AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,28.9.2022
COM(2022) 507 final
2022/0308(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1344 lena ndeonaítear tacaíocht shealadach faoi Rialachán (AE) 2020/672 do Phoblacht na Cipire chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú sa chás éigeandála ag eascairt as ráig COVID-19
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Leagtar síos le Rialachán (AE) 2020/672 ón gComhairle (‘Rialachán SURE’) an creat dlíthiúil chun cúnamh airgeadais ón Aontas a sholáthar do na Ballstáit, atá faoi shuaitheadh eacnamaíoch tromchúiseach, nó a bhfuil dianbhagairt orthu, de bharr ráig COVID-19. Maoinítear leis an tacaíocht faoi SURE, go príomha, scéimeanna oibre gearr-ama nó bearta comhchosúla atá dírithe ar fhostaithe agus daoine féinfhostaithe a chosaint agus ar an gcaoi sin an dífhostaíocht agus an caillteanas ioncaim a laghdú, chomh maith le roinnt beart a bhaineann leis an tsláinte, go háirithe san áit oibre, a mhaoiniú, mar chuid choimhdeach.
An 6 Lúnasa 2020 d’iarr an Chipir cúnamh airgeadais ar an Aontas agus an 25 Meán Fómhair 2020, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1344 ón gComhairle, dheonaigh sí cúnamh airgeadais don Chipir d’fhonn a hiarrachtaí náisiúnta a chomhlánú chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ráig COVID-19 agus chun freagairt d’iarmhairtí socheacnamaíocha na ráige maidir le hoibrithe agus daoine féinfhostaithe.
An 10 Márta 2021 d’iarr an Chipir cúnamh airgeadais ón Aontas arís faoi Rialachán SURE. De thoradh na hiarrata sin, leasaíodh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1344 ón gComhairle le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/680 ón gComhairle an 23 Aibreán 2021.
An 5 Meán Fómhair 2022 d’iarr an Chipir cúnamh airgeadais ón Aontas faoi Rialachán SURE den tríú huair.
I gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Rialachán SURE, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le húdaráis na Cipire chun fíorú a dhéanamh maidir leis an mórmhéadú tobann ar an gcaiteachas iarbhír agus ar an gcaiteachas beartaithe a bhaineann go díreach le bearta maidir le margadh saothair na Cipire, ar bearta iad atá ann mar thoradh ar phaindéim COVID-19. Go sonrach, baineann sé sin le bearta atá ann faoi láthair dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1344 ón gComhairle:
(a)an scéim lena dtacaítear le cuideachtaí maidir le fionraíocht pháirteach oibríochtaí, lena gcuirtear cúiteamh pá ar fáil d’fhostaithe gnólachtaí ina bhfuil meath tagtha ar an láimhdeachas mar gheall ar an bpaindéim, agus é ar an gcoinníoll go gcoinnítear an fhostaíocht. Clúdaíonn an cúiteamh 60 % de thuarastal an fhostaí nó 60 % d’aonaid árachais shóisialta an fhostaí a tuilleadh in 2018, cibé acu is mó. Tá an cúiteamh idir EUR 1 214 sa mhí ar a mhéad agus EUR 360 ar a laghad. Bhí an beart i bhfeidhm ar dtús le haghaidh na tréimhse mí an Mhárta 2020 go dtí mí an Mheithimh 2020 agus cuireadh síneadh leis sin chun an tréimhse mí Eanáir 2021 go dtí mí Lúnasa 2021 a chumhdach.
(b)an ‘scéim speisialta le haghaidh aonaid óstáin agus cóiríocht turasóireachta’, lena gcuirtear cúiteamh pá ar fáil chun tacú le fostaithe sa tionscal óstán agus i ngnólachtaí eile a chuireann lóistín ar fáil do thurasóirí ar chuir a bhfostóir oibríochtaí ar fionraí go hiomlán nó inar tháinig laghdú os cionn 40 % ar an láimhdeachas. Tá rannpháirtíocht sa scéim ag brath ar fhostaíocht a choinneáil. Bhí an beart i bhfeidhm ar dtús le haghaidh na tréimhse mí Mheithimh 2020 go dtí mí Dheireadh Fómhair 2020 agus cuireadh síneadh leis ó mhí na Samhna 2020 go dtí mí Dheireadh Fómhair 2021.
(c) an ‘scéim speisialta chun tacú le gnólachtaí a bhaineann leis an tionscal turasóireachta nó a ndéanann an turasóireacht difear dóibh nó a bhaineann le gnólachtaí atá faoi réir fionraíocht iomlán shainordaitheach’, lena gcuirtear cúiteamh pá ar fáil d’fhostaithe na ngnólachtaí sin a chuir a n‑oibríochtaí ar fionraí nó inar tháinig laghdú os cionn 40 % ar an láimhdeachas in ionad laghdú 55 % mar a bhí sa scéim bhunaidh, agus é ar an gcoinníoll go gcoinnítear an fhostaíocht. Bhí an beart i bhfeidhm ar dtús le haghaidh na tréimhse mí Mheithimh 2020 go dtí mí Lúnasa 2020, leasaíodh é agus cuireadh síneadh leis ó mhí Mheán Fómhair 2020 go dtí mí Dheireadh Fómhair 2021.
(d)leis an ‘scéim speisialta lena dtacaítear le gnólachtaí a dhéanann gníomhaíochtaí speisialta réamhshainithe’, cuirtear cúiteamh pá ar fáil d’fhostaithe gnólachtaí a bhfuil laghdú 55 % ar a laghad tagtha ar a láimhdeachas, agus é ar an gcoinníoll go gcoinnítear an fhostaíocht Cuireadh síneadh leis an mbeart, a bhí i bhfeidhm ar dtús don tréimhse Meitheamh 2020 go Lúnasa 2020, ó mhí Mheán Fómhair 2020 go dtí mí na Nollag 2020 agus cuireadh síneadh leis arís ó mhí na Nollag 2020 go dtí mí Dheireadh Fómhair 2021;
(e)an scéim fóirdheontais le haghaidh gnólachtaí an‑bheag agus gnólachtaí beaga agus daoine féinfhostaithe, a fhostaíonn suas le 50 fostaí, scéim lena gcuirtear deontas cnapshuime ar fáil chun tacú le costais oibriúcháin gnólachtaí beaga agus daoine féinfhostaithe. Níor iarradh ach an chuid sin den chaiteachas a bhaineann le tacaíocht do dhaoine féinfhostaithe agus do chuideachtaí aonbhaill. Rinneadh athbhreithniú ar mhéideanna na ndeontas cnapshuime maidir le catagóirí éagsúla gnólachtaí bunaithe ar an líon fostaithe. Ina theannta sin, comhaontaíodh deontais le haghaidh na ngnólachtaí sin a chuir a n‑oibríochtaí ar fionraí ó bhí mí an Mhárta 2020 ann de mhéid EUR 10 000 i gcás ina bhfuil suas le 9 bhfostaí acu agus EUR 15 000 i gcás ina bhfuil níos mó ná 9 bhfostaí acu. Bhí an beart i bhfeidhm ar dtús le haghaidh na tréimhse mí Aibreáin 2020 go dtí mí na Bealtaine 2020, leasaíodh é agus cuireadh síneadh leis go dtí mí na Samhna 2020. Cuireadh síneadh leis an scéim arís i mí an Mhárta 2021 agus i mí Aibreáin 2021, agus cumhdaíodh léi gnólachtaí d’aon líon fostaithe a raibh orthu a gcuid oibríochtaí a chur ar fionraí go hiomlán de réir Foraitheanta ón Aire Sláinte.
(f) an ‘scéim sochair breoiteachta’ lena gcuirtear cúiteamh pá ar fáil d’fhostaithe na hearnála príobháidí agus do dhaoine féinfhostaithe, ar an gcoinníoll go n‑aicmítear iad mar dhaoine leochaileacha de réir liosta a d’fhoilsigh an Aireacht Sláinte,go gcuireann na hÚdaráis i gcoraintín iad, nó mar dhaoine atá ionfhabhtaithe le COVID-19. Bhí an beart i bhfeidhm ar dtús le haghaidh na tréimhse mí Mhárta 2020 go dtí mí Mheithimh 2020, agus cuireadh síneadh leis ó mhí na Samhna 2020 go dtí mí na Mheithimh 2021.
Chuir an Chipir an fhaisnéis ábhartha ar fáil don Choimisiún.
Agus an fhianaise atá ar fáil á cur san áireamh, molann an Coimisiún don Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme a ghlacadh chun cúnamh airgeadais a dheonú don Chipir faoin Rialachán SURE chun tacú leis na bearta thuasluaite.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an togra seo iomlán comhsheasmhach le Rialachán (AE) 2020/672 ón gComhairle, faoina ndéantar an togra.
Cuireann an togra seo le hionstraim dlí eile de chuid an Aontais um thacaíocht a sholáthar do Bhallstáit i gcásanna éigeandála, mar atá Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (‘Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002’). An 30 Márta 2020 glacadh Rialachán (AE) 2020/461 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear an ionstraim sin chun a raon feidhme a leathnú chun móréigeandálaí sláinte poiblí a chumhdach agus chun oibríochtaí sonracha is incháilithe do mhaoiniú a shainiú.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra seo mar chuid de réimse beart arna bhforbairt mar fhreagairt ar phaindéim reatha COVID-19, amhail ‘an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas’, agus comhlánaítear leis ionstraimí eile a thacaíonn le fostaíocht amhail Ciste Sóisialta na hEorpa agus an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS)/InvestEU. Trí úsáid a bhaint as iasachtaí a fháil agus a thabhairt ar mhaithe le tacú leis na Ballstáit i gcás áirithe seo de ráig COVID-19, is togra é seo atá mar bheart cosanta tánaistí chun scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla a mhaoiniú, rud a chuideoidh le poist a chosaint agus, ar an gcaoi sin, fostaithe agus daoine féinfhostaithe a chosaint ar riosca na dífhostaíochta.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Rialachán (AE) 2020/672 ón gComhairle is bunús dlí don ionstraim seo.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Leanann an togra seo iarraidh ó Bhallstát agus léirítear ann dlúthpháirtíocht na hEorpa trí cúnamh airgeadais an Aontais a chur ar fáil i bhfoirm iasachtaí sealadacha do Bhallstáit a bhfuil ráig COVID-19 ag dul i bhfeidhm orthu. Mar bheart cosanta tánaistí, is amhlaidh is tacaíocht é do chaiteachas poiblí méadaithe an rialtais, tacaíocht shealadach i leith scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta eile den chineál sin, rud is cúnamh dóibh i gcosaint na bpost agus dá réir sin i gcosaint na bhfostaithe ar riosca na dífhostaíochta agus caillteanais ioncaim.
Leis an tacaíocht sin, cuideofar leis an bpobal atá buailte agus leis an tionchar díreach sochaíoch agus eacnamaíoch a d’eascair as géarchéim COVID-19 atá ann faoi láthair a mhaolú.
•Comhréireacht
Urramaítear leis an togra seo prionsabal na comhréireachta. Ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na hionstraime a bhaint amach.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Mar gheall ar an bpráinn a bhaineann leis an togra a ullmhú ionas go bhféadfaidh an Chomhairle é a ghlacadh go tráthúil, ní fhéadfaí comhairliúchán a dhéanamh leis na páirtithe leasmhara.
•Measúnú tionchair
Ós togra práinneach é an togra, ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann iasachtaí a fháil ar na margaí airgeadais chun iad a thabhairt ar aghaidh ar iasacht don Bhallstát a bhfuil cúnamh airgeadais á iarraidh aige faoin ionstraim SURE.
Mar aon le soláthar ráthaíochtaí na mBallstát, tá coimircí eile ina mbunchuid den chreat ionas gur scéim í a bheidh daingean ó thaobh an airgeadais de:
·Cur chuige dian coimeádach i leith na bainistíochta airgeadais;
·Déanamh a bheith ar an bpunann iasachtaí lena dteorannaítear riosca comhchruinnithe, neamhchosaint bhliantúil agus neamhchosaint iomarcach do Bhallstáit aonair agus lena n‑áirithítear ag an am céanna gurbh fhéidir acmhainní leordhóthanacha a thabhairt do na Ballstáit is mó a bhfuil gá acu leo; agus
·Féidearthachtaí a bheith ann leis na fiacha a thar-rolladh.
2022/0308 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1344 lena ndeonaítear tacaíocht shealadach faoi Rialachán (AE) 2020/672 do Phoblacht na Cipire chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú sa chás éigeandála ag eascairt as ráig COVID-19
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/672 ón gComhairle an 19 Bealtaine 2020 maidir le bunú ionstraime Eorpaí le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) ag eascairt as ráig COVID-19, agus go háirithe Airteagal 6(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)De bhreis ar iarraidh ón gCipir an 6 Lúnasa 2020, dheonaigh an Chomhairle, trí bhíthin Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1344, cúnamh airgeadais don Chipir i bhfoirm iasachta arbh é uasmhéid EUR 479 070 000 a bhí inti ag a raibh uastréimhse aibíochta 15 bliana ar an meán agus tréimhse infhaighteachta 18 mí, d’fhonn iarrachtaí náisiúnta na Cipire a chomhlánú chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ráig COVID-19 agus chun freagairt d’iarmhairtí socheacnamaíocha na ráige sin d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe.
(2)Bhí an iasacht le húsáid ag an gCipir chun scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla a mhaoiniú, bearta dá dtagraítear in Airteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1344.
(3)De bhreis ar an dara hiarraidh ón gCipir an 10 Márta 2021, dheonaigh an Chomhairle, trí bhíthin Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/680 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1344, EUR 124 700 000 de chúnamh airgeadais breise don Chipir trí uasmhéid na hiasachta a mhéadú go EUR 603 770 000 ag a bhfuil meánaibíocht uasta 15 bliana agus tréimhse infhaighteachta 18 mí, d’fhonn iarrachtaí náisiúnta na Cipire a chomhlánú chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ráig COVID-19 agus chun freagairt d’iarmhairtí socheacnamaíocha na ráige sin d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe.
(4)Bhí an iasacht bhreise le húsáid ag an gCipir chun bearta scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla a mhaoiniú, bearta dá dtagraítear in Airteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/680 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1344.
(5)De bharr ráig COVID-19 cuirtear bac ar chuid shuntasach de lucht saothair na Cipire i gcónaí. Mar thoradh air sin, tháinig mórmhéadú tobann ar an gcaiteachas poiblí sa Chipir i ndáil leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 3(c), (e), (f), (g), (h) agus (i) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1344.
(6)Maidir le ráig COVID-19 agus na bearta urghnácha a chuir an Chipir chun feidhme in 2020, 2021 agus 2022 chun srian a chur ar an ráig sin agus ar a tionchar socheacnamaíoch agus a tionchar ar chúrsaí sláinte, d’imir siad tionchar ollmhór ar an airgeadas poiblí agus imríonn go fóill. In 2020 bhí easnamh rialtais ginearálta 5.8 % agus agus fiachas 115.0 % den olltáirgeacht intíre (OTI) ag an gCipir, a laghdaigh go 1.7 % agus go 103.6 % faoi seach faoi dheireadh 2021. De réir réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún, táthar á thuar go mbeidh easnamh rialtais ginearálta 0.3 % agus fiachas 93.9 % de OTI ag an gCipir faoi dheireadh 2022. De réir réamhaisnéis eatramhach an tsamhraidh 2022 ón gCoimisiúin, meastar go dtiocfaidh méadú 3.2 % ar OTI na Cipire in 2022.
(7)An 5 Meán Fómhair 2022 d’iarr an Chipir cúnamh airgeadais breise ar an Aontas de mhéid EUR 29 200 000 d’fhonn leanúint de chomhlánú a hiarrachtaí náisiúnta ar tugadh fúthu in 2020, 2021 agus 2022 chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ráig COVID-19 agus chun freagairt d’iarmhairtí socheacnamaíocha na ráige d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe. Go sonrach, rinne an Chipir scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla a leagtar amach in aithrisí 8 go 13 a shíneadh nó a leasú tuilleadh.
(8)Ba iad ‘Dlí 27(I)/2020’, ‘Dlí 49(I)/2020’, ‘Dlí 140(I)/2020’, ‘Dlí 36(I)/2021’ agus ‘Dlí 120(I)/2021’ an bunús chun roinnt gníomhartha rialaitheacha míosúla a thabhairt isteach , lena leagtar amach bearta chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ráig COVID-19. Ar bhonn na ndlíthe sin, thug na húdaráis isteach an ‘scéim lena dtacaítear le cuideachtaí maidir le fionraíocht pháirteach oibríochtaí’, dá dtagraítear in Airteagal 3(c) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1344. Cuirtear cúiteamh pá ar fáil leis sin d’fhostaithe gnólachtaí ina bhfuil meath tagtha ar an láimhdeachas mar gheall ar an bpaindéim, agus é ar an gcoinníoll go gcoinnítear an fhostaíocht. Clúdaíonn an cúiteamh 60 % de thuarastal an fhostaí nó 60 % d’aonaid árachais shóisialta an fhostaí a tuilleadh in 2018, cibé acu is mó. Tá an cúiteamh idir EUR 1 214 sa mhí ar a mhéad agus EUR 360 ar a laghad. Bhí an beart i bhfeidhm ar dtús le haghaidh na tréimhse mí an Mhárta 2020 go dtí mí an Mheithimh 2020 agus cuireadh síneadh leis ina dhiaidh sin chun an tréimhse mí Eanáir 2021 go dtí mí Lúnasa 2021 a chumhdach.
(9)Thairis sin, ba iad ‘Dlí 27(I)/2020’, ‘Dlí 49(I)/2020’, ‘Dlí 140(I)/2020’, ‘Dlí 36(I)/2021’ agus ‘Dlí 120(I)/2021’ agus roinnt gníomhartha rialála riaracháin míosúla an bunús leis an ‘scéim speisialta le haghaidh aonaid óstáin agus cóiríocht turasóireachta’, dá dtagraítear in Airteagal 3(e) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1344. Leis sin, cuirtear cúiteamh pá ar fáil chun tacú le fostaithe sa tionscal óstán agus i ngnólachtaí eile a chuireann lóistín ar fáil do thurasóirí ar chuir a bhfostóir oibríochtaí ar fionraí go hiomlán nó inar tháinig laghdú os cionn 40 % ar an láimhdeachas. Tá rannpháirtíocht sa scéim ag brath ar fhostaíocht a choinneáil. Bhí an beart i bhfeidhm ar dtús le haghaidh na tréimhse mí an Mheithimh 2020 go dtí mí Dheireadh Fómhair 2020 agus cuireadh síneadh leis ina dhiaidh sin chun an tréimhse mí na Samhna 2020 go dtí mí Dheireadh Fómhair 2021 a chumhdach.
(10)Thairis sin, ba iad ‘Dlí 27(I)/2020’, ‘Dlí 49(I)/2020’, ‘Dlí 140(I)/2020’, ‘Dlí 36(I)/2021’ agus ‘Dlí 120(I)/2021’ agus roinnt gníomhartha rialála riaracháin míosúla an bunús leis an ‘scéim speisialta chun tacú le gnólachtaí a bhaineann leis an tionscal turasóireachta nó a ndéanann an turasóireacht difear dóibh nó a bhaineann le gnólachtaí atá faoi réir fionraíocht iomlán shainordaitheach’, dá dtagraítear in Airteagal 3(f) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1344. Leis an scéim, cuirtear cúiteamh pá ar fáil do na fostaithe sa tionscal óstán agus i ngnólachtaí eile a chuireann lóistín ar fáil do thurasóirí ina cuireadh oibríochtaí ar fionraí go hiomlán nó inar tháinig laghdú os cionn 40 % ar an láimhdeachas in ionad laghdú 55 % mar a bhí sa scéim bhunaidh, agus é ar an gcoinníoll go gcoinnítear an fhostaíocht. Bhí an beart i bhfeidhm ar dtús le haghaidh na tréimhse mí an Mheithimh 2020 go dtí mí Lúnasa 2020 agus cuireadh síneadh leis ina dhiaidh sin chun an tréimhse mí Mheán Fómhair 2020 go dtí mí Dheireadh Fómhair 2021 a chumhdach.
(11)Thairis sin, ba iad ‘Dlí 27(I)/2020’, ‘Dlí 49(I)/2020’, ‘Dlí 140(I)/2020’, ‘Dlí 36(I)/2021’ agus ‘Dlí 120(I)/2021’ agus roinnt gníomhartha rialála riaracháin míosúla an bunús le ‘Scéim speisialta lena dtacaítear le gnólachtaí a dhéanann gníomhaíochtaí speisialta réamhshainithe’, dá dtagraítear in Airteagal 3(g) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1344. Leis an scéim sin, cuirtear cúiteamh pá ar fáil do 50 % d’fhoireann na ngnólachtaí a théann isteach sa scéim. Cumhdaíonn an tacaíocht 60 % de thuarastal an fhostaí nó 60 % d’aonaid árachais shóisialta an fhostaí a tuilleadh sa bhliain tagartha iomchuí, cibé acu is mó. Tá an cúiteamh idir EUR 1 214 sa mhí ar a mhéad agus EUR 360 ar a laghad. Tá rannpháirtíocht sa scéim ag brath ar fhostaíocht a choinneáil. Bhí an beart i bhfeidhm ar dtús ó mhí an Mheithimh 2020 go dtí mí Lúnasa 2020 agus cuireadh síneadh leis ó mhí Mheán Fómhair 2020 go dtí mí Dheireadh Fómhair 2021.
(12)Ina theannta sin, leis an ‘scéim fóirdheontais’ a bunaíodh le ‘Buiséad Forlíontach, Creat Sealadach le haghaidh bearta Státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar le linn ráig COVID-19 atá ann faoi láthair’, dá dtagraítear in Airteagal 3(h) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1344, tugadh isteach fóirdheontais d’fhiontair an‑bheaga agus d’fhiontair bheaga agus do dhaoine féinfhostaithe a fhostaíonn suas le 50 fostaí. Níor iarradh ach an chuid sin den chaiteachas a bhaineann le tacaíocht do dhaoine féinfhostaithe agus do chuideachtaí aonbhaill. Cuireann na fóirdheontais sin deontas cnapshuime ar fáil chun tacú le costais oibriúcháin gnólachtaí beaga agus daoine féinfhostaithe. Rinneadh athbhreithniú ar mhéideanna na ndeontas cnapshuime maidir le catagóirí éagsúla gnólachtaí bunaithe ar an líon fostaithe. Ina theannta sin, comhaontaíodh deontais le haghaidh na ngnólachtaí sin a chuir a n‑oibríochtaí ar fionraí ó bhí mí an Mhárta 2020 ann de mhéid EUR 10 000 i gcás ina bhfuil suas le 9 bhfostaí acu agus EUR 15 000 i gcás ina bhfuil níos mó ná 9 bhfostaí acu. Is féidir an scéim fóirdheontais a mheas mar bheart atá cosúil le scéimeanna oibre gearr-ama, dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/672, ós rud é gurb é is aidhm di an duine féinfhostaithe nó catagóirí comhchosúla oibrithe a chosaint ar laghdú nó ar chaillteanas ioncaim. Bhí an beart i bhfeidhm ar dtús le haghaidh na tréimhse mí Aibreáin 2020 go dtí mí na Bealtaine 2020, leasaíodh é agus cuireadh síneadh leis go dtí mí na Samhna 2020. Cuireadh síneadh leis an scéim arís i mí an Mhárta 2021 agus i mí Aibreáin 2021, agus cumhdaíodh léi gnólachtaí d’aon líon fostaithe a raibh orthu a gcuid oibríochtaí a chur ar fionraí go hiomlán de réir Foraitheanta ón Aire Sláinte.
(13) Thairis sin, ba iad ‘Dlí 27(I)/2020’, ‘Dlí 49(I)/2020’, ‘Dlí 140(I)/2020’, ‘Dlí 36(I)/2021’ agus ‘Dlí 120(I)/2021’ agus roinnt gníomhartha rialála riaracháin míosúla an bunús le haghaidh ‘scéim sochair breoiteachta’, dá dtagraítear in Airteagal 3(i) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1344. Leis an scéim sin, cuirtear cúiteamh pá ar fáil d’fhostaithe na hearnála príobháidí agus do dhaoine féinfhostaithe, ar an gcoinníoll go n‑aicmítear iad mar dhaoine leochaileacha de réir liosta a d’fhoilsigh an Aireacht Sláinte, go gcuireann na húdaráis i gcoraintín iad, nó mar dhaoine atá ionfhabhtaithe le COVID-19. Bhí an beart i bhfeidhm ar dtús le haghaidh na tréimhse mí an Mhárta 2020 go dtí mí an Mheithimh 2020 agus cuireadh síneadh leis chun an tréimhse mí na Samhna 2020 go dtí mí an Mheithimh 2021 a chumhdach.
(14)Comhlíonann an Chipir na coinníollacha maidir le cúnamh airgeadais a iarraidh, coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/672. Chuir an Chipir fianaise chuí ar fáil don Choimisiún a léiríonn go bhfuil méadú EUR 777 840 000 tagtha ar an gcaiteachas poiblí iarbhír agus ar an gcaiteachas poiblí beartaithe ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann mar thoradh ar na bearta náisiúnta a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí socheacnamaíocha ráig COVID-19. Is mórmhéadú tobann é sin mar go mbaineann sé freisin le síneadh nó le leasú ar na bearta náisiúnta atá ann cheana a bhaineann go díreach leis an scéim oibre gearr-ama agus le bearta comhchosúla lena gcumhdaítear cuid shuntasach de ghnóthais agus de lucht saothair na Cipire. Tá sé beartaithe ag an gCipir EUR 144 870 000 den mhéid méadaithe caiteachais a mhaoiniú trí chistí de chuid an Aontais ó bhuiséad an Aontais.
(15)Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an gCipir agus d’fhíoraigh sé an mórméadú tobann ar an gcaiteachas poiblí iarbhír agus an caiteachas poiblí atá beartaithe a bhaineann go díreach le bearta scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla, dá dtagraítear san iarraidh an 5 Meán Fómhair 2022, i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2020/672.
(16)Ba cheart, dá bhrí sin, cúnamh airgeadais a chur ar fáil d’fhonn cuidiú leis an gCipir aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí socheacnamaíocha an tsuaite eacnamaíoch ghéir a tharla de dheasca ráig COVID-19. Ba cheart don Choimisiún na cinntí maidir le haibíochtaí, méid agus scaoileadh tráthchodanna agus tráinsí a dhéanamh i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta.
(17)Ós rud é go bhfuil an tréimhse infhaighteachta a thugtar i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1344 imithe in éag, tá gá le tréimhse infhaighteachta nua le haghaidh an chúnaimh airgeadais breise. Ba cheart síneadh 21 mhí a chur leis an tréimhse infhaighteachta 18 mí le haghaidh cúnamh airgeadais a dheonaítear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1344 agus, dá thoradh sin, ba cheart an tréimhse infhaighteachta iomlán a bheith 39 mí dar tús an chéad lá tar éis theacht i bhfeidhm Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1344.
(18)Ba cheart don Chipir agus don Choimisiún an Cinneadh seo a chur san áireamh sa chomhaontú iasachta dá dtagraítear in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2020/672.
(19)Ba cheart an Cinneadh seo a bheith gan dochar don toradh ar aon nós imeachta a d’fhéadfaí a dhéanamh, nósanna imeachta a bhaineann le saobhadh fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, go háirithe de bhun Airteagail 107 agus 108 den Chonradh. Ní sháraítear leis an gCinneadh seo an ceanglas atá ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi Airteagal 108 den Chonradh faoi chásanna státchabhrach a d’fhéadfadh a bheith ann.
(20)Ba cheart don Chipir an Coimisiún a chur ar an eolas go tráthrialta faoi cur chun feidhme an chaiteachais phoiblí bheartaithe, chun a chur ar chumas don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar a mhéid a chuir an Chipir an caiteachas sin chun feidhme.
(21)Rinneadh an cinneadh chun cúnamh airgeadais a sholáthar agus riachtanais reatha agus riachtanais ionchasacha na Cipire á gcur san áireamh, chomh maith le hiarrataí ar chúnamh airgeadais de bhun Rialachán (AE) 2020/672 a cuireadh isteach cheana nó atá beartaithe le cur isteach ag Ballstáit eile, agus prionsabail na córa comhionainne, na dlúthpháirtíochta, na comhréireachta agus na trédhearcachta á gcur i bhfeidhm an tráth céanna,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh Cur chun Feidhme (AE) 2020/1344 mar a leanas:
(1)
Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Cuirfidh an tAontas iasacht ar fáil don Chipir arb é uasmhéid EUR 632 970 000 a bheidh inti. 15 bliana an uastréimhse aibíochta ar an meán a bheidh ag an iasacht sin.’;
(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. 39 mí dar tús an chéad lá tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo a bheidh sa tréimhse infhaighteachta le haghaidh cúnamh airgeadais a dheonaítear leis an gCinneadh seo.’
(c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4. Scaoilfear an chéad tráthchuid faoi réir theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe iasachta dá bhforáiltear in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2020/672. Scaoilfear aon tráthchuid eile i gcomhréir le téarmaí an chomhaontaithe iasachta sin nó, i gcás inarb ábhartha, beidh siad faoi réir theacht i bhfeidhm aguisín a ghabhann leis, nó theacht i bhfeidhm comhaontú iasachta leasaithe arna thabhairt i gcrích idir an Chipir agus an Coimisiún a chuirfear in ionad an chomhaontaithe bhunaidh sin.’;
(2)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:
‘Airteagal 3
Féadfaidh an Chipir na bearta seo a leanas a mhaoiniú:
(a)an scéim saoire speisialta do thuismitheoirí, dá bhforáiltear le ‘Dlí 27(I)/2020’, agus le ‘Gníomhartha Riaracháin Rialála, 127/148/151/184/192/212/213/235/2020’, arna leathnú;
(b)na scéimeanna lena dtacaítear le cuideachtaí maidir le fionraíocht iomlán oibríochtaí, dá bhforáiltear le ‘Dlí 27(I)/2020’, agus le ‘Gníomhartha Riaracháin Rialála, 130/148/151/187/212/213/238/243/271/273/2020’, arna leathnú;
(c)na scéimeanna lena dtacaítear le gcuideachtaí maidir le fionraíocht pháirteach oibríochtaí, dá bhforáiltear le ‘Dlí 27(I)/2020’, agus le ‘Gníomhartha Riaracháin Rialála, 131/188/239/2020’, arna leathnú go deireanach le ‘Dlí 120(I)/2021’ agus le ‘Gníomh Riaracháin Rialála 370/2021’;
(d)an scéim saoire speisialta le haghaidh daoine féinfhostaithe, dá bhforáiltear le ‘Dlí 27(I)/2020’, agus le ‘Gníomhartha Riaracháin Rialála, 1129/148/151/186/237/322/2020’, arna leathnú;
(e)an scéim speisialta le haghaidh aonaid óstáin agus cóiríocht turasóireachta, dá bhforáiltear le ‘Dlí 27(I)/2020’, agus le ‘Gníomhartha Riaracháin Rialála, 269/317/393/418/498/533/631/2020’, arna leathnú go deireanach le ‘Dlí 120(I)/2021’ agus le ‘Gníomh Riaracháin Rialála 431/2021’;
(f)an scéim speisialta chun tacú le gnólachtaí a bhaineann leis an tionscal turasóireachta nó a ndéanann an turasóireacht difear dóibh nó a bhaineann le gnólachtaí atá faoi réir fionraíocht iomlán shainordaitheach, dá bhforáiltear le ‘Dlí 27(I)/2020’, agus le ‘Gníomhartha Riaracháin Rialála, 270/318/394/419/499/534/632/2020’, arna leathnú go deireanach le ‘Dlí 120(I)/2021’ agus le ‘Gníomh Riaracháin Rialála 432/2021’;
(g)an scéim speisialta lena dtacaítear le gnólachtaí a dhéanann gníomhaíochtaí speisialta réamhshainithe, dá bhforáiltear le ‘Dlí 27(I)/2020’, agus le ‘Gníomhartha Riaracháin Rialála, 272/320/396/420/500/535/633/2020’, arna leathnú go deireanach le ‘Dlí 120(I)/2021’ agus le ‘Gníomh Riaracháin Rialála 433/2021’;
(h)an scéim fóirdheontais le haghaidh fiontair an‑bheag agus fiontair bheaga agus daoine féinfhostaithe, dá bhforáiltear sa ‘Bhuiséad Forlíontach, Creat sealadach le haghaidh bearta Státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar le linn ráig COVID-19 atá ann faoi láthair’, maidir leis an gcuid den chaiteachas a bhaineann le tacaíocht do dhaoine féinfhostaithe agus do chuideachtaí aonbhaill, arna leathnú agus arna leasú;
(i)an scéim sochair breoiteachta, dá bhforáiltear le ‘Dlí 27(I)/2020’, agus le ‘Gníomhartha Riaracháin Rialála, 128/185/236/637/2020’, arna leathnú go deireanach le ‘Dlí 120(I)/2021’ agus le ‘Gníomh Riaracháin Rialála 273/2021’;
Airteagal 2
Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na Cipire.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán