An Bhruiséil,3.11.2022

COM(2022) 569 final

2022/0353(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE lena n‑údaraítear do Phoblacht na Polainne bearta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 26(1), pointe (a) agus ar Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

De bhun Airteagal 395(1) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha 1 (‘an Treoir maidir le CBL’), féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún, údarú a thabhairt d’aon Bhallstát bearta speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar fhorálacha na Treorach sin chun an nós imeachta um bailiú CBL a shimpliú nó chun cineálacha áirithe imghabhála nó seachanta cánach a chosc.

Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 18 Feabhra 2022, d’iarr an Pholainn go gcuirfí síneadh leis an maolú ar Airteagal 26(1), pointe (a) agus Airteagal 168 den Treoir maidir le CBL chun (i) leanúint de theorainn 50 % a chur leis an gceart CBL ionchuir a asbhaint maidir le mótarfheithiclí a cheannach, a fháil laistigh den Chomhphobal, a allmhairiú, a fhruiliú agus a léasú, ar mótarfheithiclí iad nach n‑úsáidtear go hiomlán chun críoch gnó agus maidir le caiteachas a bhaineann leis na feithiclí sin, agus (ii) maidir le húsáid feithiclí, ag duine inchánach nó ag a fhostaithe, a chumhdaítear leis an teorainn thuas ar an gceart CBL ionchuir a asbhaint chun críoch eile seachas gníomhaíocht ghnó arna déanamh ag an duine inchánach, nach gcaithfear léi mar sholáthairtí seirbhísí ar chomaoin.

I gcomhréir le hAirteagal 395(2) den Treoir maidir le CBL, chuir an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas le litir dar dáta an 15 Márta 2022 maidir leis an iarraidh a rinne an Pholainn. Le litir dar dáta an 16 Márta 2022, thug an Coimisiún fógra don Pholainn go raibh an fhaisnéis uile aige a mheas sé a bheith riachtanach chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh.

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Dá ndéanfaí iniúchtaí chun a chinneadh a mhéid a úsáidtear feithiclí chun críoch gnó agus chun críoch eile (go háirithe chun críoch príobháideach nach mbaineann le gnó) chruthófaí deacrachtaí agus ualaí suntasacha d’údaráis chánach agus do dhaoine inchánach araon agus d’fhéadfadh díospóidí fadálacha agus costasacha a bheith ann don dá pháirtí. Sa chleachtas, bíonn sé fiú dodhéanta uaireanta deighilt iarbhír úsáid feithiclí a fhíorú. D’fhéadfadh calaois CBL nó iarracht ar chalaois a bheith mar thoradh air (amhail coimeád taifead neamhiontaofa), agus dá bhrí sin laghdú ar ioncam cánach. Mar gheall ar an líon feithiclí a úsáidtear chun críoch measctha, d’fhéadfadh imghabháil cánach a bheith suntasach.

Thairis sin, is iad cuideachtaí beaga a bhfuil láimhdeachas íseal acu (ar a dtugtar micrifhiontair) is mó atá ann sa Pholainn, agus is minic gur dílseánachtaí aonair nó cuideachtaí nach bhfostaíonn ach cúpla oibrí iad. Is minic gur gnólachtaí teaghlaigh iad sin. I bhfiontair bheaga den chineál sin, is minic nach ndéantar sócmhainní cuideachta a scaradh go soiléir ó shócmhainní príobháideacha daoine atá i mbun na gníomhaíochta gnó. I gcásanna den sórt sin, bíonn sé thar a bheith deacair idirdhealú a dhéanamh idir úsáid phríobháideach agus úsáid ghnó mótarfheithiclí agus bheadh eisíocaíochtaí móra díréireacha ag teastáil ina leith, lena n‑áirítear iad siúd a eascraíonn as an ngá atá ann doiciméadacht mhionsonraithe a choimeád.

Le cur i bhfeidhm na mbeart sonrach arna n‑iarraidh, laghdaítear an t‑ualach riaracháin agus na costais d’fhiontraithe. Ní gá do dhaoine inchánach roinnt oibleagáidí troma maidir le doiciméadú agus tuairisciú a chomhlíonadh (e.g. an gá sonraí in aghaidh an chiliméadair, mar a thugtar orthu, a choinneáil agus a thuairisciú don riarachán cánach, i.e. liosta mionsonraithe de chiliméadair a thiomáintear i dtaca le gníomhaíocht ghnó a dhéantar), rud a d’fhéadfadh a bheith ina ualach riaracháin díréireach uaireanta.

De ghnáth bíonn gnólachtaí i bhfabhar na rialacha asbhainte a eascraíonn as an maolú a iarrtar. Meastar gur comhréiteach rathúil iad na bearta a glacadh faoi Chinneadh cur chun feidhme 2013/805/AE idir na rialacha a bhfuil glacadh leo agus coimeád costasach, fadálach agus neamhéifeachtúil taifead lena gcruthaítear úsáid iarbhír feithiclí le haghaidh gníomhaíochtaí gnó. Féadfar a léiriú gur glacadh leis na simplithe a eascraíonn as an maolú ó na rialacha ginearálta leis an bhfíric gur ghlac daoine inchánach rialacha den sórt sin le haghaidh beagnach 90 % de na feithiclí a úsáidtear.

Ar na cúiseanna sin, tá maolú ar Airteagal 26(1)(a) agus Airteagal 168 den Treoir maidir le CBL á chur i bhfeidhm ag Poblacht na Polainne ó bhí 1 Aibreán 2014 ann. Cuireadh síneadh leis na bearta sonracha thuasluaite go dtí an 31 Nollaig 2019 agus ansin go dtí an 31 Nollaig 2022 le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1837 ón gComhairle 2 agus le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1594 ón gComhairle 3 , faoi seach.

I bhfianaise thionchar dearfach an bhirt speisialta ar an ualach riaracháin atá ar cháiníocóirí agus údaráis chánach araon, moltar síneadh ar an mbeart maolaithe atá ann faoi láthair a údarú. Ba cheart an t‑údarú a bheith bailí go ceann tréimhse theoranta eile, i.e. go dtí an 31 Nollaig 2025, chun gur féidir athbhreithniú a dhéanamh ar riachtanas agus ar éifeachtacht an bhirt mhaolaithe agus ar an ráta cionroinnte idir úsáid ghnó agus úsáid neamhghnó a bhfuil sé bunaithe air. Ba cheart tuarascáil ina bhfuil athbhreithniú ar an gcéatadán a cuireadh i bhfeidhm a bheith ag gabháil le haon iarraidh ar shíneadh agus ba cheart í a sheoladh chuig an gCoimisiún faoin 31 Márta 2025.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tugadh maoluithe den chineál céanna maidir leis an gceart asbhainte do Bhallstáit eile 4 .

Sonraítear in Airteagal 176 den Treoir maidir le CBL go gcinnfidh an Chomhairle an caiteachas nach bhfuil CBL in-asbhainte ina leith. Go dtí sin, údaraítear do na Ballstáit eisiaimh a bhí i bhfeidhm faoi dhlíthe náisiúnta an 1 Eanáir 1979 a choinneáil ar bun. Ar an mbonn sin, tá roinnt forálacha ‘neamhghníomhaíochta’ ann lena gcuirtear srian leis an gceart CBL a asbhaint i ndáil le mótarfheithiclí corparáideacha.

Theip ar thionscnaimh roimhe seo chun rialacha a bhunú maidir leis na catagóirí caiteachais a d’fhéadfadh a bheith faoi réir srian ar an gceart asbhainte 5 . Go dtí go ndéanfar na rialacha sin a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais, meastar gurb iomchuí maoluithe amhail an maolú atá ann faoi láthair.

Dá bhrí sin, tá na bearta atá beartaithe comhsheasmhach le forálacha na Treorach maidir le CBL.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an beart sin comhsheasmhach leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Iúil 2020 - Plean Gníomhaíochta le haghaidh Cánachas Cothrom agus Simplí a thacaíonn le Téarnamh Eacnamaíoch 6 , ina leagtar béim ar an ngá atá le tacaíocht a thabhairt do chuideachtaí óga agus nuálacha, a bhfuil castacht riaracháin níos mó rompu ná mar atá roimh chuideachtaí ilnáisiúnta móra, agus ag a mbíonn costais chomhlíonta níos airde go comhréireach de ghnáth ná mar a bhíonn ag cuideachtaí móra. Tá sé comhoiriúnach freisin le clár oibre an Choimisiúin do 2017 7 , ina gcuirtear i dtábhacht an gá atá le CBL a shimpliú do ghnólachtaí beaga. 

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Airteagal 395 den Treoir maidir le CBL.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

I bhfianaise na forála den Treoir maidir le CBL ar a bhfuil sé bunaithe, tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

Comhréireacht

Baineann an Cinneadh le húdarú arna dheonú do Bhallstát arna iarraidh sin dó féin agus níl aon oibleagáid ann.

I bhfianaise raon feidhme teoranta an mhaolaithe, tá an beart speisialta comhréireach leis an aidhm atá á saothrú, i.e. an bailiú cánach a shimpliú agus cineálacha áirithe imghabhála nó seachanta cánach a chosc. Go háirithe, ós rud é go bhféadfadh gnólachtaí gan a ndliteanais uile a dhearbhú agus i bhfianaise na seiceála troma ar shonraí maidir le míleáiste d’údaráis chánach, shimpleodh an srian 50 % an nós imeachta um bailiú CBL agus chuirfeadh sé cosc ar imghabháil cánach inter alia trí choimeád taifead mícheart.

An rogha ionstraime

Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle, sin í an ionstraim atá beartaithe.

Faoi Airteagal 395 den Treoir maidir le CBL, ní féidir maolú ar rialacha coiteanna CBL a chur i bhfeidhm ach i gcás ina n‑údaróidh an Chomhairle é sin agus í ag gníomhú d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún. Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle, sin í an ionstraim is oiriúnaí ó tharla gur féidir í a dhíriú chuig Ballstát aonair.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Chuir Poblacht na Polainne tuarascáil i gceangal lena hiarraidh chun síneadh a chur leis an mbeart speisialta thuasluaite. Áiríodh sa tuarascáil athbhreithniú ar an srian reatha ar an gceart CBL a asbhaint, dá bhforáiltear in Airteagal 3, an dara mír, de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE ón gComhairle 8 , arna leasú le hAirteagal 1 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1594 ón gComhairle 9 .

San athbhreithniú ar an srian leis an gceart CBL a asbhaint a rinneadh don tuarascáil thuasluaite, thángthas ar na conclúidí seo a leanas go háirithe:

·chuidigh an beart speisialta le bailiú CBL a shimpliú agus imghabháil CBL a chosc trí dheireadh a chur leis an deacracht do dhuine inchánach an cion d’úsáid feithicle chun críoch gnó agus chun críoch eile a chinneadh (úsáid phríobháideach feithiclí gnó den chuid is mó) rud a chothaíonn seachaint agus imghabháil cánach maidir le cáin aschuir;

·chuidigh an beart speisialta le hoibleagáidí cánach a shimpliú agus le hualaí riaracháin a laghdú ar dhaoine inchánach (go háirithe in earnáil na FBManna) agus ar an riarachán cánach trí laghdú suntasach a dhéanamh ar na deacrachtaí a bhaineann le cruinneas na nasbhaintí cánach ar ionchur a fhíorú, a mbíonn díospóidí riaracháin agus cúirte costasacha agus fadálacha (don dá pháirtí) mar thoradh orthu go minic;

·is iomchuí an srian 50 % ar an gceart CBL ionchuir a asbhaint, toisc go gcomhfhreagraíonn sé go ginearálta do mheánúsáid phríobháideach feithicle ag duine inchánach ar leith (dá núsáidfí cóimheas níos ísle nó níos airde, bheadh neamhréireachtaí iomarcacha ann idir úsáid thoimhdithe agus úsáid iarbhír na feithicle chun críoch gnó agus príobháideach);

·tá an beart comhoiriúnach le prionsabal na neodrachta agus ní chuireann sé srian leis an gceart chun asbhaint iomlán a fháil i leith cáin ionchuir ar speansais a bhaineann le feithiclí paisinéirí ar choinníoll go gcomhlíonann an duine inchánach ceanglais áirithe maidir le taifid a choimeád lena ndeimhnítear go núsáidtear an fheithicil do ghníomhaíochtaí gnó amháin.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Ní dhearnadh aon chomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara. Tá an togra seo bunaithe ar iarraidh a rinne an Pholainn agus baineann sé leis an mBallstát áirithe sin amháin.

Bailiú agus úsáid saineolais

Ní raibh aon ghá le saineolas seachtrach.

Measúnú tionchair

Is é is aidhm don togra simpliú a dhéanamh ar an nós imeachta maidir le CBL a ghearradh agus cosc a chur ar imghabháil CBL. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí tionchar dearfach a bheith aige ar ghnólachtaí agus ar riaracháin araon. Tá an beart speisialta sainaitheanta ag an bPolainn mar an réiteach is iomchuí agus tá sé inchomparáide le maoluithe eile a deonaíodh do Bhallstáit eile roimhe seo agus atá ann faoi láthair.

Cearta bunúsacha

Níl aon iarmhairt ag gabháil leis an togra maidir le cosaint na gceart bunúsach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh tionchar diúltach ag an togra ar bhuiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Áirítear sa togra clásal éagtha atá socraithe don 31 Nollaig 2025.

I gcás ina bhféachfaidh an Pholainn ar shíneadh breise a chur leis an mbeart speisialta tar éis 2025, ba cheart di iarraidh ar shíneadh a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar aon le tuarascáil lena n‑áireofaí athbhreithniú ar theorainn an chéatadáin faoin 31 Márta 2025.

2022/0353 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE lena n‑údaraítear do Phoblacht na Polainne bearta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 26(1), pointe (a) agus ar Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha 10 , agus go háirithe Airteagal 395(1) di,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le hAirteagal 168 de Threoir 2006/112/CE bunaítear ceart an duine inchánach cáin bhreisluacha (‘CBL’) a mhuirearaítear ar sholáthairtí earraí agus seirbhísí a fhaigheann siad chun críocha a nidirbheart cáinmhuirearaithe a asbhaint. Leagtar síos in Airteagal 26(1), pointe (a), den Treoir sin, nuair a úsáidtear sócmhainn ghnó chun críoch príobháideach an duine inchánach nó foireann an duine inchánach nó, ar bhonn níos ginearálta, chun críoch eile seachas a ghnó, go gcaithfear leis sin mar sholáthar seirbhísí ar chomaoin agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé faoi réir CBL.

(2)De bhua Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE ón gComhairle 11 , údaraíodh don Pholainn, go dtí an 31 Nollaig 2022, teorainn 50 % a chur leis an gceart CBL a asbhaint maidir le mótarfheithiclí bóthair áirithe a cheannach, a fháil laistigh den Chomhphobal, a allmhairiú, a fhruiliú, nó a léasú, agus caiteachas a bhaineann leis sin, i gcás nach núsáidtear na feithiclí sin chun críoch gnó amháin, agus faoiseamh a thabhairt don duine inchánach ó chuntas a thabhairt ar CBL ar úsáid neamhghnó na bhfeithiclí a chumhdaítear leis an srian (na ‘bearta speisialta’).

(3)Rachaidh Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE ón gComhairle (arna leasú) in éag an 31 Nollaig 2022. Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 18 Feabhra 2022, d’iarr an Pholainn údarú chun leanúint de na bearta speisialta a chur i bhfeidhm, de mhaolú ar Airteagal 26(1), pointe (a) agus Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE, go ceann tréimhse eile go dtí an 31 Nollaig 2025, chun srian a chur leis an gceart asbhainte i ndáil le caiteachas ar mhótarfheithiclí bóthair áirithe nach núsáidtear chun críoch gnó amháin agus chun faoiseamh a thabhairt do dhaoine inchánach ó chaitheamh le húsáid feithiclí den chineál sin nach mbaineann le gnó mar sholáthar seirbhísí ar chomaoin (‘an iarraidh’).

(4)I gcomhréir le hAirteagal 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, chuir an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas le litir dar dáta an 15 Márta 2022 maidir leis an iarraidh a rinne an Pholainn. Le litir dar dáta an 16 Márta 2022, thug an Coimisiún fógra don Pholainn go raibh an fhaisnéis uile is gá aige chun breithniú a dhéanamh ar an iarraidh.

(5)I gcomhréir le hAirteagal 3, an dara mír, de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE, chuir an Pholainn tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin, in éineacht leis an iarraidh, maidir le cur i bhfeidhm na mbeart speisialta, lenar áiríodh athbhreithniú ar an teorainn céatadáin a cuireadh i bhfeidhm maidir leis an gceart CBL a asbhaint. Ar bhonn na faisnéise sin, measann an Pholainn go bhfuil údar cuí fós le ráta 50 %. Measann sí freisin go bhfuil gá fós leis an maolú ar an gceanglas in Airteagal 26(1)(a) de Threoir 2006/112/CE chun cánachas dúbailte a sheachaint. Tá údar cuí leis na bearta speisialta sin mar gheall ar an ngá atá ann simpliú a dhéanamh ar an nós imeachta maidir le CBL a ghearradh agus cosc a chur ar imghabháil trí choimeád taifead mícheart agus dearbhuithe cánach bréagacha.

(6)Ní bheidh ach éifeacht dhiomaibhseach ag cur i bhfeidhm na mbeart speisialta tar éis an 31 Nollaig 2022 ar mhéid foriomlán ioncam cánach na Polainne a bhailítear ag céim an tomhaltais deiridh agus ní dhéanfaidh sé dochar d’acmhainní dílse an Aontais a fhabhraíonn ó CBL.

(7)Is iomchuí, dá bhrí sin, síneadh a chur leis an údarú a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE. Ba cheart teorainn ama a chur le síneadh an údaraithe ionas go mbeifear in ann meastóireacht a dhéanamh ar a éifeachtacht agus ar an srian céatadáin iomchuí a chuirtear i bhfeidhm ar an gceart CBL a asbhaint.

(8)I gcás ina bhféadfadh an Pholainn a mheas go bhfuil gá leis na bearta speisialta tar éis dháta éaga Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE, agus chun scrúdú tráthúil a áirithiú ar aon iarraidh ar shíneadh a chur leis an údarú dá bhforáiltear sa Chinneadh Cur Chun Feidhme sin, is gá ceanglais a leagan síos maidir le hiarraidh den chineál sin.

(9)Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE:

‘Airteagal 3

Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 31 Nollaig 2025.

Déanfar aon iarraidh ar shíneadh a chur leis an údarú dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2025. Beidh tuarascáil ag gabháil leis an iarraidh sin, lena n‑áireofar athbhreithniú ar an srian céatadáin a chuirtear i bhfeidhm ar an gceart CBL a asbhaint ar bhonn an Chinnidh seo.’.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na Polainne.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.
(2)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1837 ón gComhairle an 11 Deireadh Fómhair 2016 lena núdaraítear do Phoblacht na Polainne leanúint de bhearta speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 26(1)(a) agus Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 280, 18.10.2016, lch. 28).
(3)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1594 ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2019 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE lena núdaraítear do Phoblacht na Polainne bearta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 26(1), pointe (a) agus Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 248, 27.9.2019, lgh. 71–72).
(4)    Mar shampla: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1997 ón gComhairle an 15 Samhain 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1994 lena núdaraítear don Chróit beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 26(1), pointe (a) agus Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 408, 17.11.2021, lgh. 1–2); Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1493 ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 lena núdaraítear don Ungáir beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 26(1), pointe (a) agus Airteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 252, 8.10.2018, lgh. 44–46). Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1854 ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2017 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/797/AE lena núdaraítear do Phoblacht na hEastóine beart a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 26(1), pointe (a) agus Airteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 265, 14.10.2017, lgh. 17–18).
(5)    COM (2004) 728 final — Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 77/388/CEE d’fhonn oibleagáidí cánach breisluacha a shimpliú (IO C 24, 29.1.2005, lch. 10) a tarraingíodh siar an 21 Bealtaine 2014 (IO C 153, 21.5.2014, lch. 3).
(6)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle – Plean Gníomhaíochta le haghaidh Cánachas Cothrom agus Simplí a thacaíonn le Téarnamh Eacnamaíoch (COM(2020) 312 final).
(7)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - Clár Oibre an Choimisiúin do 2017. (COM(2016) 710 final)
(8)    Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena núdaraítear do Phoblacht na Polainne bearta speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 26(1)(a) agus Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 353, 28.12.2013, lch. 5, arna leasú).
(9)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1594 ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2019 lena leasaítear Cinneadh 2013/805/AE lena núdaraítear do Phoblacht na Polainne bearta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 26(1)(a) agus Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO AE L 248, 27.9.2019, lch. 71).
(10)    IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.
(11)    Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena núdaraítear do Phoblacht na Polainne bearta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 26(1), pointe (a) agus ar Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 353, 28.12.2013, lch. 51).