AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,24.10.2022
COM(2022) 539 final
2022/0331(CNS)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 a mhéid a bhaineann le malartú na faisnéise arna coinneáil ar bun sna cláir leictreonacha a bhaineann le hoibreoirí eacnamaíocha a ghluaiseann earraí máil idir na Ballstáit chun críoch tráchtála
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Féadfar gluaiseachtaí tráchtála earraí máil laistigh den Aontas Eorpach a dhéanamh faoi fhionraí dleachta máil (dá ngairtear ‘Fionraí Dleachta’ anseo feasta) nó tar éis iad a scaoileadh lena dtomhailt i gcríoch Ballstáit amháin agus iad a ghluaiseacht ansin go críoch Ballstáit eile chun iad a sheachadadh chun críoch tráchtála (dá ngairtear ‘Dleacht Íoctha’ anseo feasta). Faoi láthair, leis an gcóras ríomhairithe dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2020/263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ní dhéantar faireachán ach ar ghluaiseachtaí faoi Fhionraí Dleachta. Maidir leis na gluaiseachtaí sin, cruthaítear agus sainmhínítear cineálacha oibreoirí eacnamaíocha i dTreoir 2008/118/CE ón gComhairle.
Faoi Chaibidil V de Threoir 2020/262 ón gComhairle, déanfar faireachán ar ghluaiseachtaí Dleachta Íoctha leis an gcóras ríomhairithe ón 13 Feabhra 2023 ar aghaidh. Rinneadh cineálacha sonracha oibreoirí eacnamaíocha maidir le gluaiseachtaí Dleachta Íoctha a chruthú agus a shainmhíniú i dTreoir 2020/262 ón gComhairle.
Le Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle, leagtar síos an bunús dlí atá le comhar riaracháin idir na Ballstáit. Coinníonn gach Ballstát bunachar sonraí leictreonach ar bun ina bhfuil cláir ina bhfuil sonraí na n‑oibreoirí eacnamaíocha atá ag gabháil do ghluaiseacht earraí máil. I gcomhthéacs an chomhair riaracháin, ní mhalartaíonn na Ballstáit na sonraí a áirítear sna cláir sin le clár lárnach arna oibriú ag an gCoimisiún ach amháin a mhéid a bhaineann leis na hoibreoirí eacnamaíocha a ghluaiseann earraí faoi Fhionraí Dleachta.
Ar bhonn Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle, ón 13/2/2023 ar aghaidh, coinneoidh na Ballstáit ar bun sonraí na n‑oibreoirí eacnamaíocha atá ag gabháil do ghluaiseachtaí Dleachta Íoctha sna cláir chéanna bunachar sonraí leictreonach. Sainmhínítear na hoibreoirí eacnamaíocha sin i dTreoir 2020/262 ón gComhairle mar choinsíneoirí deimhnithe agus coinsínithe deimhnithe.
Leis an togra seo, déanfaidh na Ballstáit an nós imeachta maidir le malartú sonraí oibreoirí eacnamaíocha a ghluaiseann earraí faoi Fhionraí Dleachta a ailíniú le malartú shonraí na n‑oibreoirí eacnamaíocha a ghluaiseann earraí faoi Dhleacht Íoctha. .
Leis an ailíniú sin, tabharfar i gcrích a thuilleadh digitiú an fhaireacháin ar ghluaiseachtaí earraí máil arna scaoileadh lena dtomhailt i gcríoch Ballstáit amháin agus a ghluaistear ansin go críoch Ballstáit eile chun iad a sheachadadh ansin chun críoch tráchtála agus chun feabhas a chur ar an gcomhrac i gcoinne calaois chánach.
Ina theannta sin, leis an togra seo, cuirfear tagairtí in ionad tagairtí do rialachán a aisghairfear. Ar bhealach níos sonraí, tagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle do Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 ón gCoimisiún. Déanfar an rialachán sin a aisghairm ón 13/2/2023 ar aghaidh agus cuirfear Rialachán Tarmligthe (AE).../... [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir foilseacháin an Rialacháin a luaitear san fhonóta] ón gCoimisiún ina ionad. Leis an togra seo, cuirfear an tagairt don rialachán nua in ionad na tagartha don rialachán a bhí ann roimhe seo.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá nasc ag an togra le Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle, lena sainítear gluaiseachtaí earraí máil a scaoileadh lena dtomhailt i gcríoch Ballstáit amháin agus a ghluaistear go críoch Ballstáit eile chun iad a sheachadadh ansin chun críoch tráchtála.
Is é is cuspóir don togra seo raon feidhme Airteagail 15, 19 agus 20 de Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle a leathnú chun go malartóidh na Ballstáit faisnéis maidir leis na hoibreoirí eacnamaíocha uile agus ní hamháin maidir leis na hoibreoirí sin atá ag gabháil do ghluaiseacht earraí máil faoi shocruithe fionraí dleachta.
Tá nasc breise ag an togra seo le Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle sa mhéid is gur de bhun Rialachán Tarmligthe (AE).../... [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an uimhir foilseacháin], a chuirfear in ionad Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 ón gCoimisiún, é Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Is leasú an‑teicniúil atá sa leasú seo agus dá bhrí sin tá sé gan tionchar ar bheartais eile de chuid an Aontais.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Leis an airteagal sin, déantar foráil maidir leis an gComhairle, ag gníomhú di d’aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, forálacha a ghlacadh chun rialacha na mBallstát a chomhchuibhiú i réimse an chánachais indírigh.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta sa mhéid is nach dtagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh.
Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach, agus is fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. Le Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle, soláthraítear rialacha comhchuibhithe a mhéid a bhaineann le malartú sonraí le haghaidh oibriú rianúil gluaiseachtaí earraí máil idir na Ballstáit, agus ina éagmais sin, d’fhéadfadh na Ballstáit iad a shocrú go déthaobhach agus éagsúlacht iontu ó Bhallstát go chéile. Leis an togra seo, leathnaítear cur i bhfeidhm na nósanna imeachta atá ann cheana féin maidir le malartú sonraí chun oibreoirí eacnamaíocha eile a chumhdach, arb iad na hoibreoirí eacnamaíocha atá ag gabháil do ghluaiseachtaí earraí máil a scaoileadh lena dtomhailt i gcríoch Ballstáit amháin agus a ghluaistear go críoch Ballstáit eile chun iad a sheachadadh ansin chun críoch tráchtála.
•Comhréireacht
Ní théann an leasú a bheartaítear thar a bhfuil riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna atá i dtreis agus, ar an mbealach sin, chun cuspóirí an Chonartha a bhaint amach mar atá feidhmiú cuí éifeachtach an Mhargaidh Inmheánaigh.
Cloíonn an togra seo le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5, mír 4 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
Is é is cuspóir don togra oibleagáidí na mBallstát a thabhairt isteach, is é sin na hoibleagáidí atá orthu maidir le malartú shonraí na n‑oibreoirí eacnamaíocha a ghluaiseann earraí faoi Chaibidil V, roinn 2 de Threoir (AE) 2020/262 ón gComhairle, ar sonraí iad a choinnítear ar bun sna cláir náisiúnta agus sa chlár lárnach. In éagmais an togra seo, ní bheifear in ann faisnéis a mhalartú ina hiomláine, rud a d’imreodh tionchar diúltach ar an ualach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha, ar an riosca calaoise agus ar an gcomhar riaracháin idir údaráis inniúla na mBallstát.
•An rogha ionstraime
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Measúnú tionchair
Ullmhaíodh an measúnú tionchair le haghaidh athmhúnlú Threoir 2008/118/CE. Tar éis í a bheith leasaithe go suntasach roinnt uaireanta, de ghrá na soiléireachta, is amhlaidh a rinneadh aisghairm ar Threoir 2008/118/CE ón gComhairle, treoir lena leagtar amach na socruithe ginearálta le haghaidh earraí atá faoi réir dleacht mháil, agus is le Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle a rinneadh an aisghairm sin. Togra sin an athmhúnlaithe, is togra é a raibh measúnú tionchair ag gabháil leis ar Threoir 2008/118/CE ón gComhairle, rud lenar díríodh fócas ar réimsí ar leith, ina measc sin an t‑uathoibriú ar ghluaiseachtaí earraí máil laistigh den Aontas, ar earraí iad arna scaoileadh lena dtomhailt. Le Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle, tugtar aghaidh ar ríomhairiú gluaiseachtaí earraí máil arna scaoileadh lena dtomhailt, rud nach ndéantar foráil maidir leis i dTreoir 2008/118/CE.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Is faoi chuimsiú chlár REFIT an Choimisiúin Eorpaigh a rinneadh an mheastóireacht ar Threoir 2008/118/CE.
•Cearta bunúsacha
Leis an togra seo, urramaítear na cearta bunúsacha, go háirithe an ceart chun príobháideachais, trí bhíthin na forála um chosaint sonraí arb ann di cheana i Rialachán (AE) Uimh. 389/2012
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní bheidh gá le hacmhainní breise ó bhuiséad an Aontais.
5.EILIMINTÍ EILE
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Leis an togra, leathnaítear raon feidhme Airteagal 15(1)(d) de Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 lena leagtar amach an oibleagáid atá ar na Ballstáit an fhaisnéis is gá a mhalartú i gcás inar tharla díothú iomlán nó caillteanas doleigheasta earraí máil gluaiseachtaí faoi shocrú fionraí dleachta do ghluaiseachtaí earraí máil arna scaoileadh lena dtomhailt i gcríoch Ballstáit amháin agus a ghluaistear go críoch Ballstáit eile chun iad a sheachadadh ansin chun críoch tráchtála.
Déanfar Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 ón gCoimisiún a aisghairm agus cuirfear Rialachán Tarmligthe (AE) .../... [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an uimhir foilseacháin] ina ionad. Leis an togra, cuirtear an tagairt d’Iarscríbhinn II, códliosta 10 de Rialachán Tarmligthe (AE) .../... [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an uimhir foilseacháin] in ionad na tagartha d’Iarscríbhinn II, códliosta 11 de Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 ón gCoimisiún in Airteagal 19(2)(c) den Rialachán seo.
Maidir leis an gcéad mhír d’Airteagal 19(4) de Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 a mhéid a bhaineann leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit an fhaisnéis atá sna cláir náisiúnta faoi seach a mhalartú trí chlár lárnach, ar faisnéis í a bhaineann le hoibreoirí eacnamaíocha atá ag gabháil do ghluaiseacht earraí máil faoi shocruithe fionraí dleachta idir na Ballstáit, leathnaítear raon feidhme na míre sin chun gluaiseachtaí earraí máil a chumhdach, ar earraí máil iad arna scaoileadh lena dtomhailt i gcríoch Ballstáit amháin agus arna ngluaiseacht go críoch Ballstáit eile chun iad a sheachadadh ansin chun críoch tráchtála.
Leis an gcéad abairt d’Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) Uimh. 389/2012, tagraítear don fhéidearthacht uimhreacha clárúcháin máil oibreoirí eacnamaíocha atá ag gabháil do ghluaiseacht earraí máil faoi shocrú fionraí dleachta a bhailíochtú go leictreonach. Leis an togra, leathnaítear raon feidhme na habairte sin chun go mbeidh feidhm ag an bhféidearthacht sin maidir le huimhreacha clárúcháin máil oibreoirí eacnamaíocha a ghluaiseann earraí máil arna scaoileadh lena dtomhailt i gcríoch Ballstáit amháin agus arna ngluaiseacht go críoch Ballstáit eile chun iad a sheachadadh ansin chun críoch tráchtála.
2022/0331 (CNS)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 a mhéid a bhaineann le malartú na faisnéise arna coinneáil ar bun sna cláir leictreonacha a bhaineann le hoibreoirí eacnamaíocha a ghluaiseann earraí máil idir na Ballstáit chun críoch tráchtála
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 113 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le hAirteagal 36 de Threoir (AE) 2020/262 ón gComhairle, maidir le gluaiseacht earraí máil a scaoileadh lena dtomhailt i gcríoch Ballstáit amháin agus a ghluaistear go críoch Ballstáit eile chun iad a sheachadadh ansin chun críoch tráchtála, foráiltear go bhfuil an ghluaiseacht sin le déanamh faoi chumhdach doiciméad riaracháin leictreonach simplithe. Ar an mbealach sin, leis an Airteagal sin, maidir le húsáid an chórais ríomhairithe faoi Chinneadh (AE) 2020/263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun faireachán a dhéanamh ar ghluaiseacht earraí máil, ar córas é a úsáidtear chun faireachán a dhéanamh ar ghluaiseachtaí earraí máil faoi shocruithe fionraí dleachta, leathnaítear úsáid an chórais sin chun faireachán a dhéanamh ar earraí máil arna scaoileadh lena dtomhailt i gcríoch Ballstáit amháin agus a ghluaistear go críoch Ballstáit eile chun iad a sheachadadh chun críoch tráchtála. Beidh feidhm ag an leathnú sin ar úsáid an chórais ríomhairithe ón 13 Feabhra 2023 ar aghaidh.
(2)Chun an leathnú sin ar úsáid an chórais ríomhairithe a léiriú, is gá raon feidhme Airteagal 15(1), pointe (d), Airteagal 19(4), an chéad fhomhír, agus Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 a leathnú chun na hearraí máil uile lena mbaineann a chumhdach, gan beann ar cé acu a tharla socrú fionraí dleachta nó nár tharla.
(3)Le hAirteagal 19(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 389/2012, ceanglaítear ar na Ballstáit a choinneáil ar bun sna cláir leictreonacha catagóir táirge máil (CAT) agus/nó cód táirge máil (EPC) na dtáirgí a chumhdaítear leis an údarú, ar táirgí iad dá dtagraítear i gcódliosta 11 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 ón gCoimisiún. Ón 13 Feabhra 2023 ar aghaidh, áfach, cuirfear Rialachán Tarmligthe (AE).../... [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir foilseacháin an Rialacháin a luaitear san fhonóta] ón gCoimisiún in ionad Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 ón gCoimisiún. Ar mhaithe leis an tsoiléireacht, is iomchuí an t‑ionadú sin a léiriú in Airteagal 19(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 389/2012.
(4)Ós rud é gurb é is cuspóir don Rialacháin seo foráil a dhéanamh maidir le malartú na faisnéise a choinníonn gach Ballstát ar bun sa chlár leictreonach maidir leis na hoibreoirí eacnamaíocha a ghluaiseann earraí arna scaoileadh lena dtomhailt i gcríoch Ballstáit amháin agus arna ngluaiseacht ansin go críoch Ballstáit eile chun iad a sheachadadh ansin chun críoch tráchtála, ní féidir leis na Ballstáit é a bhaint amach go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta, eadhon feidhmiú comhchuibhithe an chórais ríomhairithe a áirithiú ó Bhallstát go chéile, is fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.
(5)Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint. Ní théann próiseáil na sonraí sin arna déanamh faoi chuimsiú an Rialacháin seo thar a bhfuil riachtanach agus comhréireach chun leas fioscach dlisteanach na mBallstát a chosaint.
(6)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(7)Chun dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le dáta chur i bhfeidhm Chaibidil V, Roinn 2, de Threoir (AE) 2020/262, agus chun am leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit ullmhú do na hathruithe a eascraíonn as an Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith aige ón 13 Feabhra 2023 ar aghaidh.
(8)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 a leasú dá réir sin,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 389/2012
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 mar a leanas:
(1)in Airteagal 15(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):
‘(d)
i gcás inar tharla díothú iomlán nó caillteanas doleigheasta earraí máil;’;
(2)leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:
(a)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
‘(c)
catagóir táirge máil (CAT) agus/nó cód táirge máil (EPC) na dtáirgí a chumhdaítear leis an údarú, ar táirgí iad dá dtagraítear i gcódliosta 10 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) .../... [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an uimhir foilseacháin]*;
____________________________________________________________
*
Rialachán Tarmligthe (AE) .../... ón gCoimisiún an ... lena bhforlíontar Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle trí struchtúr agus inneachar na ndoiciméad arna malartú i gcomhthéacs ghluaiseacht na n‑earraí máil a bhunú, agus lena mbunaítear tairseacha i gcomhair na gcaillteanas mar gheall ar chineál na n‑earraí (IO L ...) [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an uimhir agus an tagairt IO].’;
(b)i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘An fhaisnéis atá sna cláir náisiúnta faoi seach dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a bhaineann le hoibreoirí eacnamaíocha atá ag gabháil do ghluaiseachtaí earraí máil dá dtagraítear i gCaibidil IV agus i gCaibidil V, Roinn 2, de Threoir (AE) 2020/262 ón gComhairle* , déanfar í a mhalartú go huathoibríoch trí chlár lárnach.’
__________________________________________________________________
*
Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (IO L 58, 27.2.2020, lch. 4).’;
(3)in Airteagal 20(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
‘Áiritheoidh an Coimisiún gur féidir le daoine a bhfuil baint acu le gluaiseacht earraí máil dá dtagraítear i gCaibidil IV agus i gCaibidil V, Roinn 2, de Threoir (AE) 2020/262, deimhniú a fháil trí mheán leictreonach ar bhailíocht na n‑uimhreacha máil atá sa chlár lárnach dá dtagraítear in Airteagal 19(4) den Rialachán seo.’.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 13 Feabhra 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán