AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,20.9.2022
COM(2022) 479 final/2
2022/0294(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1350 lena ndeonaítear tacaíocht shealadach faoi Rialachán (AE) 2020/672 do Phoblacht na Liotuáine chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú sa chás éigeandála tar éis ráig COVID‑19
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Leagtar síos le Rialachán (AE) 2020/672 ón gComhairle (‘Rialachán SURE’) an creat dlíthiúil chun cúnamh airgeadais ón Aontas a sholáthar do na Ballstáit, atá faoi shuaitheadh eacnamaíoch tromchúiseach, nó a bhfuil dianbhagairt orthu, de bharr ráig COVID‑19. Maoinítear leis an tacaíocht faoi SURE, go príomha, scéimeanna oibre gearr-ama nó bearta comhchosúla lena ndírítear ar fhostaithe agus ar dhaoine féinfhostaithe a chosaint agus ar an gcaoi sin ar an dífhostaíocht agus ar an gcaillteanas ioncaim a laghdú, chomh maith le roinnt beart a bhaineann leis an tsláinte, go háirithe san áit oibre, a mhaoiniú, mar chuid choimhdeach.
An 7 Lúnasa 2020, d’iarr an Liotuáin cúnamh airgeadais ar an Aontas agus an 25 Meán Fómhair 2020, dheonaigh an Chomhairle cúnamh airgeadais don Liotuáin le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1350 d’fhonn comhlánú a dhéanamh ar na hiarrachtaí náisiúnta atá ar siúl aici chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ráig COVID‑19 agus chun freagairt d’iarmhairtí socheacnamaíocha na ráige le haghaidh oibrithe agus le haghaidh na ndaoine féinfhostaithe.
An 11 Márta 2021, d’iarr an Liotuáin cúnamh airgeadais ar an Aontas arís faoi Rialachán SURE. Mar thoradh ar an iarraidh sin, leasaíodh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1350 ón gComhairle le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/678 ón gComhairle an 23 Aibreán 2021.
An 8 Lúnasa 2022, d’iarr an Liotuáin cúnamh airgeadais ar an Aontas faoi Rialachán SURE den tríú huair.
I gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Rialachán SURE, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le húdaráis na Liotuáine chun fíorú a dhéanamh maidir leis an méadú géar tobann ar chaiteachas iarbhír agus ar chaiteachas beartaithe a bhaineann go díreach le bearta mhargadh saothair na Liotuáine, ar bearta iad atá ann mar thoradh ar phaindéim COVID‑19. Baineann sé sin go háirithe leis na bearta atá ann cheana dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1350 ón gComhairle:
(a)scéim chun fóirdheontais a íoc le fostóirí chun pá measta gach duine fostaithe a bhfuil tréimhse gan obair le cur isteach aige a chumhdach, mar thacaíocht le linn an choraintín agus na staide héigeandála. Roimh an 1 Eanáir 2021, d’fhéadfadh fostóir rogha a dhéanamh idir fóirdheontais chun 70 % den tuarastal a chumhdach, suas go dtí uasmhéid 1,5 oiread an phá íosta, nó chun 90 % den tuarastal a chumhdach (100 % i gcás fostaithe atá 60 bliain d’aois agus níos sine), suas go dtí uasmhéid an phá íosta. Ón 1 Eanáir 2021, féadfaidh fostóir fóirdheontais a fháil chun 100 % den tuarastal a chumhdach, suas go dtí uasmhéid 1,5 oiread an phá íosta. Ní mór d’fhostóirí a ghlacann páirt sa scéim 50 % ar a laghad dá líon fostaithe a choinneáil ar feadh 3 mhí ar a laghad tar éis dheireadh an fhóirdheontais pá.
(b)scéim chun fóirdheontais a íoc le haghaidh fostaithe a fhilleann ón tréimhse gan obair, le haghaidh suas le 6 mhí tar éis dóibh filleadh ar an obair. Roimh an 1 Iúil 2021, bhí na fóirdheontais faoi réir uasteorainn arbh ionann é agus an pá íosta nó dhá oiread an phá íosta, ag brath ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch a dhéanann an fostóir. D’fhéadfadh méid na bhfóirdheontas a íocadh sa chéad mhí agus sa dara mí tar éis d’fhostaithe filleadh ar an obair a bheith chomh hard le 100 % de thuarastal fostaí, sa tríú mí agus sa cheathrú mí, d’fhéadfadh sé a bheith chomh hard le 50 % de agus sa chúigiú mí agus sa séú mí d’fhéadfadh sé a bheith chomh hard le 30 % de. Ón 1 Iúil 2021, íocadh fóirdheontais le haghaidh fostaithe a bhí ag filleadh ó thréimhse gan obair, ar feadh suas le 2 mhí tar éis dóibh filleadh ar an obair. Is é atá san fhóirdheontas sa chéad mhí 100 % de thuarastal an fhostaí, ach méid nach mó ná 0,9 oiread an phá íosta, sa dara mí 100 % de thuarastal an fhostaí, ach méid nach mó ná 0,6 oiread an phá íosta. Is féidir na fóirdheontais sin a mheas a bheith ina mbeart atá comhchosúil leis na scéimeanna oibre gearr-ama, dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/672, toisc gurbh é ab aidhm dóibh tacaíocht ioncaim a sholáthar d’fhostaithe agus cuidiú le caidrimh fostaíochta a bhí ann cheana a choinneáil ar bun.
Chuir an Liotuáin an fhaisnéis ábhartha ar fáil don Choimisiún.
Agus an fhianaise atá ar fáil á cur san áireamh, molann an Coimisiún don Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme a ghlacadh chun cúnamh airgeadais a dheonú don Liotuáin faoi Rialachán SURE chun tacú leis na bearta thuasluaite.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an togra seo go hiomlán comhsheasmhach le Rialachán (AE) 2020/672 ón gComhairle, faoina ndéantar an togra.
Tagann an togra seo sa bhreis ar ionstraim dlí eile de chuid an Aontais lena soláthraítear tacaíocht do Bhallstáit i gcás éigeandálaí, eadhon Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (CDAE) (‘Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002’). Glacadh Rialachán (AE) 2020/461 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020, lena leasaítear an ionstraim sin chun a raon feidhme a leathnú chun móréigeandálaí sláinte poiblí a chumhdach agus chun oibríochtaí sonracha is incháilithe do mhaoiniú a shainiú.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra seo mar chuid de réimse beart a forbraíodh mar fhreagairt ar phaindéim COVID‑19 atá ann faoi láthair, amhail ‘an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas’, agus comhlánaítear leis ionstraimí eile a thacaíonn leis an bhfostaíocht amhail Ciste Sóisialta na hEorpa agus an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS)/InvestEU. Trí úsáid a bhaint as iasachtaí a fháil agus a thabhairt chun tacú leis na Ballstáit i gcás na ráige áirithe seo de COVID‑19, is togra é seo atá ina bheart cosanta tánaistí chun scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla a mhaoiniú, rud a chuideoidh le poist a chosaint agus, ar an gcaoi sin, fostaithe agus daoine féinfhostaithe a chosaint ar riosca na dífhostaíochta.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Rialachán (AE) 2020/672 ón gComhairle is bunús dlí don ionstraim seo.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Leanann an togra seo iarraidh ó Bhallstát agus léirítear ann dlúthpháirtíocht na hEorpa trí chúnamh airgeadais an Aontais a chur ar fáil i bhfoirm iasachtaí sealadacha do Bhallstát a bhfuil ráig COVID‑19 ag dul i bhfeidhm air. Mar bheart cosanta tánaistí, tacaíonn an cúnamh airgeadais sin le caiteachas poiblí méadaithe an rialtais ar bhonn sealadach i leith scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta eile den chineál sin chun cuidiú leis an rialtas poist a chosaint agus dá réir sin fostaithe agus daoine féinfhostaithe a chosaint ar riosca na dífhostaíochta agus caillteanais ioncaim.
Leis an tacaíocht sin, cuideofar leis an bpobal atá buailte agus leis an tionchar díreach sochaíoch agus eacnamaíoch a d’eascair as géarchéim COVID‑19 atá ann faoi láthair a mhaolú.
•Comhréireacht
Urramaítear leis an togra seo prionsabal na comhréireachta. Ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na hionstraime a bhaint amach.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Mar gheall ar an bpráinn a bhaineann leis an togra a ullmhú ionas gur féidir leis an gComhairle é a ghlacadh go tráthúil, ní fhéadfaí comhairliúchán a dhéanamh leis na páirtithe leasmhara.
•Measúnú tionchair
Ós togra práinneach é an togra, ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ba cheart go bhféadfadh an Coimisiún iasachtaí a chur i gconradh ar na margaí airgeadais, beart arb é is aidhm dó na hiasachtaí sin a iasachtú ar aghaidh leis an mBallstát a d’iarr cúnamh airgeadais faoin ionstraim SURE.
Mar aon le soláthar ráthaíochtaí na mBallstát, tá coimircí eile ina mbunchuid den chreat chun daingne na scéime ó thaobh an airgeadais de a áirithiú:
·Cur chuige dian coimeádach i leith na bainistíochta airgeadais;
·Déanamh a bheith ar an bpunann iasachtaí lena dteorannaítear riosca comhchruinnithe, neamhchosaint bhliantúil agus neamhchosaint iomarcach do Bhallstáit aonair agus lena n‑áirithítear ag an am céanna gurbh fhéidir acmhainní leordhóthanacha a thabhairt do na Ballstáit is mó a bhfuil gá acu leo; agus
·Féidearthachtaí chun na fiacha a thar-rolladh.
2022/0294 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1350 lena ndeonaítear tacaíocht shealadach faoi Rialachán (AE) 2020/672 do Phoblacht na Liotuáine chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú sa chás éigeandála tar éis ráig COVID‑19
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/672 ón gComhairle an 19 Bealtaine 2020 maidir le bunú ionstraime Eorpaí le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) ag eascairt as ráig COVID‑19, agus go háirithe Airteagal 6(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)De bhreis ar iarraidh ón Liotuáin an 7 Lúnasa 2020, dheonaigh an Chomhairle, trí bhíthin Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1350, cúnamh airgeadais don Liotuáin i bhfoirm iasachta dar uasmhéid EUR 602 310 000 lena ngabhann meánaibíocht uasta 15 bliana agus tréimhse infhaighteachta 18 mí, d’fhonn iarrachtaí náisiúnta na Liotuáine a chomhlánú chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ráig COVID‑19 agus chun freagairt d’iarmhairtí socheacnamaíocha na ráige sin le haghaidh oibrithe agus daoine féinfhostaithe.
(2)Bhí an iasacht le húsáid ag an Liotuáin chun na scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla, dá dtagraítear in Airteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1350, a mhaoiniú.
(3)I bhfianaise an dara hiarraidh ón Liotuáinan 11 Márta 2021, dheonaigh an Chomhairle, trí bhíthin Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/678, lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1350, cúnamh airgeadais breise dar luach EUR 354 950 000 don Liotuáin tríd an uasmhéid iasachta a mhéadú chuig EUR 957 260 000 agus meánaibíocht uasta 15 bliana agus tréimhse infhaighteachta 18 mí ag gabháil leis, d’fhonn iarrachtaí náisiúnta na Liotuáine a chomhlánú chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ráig COVID‑19 agus chun freagairt d’iarmhairtí socheacnamaíocha na ráige sin le haghaidh oibrithe agus daoine féinfhostaithe.
(4)Bhí an iasacht bhreise le húsáid ag an Liotuáin chun scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla, dá dtagraítear in Airteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/678 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1350, a mhaoiniú.
(5)Níl cuid shuntasach den lucht saothair sa Liotuáin in ann dul ag obair de dheasca ráig COVID‑19. Mar thoradh air sin, tháinig mórmhéadú tobann ar an gcaiteachas poiblí sa Liotuáin i leith na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 3(a) agus (b) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1350.
(6)Bhí tionchar mór ar an airgeadas poiblí ag ráig COVID‑19 agus ag na bearta urghnácha a chuir an Liotuáin chun feidhme in 2020, 2021 agus 2022 chun srian a choinneáil ar an ráig sin, agus ag na tionchair shocheacnamaíocha agus sláinte lena mbaineann, agus tá na tionchair sin fós le brath. In 2020, bhí easnamh rialtais ghinearálta agus ollfhiachas rialtais ghinearálta de 7,3 % agus de 46,6 % den olltáirgeacht intíre (OTI) faoi seach ag an Liotuáin, méid a chúngaigh go 1,0 % agus 44,3 % faoi seach faoi dheireadh 2021. De réir réamhaisnéis an earraigh ón gCoimisiún in 2022, tuartar go mbeidh easnamh rialtais ghinearálta agus ollfhiachas rialtais ghinearálta de 4,6 % agus 42,7 % de OTI faoi seach ag an Liotuáin faoi dheireadh 2022. De réir réamhaisnéis eatramhach an tsamhraidh ón gCoimisiún in 2022, tuartar go méadóidh OTI na Liotuáine faoi 1,9 % in 2022.
(7)An 8 Lúnasa 2022, d’iarr an Liotuáin tuilleadh cúnamh airgeadais dar luach EUR 141 800 000 ar an Aontas d’fhonn leanúint dá hiarrachtaí náisiúnta a chomhlánú, iarrachtaí a gabhadh de láimh in 2020, 2021 agus 2022 chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ráig COVID‑19 agus chun freagairt d’iarmhairtí socheacnamaíocha na ráige le haghaidh oibrithe. Go háirithe, rinne an Liotuáin scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla a leagtar amach in aithrisí (8) go (9) a leathnú a thuilleadh nó a leasú.
(8)Sa ‘Dlí maidir le Fostaíocht Uimh. XII-2470’ an 21 Meitheamh 2016, arna leasú le ‘Dlí Uimh. XIII-2822’ an 17 Márta 2020, ‘Dlí Uimh. XIII-2846’ an 7 Aibreán 2020, ‘Dlí Uimh. XIII-3005’ an 4 Meitheamh 2020, ‘Dlí Uimh. XIV-131’ an 23 Nollaig 2020, ‘Dlí Uimh. XIV-351’ an 27 Bealtaine 2021, agus ‘Dlí Uimh. XIV-911’ an 20 Eanáir 2022(), dá dtagraítear in Airteagal 3(a), de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1350, thug an Liotuáin scéim isteach chun fóirdheontais a íoc le fostóirí chun pá measta gach fostaí a bhfuil tréimhse gan obair le cur isteach aige a chumhdach, mar thacaíocht le linn an choraintín agus na staide éigeandála. Roimh an 1 Eanáir 2021, d’fhéadfadh fostóir rogha a dhéanamh idir fóirdheontais chun 70 % den tuarastal a chumhdach, suas go dtí uasmhéid 1,5 oiread an phá íosta, nó chun 90 % den tuarastal a chumhdach (100 % i gcás fostaithe atá 60 bliain d’aois agus níos sine), suas go dtí uasmhéid an phá íosta. Ón 1 Eanáir 2021, féadfaidh fostóir fóirdheontais a fháil chun 100 % den tuarastal a chumhdach, suas go dtí uasmhéid 1,5 oiread an phá íosta. Ní mór d’fhostóirí a ghlacann páirt sa scéim 50 % ar a laghad dá líon fostaithe a choinneáil ar feadh 3 mhí ar a laghad tar éis dheireadh an fhóirdheontais pá.
(9)Faoin ‘Dlí maidir le Fostaíocht Uimh. XII-2470’ an 21 Meitheamh 2016, arna leasú le ‘Dlí Uimh. XIII-3005’ an 4 Meitheamh 2020 agus ‘Dlí Uimh. XIV-351’ an 27 Bealtaine 2021(), dá dtagraítear in Airteagal 3(b), de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1350, roimh an 1 Iúil 2021 íocadh fóirdheontais freisin le haghaidh fostaithe a bhí ag filleadh ar an obair tar éis tréimhse gan obair, le haghaidh tréimhse suas go dtí 6 mhí tar éis filleadh dóibh. Faoi réir uasteorainn arbh é a bhí inti an pá íosta nó dhá oiread an phá íosta, ag brath ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch a dhéanann an fostóir, d’fhéadfadh méid na bhfóirdheontas a íocadh sa chéad mhí agus sa dara mí tar éis filleadh ar an obair a bheith chomh hard le 100 % de thuarastal fostaí, sa tríú mí agus sa cheathrú mí a bheith chomh hard le 50 % agus sa chúigiú mí agus sa séú mí a bheith chomh hard le 30 %. Ón 1 Iúil 2021, íocadh fóirdheontais le haghaidh fostaithe a bhí ag filleadh ó thréimhse gan obair, ar feadh suas le 2 mhí tar éis dóibh filleadh ar an obair. Is é atá san fhóirdheontas sin sa chéad mhí 100 % de thuarastal an fhostaí, ach méid nach mó ná 0,9 oiread an phá íosta, sa dara mí – 100 % de thuarastal an fhostaí, ach méid nach mó ná 0,6 oiread an phá íosta. Is féidir na fóirdheontais sin a mheas a bheith ina mbeart atá comhchosúil leis na scéimeanna oibre gearr-ama, dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/672, toisc gurbh é ab aidhm dóibh tacaíocht ioncaim a sholáthar d’fhostaithe agus cuidiú le caidrimh fostaíochta a bhí ann cheana a choinneáil ar bun.
(10)Comhlíonann an Liotuáin na coinníollacha maidir le cúnamh airgeadais a iarraidh, coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/672. Chuir an Liotuáin fianaise chuí ar fáil don Choimisiún lena léirítear gur tháinig méadú EUR 1 264 915 309 ar an gcaiteachas poiblí iarbhír agus ar an gcaiteachas poiblí beartaithe ón 1 Feabhra 2020 ar aghaidh mar thoradh ar na bearta náisiúnta a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí socheacnamaíocha ráig COVID‑19. Is mórmhéadú tobann é sin mar go mbaineann sé freisin le síneadh nó leasú beart náisiúnta a bhí ann cheana agus a bhaineann go díreach le scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúia lena gcumhdaítear cuid shuntasach de ghnóthais agus de lucht saothair na Liotuáine. Tá sé beartaithe ag an Liotuáin EUR 144 350 000 den mhéid méadaithe caiteachais a mhaoiniú trí chistí an Aontais ó bhuiséad an Aontais agus EUR 21 505 309 a mhaoiniú trína maoiniú féin.
(11)Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an Liotuáin agus d’fhíoraigh sé an mórmhéadú tobann ar an gcaiteachas poiblí iarbhír agus beartaithe a bhaineann go díreach le scéimeanna oibre gearr-ama agus le bearta comhchosúla, dá dtagraítear san iarraidh an 8 Lúnasa 2022, i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2020/672.
(12)Ba cheart, dá bhrí sin, cúnamh airgeadais a sholáthar d’fhonn cuidiú leis an Liotuáin aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí socheacnamaíocha an tsuaite eacnamaíoch ghéir a tharla de dheasca ráig COVID‑19. Ba cheart don Choimisiún na cinntí maidir le haibíochtaí, méid agus scaoileadh tráthchodanna agus tráinsí a dhéanamh i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta.
(13)I bhfianaise go bhfuil an tréimhse infhaighteachta a léirítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1350 dulta in éag, tá gá le tréimhse nua infhaighteachta le haghaidh an chúnaimh airgeadais bhreise. An tréimhse infhaighteachta de 18 mí a dheonaítear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1350, ba cheart síneadh 21 mhí a chur léi agus mar thoradh air sin, ba cheart 39 mí a bheith sa tréimhse iomlán infhaighteachta ag tosú ar an gcéad lá tar éis do Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1350 teacht i bhfeidhm.
(14)Ba cheart don Liotuáin agus don Choimisiún an Cinneadh seo a chur san áireamh sa chomhaontú iasachta dá dtagraítear in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2020/672.
(15)Ba cheart an Cinneadh seo a bheith gan dochar do thoradh aon nós imeachta a d’fhéadfaí a chur ar bun agus a bhaineann le saobhadh fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, go háirithe de bhun Airteagail 107 agus 108 den Chonradh. Ní sáraítear leis an ceanglas atá ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi chásanna Státchabhrach a d’fhéadfadh a bheith ann faoi Airteagal 108 den Chonradh.
(16)Ba cheart don Liotuáin an Coimisiún a chur ar an eolas go tráthrialta maidir le cur chun feidhme an chaiteachais phoiblí atá beartaithe, chun é a chur ar a chumas don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar a mhéid a chuir an Liotuáin an caiteachas sin chun feidhme.
(17)Rinneadh an cinneadh cúnamh airgeadais a sholáthar agus riachtanais na Liotuáine i láthair na huaire agus riachtanais ionchasacha na Liotuáine á gcur san áireamh, chomh maith le hiarrataí ar chúnamh airgeadais de bhun Rialachán (AE) 2020/672 a chuir Ballstáit eile isteach cheana nó a bheartaíonn Ballstáit eile a chur isteach, agus prionsabail na córa comhionainne, na dlúthpháirtíochta, na comhréireachta agus na trédhearcachta á gcur i bhfeidhm ag an am céanna,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1350 mar a leanas:
(1)
Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Cuirfidh an tAontas iasacht ar fáil don Liotuáin dar uasmhéid EUR 1 099 060 000. 15 bliana an uastréimhse aibíochta ar an meán a bheidh ag an iasacht sin.”;
(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Is é a bheidh sa tréimhse infhaighteachta le haghaidh cúnamh airgeadais a dheonaítear leis an gCinneadh seo 39 mí ag tosú ar an gcéad lá tar éis don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm.’
(c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4. Scaoilfear an chéad tráthchuid faoi réir theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe iasachta dá bhforáiltear in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2020/672. Scaoilfear aon tráthchuid eile i gcomhréir le téarmaí an chomhaontaithe iasachta sin nó, i gcás inarb ábhartha, beidh sí faoi réir theacht i bhfeidhm aguisín a ghabhann leis, nó theacht i bhfeidhm comhaontaithe iasachta leasaithe a thugtar i gcrích idir an Liotuáin agus an Coimisiún agus a chuirfear in ionad an chomhaontaithe iasachta bunaidh.’;
(2)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:
‘Airteagal 3
Is féidir leis an Liotuáin na bearta seo a leanas a mhaoiniú:
(a)fóirdheontais phá le linn na tréimhse gan obair, dá bhforáiltear in Airteagal 41 den ‘Dlí maidir le Fostaíocht Uimh. XII-2470’ an 21 Meitheamh 2016, arna leasú go deireanach le‘Dlí Uimh. XIV-911’ an 20 Eanáir 2022;
(b)fóirdheontais phá tar éis na tréimhse gan obair, dá bhforáiltear in Airteagal 41 den ‘Dlí maidir le Fostaíocht Uimh. XII-2470’ an 21 Meitheamh 2016, arna leasú go deireanach le ‘Dlí Uimh. XIV-351’ an 27 Bealtaine 2021;
(c)sochair do dhaoine féinfhostaithe, dá bhforáiltear in Airteagail 5-1 den ‘Dlí maidir le Fostaíocht Uimh. XII-2470’ an 21 Meitheamh 2016, arna leasú in 2020;
(d)sochair do dhaoine féinfhostaithe atá ag gabháil don talmhaíocht, dá bhforáiltear in Airteagal 5-2 den ‘Dlí maidir le Fostaíocht Uimh. XII-2470’ an 21 Meitheamh 2016, arna leasú in 2020.’ .
Airteagal 2
Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na Liotuáine.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán