 06  24

- sa Cheanncheathrú

- i dToscaireachtaí

01 01 01 02 (AC, END, INT - Taighde indíreach)

01 01 01 12 (AC, END, INT – Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

Foireann sheachtrach (in aonaid coibhéise lánaimseartha: FTE) - AC, AL, END, INT agus JED  25

Líne bhuiséid eile: Ioncam sannta

Maoinithe ó ioncam sannta – ag an gCeanncheathrú

Maoinithe ó ioncam sannta – sa Toscaireacht

IOMLÁN

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil agus i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Pearsanra seachtrach

3.2.3 Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

Maoineofar iasachtaí ó iasachtaí an Aontais ar na margaí airgeadais.

is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí ath-leithdháileadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

Mínigh cén t‑athchlársceidealú a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. Cuir tábla Excel ar fáil i gcás athchlársceidealú mór.

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.

   éilítear leis seo athbhreithniú ar CAI.

Ceanglaítear leis an tionscnamh coigeartú spriocdhírithe Rialachán CAI chun go bhféadfar ráthaíocht ó lamháil bhuiséad an Aontais a bheith ina ráthú do na hiasachtaí don Úcráin, i.e. an spás buiséadach os cionn na huasteorann le haghaidh íocaíochtaí an chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI) suas go dtí an teorainn a bhaineann le huasteorainn na n‑acmhainní dílse. Soláthróidh sé sin ardleibhéal cosanta agus dearbhaithe d’infheisteoirí, agus seachnóidh sé bunú costasach ráthaíochtaí náisiúnta, gan athruithe ar mhéid ná ar uasteorainneacha CAI. Chuige sin, is gá leasú teoranta a dhéanamh ar Rialachán CAI (AE, Euratom) 2020/2093 lena gceadófar caitheamh le dliteanais theagmhasacha a eascraíonn as cúnamh airgeadais don Úcráin ar an mbealach céanna le cúnamh airgeadais do na Ballstáit. Ní dhéanann leasú teoranta den sórt sin athbhreithniú ar uasteorainneacha is infheidhme CAI 2021-2027.

3.2.4 Ranníocaíochtaí tríú páirtí

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú arna dhéanamh ag tríú páirtithe 26

déantar foráil maidir le cómhaoiniú arna dhéanamh ag tríú páirtithe, mar a réamh-mheastar thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N 27

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

 


3.3 An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

ar ioncam eile

má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 28

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

I gcás ioncam sannta, sonraigh an líne/na línte caiteachais buiséid a ndéantar difear dóibh.

Féach roinn 3.2.1 thuas

(1)    COM/2022/233 final
(2)    Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom, IO L 424, 15.12.2020, lch. 1.
(3)    Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2021 go 2027, IO L 433I, 22.12.2020, p. 11.
(4)    Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 209, 14.6.2021, lch. 1.
(5)    Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 ón gComhairle an 20 Meitheamh 1996 maidir le cúnamh daonnúil (IO L 163, 2.7.1996, lch. 1).
(6)    Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an... 2022 … [(nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil)] agus Cinneadh ón gComhairle an …. 2022.
(7)    Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L 161, 29.5.2014, lch. 3).
(8)    Cinneadh (AE) 2022/313 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Feabhra 2022 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais don Úcráin (IO L 55, 28.2.2022, lch. 4).
(9)    Cinneadh (AE) 2022/1201 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2022 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin (IO L 186, 13.7.2022, lch. 1).
(10)    Cinneadh (AE) 2022/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2022 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin, lena ndaingnítear an ciste don soláthar coiteann le ráthaíochtaí ó na Ballstáit agus le soláthar sonrach le haghaidh roinnt dliteanas airgeadais a bhaineann leis an Úcráin arna ráthú faoi Chinneadh Uimh. 466/2014/AE, agus lena leasaítear Cinneadh (AE) 2022/1201 (IO L 245, 22.9.2022, lch. 1)..
(11)    Conclúidí ón gComhairle Eorpach, 23-24 Meitheamh 2022.
(12)    Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(13)    Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/Aontas ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 209, 14.6.2021, lch. 1.
(14)    Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 ón gComhairle an 20 Meitheamh 1996 maidir le cúnamh daonnúil (IO L 163, 2.7.1996, lch. 1).
(15)    Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11).
(16)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(17)    Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).
(18)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(19)    COM/2022/233 final
(20)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(21)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta ina dhiaidh sin.
(22)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(23)    AC = Ball Foirne ar Conradh; AL = Ball Foirne Áitiúil; END = Saineolaí Náisiúnta ar Iasacht; INT = Ball Foirne Gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe Sóisearacha i dToscaireachtaí.
(24)    Fo-uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).
(25)    AC = Ball Foirne ar Conradh; AL = Ball Foirne Áitiúil; END = Saineolaí Náisiúnta ar Iasacht; INT = Ball Foirne Gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe Sóisearacha i dToscaireachtaí.
(26)    Is i bhfoirm ioncaim shannta mar a chuirfear i láthair sa roinn thíos a bheidh ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe.
(27)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta ina dhiaidh sin.
(28)    A mhéid a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána tar éis 20 % de na costais bhailiúcháin a bhaint astu.