An Bhruiséil,14.10.2022

COM(2022) 525 final

2022/0325(NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh le haghaidh 2023 a shocrú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/110 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh le haghaidh 2022 a shocrú


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gComhbheartas Iascaigh (Bunrialachán CBI) 1 , féachtar lena áirithiú go saothraítear beo-acmhainní uisceacha faoi dhálaí inbhuanaithe eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta. Tá socrú bliantúil na ndeiseanna iascaireachta ina uirlis thábhachtach sa chomhthéacs sin. I ngach rialachán maidir le deiseanna iascaireachta, ní mór teorainn a chur le saothrú stoc éisc ar leibhéil atá ag teacht le cuspóirí foriomlána an Comhbheartais Iascaigh (CBI).

Is é socrú na ndeiseanna iascaireachta le haghaidh stoic áirithe agus grúpaí stoc áirithe sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh cuspóir an togra seo.

I gcomhréir leis an bplean ilbhliantúil le haghaidh stoic ghrinnill sa Mheánmhuir thiar, 2 moltar leis an togra seo deiseanna iascaireachta a shocrú, arna sloinneadh i dtéarmaí uasiarracht iascaireachta incheadaithe agus uasteorainneacha gabhála le haghaidh séaclaí, maidir leis na Ballstáit lena mbaineann (an Spáinn, an Fhrainc agus an Iodáil).

Beartaítear leis an togra seo freisin deiseanna iascaireachta a shocrú de bhun comhaontuithe atá tugtha i gcrích faoi chuimsiú an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM), eagraíocht réigiúnach bainistithe iascaigh atá freagrach as caomhnú agus bainistiú beo-acmhainní muirí sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh. Tá an tAontas Eorpach ina chomhalta de CGIM, mar aon leis an mBulgáir, an Chróit, an Chipir, an Fhrainc, an Ghréig, an Iodáil, Málta, an Rómáin, an tSlóivéin agus an Spáinn. Tá na bearta arna nglacadh faoi chuimsiú CGIM ina gceangal ar a chomhaltaí sin.

Ar deireadh, beartaítear leis an togra seo cuóta uathrialach a shocrú maidir leis an salán mhuir mheoid ionas nach méadófar an leibhéal básmhaireachta iascaireachta atá ann faoi láthair. Moltar leis freisin an ghabháil iomlán incheadaithe (TAC) agus cuótaí le haghaidh an turbaird a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, mar a bhunaítear le CGIM.

Is é cuspóir deiridh an togra leibhéil stoic a thabhairt go dtí leibhéil lena bhféadfar uastáirgeacht inbhuanaithe (MSY) a chur ar fáil, agus iad a choinneáil ar na leibhéil sin. Is é is aidhm don phlean ilbhliantúil maidir le stoic ghrinnill sa Mheánmhuir thiar go mbainfear amach uastáirgeacht inbhuanaithe (MSY) i dtaca le básmhaireacht iascaireachta ar bhonn forchéimnitheach incriminteach faoi 2020 i gcás inar féidir agus faoin 1 Eanáir 2025 ar a dhéanaí.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá na bearta atá beartaithe ceaptha i gcomhréir le cuspóirí agus rialacha CBI.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá na bearta atá beartaithe comhsheasmhach le beartas an Aontais maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 43(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an togra seo.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(d) CFAE. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

Comhréireacht

Comhlíontar leis an togra prionsabal na comhréireachta ós rud é gur comhbheartas é CBI ionas go mbeidh gach imchuach farraige réigiúnach an Aontais (e.g. Muir Bhailt, an Mheánmhuir) ina chuspóir ag Rialachán maidir le Deiseanna Iascaireachta lena n‑áirithítear cothrom iomaíochta i gcur chun feidhme CBI. Ceanglaítear le hAirteagal 43(3) CFAE ar an gComhairle bearta a ghlacadh maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú agus a chionroinnt.

Moltar leis an togra deiseanna iascaireachta a chionroinnt ar na Ballstáit. Faoi Airteagail 16 agus 17 de bhun-Rialachán CBI, tá sé de shaoirse ag na Ballstáit deiseanna den sórt sin a chionroinnt ar shoithí faoina mbratach féin de réir mar is cuí leo. Dá bhrí sin, tá neart discréide acu maidir le cinntí a bhaineann le saothrú na ndeiseanna i gcomhréir lena samhlacha sóisialta agus eacnamaíocha.

Ní bheadh aon impleacht airgeadais nua ag an togra do na Ballstáit.

An rogha ionstraime

Is rialachán ón gComhairle é an ionstraim atá beartaithe.

Is togra maidir le bainistiú iascaigh é seo ar bhonn Airteagal 43(3) CFAE i gcomhréir le hAirteagal 16 de Bhunrialachán CBI.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Chuathas i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara tríd an teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle dar teideal I dtreo iascaireacht níos inbhuanaithe san Aontas: staid na himeartha agus treoshuíomhanna le haghaidh 2023.

Bailiú agus úsáid saineolais

Tá an measúnú ar staid na stoc sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh bunaithe ar an obair is déanaí a rinne an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach agus Coiste Comhairleach Eolaíoch CGIM maidir le hIascaigh.

Measúnú tionchair

Le hAirteagal 43(3) CFAE cuirtear teorainn le raon feidhme na rialachán maidir le deiseanna iascaireachta.

Leis an bplean ilbhliantúil le haghaidh iascaigh ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar, tugadh isteach córas iarrachta iascaireachta chun dul i ngleic le fadhb na ró-iascaireachta ar iascaigh ghrinnill na Meánmhara thiar. Ina theannta sin, déantar foráil le hAirteagal 7(3)(b) den phlean ilbhliantúil maidir leis an bhféidearthacht go bhféadfar an laghdú ar an iarracht iascaireachta a fhorlíonadh le haon bheart teicniúil ábhartha nó aon bheart caomhnaithe eile a ghlactar i gcomhréir le dlí an Aontais, chun luach na básmhaireachta iascaireachta measta a bhaint amach, le patrún iascaireachta ar leith agus faoi mheándálaí comhshaoil reatha, lena dtugtar leis an uastáirgeacht fhadtéarmach (Fmsy) faoin 1 Eanáir 2025. Bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch, le Rialachán (AE) 2022/110 ón gComhairle (Rialachán 2022 maidir le Deiseanna Iascaireachta), 3 tugadh isteach córas iarrachta le haghaidh soithí spiléir agus teorainneacha gabhála le haghaidh na séaclaí.

A mhéid a bhaineann leis na deiseanna iascaireachta arna mbunú ag CGIM sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh, moltar leis an togra seo bearta a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta a chur chun feidhme. Déileáiltear le haon ghné a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag na deiseanna iascaireachta le linn ullmhú agus sheoladh na caibidlíochta idirnáisiúnta agus ar faoina cuimsiú a dhéantar deiseanna iascaireachta an Aontais a chomhaontú le tríú páirtithe.

Is léiriú é an togra ní hamháin ar an imní ghearrthéarmach ach chomh maith leis sin, ar chur chuige níos fadtéarmaí lena ndéantar iarracht iascaireachta a choigeartú de réir leibhéil inbhuanaithe fadtéarmacha de réir a chéile.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach.

Cearta bunúsacha

Neamhbhainteach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleacht bhuiséadach ag an togra.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Cuirfear an togra seo chun feidhme i gcomhréir le Bunrialachán CBI. Déanfar faireachán agus comhlíontacht a áirithiú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle 4 .

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Neamhbhainteach.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Beartaítear leis an togra deiseanna iascaireachta le haghaidh 2023 a shocrú maidir le stoic áirithe agus grúpaí stoc áirithe sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

A.    Plean Bainistíochta Ilbhliantúil na Meánmhara Thiar a chur chun feidhme

Faoin bplean ilbhliantúil le haghaidh iascaigh ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar, socróidh an Chomhairle uasiarracht iascaireachta incheadaithe le haghaidh soithí tráil a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar, le haghaidh gach grúpa iarrachta iascaireachta de réir an Bhallstáit agus le haghaidh na stocghrúpaí in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an bplean.

In 2021, mhol an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) agus Coiste Comhairleach Eolaíoch CIGM araon gur cheart gníomhaíocht ghasta a dhéanamh agus fíor-laghduithe ar bhásmhaireacht iascaireachta a ghlacadh, chun uastáirgeacht inbhuanaithe (MSY) a bhaint amach le haghaidh stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar. Rinneadh róshaothrú ar stoic colmóirí agus séaclaí domhainmhara chomh mór sin gur mheas STECF go réamhchúramach go raibh siad ar leibhéal faoi bhun Blim, is é sin an pointe tagartha teorann, arna shloinneadh i dtéarmaí bithmhais stoic sceite agus dá soláthraítear sa chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, go háirithe ó STECF, nó ó chomhlacht eolaíoch neamhspleách den chineál céanna arna shainaithint ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar faoina bhun is féidir laghdú a bheith ar acmhainneacht atáirgthe na stoc éisc

Mhol STECF (STECF-21-13 agus PLEN-21-03) go raibh gá le cur chuige iomlánaíoch, lena gcomhcheanglófaí bearta iarrachta le haghaidh trálaer agus soithí spiléireachta araon agus teorainneacha gabhála le haghaidh séaclaí domhainmhara, chun básmhaireacht iascaireachta a laghdú go práinneach, go háirithe i gcás stoc colmóirí agus séaclaí domhainmhara. Cuireadh an cur chuige sin chun feidhme le Rialachán 2022 maidir le Deiseanna Iascaireachta, agus tá sé beartaithe ag an gCoimisiún leanúint den chur chuige sin a chur chun feidhme in 2023.

Cuimsítear leis an togra seo sraith ‘pro memoria’ (pm) don leibhéal iarrachta iascaireachta, chomh maith le leibhéal na ngabhálacha, agus tabharfar chun críche í ag céim níos déanaí, nuair a bheidh an chomhairle ó STECF ar fáil.

Thairis sin, chun úsáid roghnaíocht an trealaimh a chur chun cinn agus chun limistéir choiscthe éifeachtúla a bhunú chun ógánaigh agus sceithirí a chosaint, le Rialachán 2022 maidir le Deiseanna Iascaireachta, bunaíodh sásra cúitimh i ndáil leis an gcóras iarrachta le haghaidh trálaer agus tá sé beartaithe aga an gCoimisiún leanúint de chur chun feidhme an tsásra sin in 2023.

Bunaithe ar an taithí a fuarthas sa chéad bhliain den chur i bhfeidhm, measann an Coimisiún gur gá a shoiléiriú an chaoi ar cheart an sásra a chur chun feidhme go cúlghabhálach le haghaidh 2022. Molann an Coimisiún freisin pm % de na laethanta iascaireachta a leithdháileadh i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch le haghaidh 2023.

B.    Bearta CGIM is infheidhme sa Mheánmhuir, lena náirítear:

- Teorainneacha saothraithe iascaireachta agus teorainneacha ar an líon údaruithe iascaireachta maidir leis an gcoiréalach dearg sa Mheánmhuir ina hiomláine (FLGanna 1 go 27).

- Teorainneacha ar an líon údaruithe iascaireachta maidir leis an dorád coiteann sa Mheánmhuir ina hiomláine (FLGanna 1 go 27).

- Bearta maidir le stoic peiligeach beag faoi phlean bainistíochta ilbhliantúil CIGM le haghaidh speicis pheiligeacha bheaga arna nglacadh in 2021 i Muir Aidriad (FLGanna 17 agus 18).

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún leanúint d’fhorálacha an phlean sin a chur chun feidhme in 2023, rud a leanann cur chuige dhá chéim, lena ngabhann idirthréimhse agus bearta fadtéarmacha.

Is é 2023 an dara bliain den idirthréimhse agus molann an Coimisiún go leanfaí de na teorainneacha gabhála a chur chun feidhme leis an sciar inmheánach idirthréimhseach idir an Iodáil agus an Chróit agus leis an gcúlchiste idirthréimhseach don tSlóivéin, chomh maith leis an uasteorainn acmhainneachta cabhlaigh le haghaidh soithí peas-saighne agus trálaeir pheiligeacha a dhíríonn ar stoic peiligeach beag.

Ba cheart an uasteorainn acmhainneachta sin a bheith mar an gcéanna leis an uasteorainn atá i Rialachán 2022 maidir le Deiseanna Iascaireachta agus ba cheart í a bhunú ar an acmhainneacht a tuairiscíodh do CIGM in 2014.

Bearta le haghaidh stoic ghrinnill faoin bplean ilbhliantúil i Muir Aidriad (FLGanna 17 agus 18):

Ag an 45ú seisiún bliantúil a bheidh aige i mí na Samhna 2022, ba cheart do CIGM moladh nua a ghlacadh lena laghdófar, le haghaidh 2023, an iarracht iascaireachta le haghaidh tráil dobharchú (OTB) agus le haghaidh trálaeir bhíoma (TBB). Tabharfar an togra cothrom le dáta trí bhíthin páipéar leathoifigiúil ina mbeidh leibhéil an laghdaithe, tar éis sheisiún bliantúil CIGM.

Ba cheart an uasacmhainneacht cabhlaigh ó Rialachán 2022 maidir le Deiseanna Iascaireachta a bheith i bhfeidhm le haghaidh 2023.

Áirítear sa togra sraith ionadchoinneálaithe, le haghaidh stoc éisc ina bhfuil bearta idirthréimhseacha CIGM ag dul in éag ag deireadh 2022 agus ar cheart do CIGM bearta nua a ghlacadh ina leith ag an 45ú seisiún bliantúil a bheidh aige i mí na Samhna 2022.

- Bearta chun an séacla mór dearg agus an séacla gorm agus dearg a bhainistiú i gCaolas na Sicile (FLGanna 12 go 16), sa Mhuir Iónach (FLGanna 19 go 21), agus i Muir na Leiveainte (FLGanna 24 go 27).

- Bearta le haghaidh an deargáin i Muir Alboran (FLGanna 1 go 3).

C.    Bearta CGIM is infheidhme sa Mhuir Dhubh, lena náirítear:

- Cuóta uathrialaitheach le haghaidh an tsaláin, ar bhonn comhairle eolaíoch.

- An ghabháil iomlán incheadaithe agus an chionroinnt cuótaí le haghaidh an turbaird faoin phlean bainistíochta ilbhliantúil CGIM i ndáil le hiascaigh turbard lena gcuirtear chun feidhme Moladh CGIM/43/2019/3 (FLG 29).

Maidir le leibhéil TAC agus na gcuótaí le haghaidh an turbaird, déanfar an togra ón gCoimisiún a thabhairt cothrom le dáta tar éis an 45ú seisiún bliantúil CGIM i mí na Samhna 2022.

Go dtí 2017, cuireadh moltaí CIGM chun feidhme i ndlí an Aontais de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 (arna leasú) 5 agus ghlac an Coimisiún togra chun na Moltaí a ghlac CIGM in 2018 agus 2019 a chur chun feidhme (COM/2021/434 final).

Na bearta atá nasctha go feidhmiúil leis na deiseanna iascaireachta, amhail cosc le linn an tséasúir sceite, tá siad ina gcuid den togra seo, ós rud é nach bhféadfaí na deiseanna iascaireachta a bhunú ar an leibhéal céanna gan na tréimhsí coiscthe sin (mar shampla le haghaidh an turbaird sa Mhuir Dhubh). D’fhéadfadh éagsúlacht a bheith ann maidir le raon feidhme na tréimhse coiscthe, ag brath ar staid na stoc arna measúnú leis an gcomhairle eolaíoch.

2022/0325 (NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh le haghaidh 2023 a shocrú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/110 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh le haghaidh 2022 a shocrú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Ceanglaítear, le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 , go nglacfar bearta caomhnaithe agus an chomhairle eolaíoch, theicniúil agus eacnamaíoch dá bhfuil ar fáil á cur san áireamh, lena náirítear, i gcás inarb ábhartha, tuarascálacha arna dtarraingt suas ag an gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascaigh, mar aon le comhairle a fhaightear ó Chomhairlí Comhairleacha a cuireadh ar bun le haghaidh na limistéar geografach ábhartha nó na réimsí inniúlachta ábhartha agus na moltaí comhpháirteacha arna ndéanamh ag na Ballstáit.

(2) Tá an Chomhairle le bearta a ghlacadh maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú agus a chionroinnt, lena náirítear coinníollacha áirithe atá nasctha go feidhmiúil leis na deiseanna iascaireachta sin, de réir mar is iomchuí. Foráiltear le hAirteagal 16(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 gur cheart deiseanna iascaireachta a chionroinnt ar na Ballstáit ar dhóigh lena náirithítear cobhsaíocht choibhneasta gníomhaíochtaí iascaireachta gach Ballstáit le haghaidh gach stoic éisc nó iascaigh. 

(3)Foráiltear le hAirteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 gurb é cuspóir an chomhbheartais iascaigh (CBI) ráta saothraithe na huastáirgeachta inbhuanaithe (MSY) a bhaint amach faoi 2015 i gcás inar féidir agus, ar bhonn forchéimnitheach incriminteach faoi 2020 ar a dhéanaí maidir leis na stoic uile. Ba é cuspóir na hidirthréimhse go dtí 2020 baint amach na huastáirgeachta inbhuanaithe i gcás na stoc uile a chothromú leis na himpleachtaí socheacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann le coigeartuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar dheiseanna iascaireachta gaolmhara.

(4)Dá bhrí sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ba cheart gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) a shocrú ar bhonn na comhairle eolaíche dá bhfuil ar fáil agus gnéithe bitheolaíocha agus socheacnamaíocha á gcur san áireamh agus cóir chothrom idir earnálacha iascaireachta á háirithiú san am céanna, chomh maith leis na tuairimí a cuireadh in iúl le linn na gcomhairliúchán le páirtithe leasmhara.

(5)Foráiltear le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, i gcás stoic atá faoi réir pleananna ilbhliantúla sonracha, go bhfuil na deiseanna iascaireachta le bunú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sna pleananna sin.

(6)Le Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 , bunaíodh an plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir thiar agus tháinig sé i bhfeidhm an 16 Iúil 2019 (‘an plean’). Is é is aidhm don phlean a áirithiú uastáirgeacht inbhuanaithe (MSY) a bhaint amach agus a choinneáil ar bun maidir le spriocstoc, rud a áirithíonn go ndéantar le saothrú beo-acmhainní bitheolaíocha na mara pobail na speiceas atá á saothrú a athbhunú agus a choinneáil ar bun os cionn leibhéil atá in ann an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh.

(7)I gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/1022, ba cheart deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic a liostaítear in Airteagal 1 den Rialachán sin a shocrú chun go mbainfear amach uastáirgeacht inbhuanaithe (MSY) maidir le básmhaireacht iascaireachta ar bhonn forchéimnitheach incriminteach faoi 2020 más féidir, agus faoin 1 Eanáir 2025 ar a dhéanaí. Ba cheart deiseanna iascaireachta a shloinneadh mar uasiarracht iascaireachta incheadaithe do thrálaeir agus do bháid spiléireachta atá socraithe i gcomhréir leis an gcóras iarrachta iascaireachta a leagtar síos in Airteagal 7 den phlean chomh maith le huasteorainneacha gabhála don séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus) agus don séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea) in uiscí doimhne i gcomhréir le comhairle eolaíoch.

(8)[ionadchoinneálaí le haghaidh an mhínithe ar an gcomhairle eolaíoch] Bunaithe ar chomhairle den sórt sin, ba cheart da bhrí sin uasiarracht iascaireachta incheadaithe tráelar sa Mheánmhuir thiar, i gcomhréir le hAirteagal 7(3)(b) den phlean, a laghdú pm % le haghaidh 2023 i gcomparáid leis an mbunlíne idir 2015 agus 2017, a bheidh le baint den uasiarracht iascaireachta incheadaithe iascaireachta a socraíodh le haghaidh 2022 le Rialachán (AE) 2022/110 ón gComhairle. 8   

(9)In 2021, ba é an chomhairle a thug STECF gur theastaigh breis gníomhaíochtaí práinne, go háirithe chun básmhaireacht iascaireachta ó bháid spiléireachta ghrinnill a bhainistiú, chun spriocanna uastáirgeachta inbhuanaithe a bhaint amach i gcás stoic éisc na Meánmhara Thiar. Bunaithe ar chomhairle den sórt sin, bunaíodh le hIarscríbhinn III de Rialachán (AE) 2022/110 ón gComhairle iarracht uasta incheadaithe bád spiléireachta, i gcomhréir le hAirteagal 7(5) den phlean, bunaithe ar an iarracht iascaireachta arna sloinneadh mar líon laethanta iascaireachta idir an 1 Eanáir 2015 agus an 31 Nollaig 2017.

(10) [ionadchoinneálaí le haghaidh na comhairle eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil]. Bunaithe ar chomhairle den sórt sin, ba cheart uasiarracht iascaireachta incheadaithe bád spiléireachta le haghaidh 2023 a laghdú de pm % i gcomparáid leis an mbunlíne idir 2015 agus 2017, a bheidh le baint den uasiarracht iascaireachta incheadaithe iascaireachta a socraíodh le haghaidh 2022 le Rialachán (AE) 2022/110 ón gComhairle. Ba cheart nár dochar an uasiarracht incheadaithe bád spiléireachta don uasiarracht iascaireachta incheadaithe a bheidh le bunú do 2024.

(11)In 2021, mhol STECF go gcaithfí básmhaireacht iascaireachta an tséacla ghoirm agus dhearg i bhFho-Limistéir Gheografacha (FLGanna) 1-5-6-7 agus in FLGanna 8-9-10-11 a laghdú go mór chun MSY a bhaint amach faoi 2025 ar a dhéanaí. Ba é comhairle chomhchosúil a thug Coiste Comhairleach Eolaíoch maidir le hIascaigh (CCE) de chuid an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM) i leith básmhaireacht iascaireachta an tséacla ghoirm agus dhearg in FLG 2. Thairis sin, mheas STECF go raibh bithmhais an tséacla ghoirm agus dhearg ag dul i laghad. Bunaithe ar chomhairle den sórt sin, bunaíodh le Rialachán (AE) 2022/110 ón gComhairle le haghaidh 2022 na huasteorainneacha gabhála le haghaidh an tséacla ghoirm agus dheirg i bhFolimistéir Gheografacha (FLGanna) 1-5-6-7 agus FLGanna 8-9-10-11.

(12) [ionadchoinneálaí le haghaidh na comhairle eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil] Le haghaidh 2023, ba cheart, dá bhrí sin, pm % a bheith sna huasteorainneacha gabhála le haghaidh an tséacla ghoirm agus dheirg in FLGanna 1-2-5-6-7 agus ba cheart, dá bhrí sin, pm % a bheith san uasteorainn gabhála le haghaidh an tséacla ghoirm agus dheirg in FLGanna 8-9-10-11.

(13)In 2021, chuir STECF in iúl go raibh meath ag teacht ar bhithmhais an tséacla mhóir dheirg in FLGanna 8-9-10-11. Bunaithe ar chomhairle den sórt sin, bunaíodh le Rialachán (AE) 2022/110 ón gComhairle le haghaidh 2022 na huasteorainneacha gabhála le haghaidh an tséacla mhóir dheirg in FLGanna 8-9-10-11.

(14)[ionadchoinneálaí go dtí go bhfaighfear an chomhairle chríochnaitheach ó STECF] Le haghaidh 2023, ba cheart, dá bhrí sin, pm % a bheith sna huasteorainneacha gabhála le haghaidh an tséacla mhóir dheirg in FLGanna 8-9-10-11.

(15)Ag an 43ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2019, ghlac sé Moladh CGIM/43/2019/5 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil um iascaigh ghrinnill inbhuanaithe i Muir Aidriad (folimistéir gheografacha CGIM 17 agus 18), moladh lenar tugadh isteach córas iarrachta iascaireachta agus uasteorainn acmhainneachta cabhlaigh maidir le stoic ghrinnill áirithe. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(16)Ag an 44ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2021, ghlac sé Moladh CGIM/44/2021/1 maidir le gcóras iarrachta iascaireachta a bhunú le haghaidh príomhiascaigh ghrinnill i Muir Aidriad (folimistéir gheografacha CGIM 17 agus 18), moladh lenar tugadh isteach uaslíon incheadaithe laethanta iascaireachta, de réir cineál tráil agus roinn cabhlaigh maidir le stoic ghrinnill áirithe. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(17)Ag an 44ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2021, ghlac sé Moladh CGIM/44/2021/20 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil le haghaidh saothrú inbhuanaithe stoc peiligeach beag i Muir Aidriad (folimistéir gheografacha CGIM 17 agus 18), moladh lenar tugadh isteach uasleibhéal gabhálacha agus uasteorainn ghaolmhar acmhainneachta cabhlaigh le haghaidh soithí peas-saighne agus trálaeir pheiligeacha a dhíríonn ar pheiligigh bheaga, lena ngabhann maolú maidir le cabhlaigh náisiúnta ina bhfuil níos lú ná 10 soitheach idir soithí peas-saighne agus/nó trálaeir pheiligeacha a bhíonn ag iascaireacht go gníomhach le haghaidh peiligigh bheaga. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(18)Agus saintréithe chabhlach na Slóivéine agus an tionchar beag atá aige ar stoic pheiligeacha bheaga agus stoic ghrinnill, is iomchuí na patrúin iascaireachta atá ann cheana a chaomhnú agus rochtain chabhlach na Slóivéine a áirithiú ar íosmhéid speiceas peiligeach beag agus leithdháiladh íosta iarrachta le haghaidh stoic ghrinnill.

(19)Ag an 43ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2019, ghlac sé Moladh CGIM/43/2019/4 chomh maith maidir le plean bainistíochta i dtaca le saothrú inbhuanaithe an choiréalaigh dheirg (Corallium rubrum) sa Mheánmhuir (folimistéir gheografacha CGIM 1 go 27), moladh lenar tugadh isteach stop sealadach le hiarracht iascaireachta arna sloinneadh i líon uasta údaruithe iascaireachta, agus teorainneacha saothraithe maidir leis an gcoiréalach dearg. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(20)Ag an 44ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2021, ghlac sé Moladh CGIM/44/2021/11 maidir le bearta bainistíochta i dtaca le húsáid feistí comhthiomsaithe éisc ar ancaire in iascaigh dorád coiteann sa Mheánmhuir, lena leasaítear Moladh CGIM/43/2019/1 (folimistéir gheografacha CGIM 1 go 27), lenar leasaíodh Moladh CGIM/43/2019/1 (folimistéir gheografacha CGIM 1 go 27). Tugadh isteach le moladh 2019 stop sealadach le hiarracht iascaireachta arna sloinneadh i líon uasta soithí iascaireachta a dhíríonn ar an dorád coiteann agus le moladh 2021, cuireadh síneadh leis na bearta sin go dtí deireadh 2023. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(21) [ionadchoinneálaí le haghaidh bearta nua maidir le séaclaí domhainmhara i gCaolas na Sicile]

(22)[ionadchoinneálaí le haghaidh bearta nua maidir le séaclaí domhainmhara sa Mhuir Iónach]

(23)[ionadchoinneálaí le haghaidh bearta nua maidir le séaclaí domhainmhara i Muir na Leiveainte]

(24)[ionadchoinneálaí le haghaidh bearta nua maidir leis an deargán i Muir Alboran]

(25)Ag an 43ú cruinniú a bhí ag CGIM in 2019, ghlac sé Moladh CGIM/43/2019/3 lena leasaítear Moladh CGIM/41/2017/4 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil i dtaca le hiascaigh turbard sa Mhuir Dhubh (folimistéar CGIM 29). Tugadh isteach le Moladh CGIM/43/2019/3 TAC réigiúnach uasdátaithe agus scéim cionroinnte cuótaí maidir leis an turbard chomh maith le bearta caomhnaithe, go háirithe tréimhse choiscthe 2 mhí agus teorainn 180 lá sa bhliain leis an líon laethanta iascaireachta. Tá na bearta caomhnaithe breise sin nasctha go feidhmiúil leis na deiseanna iascaireachta, toisc, mura bhfuil na bearta sin i bhfeidhm, gur cheart na leibhéil TAC maidir leis an turbard a laghdú chun athbhunú na stoc a áirithiú. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(26)[Ionadchoinneálaí don chinneadh tar-rollta maidir leis an gcuóta turbard]

(27)[Ionadchoinneálaí don chinneadh maidir leis an gcuóta turbard a thabhairt anonn]

(28)Bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch a chuir Meitheal CGIM maidir leis an Muir Dhubh ar fáil, ba cheart an leibhéal básmhaireachta iascaireachta atá ann faoi láthair a choinneáil ar bun chun inbhuanaitheacht an stoic salán sa Mhuir Dhubh a áirithiú. Is iomchuí mar sin leanúint de chuóta uathrialach a shocrú maidir leis an stoc sin.

(29)Tá úsáid na ndeiseanna iascaireachta atá ar fáil do shoithí iascaireachta an Aontais a leagtar amach sa Rialachán seo faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle 9 , agus go háirithe Airteagail 33 agus 34 den Rialachán sin, maidir le gabhálacha agus iarracht iascaireachta a thaifeadadh agus maidir le fógra a thabhairt faoi shonraí i ndáil le hídiú deiseanna iascaireachta. Is gá, dá bhrí sin, na cóid atá le húsáid ag na Ballstáit a shonrú agus sonraí á gcur chuig an gCoimisiún maidir le stoic éisc a thabhairt i dtír atá faoi réir an Rialacháin seo.

(30)Ionas nach gcuirfí isteach ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus chun slí bheatha iascairí an Aontais a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2023 ar aghaidh. Chun a éascú go gcuirfear chun feidhme go pras é, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm láithreach tar éis a fhoilsithe.

(31)Chun úsáid roghnaíocht an trealaimh a chur chun cinn agus chun limistéir choiscthe éifeachtúla a bhunú chun ógánaigh agus sceithirí a chosaint, le Rialachán (AE) 2022/110 ón gComhairle bunaíodh sásra cúitimh i ndáil leis an gcóras iarrachta le haghaidh trálaer. Ós rud é go moltar leis an gcomhairle eolaíoch i gcónaí feabhas breise a chur ar an roghnaíocht agus ar limistéir choiscthe éifeachtúla chun éisc óga a chosaint, ba cheart leanúint leis an sásra sin in 2023. Bunaithe ar an taithí a fuarthas sa chéad bhliain den chur i bhfeidhm, measann an Coimisiún gur gá a shoiléiriú an chaoi ar cheart an sásra a chur chun feidhme go cúlghabhálach ón 1 Eanáir 2022, nuair a tháinig Rialachán (AE) 2022/110 i bhfeidhm, d’fhonn éifeachtúlacht iomlán an chórais chúitimh a áirithiú. Bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch le haghaidh 2023, is gá pm % de na laethanta iascaireachta a chionroinnt. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2022/110 a leasú dá réir sin.

(32)Ba cheart na deiseanna iascaireachta a úsáid i gcomhréir go hiomlán le dlí an Aontais.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Socraítear leis an Rialachán seo ón gComhairle deiseanna iascaireachta le haghaidh 2023 le haghaidh stoic éisc agus grúpaí stoc éisc áirithe atá ar fáil sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh.

Airteagal 2
Raon Feidhme

1.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais a fheidhmíonn sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh agus a shaothraíonn na stoic éisc seo a leanas:

(a)an coiréalach dearg (Corallium rubrun) agus an dorád coiteann (Coryphaena hippurus) sa Mheánmhuir, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(b);

(b)an séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus), an rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris), an séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea), an colmóir Eorpach (Merluccius merluccius), gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) agus an milléad dearg (Mullus barbatus) sa Mheánmhuir thiar mar a shainmhínítear in Airteagal 4(c);

(c)an tainseabhaí (Engraulis encrasicolus) agus an sairdín (Sardina pilchardus) i Muir Aidriad, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(d);

(d)an colmóir Eorpach (Merluccius merluccius), gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus), an sól coiteann (Solea solea), an rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris), an lannach riabhach (Mullus barbatus) i Muir Aidriad, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(d);

(e)an séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea) agus an séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus) i gCaolas na Sicile mar a shainmhínítear in Airteagal 4(e), sa Mhuir Iónach mar a shainmhínítear in Airteagal 4(f) agus i Muir na Leiveainte mar a shainmhínítear in Airteagal 4(g);

(f)an deargán (Pagellus bogaraveo) i Muir Alboran, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(h);

(g)an salán (Sprattus sprattus) agus an turbard (Scophthalmus maximus) sa Mhuir Dhubh, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(i).

2.Tá feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta eile de chuid an Aontais, lena náirítear iascaigh áineasa, i gcás ina dtagraítear go sainráite do na hiascaigh sin sna forálacha ábhartha.

Airteagal 3
Sainmhínithe

(1)Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Thairis sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(2) ciallaíonn ‘uiscí idirnáisiúnta’ uiscí atá lasmuigh de cheannasacht nó de dhlínse aon Stáit;

(3) ciallaíonn ‘iascaigh áineasa’ gníomhaíochtaí iascaireachta neamhthráchtála, lena saothraítear beo-acmhainní muirí, le haghaidh áineasa, turasóireachta nó spóirt;

(4) ciallaíonn ‘gabháil iomlán incheadaithe’ (TAC):

(5)in iascaigh atá faoi réir na díolúine ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír dá dtagraítear in Airteagal 15(4) go (7) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, an chainníocht éisc a fhéadtar a thabhairt i dtír as gach stoc gach bliain;

(6)i ngach iascach eile, an chainníocht éisc a fhéadtar a ghabháil as gach stoc i gcaitheamh tréimhse bliana;

(7) ciallaíonn ‘cuóta’ cion TAC a chionroinntear ar an Aontas nó ar Bhallstát;

(8)ciallaíonn ‘cuóta uathrialach de chuid an Aontais’ teorainn ghabhála a chionroinntear go huathrialach ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais in éagmais TAC comhaontaithe;

(9)ciallaíonn ‘cuóta anailíseach’ cuóta uathrialach de chuid an Aontais ar ina leith atá measúnú anailíseach ar fáil;

(10)ciallaíonn ‘measúnú anailíseach’ meastóireacht chainníochtúil ar threochtaí i gcás stoc ar leith, atá bunaithe ar shonraí maidir le bitheolaíocht agus saothrú an stoic sin, a sonraíodh le hathbhreithniú eolaíoch go raibh siad de cháilíocht leormhaith chun comhairle eolaíoch a sholáthar i ndáil le roghanna maidir le gabhálacha amach anseo.

(11)ciallaíonn ‘feiste um chomhbhailiú éisc’ nó ‘FAD’ aon trealamh ar ancaire atá ar snámh ar dhromchla na farraige arb é is aidhm dó éisc a mhealladh.

Airteagal 4
Limistéir iascaireachta

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas ar limistéir gheografacha:

(1)ciallaíonn ‘folimistéir gheografacha CGIM’ na limistéir a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

(2)ciallaíonn ‘an Mheánmhuir’ uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 1 go 27, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011;

(3)ciallaíonn ‘an Mheánmhuir thiar’ uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 1, 2, 5, 6, 7, 8, 9, 10 agus 11, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011;

(4)ciallaíonn ‘Muir Aidriad’ uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 17 agus 18, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011;

(5)ciallaíonn ‘Caolas na Sicile’ uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 12, 13, 14, 15 agus 16, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011;

(6)ciallaíonn ‘an Mhuir Iónach’ uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 19, 20 agus 21, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011;

(7)ciallaíonn ‘Muir na Leiveainte’ uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 24, 25, 26 agus 27, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011;

(8)ciallaíonn ‘Muir Alboran’ uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 1 go 3, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011;

(9)ciallaíonn ‘Muir Dhubh’ uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 29, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011;

TEIDEAL II
DEISEANNA IASCAIREACHTA

CAIBIDIL I
An Mheánmhuir

Airteagal 5

An coiréalach dearg

1.Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí uile shoithí iascaireachta de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí iascaireachta eile an Aontais i ndáil le saothrú an choiréalaigh dheirg (Corallium rubrum), eadhon iascaigh spriocdhírithe agus áineasa sa Mheánmhuir.

2.Le haghaidh iascaigh spriocdhírithe, maidir leis an líon uasta údaruithe iascaireachta agus uaschainníochtaí stoc coiréalach dearg a shaothraíonn soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus a shaothraítear trí ghníomhaíochtaí an Aontais, ní rachaidh an líon sin thar na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

3.Toirmeascfar ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais atá faoi réir mhír 2 an coiréalach dearg a thrasloingsiú ar muir.

4.Maidir le hiascaigh áineasa, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun toirmeasc a chur ar an gcoiréalach dearg a ghabháil agus a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír.

Airteagal 6
An dorád coiteann

1.Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí tráchtála uile shoithí de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí iascaireachta eile an Aontais lena núsáidtear feistí um chomhbhailiú éisc chun an dorád coiteann (Coryphaena hippurus) a ghabháil in uiscí idirnáisiúnta na Meánmhara.

2.Leagtar amach in Iarscríbhinn II an líon uasta soithí iascaireachta údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar an dorád coiteann.

CAIBIDIL II
An Mheánmhuir thiar

Airteagal 7
Stoic ghrinnill 

1.Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí uile shoithí iascaireachta de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí iascaireachta eile an Aontais lena ngabhtar stoic ghrinnill dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2019/1022, sa Mheánmhuir thiar.

2.Leagtar amach an uasiarracht iascaireachta incheadaithe do thrálaeir agus do bháid spiléireachta in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo. Déanfaidh na Ballstáit an uasiarracht iascaireachta incheadaithe a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/1022 agus le hAirteagal 26 go 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

3.Leagtar amach an chionroinnt uasteorainneacha gabhála ar na Ballstáit do shoithí iascaireachta de chuid an Aontais in uiscí an Aontais sa Mheánmhuir Thiar in Iarscríbhinn III.

4.    Leis an gcionroinnt deiseanna iascaireachta a dhéanfaidh na Ballstáit, mar a leagtar amach iad san Airteagal seo agus    in Iarscríbhinn III, comhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

   (a) beidh siad i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 17 de Rialachán    (AE) Uimh. 1380/2013; agus

   (b) beidh siad gan dochar do na nithe seo a leanas:

(i)malartuithe arna ndéanamh de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(ii)asbhaintí agus ath-chionrannta arna ndéanamh de bhun Airteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;

(iii)gabhálacha breise arna gceadú faoi Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 nó faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(iv)cainníochtaí arna gcoinneáil siar i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 nó arna naistriú faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(v)asbhaintí arna ndéanamh de bhun Airteagal 105, Airteagal 106 agus Airteagal 107 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 8 
Sásra cúitimh

1.Maidir leis an roinn cabhlaigh lena mbaineann, féadfaidh Ballstát cionroinnt bhreise laethanta iascaireachta a dheonú do shoithí a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu laistigh de pm % foriomlán den iarracht iascaireachta le haghaidh trálaeir an Bhallstáit sin, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

2.Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún maidir leis an liosta de na soithí iascaireachta lena mbaineann cionroinnt bhreise laethanta iascaireachta den sórt sin, chomh maith leis an líon gaolmhar laethanta iascaireachta.

3.Ríomhfar pm % foriomlán den iarracht iascaireachta ó leithdháileadh uasta iarrachta ceadaithe na roinne cabhlaigh lena mbaineann den Bhallstát lena mbaineann, amhail ón 1 Eanáir 2023.

4.Féadfaidh Ballstát leithdháileadh breise na laethanta iascaireachta dá dtagraítear i mír 1 a dheonú, ar choinníoll:

(a)go núsáideann na soithí sin trál a bhfuil soc-fhoirceann méide mogaill chearnógaigh 45 mm aige chun gabhálacha colmóirí óga a laghdú 25 % ar a laghad; nó

(b)go núsáideann na soithí sin trál a bhfuil mogallmhéid a shoc-fhoircinn de mhogallmhéid 50 mm d’iascaigh dhomhainfharraige chun gabhálacha séaclaí gorma agus dearga atá níos lú ná 25 mm ar fhad carapáis (CL) i bhfolimistéir gheografacha 1, 2, 5, 6, 7, 8, 9, 10 agus 11 a laghdú 25 % ar a laghad agus gabhálacha na séaclaí móra dearga sna folimistéir gheografacha 8, 9, 10 agus 11 níos lú ná 35 mm CL a laghdú 25 % ar a laghad; nó

(c)go núsáideann na soithí sin trealamh an-roghnaíoch rialáilte, agus is é an toradh a bheidh ar na sonraíochtaí teicniúla sin, i gcomhréir leis an staidéar eolaíoch a rinne STECF, laghdú 25 % ar a laghad ar líon na niasc óg nó 20 % ar a laghad de ghabhálacha sceitheoirí gach speicis grinnill i gcomparáid le 2020; nó

(d)tá limistéir choiscthe shealadacha glactha ag an mBallstát lena mbaineann chun gabhálacha iasc óg de speicis ghrinnill nó 20 % ar a laghad de ghabhálacha sceitheacha de gach speiceas grinnill a laghdú faoi 25 % ar a laghad.

5.Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra ar leithligh don Choimisiún gach mí freisin maidir leis an iarracht a rinneadh agus atá le ríomh in aghaidh an leithdháilte bhreise sin, trí úsáid a bhaint as na cód tuairiscithe shonracha don leithdháileadh breise sin

6.Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 15 Deireadh Fómhair ar a dhéanaí, gach faisnéis atá ar fáil a bhaineann le cur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear i míreanna (a), (b), (c) nó (d).

Airteagal 9
Taifeadadh agus tarchur sonraí 

1.    Déanfaidh na Ballstáit na sonraí maidir le hiarracht iascaireachta a thaifeadadh agus a tharchur chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) 2019/1022.

2.    Nuair a chuirfidh an Ballstáit sonraí maidir le hiarracht iascaireachta faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir leis an Airteagal seo, úsáidfidh siad cóid na ngrúpaí iarrachta iascaireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

CAIBIDIL III
Muir Aidriad

Airteagal 10 
Stoic pheiligeacha bheaga 

1.    Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí uile shoithí iascaireachta de chuid an Aontais agus maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta eile an Aontais lena ngabhtar an sairdín (Sardina pilchardus) agus an tainseabhaí (Engraulis encrasicolus) i Muir Aidriad.

2.    Ní shárófar leis an uasleibhéal gabhálacha na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

3.    Leagtar amach in Iarscríbhinn IV uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta, arna sloinneadh mar kW, GT agus líon soithí iascaireachta an Aontais a údarófar chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic pheiligeacha bheaga.

Airteagal 11 
Stoic ghrinnill

1.Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí uile shoithí iascaireachta de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí iascaireachta eile an Aontais lena ngabhtar an colmóir Eorpach (Merluccius merluccius), gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus), an sól coiteann (Solea solea), an rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris) agus an milléad dearg (Mullus barbatus) i Muir Aidriad.

2.Leagtar amach in Iarscríbhinn IV an uasiarracht iascaireachta incheadaithe le haghaidh stoic ghrinnill agus an uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta faoi raon feidhme an Airteagail seo.

3.Féadfaidh Ballstát a chionroinnt iarrachta iascaireachta mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a leasú trí laethanta iascaireachta a aistriú idir grúpaí iarrachta iascaireachta ón limistéar geografach céanna agus/nó den chineál céanna trealaimh, ar choinníoll go gcuirfidh sé i bhfeidhm fachtóir coinbhéartachta náisiúnta lena dtacaíonn an chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil.

4.Déanfaidh na Ballstáit an uasiarracht iascaireachta incheadaithe a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 12
Tarchur sonraí

Nuair a chuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, de bhun Airteagail 33 agus 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, sonraí a bhaineann le tabhairt i dtír na gcainníochtaí stoc arna ngabháil, úsáidfidh siad na cóid stoic a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

CAIBIDIL IV
Caolas na Sicile, an Mhuir Iónach agus Muir na Leiveainte

Airteagal 13
[Ionadchoinneálaí le haghaidh bearta nua]

CAIBIDIL V
Muir Alboran

Airteagal 14

[Ionadchoinneálaí le haghaidh bearta nua]

CAIBIDIL VI
An Mhuir Dhubh

Airteagal 15
Deiseanna iascaireachta le haghaidh an tsaláin a chionroinnt 

1.Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí uile shoithí iascaireachta de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí iascaireachta eile an Aontais lena ngabhtar an salán (Sprattus sprattus) sa Mhuir Dhubh.

2.Leagtar amach in Iarscríbhinn VII cuóta uathrialach an Aontais i dtaca leis an salán, cionroinnt an chuóta sin i measc na mBallstát agus, i gcás inarb iomchuí, na coinníollacha áirithe atá nasctha go feidhmiúil leis sin.

Airteagal 16
Deiseanna iascaireachta le haghaidh an turbaird a chionroinnt  

1.Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta eile an Aontais lena ngabhtar an turbard (Scophthalmus maximus) sa Mhuir Dhubh.

2.Leagtar amach in Iarscríbhinn VII an ghabháil iomlán incheadaithe le haghaidh an turbaird is infheidhme in uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh agus cionroinnt na gabhála iomláine incheadaithe sin i measc na mBallstát agus, i gcás inarb iomchuí, na coinníollacha áirithe atá nasctha go feidhmiúil leis sin.

Airteagal 17
Bainistíocht iarrachta iascaireachta maidir leis an turbard

Maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar thurbaird faoi chuimsiú Airteagal 16, gan beann ar fhad foriomlán na soithí, ní rachaidh siad thar 180 lá iascaireachta in aghaidh na bliana.

Airteagal 18
Tréimhse choiscthe maidir leis an turbard

Toirmeascfar ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais aon ghníomhaíocht iascaireachta a dhéanamh, lena n‑áirítear turbaird a thrasloingsiú, a choinneáil ar bord, a thabhairt i dtír agus a dhíol den chéad uair, in uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh ón 15 Aibreán go dtí an 15 Meitheamh.

Airteagal 19

Forálacha speisialta maidir le deiseanna iascaireachta sa Mhuir Dhubh a chionroinnt

1.Déanfar cionroinnt deiseanna iascaireachta i measc na mBallstát mar a leagtar amach iad in Airteagail 15 agus 16 gan dochar do na nithe seo a leanas:

(a)malartuithe arna ndéanamh de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(b)asbhaintí agus ath-chionrannta arna ndéanamh de bhun Airteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009; agus

(c)asbhaintí arna ndéanamh de bhun Airteagail 105 agus 107 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

2.Ní bheidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 i gcás ina núsáidfidh Ballstát an tsolúbthacht bhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Airteagal 20
Tarchur sonraí 

Nuair a chuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, de bhun Airteagail 33 agus 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, sonraí a bhaineann le tabhairt i dtír cainníochtaí stoc saláin agus stoc turbaird arna ngabháil in uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh, úsáidfidh siad na cóid stoic a leagtar amach in Iarscríbhinn VII.

TEIDEAL III
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 21

Leasú ar Rialachán (AE) 2022/110 ón gComhairle

 Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) 2022/110 i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 22
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023.

Beidh feidhm ag Airteagal 21, áfach, ón 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

       Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(2)    Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir thiar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 (IO L 172, 26.6.2019, lch. 1).
(3)    Rialachán (AE) 2022/110 ón gComhairle an 27 Eanáir 2022 lena socraítear deiseanna iascaireachta le haghaidh 2022 maidir le stoic éisc agus grúpaí stoc éisc áirithe is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (IO L 21, 31.1.2022, lch. 165).
(4)    Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006. (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena naisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006, (IO L 343, 22.12.2009, lgh. 1-50)
(5)    Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM (an Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistíochta do shaothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir (IO L 347, 30.12.2011, lch. 44).
(6)    Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(7)    Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir thiar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 (IO L 172, 26.6.2019, lch. 1).
(8)    Rialachán (AE) 2022/110 ón gComhairle an 27 Eanáir 2022 lena socraítear deiseanna iascaireachta le haghaidh 2022 maidir le stoic éisc agus grúpaí stoc éisc áirithe is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (IO L 21, 31.1.2022, lch. 165).
(9)    Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006. (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena naisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006, (IO L 343, 22.12.2009, lgh. 1-50)

An Bhruiséil,14.10.2022

COM(2022) 525 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh le haghaidh 2023 a shocrú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/110 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh le haghaidh 2022 a shocrú


IARSCRÍBHINN I

NA DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I gCOMHTHÉACS PHLEAN BAINISTÍOCHTA ILBHLIANTÚIL AN CHOIMISIÚIN GHINEARÁLTA IASCAIGH DON MHEÁNMHUIR MAIDIR LEIS AN gCOIRÉALACH DEARG SA MHEÁNMHUIR

Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo an líon uasta údaruithe iascaireachta incheadaithe agus uasleibhéal cainníochtaí saothraithe le haghaidh an choiréalaigh dheirg sa Mheánmhuir.

Is tagairtí d’fholimistéir gheografacha (‘FLGanna’) CGIM iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha stoc éisc:

Ainm eolaíoch

Cód alpha-3

Gnáthainm

Corallium rubrum

COL

An coiréalach dearg

Tábla 1. An líon uasta údaruithe iascaireachta 1  

Na Ballstáit

An coiréalach dearg

COL

An Ghréig

12

An Spáinn

0 ( 2 )

An Fhrainc

32

An Chróit

28

An Iodáil

40

Tábla 2. Uasleibhéal cainníochtaí saothraithe arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain

Speiceas:

An coiréalach dearg

Limistéar:

Uiscí an Aontais sa Mheánmhuir - FLGanna 1-27

Corallium rubrum

COL/GF1-27

An Ghréig

1,844

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Spáinn

0 (2)

An Fhrainc

1,400

An Chróit

1,226

An Iodáil

1,378

An tAontas

5,848

TAC

Ní bhaineann le hábhar

/Níl aon chomhaontú ann ina leith

IARSCRÍBHINN II

IARRACHT IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I gCOMHTHÉACS BHAINISTIÚ AN DORÁID CHOITINN SA MHEÁNMHUIR

Leagtar amach sa tábla san Iarscríbhinn seo líon uasta soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar an dorád coiteann in uiscí idirnáisiúnta na Meánmhara.

Is tagairtí d’uiscí idirnáisiúnta na Meánmhara iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha stoc éisc:

Ainm eolaíoch

Cód alpha-3

Gnáthainm

Coryphaena hippurus

DOL

An dorád coiteann

An líon uasta údaruithe iascaireachta le haghaidh soithí a bhíonn ag iascaireacht in uiscí idirnáisiúnta(*)

An Ballstát

An dorád coiteann DOL

An Iodáil

797

Málta

130

(*)Ní fhéadfar an cuóta seo a iascach ach idir an 15 Lúnasa agus an 31 Nollaig 2023 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011.

IARSCRÍBHINN III

DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I gCOMHTHÉACS BHAINISTIÚ NA STOC GRINNILL SA MHEÁNMHUIR THIAR

Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo an uasiarracht iascaireachta incheadaithe (in aghaidh laethanta iascaireachta) de réir stocghrúpaí, mar a shainítear in Airteagal 1 de Rialachán (AE) Uimh. 2019/1022, agus na huasteorainneacha gabhála agus fad foriomlán na soithí le haghaidh gach cineál tráil 31 agus báid spiléireachta grinnill lena ndéantar iascaireacht ar na stoic ghrinnill sa Mheánmhuir thiar.

Beidh na deiseanna iascaireachta uile a leagtar amach san Iarscríbhinn seo faoi réir na rialacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/1022 agus in Airteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) 1224/2009.

Is tagairtí d’fholimistéir gheografacha (‘FLGanna’) CGIM iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha stoc éisc:

Ainm eolaíoch

Cód alpha-3

Gnáthainm

Aristaeomorpha foliacea

ARS

An séacla mór dearg

Aristeus antennatus

ARA

An séacla gorm agus dearg

Merluccius merluccius

HKE

An colmóir Eorpach

Mullus barbatus

MUT

An lannach riabhach

Nephrops norvegicus

NEP

Gliomach na hIorua

Parapenaeus longirostris

DPS

An rósséacla domhainmhara

Tábla 1.    An uasiarracht iascaireachta incheadaithe in aghaidh laethanta iascaireachta

(a)

Trálaeir i Muir Alboran, ar na hOileáin Bhailéaracha, i dTuaisceart na Spáinne agus i Murascaill an Leoin (FLGanna 1-2-5-6-7)

Stocghrúpa

Fad foriomlán na soithí

An Spáinn

An Fhrainc

An Iodáil

Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

Cód comhroinnte breise

An lannach riabhach in FLGanna 1, 5, 6 agus 7; An colmóir in FLGanna 1, 5, 6 agus 7; An rósséacla domhainmhara in FLGanna 1, 5 agus 6; Gliomach na hIorua in FLGanna 5 agus 6.

< 12 m

pm

pm

pm

EFF1/MED1_TR1

EFF1/MED1_TR1_AA

≥ 12 m agus < 18 m

pm

pm

pm

EFF1/MED1_TR1

EFF1/MED1_TR2_AA

≥ 18 m agus < 24 m

pm

pm

pm

EFF1/MED1_TR3

EFF1/MED1_TR3_AA

≥ 24 m

pm

pm

pm

EFF1/MED1_TR4

EFF1/MED1_TR4_AA

Stocghrúpa

Fad foriomlán na soithí

An Spáinn

An Fhrainc

An Iodáil

Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

Cód comhroinnte breise

An séacla gorm agus dearg in FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7.

< 12 m

pm

pm

pm

EFF2/MED1_TR1

EFF2/MED1_TR1_AA

≥ 12 m agus < 18 m

pm

pm

pm

EFF2/MED1_TR1

EFF2/MED1_TR2_AA

≥ 18 m agus < 24 m

pm

pm

pm

EFF2/MED1_TR3

EFF2/MED1_TR3_AA

≥ 24 m

pm

pm

pm

EFF2/MED1_TR4

EFF2/MED1_TR4_AA

(b)

Trálaeir ar Oileán na Corsaice, sa Mhuir Liogúrach, i Muir Thoirian agus ar Oileán na Sairdíne (FLGanna 8-9-10-11) 

Stocghrúpa

Fad foriomlán na soithí

An Spáinn

An Fhrainc

An Iodáil

Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

Cód comhroinnte breise

An lannach riabhach in FLGanna 8, 9, 10 agus 11; An colmóir in FLGanna 8, 9, 10 agus 11; An rósséacla domhainmhara in FLGanna 9, 10 agus 11; Gliomach na hIorua in FLGanna 9 agus 10.

< 12 m

pm

pm

pm

EFF1/MED2_TR1

EFF1/MED2_TR1_AA

≥ 12 m agus < 18 m

pm

pm

pm

EFF1/MED2_TR2

EFF1/MED2_TR2_AA

≥ 18 m agus < 24 m

pm

pm

pm

EFF1/MED2_TR3

EFF1/MED2_TR3_AA

≥ 24 m

pm

pm

pm

EFF1/MED2_TR4

EFF1/MED2_TR4_AA

Stocghrúpa

Fad foriomlán na soithí

An Spáinn

An Fhrainc

An Iodáil

Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

Cód comhroinnte breise

An séacla mór dearg in FLGanna 8, 9, 10 agus 11.

< 12 m

pm

pm

pm

EFF2/MED2_TR1

EFF2/MED2_TR1_AA

≥ 12 m agus < 18 m

pm

pm

pm

EFF2/MED2_TR2

EFF2/MED2_TR2_AA

≥ 18 m agus < 24 m

pm

pm

pm

EFF2/MED2_TR3

EFF2/MED2_TR3_AA

≥ 24 m

pm

pm

pm

EFF2/MED2_TR4

EFF2/MED2_TR4_AA

(c)

 

Báid spiléireachta i Muir Alboran, ar na hOileáin Bhailéaracha, i dTuaisceart na Spáinne agus i Murascaill an Leoin (na FLGanna 1-2-5-6-7)

Stocghrúpa

Fad foriomlán na soithí

An Spáinn

An Fhrainc

An Iodáil

Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

An colmóir in FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7

< 12 m

pm

pm

pm

EFF1/MED1_LL1

≥ 12 m agus < 18 m

pm

pm

pm

EFF1/MED1_LL2

≥ 18 m agus < 24 m

pm

pm

pm

EFF1/MED1_LL3

≥ 24 m

mp

pm

pm

EFF1/MED1_LL4

(d)

(d) Báid spiléireachta ar Oileán na Corsaice, sa Mhuir Liogúrach, i Muir Thoirian agus ar Oileán na Sairdíne (FLGanna 8-9-10-11)

Stocghrúpa

Fad foriomlán na soithí

An Spáinn

An Fhrainc

An Iodáil

Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

An colmóir in FLGanna 8, 9, 10 agus 11

< 12 m

pm

pm

pm

EFF1/MED2_LL1

≥ 12 m agus < 18 m

pm

pm

pm

EFF1/MED2_LL2

≥ 18 m agus < 24 m

pm

pm

pm

EFF1/MED2_LL3

≥ 24 m

pm

pm

pm

EFF1/MED2_LL4

Tábla 2.    Uasteorainn gabhála

(e)

Deiseanna iascaireachta le haghaidh an tséacla ghoirm agus dheirg (Aristeus antennatus) i Muir Alboran, ar na hOileáin Bhailéaracha, i dTuaisceart na Spáinne agus i Murascaill an Leoin (FLGanna 1-2-5-6-7) arna sloinneadh mar uasleibhéal gabhálacha i dtonaí beomheáchain

Speiceas:

An séacla gorm agus dearg

Aristeus antennatus

Limistéar:

FLGanna 1, 2, 5, 6, 7

(ARA/GF1-7)

An Spáinn

pm

 

 

An Fhrainc

pm

 

 

An Iodáil

pm

 

 

An tAontas

pm

 

 

TAC

Ní bhaineann le hábhar

 

Uasleibhéal gabhálacha

(f)

Deiseanna iascaireachta le haghaidh an tséacla ghoirm agus dheirg (Aristeus antennatus) agus le haghaidh an tséacla mhóir dheirg (Aristaeomorpha foliacea) in Oileán na Corsaice, sa Mhuir Liogúrach, sa Mhuir Thoirian agus in Oileán na Sairdíne (FLGanna 8-9-10-11) arna sloinneadh mar uasleibhéal gabhálacha i dtonaí beomheáchain

Speiceas:

An séacla gorm agus dearg

(Aristeus antennatus)

Limistéar:

FLG 8-9-10-11

(ARA/GF8-11)

An Spáinn

pm

 

 

An Fhrainc

pm

 

 

An Iodáil

pm

 

 

An tAontas

pm

 

 

TAC

Ní bhaineann le hábhar

 

Uasleibhéal gabhálacha

Speiceas:

An séacla mór dearg

(Aristaeomorpha foliacea)

Limistéar:

FLG 8-9-10-11

(ARS/GF8-11)

An Spáinn

pm

 

 

An Fhrainc

pm

 

 

An Iodáil

pm

 

 

An tAontas

pm

 

 

TAC

Ní bhaineann le hábhar

 

Uasleibhéal gabhálacha

IARSCRÍBHINN IV

DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I MUIR AIDRIAD

Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo na deiseanna iascaireachta de réir stoic nó grúpaí iarrachta soithí agus na coinníollacha atá nasctha go feidhmiúil leo, i gcás inarb iomchuí, lena náirítear líon uasta soithí iascaireachta an Aontais a údarófar chun iascaireacht a dhéanamh ar pheiligigh bheaga.

Beidh na deiseanna iascaireachta uile a leagtar amach san Iarscríbhinn seo faoi réir na rialacha a leagtar amach in Airteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Is tagairtí d’fholimistéir gheografacha (‘FLGanna’) CGIM iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha:

Ainm eolaíoch

Cód Alpha-3

Gnáthainm

Engraulis encrasicolus

ANE

An t‑ainseabhaí

Merluccius merluccius

HKE

An colmóir Eorpach

Mullus barbatus

MUT

An lannach riabhach

Nephrops norvegicus

NEP

Gliomach na hIorua

Parapenaeus longirostris

DPS

An rós‑séacla domhainmhara

Sardina pilchardus

PIL

An sairdín

Solea solea

SOL

An sól coiteann

1. Stoic pheiligeacha bheaga - FLGanna 17 agus 18

Uasleibhéal gabhálacha arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain

Speiceas:

Speicis pheiligeacha bheaga (an t ainseabhaí agus an sairdín)

Engraulis encrasicolus agus Sardina pilchardus

Limistéar:

Uiscí an Aontais agus uiscí Idirnáisiúnta folimistéir CGIM 17 agus 18

(SP1/GF1718)

An Iodáil

32941

 (*)

Uasleibhéal gabhálacha

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

An Chróit

51735

TAC

Ní bhaineann le hábhar

(*) Maidir leis an tSlóivéin, tá na cainníochtaí bunaithe ar leibhéal na ngabhálacha in 2014, suas le méid nár cheart dó dul thar 300 tona.

Uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta na dtrálaer agus na soithí peassaighne a bhíonn ag iascaireacht go gníomhach do pheiligigh bheaga

An Ballstát

Trealamh

Líon soithí

kW

GT

An Chróit

PS

249

77 145,52

18 537,72

An Iodáil

PTM-OTM-PS

685

134 556,7

25 852

An tSlóivéin  (*)

PS

4

433,7

38,5

(*) Ní bheidh feidhm ag an bhforáil faoi mhír 28 de CGIM/44/2021/20 maidir le cabhlaigh náisiúnta ina bhfuil níos lú ná 10 soitheach idir soithí peas‑saighne agus trálaeir pheiligeacha a bhíonn ag iascaireacht go gníomhach do pheiligigh bheaga, mar a taifeadadh sa chlár náisiúnta agus i gclár CGIM araon in 2014. Sa chás sin, féadfaidh méadú nach mó ná 50 faoin gcéad teacht ar acmhainneacht an chabhlaigh ghníomhaigh i dtaca le líon na soithí agus le holltonnáiste (OT) agus/nó olltonnáiste cláraithe (OTC) agus kW.

2. Stoic ghrinnill – FLGanna 17 agus 18

An uasiarracht iascaireachta incheadaithe (in aghaidh laethanta iascaireachta) de réir cineálacha tráil agus roinn cabhlaigh lena ndéantar iascaireacht ar stoic ghrinnill in FLGanna 17 agus 18 (Muir Aidriad).

 

 

 

 

 

Laethanta Iascaireachta 2022

An cineál trealaimh

Limistéar geografach

An stoc lena mbaineann

Fad foriomlán na soithí

Cód an ghrúpa iarrachta

AN IODÁIL

AN CHRÓIT

AN tSLÓIVÉIN  (*)

Tráil (OTB)

Folimistéir CGIM 17-18

An lannach riabhach; An colmóir; An rós‑séacla domhainmhara, agus gliomach na hIorua

< 12 m

EFF/MED3_OTB_TR1

pm

pm

 

≥ 12 m agus < 24 m

EFF/MED3_OTB_TR2

pm

pm

 

≥ 24 m

EFF/MED3_OTB_TR3

pm

pm

 

Tráil bhíoma (TBB)

Folimistéar CGIM 17

An sól coiteann

< 12 m

EFF/MED3_TBB_TR1

pm

pm

 

≥ 12 m agus < 24 m

EFF/MED3_TBB_TR2

pm

pm

 

≥ 24 m

EFF/MED3_TBB_TR3

pm

pm

 

(*) Ní sháróidh an tSlóivéin an teorainn iarrachta 3 000 lá iascaireachta in aghaidh na bliana i gcomhréir le mír 13 de CGIM/43/2019/5.

Uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta na soithí tráil ghrinnill agus tráil bhíoma atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic ghrinnill

An Ballstát

Trealamh

Líon soithí

kW

GT

An Chróit

OTB

495

79 867,99

13 267,99

An Iodáil

OTB-TBB

1 363

260 618,37

47 148

An tSlóivéin (*)

OTB

11

1 813,00

168,67

(*) Ní bheidh feidhm ag forálacha mhíreanna 9(c) agus 28 de CGIM/43/2019/5 maidir le cabhlaigh náisiúnta ag a mbíonn trealamh OTB á oibriú agus a bhíonn ag iascaireacht ar feadh níos lú ná 1 000 lá le linn na tréimhse tagartha atá luaite i mír 9(c). Ní thiocfaidh méadú níos mó ná 50 faoin gcéad, maidir leis an tréimhse thagartha, ar acmhainneacht iascaireachta an chabhlaigh ghníomhaigh ag a mbíonn trealamh OTB á oibriú.

IARSCRÍBHINN V

DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS SA MHUIR IÓNACH, I MUIR NA LEIVEAINTE AGUS I gCAOLAS NA SICILE

[Ionadchoinneálaí le haghaidh bearta nua]

IARSCRÍBHINN VI

DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I MUIR ALBORAN

[Ionadchoinneálaí le haghaidh bearta nua]

IARSCRÍBHINN VII

DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS SA MHUIR DHUBH

Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo TACanna agus cuótaí arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain de réir stoic agus, i gcás inarb iomchuí, de réir na gcoinníollacha atá nasctha go feidhmiúil leo.

Beidh na deiseanna iascaireachta uile a leagtar amach san Iarscríbhinn seo faoi réir na rialacha a leagtar amach in Airteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Is tagairtí d’fholimistéir gheografacha (‘FLGanna’) CGIM iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha:

Ainm eolaíoch

Cód alpha-3

Gnáthainm

Sprattus sprattus

SPR

An salán

Scophthalmus maximus

TUR

An turbard

Speiceas:

An salán

Sprattus sprattus

Limistéar:

Uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh – FLG 29

(SPR/F3742C)

An Bhulgáir

8 032,50

 

Cuóta anailíseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

An Rómáin

3 442,50

 

An tAontas

11 475

 

TAC

Ní bhaineann le hábhar/Níl aon chomhaontú ann ina leith

Speiceas:

An turbard

Scophthalmus maximus

Limistéar:

Uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh – FLG 29

(TUR/F3742C)

An Bhulgáir

pm

 

TAC anailíseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

An Rómáin

pm

 

An tAontas

pm

 (*1)

TAC

pm

 

(*1)  Ní cheadófar aon ghníomhaíocht iascaireachta, lena náirítear trasloingsiú, coinneáil ar bord, tabhairt i dtír agus céad díol ón 15 Aibreán go dtí an 15 Meitheamh 2022.

IARSCRÍBHINN VIII

LENA LEASAÍTEAR IARSCRÍBHINN III A GHABHANN LE RIALACHÁN (CE) 2022/110

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) 2022/110 mar a leanas:

(1)    sa tábla a bhaineann le trálaeir i Muir Alboran, ar na hOileáin Bhailéaracha, i dTuaisceart na Spáinne agus i Murascaill an Leoin (FLGanna 1-2-5-6-7) i bpointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i bhfonóta 2:

“(2)    De bhreis ar an uasiarracht iascaireachta incheadaithe thuasluaite do thrálaeir, féadfaidh Ballstát cionroinnt bhreise laethanta iascaireachta a dheonú do shoithí a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu laistigh de 2 % den iarracht iascaireachta ar an mBallstát sin le haghaidh na roinne cabhlaigh lena mbaineann, ar choinníoll:

(a) go núsáideann na soithí sin trál a bhfuil soc-fhoirceann méide mogaill chearnógaigh 45 mm aige chun gabhálacha colmóirí óga a laghdú 25 % ar a laghad; nó

(b) go núsáideann na soithí sin trál a bhfuil mogallmhéid a shoc-fhoircinn de mhogallmhéid 50 mm d’iascaigh dhomhainfharraige chun gabhálacha séaclaí gorma agus dearga atá níos lú ná 25 mm CL i bhfolimistéir gheografacha 1, 2, 5, 6, 7, 8, 9, 10 agus 11 a laghdú 25 % ar a laghad agus ghabhálacha na séaclaí móra dearga sna folimistéir gheografacha 8, 9, 10 agus 11 níos lú ná 35 mm CL a laghdú 25 % ar a laghad; nó

© go núsáideann na soithí sin trealamh anroghnaíoch rialáilte, agus is é an toradh a bheidh ar na sonraíochtaí teicniúla sin, i gcomhréir leis an staidéar eolaíoch a rinne STECF, laghdú 25 % ar a laghad ar líon na niasc óg nó 20 % ar a laghad de ghabhálacha sceitheoirí gach speicis ghrinnill i gcomparáid le 2020; nó

(d) tá limistéir choiscthe shealadacha glactha ag an mBallstát lena mbaineann chun gabhálacha iasc óg de speicis ghrinnill nó 20 % ar a laghad de ghabhálacha sceitheacha de gach speiceas grinnill a laghdú faoi 25 % ar a laghad.

Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún maidir leis an liosta de na soithí iascaireachta lena mbaineann cionroinnt bhreise laethanta iascaireachta den sórt sin, chomh maith leis an líon gaolmhar laethanta iascaireachta.

Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra freisin don Choimisiún i leith gach míosa maidir leis an iarracht a rinneadh agus atá le ríomh in aghaidh an leithdháilte bhreise sin,trí úsáid a bhaint as na cód tuairiscithe shonracha don leithdháileadh breise sin (EFF1/MED1_TR1_AA, EFF1/MED1_TR2_AA, EFF1/MED1_TR3_AA, EFF1/MED1_TR4_AA agus EFF2/MED1_TR1_AA, EFF2/MED1_TR2_AA, EFF2/MED1_TR3_AA, EFF2/MED1_TR4_AA).

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 15 Deireadh Fómhair ar a dhéanaí, gach faisnéis atá ar fáil a bhaineann le cur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear i bpointí a), b), c) nó d).

Ríomhfar 2 % foriomlán den iarracht iascaireachta ó leithdháileadh uasta iarrachta ceadaithe na roinne cabhlaigh lena mbaineann den Bhallstát lena mbaineann, amhail ón 1 Eanáir 2022

(1)sa tábla a bhaineann le trálaeir ar Oileán na Corsaice, sa Mhuir Liogúrach, i Muir Thoirian agus i Oileán na Sairdíne (FLGanna 8-9-10-11) i bpointe (b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i bhfonóta 4:

“(3)    De bhreis ar an uasiarracht iascaireachta incheadaithe thuasluaite do thrálaeir, féadfaidh Ballstát cionroinnt bhreise laethanta iascaireachta a dheonú do shoithí a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu laistigh de 2 % den iarracht iascaireachta ar an mBallstát sin le haghaidh na roinne cabhlaigh lena mbaineann.

Féadfaidh Ballstát déanamh amhlaidh, ar choinníoll: an méid seo a leanas:

a) go núsáideann na soithí sin trál a bhfuil soc-fhoirceann méide mogaill chearnógaigh 45 mm aige chun gabhálacha colmóirí óga a laghdú 25 % ar a laghad;

b) go núsáideann na soithí sin trál a bhfuil mogallmhéid a shoc-fhoircinn de mhogallmhéid 50 mm d’iascaigh dhomhainfharraige chun gabhálacha séaclaí gorma agus dearga atá níos lú ná 25 mm CL i bhfolimistéir gheografacha 1, 2, 5, 6, 7, 8, 9, 10 agus 11 a laghdú 25 % ar a laghad agus ghabhálacha na séaclaí móra dearga sna folimistéir gheografacha 8, 9, 10 agus 11 níos lú ná 35 mm CL a laghdú 25 % ar a laghad;

c) go núsáideann na soithí sin trealamh anroghnaíoch rialáilte, agus is é an toradh a bheidh ar na sonraíochtaí teicniúla sin, i gcomhréir leis an staidéar eolaíoch a rinne STECF, laghdú 25 % ar a laghad ar líon na niasc óg nó 20 % ar a laghad de ghabhálacha sceitheoirí gach speicis ghrinnill i gcomparáid le 2020;

d) tá limistéir choiscthe shealadacha glactha ag an mBallstát lena mbaineann chun gabhálacha iasc óg de speicis ghrinnill nó 20 % ar a laghad de ghabhálacha sceitheacha de gach speiceas grinnill a laghdú faoi 25 % ar a laghad.

Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún maidir leis an liosta de na soithí iascaireachta lena mbaineann cionroinnt bhreise laethanta iascaireachta den sórt sin, chomh maith leis an líon gaolmhar laethanta iascaireachta.

Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra freisin don Choimisiún i leith gach míosa maidir leis an iarracht a rinneadh agus atá le ríomh in aghaidh an leithdháilte bhreise sin, trí úsáid a bhaint as na cód tuairiscithe shonracha don leithdháileadh breise sin (EFF1/MED2_TR1_AA, EFF1/MED2_TR2_AA, EFF1/MED2_TR3_AA, EFF1/MED2_TR4_AA agus EFF2/MED2_TR1_AA, EFF2/MED2_TR2_AA, EFF2/MED2_TR3_AA, EFF2/MED2_TR4_AA).

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 15 Deireadh Fómhair ar a dhéanaí, gach faisnéis atá ar fáil a bhaineann le cur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear i bpointí a), b), c) nó d).

Ríomhfar 2 % foriomlán den iarracht iascaireachta ó leithdháileadh uasta iarrachta ceadaithe na roinne cabhlaigh lena mbaineann den Bhallstát lena mbaineann, amhail ón 1 Eanáir 2022

(1)    Líon na soithí agus/nó tumairí, nó péire is tumaire amháin ag a bhfuil soitheach amháin, atá údaraithe chun coiréalach dearg a shaothrú.
(2)    De réir an toirmisc ama maidir le hiascaigh an choiréalaigh dheirg atá bunaithe in uiscí na Spáinne.
(3) 1    TBB, OTB, PTB, TBN, TBS, TB, OTM, PTM, TMS, TM, OTT, OT, PT, TX, OTP, TSP.