AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,9.11.2022
COM(2022) 582 final
2022/0364(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Phrótacail lena leasaítear Comhaontú Marrakech lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Cuireadh tús le Babhta Doha den chaibidlíocht trádála (ar a dtugtar freisin Clár Oibre Doha um Fhorbairt nó ‘DDA’) san Eagraíocht Dhomhanda Trádála (‘EDT’) in 2001 agus cumhdaíodh sa chaibidlíocht sin réimse leathan saincheisteanna lenar áiríodh fóirdheontais iascaigh, talmhaíocht, earraí tionsclaíocha, seirbhísí, fóirdheontais thionsclaíocha, agus saincheisteanna maidir le forbairt. Cuireadh de chúram ar an Eagraíocht Dhomhanda Trádála ina caibidlíocht maidir le fóirdheontais iascaigh Sprioc Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe 14.6. a bhaint amach.
Leagtar amach i Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 14.6 na Náisiún Aontaithe an aidhm chun toirmeasc a chur ar chineálacha áirithe fóirdheontas iascaigh a chuireann leis an ró-acmhainneacht agus leis an ró-iascaireacht, agus deireadh a chur le fóirdheontais a chuireann le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhrialáilte agus neamhthuairiscithe, agus staonadh ó fhóirdheontais nua den sórt sin a thabhairt isteach, agus á aithint gur cheart go mbeadh cóir speisialta agus dhifreálach atá iomchuí agus éifeachtach do thíortha i mbéal forbartha agus do thíortha is lú forbairt ina dlúthchuid den chaibidlíocht maidir le fóirdheontais iascaigh na hEagraíochta Domhanda Trádála.
Ag an 12ú Comhdháil Aireachta de chuid EDT a bhí ar siúl an 12-17 Meitheamh 2022 sa Ghinéiv, thángthas ar chomhthuiscint maidir leis an gComhaontú maidir le Fóirdheontais Iascaigh (‘an Comhaontú’). Ghlac an 12ú Comhdháil Aireachta de chuid EDT an Prótacal lena leasaítear Comhaontú Marrakech lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála tríd an gComhaontú maidir le Fóirdheontais Iascaigh, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal sin, a chur isteach i gComhaontú Marrakech tar éis an Chomhaontaithe maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh.
Tá an Comhaontú ríthábhachtach chun a áirithiú gurb í an inbhuanaitheacht príomhchuspóir na bhfóirdheontas iascaigh sin agus nach ndéanfar dochar do na haigéin agus do na stoic éisc atá fíor-riachtanach do shlí bheatha pobal cósta ar fud an domhain. Ar bhealach nach bhfacthas roimhe seo, chomhaontaigh Comhaltaí uile EDT srianta suntasacha a chur i bhfeidhm ar an iascaireacht neamh‑inbhuanaithe a fóirdheonú, go háirithe:
·Toirmeasc ar fhóirdheontais le haghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhrialáilte agus neamhthuairiscithe;
·Toirmeasc ar fhóirdheontais le haghaidh iascaireacht lasmuigh de dhlínse Stáit cósta agus lasmuigh d’inniúlacht eagraíochta réigiúnaí bainistithe iascaigh ábhartha (RFMO/A) chun na limistéir is leochailí nach bhfuil córas bainistíochta iascaigh bunaithe agus comhordaithe acu a chosaint;
·Toirmeasc ar fhóirdheontais le haghaidh iascaireacht a dhéanamh ar stoic a ndéantar ró-iascaireacht orthu cibé acu a bheifear ag cloí le caighdeáin inbhuanaitheachta nó nach mbeifear chun stoic den sórt sin a atógáil ar leibhéal sláintiúil;
·Disciplíní maidir le fóirdheontais a théann chun tairbhe do shoithí nach bhfuil bratach an Bhallstáit fhóirdheonaithe ar foluain acu; agus
·Forálacha fairsinge maidir le trédhearcacht agus fógra a thabhairt chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe.
Thug Comhaltaí EDT gealltanas freisin leanúint leis an gcaibidlíocht bunaithe ar na saincheisteanna atá fós gan réiteach i ndoiciméid WT/MIN(21)/W/5 agus WT/MIN(22)/W/20 d’fhonn moltaí a dhéanamh don 13ú Comhdháil Aireachta EDT le haghaidh forálacha breise lena mbainfí amach comhaontú cuimsitheach maidir le fóirdheontais iascaigh, lena n‑áirítear trí dhisciplíní breise ar chineálacha áirithe fóirdheontas iascaigh a chuireann leis an ró-acmhainneacht agus leis an ró-iascaireacht, agus á aithint gur cheart go mbeadh cóir speisialta agus dhifreálach atá iomchuí agus éifeachtach do Chomhaltaí a bhfuil a dtíortha i mbéal forbartha agus do Chomhaltaí de na tíortha is lú forbairt ina dlúthchuid den chaibidlíocht sin.
Tiocfaidh an Comhaontú maidir le Fóirdheontais Iascaigh i bhfeidhm do Chomhaltaí EDT a ghlac leis nuair a ghlacfaidh dhá thrian de Chomhaltaí EDT leis. Is é is aidhm don togra seo ón gCoimisiún le haghaidh cinneadh ón gComhairle an Comhaontú a thabhairt i gcrích go foirmiúil i gcomhréir le hAirteagal 218(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) chun a chur ar a chumas don Aontas fógra a thabhairt do EDT go bhfuil sé glactha aige.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Rinneadh an chaibidlíocht i ndlúthchomhairle leis an gCoiste um an mBeartas Trádála Seirbhísí agus Infheistíocht dá bhforáiltear le hAirteagal 218(3) CFAE. Tá tabhairt i gcrích fhoirmiúil na caibidlíochta ag an gComhairle ar cheann de na céimeanna is gá faoi Airteagal 218(6) CFAE chun éifeacht dhlíthiúil a thabhairt don toradh caibidlithe.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an Comhaontú go hiomlán comhsheasmhach le beartais an Aontais, go háirithe leis an gComhbheartas Tráchtála, leis an gComhbheartas Iascaigh, leis na rialacha maidir le státchabhair agus leis an mbeartas i ndáil le hobair chuibhiúil.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tabharfaidh an tAontas Eorpach an comhaontú i gcrích de bhun cinneadh ón gComhairle atá bunaithe ar Airteagal 218(6) CFAE, tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
De réir Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta maidir le réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas.
•Comhréireacht
Ní théann an togra le haghaidh an comhaontú a thabhairt i gcrích thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a bhaint amach maidir le gealltanais bhreise a ghlacadh faoi Chomhaontú Marrakech lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála thar ceann an Aontais Eorpaigh.
•An rogha ionstraime
Cuirtear an togra seo le haghaidh cinneadh ón gComhairle isteach i gcomhréir le hAirteagal 218(6) CFAE, lena mbeartaítear go nglacfaidh an Chomhairle cinneadh lena n‑údarófar an comhaontú a thabhairt i gcrích. Is í seo an t‑aon ionstraim dlí amháin atá ar fáil chun cuspóir an togra seo a bhaint amach.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
•Bailiú agus úsáid saineolais
•Measúnú tionchair
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Níl an comhaontú faoi réir nósanna imeachta REFIT.
•Cearta bunúsacha
Ní dhéanann an togra difear do chosaint ceart bunúsach laistigh den Aontas Eorpach.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níltear ag súil go mbeidh tionchar airgeadais ag an gcomhaontú ar bhuiséad an Aontais.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
•Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Dá nglacfadh an tAontas leis an bPrótacal, bheifí in ann an Comhaontú a ionchorprú in Iarscríbhinn 1A a ghabhann le Comhaontú EDT.
2022/0364 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Phrótacail lena leasaítear Comhaontú Marrakech lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le pointe v) d’Airteagal 218(6)(a) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tá an tAontas ina Chomhalta den Eagraíocht Dhomhanda Trádála (‘EDT’) a sheol Babhta Doha de na caibidlíochtaí trádála, ar a dtugtar Clár Oibre Doha um Fhorbairt i mí na Samhna 2001. Cuireadh de chúram ar an Eagraíocht Dhomhanda Trádála ina caibidlíocht maidir le fóirdheontais iascaigh Sprioc Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe 14.6. a bhaint amach.
(2)Rinne an Coimisiún caibidlíocht le Comhaltaí eile i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú le hAirteagal 207(3) den Chonradh.
(3)Tugadh an chaibidlíocht i gcrích ag an 12ú Comhdháil Aireachta EDT an 17 Meitheamh 2022. Ghlac Comhdháil Aireachta EDT an Prótacal lena leasaítear Comhaontú Marrakech lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (‘an Prótacal’) agus dearbhaíodh go raibh sí oscailte lena glacadh ag Comhaltaí EDT.
(4)Cuimsíonn an Prótacal an Comhaontú maidir le Fóirdheontais Iascaigh san Iarscríbhinn a ghabhann leis, ar comhaontú é a chuirfear isteach in Iarscríbhinn 1A a ghabhann le Comhaontú Marrakech lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála ar theacht i bhfeidhm an Phrótacail.
(5)Ba cheart an Prótacal a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Déantar leis seo an Prótacal lena leasaítear Comhaontú Marrakech lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais.
Tá téacs an Phrótacail i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Ainmneoidh Uachtarán na Comhairle an duine nó na daoine a chumhachtaítear an ionstraim ghlactha mar a shonraítear i míreanna 3 agus 5 den Phrótacal a thaisceadh, thar ceann an Aontais, chun toiliú an Aontais a bheith faoi cheangal ag an bPrótacal a chur in iúl.
Airteagal 3
Ní fhorléireofar aon ní sa Phrótacal seo mar ní lena dtugtar cearta nó lena bhforchuirtear oibleagáidí is féidir a agairt go díreach i gcúirteanna an Aontais nó na mBallstát.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha agus foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,9.11.2022
COM(2022) 582 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle
maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Phrótacail lena leasaítear Comhaontú Marrakech lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála
CEANGALTÁN
WT/MIN(22)/33
WT/L/1144
22 Meitheamh 2022
An Chomhdháil Aireachta
An Dara Seisiún Déag
An Ghinéiv, 12-15 Meitheamh 2022
AN COMHAONTÚ MAIDIR LE FÓIRDHEONTAIS IASCAIGH
AN CINNEADH ÓN AIRE AN 17 MEITHEAMH 2022
Tá an Chomhdháil Aireachta;
Ag féachaint do mhír 1 d’Airteagal X de Chomhaontú Marrakech lena mBunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (‘Comhaontú EDT’);
Ag meabhrú di an sainordú a tugadh do na Comhaltaí ag an 11ú Comhdháil Aireachta de chuid EDT in 2017 in Buenos Aires gur cheart don chéad Chomhdháil Aireachta eile comhaontú a ghlacadh maidir le disciplíní cuimsitheacha éifeachtacha lena dtoirmeascfar cineálacha áirithe fóirdheontas iascaigh a chuireann leis an ró‑acmhainneacht agus leis an ró‑iascaireacht, agus lena gcuirfear deireadh le fóirdheontais a chuireann le hiascaireacht NNN, agus é á aithint gur cheart é a bheith ina dhlúthchuid den chaibidlíocht sin go mbeidh cóir speisialta agus dhifreálach atá iomchuí agus éifeachtach ann do Chomhaltaí ar tíortha atá i mbéal forbartha iad agus do Chomhaltaí ar tíortha is lú forbairt iad.
Ag cinneadh an mhéid seo a leanas:
1.An Prótacal lena leasaítear Comhaontú EDT atá i gceangal leis an gCinneadh seo, déantar leis seo an prótacal sin a ghlacadh agus a chur faoi bhráid na gComhaltaí chun go nglacfaidh siad leis.
2.Leis seo, beidh an Prótacal ar oscailt lena ghlacadh ag na Comhaltaí.
3.Tiocfaidh an Prótacal i bhfeidhm i gcomhréir le forálacha mhír 3 d’Airteagal X de Chomhaontú EDT.
4.D’ainneoin Airteagal 9.4 den Chomhaontú maidir le Fóirdheontais Iascaigh, leanfaidh an Grúpa Caibidlíochta maidir le Rialacha ar aghaidh leis an gcaibidlíocht ar bhonn na saincheisteanna atá fós gan réiteach i ndoiciméid WT/MIN(21)/W/5 agus WT/MIN(22)/W/20 d’fhonn moltaí a dhéanamh don 13ú Comhdháil Aireachta de chuid EDT maidir le forálacha breise lena mbainfí amach comhaontú cuimsitheach i dtaca le fóirdheontais iascaigh, lena n‑áirítear trí dhisciplíní breise maidir le cineálacha áirithe fóirdheontas iascaigh a rannchuidíonn leis an ró‑acmhainneacht agus leis an ró‑iascaireacht, agus é á aithint gur cheart é a bheith ina dhlúthchuid den chaibidlíocht sin go mbeidh cóir speisialta agus dhifreálach atá iomchuí agus éifeachtach ann do Chomhaltaí ar tíortha atá i mbéal forbartha iad agus do Chomhaltaí ar tíortha is lú forbairt iad.
Ceangaltán
Prótacal lena leasaítear Comhaontú Marrakech chun Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le fóirdheontais iascaigh a bhunú
Tá Comhaltaí na hEagraíochta Domhanda Trádála;
Ag féachaint don Chinneadh ón gComhdháil Aireachta i ndoiciméad WT/MIN(22)/33 — WT/L/1144 arna ghlacadh de bhun mhír 1 d’Airteagal X de Chomhaontú Marrakech lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (‘Comhaontú EDT’);
Ag comhaontú, leis seo, an mhéid seo leanas:
1.Ar theacht i bhfeidhm an Phrótacail seo de bhun mhír 4, déanfar Iarscríbhinn 1A a ghabhann le Comhaontú EDT a leasú, tríd an gComhaontú maidir le Fóirdheontais Iascaigh, arna leagan amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal seo, a chur isteach i ndiaidh an Chomhaontaithe maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh.
2.Ní fhéadfar aon fhorchoimeádas a dhéanamh maidir le haon cheann d’fhorálacha an Phrótacail seo.
3.Leis seo, beidh an Prótacal ar oscailt lena ghlacadh ag na Comhaltaí.
4.Tiocfaidh an Prótacal i bhfeidhm i gcomhréir le forálacha mhír 3 d’Airteagal X de Chomhaontú EDT.
5.Déanfar an Prótacal seo a thaisceadh le hArd‑Stiúrthóir na hEagraíochta Trádála Domhanda a thabharfaidh cóip dheimhnithe de go pras do gach Comhalta mar aon le fógra faoi gach cás ina nglactar leis de bhun mhír 3.
6.Clárófar an Prótacal seo de réir fhorálacha Airteagal 102 de Chairt na Náisiún Aontaithe.
Arna dhéanamh sa Ghinéiv, an seachtú lá déag de Mheitheamh, dhá mhíle fiche a dó, in aon chóip amháin sa Bhéarla, sa Fhraincis agus sa Spáinnis, agus is téacs barántúil é gach téacs.
Iarscríbhinn
AN COMHAONTÚ MAIDIR LE FÓIRDHEONTAIS IASCAIGH
Airteagal 1: Raon feidhme
Tá feidhm ag an gcomhaontú seo maidir le fóirdheontais de réir bhrí Airteagail 1.1 den Chomhaontú maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh (Comhaontú SCM) ar fóirdheontais shonracha iad de réir bhrí Airteagal 2 den Chomhaontú sin d’iascaireacht gabhála fiáine mhuirí agus do ghníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaireacht ar muir., ,
Airteagal 2: Sainmhínithe
Chun críoch an Chomhaontaithe seo:
(a)ciallaíonn ‘iasc’ gach speiceas d’acmhainn bhitheolaíoch na mara, bíodh siad próiseáilte nó ná bíodh;
(b)ciallaíonn ‘iascaireacht’ iasc a lorg, a mhealladh, a aimsiú, a ghabháil, a thógáil nó a shaothrú nó aon ghníomhaíocht a bhféadfaí a bheith ag súil leis go réasúnta go ndéanfaí iasc a mhealladh, a aimsiú, a ghabháil, a thógáil nó a shaothrú de thoradh na gníomhaíochta sin;
(c)ciallaíonn ‘gníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaireacht’ aon oibríocht chun tacú le hiascaireacht nó mar ullmhúchán d’iascaireacht, lena n‑áirítear tabhairt i dtír, pacáistiú, próiseáil, trasloingsiú nó iompar éisc nár tugadh i dtír cheana ag calafort, chomh maith le soláthar pearsanra, breosla, trealaimh agus soláthairtí eile ar muir;
(d)ciallaíonn ‘soitheach’ aon soitheach, long de chineál eile nó bád a úsáidtear le haghaidh iascaireachta nó le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaireacht, nó atá feistithe a úsáid nó a bheartaítear a úsáid lena n‑aghaidh sin;
(e)ciallaíonn ‘oibreoir’ úinéir soithigh, nó aon duine, atá i bhfeighil an tsoithigh nó a stiúrann nó a rialaíonn an soitheach.
Airteagal 3: Fóirdheontais is cúis leis an
iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte
3.1Ní dhéanfaidh aon Chomhalta aon fhóirdheontas a dheonú ná a choinneáil ar bun do shoitheach ná d’oibreoir atá ag gabháil d’iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) nó do ghníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaireacht mar thaca le hiascaireacht NNN.
3.2Chun críocha Airteagal 3.1, measfar soitheach nó oibreoir a bheith i mbun iascaireacht NNN má chinntear go bhfuil ceann amháin de na nithe seo a leanas fíor ina thaobh,:
(a)Comhalta cósta, i gcás gníomhaíochtaí i limistéir atá faoina dhlínse; nó
(b)Comhalta Stáit brataí, i gcás gníomhaíochtaí a dhéanann soithí a bhfuil a bhratach ar foluain acu; nó
(c)Eagraíocht nó Comhshocrú Réigiúnach Bainistithe Iascaigh (E/CRBI) ábhartha, i gcomhréir le rialacha agus nósanna imeachta E/CRBI agus leis an dlí idirnáisiúnta ábhartha, lena n‑áirítear trí fhógra tráthúil agus faisnéis ábhartha a sholáthar, i limistéir agus i gcás speiceas atá faoina inniúlacht.
3.3(a)Tagraíonn cinneadh dearfach faoi Airteagal 3.2 don chinneadh críochnaitheach ó Chomhalta agus/nó don liostú críochnaitheach ó E/CRBI go raibh soitheach nó oibreoir i mbun iascaireacht NNN.
(b)Chun críocha Airteagal 3.2(a), beidh feidhm ag an toirmeasc faoi Airteagal 3.1 i gcás ina bhfuil an cinneadh a dhéanann an Comhalta cósta bunaithe ar fhaisnéis fhíorasach ábhartha agus inar chuir an Comhalta cósta an méid seo a leanas ar fáil don Chomhalta brataí agus, más eol, an Comhalta atá ag tabhairt an fhóirdheontais:
(i)fógra tráthúil, trí bhealaí iomchuí, gur coinníodh soitheach nó oibreoir go sealadach ar feitheamh imscrúdaithe breise i ndáil le bheith páirteach in iascaireacht NNN, nó gur thionscain an Comhalta cósta imscrúdú ar iascaireacht NNN, lena n‑áirítear tagairt d’aon fhaisnéis fhíorasach ábhartha, dlíthe, rialacháin, nósanna imeachta riaracháin, nó bearta ábhartha eile is infheidhme;
(ii)an deis faisnéis ábhartha a mhalartú sula ndéanfar cinneadh, ionas gur féidir an fhaisnéis sin a bhreithniú sa chinneadh críochnaitheach. Féadfaidh an Comhalta cósta an bealach agus an tréimhse ama a shonrú inar cheart an malartú faisnéise sin a dhéanamh; agus
(iii)fógra faoin gcinneadh críochnaitheach, agus faoi aon smachtbhannaí a cuireadh i bhfeidhm, lena n‑áirítear, más infheidhme, a bhfad.
Cuirfidh an Comhalta cósta cinneadh dearfach in iúl don Choiste dá bhforáiltear in Airteagal 9.1 (dá ngairtear ‘an Coiste’ sa Chomhaontú seo).
3.4An Comhalta atá i mbun fóirdheonú, cuirfidh sé san áireamh cineál, tromchúis agus atarlú na hiascaireachta NNN a rinne soitheach nó oibreoir agus fad chur i bhfeidhm an toirmisc in Airteagal 3.1 á shocrú aige. Beidh feidhm ag an toirmeasc in Airteagal 3.1 ar a laghad fad a mhairfidh an smachtbhanna is toradh ar an gcinneadh a spreag an toirmeasc, sin nó ar a laghad fad a bheidh an soitheach nó an t‑oibreoir liostaithe ag E/CRBI, cibé acu is faide.
3.5Tabharfaidh an Comhalta atá i mbun fóirdheonú fógra don Choiste faoi na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 3.1 i gcomhréir le hAirteagal 8.3.
3.6I gcás ina dtugann Comhalta calafoirt fógra do Comhalta atá i mbun fóirdheonú go bhfuil forais shoiléire aige lena chreidiúint go raibh soitheach i gceann dá chalafoirt i mbun iascaireacht NNN, tabharfaidh an Comhalta atá i mbun fóirdheonú aird chuí ar an bhfaisnéis a fuarthas agus déanfaidh sé na gníomhaíochtaí i ndáil lena fhóirdheontais de réir mar a mheasann sé is iomchuí.
3.7Beidh dlíthe, rialacháin agus/nó nósanna imeachta riaracháin i bhfeidhm ag gach Comhalta chun a áirithiú nach ndeonófar ná nach gcoinneofar ar bun fóirdheontais dá dtagraítear in Airteagal 3.1, lena n‑áirítear fóirdheontais den sórt sin a bheidh ann tráth theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
3.8Ar feadh tréimhse 2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, i gcás fóirdheontais arna ndeonú nó arna gcoinneáil ar bun ag Comhaltaí ar tíortha i mbéal forbartha iad, lena n‑áirítear Comhaltaí ar tíortha is lú forbairt (TLF) iad, suas go dtí an limistéar eacnamaíoch eisiach agus laistigh de, beidh siad díolmhaithe ó ghníomhaíochtaí bunaithe ar Airteagal 3.1 agus Airteagal 10 den Chomhaontú seo.
Airteagal 4: fóirdheontais maidir le stoic a ndéantar ró‑iascaireacht orthu
4.1Ní thabharfaidh ná ní choinneoidh aon Chomhalta fóirdheontais le haghaidh iascaireachta nó gníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaireacht maidir le stoc a ndearnadh ró‑iascaireacht air.
4.2Chun críoch an Airteagail seo, measfar go bhfuil ró‑iascaireacht á dhéanamh ar stoc i gcás ina n‑aithníonn an Comhalta cósta a bhfuil an iascaireacht á dhéanamh faoina dhlínse go bhfuil ró‑iascaireacht ar siúl, sin nó i gcás ina n‑aithníonn E/CRBI amhlaidh i limistéir agus i gcás speiceas atá faoina inniúlacht, ar bhonn na fianaise eolaíche is fearr atá ar fáil dóibh.
4.3D’ainneoin Airteagal 4.1, féadfaidh Comhalta na fóirdheontais dá dtagraítear in Airteagal 4.1 a dheonú nó a choinneáil ar bun má chuirtear na fóirdheontais sin nó bearta eile chun feidhme chun an stoc a atógáil go leibhéal atá inbhuanaithe ó thaobh na bitheolaíochta de.
4.4Ar feadh tréimhse 2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, i gcás fóirdheontais arna ndeonú nó arna gcoinneáil ar bun ag Comhaltaí ar tíortha i mbéal forbartha iad, lena n‑áirítear Comhaltaí ar tíortha is lú forbairt (TLF) iad, suas go dtí an limistéar eacnamaíoch eisiach agus laistigh de, beidh siad díolmhaithe ó ghníomhaíochtaí bunaithe ar Airteagal 4.1 agus Airteagal 10 den Chomhaontú seo.
Airteagal 5: Fóirdheontais EILE
5.1Ní dhéanfaidh aon Chomhalta fóirdheontais a dheonú ná a choinneáil ar bun, ar fóirdheontais iad a tugadh d’iascaireacht nó do ghníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaireacht lasmuigh de dhlínse Comhalta cósta nó neamh‑Chomhalta cósta agus lasmuigh d’inniúlacht E/CRBI ábhartha.
5.2Agus fóirdheontais á ndeonú do shoithí nach bhfuil bratach an Chomhalta sin ar foluain acu, tabharfaidh an Comhalta aire ar leith dó sin agus feidhmeoidh sé srian cuí ina thaobh.
5.3Agus fóirdheontais á ndeonú aige d’iascaireacht nó do ghníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaireacht i gcás stoic nach eol a stádas, tabharfaidh an Comhalta aird ar leith dó sin agus feidhmeoidh sé srian cuí ina thaobh.
Airteagal 6: Forálacha sonracha do Chomhaltaí LDC
Feidhmeoidh an Comhalta srian cuí i dtaobh ábhair a bhaineann le Comhalta TLF a ardú agus cuirfear san áireamh sna réitigh a bhféachfar orthu staid shonrach an Chomhalta TLF atá i gceist, más ann do staid dá leithéid.
Airteagal 7: Cúnamh teicniúil agus fothú acmhainneachta
Soláthrófar cúnamh teicniúil spriocdhírithe agus cúnamh forbartha acmhainní do Chomhaltaí ar tíortha i mbéal forbartha iad, lena n‑áirítear Comhaltaí TLF, chun na disciplíní faoin gComhaontú seo a chur chun feidhme. Chun tacú leis an gcúnamh sin, bunófar sásra cistiúcháin deonach EDT i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha amhail Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) agus an Ciste Idirnáisiúnta um Fhorbairt Talmhaíochta. Is ar bhonn deonach amháin a dhéanfaidh comhaltaí EDT ranníocaíochtaí leis an sásra agus ní úsáidfear gnáthacmhainní buiséadacha dó.
Airteagal 8: Fógra agus trédhearcacht
8.1Gan dochar d’Airteagal 25 de Chomhaontú SCM agus chun fógraí faoi fhóirdheontais iascaigh a neartú agus a fheabhsú, agus chun faireachas níos éifeachtaí a chumasú maidir le gealltanais fóirdheontas iascaigh a chur chun feidhme, déanfaidh gach Comhalta
(a)an fhaisnéis seo a leanas a thabhairt mar chuid dá fhógra rialta faoi fhóirdheontais iascaigh faoi Airteagal 25 de Chomhaontú SCM,: cineál na gníomhaíochta iascaireachta dá dtugtar an fóirdheontas;
(b)a mhéid is féidir, an fhaisnéis seo a leanas a thabhairt mar chuid dá fhógra rialta faoi fhóirdheontais iascaigh faoi Airteagal 25 de Chomhaontú SCM12,13:
(i)stádas na stoc éisc san iascach dá dtugtar an fóirdheontas (e.g. ró‑iascaireacht, iascaireacht uasta inbhuanaithe, nó tearc-iascaireacht) agus na pointí tagartha a úsáidtear, agus cé acu a roinntear nó nach roinntear na stoic sin le haon Comhalta eile, sin nó cé acu atá nó nach bhfuil siad á mbainistiú ag E/CRBI;
(ii)bearta caomhnúcháin agus bainistithe atá i bhfeidhm don stoc éisc ábhartha;
(iii)acmhainn an chabhlaigh san iascach dá dtugtar an fóirdheontas;
(iv)ainm agus uimhir aitheantais an tsoithigh iascaireachta nó na soithí iascaireachta a bhaineann tairbhe as an bhfóirdheontas; agus
(v)sonraí gabhála de réir speicis nó de réir grúpa speiceas san iascach dá dtugtar an fóirdheontas.
8.2Tabharfaidh gach Comhalta fógra i scríbhinn don Choiste ar bhonn bliantúil maidir le liosta soithí agus oibreoirí a chinn sé go dearfach go raibh siad i mbun iascaireacht NNN.
8.3Déanfaidh gach Comhalta, laistigh de bhliain amháin ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, an Coiste a chur ar an eolas faoi bhearta atá ann nó a dhéantar chun cur chun feidhme agus riar an Chomhaontaithe seo a áirithiú, lena n‑áirítear na bearta a rinneadh chun toirmisc a leagtar amach in Airteagail 3, 4 agus 5 a chur chun feidhme. Cuirfidh gach Comhalta an Coiste ar an eolas go pras freisin faoi aon athrú ar bhearta den sórt sin ina dhiaidh sin, agus faoi bhearta nua a dhéanfar chun na toirmisc a leagtar amach in Airteagal 3 a chur chun feidhme.
8.4Déanfaidh gach Comhalta, laistigh de bhliain amháin ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, tuairisc a sholáthar don Choiste ar a chóras iascaigh ina mbeidh tagairtí dá dhlíthe, dá rialacháin agus dá nósanna imeachta riaracháin is ábhartha don Chomhaontú seo, agus cuirfidh sé an Coiste ar an eolas go pras faoi aon mhodhnú ina dhiaidh sin. Féadfaidh Comhalta an oibleagáid sin a chomhlíonadh trí nasc leictreonach atá cothrom le dáta a chur ar fáil don Choiste chuig leathanach gréasáin an Chomhalta nó chuig leathanach gréasáin oifigiúil eile ina leagtar amach an fhaisnéis sin.
8.5An Comhalta atá ag tabhairt fógra, féadfaidh Comhalta eile tuilleadh faisnéise a iarraidh ar an gComhalta sin maidir leis na fógraí agus an fhaisnéis a sholáthraítear faoin Airteagal seo. An Comhalta atá ag tabhairt fógra, tabharfaidh sé freagra ar an iarraidh sin chomh tapa agus is féidir i scríbhinn agus ar bhealach cuimsitheach. Má mheasann Comhalta nár cuireadh fógra nó faisnéis faoin Airteagal seo ar fáil, féadfaidh an Comhalta sin aird an Chomhalta eile sin nó an Choiste a tharraingt ar an ábhar.
8.6Tabharfaidh na Comhaltaí fógra i scríbhinn don Choiste, ar theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, faoi aon E/CRBI a bhfuil siad ina bpáirtithe ann. Is éard a bheidh san fhógra sin, ar a laghad, téacs na hionstraime dlí lena dtionscnaítear E/CRBI, an limistéar agus na speicis faoina inniúlacht, an fhaisnéis maidir le stádas na stoc éisc bainistithe, tuairisc ar a bhearta caomhnúcháin agus bainistithe, na rialacha agus na nósanna imeachta lena rialaítear a chinntí iascaireachta NNN, agus liostaí nuashonraithe na soithí agus/nó na n‑oibreoirí ar chinn an Coiste go raibh siad i mbun iascaireacht NNN. Féadfaidh Comhalta amháin nó grúpa Comhaltaí an fógra sin a chur i láthair. Cuirfear aon athrú ar an bhfaisnéis sin in iúl don Choiste go pras. Coinneoidh Rúnaíocht an Choiste liosta E/CRBInna mar a fógraíodh de bhun an Airteagail seo.
8.7Má thugtar fógra, aithníonn na Comhaltaí nach rud é sin a dhéanann réamhbhreith ar (a) a stádas dlíthiúil faoi GATT 1995, faoi Chomhaontú SCM, nó faoin gComhaontú seo; (b) éifeachtaí an bhirt faoi Chomhaontú SCM; nó (c) cineál an bhirt féin.
8.8Níl aon rud san Airteagal seo lena gceanglaítear faisnéis rúnda a thabhairt.
Airteagal 9: Socruithe institiúideacha
9.1Bunaítear leis seo Coiste um Fhóirdheontais Iascaigh ar a mbeidh ionadaithe ó gach Comhalta. Toghfaidh an Coiste a Chathaoirleach féin agus tiocfaidh sé le chéile dhá uair sa bhliain ar a laghad agus seachas sin mar a bheartaítear le forálacha ábhartha an Chomhaontaithe seo arna iarraidh sin d’aon Chomhalta. Comhlíonfaidh an Coiste freagrachtaí arna sannadh dó faoin gComhaontú seo nó arna sannadh ag na Comhaltaí agus tabharfaidh sé deis do na Comhaltaí dul i gcomhairle leis maidir le haon ábhar a bhaineann le feidhmiú an Chomhaontaithe seo nó le cur ar aghaidh a chuspóirí. Gníomhóidh Rúnaíocht EDT mar rúnaíocht don Choiste.
9.2Scrúdóidh an Coiste an fhaisnéis uile a sholáthraítear de bhun Airteagail 3 agus 8 agus de bhun an Airteagail seo gach dhá bhliain ar a laghad.
9.3Déanfaidh an Coiste athbhreithniú bliantúil ar chur chun feidhme agus ar fheidhmiú an Chomhaontaithe seo, agus cuspóirí an Chomhaontaithe seo á gcur san áireamh. Cuirfidh an Coiste an Chomhairle um Thrádáil Earraí ar an eolas gach bliain faoi fhorbairtí le linn na tréimhse a chumhdaítear leis na hathbhreithnithe sin.
9.4Tráth nach déanaí ná cúig bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, athbhreithneoidh an Coiste feidhmiú an Chomhaontaithe seo d’fhonn na modhnuithe uile is gá a shainaithint chun feidhmiú an Chomhaontaithe seo a fheabhsú, agus cuspóirí an Chomhaontaithe seo á gcur san áireamh. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coiste tograí a chur faoi bhráid na Comhairle um Thrádáil Earraí chun téacs an Chomhaontaithe seo a leasú ag féachaint, inter alia, don taithí a fuarthas agus é á chur chun feidhme.
9.5Coinneoidh an Coiste dlúth‑theagmháil le FAO agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha eile i réimse an bhainistithe iascaigh, lena n‑áirítear E/CRBInna ábhartha.
Airteagal 10: Réiteach díospóidí
10.1Beidh feidhm ag forálacha Airteagail XXII agus XXIII de GATT 1994 arna leagan amach agus arna gcur i bhfeidhm ag an gComhaontú um Réiteach Díospóidí (DSU) maidir le comhairliúcháin agus réiteach díospóidí faoin gComhaontú seo, ach amháin má fhoráiltear a mhalairt go sonrach ann.
10.2Gan dochar do mhír 1, beidh feidhm ag forálacha Airteagal 4 de Chomhaontú SCM maidir le comhairliúcháin agus réiteach díospóidí faoi Airteagail 3, 4 agus 5 den Chomhaontú seo.
Airteagal 11: Forálacha críochnaitheacha
11.1Ach amháin mar a fhoráiltear in Airteagail 3 agus 4, ní chuirfidh aon ní sa Chomhaontú seo cosc ar Chomhalta fóirdheontas a dheonú i leith fóirithint tubaistí, más fíor an méid seo a leanas i gcás an fhóirdheontais:
(a)tá sé teoranta d’fhóirithint tubaiste ar leith;
(b)tá é teoranta don limistéar geografach lena mbaineann;
(c)tá sé teoranta ó thaobh ama de; agus
(d)i gcás fóirdheontais atógála, tá sé teoranta don iascach a bhí buailte agus/nó don chabhlach a bhí buailte a thabhairt ar ais go dtí an leibhéal a bhí ann roimh an tubaiste.
11.2(a)Ní bheidh aon impleacht dhlíthiúil ag an gComhaontú seo, lena n‑áirítear aon chinneadh, moladh agus dámhachtain i ndáil leis an gComhaontú seo, maidir le héilimh chríche ná teorannú críoch muirí.
(b)Ní dhéanfaidh painéal arna bhunú de bhun Airteagal 10 den Chomhaontú seo aon chinneadh i ndáil le haon éileamh lena gceanglófaí air a chuid cinntí a bhunú ar aon éileamh críche dearbhaithe nó ar aon chríoch mhuirí a theorannú.
11.3Ní fhorléireofar aon ní sa Chomhaontú seo ná ní chuirfear i bhfeidhm é ar dhóigh a dhéanfaidh dochar do dhlínse, do chearta agus d’oibleagáidí Comhaltaí, a eascraíodh as an dlí idirnáisiúnta, lena n‑áirítear dlí na farraige.
11.4Ach amháin má fhoráiltear a mhalairt, ní thabharfaidh aon ní sa Chomhaontú seo le tuiscint go bhfuil Comhalta faoi cheangal ag bearta nó cinntí, nó go n‑aithníonn sé, aon E/CRBI nach páirtí ná neamhpháirtí comhoibríoch ann é.
11.5Ní dhéantar aon cheart ná oibleagáid dá bhforáiltear i gComhaontú SCM a mhodhnú ná a neamhniú leis an gComhaontú seo.
AIRTEAGAL 12: AN COMHAONTÚ A FHOIRCEANNADH MURA nGLACFAR DISCIPLÍNÍ CUIMSITHEACHA
Mura nglacfar disciplíní cuimsitheacha laistigh de cheithre bliana ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, agus mura gcinnfidh an Chomhairle Ghinearálta a mhalairt, déanfar an Comhaontú seo a fhoirceannadh láithreach.