An Bhruiséil,19.9.2022

COM(2022) 462 final

2022/0280(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoracha 2000/14/CE, 2006/42/CE, 2010/35/AE, 2013/29/AE, 2014/28/AE, 2014/29/AE, 2014/30/AE, 2014/31/AE, 2014/32/AE, 2014/33/AE, 2014/34/AE, 2014/35/AE, 2014/53/AE agus 2014/68/AE a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta éigeandála le haghaidh measúnú comhréireachta, glacadh sonraíochtaí coiteanna agus faireachas margaidh i ngeall ar éigeandáil sa Mhargadh Aonair

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2022) 323 final} - {SWD(2022) 288 final} - {SWD(2022) 289 final} - {SWD(2022) 290 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá an Margadh Aonair ar cheann de na sócmhainní is mó atá ag an Aontas agus is cnámh droma é d’fhás eacnamaíoch agus d’fholláine an Aontais. Léiríodh le géarchéimeanna le déanaí, amhail paindéim COVID‑19 nó ionradh na Rúise ar an Úcráin, leochaileacht an Mhargaidh Aonair agus a shlabhraí soláthair i gcás suaitheadh gan choinne agus, an tráth céanna, an méid a bhraitheann geilleagar na hEorpa agus a pháirtithe leasmhara go léir ar Mhargadh Aonair dea-fheidhmiúil. Chomh maith le héagobhsaíocht gheopholaitiúil, d’fhéadfadh cásanna éigeandála nua eile a bheith mar thoradh ar an athrú aeráide agus ar na tubaistí nádúrtha a eascraíonn as sin, ar chailliúint na bithéagsúlachta agus ar an éagobhsaíocht eacnamaíoch dhomhanda. Ar an gcúis sin, is gá feidhmiú an Mhargaidh Aonair a ráthú i gcás éigeandála.

D’fhéadfadh dhá ghné a bheith i gceist le tionchar géarchéime ar an Margadh Aonair. Ar thaobh amháin, d’fhéadfadh bacainní ar shaorghluaiseacht laistigh den Mhargadh Aonair a bheith mar thoradh ar ghéarchéim, rud a chuirfeadh isteach ar fheidhmiú an mhargaidh sin. Ar an taobh eile, is féidir le géarchéim cur leis an nganntanas earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime má bhíonn an Margadh Aonair ilroinnte agus mura bhfuil sé ag feidhmiú. Mar thoradh air sin, is féidir cur isteach go tapa ar shlabhraí soláthair, bíonn deacrachtaí ag cuideachtaí earraí agus seirbhísí a fhoinsiú, a sholáthar nó a dhíol. Cuirtear isteach ar rochtain tomhaltóirí ar phríomhtháirgí agus ar phríomhsheirbhísí. Le heaspa faisnéise agus soiléireacht dhlíthiúil déantar an tionchar a bhíonn ag an suaitheadh a mhéadú tuilleadh. Chomh maith leis na rioscaí díreacha sochaíocha a bhíonn ann de bharr na géarchéime, bíonn tionchair láidre dhiúltacha eacnamaíocha le sárú ag saoránaigh, agus go háirithe ag grúpaí leochaileacha. Dá bhrí sin, tá sé d’aidhm ag an togra aghaidh a thabhairt ar dhá fhadhb, ar fadhbanna ar leith iad ach a bhfuil baint acu lena chéile: bacainní ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine i gcás géarchéime agus ganntanas earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime.

I ndlúthchomhar leis na Ballstáit uile agus le hionstraimí géarchéime eile de chuid an Aontais atá ann cheana, le pacáiste na hIonstraime Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair (SMEI), soláthrófar struchtúr láidir sofhreagrúil rialachais chomh maith le bosca uirlisí spriocdhírithe chun feidhmiú rianúil an Mhargaidh Aonair a áirithiú i gcás aon chineál géarchéime amach anseo. Is dócha nach mbeidh gá go comhuaineach leis na huirlisí uile atá sa togra seo. Is é an cuspóir atá ann an tAontas Eorpach a réiteach don todhchaí agus é a ullmhú leis an méid a d’fhéadfadh a bheith riachtanach i gcás géarchéime ar leith a chuirfeadh isteach go mór ar an Margadh Aonair.

Sna Conclúidí uaithi an 1-2 Deireadh Fómhair 2020 1 , chuir an Chomhairle Eorpach in iúl go mbainfidh an tAontas leas as ceachtanna phaindéim COVID19 agus go dtabharfaidh sé aghaidh ar ilroinnt, bacainní agus laigí an Mhargaidh Aonair atá ann fós maidir le dul i ngleic le cásanna éigeandála. Sa Nuashonrú ar an Teachtaireacht maidir leis an Straitéis Thionsclaíoch 2 , d’fhógair an Coimisiún ionstraim chun saorghluaiseacht daoine, earraí agus seirbhísí a áirithiú, chomh maith le trédhearcacht agus comhordú níos fearr i gcás géarchéime a áirithiú. Tá an tionscnamh ina chuid de Chlár Oibre an Choimisiúin le haghaidh 2022 3 . Chuir Parlaimint na hEorpa fáilte roimh phlean an Choimisiúin Ionstraim Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair a chur i láthair agus d’iarr sí ar an gCoimisiún í a fhorbairt mar uirlis struchtúrach atá ceangailteach ó thaobh an dlí de chun saorghluaiseacht daoine, earraí agus seirbhísí a áirithiú i gcás géarchéimeanna amach anseo 4 .

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Le roinnt ionstraimí dlí de chuid an Aontais, leagtar síos forálacha atá ábhartha maidir le bainistiú géarchéimeanna go ginearálta. Ar an taobh eile, le creataí áirithe de chuid an Aontais agus le tograí ón gCoimisiún a glacadh le déanaí, leagtar síos bearta níos spriocdhírithe lena ndírítear ar ghnéithe áirithe de bhainistiú géarchéime nó atá ábhartha d’earnálacha sonracha. Beidh feidhm ag an Ionstraim Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair gan dochar do na forálacha arna gcur chun cinn leis na hionstraimí spriocdhírithe bainistithe géarchéime sin, a mheasfar mar lex specialis. Seirbhísí airgeadais, táirgí íocshláinte, feistí leighis nó frithbhearta leighis eile agus táirgí sábháilteachta bia, eisiatar iad go háirithe ó raon feidhme an tionscnaimh toisc go bhfuil creat tiomnaithe atá ábhartha i gcás géarchéime ann sna réimsí sin.

Idirghníomhú le sásraí cothrománacha freagartha ar ghéarchéimeanna

Tá an sásra comhtháite maidir le freagairt pholaitiúil ar ghéarchéimeanna (IPCR) 5 i measc na sásraí cothrománacha freagartha ar ghéarchéimeanna 6 . Úsáideann Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh IPCR chun comhroinnt faisnéise agus comhordú polaitiúil a éascú i measc na mBallstát chun freagairt ar ghéarchéimeanna casta. Rinneadh grinnscrúdú le IPCR den chéad uair i mí Dheireadh Fómhair 2015 ar ghéarchéim na ndídeanaithe agus na himirce agus bhí sé ríthábhachtach maidir le faireachán a dhéanamh ar an bhfreagairt ar an ngéarchéim agus le tacú léi, le tuairisciú do Coreper, don Chomhairle agus don Chomhairle Eorpach. D’oibrigh IPCR freagairt an Aontais ar ghéarchéimeanna móra arbh iad cibirionsaithe, tubaistí nádúrtha nó bagairtí hibrideacha ba chúis leo. Le déanaí, d’oibrigh IPCR freisin i ndiaidh ráig phaindéim COVID19 agus ionsaí brúidiúil na Rúise ar an Úcráin.

Sásra eile de chuid an Aontais chun freagairt ghinearálta a thabhairt ar ghéarchéim is ea Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta agus a Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha (ERCC) 7 . Is é ERCC mol lárnach oibríochta 24/7 an Choimisiúin don chéad fhreagairt éigeandála, bunú stoc-charn straitéiseach ar leibhéal an Aontais don fhreagairt éigeandála (‘rescEU’), measúnuithe riosca tubaiste, cruthú cásanna, spriocanna athléimneachta tubaiste, forléargas uile-Aontais ar rioscaí tubaistí nádúrtha agus rioscaí tubaistí de dhéantús an duine, agus bearta coisctheacha agus ullmhachta eile, amhail oiliúint agus cleachtaí.

Idirghníomhú le sásraí cothrománacha an Mhargaidh Aonair

Nuair is iomchuí agus nuair is gá, ba cheart comhordú a áirithiú idir an Ionstraim Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair agus gníomhaíochtaí Thascfhórsa um Fhorfheidhmiú an Mhargaidh Aonair (SMET). Go sonrach, déanfaidh an Coimisiún bacainní a dtugtar fógra ina leith agus a chuireann isteach go mór ar shaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach a atreorú chuig Tascfhórsa um Fhorfheidhmiú an Mhargaidh Aonair (SMET) lena bplé/lena n‑athbhreithniú.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Idirghníomhú le bearta atá spriocdhírithe ar ghnéithe sonracha de bhainistiú géarchéime

Forlíontar na sásraí cothrománacha um fhreagairt ar ghéarchéimeanna thuasluaite le bearta eile atá níos spriocdhírithe, ag díriú ar ghnéithe sonracha den Mhargadh Aonair amhail saorghluaiseacht earraí, comhrialacha maidir le honnmhairithe nó soláthar poiblí.

Creat amháin den sórt sin is ea Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 lena mbunaítear sásra freagartha chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar shaorghluaiseacht earraí atá inchurtha i leith Ballstáit agus as a dtagann suaitheadh tromchúiseach agus a néilítear beart láithreach ina leith (‘Rialachán na Sútha Talún’) 8 . Déantar foráil sa Rialachán seo maidir le sásra fógartha mar aon le córas chun faisnéis a mhalartú idir na Ballstáit agus an Coimisiún. (Féach codanna 8.1 agus 8.2 le haghaidh tuilleadh sonraí.)

Leis an Rialachán maidir le comhrialacha le haghaidh onnmhairithe 9 féadfaidh an Coimisiún catagóirí áirithe táirgí a chur faoi réir faireachas onnmhairiúcháin lasmuigh den Aontas nó faoi réir údarú onnmhairiúcháin lasmuigh den Aontas. Bhí an Coimisiún ag cur vacsaíní agus substaintí gníomhacha áirithe a úsáidtear chun vacsaíní den sórt sin a mhonarú faoi réir faireachas onnmhairiúcháin 10 ar an mbonn sin.

Áirítear ar bhearta eacnamaíocha eile an nós imeachta idirbheartaithe agus soláthar comhpháirteach ó am go chéile ag an gCoimisiún thar ceann na mBallstát 11 .

Idirghníomhú le bearta géarchéime atá sonrach don earnáil

Le creataí áirithe an Aontais, leagtar síos bearta níos spriocdhírithe nach ndíríonn ach ar ghnéithe sonracha áirithe de bhainistiú géarchéime nó nach mbaineann ach le hearnálacha sonracha áirithe.

Sa teachtaireacht ón gCoimisiún ‘Plean teagmhasach chun soláthar bia agus slándáil bia a áirithiú’ 12 baintear leas as ceachtanna a foghlaimíodh le linn phaindéim COVID19 agus le linn géarchéimeanna roimhe seo agus é mar aidhm aici comhordú agus bainistiú géarchéime a mhéadú, lena náirítear ullmhacht. Chuige sin, leagtar amach sa phlean teagmhasach na príomhphrionsabail a leanfar chun soláthar bia agus slándáil bia a áirithiú i gcás géarchéimeanna amach anseo. Chun cur chun feidhme an phlean theagmhasaigh agus na bpríomhphrionsabal a bhaineann leis a áirithiú, bhunaigh an Coimisiún, an tráth céanna, an Sásra Eorpach um Ullmhacht agus um Fhreagairt i gcás Géarchéim Slándála Bia (EFSCM), grúpa atá comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit agus ó thíortha nach tíortha de chuid an Aontais iad chomh maith le páirtithe leasmhara sa slabhra soláthair bia faoi chathaoirleacht an Choimisiúin chun comhordú a neartú agus sonraí agus cleachtais a mhalartú. Tionóladh EFSCM den chéad uair i mí an Mhárta 2022 chun plé a dhéanamh ar thionchair na méaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus ionchuir agus ar iarmhairtí ionradh na Rúise ar an Úcráin maidir le slándáil agus soláthar bia. Fóraim eile is ea na faireachlanna margaidh agus na grúpaí idirphlé sibhialta a áirithíonn trédhearcacht agus sreabhadh faisnéise san earnáil bhia.

Tá sé mar chuspóir ag an Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘Plean Teagmhasach don Iompar’ 13 ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus leanúnachas gnó a áirithiú san earnáil iompair. Bunaítear ‘lámhleabhar géarchéime’ leis an bplean ina gcuimsítear bosca uirlisí ina bhfuil 10 mbeart atá spriocdhírithe ar aon tionchar diúltach ar an earnáil iompair, ar phaisinéirí agus ar an margadh inmheánach a mhaolú i gcás géarchéime. Áirítear orthu sin, i measc nithe eile, bearta a fhágann go bhfuil dlíthe iompair an Aontais oiriúnach do chásanna géarchéime, tacaíocht leordhóthanach a áirithiú don earnáil iompair, saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine a áirithiú, comhroinnt faisnéise iompair, tástáil teagmhais iompair i gcásanna fíorshaoil, etc 14 .

Le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta 15 (Rialachán CEM) chomh maith le Comhrialachán CEM maidir le hiascaigh 16 , cuirtear an bunús dlí ar fáil chun faisnéis ábhartha a bhailiú ó na Ballstáit chun trédhearcacht an mhargaidh a fheabhsú 17 .

Le Rialachán (AE) Uimh. 2021/1139 1308/2013 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe 18 (Rialachán CEMID), soláthraítear an bunús dlí chun tacú leis an earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe i gcás teagmhas eisceachtúil a chuireann isteach go mór ar mhargaí.

Leagtar amach le Rialachán (AE) 2021/953 lena mbunaítear Deimhniú Digiteach COVID an Aontais 19 creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo chun saorghluaiseacht shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh a éascú le linn phaindéim COVID19. Ina theannta sin, bunaithe ar thograí ón gCoimisiún, ghlac an Chomhairle moltaí sonracha maidir leis an gcur chuige comhordaithe i leith an tsaorghluaiseacht a shrianadh mar fhreagairt ar phaindéim COVID19 20 . D’fhógair an Coimisiún sa tuarascáil maidir le saoránacht 2020 21  freisin go bhfuil sé i gceist aige athbhreithniú a dhéanamh ar threoirlínte 2009 maidir le saorghluaiseacht chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú do shaoránaigh an Aontais a fheidhmíonn a gcearta saorghluaiseachta, agus chun cur i bhfeidhm níos éifeachtaí agus níos aonfhoirmí na reachtaíochta um shaorghluaiseacht ar fud an Aontais a áirithiú. Ba cheart aghaidh a thabhairt sna treoirlínte athbhreithnithe, i measc nithe eile, ar chur i bhfeidhm beart sriantach maidir le saorghluaiseacht, go háirithe na cinn ar ábhar imní sláinte poiblí is cúis leo.

Le Rialachán (AE) 2022/123 maidir le ról treisithe don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach in ullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna do tháirgí íocshláinte agus d’fheistí leighis, soláthraítear creat chun faireachán agus maolú a dhéanamh ar ghanntanais ionchasacha agus iarbhír táirgí íocshláinte atá údaraithe go lárnach agus go náisiúnta lena núsáid ag an duine a meastar iad a bheith ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar ‘éigeandáil sláinte poiblí’ nó ‘mórtheagmhas’ ar leith 22 .

Ar deireadh, bunaíodh leis an gCinneadh ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2021 an tÚdarás um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte 23 le haghaidh gníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais chun freagairt ar éigeandálaí sláinte, lena náirítear faireachán a dhéanamh ar riachtanais, ar fhorbairt ghasta, ar mhonarú, ar sholáthar agus ar dháileadh cothrom na bhfrithbheart leighis.

Idirghníomhú le tionscnaimh leanúnacha

An tráth céanna, baineann roinnt tionscnamh, a moladh le déanaí agus atá á bplé faoi láthair, le gnéithe a bhaineann leis an bhfreagairt ar ghéarchéimeanna agus an ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna. Tá raon feidhme teoranta ag na tionscnaimh sin, áfach, lena gcumhdaítear cineálacha sonracha cásanna géarchéime agus níl sé i gceist leo creat cothrománach ginearálta maidir le bainistiú géarchéime a bhunú, ná nósanna imeachta éigeandála a thabhairt isteach i gcreat earnála ábhartha an Aontais lena rialaítear dearadh, measúnú comhréireachta, cur ar an margadh agus faireachas margaidh earraí. A mhéid a áirítear sna tionscnaimh sin creat earnála um fhreagairt ar ghéarchéimeanna agus um ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna, a breithníodh leis na creataí earnála i gcomhthéacs an tionscnaimh seo, lena leagtar síos na rialacha comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais maidir le dearadh, measúnú comhréireachta, cur ar an margadh agus faireachas margaidh earraí, ní bheidh forluí ar bith ann le haon cheann de na tionscnaimh atá ar siúl.

Ní leagtar síos le haon cheann de na tionscnaimh ábhartha leanúnacha aon nós imeachta éigeandála earnála, atá le hionchorprú sna creataí comhchuibhithe earnála ábhartha lena rialaítear saorghluaiseacht earraí.

Is é is aidhm don togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE (‘an Cinneadh maidir le Bagairtí Trasteorann ar Shláinte’) 24 creat slándála sláinte an Aontais a neartú, agus ról na hullmhachta i gcomhair géarchéimeanna agus na freagartha ar ghéarchéimeanna atá ag príomhghníomhaireachtaí an Aontais i ndáil le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte a threisiú 25 . Nuair a ghlacfar é, neartóidh sé an phleanáil ullmhachta agus freagartha agus neartóidh sé faireachas agus faireachán eipidéimeolaíochta, feabhsóidh sé tuairisciú sonraí agus neartóidh sé idirghabhálacha an Aontais.

An togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú 26 .

Leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir le creat beart chun soláthar frithbheart leighis atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú i gcás éigeandáil sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais 27 , déantar foráil maidir le huirlisí freagartha géarchéime amhail soláthar comhpháirteach, iarratais ar fhaisnéis éigeantach do ghnólachtaí maidir lena gcumas táirgthe, agus athearraíocht a bhaint as línte táirgthe i gcás géarchéimeanna sláinte poiblí a luaithe a dhearbhófaí éigeandáil sláinte poiblí. Dá bhfógrófaí staid éigeandála Aontais, spreagfaí comhordú méadaithe agus éascófaí forbairt, stoc-charnadh agus soláthar táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime. Cumhdaítear leis an togra frithbhearta leighis a shainítear mar tháirgí íocshláinte lena núsáid ag an duine, feistí leighis agus earraí nó seirbhísí eile atá riachtanach chun críche ullmhachta agus freagartha i leith bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte.

Is é is aidhm don togra ón gCoimisiún maidir leis an Ionstraim Eorpach um Shliseanna 28 éiceachóras leathsheoltóirí na hEorpa a neartú. Colún tábhachtach amháin den straitéis seo is ea sásra a bhunú le haghaidh faireachán comhordaithe agus freagairt chomhordaithe ar ghanntanas leathsheoltóirí, arb é is aidhm dó aon suaitheadh sa slabhra soláthair amach anseo a réamhmheas agus freagairt go tapa air, trí bhosca uirlisí éigeandála tiomnaithe, i gcomhar leis na Ballstáit agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta. Baineann an sásra atá beartaithe go sonrach le géarchéim fhéideartha leathsheoltóirí agus beidh feidhm aige ar bhealach eisiach má thionscnaítear an chéim ghéarchéime.

Leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Gníomh um Shonraí 29 , beidh comhlachtaí na hearnála poiblí in ann rochtain a fháil ar shonraí atá i seilbh na hearnála príobháidí, ar sonraí iad atá riachtanach i gcás imthosca eisceachtúla, go háirithe chun sainordú dlíthiúil a chur chun feidhme mura bhfuil sonraí ar fáil ar bhealach eile nó i gcás éigeandáil phoiblí (i.e. cás eisceachtúil a mbíonn tionchar diúltach acu ar dhaonra an Aontais, ar Bhallstát nó ar chuid de, agus a bhfuil baol ann go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha agus marthanacha ar dhálaí maireachtála nó ar chobhsaíocht eacnamaíoch, nó díghrádú suntasach ar shócmhainní eacnamaíocha san Aontas nó sa Bhallstát (nó sna Ballstáit) ábhartha).

Is é is aidhm don togra ón gCoimisiún chun Cód Teorainneacha Schengen 30 a leasú freagairt choiteann a chur ar fáil ag na teorainneacha inmheánacha i gcásanna bagairtí a dhéanann difear do thromlach na mBallstát. Leis an leasú atá beartaithe, cuirfear coimircí nós imeachta i bhfeidhm freisin i gcás rialuithe teorann inmheánacha a thabhairt isteach arís ar bhonn aontaobhach agus déanfar foráil maidir le bearta um maolú agus coimircí sonracha do réigiúin trasteorann a chur i bhfeidhm i gcásanna ina dtugtar rialuithe teorann inmheánacha isteach arís. Le rialuithe den sórt sin, déantar difear go háirithe do na daoine a thrasnaíonn an teorainn ina saol laethúil (obair, oideachas, cúram sláinte, cuairteanna teaghlaigh) mar a léiríodh le linn phaindéim COVID19. Leis an togra cuirtear úsáid mhéadaithe beart malartach éifeachtach chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar na bagairtí a sainaithníodh ar shlándáil inmheánach nó ar bheartas poiblí seachas rialuithe teorann inmheánacha, mar shampla, seiceálacha méadaithe arna ndéanamh ag na póilíní nó údaráis eile i réigiúin teorann, faoi réir coinníollacha áirithe. Áirítear leis an togra freisin an fhéidearthacht go bhféadfadh an Chomhairle rialacha ceangailteacha a ghlacadh go tapa lena leagfaí amach srianta taistil sealadacha do náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha i gcás bagairt don tsláinte phoiblí. Soiléirítear leis freisin na bearta is féidir leis na Ballstáit a ghlacadh chun teorainneacha seachtracha an Aontais a bhainistiú go héifeachtach i gcás ina ndéanann tríú tíortha imircigh a ionstraimiú chun críocha polaitiúla.

Tá sé mar chuspóir ag an togra le haghaidh Treoir maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil a ghlac an Coimisiún i mí na Nollag 2020 31 feabhas a chur ar athléimneacht eintiteas a sholáthraíonn seirbhísí atá riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha tábhachtacha an Aontais a choinneáil ar bun. Is é is aidhm don tionscnamh sin creat cuimsitheach a chruthú chun tacú leis na Ballstáit chun a áirithiú go mbeidh eintitis ríthábhachtacha a sholáthraíonn seirbhísí riachtanacha in ann teagmhais shuaiteacha shuntasacha amhail guaiseacha nádúrtha, timpistí nó sceimhlitheoireacht a chosc, cosaint a thabhairt ina gcoinne, freagairt orthu, cur ina gcoinne, iad a mhaolú, iad a ionsú, freastal orthu agus teacht slán uathu. Cumhdófar leis an Treoir 11 phríomhearnáil, lena náirítear fuinneamh, iompar, baincéireacht agus sláinte.

Sa Teachtaireacht Chomhpháirteach an 18 Bealtaine 2022 maidir le hAnailís ar Bhearnaí Infheistíochta i Réimse na Cosanta agus an Bealach Chun Tosaigh, sainaithníodh roinnt saincheisteanna lena n‑áirítear cumas Bhonn Tionsclaíochta Teicneolaíoch Cosanta an Aontais (chomh maith le cumas an Bhoinn Teicneolaíochta Tionsclaíoch Cosanta dhomhanda) chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais soláthair um chosaint na mBallstát atá le teacht, agus roinnt beart a chur ar aghaidh.

I gcomhthéacs athbhreithniú na Treorach Ginearálta maidir le Sábháilteacht Táirgí 2001/95/CE, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar na ceisteanna i dtaobh an bhféadfaí, agus a mhéid a d’fhéadfaí, aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna táirgthe a dtugtar aghaidh orthu le rialacha Omnibus a mhéid a bhaineann le hearraí a chumhdaítear faoi chórais chomhchuibhithe éagsúla i gcomhthéacs ar leith na n‑earraí neamh‑chomhchuibhithe agus cad iad na modúlachtaí a d’úsáidfí.

Comhsheasmhacht le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais

Tacóidh an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí leis an Ardionadaí ina c(h)uid feidhme, mar Leas‑Uachtarán ar an gCoimisiún, chun gníomhaíocht sheachtrach an Aontais a chomhordú laistigh den Choimisiún. Feidhmeoidh toscaireachtaí an Aontais faoi údarás an Ardionadaí a bhfeidhmeanna mar ionadaithe seachtracha de chuid an Aontais agus cuideoidh siad, de réir mar is ábhartha, le hidirphlé seachtrach.

Idirghníomhú le hionstraimí eile

Féadfaidh an Coimisiún tacú leis na Ballstáit athchóirithe a cheapadh agus a chur chun feidhme chun tionchair géarchéimeanna nádúrtha nó géarchéimeanna de dhéantús an duine ar an Margadh Aonair a réamh‑mheas, a ullmhú agus freagairt orthu tríd an Ionstraim Tacaíochta Teicniúla (TSI) a leagtar síos le Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagail 91 agus 114 CFAE, agus is é Airteagal 91 an bunús dlí bunaidh chun Treoir 2010/35/AE maidir le brú-threalamh iniompartha a ghlacadh agus is é Airteagal 114 an bunús dlí bunaidh do na 13 chreat earnála eile. Is iad seo a leanas na 13 chreat earnála sin: Treoir 2000/14/CE maidir le hastaíochtaí torainn sa chomhshaol ó threalamh lena úsáid lasmuigh; Treoir 2006/42/AE maidir le hinnealra; Treoir 2013/29/AE maidir le hearraí piriteicniúla; Treoir 2014/28/AE maidir le pléascáin shibhialta; Treoir 2014/29/AE maidir le hárthaí brú simplí; Treoir 2014/30/AE maidir le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach; Treoir 2014/31/AE maidir le huirlisí neamh‑uathoibríocha meáite; Treoir 2014/32/AE maidir le huirlisí meáite; Treoir 2014/33/AE maidir le hardaitheoirí; Treoir 2014/34/AE maidir le trealamh le haghaidh atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach (ATEX); Treoir 2014/35/AE maidir le trealamh ísealvoltais; Treoir 2014/53/AE maidir le trealamh raidió agus Treoir 2014/68/AE maidir le brú-threalamh.

Is iad creataí earnála an Aontais, a bhreithnítear i gcomhthéacs an togra seo, atá i measc na ‘dtáirgí comhchuibhithe’, mar a thugtar orthu. Leis na creataí earnála uile sin, leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le dearadh, monarú, measúnú comhréireachta agus cur ar an margadh na dtáirgí sin. Go bunúsach, leis na creataí earnála sin, tugtar isteach do gach earnáil/catagóir táirgí faoi seach na buncheanglais sábháilteachta ba cheart do na táirgí a chomhlíonadh agus na nósanna imeachta chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas sin. Leagtar síos leis na rialacha sin comhchuibhiú iomlán agus, dá bhrí sin, ní féidir leis na Ballstáit maolú ar na rialacha sin, fiú i gcás éigeandála, mura rud é go bhforáiltear leis an gcreat faoi seach maidir le féidearthacht den sórt sin.

Gné choiteann eile de na creataí sin is ea go bhfuil siad ailínithe go dlúth a bheag nó a mhór leis na prionsabail ghinearálta a leagtar síos i gCinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le comhchreat le haghaidh margú táirgí 32 , lena leagtar síos forálacha tagartha chun reachtaíocht Chomhphobail a tharraingt suas lena gcomhchuibhítear na coinníollacha maidir le táirgí a mhargú.

Creataí comhchuibhithe eile de chuid an Aontais, a leanann an cur chuige céanna, amhail Rialachán (AE) 2017/745 maidir le Feistí leighis agus Rialachán (AE) 2017/746 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro, tá forálacha iontu cheana lena gceadaítear do na Ballstáit maolú ar na nósanna imeachta comhchuibhithe i gcásanna áirithe. Dá bhrí sin, ní gá na creataí sin a leasú.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Is é is aidhm don togra na rialacha comhchuibhithe atá leagtha síos ag roinnt creataí earnála de chuid an Aontais a leasú. Ní dhéantar foráil sna creataí sin maidir leis an bhféidearthacht do na Ballstáit bearta freagartha géarchéime a ghlacadh de mhaolú ar na rialacha comhchuibhithe. Ós rud é gur creataí comhchuibhithe uasta iad na Treoracha, a bhfuil sé d’aidhm ag an togra seo iad a leasú, is ar leibhéal an Aontais amháin a fhéadfar leasuithe den sórt sin a dhéanamh.

Comhréireacht

Tá na gníomhaíochtaí eacnamaíocha ar fud an Mhargaidh Aonair comhtháite go domhain. Tá an idirghníomhaíocht idir cuideachtaí, soláthraithe seirbhíse, cliaint, tomhaltóirí agus oibrithe atá lonnaithe i mBallstáit éagsúla, atá ag brath ar a gcearta saorghluaiseachta, ag éirí níos coitianta. Is léir ón taithí a fuarthas ón ngéarchéim roimhe seo gur minic a bhíonn dáileadh na n‑acmhainneachtaí táirgeachta ar fud an Aontais míchothrom (e.g. tá línte táirgeachta táirgí áirithe lonnaithe go príomha i líon beag Ballstát). An tráth céanna, i gcás géarchéime, d’fhéadfadh an t‑éileamh ar earraí nó ar sheirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime ar fud chríoch an Aontais a bheith míchothrom freisin. Ní féidir an cuspóir maidir le feidhmiú rianúil gan bhriseadh an Mhargaidh Aonair a bhaint amach trí bhearta náisiúnta aontaobhacha. Ina theannta sin, fiú más rud é go bhféadfadh bearta arna nglacadh ag na Ballstáit ina n‑aonar aghaidh a thabhairt go pointe áirithe ar na heasnaimh a eascraíonn as géarchéim ar an leibhéal náisiúnta, is mó seans go gcuirfidh siad leis an ngéarchéim sin ar fud an Aontais trí bhacainní breise a chur ar an tsaorghluaiseacht agus/nó trí bhrú breise a chur ar tháirgí a bhfuil tionchar ag ganntanais orthu cheana.

An rogha ionstraime

Is é is aidhm don togra 14 Threoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leasú. Chun prionsabal na comhthreomhaireachta a urramú, beidh an Togra i bhfoirm Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2000/14/CE, 2006/42/CE, 2010/35/AE, 2013/29/AE, 2014/28/AE, 2014/29/AE, 2014/30/AE, 2014/31/AE, 2014/32/AE, 2014/33/AE, 2014/34/AE, 2014/35/AE, 2014/53/AE agus 2014/68/AE

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 lena mbunaítear sásra freagartha chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar shaorghluaiseacht earraí atá inchurtha i leith Ballstáit as a dtiocfaidh suaitheadh tromchúiseach agus lena néileofar gníomhaíocht láithreach (‘Rialachán na Sútha Talún’), déanfar é a aisghairm. De réir na meastóireachta a rinneadh air i mí Dheireadh Fómhair 2019 a tacaíodh le staidéar seachtrach, is annamh a úsáidtear an sásra sin agus ní leor a chóras malartaithe faisnéise toisc go bhfuil sé rómhall agus as dáta 33 .

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Measúnú Tionchair a ghabhann leis an togra seo, rinneadh gníomhaíochtaí comhairliúcháin le páirtithe leasmhara idir Deireadh Fómhair 2021 agus Bealtaine 2022. Áiríodh iad seo a leanas ar na gníomhaíochtaí comhairliúcháin: glao ar fhianaise a foilsíodh ar an tairseach ‘Cloisimis uait’ agus a bhí oscailte ón 13 Aibreán go dtí an 11 Bealtaine 2022, comhairliúchán poiblí a rinneadh trí cheistneoir a foilsíodh ar an tairseach chéanna sa tréimhse chéanna, ceardlann do pháirtithe leasmhara an 6 Bealtaine 2022, suirbhé ar na Ballstáit i mí na Bealtaine 2022 agus comhairliúcháin spriocdhírithe a rinneadh trí chruinnithe leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara sonracha.

Aontaíonn páirtithe leasmhara den chuid is mó leis an ngá atá le saorghluaiseacht a áirithiú chomh maith le trédhearcacht agus comhordú níos fearr a áirithiú i gcás géarchéime. Tháinig an chuid is mó den taithí ar thug páirtithe leasmhara tuairisc uirthi ó ghéarchéim COVID‑19. Maidir le hinfhaighteacht earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú, tá sé curtha in iúl ag na Ballstáit go dtacaíonn siad le bearta amhail comhordú an tsoláthair phoiblí, measúnú comhréireachta mear agus faireachas margaidh feabhsaithe. Tá imní curtha in iúl ag roinnt Ballstát maidir le bearta leathana ullmhachta i gcomhair géarchéimeanna a chur san áireamh nuair nach bhfuil aon ghéarchéim ar tí titim amach, gan slabhraí soláthair spriocdhírithe a shonrú. Cé gur chuir roinnt páirtithe leasmhara gnó in iúl go raibh imní orthu faoi bhearta éigeantacha atá dírithe ar oibreoirí eacnamaíocha, chuir roinnt eile acu in iúl go dtacaíonn siad le comhordú agus trédhearcacht níos fearr, bearta chun saorghluaiseacht oibrithe a áirithiú, mearfhógraí maidir le bearta náisiúnta, nósanna imeachta meara chun caighdeáin Eorpacha a fhorbairt agus a fhoilsiú, pointí aonair faisnéise an Aontais agus náisiúnta agus druileanna éigeandála do shaineolaithe.

Bailiú agus úsáid saineolais

Áiríodh san fhianaise agus sna sonraí a úsáideadh chun an Measúnú Tionchair a fhorbairt na nithe seo a leanas:

‘Tionchar COVID19 ar an Margadh Inmheánach’, staidéar a rinneadh arna iarraidh sin do Choiste IMCO Pharlaimint na hEorpa;

Meastóireacht ar ‘Rialachán na Sútha Talún’ (CE) Uimh. 2679/98 agus an staidéar seachtrach tacaíochta a ghabhann leis;

Meastóireacht ar an gCreat Reachtach Nua;

Faisnéis ábhartha agus/nó fianaise ábhartha a bailíodh i gcomhthéacs ullmhúcháin tionscnamh agus sásraí freagartha géarchéime de chuid an Aontais atá ann cheana nó atá beartaithe, lena náirítear trí ghníomhaíochtaí comhairliúcháin nó staidéir mheasúnaithe tionchair (e.g. an Gníomh Sonraí, Uirlis Faisnéise an Mhargaidh Aonair (UFMA), Creat Slándála Sláinte an Aontais, Cód Teorainneacha Schengen, Plean teagmhasach chun soláthar bia agus slándáil bia a áirithiú, an sásra comhtháite maidir le freagairt pholaitiúil ar ghéarchéimeanna (IPCR), an plean teagmhasach don iompar, an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE, Moladh (AE) 2020/1475 ón gComhairle maidir le cur chuige comhordaithe i leith an tsaorghluaiseacht a shrianadh mar fhreagairt ar phaindéim COVID19 agus a hoiriúnuithe);

Staidéir acadúla agus litríocht acadúil maidir leis an éifeacht a bhí ag géarchéimeanna roimhe seo ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair, chomh maith le páipéir sheasaimh atá ann cheana agus doiciméid eile arna ndréachtú ag páirtithe leasmhara ábhartha;

Ailt nuachtáin agus ábhair don phreas.

Bhí an Measúnú Tionchair ag brath tuilleadh ar an bhfaisnéis a fuarthas ó ghníomhaíochtaí comhairliúcháin mar a shonraítear sa tuarascáil achoimre atá in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Measúnú Tionchair.

Tá bonn fianaise na tuarascála teoranta go mór mar gheall ar líon measartha íseal na bhfreagraí ar an nglao ar fhianaise agus ar an gcomhairliúchán poiblí, agus an easpa staidéir thacaíochta. Chun an cás sin a leigheas, reáchtáil an Coimisiún ceardlann do pháirtithe leasmhara an 6 Bealtaine 2022 ar ar fhreastail líon mór páirtithe leasmhara agus chuir sé sraith comhairliúchán spriocdhírithe i gcrích, go háirithe leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara.

Measúnú tionchair

I gcomhréir leis an mbeartas ‘Rialáil Níos Fearr’, rinne an Coimisiún Measúnú Tionchair 34 . Rinneadh meastóireacht sa Mheasúnú Tionchair ar thrí rogha beartais lenar bunaíodh comhlacht rialachais agus creat le haghaidh pleanáil theagmhasach, forairdeall agus modhanna éigeandála. Dhéanfaí modh forairdill an Mhargaidh Aonair agus modh éigeandála an Mhargaidh Aonair a ghníomhachtú de réir critéir shonracha agus sásraí um ghníomhachtú. Bheadh gá le gníomhachtú breise le haghaidh bearta áirithe sa bhosca uirlisí.

Ar bhonn na hanailíse ar chúiseanna na bhfadhbanna agus ar bhearnaí sa reachtaíocht ábhartha a bhaineann go sonrach le hearnáil, sainmhíníodh ocht mbloc tógála de bhearta trí bhearta a ghrúpáil ina mbloic a bhfuil feidhm acu ag tráthanna éagsúla (gach tráth, tráth a bhfuil an modh forairdill i bhfeidhm agus tráth a bhfuil an modh éigeandála i bhfeidhm). Maidir le gach bloc tógála, rinneadh anailís ar thrí chur chuige beartais idir bearta neamhreachtacha (cur chuige 1), cur chuige hibrideach (cur chuige 2) agus creat reachtach níos cuimsithí (cur chuige 3). Ar bhonn na hanailíse sin, coinníodh roinnt cur chuige nó gach cur chuige maidir le gach ceann de na bloic thógála agus comhcheanglaíodh iad i dtrí rogha beartais réalaíocha lena léirítear leibhéil éagsúla uaillmhéine polaitiúla agus tacaíochta páirtithe leasmhara:

Modh

Bloic thógála

Rogha Beartais 1

TRÉDHEARCACHT

Rogha Beartais 2

COMHAR

Rogha Beartais 3

DLÚTHPHÁIRTÍOCHT

Gach tráth

1. rialachas, comhordú agus comhar

Cur chuige 2

Grúpa Comhairleach Foirmiúil mar an fóram ar an leibhéal teicniúil agus an oibleagáid ar na Ballstáit faisnéis a roinnt laistigh den ghrúpa in oirchill agus le linn na géarchéime

Gach tráth

2. pleanáil theagmhasach i gcomhair géarchéimeanna

Cur chuige 2

Moladh do na Ballstáit maidir le measúnú riosca, oiliúint agus druileanna & coimre beart freagartha ar ghéarchéimeanna

Cur chuige 3

- Moladh do na Ballstáit maidir le measúnú riosca & coimre beart freagartha ar ghéarchéimeanna agus

- Oibleagáid ar an gCoimisiún measúnú riosca a dhéanamh ar leibhéal an Aontais

- Oibleagáid ar na Ballstáit oiliúint a chur ar a bhfoireann ábhartha bainistithe géarchéime go rialta

Forairdeall

3. Forairdeall an Mhargaidh Aonair

Cur chuige 2

- Moladh do na Ballstáit maidir le bailiú faisnéise i ndáil le slabhraí soláthair straitéiseacha sainaitheanta

- Moltaí do na Ballstáit chun cúlchistí straitéiseacha earraí a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo a fhorbairt

Cur chuige 3

- Oibleagáid ar na Ballstáit faisnéis a bhailiú maidir le slabhraí soláthair straitéiseacha sainaitheanta

- Oibleagáid ar an gCoimisiún liosta a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta le spriocanna le haghaidh cúlchistí straitéiseacha

- Oibleagáidí ar na Ballstáit 35  cúlchistí straitéiseacha a fhorbairt le haghaidh earraí roghnaithe a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo má thiteann cúlchistí straitéiseacha na mBallstát i bhfad níos lú ná na spriocanna

Éigeandáil

4. príomhphrionsabail agus bearta tacaíochta chun saorghluaiseacht a éascú le linn éigeandála

Cur chuige 2

Príomhphrionsabail maidir le saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a threisiú i rialacha ceangailteacha i gcás inarb iomchuí maidir le bainistiú éifeachtach géarchéime

Éigeandáil

5. trédhearcacht agus cúnamh riaracháin le linn éigeandála

Cur chuige 3

Sásra mearfhógra cuimsitheach ceangailteach, tobathbhreithniú piaraí agus an fhéidearthacht chun dearbhú nach bhfuil na bearta ar tugadh fógra ina leith ag luí le dlí an Aontais; pointí teagmhála agus ardán leictreonach

Éigeandáil

6. dlús a chur le táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime a chur ar an margadh le linn éigeandála

Cur chuige 2

Leasuithe spriocdhírithe ar an reachtaíocht atá ann cheana maidir le comhchuibhiú an Mhargaidh Aonair: táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime a chur ar an margadh níos tapúla; Is féidir leis an gCoimisiún sonraíochtaí teicniúla a ghlacadh; Tugann na Ballstáit tús áite d’fhaireachas margaidh le haghaidh táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime

Éigeandáil

7. soláthar poiblí le linn éigeandála

Cur chuige 2

Foráil nua maidir le soláthar comhpháirteach/ceannach comhpháirteach a dhéanann an Coimisiún i gcás roinnt Ballstát nó i gcás na mBallstát uile

Éigeandáil

8. bearta a théann i bhfeidhm ar shlabhraí soláthair atá ábhartha i gcás géarchéime le linn an mhodha éigeandála

Cur chuige 1

Treoir maidir leis an acmhainneacht táirgeachta a mhéadú; dlús a chur le nósanna imeachta ceadaithe; glacadh le horduithe earraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus tús áite a thabhairt dóibh

Moltaí do ghnólachtaí chun faisnéis atá ábhartha i gcás géarchéime a chomhroinnt

Cur chuige 2

Moltaí do na Ballstáit maidir le dáileadh táirgí stoc-charntha; dlús a chur le nósanna imeachta ceadaithe; oibreoirí eacnamaíocha a spreagadh chun glacadh le horduithe agus tús áite a thabhairt dóibh

Na Ballstáit a chumhachtú 36 chun iallach a chur ar oibreoirí eacnamaíocha cur leis an acmhainneacht táirgeachta agus chun iarrataí faisnéise ceangailteacha a sheoladh chuig oibreoirí eacnamaíocha

Cur chuige 3

Oibleagáidí ar na Ballstáit 37 táirgí a dháileadh ar táirgí iad a stoc-charnadh roimhe sin; dlús a chur le nósanna imeachta ceadaithe,

Oibleagáid ar ghnólachtaí glacadh le horduithe agus tús áite a thabhairt dóibh; cur leis an acmhainneacht táirgeachta agus faisnéis atá ábhartha i gcás géarchéime a chur ar fáil

Níor léiríodh rogha thosaíochta sa Mheasúnú Tionchair. Ina ionad sin, fágadh roghnú na roghanna le haghaidh cinneadh polaitiúil. Comhfhreagraíonn na bearta a roghnaíodh sa togra dlí do Rogha Beartais 3 le haghaidh gach bloc tógála cé is moite de bhloc tógála 8. Maidir le bloc tógála 8, roghnaíodh meascán de Rogha Beartais 1 (maidir le táirgeadh a mhéadú), Rogha Beartais 2 (maidir le dáileadh táirgí stoc-charntha agus dlús a chur le nósanna imeachta ceadaithe), agus Rogha Beartais 3 (maidir le hoibleagáidí gnólachtaí orduithe a ghlacadh agus tosaíocht a thabhairt dóibh agus faisnéis atá ábhartha i gcás géarchéime a chur ar fáil).

An 15 Meitheamh 2022, chuir an Coimisiún an Measúnú Tionchair faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála (RSB). Thug RSB tuairim dhiúltach uaidh, agus thug sé dá aire go háirithe (1) an gá atá le faisnéis shoiléir agus mhionsonraithe a chur ar fáil maidir leis an éigeandáil sa Mhargadh Aonair a bhfuil coinne léi, lena n‑áirítear sainmhíniú, na critéir agus na sásraí cinnteoireachta chun í a bhunú agus a fhoirceannadh agus na bearta a chuirfí chun feidhme le linn na héigeandála sin; (2) an gá atá le measúnú críochnúil a chur ar fáil ar thionchair na roghanna beartais; agus (3) an gá atá le meascáin mhalartacha de roghanna beartais ábhartha a chur i láthair, sa bhreis ar na cineálacha cur chuige beartais, agus an chomparáid a nascadh leis an anailís ar thionchair. Chun aghaidh a thabhairt ar na torthaí sin, chuir an Coimisiún sainmhíniú soiléir ar fáil ar éigeandáil sa Mhargadh Aonair, shonraigh sé na critéir agus na sásraí cinnteoireachta, mhínigh sé na trí mhodh chun SMEI a fheidhmiú agus shonraigh sé cén bloc tógála de chuid SMEI a chuirfí i ngníomh faoin modh sin. Rinne sé tuilleadh mionsaothraithe ar mheasúnú na dtionchar chun níos mó cineálacha tionchair a chumhdach, i.e. tionchair eacnamaíocha ar phríomhpháirtithe leasmhara (gnólachtaí, na Ballstáit agus an Coimisiún), tionchair ar FBManna, tionchair ar iomaíochas, iomaíocht, trádáil idirnáisiúnta, agus rinne sé idirdhealú maidir le cén tionchar a bheadh ag na héifeachtaí láithreacha agus cén tionchar a bhféadfaí a bheith ag coinne leis faoi na modhanna forairdill agus éigeandála. Ina theannta sin, sa Mheasúnú Tionchair, sainíodh trí rogha beartais mhalartacha bunaithe ar mheascán de chineálacha éagsúla cur chuige maidir le roinnt de na bloic thógála, rinneadh measúnú ar thionchair na roghanna sin agus leathnaíodh an chomparáid idir roghanna chun comhréireacht agus coimhdeacht a chumhdach.

Chuir an Coimisiún an Measúnú Tionchair athbhreithnithe faoi bhráid RSB an 29 Iúil 2022. Thug an Bord tuairim dhearfach uaidh maille le tuairimí. Bhain na barúlacha sin leis an ngá le tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh ar na cineálacha éagsúla géarchéime a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair, chun an t‑idirghníomhú le bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh ar bhonn Airteagal 4(2) CFAE a leagan amach ar bhealach níos soiléire agus chun údar leordhóthanach a thabhairt le cuid de na bearta atá beartaithe ó thaobh na coimhdeachta agus na comhréireachta de. Chun aghaidh a thabhairt ar na barúlacha sin, cuireadh isteach táscairí maidir le héifeachtaí géarchéimeanna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, míníodh níos fearr an t‑idirghníomhú le bearta féideartha faoi Airteagal 4(2) CFAE agus cuireadh tuilleadh sonraí isteach maidir leis na bearta éigeantacha dá bhforáiltear faoin modh éigeandála.

Tá tuilleadh eolais faoin gcaoi a léirítear moltaí RSB sa tuarascáil ar an Measúnú Tionchair le fáil in Iarscríbhinn 1, pointe 3, den Mheasúnú Tionchair.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

De réir Chlár an Choimisiúin um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT), ba cheart é a bheith d’aidhm ag gach tionscnamh a bhfuil sé de chuspóir acu reachtaíocht reatha an Aontais a athrú cuspóirí beartais sonraithe a shimpliú agus a sheachadadh ar bhealach níos éifeachtúla (i.e. costais rialála neamhriachtanacha a laghdú).

Soláthraítear le pacáiste foriomlán SMEI bosca uirlisí beart chun aghaidh a thabhairt ar éigeandáil sa Mhargadh Aonair, ina bhfuil sraith beart is infheidhme i gcónaí chomh maith le bearta áirithe nach bhfuil infheidhme ach amháin maidir le modhanna forairdill nó éigeandála, ar bearta iad atá le gníomhachtú ar leithligh. Déantar foráil leis an togra seo maidir le nósanna imeachta éigeandála le haghaidh measúnú comhréireachta, cur ar an margadh, glacadh sonraíochtaí coiteanna agus faireachas margaidh. Níl aon chostas riaracháin ar ghnólachtaí ná ar shaoránaigh a mbeadh feidhm acu láithreach agus le linn ghnáthfheidhmiú an Mhargaidh Aonair.

I gcás beart atá mar chuid de phacáiste foriomlán SMEI agus ar dócha go mbeidh tionchair láidre agus costais fhéideartha ar FBManna mar thoradh orthu, go háirithe bearta amhail iarrataí éigeantacha ar fhaisnéis, iarrataí ar tháirgeadh a mhéadú agus ar ghlacadh le horduithe tosaíochta, déanfaidh an Coimisiún anailís shonrach agus measúnú ar a dtionchar agus a gcomhréireacht, go háirithe a dtionchar ar FBManna, le linn chur i ngníomh breise na mbeart sin. Beidh an measúnú sin mar chuid de phróiseas gníomhachtaithe breise na mbeart sonrach sin trí ghníomh cur chun feidhme ón gCoimisiún (breis le gníomhachtú foriomlán an mhodha éigeandála). Ag brath ar chineál na géarchéime agus ar na slabhraí soláthair straitéiseacha lena mbaineann agus na táirgí atá ábhartha don ghéarchéim lena mbaineann, cuirfear socruithe sonracha ar fáil do FBManna. Cé nach féidir micrifhiontair a eisiamh go hiomlán ó raon feidhme na mbeart amhail iarrataí éigeantacha ar fhaisnéis, toisc go bhféadfadh fios gnó uathúil sonrach nó paitinní uathúla sonracha a bheith ag na fiontair sin a bhfuil fíorthábhacht ag baint leo i gcás géarchéime, áireofar le socruithe sonracha dearaí suirbhé simplithe, ceanglais tuairiscithe nach bhfuil chomh trom céanna, agus spriocdhátaí níos faide le haghaidh freagairtí, a mhéid is féidir i bhfianaise an ghá atá le práinn i gcomhthéacs géarchéime ar leith.

I gcomhthéacs phacáiste foriomlán SMEI, Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 lena mbunaítear sásra freagartha chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar shaorghluaiseacht earraí atá inchurtha i leith Ballstáit as a dtiocfaidh suaitheadh tromchúiseach agus lena n‑éileofar gníomhaíocht láithreach (‘Rialachán na Sútha Talún’), déanfar é a aisghairm. Déanfar an creat dlíthiúil a shimpliú mar thoradh air sin.

Cearta bunúsacha

Níl tionchar ag an togra ar fheidhmiú ceart bunúsach de chuid saoránach ná gnólachtaí.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Baineann na bearta sa ghníomh seo le leasuithe spriocdhírithe ar an reachtaíocht atá ann cheana maidir le táirgí. Is faoi na Ballstáit atá sé iad a chur chun feidhme agus iad a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, ní bheidh impleachtaí ar bhuiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Níl aon sásra faireacháin sonrach san áireamh sa togra seo. Tá na ceanglais faireacháin shonracha le fáil cheana féin i gcreataí earnála an Aontais, atá á leasú leis an togra seo agus níl aon tionchar ag na leasuithe ar na socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe sin atá ann cheana.

An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

Tá an gníomh atá beartaithe ábhartha maidir le LEE agus, dá bhrí sin, ba cheart é a chuimsiú ann.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Cumhdaítear na gnéithe seo a leanas leis na leasuithe a bhfuil sé d’aidhm ag an Togra seo iad a thabhairt isteach:

(1)Tús áite arna thabhairt ag na comhlachtaí faoina dtugtar fógra don mheasúnú comhréireachta ar tháirgí atá ainmnithe mar tháirgí atá ábhartha i gcás géarchéime;

(2)An fhéidearthacht a bheith ann go neiseodh na húdaráis inniúla náisiúnta údaruithe sealadacha le haghaidh táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime nach ndearnadh na gnáthnósanna imeachta um measúnú comhréireachta orthu, ar choinníoll go gcomhlíonann na táirgí na ceanglais fhíor-riachtanacha uile is infheidhme agus ar choinníoll go bhfuil an túdarú teoranta d’fhad na héigeandála sa Mhargadh Aonair agus do chríoch an Bhallstáit eisiúna;

(3)An fhéidearthacht a bheith ann go mbraithfeadh monaróirí ar chaighdeáin ábhartha idirnáisiúnta agus náisiúnta le linn éigeandála mura mbeadh aon chaighdeáin chomhchuibhithe ar fáil agus dá gcinnteodh na caighdeáin mhalartacha leibhéal coibhéiseach sábháilteachta;

(4)An fhéidearthacht a bheith ann go nglacfadh an Coimisiún, trí ghníomhartha tarmligthe, sonraíochtaí teicniúla comhchoiteanna deonacha nó éigeantacha maidir le táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime;

(5)Tús áite a thabhairt do na gníomhaíochtaí faireachais margaidh le haghaidh earraí atá ábhartha i gcás géarchéime



2022/0280 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoracha 2000/14/CE, 2006/42/CE, 2010/35/AE, 2013/29/AE, 2014/28/AE, 2014/29/AE, 2014/30/AE, 2014/31/AE, 2014/32/AE, 2014/33/AE, 2014/34/AE, 2014/35/AE, 2014/53/AE agus 2014/68/AE a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta éigeandála le haghaidh measúnú comhréireachta, glacadh sonraíochtaí coiteanna agus faireachas margaidh i ngeall ar éigeandáil sa Mhargadh Aonair

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 91 agus 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 38 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 39 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach 40 ,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Is é is aidhm do [cuir isteach tagairt do Rialachán SMEI] gnáthfheidhmiú an Mhargaidh Aonair a áirithiú, lena náirítear saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine agus a ráthú go mbeidh earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime chomh maith le hearraí agus seirbhísí a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus d’údaráis phoiblí le linn géarchéime ar fáil.

(2)Leis an gcreat a bhunaítear le [cuir isteach tagairt do Rialachán SMEI] leagtar síos bearta, ar cheart iad a imlonnú ar bhealach comhleanúnach, trédhearcach, éifeachtúil, comhréireach agus tráthúil, chun an tionchar ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair a d’fhéadfadh géarchéim a chruthú a chosc, a mhaolú agus a íoslaghdú.

(3)Le [cuir isteach tagairt do Rialachán SMEI] leagtar síos sásra ilsrathach arb é atá ann pleanáil theagmhasach, modh forairdill agus modh éigeandála an Mhargaidh Aonair.

(4)Le [cuir isteach tagairt do Rialachán SMEI] leagtar síos rialacha arb é is cuspóir dóibh saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine sa Mhargadh Aonair a choimirciú agus a áirithiú go mbeidh earraí agus seirbhísí a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo i gcás géarchéime freisin ar fáil. Tá feidhm ag [cuir isteach tagairt do Rialachán SMEI] maidir le hearraí agus seirbhísí araon.

(5)Chun bearta den sórt sin a chomhlánú, a gcomhsheasmhacht a áirithiú agus a néifeachtacht a fheabhsú tuilleadh, is iomchuí a áirithiú go bhféadfar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime dá dtagraítear in [cuir isteach tagairt do Rialachán SMEI] a chur ar mhargadh an Aontais go pras chun rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar shuaitheadh agus le suaitheadh a mhaolú.

(6)Le líon áirithe gníomhartha dlí earnála an Aontais, leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le dearadh, monarú, measúnú comhréireachta agus cur ar an margadh na dtáirgí sin. Áirítear ar na gníomhartha dlí sin Treoracha 2000/14/CE 41 , 2006/42/CE 42 , 2010/35/AE 43 , 2013/29/AE 44 , 2014/28/AE 45 , 2014/29/AE 46 , 2014/30/AE 47 , 2014/31/AE 48 , 2014/32/AE 49 , 2014/33/AE 50 , 2014/34/AE 51 , 2014/35/AE 52 , 2014/53/AE 53 agus 2014/68/AE 54 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Thairis sin, tá an chuid is mó de na gníomhartha dlíthiúla sin bunaithe ar phrionsabail an chur chuige nua maidir le comhchuibhiú teicniúil agus tá siad ailínithe freisin leis na forálacha tagartha a leagtar síos le Cinneadh 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 55 .

(7)Ní fhoráiltear leis na forálacha tagartha a leagtar síos le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE, ná leis na forálacha sonracha a leagtar síos i reachtaíocht earnála an Aontais um chomhchuibhiú maidir le nósanna imeachta atá ceaptha chun feidhm a bheith acu le linn géarchéime. Is iomchuí coigeartuithe spriocdhírithe ar na Treoracha sin a thabhairt isteach, arb é is aidhm dóibh freagairt do thionchair géarchéimeanna lena ndéantar difear do tháirgí a ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus a chumhdaítear leis na Treoracha sin.

(8)Is léir ón taithí a fuarthas ó na géarchéimeanna roimhe seo a rinne difear don Mhargadh Aonair nach bhfuil na nósanna imeachta a leagtar síos sna gníomhartha dlí earnála ceaptha chun freastal ar riachtanais na gcásanna freagartha géarchéime agus nach dtugann siad an tsolúbthacht rialála is gá. Is iomchuí, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le bunús dlí do nósanna imeachta freagartha géarchéime den sórt sin mar chomhlánú ar na bearta arna nglacadh faoi [cuir isteach tagairt don Rialachán maidir le FBManna].

(9)Chun na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag suaitheadh ar an Margadh Aonair a shárú agus chun a áirithiú go gcuirfear earraí atá ábhartha i gcás géarchéime ar an margadh go pras, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le ceanglas ar na comhlachtaí um measúnú comhréireachta tosaíocht a thabhairt d’iarratais ar mheasúnú comhréireachta na dtáirgí sin thar aon iarratas atá ar feitheamh a bhaineann le táirgí, nár ainmníodh mar tháirgí atá ábhartha i gcás géarchéime.

(10)Chuige sin, ba cheart nósanna imeachta éigeandála a leagan síos i dTreoracha 2000/14/CE, 2006/42/CE, 2010/35/AE, 2013/29/AE, 2014/28/AE, 2014/29/AE, 2014/30/AE, 2014/31/AE, 2014/32/AE, 2014/33/AE, 2014/34/AE, 2014/35/AE, 2014/53/AE agus 2014/68/AE. Níor cheart na nósanna imeachta sin a bheith ar fáil ach amháin tar éis an éigeandáil sa Mhargadh Aonair a ghníomhachtú agus i gcás ina nainmnítear earra sonrach a chumhdaítear leis na Treoracha sin mar earra atá ábhartha i gcás géarchéime i gcomhréir le [cuir isteach tagairt don Rialachán SMEI].

(11)Ina theannta sin, i gcásanna ina bhféadfadh an suaitheadh difear a dhéanamh do na comhlachtaí um measúnú comhréireachta nó i gcásanna nach leor na hacmhainní tástála le haghaidh na dtáirgí sin atá ábhartha i gcás géarchéime, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht do na húdaráis inniúla náisiúnta údarú eisceachtúil agus sealadach a dhéanamh ar tháirgí a chur ar an margadh, ar táirgí iad nach ndeachaigh faoi na gnáthnósanna imeachta um measúnú comhréireachta a cheanglaítear faoi reachtaíocht earnála ábhartha an Aontais faoi seach.

(12)A mhéid a bhaineann le táirgí a thagann faoi raon feidhme na dTreoracha sin a ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, ba cheart go mbeadh na húdaráis inniúla náisiúnta in ann, i gcomhthéacs éigeandála leanúnaí sa Mhargadh Aonair, maolú ar an oibleagáid chun na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta sin a leagtar síos sna Treoracha sin a chur i gcrích, sna cásanna sin ina bhfuil rannpháirtíocht comhlachta faoina dtugtar fógra éigeantach agus inar cheart dóibh a bheith in ann údaruithe a eisiúint do na táirgí sin, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na buncheanglais sábháilteachta is infheidhme. Féadfar comhlíonadh na gceanglas substainteach sin a léiriú ar bhealaí éagsúla, lena bhféadfaí a áireamh tástáil a rinne na húdaráis náisiúnta ar shamplaí arna soláthar ag an monaróir a rinne iarratas ar údarú. Ba cheart tuairisc shoiléir a thabhairt ar na nósanna imeachta sonracha, a leanadh chun comhlíonadh agus torthaí na nósanna imeachta sin a léiriú, san údarú arna eisiúint ag an údarás inniúil náisiúnta.

(13)I gcás ina mbeidh méadú as cuimse ar an éileamh ar tháirgí áirithe i gceist le héigeandáil sa Mhargadh Aonair agus chun tacú le hiarrachtaí oibreoirí eacnamaíocha freastal ar an éileamh sin, is iomchuí tagairtí teicniúla a sholáthar, ar tagairtí iad a fhéadfaidh na monaróirí a úsáid chun earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a dhearadh agus a tháirgeadh, agus ar tagairtí iad a chomhlíonann na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta is infheidhme.

(14)Le líon áirithe creataí comhchuibhithe earnála an Aontais, déantar foráil maidir leis an bhféidearthacht go mbainfeadh monaróir tairbhe as toimhde comhréireachta má chomhlíonann a tháirge caighdeán comhchuibhithe Eorpach. Mar sin féin, i gcásanna nach ann do chaighdeáin den sórt sin nó ina bhféadfadh sé go mbeadh sé ródheacair iad a chomhlíonadh mar gheall ar an suaitheadh a tharla de dheasca na géarchéime, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le sásraí malartacha.

(15)Maidir le Treoir 2006/42/CE, Treoracha 2013/29/AE, 2014/28/AE, 2014/29/AE, 2014/30/AE, 2014/31/AE, 2014/32/AE, 2014/33/AE, 2014/34/AE, 2014/53/AE agus 2014/68/AE, ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta a bheith in ann a thoimhdiú, maidir le táirgí a mhonaraítear i gcomhréir le caighdeáin náisiúnta nó idirnáisiúnta de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 56 , lena náirithítear leibhéal cosanta atá coibhéiseach leis an leibhéal a thairgtear leis na caighdeáin Eorpacha chomhchuibhithe, go gcomhlíonann siad na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha.

(16)Thairis sin, i dtaca le Treoracha 2006/42/CE, 2013/29/AE, 2014/28/AE, 2014/29/AE, 2014/30/AE, 2014/31/AE, 2014/32/AE, 2014/33/AE, 2014/34/AE, 2014/35/AE, 2014/53/AE agus 2014/68/AE, ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún sonraíochtaí comhchoiteanna a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ar a bhféadfaidh na monaróirí brath chun tairbhe a bhaint as toimhde comhréireachta leis na buncheanglais is infheidhme. Ba cheart go leanfadh an gníomh cur chun feidhme lena leagtar síos sonraíochtaí coiteanna den sórt sin de bheith infheidhme ar feadh ré na héigeandála sa Mhargadh Aonair.

(17)I dtaca le Treoracha 2006/42/CE, 2013/29/AE, 2014/28/AE, 2014/29/AE, 2014/30/AE, 2014/31/AE, 2014/32/AE, 2014/33/AE, 2014/34/AE, 2014/35/AE, 2014/53/AE agus 2014/68/AE, in imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, go háirithe chun idir-inoibritheacht idir táirgí nó córais a áirithiú, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, lena leagfar síos sonraíochtaí teicniúla éigeantacha, a gceanglófar ar na monaróirí iad a chomhlíonadh. Ba cheart go leanfadh an gníomh cur chun feidhme lena leagtar síos sonraíochtaí coiteanna den sórt sin de bheith infheidhme ar feadh ré na héigeandála sa Mhargadh Aonair.

(18)Chun a áirithiú nach gcuirfear i mbaol an leibhéal sábháilteachta dá bhforáiltear leis na táirgí comhchuibhithe, is gá foráil a dhéanamh maidir le rialacha d’fhaireachas margaidh feabhsaithe, go háirithe i ndáil le hearraí a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus lena náirítear trí chomhar níos dlúithe agus tacaíocht fhrithpháirteach níos dlúithe a chumasú i measc na núdarás faireachais margaidh.

(19)I gcomhréir lena chleachtas seanbhunaithe, rachadh an Coimisiún i gcomhairle go córasach leis na saineolaithe earnála ábhartha i gcomhthéacs luathullmhúchán na ndréachtghníomhartha cur chun feidhme uile lena leagtar síos sonraíochtaí coiteanna.

(20)Dá bhrí sin, ba cheart Treoracha 2000/14/CE, 2006/42/CE, 2010/35/AE, 2013/29/AE, 2014/28/AE, 2014/29/AE, 2014/30/AE, 2014/31/AE, 2014/32/AE, 2014/33/AE, 2014/34/AE, 2014/35/AE, 2014/53/AE agus 2014/68/AE a leasú dá réir.

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 2000/14/CE

Leasaítear Treoir 2000/14/CE mar a leanas:

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

Airteagal 17a 
Nósanna imeachta éigeandála a chur i bhfeidhm

1.Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 17b, 17c agus 17d den Treoir seo a thrasuí ach amháin más rud é gur ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 23 de [Rialachán SMEI] lena ngníomhachtaítear Airteagal 226 de [Rialachán SMEI] i ndáil leis an Treoir seo.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 17b, 17c agus 17d a thrasuí go heisiach maidir le trealamh, a ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 17b, 17c agus 17d a thrasuí le linn mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 17c(2), an dara fomhír, agus ag Airteagal 17c(5) le linn mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair agus tar éis é a dhíghníomhachtú nó tar éis dó dul in éag.

4.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún rialacha a leagan síos trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na gníomhaíochtaí leantacha atá le déanamh i ndáil le trealamh a chuirtear ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 17c. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19a(2).

Airteagal 17b 
Tosaíocht a thabhairt don mheasúnú comhréireachta ar threalamh atá ábhartha i gcás géarchéime

1.Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le trealamh a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 17a(1), atá faoi réir nósanna imeachta um measúnú comhréireachta i gcomhréir le hAirteagal 14, lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra.

2.Próiseálfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra gach iarratas ar mheasúnú comhréireachta ar threalamh a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime mar ábhar tosaíochta.

3.Déanfar gach iarratas atá ar feitheamh ar mheasúnú comhréireachta ar threalamh a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a phróiseáil mar ábhar tosaíochta, roimh aon iarratas eile ar mheasúnú comhréireachta ar threalamh nár ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime. Tá feidhm ag an gceanglas sin maidir leis na hiarratais uile ar mheasúnú comhréireachta ar threalamh a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, is cuma cé acu roimh ghníomhachtú na nósanna imeachta éigeandála de bhun Airteagal 17a nó ina dhiaidh sin a taisceadh iad.

4.Ní bheidh aon chostas breise ar na monaróirí, a thaisc na hiarratais sin, mar thoradh ar thosaíocht a thabhairt d’iarratais ar mheasúnú comhréireachta ar threalamh de bhun mhír 3.

5.Déanfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra a ndícheall chun a nacmhainní tástála a mhéadú i ndáil le trealamh a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus ar tugadh fógra dóibh ina leith.

Airteagal 17c 
Maolú ar na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra

1.De mhaolú ar Airteagal 14, féadfaidh aon údarás inniúil náisiúnta, ar iarratas a bhfuil údar cuí leis, a údarú go gcuirfear ar an margadh nó go gcuirfear i seirbhís laistigh de chríoch an Bhallstáit lena mbaineann trealamh sonrach dá dtagraítear in Airteagal 12 agus a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 17a(1) agus nach bhfuil na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra dá dtagraítear in Airteagal 14 curtha i gcrích ina leith ag comhlacht faoina dtugtar fógra, ach ar léiríodh ina leith go gcomhlíonann sé na ceanglais uile is infheidhme maidir le hastaíocht torainn sa chomhshaol atá sa Treoir seo.

2.Dearbhóidh monaróir trealaimh atá faoi réir an nós imeachta um údarú dá dtagraítear i mír 1, dá fhreagracht féin, go gcomhlíonann an trealamh lena mbaineann na ceanglais uile is infheidhme maidir le hastaíocht torainn sa chomhshaol atá sa Treoir seo agus beidh sé freagrach as na nósanna imeachta uile um measúnú comhréireachta arna sonrú ag an údarás inniúil náisiúnta a chomhlíonadh.

Déanfaidh an monaróir gach beart réasúnta a úsáid freisin chun a áirithiú nach bhfágfaidh an trealamh, ar deonaíodh údarú dó de bhun mhír 1, críoch an Bhallstáit a dheonaigh an t‑údarú.

3.Aon údarú arna eisiúint ag údarás inniúil náisiúnta de bhun mhír 1, leagfar amach leis na coinníollacha agus na ceanglais faoina bhféadfar an trealamh a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís, lena náirítear:

(a)tuairisc ar na nósanna imeachta, trínar léiríodh go rathúil go gcomhlíontar na ceanglais is infheidhme maidir le hastaíocht torainn sa chomhshaol atá sa Treoir seo;

(b)ceanglais shonracha maidir le hinrianaitheacht an trealaimh lena mbaineann;

(c)dáta deiridh bhailíocht an údaraithe, nach féidir a bheith níos déanaí ná an lá deireanach den tréimhse ar ghníomhachtaíodh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair ina leith;

(d)aon cheanglas sonrach maidir leis an ngá atá leis an measúnú comhréireachta leanúnach a áirithiú i ndáil leis an trealamh lena mbaineann;

(e)bearta atá le déanamh maidir leis an trealamh lena mbaineann ar dhul in éag don údarú chun a áirithiú go ndéanfar an trealamh lena mbaineann a thabhairt ar ais i gcomhréir le ceanglais uile na Treorach seo.

4.De mhaolú ar Airteagal 17a(3), an chéad fhomhír, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh an túdarás inniúil náisiúnta leasú a dhéanamh ar choinníollacha an údaraithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, tar éis dhíghníomhachtú nó dhul in éag mhodh Éigeandála an Mhargaidh Aonair freisin.

5.De mhaolú ar Airteagail 6 agus 11, trealamh ar deonaíodh údarú ina leith i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, ní bhainfidh sé tairbhe as saorghluaiseacht ar fud an Aontais agus ní bheidh marcáil CE air. Níl sé de cheangal ar na húdaráis um fhaireachas margaidh bailíocht údaruithe arna neisiúint ag údaráis náisiúnta inniúla de chuid Ballstáit eile a aithint.

6.Beidh údaráis um fhaireachas margaidh an Bhallstáit, ar dheonaigh a údarás inniúil údarú de bhun mhír 1, i dteideal gach beart ceartaitheach agus sriantach a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta dá bhforáiltear faoin Treoir seo maidir le trealamh den sórt sin.

7.Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon chinneadh chun údarú a thabhairt maidir le trealamh a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís i gcomhréir le mír 1.

8.Le cur i bhfeidhm Airteagail 17a go 17d agus le húsáid an nós imeachta um údarú a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, ní dhéantar difear do chur i bhfeidhm na nósanna imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 14 ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann.

Airteagal 17d 
Tosaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí faireachais margaidh agus do chúnamh frithpháirteach i measc na núdarás

1.Tabharfaidh na Ballstáit tosaíocht do na gníomhaíochtaí faireachais margaidh maidir le trealamh a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime.

2.Déanfaidh údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát a ndícheall chun cúnamh a chur ar fáil d’údaráis faireachais margaidh eile le linn éigeandála sa Mhargadh Aonair, lena náirítear trí fhoirne saineolaithe a shlógadh agus a sheoladh chun foireann na núdarás faireachais margaidh a iarrann cúnamh a threisiú ar bhonn sealadach nó trí thacaíocht lóistíochta a sholáthar amhail atreisiú na hacmhainne tástála le haghaidh trealaimh, a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime.’

(2) Leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:

(a)I mír 1, cuirtear an abairt seo a leanas isteach tar éis na chéad abairte: ‘Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.’ ‘Déanfaidh an coiste dá dtagraítear in Airteagal 18 an méid seo a leanas:’;; ‘Déanfaidh an coiste dá dtagraítear in Airteagal 18 an méid seo a leanas:’;

(b)cuirtear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh mhír 1:

‘2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.’

Airteagal 2
Leasuithe ar Threoir 2006/42/CE

I dTreoir 2006/42/CE, cuirtear isteach na hairteagail seo a leanas:

Airteagal 21b 
Nósanna imeachta éigeandála a chur i bhfeidhm 

1.Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 21c go 21h den treoir seo a thrasuí ach amháin más rud é gur ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 23 de [Rialachán SMEI] lena ngníomhachtaítear Airteagal 26 de [Rialachán SMEI] i ndáil leis an Treoir seo.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 21c go 21h a thrasuí go heisiach maidir le trealamh a ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 21c go 21h a thrasuí le linn mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 21d(2), an dara fomhír, agus ag Airteagal 21d(5) le linn mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair agus tar éis é a dhíghníomhachtú nó tar éis dó dul in éag.

4.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún rialacha a leagan síos trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na gníomhaíochtaí leantacha atá le déanamh i ndáil le hinnealra a chuirtear ar an margadh i gcomhréir le hAirteagail 21d go 21g. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(3).

Airteagal 21c
Tosaíocht a thabhairt don mheasúnú comhréireachta ar innealra atá ábhartha i gcás géarchéime

1.Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le hinnealra a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, atá faoi réir nósanna imeachta um measúnú comhréireachta i gcomhréir le hAirteagal 12, lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra.

2.Próiseálfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra gach iarratas ar mheasúnú comhréireachta ar innealra a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime mar ábhar tosaíochta.

3.Déanfar gach iarratas atá ar feitheamh ar mheasúnú comhréireachta ar innealra a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a phróiseáil mar ábhar tosaíochta, roimh aon iarratas eile ar mheasúnú comhréireachta ar innealra nár ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime. Tá feidhm ag an gceanglas sin maidir leis na hiarratais uile ar mheasúnú comhréireachta ar innealra a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, is cuma cé acu roimh ghníomhachtú na nósanna imeachta éigeandála de bhun Airteagal 21b nó ina dhiaidh sin a taisceadh iad.

4.Ní bheidh aon chostas breise ar na monaróirí, a thaisc na hiarratais sin, mar thoradh ar thosaíocht a thabhairt d’iarratais ar mheasúnú comhréireachta ar innealra de bhun mhíreanna 2 agus 3.

5.Déanfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra a ndícheall chun a nacmhainní tástála a mhéadú i ndáil le hinnealra a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus ar tugadh fógra dóibh ina leith.

Airteagal 21d
Maolú ar na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra

1.De mhaolú ar Airteagal 12, féadfaidh aon údarás inniúil náisiúnta, ar iarratas a bhfuil údar cuí leis, a údarú go gcuirfear ar an margadh nó go gcuirfear i seirbhís laistigh de chríoch an Bhallstáit lena mbaineann innealra sonrach a ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus nach bhfuil na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra dá dtagraítear in Airteagal 12 curtha i gcrích ina leith ag comhlacht faoina dtugtar fógra, ach ar léiríodh ina leith go gcomhlíonann sé na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta uile is infheidhme.

2.Dearbhóidh monaróir innealra atá faoi réir an nós imeachta um údarú dá dtagraítear i mír 1, dá fhreagracht féin, go gcomhlíonann an tinnealra lena mbaineann na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta uile is infheidhme agus beidh sé freagrach as na nósanna imeachta uile um measúnú comhréireachta arna sonrú ag an údarás inniúil náisiúnta a chomhlíonadh.

Déanfaidh an monaróir gach beart réasúnta a úsáid freisin chun a áirithiú nach bhfágfaidh an t‑innealra, ar deonaíodh údarú dó de bhun mhír 1, críoch an Bhallstáit a dheonaigh an t‑údarú.

3.Aon údarú arna eisiúint ag údarás inniúil náisiúnta de bhun mhír 1, leagfar amach ann na coinníollacha agus na ceanglais faoina bhféadfar an tinnealra a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís, lena náirítear:

(a)tuairisc ar na nósanna imeachta, trínar léiríodh go rathúil go gcomhlíontar na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme atá sa Treoir seo;

(b)ceanglais shonracha maidir le hinrianaitheacht an innealra lena mbaineann;

(c)dáta deiridh bhailíocht an údaraithe, nach féidir a bheith níos déanaí ná an lá deireanach den tréimhse ar ghníomhachtaíodh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair ina leith;

(d)aon cheanglas sonrach maidir leis an ngá atá leis an measúnú comhréireachta leanúnach a áirithiú i ndáil leis an innealra lena mbaineann;

(e)bearta atá le déanamh maidir leis an innealra lena mbaineann ar dhul in éag don údarú chun a áirithiú go ndéanfar an tinnealra lena mbaineann a thabhairt ar ais i gcomhréir le ceanglais uile na Treorach seo.

4.De mhaolú ar Airteagal 21d(3), an chéad fhomhír, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh an túdarás inniúil náisiúnta leasú a dhéanamh ar choinníollacha an údaraithe dá dtagraítear i mír 3, tar éis dhíghníomhachtú nó dhul in éag mhodh Éigeandála an Mhargaidh Aonair freisin.

5.De mhaolú ar Airteagail 6 agus 16, innealra ar deonaíodh údarú ina leith i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, ní fhágfaidh sé críoch an Bhallstáit a d’eisigh an túdarú agus ní bheidh marcáil CE air.

6.Beidh údaráis um fhaireachas margaidh an Bhallstáit, ar dheonaigh a údarás inniúil údarú de bhun mhír 1, i dteideal gach beart ceartaitheach agus sriantach a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta dá bhforáiltear faoin Treoir seo 57 maidir le hinnealra den sórt sin.

7.Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon chinneadh chun údarú a thabhairt maidir le hinnealra a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís i gcomhréir le mír 1.

8.Le cur i bhfeidhm Airteagail 21b go 21h agus le húsáid an nós imeachta um údarú a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, ní dhéantar difear do chur i bhfeidhm na nósanna imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 12 ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann.

Airteagal 21e 
Toimhde comhréireachta bunaithe ar chaighdeáin náisiúnta agus idirnáisiúnta

Déanfaidh na Ballstáit gach beart is iomchuí chun a áirithiú, chun críocha cur ar an margadh nó cur i seirbhís, go measfaidh a n‑údaráis inniúla, maidir leis an innealra a chomhlíonann na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta nó aon chaighdeán náisiúnta atá i bhfeidhm sa Bhallstát ina monaraítear an t‑innealra, lena n‑áirithítear an leibhéal sábháilteachta a cheanglaítear leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I, go gcomhlíonann sé na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta sin i gceachtar de na cásanna seo a leanas:

a)i gcás nach bhfoilsítear aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

b)i gcás ina gcuireann suaitheadh tromchúiseach i bhfeidhmiú an Mhargaidh Aonair, a cuireadh san áireamh agus modh éigeandála an Mhargaidh Aonair á ghníomhachtú i gcomhréir le hAirteagal 15(4) de [Rialachán SMEI], srian suntasach ar na féidearthachtaí atá ag monaróirí úsáid a bhaint as na caighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo agus a foilsíodh cheana in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012

Airteagal 21f 
Sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh lena mbronntar toimhde comhréireachta

1.I gcás inar ainmníodh innealra mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna le haghaidh an innealra sin chun na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chumhdach, i gceachtar de na cásanna seo a leanas:

(a)i gcás nár foilsíodh aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(b)i gcás ina gcuireann an suaitheadh tromchúiseach i bhfeidhmiú an Mhargaidh Aonair, a raibh gníomhachtú mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair i gcomhréir le hAirteagal 15(4) de [Rialachán SMEI] mar thoradh air, srian suntasach ar na féidearthachtaí atá ag monaróirí úsáid a bhaint as na caighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo agus a foilsíodh cheana in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

2.Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo tar éis dul i gcomhairle leis na saineolaithe earnála agus i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(3). Beidh feidhm acu maidir le hinnealra a chuirtear ar an margadh go dtí an lá deireanach den tréimhse ar ghníomhachtaíodh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair ina leith i gcomhréir le hAirteagal 15(4) de [Rialachán SMEI]. Le linn luathullmhúchán an dréachtghnímh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann, baileoidh an Coimisiún tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha nó na ngrúpaí saineolaithe ábhartha arna mbunú faoi reachtaíocht earnála ábhartha an Aontais. Bunaithe ar an gcomhairliúchán sin, ullmhóidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme.

3.Gan dochar d’Airteagal 7, toimhdeofar go bhfuil innealra atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna a glacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo i gcomhréir leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna sin nó le codanna díobh.

4.De mhaolú ar Airteagal 21b(3), an chéad fhomhír, mura bhfuil cúis leordhóthanach ann lena chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine leis an innealra a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, an tinnealra atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna sin agus a cuireadh ar an margadh, measfar go mbeidh sé i gcomhréir leis an Treoir seo tar éis dul in éag nó aisghairm gnímh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus tar éis dhul in éag nó dhíghníomhachtú mhodh Éigeandála an Mhargaidh Aonair i gcomhréir le [Rialachán SMEI].

5.Nuair a mheasann Ballstát nach gcomhlíonann sonraíocht choiteann dá dtagraítear i mír 1 na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta go hiomlán a bhfuil sé d’aidhm acu a chumhdach agus atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin le míniú mionsonraithe agus déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis sin agus, más iomchuí, leasóidh sé nó tarraingeoidh sé siar an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist.

Airteagal 21g 
Sonraíochtaí coiteanna éigeantacha a ghlacadh

1.I gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna éigeantacha chun na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I le haghaidh innealra a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 21b(1) a chumhdach.

2.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna éigeantacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh tar éis dul i gcomhairle leis na saineolaithe earnála agus i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 22(3). Beidh feidhm acu maidir le hinnealra a chuirtear ar an margadh go dtí an lá deireanach den tréimhse a mbeidh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair gníomhach lena linn. Le linn luathullmhúchán an dréachtghnímh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann, baileoidh an Coimisiún tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha nó na ngrúpaí saineolaithe ábhartha arna mbunú faoi reachtaíocht earnála ábhartha an Aontais. Bunaithe ar an gcomhairliúchán sin, ullmhóidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme.

3.De mhaolú ar Airteagal 21b(3), an chéad fhomhír, mura bhfuil cúis leordhóthanach ann lena chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine leis an innealra a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna éigeantacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, an tinnealra atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna sin agus a cuireadh ar an margadh, measfar go mbeidh sé i gcomhréir leis an Treoir seo tar éis dul in éag nó aisghairm gnímh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus tar éis dhul in éag nó dhíghníomhachtú mhodh Éigeandála an Mhargaidh Aonair i gcomhréir le [Rialachán SMEI].

Airteagal 21h 
Tosaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí faireachais margaidh agus do chúnamh frithpháirteach i measc na núdarás

1.Tabharfaidh na Ballstáit tosaíocht do na gníomhaíochtaí faireachais margaidh maidir le hinnealra, a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime.

2.Déanfaidh údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát a ndícheall chun cúnamh a chur ar fáil d’údaráis faireachais margaidh eile le linn éigeandála sa Mhargadh Aonair, lena náirítear trí fhoirne saineolaithe a shlógadh agus a sheoladh chun foireann na núdarás faireachais margaidh a iarrann cúnamh a threisiú ar bhonn sealadach nó trí thacaíocht lóistíochta a sholáthar amhail atreisiú na hacmhainne tástála le haghaidh innealra, a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime.’

Airteagal 3
Leasuithe ar Threoir 2010/35/AE

Leasaítear Treoir 2010/35/AE mar a leanas:

cuirtear isteach an Chaibidil 5a seo a leanas:

CAIBIDIL 5a 
NÓSANNA IMEACHTA ÉIGEANDÁLA

Airteagal 33a 
Nósanna imeachta éigeandála a chur i bhfeidhm 

1.Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 33b, 33c agus 33d den Treoir seo a thrasuí ach amháin más rud e gur ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 23 de [Rialachán SMEI] lena ngníomhachtaítear Airteagal 26 de [Rialachán SMEI] i ndáil leis an Treoir seo.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 33b, 33c agus 33d a thrasuí go heisiach maidir le brú-threalamh iniompartha, a ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 33b, 33c agus 33d a thrasuí le linn mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair.

4.Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 33c(2), an dara fomhír, agus ag Airteagal 33c(5) le linn mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair agus tar éis é a dhíghníomhachtú nó tar éis dó dul in éag.

5.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún rialacha a leagan síos trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na gníomhaíochtaí leantacha atá le déanamh i ndáil le brú-threalamh iniompartha a chuirtear ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 33c. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 38a(2).

Airteagal 33b 
Tosaíocht a thabhairt don mheasúnú comhréireachta ar bhrú-threalamh iniompartha atá ábhartha i gcás géarchéime

1.Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le brú-threalamh iniompartha a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, atá faoi réir nósanna imeachta um measúnú comhréireachta i gcomhréir le hAirteagal 12, lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra.

2.Próiseálfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra gach iarratas ar mheasúnú comhréireachta ar bhrú-threalamh iniompartha a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime mar ábhar tosaíochta.

3.Déanfar gach iarratas atá ar feitheamh ar mheasúnú comhréireachta ar threalamh a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a phróiseáil mar ábhar tosaíochta, roimh aon iarratas eile ar mheasúnú comhréireachta ar threalamh nár ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime. Tá feidhm ag an gceanglas sin maidir leis na hiarratais uile ar mheasúnú comhréireachta ar bhrú-threalamh iniompartha a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, is cuma cé acu roimh ghníomhachtú na nósanna imeachta éigeandála de bhun Airteagal 33a nó ina dhiaidh sin a taisceadh iad.

4.Ní bheidh aon chostas breise ar na monaróirí, a thaisc na hiarratais sin, mar thoradh ar thosaíocht a thabhairt d’iarratais ar mheasúnú comhréireachta ar bhrú-threalamh iniompartha de bhun mhír 3.

5.Déanfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra a ndícheall chun a nacmhainní tástála a mhéadú i ndáil le brú-threalamh iniompartha a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus ar tugadh fógra dóibh ina leith.

Airteagal 33c 
Maolú ar na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra

1.De mhaolú ar Airteagal 12, féadfaidh aon údarás inniúil náisiúnta, ar iarratas a bhfuil údar cuí leis, a údarú go gcuirfear ar an margadh laistigh de chríoch an Bhallstáit lena mbaineann brú-threalamh iniompartha sonrach a ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus nach bhfuil na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra dá dtagraítear in Airteagal 12 curtha i gcrích ina leith ag comhlacht faoina dtugtar fógra, ach ar léiríodh ina leith go gcomhlíonann sé na ceanglais uile is infheidhme a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 2008/68/CE agus sa Treoir seo.

2.Dearbhóidh monaróir, allmhaireoir, dáileoir agus úsáideoir brú-threalaimh iniompartha atá faoi réir an nós imeachta um údarú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, dá fhreagracht féin, go gcomhlíonann an brú-threalamh iniompartha lena mbaineann na ceanglais uile is infheidhme a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 2008/68/CE agus sa Treoir seo agus beidh sé freagrach as na nósanna imeachta uile um measúnú comhréireachta arna sonrú ag an údarás inniúil náisiúnta a chomhlíonadh.

Déanfaidh an monaróir, an t‑allmhaireoir, an dáileoir agus an t‑úsáideoir gach beart réasúnta a úsáid freisin chun a áirithiú nach bhfágfaidh an brú-threalamh iniompartha, ar deonaíodh údarú dó de bhun mhír 1, críoch an Bhallstáit a dheonaigh an t‑údarú.

3.Aon údarú a eiseoidh údarás inniúil náisiúnta de bhun mhír 1, leagfar amach ann na coinníollacha agus na ceanglais faoina bhféadfar an trealamh a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís, lena náirítear:

(a)tuairisc ar na nósanna imeachta, trínar léiríodh go rathúil go gcomhlíontar na ceanglais is infheidhme a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 2008/68/CE agus sa Treoir seo;

(b)ceanglais shonracha maidir le hinrianaitheacht an bhrú-trealaimh iniompartha lena mbaineann;

(c)dáta deiridh bhailíocht an údaraithe, nach féidir a bheith níos déanaí ná an lá deireanach den tréimhse ar ghníomhachtaíodh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair ina leith;

(d)aon cheanglas sonrach maidir leis an ngá atá leis an measúnú comhréireachta leanúnach a áirithiú i ndáil leis an mbrú-trealamh iniompartha lena mbaineann;

(e)bearta atá le déanamh maidir leis an mbrú-trealamh iniompartha lena mbaineann ar dhul in éag don údarú chun a áirithiú go ndéanfar an brú-trealamh iniompartha lena mbaineann a thabhairt ar ais i gcomhréir le ceanglais uile na Treorach seo.

4.De mhaolú ar Airteagal 33a(3), an chéad fhomhír, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh an túdarás inniúil náisiúnta leasú a dhéanamh ar choinníollacha an údaraithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, tar éis dhíghníomhachtú nó dhul in éag mhodh Éigeandála an Mhargaidh Aonair freisin.

5.De mhaolú ar Airteagail 14 agus 16, brú-trealamh iniompartha ar deonaíodh údarú ina leith i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, ní fhágfaidh sé críoch an Bhallstáit a dheonaigh an túdarú.

6.Beidh údaráis um fhaireachas margaidh an Bhallstáit, ar dheonaigh a údarás inniúil údarú de bhun mhír 1, i dteideal gach beart ceartaitheach agus sriantach a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta dá bhforáiltear faoin Treoir seo maidir le brú-trealamh iniompartha den sórt sin.

7.Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon chinneadh chun údarú a thabhairt maidir le brú-trealamh iniompartha a chur ar an margadh i gcomhréir le mír 1.

8.Le cur i bhfeidhm Airteagail 33a go 33d agus le húsáid an nós imeachta um údarú a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, ní dhéantar difear do chur i bhfeidhm na nósanna imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 12 ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann.

Airteagal 33d 
Tosaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí faireachais margaidh agus do chúnamh frithpháirteach i measc na núdarás

1.Tabharfaidh na Ballstáit tosaíocht do na gníomhaíochtaí faireachais margaidh maidir le brú-trealamh iniompartha, a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime.

Déanfaidh údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát a ndícheall chun cúnamh a chur ar fáil d’údaráis faireachais margaidh eile le linn éigeandála sa Mhargadh Aonair, lena n‑áirítear trí fhoirne saineolaithe a shlógadh agus a sheoladh chun foireann na n‑údarás faireachais margaidh a iarrann cúnamh a threisiú ar bhonn sealadach nó trí thacaíocht lóistíochta a sholáthar amhail atreisiú na hacmhainne tástála le haghaidh brú-trealaimh iniompartha, a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime.

2.cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

Airteagal 38a

Nós imeachta coiste

1.Déanfaidh an coiste um iompar earraí contúirteacha arna bhunú le hAirteagal 9 de Threoir 2008/68/CE cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.

2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 4
Leasuithe ar Threoir 2013/29/AE

I dTreoir 2013/29/AE, cuirtear an Chaibidil 5a seo a leanas isteach:

‘CAIBIDIL 5a 
NÓSANNA IMEACHTA ÉIGEANDÁLA

Airteagal 42a 
Nósanna imeachta éigeandála a chur i bhfeidhm 

1.Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 42b go 42g den Treoir seo a thrasuí ach amháin más rud é gur ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 23 de [Rialachán SMEI] lena ngníomhachtaítear Airteagal 26 de [Rialachán SMEI] i ndáil leis an Treoir seo.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 42b go 42g a thrasuí go heisiach maidir le hearraí piriteicniúla, a ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 42b go 42g a thrasuí le linn mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair.

4.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún rialacha a leagan síos trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na gníomhaíochtaí leantacha atá le déanamh i ndáil le hearraí piriteicniúla a chuirtear ar an margadh i gcomhréir le hAirteagail 42c go 42f. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(3).

Airteagal 42b 
Tosaíocht a thabhairt don mheasúnú comhréireachta ar earraí piriteicniúla atá ábhartha i gcás géarchéime

1.Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na hearraí piriteicniúla uile a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, atá faoi réir nósanna imeachta um measúnú comhréireachta i gcomhréir le hAirteagal 17, lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra.

2.Próiseálfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra gach iarratas ar mheasúnú comhréireachta ar earraí piriteicniúla a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime mar ábhar tosaíochta.

3.Déanfar gach iarratas atá ar feitheamh ar mheasúnú comhréireachta ar threalamh a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a phróiseáil mar ábhar tosaíochta, roimh aon iarratas eile ar mheasúnú comhréireachta ar threalamh nár ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime. Tá feidhm ag an gceanglas sin maidir leis na hiarratais uile ar mheasúnú comhréireachta ar earraí piriteicniúla a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, is cuma cé acu roimh ghníomhachtú na nósanna imeachta éigeandála de bhun Airteagal 42a nó ina dhiaidh sin a taisceadh iad.

4.Ní bheidh aon chostas breise ar na monaróirí, a thaisc na hiarratais sin, mar thoradh ar thosaíocht a thabhairt d’iarratais ar mheasúnú comhréireachta ar earraí piriteicniúla de bhun mhír 3.

5.Déanfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra a ndícheall chun a nacmhainní tástála a mhéadú i ndáil le hearraí piriteicniúla a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus ar tugadh fógra dóibh ina leith.

1.Airteagal 42c 
Maolú ar na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra De mhaolú ar Airteagal 17, féadfaidh aon údarás inniúil náisiúnta, ar iarratas a bhfuil údar cuí leis, a údarú go gcuirfear ar an margadh laistigh de chríoch an Bhallstáit lena mbaineann earra piriteicniúil sonrach a ainmníodh mar earra atá ábhartha i gcás géarchéime agus nach bhfuil na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra dá dtagraítear in Airteagal 17 curtha i gcrích ina leith ag comhlacht faoina dtugtar fógra, ach ar léiríodh ina leith go gcomhlíonann sé na buncheanglais sábháilteachta uile is infheidhme.

2.Dearbhóidh monaróir earra phiriteicniúil atá faoi réir an nós imeachta um údarú dá dtagraítear i mír 1, dá fhreagracht féin, go gcomhlíonann an tearra piriteicniúil lena mbaineann na buncheanglais sábháilteachta uile is infheidhme agus beidh sé freagrach as na nósanna imeachta uile um measúnú comhréireachta arna sonrú ag an údarás inniúil náisiúnta a chomhlíonadh.

3.Déanfaidh an monaróir gach beart réasúnta a úsáid freisin chun a áirithiú nach bhfágfaidh an tearra piriteicniúil, ar deonaíodh údarú dó de bhun mhír 1, críoch an Bhallstáit a dheonaigh an túdarú.

4.Aon údarú arna eisiúint ag údarás inniúil náisiúnta de bhun mhír 1, leagfar amach leis na coinníollacha agus na ceanglais faoina bhféadfar an tearra piriteicniúil a chur ar an margadh, lena náirítear:

(a)tuairisc ar na nósanna imeachta, trínar léiríodh go rathúil go gcomhlíontar na buncheanglais sábháilteachta is infheidhme atá sa Treoir seo;

(b)ceanglais shonracha maidir le hinrianaitheacht an earra phiriteicniúil lena mbaineann;

(c)dáta deiridh bhailíocht an údaraithe, nach féidir a bheith níos déanaí ná an lá deireanach den tréimhse ar ghníomhachtaíodh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair ina leith;

(d)aon cheanglas sonrach maidir leis an ngá atá leis an measúnú comhréireachta leanúnach a áirithiú i ndáil leis an earra piriteicniúil lena mbaineann;

(e)bearta atá le déanamh maidir leis an earra piriteicniúil lena mbaineann ar dhul in éag don údarú chun a áirithiú go ndéanfar an tearra piriteicniúil lena mbaineann a thabhairt ar ais i gcomhréir le ceanglais uile na Treorach seo.

5.De mhaolú ar Airteagal 42a(3), an chéad fhomhír, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh an túdarás inniúil náisiúnta leasú a dhéanamh ar choinníollacha an údaraithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, tar éis dhíghníomhachtú nó dhul in éag mhodh Éigeandála an Mhargaidh Aonair freisin.

6.De mhaolú ar Airteagail 4 agus 20, earraí piriteicniúla ar deonaíodh údarú ina leith i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, ní bhainfidh siad tairbhe as saorghluaiseacht ar fud an Aontais agus ní bheidh marcáil CE orthu. Níl sé de cheangal ar na húdaráis um fhaireachas margaidh bailíocht údaruithe arna neisiúint ag údaráis náisiúnta inniúla de chuid Ballstáit eile a aithint.

7.Beidh údaráis um fhaireachas margaidh an Bhallstáit, ar dheonaigh a údarás inniúil údarú de bhun mhír 1, i dteideal gach beart ceartaitheach agus sriantach a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta dá bhforáiltear faoin Treoir seo maidir le hearraí piriteicniúla den sórt sin.

8.Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon chinneadh chun údarú a thabhairt maidir le hearra piriteicniúil a chur ar an margadh i gcomhréir le mír 1.

9.Le cur i bhfeidhm Airteagail 42a go 42g agus le húsáid an nós imeachta um údarú a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, ní dhéantar difear do chur i bhfeidhm na nósanna imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 17 ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann.

Airteagal 42d 
Toimhde comhréireachta bunaithe ar chaighdeáin náisiúnta agus idirnáisiúnta

Déanfaidh na Ballstáit gach beart is iomchuí chun a áirithiú, chun críocha cur ar an margadh, go measfaidh a n‑údaráis inniúla, maidir le hearraí piriteicniúla a chomhlíonann na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta nó aon chaighdeán náisiúnta atá i bhfeidhm sa Bhallstát ina monaraítear na hearraí piriteicniúla, lena n‑áirithítear an leibhéal sábháilteachta a cheanglaítear leis na buncheanglais sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I, go gcomhlíonann siad na buncheanglais sábháilteachta sin i gceachtar de na cásanna seo a leanas:

(a)i gcás nach bhfoilsítear aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais sábháilteachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(b)i gcás ina gcuireann suaitheadh tromchúiseach i bhfeidhmiú an Mhargaidh Aonair, a cuireadh san áireamh agus modh éigeandála an Mhargaidh Aonair á ghníomhachtú i gcomhréir le hAirteagal 15(4) de [Rialachán SMEI], srian suntasach ar na féidearthachtaí atá ag monaróirí úsáid a bhaint as na caighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais sábháilteachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo agus a foilsíodh cheana in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

Airteagal 42e 
Sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh lena mbronntar toimhde comhréireachta

1.I gcás inar ainmníodh earraí piriteicniúla mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh le haghaidh na nearraí piriteicniúla sin lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna chun na buncheanglais sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chumhdach, i gceachtar de na cásanna seo a leanas:

(a)i gcás nár foilsíodh aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais sábháilteachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(b)i gcás ina gcuireann suaitheadh tromchúiseach i bhfeidhmiú an Mhargaidh Aonair, a raibh gníomhachtú mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair i gcomhréir le hAirteagal 15(4) de [Rialachán SMEI] mar thoradh air, srian suntasach ar na féidearthachtaí atá ag monaróirí úsáid a bhaint as na caighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais sábháilteachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo agus a foilsíodh cheana in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

2.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh tar éis dul i gcomhairle leis na saineolaithe earnála agus i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(3). Beidh feidhm acu maidir le hearraí piriteicniúla a chuirtear ar an margadh go dtí an lá deireanach den tréimhse a mbeidh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair gníomhach lena linn. Le linn luathullmhúchán na ndréachtghníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear na sonraíochtaí coiteanna, baileoidh an Coimisiún tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha nó na ngrúpaí saineolaithe ábhartha arna mbunú faoi reachtaíocht earnála ábhartha an Aontais. Bunaithe ar an gcomhairliúchán sin, ullmhóidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme.

3.Gan dochar d’Airteagal 16, toimhdeofar go bhfuil earraí piriteicniúla atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna a glacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo i gcomhréir leis na buncheanglais sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna sin nó le codanna díobh.

4.De mhaolú ar Airteagal 42a(3), an chéad fhomhír, mura bhfuil cúis leordhóthanach ann lena chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine leis na hearraí piriteicniúla a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, na hearraí piriteicniúla atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna sin agus a cuireadh ar an margadh, measfar go mbeidh siad i gcomhréir leis an Treoir seo tar éis dul in éag nó aisghairm gnímh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus tar éis dhul in éag nó dhíghníomhachtú mhodh Éigeandála an Mhargaidh Aonair i gcomhréir le [Rialachán SMEI].

5.Nuair a mheasann Ballstát nach gcomhlíonann sonraíocht choiteann dá dtagraítear i mír 1 na buncheanglais sábháilteachta go hiomlán a bhfuil sé d’aidhm acu a chumhdach agus atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin le míniú mionsonraithe agus déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis sin agus, más iomchuí, leasóidh sé nó tarraingeoidh sé siar an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist.

Airteagal 42f 
Sonraíochtaí coiteanna éigeantacha a ghlacadh

1.I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna éigeantacha chun na buncheanglais sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I le haghaidh earraí piriteicniúla a ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a chumhdach.

2.Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 tar éis dul i gcomhairle leis na saineolaithe earnála agus i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(3) agus tá feidhm acu maidir le hearraí piriteicniúla a chuirtear ar an margadh go dtí an lá deireanach den tréimhse a mbeidh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair gníomhach lena linn. Le linn luathullmhúchán an dréachtghnímh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann, baileoidh an Coimisiún tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha nó na ngrúpaí saineolaithe ábhartha arna mbunú faoi reachtaíocht earnála ábhartha an Aontais. Bunaithe ar an gcomhairliúchán sin, ullmhóidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme.

3.De mhaolú ar Airteagal 42a(3), an chéad fhomhír, mura bhfuil cúis leordhóthanach ann lena chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine leis na hearraí piriteicniúla a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna éigeantacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, na hearraí piriteicniúla atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna sin agus a cuireadh ar an margadh, measfar go mbeidh siad i gcomhréir leis an Treoir seo tar éis dul in éag nó aisghairm gnímh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus tar éis dhul in éag nó dhíghníomhachtú mhodh Éigeandála an Mhargaidh Aonair i gcomhréir le [Rialachán SMEI].

Airteagal 42g 
Tosaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí faireachais margaidh agus do chúnamh frithpháirteach i measc na núdarás

1.Tabharfaidh na Ballstáit tosaíocht do na gníomhaíochtaí faireachais margaidh maidir le hearraí piriteicniúla, a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime.

2.Déanfaidh údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát a ndícheall chun cúnamh a chur ar fáil d’údaráis faireachais margaidh eile le linn éigeandála sa Mhargadh Aonair, lena náirítear trí fhoirne saineolaithe a shlógadh agus a sheoladh chun foireann na núdarás faireachais margaidh a iarrann cúnamh a threisiú ar bhonn sealadach nó trí thacaíocht lóistíochta a sholáthar amhail atreisiú na hacmhainne tástála le haghaidh earraí piriteicniúla, a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime.’

Airteagal 5
Leasuithe ar Threoir 2014/28/AE

I dTreoir 2014/28/AE, cuirtear an tAirteagal 6a seo a leanas isteach:

‘CAIBIDIL 6a 
NÓSANNA IMEACHTA ÉIGEANDÁLA

Airteagal 45a 
Nósanna imeachta éigeandála a chur i bhfeidhm 

1.Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 45b go 45g den Treoir seo a thrasuí ach amháin más rud é gur ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 23 de [Rialachán SMEI] lena ngníomhachtaítear Airteagal 26 de [Rialachán SMEI] i ndáil leis an Treoir seo.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 45b go 45g a thrasuí go heisiach maidir le pléascáin, a ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 45b go 45g a thrasuí le linn mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 45c(2), an dara fomhír, agus ag Airteagal 45c(5) le linn mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair agus tar éis é a dhíghníomhachtú nó tar éis dó dul in éag.

4.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún rialacha a leagan síos trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na gníomhaíochtaí leantacha atá le déanamh i ndáil le pléascáin a chuirtear ar an margadh i gcomhréir le hAirteagail 45c go 45f. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(3).

Airteagal 45b
Tosaíocht a thabhairt don mheasúnú comhréireachta ar phléascáin atá ábhartha i gcás géarchéime

1.Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na pléascáin uile a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, atá faoi réir nósanna imeachta um measúnú comhréireachta i gcomhréir le hAirteagal 20, lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra.

2.Próiseálfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra gach iarratas ar mheasúnú comhréireachta ar phléascáin a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime mar ábhar tosaíochta.

3.Déanfar gach iarratas atá ar feitheamh ar mheasúnú comhréireachta ar phléascáin den sórt sin a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a phróiseáil mar ábhar tosaíochta, roimh aon iarratas eile ar threalamh nár ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime. Tá feidhm ag an gceanglas sin maidir leis na hiarratais uile ar mheasúnú comhréireachta ar phléascáin a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, is cuma cé acu roimh ghníomhachtú na nósanna imeachta éigeandála de bhun Airteagal 45a nó ina dhiaidh sin a taisceadh iad.

4.Ní bheidh aon chostas breise ar na monaróirí, a thaisc na hiarratais sin, mar thoradh ar thosaíocht a thabhairt d’iarratais ar mheasúnú comhréireachta ar phléascáin de bhun mhír 3.

5.Déanfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra a ndícheall chun a nacmhainní tástála a mhéadú i ndáil le pléascáin a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus ar tugadh fógra dóibh ina leith.

Airteagal 45c 
Maolú ar na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra

1.De mhaolú ar Airteagal 20, féadfaidh aon údarás inniúil náisiúnta, ar iarratas a bhfuil údar cuí leis, a údarú go gcuirfear ar an margadh laistigh de chríoch an Bhallstáit lena mbaineann pléascán sonrach a ainmníodh mar earra atá ábhartha i gcás géarchéime agus nach bhfuil na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra dá dtagraítear san Airteagal 20 sin curtha i gcrích ina leith ag comhlacht faoina dtugtar fógra, ach ar léiríodh ina leith go gcomhlíonann sé na buncheanglais sábháilteachta uile is infheidhme.

2.Dearbhóidh monaróir pléascáin atá faoi réir an nós imeachta um údarú dá dtagraítear i mír 1, dá fhreagracht féin, go gcomhlíonann an pléascán lena mbaineann na buncheanglais sábháilteachta uile is infheidhme agus beidh sé freagrach as na nósanna imeachta uile um measúnú comhréireachta arna sonrú ag an údarás inniúil náisiúnta a chomhlíonadh.

Déanfaidh an monaróir gach beart réasúnta a úsáid freisin chun a áirithiú nach bhfágfaidh an pléascán, ar deonaíodh údarú dó de bhun mhír 1, críoch an Bhallstáit a dheonaigh an t‑údarú.

3.Aon údarú arna eisiúint ag údarás inniúil náisiúnta de bhun mhír 1, leagfar amach ann na coinníollacha agus na ceanglais faoina bhféadfar an pléascán a chur ar an margadh, lena náirítear:

(a)tuairisc ar na nósanna imeachta, trínar léiríodh go rathúil go gcomhlíontar na buncheanglais sábháilteachta is infheidhme atá sa Treoir seo;

(b)ceanglais shonracha maidir le hinrianaitheacht an phléascáin lena mbaineann;

(c)dáta deiridh bhailíocht an údaraithe, nach féidir a bheith níos déanaí ná an lá deireanach den tréimhse ar ghníomhachtaíodh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair ina leith;

(d)aon cheanglas sonrach maidir leis an ngá atá ann an measúnú comhréireachta leanúnach a áirithiú i ndáil leis an bpléascán lena mbaineann;

(e)bearta atá le déanamh maidir leis an bpléascán lena mbaineann ar dhul in éag don údarú chun a áirithiú go ndéanfar an pléascán lena mbaineann a thabhairt ar ais i gcomhréir le ceanglais uile na Treorach seo.

4.De mhaolú ar Airteagal 45a(3), an chéad fhomhír, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh an túdarás inniúil náisiúnta leasú a dhéanamh ar choinníollacha an údaraithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, tar éis dhíghníomhachtú nó dhul in éag mhodh Éigeandála an Mhargaidh Aonair freisin.

5.De mhaolú ar Airteagail 3 agus 23, pléascáin ar deonaíodh údarú ina leith i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, ní fhágfaidh siad críoch an Bhallstáit a d’eisigh an túdarú agus ní bheidh marcáil CE orthu.

6.Beidh údaráis um fhaireachas margaidh an Bhallstáit, ar dheonaigh a údarás inniúil údarú de bhun mhír 1, i dteideal gach beart ceartaitheach agus sriantach a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta dá bhforáiltear faoin Treoir seo maidir le pléascáin den sórt sin.

7.Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon chinneadh chun údarú a thabhairt maidir le pléascán a chur ar an margadh i gcomhréir le mír 1.

8.Le cur i bhfeidhm Airteagail 45a go 45g agus le húsáid an nós imeachta um údarú a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, ní dhéantar difear do chur i bhfeidhm na nósanna imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 20 ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann.

Airteagal 45d 
Toimhde comhréireachta bunaithe ar chaighdeáin náisiúnta agus idirnáisiúnta

(a)Déanfaidh na Ballstáit gach beart is iomchuí chun a áirithiú, chun críocha cur ar an margadh, go measfaidh a núdaráis inniúla, maidir leis na pléascáin a chomhlíonann na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta nó aon chaighdeán náisiúnta atá i bhfeidhm sa Bhallstát ina monaraítear na pléascáin, lena náirithítear an leibhéal sábháilteachta a cheanglaítear leis na buncheanglais sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, go gcomhlíonann siad na buncheanglais sábháilteachta sin i gceachtar de na cásanna seo a leanas:

(a)i gcás nach bhfoilsítear aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais sábháilteachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(b)i gcás ina gcuireann suaitheadh tromchúiseach i bhfeidhmiú an Mhargaidh Aonair, a cuireadh san áireamh agus modh éigeandála an Mhargaidh Aonair á ghníomhachtú i gcomhréir le hAirteagal 15(4) de [Rialachán SMEI], srian suntasach ar na féidearthachtaí atá ag monaróirí úsáid a bhaint as na caighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo agus a foilsíodh cheana in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

Airteagal 45e 
Sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh lena mbronntar toimhde comhréireachta

1.I gcás inar ainmníodh pléascáin mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh le haghaidh na bpléascán sin lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna chun na buncheanglais sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a chumhdach, i gceachtar de na cásanna seo a leanas:

(a)i gcás nár foilsíodh aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais sábháilteachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(b)i gcás ina gcuireann suaitheadh tromchúiseach i bhfeidhmiú an Mhargaidh Aonair, a raibh gníomhachtú mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair mar thoradh air, srian suntasach ar na féidearthachtaí atá ag monaróirí úsáid a bhaint as na caighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais sábháilteachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a foilsíodh cheana in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

2.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh tar éis dul i gcomhairle leis na saineolaithe earnála agus i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(3). Beidh feidhm acu maidir le pléascáin a chuirtear ar an margadh go dtí an lá deireanach den tréimhse a mbeidh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair infheidhme lena linn i gcomhréir le [Rialachán SMEI]. Le linn luathullmhúchán an dréachtghnímh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann, baileoidh an Coimisiún tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha nó na ngrúpaí saineolaithe ábhartha arna mbunú faoi reachtaíocht earnála ábhartha an Aontais. Bunaithe ar an gcomhairliúchán sin, ullmhóidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme.

3.Gan dochar d’Airteagal 19, toimhdeofar go bhfuil pléascáin atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna a glacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo i gcomhréir leis na buncheanglais sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna sin nó le codanna díobh.

4.De mhaolú ar Airteagal 45a(3), an chéad fhomhír, mura bhfuil cúis leordhóthanach ann lena chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine leis na pléascáin a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, na pléascáin atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna sin agus a cuireadh ar an margadh, measfar go mbeidh siad i gcomhréir leis an Treoir seo tar éis dul in éag nó aisghairm gnímh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 2 agus tar éis dhul in éag nó dhíghníomhachtú mhodh Éigeandála an Mhargaidh Aonair i gcomhréir le [Rialachán SMEI

5.Nuair a mheasann Ballstát nach gcomhlíonann sonraíocht choiteann dá dtagraítear i mír 1 na buncheanglais sábháilteachta go hiomlán a bhfuil sé d’aidhm acu a chumhdach agus atá leagtha amach in Iarscríbhinn II, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin le míniú mionsonraithe agus déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis sin agus, más iomchuí, leasóidh sé nó tarraingeoidh sé siar an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist.

Airteagal 45f 
Sonraíochtaí coiteanna éigeantacha a ghlacadh

1.I gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna éigeantacha chun na buncheanglais sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II le haghaidh pléascáin a ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a chumhdach.

2.Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 tar éis dul i gcomhairle leis na saineolaithe earnála agus i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(3) agus beidh feidhm acu maidir le pléascáin a chuirtear ar an margadh go dtí an lá deireanach den tréimhse a mbeidh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair gníomhach lena linn. Le linn luathullmhúchán an dréachtghnímh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann, baileoidh an Coimisiún tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha nó na ngrúpaí saineolaithe ábhartha arna mbunú faoi reachtaíocht earnála ábhartha an Aontais. Bunaithe ar an gcomhairliúchán sin, ullmhóidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme.

3.De mhaolú ar Airteagal 45a(3), an chéad fhomhír, mura bhfuil cúis leordhóthanach ann lena chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine leis na pléascáin a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna éigeantacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, na pléascáin atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna sin agus a cuireadh ar an margadh, measfar go mbeidh siad i gcomhréir leis an Treoir seo tar éis dul in éag nó aisghairm gnímh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus tar éis dhul in éag nó dhíghníomhachtú mhodh Éigeandála an Mhargaidh Aonair i gcomhréir le [Rialachán SMEI].

Airteagal 45g 
Tosaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí faireachais margaidh agus do chúnamh frithpháirteach i measc na núdarás

1.Tabharfaidh na Ballstáit tosaíocht do na gníomhaíochtaí faireachais margaidh maidir le pléascáin, a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime.

2.Déanfaidh údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát a ndícheall chun cúnamh a chur ar fáil d’údaráis faireachais margaidh eile le linn éigeandála sa Mhargadh Aonair, lena náirítear trí fhoirne saineolaithe a shlógadh agus a sheoladh chun foireann na núdarás faireachais margaidh a iarrann cúnamh a threisiú ar bhonn sealadach nó trí thacaíocht lóistíochta a sholáthar amhail atreisiú na hacmhainne tástála le haghaidh pléascán, a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime.’

Airteagal 6
Leasuithe ar Threoir 2014/29/AE

I dTreoir 2014/29/AE, cuirtear an Chaibidil 5a seo a leanas isteach:

CAIBIDIL 5a 
NÓSANNA IMEACHTA ÉIGEANDÁLA

Airteagal 38a 
Nósanna imeachta éigeandála a chur i bhfeidhm 

1.Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 38b go 38g den Treoir seo a thrasuí ach amháin más rud é gur ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 23 de [Rialachán SMEI] lena ngníomhachtaítear Airteagal 26 de [Rialachán SMEI] i ndáil leis an Treoir seo.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 38b go 38g a thrasuí go heisiach maidir le soithí, a ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime sa ghníomh cur chun feidhme ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 38b go 38g a thrasuí le linn mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 38c(2), an dara fomhír, agus ag Airteagal 38c(5) le linn mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair agus tar éis é a dhíghníomhachtú nó tar éis dó dul in éag.

4.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún rialacha a leagan síos trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na gníomhaíochtaí leantacha atá le déanamh i ndáil le soithí a chuirtear ar an margadh i gcomhréir le hAirteagail 38c go 38f. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(3).

Airteagal 38b 
Tosaíocht a thabhairt don mheasúnú comhréireachta ar shoithí atá ábhartha i gcás géarchéime

1.Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na soithí uile a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, atá faoi réir nósanna imeachta um measúnú comhréireachta i gcomhréir le hAirteagal 13, lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra.

2.Próiseálfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra gach iarratas ar mheasúnú comhréireachta ar shoithí a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime mar ábhar tosaíochta.

3.Déanfar gach iarratas atá ar feitheamh ar mheasúnú comhréireachta ar shoithí a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a phróiseáil mar ábhar tosaíochta, roimh aon iarratas eile ar mheasúnú comhréireachta ar threalamh nár ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime. Tá feidhm ag an gceanglas sin maidir leis na hiarratais uile ar mheasúnú comhréireachta ar shoithí a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, is cuma cé acu roimh ghníomhachtú na nósanna imeachta éigeandála de bhun Airteagal 38a nó ina dhiaidh sin a taisceadh iad.

4.Ní bheidh aon chostas breise ar na monaróirí, a thaisc na hiarratais sin, mar thoradh ar thosaíocht a thabhairt d’iarratais ar mheasúnú comhréireachta ar shoithí de bhun mhír 3.

5.Déanfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra a ndícheall chun a nacmhainní tástála a mhéadú i ndáil le soithí a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus ar tugadh fógra dóibh ina leith.

Airteagal 38c 
Maolú ar na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra

1.De mhaolú ar Airteagal 13, féadfaidh aon údarás inniúil náisiúnta, ar iarratas a bhfuil údar cuí leis, a údarú go gcuirfear ar an margadh nó go gcuirfear i seirbhís laistigh de chríoch an Bhallstáit lena mbaineann soitheach sonrach a ainmníodh mar earra atá ábhartha i gcás géarchéime agus nach bhfuil na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra dá dtagraítear in Airteagal 13 curtha i gcrích ina leith ag comhlacht faoina dtugtar fógra, ach ar léiríodh ina leith go gcomhlíonann sé na buncheanglais sábháilteachta uile is infheidhme.

2.Dearbhóidh monaróir soithigh atá faoi réir an nós imeachta um údarú dá dtagraítear i mír 1, dá fhreagracht féin, go gcomhlíonann an soitheach lena mbaineann na buncheanglais sábháilteachta uile is infheidhme agus beidh sé freagrach as na nósanna imeachta uile um measúnú comhréireachta arna sonrú ag an údarás inniúil náisiúnta a chomhlíonadh.

Déanfaidh an monaróir gach beart réasúnta a úsáid freisin chun a áirithiú nach bhfágfaidh an soitheach, ar deonaíodh údarú dó de bhun mhír 1, críoch an Bhallstáit a dheonaigh an t‑údarú.

3.Aon údarú arna eisiúint ag údarás inniúil náisiúnta de bhun mhír 1, leagfar amach leis na coinníollacha agus na ceanglais faoina bhféadfar an soitheach a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís, lena náirítear:

(a)tuairisc ar na nósanna imeachta, trínar léiríodh go rathúil go gcomhlíontar na buncheanglais sábháilteachta is infheidhme atá sa Treoir seo;

(b)ceanglais shonracha maidir le hinrianaitheacht an tsoithigh lena mbaineann;

(c)dáta deiridh bhailíocht an údaraithe, nach féidir a bheith níos déanaí ná an lá deireanach den tréimhse ar ghníomhachtaíodh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair ina leith;

(d)aon cheanglas sonrach maidir leis an ngá atá leis an measúnú comhréireachta leanúnach a áirithiú i ndáil leis an soitheach lena mbaineann;

(e)bearta atá le déanamh maidir leis an soitheach lena mbaineann ar dhul in éag don údarú chun a áirithiú go ndéanfar an soitheach lena mbaineann a thabhairt ar ais i gcomhréir le ceanglais uile na Treorach seo.

4.De mhaolú ar Airteagal 38a(3), an chéad fhomhír, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh an túdarás inniúil náisiúnta leasú a dhéanamh ar choinníollacha an údaraithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, tar éis dhíghníomhachtú nó dhul in éag mhodh Éigeandála an Mhargaidh Aonair freisin.

5.De mhaolú ar Airteagail 5 agus 16, soitheach ar deonaíodh údarú ina leith i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, ní fhágfaidh sé críoch an Bhallstáit a d’eisigh an túdarú agus ní bheidh marcáil agus iarscríbhinní CE air.

6.Beidh údaráis um fhaireachas margaidh an Bhallstáit, ar dheonaigh a údarás inniúil údarú de bhun mhír 1, i dteideal gach beart ceartaitheach agus sriantach a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta dá bhforáiltear faoin Treoir seo maidir le soithí den sórt sin.

7.Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon chinneadh chun údarú a thabhairt maidir le soitheach a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís i gcomhréir le mír 1.

8.Le cur i bhfeidhm Airteagail 38a go 38g agus le húsáid an nós imeachta um údarú a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, ní dhéantar difear do chur i bhfeidhm na nósanna imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 13 ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann.

Airteagal 38d 
Toimhde comhréireachta bunaithe ar chaighdeáin náisiúnta agus idirnáisiúnta

Déanfaidh na Ballstáit gach beart is iomchuí chun a áirithiú, chun críocha cur ar an margadh nó cur i seirbhís, go measfaidh a n‑údaráis inniúla, maidir leis na soithí a chomhlíonann na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta nó aon chaighdeán náisiúnta atá i bhfeidhm sa Bhallstát ina monaraítear na soithí, lena n‑áirithítear leibhéal sábháilteachta a cheanglaítear leis na buncheanglais sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I, go gcomhlíonann siad na buncheanglais sábháilteachta sin i gceachtar de na cásanna seo a leanas:

(a)i gcás nach bhfoilsítear aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais sábháilteachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(b)i gcás ina gcuireann suaitheadh tromchúiseach i bhfeidhmiú an Mhargaidh Aonair, a cuireadh san áireamh agus modh éigeandála an Mhargaidh Aonair á ghníomhachtú i gcomhréir le hAirteagal 15(4) de [Rialachán SMEI], srian suntasach ar na féidearthachtaí atá ag monaróirí úsáid a bhaint as na caighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais sábháilteachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo agus a foilsíodh cheana in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

Airteagal 38e 
Sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh lena mbronntar toimhde comhréireachta

1.I gcás inar ainmníodh soithí mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh le haghaidh na soithí sin lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna chun na buncheanglais sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chumhdach, i gceachtar de na cásanna seo a leanas:

(a)i gcás nár foilsíodh aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais sábháilteachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(b)i gcás ina gcuireann an suaitheadh tromchúiseach i bhfeidhmiú an Mhargaidh Aonair, a raibh gníomhachtú mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair i gcomhréir le hAirteagal 15(4) de [Rialachán SMEI] mar thoradh air, srian suntasach ar na féidearthachtaí atá ag monaróirí úsáid a bhaint as na caighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais sábháilteachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo a foilsíodh cheana in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

2.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh tar éis dul i gcomhairle leis na saineolaithe earnála agus i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(3). Beidh feidhm acu maidir le soithí a chuirtear ar an margadh go dtí an lá deireanach den tréimhse a mbeidh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair gníomhach lena linn i gcomhréir le hAirteagal 15(4) de [Rialachán SMEI]. Le linn luathullmhúchán an dréachtghnímh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann, baileoidh an Coimisiún tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha nó na ngrúpaí saineolaithe ábhartha arna mbunú faoi reachtaíocht earnála ábhartha an Aontais. Bunaithe ar an gcomhairliúchán sin, ullmhóidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme.

3.Gan dochar d’Airteagal 12, toimhdeofar go bhfuil soithí atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna a glacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo i gcomhréir leis na buncheanglais sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna sin nó le codanna díobh.

4.De mhaolú ar Airteagal 38a(3), an chéad fhomhír, mura bhfuil cúis leordhóthanach ann lena chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine leis na soithí a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, na soithí atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna sin agus a cuireadh ar an margadh, measfar go mbeidh siad i gcomhréir leis an Treoir seo tar éis dul in éag nó aisghairm gnímh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus tar éis dhul in éag nó dhíghníomhachtú mhodh Éigeandála an Mhargaidh Aonair i gcomhréir le [Rialachán SMEI].

5.Nuair a mheasann Ballstát nach gcomhlíonann sonraíocht choiteann dá dtagraítear i mír 1 na buncheanglais sábháilteachta go hiomlán a bhfuil sé d’aidhm acu a chumhdach agus atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin le míniú mionsonraithe agus déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis sin agus, más iomchuí, leasóidh sé nó tarraingeoidh sé siar an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist.

Airteagal 38f 
Sonraíochtaí coiteanna éigeantacha a ghlacadh

1.I gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna éigeantacha chun na buncheanglais sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I le haghaidh soithí a ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a chumhdach.

2.Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 tar éis dul i gcomhairle leis na saineolaithe earnála agus i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(3) agus beidh feidhm acu maidir le soithí a chuirtear ar an margadh go dtí an lá deireanach den tréimhse a mbeidh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair gníomhach lena linn. Le linn luathullmhúchán an dréachtghnímh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann, baileoidh an Coimisiún tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha nó na ngrúpaí saineolaithe ábhartha arna mbunú faoi reachtaíocht earnála ábhartha an Aontais. Bunaithe ar an gcomhairliúchán sin, ullmhóidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme.

3.De mhaolú ar Airteagal 38a(3), an chéad fhomhír, mura bhfuil cúis leordhóthanach ann lena chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine leis na soithí a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, na soithí atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna sin agus a cuireadh ar an margadh, measfar go mbeidh siad i gcomhréir leis an Treoir seo tar éis dul in éag nó aisghairm gnímh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus tar éis dhul in éag nó dhíghníomhachtú mhodh Éigeandála an Mhargaidh Aonair i gcomhréir le [Rialachán SMEI].

Airteagal 38g 
Tosaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí faireachais margaidh agus do chúnamh frithpháirteach i measc na núdarás

1.Tabharfaidh na Ballstáit tosaíocht do na gníomhaíochtaí faireachais margaidh maidir le soithí, a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime.

2.Déanfaidh údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát a ndícheall chun cúnamh a chur ar fáil d’údaráis faireachais margaidh eile le linn éigeandála sa Mhargadh Aonair, lena náirítear trí fhoirne saineolaithe a shlógadh agus a sheoladh chun foireann na núdarás faireachais margaidh a iarrann cúnamh a threisiú ar bhonn sealadach nó trí thacaíocht lóistíochta a sholáthar amhail atreisiú na hacmhainne tástála le haghaidh soithí, a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime.’

Airteagal 7
Leasuithe ar Threoir 2014/30/AE

Leasaítear Treoir 2014/30/AE mar a leanas:

cuirtear isteach an Chaibidil 5a seo a leanas:

‘CAIBIDIL 5a 
NÓSANNA IMEACHTA ÉIGEANDÁLA

Airteagal 40a 
Nósanna imeachta éigeandála a chur i bhfeidhm 

1.Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 40b go 40g den Treoir seo a thrasuí ach amháin más rud é gur ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 23 de [Rialachán SMEI] lena ngníomhachtaítear Airteagal 26 de [Rialachán SMEI] i ndáil leis an Treoir seo.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 40b go 40g a thrasuí go heisiach maidir le gairis, a ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 40b go 40g a thrasuí le linn mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair.

4.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún rialacha a leagan síos trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na gníomhaíochtaí leantacha atá le déanamh i ndáil le gairis a chuirtear ar an margadh i gcomhréir le hAirteagail 40c go 40f. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 41(2a).

Airteagal 40b
Tosaíocht a thabhairt don mheasúnú comhréireachta ar ghairis atá ábhartha i gcás géarchéime

1.Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le gairis a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, atá faoi réir nósanna imeachta um measúnú comhréireachta i gcomhréir le hAirteagal 14, lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra.

2.Próiseálfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra gach iarratas ar mheasúnú comhréireachta ar ghairis a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime mar ábhar tosaíochta.

3.Déanfar gach iarratas atá ar feitheamh ar mheasúnú comhréireachta ar ghairis a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a phróiseáil mar ábhar tosaíochta, roimh aon iarratas eile ar threalamh nár ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime. Tá feidhm ag an gceanglas sin maidir leis na hiarratais uile ar mheasúnú comhréireachta ar ghairis a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, is cuma cé acu roimh ghníomhachtú na nósanna imeachta éigeandála de bhun Airteagal 40a nó ina dhiaidh sin a taisceadh iad.

4.Ní bheidh aon chostas breise ar na monaróirí, a thaisc na hiarratais sin, mar thoradh ar thosaíocht a thabhairt d’iarratais ar mheasúnú comhréireachta ar ghairis de bhun mhír 3.

5.Déanfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra a ndícheall chun a nacmhainní tástála a mhéadú i ndáil le gairis a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus ar tugadh fógra dóibh ina leith.

Airteagal 40c 
Maolú ar na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra

1.De mhaolú ar Airteagal 14, féadfaidh aon údarás inniúil náisiúnta, ar iarratas a bhfuil údar cuí leis, a údarú go gcuirfear ar an margadh nó go gcuirfear i seirbhís laistigh de chríoch an Bhallstáit lena mbaineann gaireas sonrach a ainmníodh mar earra atá ábhartha i gcás géarchéime agus nach bhfuil na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra dá dtagraítear in Airteagal 14 curtha i gcrích ina leith ag comhlacht faoina dtugtar fógra, ach ar léiríodh ina leith go gcomhlíonann sé na buncheanglais sábháilteachta uile is infheidhme.

2.Dearbhóidh monaróir gairis atá faoi réir an nós imeachta um údarú dá dtagraítear i mír 1, dá fhreagracht féin, go gcomhlíonann an gaireas lena mbaineann na buncheanglais sábháilteachta uile is infheidhme agus beidh sé freagrach as na nósanna imeachta uile um measúnú comhréireachta arna sonrú ag an údarás inniúil náisiúnta a chomhlíonadh.

Déanfaidh an monaróir gach beart réasúnta a úsáid freisin chun a áirithiú nach bhfágfaidh an gaireas, ar deonaíodh údarú dó de bhun mhír 1, críoch an Bhallstáit a dheonaigh an t‑údarú.

3.Aon údarú arna eisiúint ag údarás inniúil náisiúnta de bhun mhír 1, leagfar amach ann na coinníollacha agus na ceanglais faoina bhféadfar an gaireas a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís, lena náirítear:

(a)tuairisc ar na nósanna imeachta, trínar léiríodh go rathúil go gcomhlíontar na buncheanglais sábháilteachta is infheidhme atá sa Treoir seo;

(b)ceanglais shonracha maidir le hinrianaitheacht an ghairis lena mbaineann;

(c)dáta deiridh bhailíocht an údaraithe, nach féidir a bheith níos déanaí ná an lá deireanach den tréimhse ar ghníomhachtaíodh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair ina leith;

(d)aon cheanglas sonrach maidir leis an ngá atá leis an measúnú comhréireachta leanúnach a áirithiú i ndáil leis an ngaireas lena mbaineann;

(e)bearta atá le déanamh maidir leis an ngaireas lena mbaineann ar dhul in éag don údarú chun a áirithiú go ndéanfar an gaireas lena mbaineann a thabhairt ar ais i gcomhréir le ceanglais uile na Treorach seo.

4.De mhaolú ar Airteagal 40a(3), an chéad fhomhír, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh an túdarás inniúil náisiúnta leasú a dhéanamh ar choinníollacha an údaraithe dá dtagraítear i mír 3, tar éis dhíghníomhachtú nó dhul in éag mhodh Éigeandála an Mhargaidh Aonair freisin.

5.De mhaolú ar Airteagail 5 agus 17, gairis ar deonaíodh údarú ina leith i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, ní fhágfaidh siad críoch an Bhallstáit a d’eisigh an túdarú agus ní bheidh marcáil CE orthu.

6.Beidh údaráis um fhaireachas margaidh an Bhallstáit, ar dheonaigh a údarás inniúil údarú de bhun mhír 1, i dteideal gach beart ceartaitheach agus sriantach a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta dá bhforáiltear faoin Treoir seo maidir le gairis den sórt sin.

7.Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon chinneadh chun údarú a thabhairt maidir le gairis a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís i gcomhréir le mír 1.

8.Le cur i bhfeidhm Airteagail 40a go 40g agus le húsáid an nós imeachta um údarú a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, ní dhéantar difear do chur i bhfeidhm na nósanna imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 14 ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann.

Airteagal 40d 
Toimhde comhréireachta bunaithe ar chaighdeáin náisiúnta agus idirnáisiúnta

Déanfaidh na Ballstáit gach beart is iomchuí chun a áirithiú, chun críocha cur ar an margadh nó cur i seirbhís, go measfaidh a n‑údaráis inniúla, maidir le gairis a chomhlíonann na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta nó aon chaighdeán náisiúnta atá i bhfeidhm sa Bhallstát ina monaraítear na gairis, lena n‑áirithítear leibhéal sábháilteachta a cheanglaítear leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I, go gcomhlíonann siad na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta sin i gceachtar de na cásanna seo a leanas:

(a)i gcás nach bhfoilsítear aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 nó

(b)i gcás ina gcuireann suaitheadh tromchúiseach i bhfeidhmiú an Mhargaidh Aonair, a cuireadh san áireamh agus modh éigeandála an Mhargaidh Aonair á ghníomhachtú i gcomhréir le hAirteagal 15(4) de [Rialachán SMEI], srian suntasach ar na féidearthachtaí atá ag monaróirí úsáid a bhaint as na caighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo agus a foilsíodh cheana in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

Airteagal 40e 
Sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh lena mbronntar toimhde comhréireachta

1.I gcás inar ainmníodh gairis mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh le haghaidh na ngaireas sin lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna chun na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chumhdach, i gceachtar de na cásanna seo a leanas:

(a)i gcás nár foilsíodh aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais sábháilteachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(b)i gcás ina gcuireann suaitheadh tromchúiseach i bhfeidhmiú an Mhargaidh Aonair, a raibh gníomhachtú mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair mar thoradh air, srian suntasach ar na féidearthachtaí atá ag monaróirí úsáid a bhaint as na caighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo a foilsíodh cheana in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

2.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh tar éis dul i gcomhairle leis na saineolaithe earnála agus i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 41(2a). Beidh feidhm acu maidir le gairis a chuirtear ar an margadh go dtí an lá deireanach den tréimhse a mbeidh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair gníomhach lena linn. Le linn luathullmhúchán an dréachtghnímh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann, baileoidh an Coimisiún tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha nó na ngrúpaí saineolaithe ábhartha arna mbunú faoi reachtaíocht earnála ábhartha an Aontais. Bunaithe ar an gcomhairliúchán sin, ullmhóidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme.

3.Gan dochar d’Airteagal 13, toimhdeofar go bhfuil gairis atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna a glacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo i gcomhréir leis na buncheanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna sin nó le codanna díobh.

4.De mhaolú ar Airteagal 40a(3), an chéad fhomhír, mura bhfuil cúis leordhóthanach ann lena chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine leis na gairis a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, na gairis atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna sin agus a cuireadh ar an margadh, measfar go mbeidh siad i gcomhréir leis an Treoir seo tar éis dul in éag nó aisghairm gnímh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus tar éis dhul in éag nó dhíghníomhachtú mhodh Éigeandála an Mhargaidh Aonair i gcomhréir le [Rialachán SMEI].

5.Nuair a mheasann Ballstát nach gcomhlíonann sonraíocht choiteann dá dtagraítear i mír 1 na buncheanglais sábháilteachta go hiomlán a bhfuil sé d’aidhm acu a chumhdach agus atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin le míniú mionsonraithe agus déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis sin agus, más iomchuí, leasóidh sé nó tarraingeoidh sé siar an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist.

Airteagal 40f 
Sonraíochtaí coiteanna éigeantacha a ghlacadh

1.I gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna éigeantacha chun na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I le haghaidh gairis a ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a chumhdach.

2.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh tar éis dul i gcomhairle leis na saineolaithe earnála agus i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 41(2a). Beidh feidhm acu maidir le gairis a chuirtear ar an margadh go dtí an lá deireanach den tréimhse a mbeidh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair gníomhach lena linn. Le linn luathullmhúchán an dréachtghnímh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann, baileoidh an Coimisiún tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha nó na ngrúpaí saineolaithe ábhartha arna mbunú faoi reachtaíocht earnála ábhartha an Aontais. Bunaithe ar an gcomhairliúchán sin, ullmhóidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme.

3.De mhaolú ar Airteagal 40a(3), an chéad fhomhír, mura bhfuil cúis leordhóthanach ann lena chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine leis na gairis a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna éigeantacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, na gairis atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna sin agus a cuireadh ar an margadh, measfar go mbeidh siad i gcomhréir leis an Treoir seo tar éis dul in éag nó aisghairm gnímh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus tar éis dhul in éag nó dhíghníomhachtú mhodh Éigeandála an Mhargaidh Aonair i gcomhréir le [Rialachán SMEI].

Airteagal 40g 
Tosaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí faireachais margaidh agus do chúnamh frithpháirteach i measc na núdarás

1.Tabharfaidh na Ballstáit tosaíocht do na gníomhaíochtaí faireachais margaidh maidir le gairis, a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime.

2.Déanfaidh údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát a ndícheall chun cúnamh a chur ar fáil d’údaráis faireachais margaidh eile le linn éigeandála sa Mhargadh Aonair, lena náirítear trí fhoirne saineolaithe a shlógadh agus a sheoladh chun foireann na núdarás faireachais margaidh a iarrann cúnamh a threisiú ar bhonn sealadach nó trí thacaíocht lóistíochta a sholáthar amhail atreisiú na hacmhainne tástála le haghaidh gaireas, a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime.’

3.in Airteagal 41, cuirtear isteach an mhír 2a seo a leanas:

2a. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 8
Leasuithe ar Threoir 2014/31/AE

I dTreoir 2014/31/AE, cuirtear an tAirteagal 5a seo a leanas isteach:

‘CAIBIDIL 5a 
NÓSANNA IMEACHTA ÉIGEANDÁLA

Airteagal 40a 
Nósanna imeachta éigeandála a chur i bhfeidhm 
agus a ndíghníomhachtú

1.Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 40b go 40g den Treoir seo a thrasuí ach amháin más rud é gur ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 23 de [Rialachán SMEI] lena ngníomhachtaítear Airteagal 26 de [Rialachán SMEI] i ndáil leis an Treoir seo.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 40b go 40g a thrasuí go heisiach maidir le huirlisí, a ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 40b go 40g a thrasuí le linn mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 40c(2), an dara fomhír, agus ag Airteagal 40c(5) le linn mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair agus tar éis é a dhíghníomhachtú nó tar éis dó dul in éag.

4.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún rialacha a leagan síos trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na gníomhaíochtaí leantacha atá le déanamh i ndáil le huirlisí a chuirtear ar an margadh i gcomhréir le hAirteagail 40c go 40f. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 41(3).

Airteagal 40b 
Tosaíocht a thabhairt don mheasúnú comhréireachta ar uirlisí atá ábhartha i gcás géarchéime

1.Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le huirlisí a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, atá faoi réir nósanna imeachta um measúnú comhréireachta i gcomhréir le hAirteagal 13, lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra.

2.Próiseálfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra gach iarratas ar mheasúnú comhréireachta ar uirlisí a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime mar ábhar tosaíochta.

3.Déanfar gach iarratas atá ar feitheamh ar mheasúnú comhréireachta ar uirlisí den sórt sin a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a phróiseáil mar ábhar tosaíochta, roimh aon iarratas eile ar mheasúnú comhréireachta ar uirlisí nár ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime. Tá feidhm ag an gceanglas sin maidir leis na hiarratais uile ar mheasúnú comhréireachta ar uirlisí a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, is cuma cé acu roimh ghníomhachtú na nósanna imeachta éigeandála de bhun Airteagal 40a nó ina dhiaidh sin a taisceadh iad.

4.Ní bheidh aon chostas breise ar na monaróirí, a thaisc na hiarratais sin, mar thoradh ar thosaíocht a thabhairt d’iarratais ar mheasúnú comhréireachta ar uirlisí de bhun mhír 2 agus 3.

5.Déanfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra a ndícheall chun a nacmhainní tástála a mhéadú i ndáil le huirlisí a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus ar tugadh fógra dóibh ina leith.

Airteagal 40c 
Maolú ar na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra

1.De mhaolú ar Airteagal 13, féadfaidh aon údarás inniúil náisiúnta, ar iarratas a bhfuil údar cuí leis, a údarú go gcuirfear ar an margadh laistigh de chríoch an Bhallstáit lena mbaineann uirlis shonrach a ainmníodh mar earra atá ábhartha i gcás géarchéime agus nach bhfuil na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra dá dtagraítear in Airteagal 13 curtha i gcrích ina leith ag comhlacht faoina dtugtar fógra, ach ar léiríodh ina leith go gcomhlíonann sí na buncheanglais uile is infheidhme.

2.Dearbhóidh monaróir uirlise atá faoi réir an nós imeachta um údarú dá dtagraítear i mír 1, dá fhreagracht féin, go gcomhlíonann an uirlis lena mbaineann na buncheanglais uile is infheidhme agus beidh sé freagrach as na nósanna imeachta uile um measúnú comhréireachta arna sonrú ag an údarás inniúil náisiúnta a chomhlíonadh.

Déanfaidh an monaróir gach beart réasúnta a úsáid freisin chun a áirithiú nach bhfágfaidh an uirlis, ar deonaíodh údarú di de bhun mhír 1, críoch an Bhallstáit a dheonaigh an t‑údarú.

3.Aon údarú arna eisiúint ag údarás inniúil náisiúnta de bhun mhír 1, leagfar amach ann na coinníollacha agus na ceanglais faoina bhféadfar an uirlis a chur ar an margadh, lena náirítear:

(a)tuairisc ar na nósanna imeachta, trínar léiríodh go rathúil go gcomhlíontar na buncheanglais is infheidhme atá sa Treoir seo;

(b)ceanglais shonracha maidir le hinrianaitheacht na huirlise lena mbaineann;

(c)dáta deiridh bhailíocht an údaraithe, nach féidir a bheith níos déanaí ná an lá deireanach den tréimhse ar ghníomhachtaíodh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair ina leith;

(d)aon cheanglas sonrach maidir leis an ngá atá leis an measúnú comhréireachta leanúnach a áirithiú i ndáil leis an uirlis lena mbaineann;

(e)bearta atá le déanamh maidir leis an uirlis lena mbaineann ar dhul in éag don údarú chun a áirithiú go ndéanfar an uirlis lena mbaineann a thabhairt ar ais i gcomhréir le ceanglais uile na Treorach seo.

4.De mhaolú ar Airteagal 40a(3), an chéad fhomhír, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh an túdarás inniúil náisiúnta leasú a dhéanamh ar choinníollacha an údaraithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, tar éis dhíghníomhachtú nó dhul in éag mhodh Éigeandála an Mhargaidh Aonair freisin.

5.De mhaolú ar Airteagail 5 agus 16, uirlisí ar deonaíodh údarú ina leith i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, ní fhágfaidh siad críoch an Bhallstáit a d’eisigh an túdarú agus ní bheidh marcáil agus iarscríbhinní CE orthu.

6.Beidh údaráis um fhaireachas margaidh an Bhallstáit, ar dheonaigh a údarás inniúil údarú de bhun mhír 1, i dteideal gach beart ceartaitheach agus sriantach a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta dá bhforáiltear faoin Treoir seo maidir le huirlisí den sórt sin.

7.Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon chinneadh chun údarú a thabhairt maidir le huirlis a chur ar an margadh i gcomhréir le mír 1.

8.Le cur i bhfeidhm Airteagail 40a go 40g agus le húsáid an nós imeachta um údarú a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, ní dhéantar difear do chur i bhfeidhm na nósanna imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 13 ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann.

Airteagal 40d 
Toimhde comhréireachta bunaithe ar chaighdeáin náisiúnta agus idirnáisiúnta

Déanfaidh na Ballstáit gach beart is iomchuí chun a áirithiú, chun críocha cur ar an margadh, go measfaidh a n‑údaráis inniúla, maidir leis na huirlisí a chomhlíonann na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta nó aon chaighdeán náisiúnta atá i bhfeidhm sa Bhallstát ina monaraítear na huirlisí, lena n‑áirithítear an leibhéal sábháilteachta atá coibhéiseach leis an leibhéal sábháilteachta a cheanglaítear leis na buncheanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I, go gcomhlíonann siad na buncheanglais sin i gceachtar de na cásanna seo a leanas:

(a)i gcás nach bhfoilsítear aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 nó

(b)i gcás ina gcuireann suaitheadh tromchúiseach i bhfeidhmiú an Mhargaidh Aonair, a cuireadh san áireamh agus modh éigeandála an Mhargaidh Aonair á ghníomhachtú i gcomhréir le hAirteagal 15(4) de [Rialachán SMEI], srian suntasach ar na féidearthachtaí atá ag monaróirí úsáid a bhaint as na caighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo a foilsíodh cheana in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

Airteagal 40e 
Sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh lena mbronntar toimhde comhréireachta

1.I gcás inar ainmníodh uirlisí mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i leith na nuirlisí sin lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna chun na buncheanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chumhdach i gceachtar de na cásanna seo a leanas:

(a)i gcás nár foilsíodh aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(b)i gcás ina gcuireann suaitheadh tromchúiseach i bhfeidhmiú an Mhargaidh Aonair, a raibh gníomhachtú mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair i gcomhréir le hAirteagal 15(4) de [Rialachán SMEI] mar thoradh air, srian suntasach ar na féidearthachtaí atá ag monaróirí úsáid a bhaint as na caighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo agus a foilsíodh cheana in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

2.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh tar éis dul i gcomhairle leis na saineolaithe earnála agus i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 41(3). Beidh feidhm acu maidir le huirlisí a chuirtear ar an margadh go dtí an lá deireanach den tréimhse a mbeidh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair gníomhach lena linn. Le linn luathullmhúchán an dréachtghnímh cur chun feidhme lena mbunaítear na sonraíochtaí coiteanna, baileoidh an Coimisiún tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha nó na ngrúpaí saineolaithe ábhartha arna mbunú faoi reachtaíocht earnála ábhartha an Aontais. Bunaithe ar an gcomhairliúchán sin, ullmhóidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme.

3.Gan dochar d’Airteagal 12, toimhdeofar go bhfuil uirlisí atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna a glacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo i gcomhréir leis na buncheanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna sin nó le codanna díobh.

4.De mhaolú ar Airteagal 40a(3), an chéad fhomhír, mura bhfuil cúis leordhóthanach ann lena chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine leis na huirlisí a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, na huirlisí atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna sin agus a cuireadh ar an margadh, measfar go mbeidh siad i gcomhréir leis an Treoir seo tar éis dul in éag nó aisghairm gnímh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus tar éis dhul in éag nó dhíghníomhachtú mhodh Éigeandála an Mhargaidh Aonair i gcomhréir le [Rialachán SMEI].

5.Nuair a mheasann Ballstát nach gcomhlíonann sonraíocht choiteann dá dtagraítear i mír 1 na buncheanglais go hiomlán a bhfuil sé d’aidhm acu a chumhdach agus atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin le míniú mionsonraithe agus déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis sin agus, más iomchuí, leasóidh sé nó tarraingeoidh sé siar an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist.

Airteagal 40f 
Sonraíochtaí coiteanna éigeantacha a ghlacadh

1.I gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna éigeantacha chun na buncheanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I le haghaidh uirlisí a ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a chumhdach.

2.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh tar éis dul i gcomhairle leis na saineolaithe earnála agus i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 41(3). Beidh feidhm acu maidir le huirlisí a chuirtear ar an margadh go dtí an lá deireanach den tréimhse a mbeidh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair gníomhach lena linn. Le linn luathullmhúchán an dréachtghnímh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann, baileoidh an Coimisiún tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha nó na ngrúpaí saineolaithe ábhartha arna mbunú faoi reachtaíocht earnála ábhartha an Aontais. Bunaithe ar an gcomhairliúchán sin, ullmhóidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme.

3.De mhaolú ar Airteagal 40a(3), an chéad fhomhír, mura bhfuil cúis leordhóthanach ann lena chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine leis na huirlisí a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, na huirlisí atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna sin agus a cuireadh ar an margadh, measfar go mbeidh siad i gcomhréir leis an Treoir seo tar éis dul in éag nó aisghairm gnímh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus tar éis dhul in éag nó dhíghníomhachtú mhodh Éigeandála an Mhargaidh Aonair i gcomhréir le [Rialachán SMEI].

Airteagal 40g 
Tosaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí faireachais margaidh agus do chúnamh frithpháirteach i measc na núdarás

1.Tabharfaidh na Ballstáit tosaíocht do na gníomhaíochtaí faireachais margaidh maidir le huirlisí, a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime.

2.Déanfaidh údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát a ndícheall chun cúnamh a chur ar fáil d’údaráis faireachais margaidh eile le linn éigeandála sa Mhargadh Aonair, lena náirítear trí fhoirne saineolaithe a shlógadh agus a sheoladh chun foireann na núdarás faireachais margaidh a iarrann cúnamh a threisiú ar bhonn sealadach nó trí thacaíocht lóistíochta a sholáthar amhail atreisiú na hacmhainne tástála le haghaidh uirlisí, a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime.’

Airteagal 9
Leasuithe ar Threoir 2014/32/AE

I dTreoir 2014/32/AE, cuirtear an tAirteagal 5a seo a leanas isteach:

‘CAIBIDIL 5a 
NÓSANNA IMEACHTA ÉIGEANDÁLA

Airteagal 45a 
Nósanna imeachta éigeandála a chur i bhfeidhm 
agus a ndíghníomhachtú

1.Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 45b go 45g den Treoir seo a thrasuí ach amháin más rud é gur ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 23 de [Rialachán SMEI] lena ngníomhachtaítear Airteagal 26 de [Rialachán SMEI] i ndáil leis an Treoir seo.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 45b go 45g a thrasuí go heisiach maidir le huirlisí tomhais, a ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 45b go 45g a thrasuí le linn mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 45c(2), an dara fomhír, agus ag Airteagal 45c(5) le linn mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair agus tar éis é a dhíghníomhachtú nó tar éis dó dul in éag.

4.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún rialacha a leagan síos trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na gníomhaíochtaí leantacha atá le déanamh i ndáil le huirlisí tomhais a chuirtear ar an margadh i gcomhréir le hAirteagail 45c go 45f. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 46(3).

Airteagal 45b 
Tosaíocht a thabhairt don mheasúnú comhréireachta ar uirlisí tomhais atá ábhartha i gcás géarchéime

1.Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na huirlisí tomhais uile a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, atá faoi réir nósanna imeachta um measúnú comhréireachta i gcomhréir le hAirteagal 17, lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra.

2.Próiseálfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra gach iarratas ar mheasúnú comhréireachta ar uirlisí tomhais a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime mar ábhar tosaíochta.

3.Déanfar gach iarratas atá ar feitheamh ar mheasúnú comhréireachta ar uirlisí tomhais den sórt sin a phróiseáil mar ábhar tosaíochta, roimh aon iarratas eile ar mheasúnú comhréireachta ar uirlisí tomhais nár ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime. Tá feidhm ag an gceanglas sin maidir leis na hiarratais uile ar mheasúnú comhréireachta ar uirlisí tomhais a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, is cuma cé acu roimh ghníomhachtú na nósanna imeachta éigeandála de bhun Airteagal 45a nó ina dhiaidh sin a taisceadh iad.

4.Ní bheidh aon chostas breise ar na monaróirí, a thaisc na hiarratais sin, mar thoradh ar thosaíocht a thabhairt d’iarratais ar mheasúnú comhréireachta ar uirlisí tomhais de bhun mhír 2 agus 3.

5.Déanfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra a ndícheall chun a nacmhainní tástála a mhéadú i ndáil le huirlisí tomhais a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus ar tugadh fógra dóibh ina leith.

Airteagal 45c 
Maolú ar na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra

1.De mhaolú ar Airteagal 17, féadfaidh aon údarás inniúil náisiúnta, ar iarratas a bhfuil údar cuí leis, a údarú go gcuirfear ar an margadh nó go gcuirfear in úsáid laistigh de chríoch an Bhallstáit lena mbaineann uirlis tomhais shonrach a ainmníodh mar earra atá ábhartha i gcás géarchéime agus nach bhfuil na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra dá dtagraítear in Airteagal 17 curtha i gcrích ina leith ag comhlacht faoina dtugtar fógra, ach ar léiríodh ina leith go gcomhlíonann sé na buncheanglais uile is infheidhme.

2.Dearbhóidh monaróir uirlise tomhais atá faoi réir an nós imeachta um údarú dá dtagraítear i mír 1, dá fhreagracht féin, go gcomhlíonann an uirlis tomhais lena mbaineann na buncheanglais uile is infheidhme agus beidh sé freagrach as na nósanna imeachta uile um measúnú comhréireachta arna sonrú ag an údarás inniúil náisiúnta a chomhlíonadh.

Déanfaidh an monaróir gach beart réasúnta a úsáid freisin chun a áirithiú nach bhfágfaidh an uirlis tomhais, ar deonaíodh údarú di de bhun mhír 1, críoch an Bhallstáit a dheonaigh an t‑údarú.

3.Aon údarú arna eisiúint ag údarás inniúil náisiúnta de bhun mhír 1, leagfar amach ann na coinníollacha agus na ceanglais faoina bhféadfar an uirlis tomhais a chur ar an margadh nó a chur in úsáid, lena náirítear:

(a)tuairisc ar na nósanna imeachta, trínar léiríodh go rathúil go gcomhlíontar na buncheanglais is infheidhme atá sa Treoir seo;

(b)ceanglais shonracha maidir le hinrianaitheacht an uirlis tomhais lena mbaineann;

(c)dáta deiridh bhailíocht an údaraithe, nach féidir a bheith níos déanaí ná an lá deireanach den tréimhse ar ghníomhachtaíodh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair ina leith;

(d)aon cheanglas sonrach maidir leis an ngá atá leis an measúnú comhréireachta leanúnach a áirithiú i ndáil leis an uirlis tomhais lena mbaineann;

(e)bearta atá le déanamh maidir leis an uirlis tomhais lena mbaineann ar dhul in éag don údarú chun a áirithiú go ndéanfar an uirlis tomhais lena mbaineann a thabhairt ar ais i gcomhréir le ceanglais uile na Treorach seo.

4.De mhaolú ar Airteagail 7 agus 20, uirlisí tomhais ar deonaíodh údarú ina leith i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, ní fhágfaidh siad críoch an Bhallstáit a d’eisigh an túdarú agus ní bheidh marcáil agus iarscríbhinní CE orthu.

5.Beidh údaráis um fhaireachas margaidh an Bhallstáit, ar dheonaigh a údarás inniúil údarú de bhun mhír 1, i dteideal gach beart ceartaitheach agus sriantach a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta dá bhforáiltear faoin Treoir seo maidir le huirlisí tomhais den sórt sin.

6.Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon chinneadh chun údarú a thabhairt maidir le huirlis tomhais a chur ar an margadh agus/nó a chur in úsáid i gcomhréir le mír 1.

7.Le cur i bhfeidhm Airteagail 45a go 45g agus le húsáid an nós imeachta um údarú a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, ní dhéantar difear do chur i bhfeidhm na nósanna imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 17 ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann.

Airteagal 45d 
Toimhde comhréireachta bunaithe ar chaighdeáin náisiúnta agus idirnáisiúnta

Sna cásanna seo a leanas:

Déanfaidh na Ballstáit gach beart is iomchuí chun a áirithiú, chun críocha cur ar an margadh nó cur in úsáid, go measfaidh a n‑údaráis inniúla, maidir leis na huirlisí tomhais a chomhlíonann na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta nó aon chaighdeán náisiúnta atá i bhfeidhm sa Bhallstát ina monaraítear na huirlisí tomhais, lena n‑áirithítear an leibhéal sábháilteachta a cheanglaítear leis na buncheanglais a leagtar amach sna hIarscríbhinní uirlis‑shonracha ábhartha, go gcomhlíonann siad na buncheanglais sin i gceachtar de na cásanna seo a leanas:

(a)i gcás nach bhfoilsítear aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus sna hIarscríbhinní uirlisshonracha ábhartha a ghabhann leis an Treoir seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(b)i gcás ina gcuireann suaitheadh tromchúiseach i bhfeidhmiú an Mhargaidh Aonair, a cuireadh san áireamh agus modh éigeandála an Mhargaidh Aonair á ghníomhachtú i gcomhréir le hAirteagal 15(4) de [Rialachán SMEI], srian suntasach ar na féidearthachtaí atá ag monaróirí úsáid a bhaint as na caighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus sna hIarscríbhinní uirlisshonracha ábhartha a ghabhann leis an Treoir seo agus a foilsíodh cheana in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

Airteagal 45e 
Sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh lena mbronntar toimhde comhréireachta

1.I gcás inar ainmníodh uirlisí tomhais mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna le haghaidh na nuirlisí tomhais sin chun na buncheanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus sna hIarscríbhinní uirlisshonracha ábhartha a chumhdach i gceachtar de na cásanna seo a leanas:

(a)i gcás nár foilsíodh aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus sna hIarscríbhinní uirlisshonracha ábhartha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(b)i gcás ina gcuireann an suaitheadh tromchúiseach i bhfeidhmiú an Mhargaidh Aonair, a raibh gníomhachtú mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair i gcomhréir le hAirteagal 15(4) de [Rialachán SMEI] mar thoradh air, srian suntasach ar na féidearthachtaí atá ag monaróirí úsáid a bhaint as na caighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus sna hIarscríbhinní uirlisshonracha ábhartha a ghabhann leis an Treoir seo agus a foilsíodh cheana in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

2.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh tar éis dul i gcomhairle leis na saineolaithe earnála agus i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 46(3). Beidh feidhm acu maidir le huirlisí tomhais a chuirtear ar an margadh go dtí an lá deireanach den tréimhse a mbeidh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair gníomhach lena linn. Le linn luathullmhúchán an dréachtghnímh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann, baileoidh an Coimisiún tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha nó na ngrúpaí saineolaithe ábhartha arna mbunú faoi reachtaíocht earnála ábhartha an Aontais. Bunaithe ar an gcomhairliúchán sin, ullmhóidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme.

3.Gan dochar d’Airteagal 14, toimhdeofar go bhfuil uirlisí tomhais atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna a glacadh de bhun mhír 2 i gcomhréir leis na buncheanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus sna hIarscríbhinní uirlisshonracha ábhartha a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna sin nó le codanna díobh.

4.De mhaolú ar Airteagal 45a(3), an chéad fhomhír, mura bhfuil cúis leordhóthanach ann lena chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine leis na huirlisí tomhais a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, na huirlisí tomhais atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna sin agus a cuireadh ar an margadh, measfar go mbeidh siad i gcomhréir leis an Treoir seo tar éis dul in éag nó aisghairm gnímh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus tar éis dhul in éag nó dhíghníomhachtú mhodh Éigeandála an Mhargaidh Aonair i gcomhréir le [Rialachán SMEI].

5.Nuair a mheasann Ballstát nach gcomhlíonann sonraíocht choiteann dá dtagraítear i mír 1 na buncheanglais go hiomlán a bhfuil sé d’aidhm acu a chumhdach agus atá leagtha amach in Iarscríbhinn I agus sna hIarscríbhinní uirlisshonracha ábhartha, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin le míniú mionsonraithe agus déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis sin agus, más iomchuí, leasóidh sé nó tarraingeoidh sé siar an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist.

Airteagal 45f 
Sonraíochtaí coiteanna éigeantacha a ghlacadh

1.I gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna éigeantacha chun na buncheanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus sna hIarscríbhinní uirlisshonracha ábhartha le haghaidh uirlisí tomhais a ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a chumhdach.

2.Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna éigeantacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo tar éis dul i gcomhairle leis na saineolaithe earnála agus i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 46(3). Beidh feidhm acu maidir le huirlisí tomhais a chuirtear ar an margadh go dtí an lá deireanach den tréimhse a mbeidh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair gníomhach lena linn. Le linn luathullmhúchán an dréachtghnímh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann, baileoidh an Coimisiún tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha nó na ngrúpaí saineolaithe ábhartha arna mbunú faoi reachtaíocht earnála ábhartha an Aontais. Bunaithe ar an gcomhairliúchán sin, ullmhóidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme.

3.De mhaolú ar Airteagal 45a(3), an chéad fhomhír, mura bhfuil cúis leordhóthanach ann lena chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine leis na huirlisí tomhais a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna éigeantacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, na huirlisí tomhais atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna sin agus a cuireadh ar an margadh, measfar go mbeidh siad i gcomhréir leis an Treoir seo tar éis dul in éag nó aisghairm gnímh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus tar éis dhul in éag nó dhíghníomhachtú mhodh Éigeandála an Mhargaidh Aonair i gcomhréir le [Rialachán SMEI].

Airteagal 45g 
Tosaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí faireachais margaidh agus do chúnamh frithpháirteach i measc na núdarás

1.Tabharfaidh na Ballstáit tosaíocht do na gníomhaíochtaí faireachais margaidh maidir le huirlisí tomhais, a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime.

2.Déanfaidh údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát a ndícheall chun cúnamh a chur ar fáil d’údaráis faireachais margaidh eile le linn éigeandála sa Mhargadh Aonair, lena náirítear trí fhoirne saineolaithe a shlógadh agus a sheoladh chun foireann na núdarás faireachais margaidh a iarrann cúnamh a threisiú ar bhonn sealadach nó trí thacaíocht lóistíochta a sholáthar amhail atreisiú na hacmhainne tástála le haghaidh uirlisí tomhais, a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime.’

Airteagal 10
Leasuithe ar Threoir 2014/33/AE

I dTreoir 2014/33/AE, cuirtear an Chaibidil Va seo a leanas isteach:

‘CAIBIDIL Va 
NÓSANNA IMEACHTA ÉIGEANDÁLA

Airteagal 41a 
Nósanna imeachta éigeandála a chur i bhfeidhm 

1.Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 41b go 41g den Treoir seo a thrasuí ach amháin más rud é gur ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 23 de [Rialachán SMEI] lena ngníomhachtaítear Airteagal 26 de [Rialachán SMEI] i ndáil leis an Treoir seo.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 41b go 41g a thrasuí go heisiach maidir le hardaitheoirí agus comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí, a ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 41b go 41g a thrasuí le linn mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 41c(3), an dara fomhír, agus ag Airteagal 41c(6) le linn mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair agus tar éis é a dhíghníomhachtú nó tar éis dó dul in éag.

4.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún rialacha a leagan síos trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na gníomhaíochtaí leantacha atá le déanamh i ndáil le hardaitheoirí agus comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí a chuirtear ar an margadh i gcomhréir le hAirteagail 41c go 41f. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(3).

Airteagal 41b 
Tosaíocht a thabhairt don mheasúnú comhréireachta ar ardaitheoirí agus comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí atá ábhartha i gcás géarchéime

1.Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na hardaitheoirí agus na comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí uile a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, atá faoi réir nósanna imeachta um measúnú comhréireachta i gcomhréir le hAirteagail 15 agus 16 lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra.

2.Próiseálfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra gach iarratas ar mheasúnú comhréireachta ar ardaitheoirí agus comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime mar ábhar tosaíochta.

3.Déanfar gach iarratas atá ar feitheamh ar mheasúnú comhréireachta ar hardaitheoirí den sórt sin agus ar chomhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí den sórt sin a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a phróiseáil mar ábhar tosaíochta, roimh aon iarratas eile ar mheasúnú comhréireachta ar ardaitheoirí agus comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí nár ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime. Tá feidhm ag an gceanglas sin maidir leis na hiarratais uile ar mheasúnú comhréireachta ar ardaitheoirí agus comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, is cuma cé acu roimh ghníomhachtú na nósanna imeachta éigeandála de bhun Airteagal 41a nó ina dhiaidh sin a taisceadh iad.

4.Ní bheidh aon chostas breise ar na monaróirí, a thaisc na hiarratais sin, mar thoradh ar thosaíocht a thabhairt d’iarratais ar mheasúnú comhréireachta ar ardaitheoirí agus comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí de bhun mhír 3.

5.Déanfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra a ndícheall chun a nacmhainní tástála a mhéadú i ndáil le hardaitheoirí agus comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus ar tugadh fógra dóibh ina leith.

Airteagal 41c 
Maolú ar na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra

1.De mhaolú ar Airteagal 15, féadfaidh aon údarás inniúil náisiúnta, ar iarratas a bhfuil údar cuí leis, a údarú go gcuirfear ar fáil nó go gcuirfear i seirbhís laistigh de chríoch an Bhallstáit lena mbaineann comhpháirt sábháilteachta shonrach le haghaidh ardaitheoirí a ainmníodh mar earra atá ábhartha i gcás géarchéime agus nach bhfuil na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra dá dtagraítear san Airteagal sin curtha i gcrích ina leith ag comhlacht faoina dtugtar fógra, ach ar léiríodh ina leith go gcomhlíonann sí na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta uile is infheidhme.

2.De mhaolú ar Airteagal 16, féadfaidh aon údarás inniúil náisiúnta, ar iarratas a bhfuil údar cuí leis, a údarú go gcuirfear ar an margadh nó go gcuirfear i seirbhís laistigh de chríoch an Bhallstáit lena mbaineann ardaitheoir sonrach a ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus nach bhfuil na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta tríú páirtí lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra dá dtagraítear san Airteagal sin curtha i gcrích ina leith ag comhlacht faoina dtugtar fógra, ach ar léiríodh ina leith go gcomhlíonann sé na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta uile is infheidhme.

3.Dearbhóidh monaróir ardaitheora nó comhpháirte sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí atá faoi réir na nósanna imeachta um údarú dá dtagraítear i míreanna 1 nó 2, dá fhreagracht féin, go gcomhlíonann an tardaitheoir nó an chomhpháirt sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí lena mbaineann na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta uile is infheidhme agus beidh sé freagrach as na nósanna imeachta uile um measúnú comhréireachta arna sonrú ag an údarás inniúil náisiúnta a chomhlíonadh.

Déanfaidh an monaróir gach beart réasúnta a úsáid freisin chun a áirithiú nach bhfágfaidh an t‑ardaitheoir nó an chomhpháirt sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí, ar deonaíodh údarú dó nó di de bhun mhíreanna 1 nó 2, críoch an Bhallstáit a dheonaigh an t‑údarú.

4.Aon údarú arna eisiúint ag údarás inniúil náisiúnta de bhun mhíreanna 1 nó 2, leagfar amach ann na coinníollacha agus na ceanglais faoina bhféadfar an tardaitheoir nó an chomhpháirt sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí a chur ar an margadh, a chur ar fáil nó a chur i seirbhís faoi seach, lena náirítear:

(a)tuairisc ar na nósanna imeachta, trínar léiríodh go rathúil go gcomhlíontar na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme atá sa Treoir seo;

(b)ceanglais shonracha maidir le hinrianaitheacht an ardaitheora nó na comhpháirte sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí lena mbaineann;

(c)dáta deiridh bhailíocht an údaraithe, nach féidir a bheith níos déanaí ná an lá deireanach den tréimhse ar ghníomhachtaíodh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair ina leith;

(d)aon cheanglas sonrach maidir leis an ngá atá leis an measúnú comhréireachta leanúnach a áirithiú i ndáil leis an ardaitheoir nó an chomhpháirt sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí lena mbaineann;

(e)bearta atá le déanamh maidir leis an ardaitheoir nó an chomhpháirt sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí lena mbaineann ar dhul in éag don údarú chun a áirithiú go ndéanfar an tardaitheoir nó an chomhpháirt sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí lena mbaineann a thabhairt ar ais i gcomhréir le ceanglais uile na Treorach seo.

5.De mhaolú ar Airteagal 41a(3), an chéad fhomhír, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh an túdarás inniúil náisiúnta leasú a dhéanamh ar choinníollacha an údaraithe dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, tar éis dhíghníomhachtú nó dhul in éag mhodh Éigeandála an Mhargaidh Aonair freisin.

6.De mhaolú ar Airteagail 3 agus 19, ardaitheoirí nó comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí ar deonaíodh údarú ina leith i gcomhréir le míreanna 1 nó 2 den Airteagal seo, ní fhágfaidh siad críoch an Bhallstáit a d’eisigh an túdarú agus ní bheidh marcáil CE orthu.

7.Beidh údaráis um fhaireachas margaidh an Bhallstáit, ar dheonaigh a údarás inniúil údarú de bhun mhír 1, i dteideal gach beart ceartaitheach agus sriantach a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta dá bhforáiltear faoin Treoir seo maidir le hardaitheoirí den sórt sin nó comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí den sórt sin.

8.Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon chinneadh chun údarú a thabhairt maidir le hardaitheoir nó comhpháirt sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí a chur ar an margadh, a chur ar fáil nó a chur i seirbhís faoi seach i gcomhréir le míreanna 1 nó 2.

9.Le cur i bhfeidhm Airteagail 41a go 41g agus le húsáid an nós imeachta um údarú a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, ní dhéantar difear do chur i bhfeidhm na nósanna imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 15 nó 16 ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann.

Airteagal 41d 
Toimhde comhréireachta bunaithe ar chaighdeáin náisiúnta agus idirnáisiúnta

Déanfaidh na Ballstáit gach beart is iomchuí chun a áirithiú, chun críocha cur ar an margadh, cur ar fáil nó cur i seirbhís faoi seach, go measfaidh a n‑údaráis inniúla, maidir leis na hardaitheoirí agus na comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí a chomhlíonann na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta nó aon chaighdeán náisiúnta atá i bhfeidhm sa Bhallstát ina monaraítear na hardaitheoirí agus na comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí, lena n‑áirithítear an leibhéal sábháilteachta a cheanglaítear leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I, go gcomhlíonann siad na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta sin i gceachtar de na cásanna seo a leanas:

(a)i gcás nach bhfoilsítear aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(b)i gcás ina gcuireann an suaitheadh tromchúiseach i bhfeidhmiú an Mhargaidh Aonair, a cuireadh san áireamh agus modh éigeandála an Mhargaidh Aonair á ghníomhachtú i gcomhréir le hAirteagal 15(4) de [Rialachán SMEI], srian suntasach ar na féidearthachtaí atá ag monaróirí úsáid a bhaint as na caighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo agus a foilsíodh cheana in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

Airteagal 41e 
Sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh lena mbronntar toimhde comhréireachta

1.I gcás inar ainmníodh ardaitheoirí agus comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna le haghaidh na hardaitheoirí sin agus na comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí sin chun na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chumhdach, i gceachtar de na cásanna seo a leanas:

(a)i gcás nár foilsíodh aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(b)i gcás ina gcuireann suaitheadh tromchúiseach i bhfeidhmiú an Mhargaidh Aonair, a raibh gníomhachtú mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair i gcomhréir le hAirteagal 15(4) de [Rialachán SMEI] mar thoradh air, srian suntasach ar na féidearthachtaí atá ag monaróirí úsáid a bhaint as na caighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo agus a foilsíodh cheana in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

2.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh tar éis dul i gcomhairle leis na saineolaithe earnála agus i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(3). Beidh feidhm acu maidir le hardaitheoirí agus comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí a chuirtear ar an margadh go dtí an lá deireanach den tréimhse a mbeidh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair gníomhach lena linn. Le linn luathullmhúchán an dréachtghnímh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann, baileoidh an Coimisiún tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha nó na ngrúpaí saineolaithe ábhartha arna mbunú faoi reachtaíocht earnála ábhartha an Aontais. Bunaithe ar an gcomhairliúchán sin, ullmhóidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme.

3.Gan dochar d’Airteagal 14, toimhdeofar go bhfuil ardaitheoirí agus comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna a glacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo i gcomhréir leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna sin nó le codanna díobh.

4.De mhaolú ar Airteagal 41a(3), an chéad fhomhír, mura bhfuil cúis leordhóthanach ann lena chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine leis na hardaitheoirí agus na comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, na hardaitheoirí agus na comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna sin agus a cuireadh ar an margadh, measfar go mbeidh siad i gcomhréir leis an Treoir seo tar éis dul in éag nó aisghairm gnímh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus tar éis dhul in éag nó dhíghníomhachtú mhodh Éigeandála an Mhargaidh Aonair i gcomhréir le [Rialachán SMEI].

5.Nuair a mheasann Ballstát nach gcomhlíonann sonraíocht choiteann dá dtagraítear i mír 1 na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta go hiomlán a bhfuil sé d’aidhm acu a chumhdach agus atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin le míniú mionsonraithe agus déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis sin agus, más iomchuí, leasóidh sé nó tarraingeoidh sé siar an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist.

Airteagal 41f 
Sonraíochtaí coiteanna éigeantacha a ghlacadh

1.I gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna éigeantacha chun na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I le haghaidh ardaitheoirí agus comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí a ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a chumhdach.

2.Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna éigeantacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo tar éis dul i gcomhairle leis na saineolaithe earnála agus i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(3) agus beidh feidhm acu maidir le hardaitheoirí agus comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí a chuirtear ar an margadh go dtí an lá deireanach den tréimhse a mbeidh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair gníomhach lena linn. Le linn luathullmhúchán an dréachtghnímh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann, baileoidh an Coimisiún tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha nó na ngrúpaí saineolaithe ábhartha arna mbunú faoi reachtaíocht earnála ábhartha an Aontais. Bunaithe ar an gcomhairliúchán sin, ullmhóidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme.

3.De mhaolú ar Airteagal 41a(3), an chéad fhomhír, mura bhfuil cúis leordhóthanach ann lena chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine leis na hardaitheoirí agus na comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna éigeantacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, na hardaitheoirí agus na comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna sin agus a cuireadh ar an margadh, measfar go mbeidh siad i gcomhréir leis an Treoir seo tar éis dul in éag nó aisghairm gnímh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus tar éis dhul in éag nó dhíghníomhachtú mhodh Éigeandála an Mhargaidh Aonair i gcomhréir le [Rialachán SMEI].

Airteagal 41g 
Tosaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí faireachais margaidh agus do chúnamh frithpháirteach i measc na núdarás

1.Tabharfaidh na Ballstáit tosaíocht do na gníomhaíochtaí faireachais margaidh maidir le hardaitheoirí agus comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí, a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime.

2.Déanfaidh údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát a ndícheall chun cúnamh a chur ar fáil d’údaráis faireachais margaidh eile le linn éigeandála sa Mhargadh Aonair, lena náirítear trí fhoirne saineolaithe a shlógadh agus a sheoladh chun foireann na núdarás faireachais margaidh a iarrann cúnamh a threisiú ar bhonn sealadach nó trí thacaíocht lóistíochta a sholáthar amhail atreisiú na hacmhainne tástála le haghaidh ardaitheoirí agus comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí, a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime.’

Airteagal 11
Leasuithe ar Threoir 2014/34/AE

I dTreoir 2014/34/AE, cuirtear an Chaibidil 5a seo a leanas isteach:

‘CAIBIDIL 5a 
NÓSANNA IMEACHTA ÉIGEANDÁLA

Airteagal 38a 
Nósanna imeachta éigeandála a chur i bhfeidhm 

1.Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 38b go 38g den Treoir seo a thrasuí ach amháin más rud é gur ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 23 de [Rialachán SMEI] lena ngníomhachtaítear Airteagal 26 de [Rialachán SMEI] i ndáil leis an Treoir seo.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 38b go 38g a thrasuí go heisiach maidir le táirgí, a ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 38b go 38g a thrasuí le linn mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 38c(2), an dara fomhír, agus ag Airteagal 38c(5) le linn mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair agus tar éis é a dhíghníomhachtú nó tar éis dó dul in éag.

4.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún rialacha a leagan síos trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na gníomhaíochtaí leantacha atá le déanamh i ndáil le táirgí a chuirtear ar an margadh i gcomhréir le hAirteagail 38c go 38f. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(3).

Airteagal 38b 
Tosaíocht a thabhairt don mheasúnú comhréireachta ar tháirgí atá ábhartha i gcás géarchéime

1.Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na táirgí uile a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, atá faoi réir nósanna imeachta um measúnú comhréireachta i gcomhréir le hAirteagal 13, lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra.

2.Próiseálfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra gach iarratas ar mheasúnú comhréireachta ar tháirgí a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime mar ábhar tosaíochta.

3.Déanfar gach iarratas atá ar feitheamh ar mheasúnú comhréireachta ar tháirgí den sórt sin a phróiseáil mar ábhar tosaíochta, roimh aon iarratas eile ar mheasúnú comhréireachta ar tháirgí nár ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime. Tá feidhm ag an gceanglas sin maidir leis na hiarratais uile ar mheasúnú comhréireachta ar tháirgí a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, is cuma cé acu roimh ghníomhachtú na nósanna imeachta éigeandála de bhun Airteagal 38a nó ina dhiaidh sin a taisceadh iad.

4.Ní bheidh aon chostas breise ar na monaróirí, a thaisc na hiarratais sin, mar thoradh ar thosaíocht a thabhairt d’iarratais ar mheasúnú comhréireachta ar tháirgí de bhun mhír 3.

5.Déanfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra a ndícheall chun a nacmhainní tástála a mhéadú i ndáil le táirgí a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus ar tugadh fógra dóibh ina leith.

Airteagal 38c 
Maolú ar na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra

1.De mhaolú ar Airteagal 13, féadfaidh aon údarás inniúil náisiúnta, ar iarratas a bhfuil údar cuí leis, a údarú go gcuirfear ar an margadh nó go gcuirfear i seirbhís laistigh de chríoch an Bhallstáit lena mbaineann táirge sonrach a ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus nach bhfuil na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra dá dtagraítear san Airteagal sin curtha i gcrích ina leith ag comhlacht faoina dtugtar fógra, ach ar léiríodh ina leith go gcomhlíonann sé na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta uile is infheidhme.

2.Dearbhóidh monaróir táirge atá faoi réir an nós imeachta um údarú dá dtagraítear i mír 1, dá fhreagracht féin, go gcomhlíonann an táirge lena mbaineann na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta uile is infheidhme agus beidh sé freagrach as na nósanna imeachta uile um measúnú comhréireachta arna sonrú ag an údarás inniúil náisiúnta a chomhlíonadh.

Déanfaidh an monaróir gach beart réasúnta a úsáid freisin chun a áirithiú nach bhfágfaidh an táirge, ar deonaíodh údarú dó de bhun mhír 1, críoch an Bhallstáit a dheonaigh an t‑údarú.

3.Aon údarú arna eisiúint ag údarás inniúil náisiúnta de bhun mhír 1, leagfar amach ann na coinníollacha agus na ceanglais faoina bhféadfar an táirge a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís, lena náirítear:

(a)tuairisc ar na nósanna imeachta, trínar léiríodh go rathúil go gcomhlíontar na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme atá sa Treoir seo;

(b)ceanglais shonracha maidir le hinrianaitheacht an táirge lena mbaineann;

(c)dáta deiridh bhailíocht an údaraithe, nach féidir a bheith níos déanaí ná an lá deireanach den tréimhse ar ghníomhachtaíodh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair ina leith;

(d)aon cheanglas sonrach maidir leis an ngá atá leis an measúnú comhréireachta leanúnach a áirithiú i ndáil leis an táirge lena mbaineann;

(e)bearta atá le déanamh maidir leis an táirge lena mbaineann ar dhul in éag don údarú chun a áirithiú go ndéanfar an táirge lena mbaineann a thabhairt ar ais i gcomhréir le ceanglais uile na Treorach seo.

4.De mhaolú ar Airteagal 38a(3), an chéad fhomhír, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh an túdarás inniúil náisiúnta leasú a dhéanamh ar choinníollacha an údaraithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, tar éis dhíghníomhachtú nó dhul in éag mhodh Éigeandála an Mhargaidh Aonair freisin.

5.De mhaolú ar Airteagail 5 agus 16, táirgí ar deonaíodh údarú ina leith i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, ní fhágfaidh siad críoch an Bhallstáit a d’eisigh an túdarú agus ní bheidh marcáil CE orthu.

6.Beidh údaráis um fhaireachas margaidh an Bhallstáit, ar dheonaigh a údarás inniúil údarú de bhun mhír 1, i dteideal gach beart ceartaitheach agus sriantach a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta dá bhforáiltear faoin Treoir seo maidir le táirgí den sórt sin.

7.Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon chinneadh chun údarú a thabhairt maidir le táirge a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís i gcomhréir le mír 1.

8.Le cur i bhfeidhm Airteagail 38a go 38g agus le húsáid an nós imeachta um údarú a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, ní dhéantar difear do chur i bhfeidhm na nósanna imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 13 ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann.

Airteagal 38d 
Toimhde comhréireachta bunaithe ar chaighdeáin náisiúnta agus idirnáisiúnta

Déanfaidh na Ballstáit gach beart is iomchuí chun a áirithiú, chun críocha cur ar an margadh nó cur i seirbhís, go measfaidh a n‑údaráis inniúla, maidir leis na táirgí a chomhlíonann na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta nó aon chaighdeán náisiúnta atá i bhfeidhm sa Bhallstát ina monaraítear na táirgí, lena n‑áirithítear an leibhéal sábháilteachta a cheanglaítear leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, go gcomhlíonann siad na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta sin i gceachtar de na cásanna seo a leanas:

(a)i gcás nach bhfoilsítear aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(b)i gcás ina gcuireann suaitheadh tromchúiseach i bhfeidhmiú an Mhargaidh Aonair, a cuireadh san áireamh agus modh éigeandála an Mhargaidh Aonair á ghníomhachtú i gcomhréir le hAirteagal 15(4) de [Rialachán SMEI], srian suntasach ar na féidearthachtaí atá ag monaróirí úsáid a bhaint as na caighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo agus a foilsíodh cheana in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

Airteagal 38e 
Sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh lena mbronntar toimhde comhréireachta

1.I gcás inar ainmníodh táirgí mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna le haghaidh na dtáirgí sin chun na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a chumhdach, i gceachtar de na cásanna seo a leanas:

(a)i gcás nár foilsíodh aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(b)i gcás ina gcuireann suaitheadh tromchúiseach i bhfeidhmiú an Mhargaidh Aonair, a raibh gníomhachtú mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair i gcomhréir le hAirteagal 15(4) de [Rialachán SMEI] mar thoradh air, srian suntasach ar na féidearthachtaí atá ag monaróirí úsáid a bhaint as na caighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo a foilsíodh cheana in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

2.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh tar éis dul i gcomhairle leis na saineolaithe earnála agus i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(3). Beidh feidhm acu maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh go dtí an lá deireanach den tréimhse a mbeidh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair gníomhach lena linn. Le linn luathullmhúchán an dréachtghnímh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann, baileoidh an Coimisiún tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha nó na ngrúpaí saineolaithe ábhartha arna mbunú faoi reachtaíocht earnála ábhartha an Aontais. Bunaithe ar an gcomhairliúchán sin, ullmhóidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme.

3.Gan dochar d’Airteagal 12, toimhdeofar go bhfuil táirgí atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna a glacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo i gcomhréir leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna sin nó le codanna díobh.

4.De mhaolú ar Airteagal 38a(3), an chéad fhomhír, mura bhfuil cúis leordhóthanach ann lena chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine leis na táirgí a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, na táirgí atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna sin agus a cuireadh ar an margadh, measfar go mbeidh siad i gcomhréir leis an Treoir seo tar éis dul in éag nó aisghairm gnímh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus tar éis dhul in éag nó dhíghníomhachtú mhodh Éigeandála an Mhargaidh Aonair i gcomhréir le [Rialachán SMEI].

5.Nuair a mheasann Ballstát nach gcomhlíonann sonraíocht choiteann dá dtagraítear i mír 1 na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta go hiomlán a bhfuil sé d’aidhm acu a chumhdach agus atá leagtha amach in Iarscríbhinn II, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin le míniú mionsonraithe agus déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis sin agus, más iomchuí, leasóidh sé nó tarraingeoidh sé siar an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist.

Airteagal 38f 
Sonraíochtaí coiteanna éigeantacha a ghlacadh

1.I gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna éigeantacha chun na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II le haghaidh táirgí a ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a chumhdach.

2.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna éigeantacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh tar éis dul i gcomhairle leis na saineolaithe earnála agus i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(3). Beidh feidhm acu maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh go dtí an lá deireanach den tréimhse a mbeidh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair gníomhach lena linn. Le linn luathullmhúchán an dréachtghnímh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann, baileoidh an Coimisiún tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha nó na ngrúpaí saineolaithe ábhartha arna mbunú faoi reachtaíocht earnála ábhartha an Aontais. Bunaithe ar an gcomhairliúchán sin, ullmhóidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme.

3.De mhaolú ar Airteagal 38a(3), an chéad fhomhír, mura bhfuil cúis leordhóthanach ann lena chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine leis na táirgí a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna éigeantacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, na táirgí atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna sin agus a cuireadh ar an margadh, measfar go mbeidh siad i gcomhréir leis an Treoir seo tar éis dul in éag nó aisghairm gnímh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus tar éis dhul in éag nó dhíghníomhachtú mhodh Éigeandála an Mhargaidh Aonair i gcomhréir le [Rialachán SMEI].

Airteagal 38g 
Tosaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí faireachais margaidh agus do chúnamh frithpháirteach i measc na núdarás

Tabharfaidh na Ballstáit tosaíocht do na gníomhaíochtaí faireachais margaidh maidir le táirgí a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime.

1.Déanfaidh údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát a ndícheall chun cúnamh a chur ar fáil d’údaráis faireachais margaidh eile le linn éigeandála sa Mhargadh Aonair, lena náirítear trí fhoirne saineolaithe a shlógadh agus a sheoladh chun foireann na núdarás faireachais margaidh a iarrann cúnamh a threisiú ar bhonn sealadach nó trí thacaíocht lóistíochta a sholáthar amhail atreisiú na hacmhainne tástála le haghaidh táirgí a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime.’

Airteagal 12
Leasuithe ar Threoir 2014/35/AE

I dTreoir 2014/35/AE, cuirtear an Chaibidil 4a seo a leanas isteach:

‘CAIBIDIL 4a 
NÓSANNA IMEACHTA ÉIGEANDÁLA

Airteagal 22a 
Nósanna imeachta éigeandála a chur i bhfeidhm 

1.Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 22b go 22c agus 22d den Treoir l seo a thrasuí ach amháin más rud é gur ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 23 de [Rialachán SMEI] lena ngníomhachtaítear Airteagal 26 de [Rialachán SMEI] i ndáil leis an Treoir seo.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 22b, 22c agus 22d a thrasuí go heisiach maidir le trealamh leictreach, a ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 22b, 22c agus 22d a thrasuí le linn mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair.

4.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún rialacha a leagan síos trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na gníomhaíochtaí leantacha atá le déanamh i ndáil le trealamh leictreach a chuirtear ar an margadh i gcomhréir le hAirteagail 22b go 22c. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

Airteagal 22b 
Sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh lena mbronntar toimhde comhréireachta

1.I gcás inar ainmníodh trealamh leictreach mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna le haghaidh an trealaimh leictrigh sin chun na cuspóirí sábháilteachta dá dtagraítear in Airteagal 3 agus a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chumhdach, i gceachtar de na cásanna seo a leanas:

(a)i gcás nár foilsíodh aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear an cuspóir sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(b)i gcás ina gcuireann suaitheadh tromchúiseach i bhfeidhmiú an Mhargaidh Aonair, a raibh gníomhachtú mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair i gcomhréir le hAirteagal 15(4) de [Rialachán SMEI] mar thoradh air, srian suntasach ar na féidearthachtaí atá ag monaróirí úsáid a bhaint as na caighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na cuspóirí sábháilteachta dá dtagraítear in Airteagal 3 agus a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo agus a foilsíodh cheana in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

2.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh tar éis dul i gcomhairle leis na saineolaithe earnála agus i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2). Beidh feidhm acu maidir le trealamh leictreach a chuirtear ar an margadh go dtí an lá deireanach den tréimhse a mbeidh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair gníomhach lena linn. Le linn luathullmhúchán an dréachtghnímh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann, baileoidh an Coimisiún tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha nó na ngrúpaí saineolaithe ábhartha arna mbunú faoi reachtaíocht earnála ábhartha an Aontais. Bunaithe ar an gcomhairliúchán sin, ullmhóidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme.

3.Gan dochar d’Airteagail 12, 13 agus 14, toimhdeofar go bhfuil trealamh leictreach atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna a glacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo i gcomhréir leis na cuspóirí sábháilteachta dá dtagraítear in Iarscríbhinn 3 agus a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna sin nó le codanna díobh.

4.De mhaolú ar Airteagal 22a(3), mura bhfuil cúis leordhóthanach ann lena chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine leis an trealamh leictreach a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, an trealamh leictreach atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna sin agus a cuireadh ar an margadh, measfar go mbeidh sé i gcomhréir leis an Treoir seo tar éis dul in éag nó aisghairm gnímh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus tar éis dhul in éag nó dhíghníomhachtú mhodh Éigeandála an Mhargaidh Aonair i gcomhréir le [Rialachán SMEI].

5.Nuair a mheasann Ballstát nach gcomhlíonann sonraíocht choiteann dá dtagraítear i mír 1 na cuspóirí sábháilteachta dá dtagraítear in Airteagal 3 agus a leagtar amach in Iarscríbhinn I go hiomlán, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin le míniú mionsonraithe agus déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis sin agus, más iomchuí, leasóidh sé nó tarraingeoidh sé siar an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist.

Airteagal 22c 
Sonraíochtaí coiteanna éigeantacha a ghlacadh

1.I gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna éigeantacha chun na cuspóirí sábháilteachta dá dtagraítear in Airteagal 3 agus a leagtar amach in Iarscríbhinn I le haghaidh trealamh leictreach a ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a chumhdach.

2.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna éigeantacha, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, a ghlacadh tar éis dul i gcomhairle leis na saineolaithe earnála agus i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2). Beidh feidhm acu maidir le trealamh leictreach a chuirtear ar an margadh go dtí an lá deireanach den tréimhse a mbeidh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair gníomhach lena linn. Le linn luathullmhúchán an dréachtghnímh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann, baileoidh an Coimisiún tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha nó na ngrúpaí saineolaithe ábhartha arna mbunú faoi reachtaíocht earnála ábhartha an Aontais. Bunaithe ar an gcomhairliúchán sin, ullmhóidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme.

3.De mhaolú ar Airteagal 22a(3), mura bhfuil cúis leordhóthanach ann lena chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine leis an trealamh leictreach a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna éigeantacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, an trealamh leictreach atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna sin agus a cuireadh ar an margadh, measfar go mbeidh sé i gcomhréir leis an Treoir seo tar éis dul in éag nó aisghairm gnímh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus tar éis dhul in éag nó dhíghníomhachtú mhodh Éigeandála an Mhargaidh Aonair i gcomhréir le [Rialachán SMEI].

Airteagal 22d 
Tosaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí faireachais margaidh agus do chúnamh frithpháirteach i measc na núdarás

1.Tabharfaidh na Ballstáit tosaíocht do na gníomhaíochtaí faireachais margaidh maidir le trealamh leictreach a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime.

2.Déanfaidh údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát a ndícheall chun cúnamh a chur ar fáil d’údaráis faireachais margaidh eile le linn éigeandála sa Mhargadh Aonair, lena náirítear trí fhoirne saineolaithe a shlógadh agus a sheoladh chun foireann na núdarás faireachais margaidh a iarrann cúnamh a threisiú ar bhonn sealadach nó trí thacaíocht lóistíochta a sholáthar amhail atreisiú na hacmhainne tástála le haghaidh trealamh leictreach a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime.’

Airteagal 13
Leasuithe ar Threoir 2014/53/AE

I dTreoir 2014/53/AE, cuirtear an Chaibidil 5a seo a leanas isteach:

‘CAIBIDIL Va 
NÓSANNA IMEACHTA ÉIGEANDÁLA

Airteagal 43a 
Nósanna imeachta éigeandála a chur i bhfeidhm 

1.Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 43b go 43g den Treoir seo a thrasuí ach amháin más rud é gur ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 23 de [Rialachán SMEI] lena ngníomhachtaítear Airteagal 26 de [Rialachán SMEI] i ndáil leis an Treoir seo.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 43b go 43g a thrasuí go heisiach maidir le trealamh raidió, a ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 43b go 43g a thrasuí le linn mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 43c(2), an dara fomhír, agus ag Airteagal 43c(5) le linn mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair agus tar éis é a dhíghníomhachtú nó tar éis dó dul in éag.

4.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún rialacha a leagan síos trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na gníomhaíochtaí leantacha atá le déanamh i ndáil le trealamh raidió a chuirtear ar an margadh i gcomhréir le hAirteagail 43c go 43f. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(3).

Airteagal 43b 
Tosaíocht a thabhairt don mheasúnú comhréireachta ar threalamh raidió atá ábhartha i gcás géarchéime

1.Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis an trealamh raidió uile a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, atá faoi réir nósanna imeachta um measúnú comhréireachta i gcomhréir le hAirteagal 17, lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra.

2.Próiseálfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra gach iarratas ar mheasúnú comhréireachta ar threalamh raidió a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime mar ábhar tosaíochta.

3.Déanfar gach iarratas atá ar feitheamh ar mheasúnú comhréireachta ar threalamh raidió den sórt sin a phróiseáil mar ábhar tosaíochta, roimh aon iarratas eile ar mheasúnú comhréireachta ar tháirgí nár ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime. Tá feidhm ag an gceanglas sin maidir leis na hiarratais uile ar mheasúnú comhréireachta ar threalamh raidió a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, is cuma cé acu roimh ghníomhachtú na nósanna imeachta éigeandála de bhun Airteagal 43a nó ina dhiaidh sin a taisceadh iad.

4.Ní bheidh aon chostas breise ar na monaróirí, a thaisc na hiarratais sin, mar thoradh ar thosaíocht a thabhairt d’iarratais ar mheasúnú comhréireachta ar threalamh raidió de bhun mhír 3.

5.Déanfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra a ndícheall chun a nacmhainní tástála a mhéadú i ndáil le trealamh raidió a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus ar tugadh fógra dóibh ina leith.

Airteagal 43c 
Maolú ar na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra

1.De mhaolú ar Airteagal 17, féadfaidh aon údarás inniúil náisiúnta, ar iarratas a bhfuil údar cuí leis, a údarú go gcuirfear ar an margadh laistigh de chríoch an Bhallstáit lena mbaineann trealamh raidió sonrach a ainmníodh mar earra atá ábhartha i gcás géarchéime agus nach bhfuil na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra dá dtagraítear san Airteagal sin curtha i gcrích ina leith ag comhlacht faoina dtugtar fógra, ach ar léiríodh ina leith go gcomhlíonann sé na buncheanglais uile is infheidhme.

2.Dearbhóidh monaróir trealaimh raidió atá faoi réir an nós imeachta um údarú dá dtagraítear i mír 1, dá fhreagracht féin, go gcomhlíonann an trealamh raidió lena mbaineann na buncheanglais uile is infheidhme agus beidh sé freagrach as na nósanna imeachta uile um measúnú comhréireachta arna sonrú ag an údarás inniúil náisiúnta a chomhlíonadh.

Déanfaidh an monaróir, an t‑allmhaireoir agus an dáileoir gach beart réasúnta a úsáid freisin chun a áirithiú nach bhfágfaidh an trealamh raidió, ar deonaíodh údarú dó de bhun mhír 1, críoch an Bhallstáit a dheonaigh an t‑údarú.

3.Aon údarú arna eisiúint ag údarás inniúil náisiúnta de bhun mhír 1, leagfar amach ann na coinníollacha agus na ceanglais faoina bhféadfar an trealamh raidió a chur ar an margadh, lena náirítear:

(a)tuairisc ar na nósanna imeachta, trínar léiríodh go rathúil go gcomhlíontar na buncheanglais is infheidhme atá sa Treoir seo;

(b)ceanglais shonracha maidir le hinrianaitheacht an trealaimh raidió lena mbaineann;

(c)dáta deiridh bhailíocht an údaraithe, nach féidir a bheith níos déanaí ná an lá deireanach den tréimhse ar ghníomhachtaíodh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair ina leith;

(d)aon cheanglas sonrach maidir leis an ngá atá leis an measúnú comhréireachta leanúnach a áirithiú i ndáil leis an trealamh raidió lena mbaineann;

(e)bearta atá le déanamh maidir leis an trealamh raidió lena mbaineann ar dhul in éag don údarú chun a áirithiú go ndéanfar an trealamh raidió lena mbaineann a thabhairt ar ais i gcomhréir le ceanglais uile na Treorach seo.

4.De mhaolú ar Airteagail 9 agus 20, trealamh raidió ar deonaíodh údarú ina leith i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, ní fhágfaidh sé críoch an Bhallstáit a d’eisigh an túdarú agus ní bheidh marcáil CE air.

5.Beidh údaráis um fhaireachas margaidh an Bhallstáit, ar dheonaigh a údarás inniúil údarú de bhun mhír 1, i dteideal gach beart ceartaitheach agus sriantach a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta dá bhforáiltear faoin Treoir seo maidir le trealamh raidió den sórt sin.

6.Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon chinneadh chun údarú a thabhairt maidir le trealamh raidió a chur ar an margadh i gcomhréir le mír 1.

7.Le cur i bhfeidhm Airteagail 43a go 43g agus le húsáid an nós imeachta um údarú a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, ní dhéantar difear do chur i bhfeidhm na nósanna imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 17 ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann.

Airteagal 43d 
Toimhde comhréireachta bunaithe ar chaighdeáin náisiúnta agus idirnáisiúnta

Déanfaidh na Ballstáit gach beart is iomchuí chun a áirithiú, chun críocha cur ar an margadh, go measfaidh a n‑údaráis inniúla, maidir leis an trealamh raidió a chomhlíonann na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta nó aon chaighdeán náisiúnta atá i bhfeidhm sa Bhallstát ina monaraítear an trealamh raidió, lena n‑áirithítear an leibhéal sábháilteachta a cheanglaítear leis na buncheanglais a leagtar amach in Airteagal 3, go gcomhlíonann sé na buncheanglais sin i gceachtar de na cásanna seo a leanas:

(a)i gcás nach bhfoilsítear aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais ábhartha a leagtar amach in Airteagal 3 den Treoir seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

i gcás ina gcuireann suaitheadh tromchúiseach i bhfeidhmiú an Mhargaidh Aonair, a cuireadh san áireamh agus modh éigeandála an Mhargaidh Aonair á ghníomhachtú i gcomhréir le hAirteagal 15(4) de [Rialachán SMEI], srian suntasach ar na féidearthachtaí atá ag monaróirí úsáid a bhaint as na caighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais ábhartha a leagtar amach in Airteagal 3 den Treoir seo agus a foilsíodh cheana in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 025/2012.Airteagal 43e 
Sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh lena mbronntar toimhde comhréireachta

1.I gcás inar ainmníodh trealamh raidió mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna le haghaidh an trealaimh raidió sin chun na buncheanglais a leagtar amach in Airteagal 3 a chumhdach, i gceachtar de na cásanna seo a leanas:

(a)i gcás nár foilsíodh aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais ábhartha a leagtar amach in Airteagal 3 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(b)i gcás ina gcuireann suaitheadh tromchúiseach i bhfeidhmiú an Mhargaidh Aonair, a raibh gníomhachtú mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair i gcomhréir le hAirteagal 15(4) de [Rialachán SMEI] mar thoradh air, srian suntasach ar na féidearthachtaí atá ag monaróirí úsáid a bhaint as na caighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais ábhartha a leagtar amach in Airteagal 3 den Treoir seo agus a foilsíodh cheana in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

2.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh tar éis dul i gcomhairle leis na saineolaithe earnála agus i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(3). Beidh feidhm acu maidir le trealamh raidió a chuirtear ar an margadh go dtí an lá deireanach den tréimhse a mbeidh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair gníomhach lena linn. Le linn luathullmhúchán na ndréachtghníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear na sonraíochtaí coiteanna, baileoidh an Coimisiún tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha nó na ngrúpaí saineolaithe ábhartha arna mbunú faoi reachtaíocht earnála ábhartha an Aontais. Bunaithe ar an gcomhairliúchán sin, ullmhóidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme.

3.Gan dochar d’Airteagal 16, toimhdeofar go bhfuil trealamh raidió atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna a glacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo i gcomhréir leis na buncheanglais a leagtar amach in Airteagal 3 a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna sin nó le codanna díobh.

4.De mhaolú ar Airteagal 43a(3), an chéad fhomhír, mura bhfuil cúis leordhóthanach ann lena chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine leis an trealamh raidió a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, an trealamh raidió atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna sin agus a cuireadh ar an margadh, measfar go mbeidh sé i gcomhréir leis an Treoir seo tar éis dul in éag nó aisghairm gnímh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus tar éis dhul in éag nó dhíghníomhachtú mhodh Éigeandála an Mhargaidh Aonair i gcomhréir le [Rialachán SMEI]

5.Nuair a mheasann Ballstát nach gcomhlíonann sonraíocht choiteann dá dtagraítear i mír 1 na buncheanglais go hiomlán a bhfuil sé d’aidhm acu a chumhdach agus atá leagtha amach in Airteagal 3, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin le míniú mionsonraithe agus déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis sin agus, más iomchuí, leasóidh sé nó tarraingeoidh sé siar an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist.

Airteagal 43f 
Sonraíochtaí coiteanna éigeantacha a ghlacadh

1.I gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna éigeantacha chun na buncheanglais a leagtar amach in Airteagal 3 le haghaidh trealamh raidió a ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a chumhdach.

2.Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna éigeantacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo tar éis dul i gcomhairle leis na saineolaithe earnála agus i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(3) agus beidh feidhm acu maidir le trealamh raidió a chuirtear ar an margadh go dtí an lá deireanach den tréimhse a mbeidh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair gníomhach lena linn. Le linn luathullmhúchán na ndréachtghníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear na sonraíochtaí coiteanna, baileoidh an Coimisiún tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha nó na ngrúpaí saineolaithe ábhartha arna mbunú faoi reachtaíocht earnála ábhartha an Aontais. Bunaithe ar an gcomhairliúchán sin, ullmhóidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme.

3.De mhaolú ar Airteagal 43a(3), an chéad fhomhír, mura bhfuil cúis leordhóthanach ann lena chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine leis an trealamh raidió a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna éigeantacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, an trealamh raidió atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna sin agus a cuireadh ar an margadh, measfar go mbeidh sé i gcomhréir leis an Treoir seo tar éis dul in éag nó aisghairm gnímh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus tar éis dhul in éag nó dhíghníomhachtú mhodh Éigeandála an Mhargaidh Aonair i gcomhréir le [Rialachán SMEI].

Airteagal 43g 
Tosaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí faireachais margaidh agus do chúnamh frithpháirteach i measc na núdarás

1.Tabharfaidh na Ballstáit tosaíocht do na gníomhaíochtaí faireachais margaidh maidir le trealamh raidió a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime.

2.Déanfaidh údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát a ndícheall chun cúnamh a chur ar fáil d’údaráis faireachais margaidh eile le linn éigeandála sa Mhargadh Aonair, lena náirítear trí fhoirne saineolaithe a shlógadh agus a sheoladh chun foireann na núdarás faireachais margaidh a iarrann cúnamh a threisiú ar bhonn sealadach nó trí thacaíocht lóistíochta a sholáthar amhail atreisiú na hacmhainne tástála le haghaidh trealamh raidió a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime.’

Airteagal 15
Leasuithe ar Threoir 2014/68/AE

I dTreoir 2014/68/AE, cuirtear an Chaibidil 5a seo a leanas isteach:

CAIBIDIL 5a 
NÓSANNA IMEACHTA ÉIGEANDÁLA

Airteagal 43a 
Nósanna imeachta éigeandála a chur i bhfeidhm 

1.Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 43b go 43g den Treoir seo a thrasuí ach amháin más rud é gur ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 23 de [Rialachán SMEI] lena ngníomhachtaítear Airteagal 26 de [Rialachán SMEI] i ndáil leis an Treoir seo.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 43b go 43g a thrasuí go heisiach maidir le brú-threalamh agus cóimeálacha, a ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag na bearta a ghlactar chun Airteagail 43b go 43g a thrasuí le linn mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 43c(2), an dara fomhír, agus ag Airteagal 17c(5) le linn mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair agus tar éis é a dhíghníomhachtú tar éis dó dul in éag.

4.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún rialacha a leagan síos trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na gníomhaíochtaí leantacha atá le déanamh i ndáil le brú-threalamh agus cóimeálacha a chuirtear ar an margadh i gcomhréir le hAirteagail 43c go 43f. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(3).

Airteagal 43b 
Tosaíocht a thabhairt don mheasúnú comhréireachta ar bhrú-threalamh agus cóimeálacha atá ábhartha i gcás géarchéime

1.Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le brú-threalamh nó cóimeálacha a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, atá faoi réir nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra, i gcomhréir le hAirteagal 14.

2.Próiseálfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra gach iarratas ar mheasúnú comhréireachta ar bhrú-threalamh agus cóimeálacha a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime mar ábhar tosaíochta.

3.Déanfar gach iarratas atá ar feitheamh ar mheasúnú comhréireachta ar bhrú-threalamh nó cóimeálacha den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 14 a phróiseáil mar ábhar tosaíochta, roimh aon iarratas eile ar mheasúnú comhréireachta ar bhrú-threalamh nó cóimeálacha nár ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime. Tá feidhm ag an gceanglas sin maidir leis na hiarratais uile ar mheasúnú comhréireachta ar bhrú-threalamh agus cóimeálacha a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, is cuma cé acu roimh ghníomhachtú na nósanna imeachta éigeandála de bhun Airteagal 43a nó ina dhiaidh sin a taisceadh iad.

4.Ní bheidh aon chostas breise ar na monaróirí, a thaisc na hiarratais sin, mar thoradh ar thosaíocht a thabhairt d’iarratais ar mheasúnú comhréireachta ar bhrú-threalamh agus cóimeálacha de bhun mhír 3.

5.Déanfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra a ndícheall chun a nacmhainní tástála a mhéadú i ndáil le brú-threalamh agus cóimeálacha a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus ar tugadh fógra dóibh ina leith.

Airteagal 43c 
Maolú ar na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra

1.De mhaolú ar Airteagal 14, féadfaidh aon údarás inniúil náisiúnta, ar iarratas a bhfuil údar cuí leis, a údarú go gcuirfear ar an margadh nó go gcuirfear i seirbhís laistigh de chríoch an Bhallstáit lena mbaineann brú-threalamh sonrach nó cóimeálach sonrach a ainmníodh mar earraí nó earra atá ábhartha i gcás géarchéime agus nach bhfuil na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra dá dtagraítear san Airteagal sin curtha i gcrích ina leith ag comhlacht faoina dtugtar fógra, ach ar léiríodh ina leith go gcomhlíonann sé na buncheanglais sábháilteachta uile is infheidhme.

2.Dearbhóidh monaróir brú-threalaimh nó cóimeálaigh atá faoi réir an nós imeachta um údarú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, dá fhreagracht féin, go gcomhlíonann an brú-threalamh nó an cóimeálach lena mbaineann na buncheanglais sábháilteachta uile is infheidhme agus beidh sé freagrach as na nósanna imeachta uile um measúnú comhréireachta arna sonrú ag an údarás inniúil náisiúnta a chomhlíonadh.

Déanfaidh an monaróir gach beart réasúnta a úsáid freisin chun a áirithiú nach bhfágfaidh an brú-threalamh nó an cóimeálach, ar deonaíodh údarú dó de bhun mhír 1, críoch an Bhallstáit a dheonaigh an t‑údarú.

3.Aon údarú arna eisiúint ag údarás inniúil náisiúnta de bhun mhír 1, leagfar amach ann na coinníollacha agus na ceanglais faoina bhféadfar an brú-threalamh nó an cóimeálach a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís, lena náirítear:

(a)tuairisc ar na nósanna imeachta, trínar léiríodh go rathúil go gcomhlíontar na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme atá sa Treoir seo;

(b)ceanglais shonracha maidir le hinrianaitheacht an bhrú-threalaimh nó an chóimeálaigh lena mbaineann;

(c)dáta deiridh bhailíocht an údaraithe, nach féidir a bheith níos déanaí ná an lá deireanach den tréimhse ar ghníomhachtaíodh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair ina leith;

(d)aon cheanglas sonrach maidir leis an ngá atá leis an measúnú comhréireachta leanúnach a áirithiú i ndáil leis an mbrú-threalamh nó an cóimeálach lena mbaineann;

(e)bearta atá le déanamh maidir leis an mbrú-threalamh nó an cóimeálach lena mbaineann ar dhul in éag don údarú chun a áirithiú go ndéanfar an brú-threalamh nó an cóimeálach lena mbaineann a thabhairt ar ais i gcomhréir le ceanglais uile na Treorach seo.

4.De mhaolú ar Airteagal 43a(3), an chéad fhomhír, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh an túdarás inniúil náisiúnta leasú a dhéanamh ar choinníollacha an údaraithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, tar éis dhíghníomhachtú nó dhul in éag mhodh Éigeandála an Mhargaidh Aonair freisin.

5.De mhaolú ar Airteagail 5 agus 19, brú-threalamh nó cóimeálacha ar deonaíodh údarú ina leith i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, ní fhágfaidh sé críoch an Bhallstáit a d’eisigh an túdarú agus ní bheidh marcáil CE air.

6.Beidh údaráis um fhaireachas margaidh an Bhallstáit, ar dheonaigh a údarás inniúil údarú de bhun mhír 1, i dteideal gach beart ceartaitheach agus sriantach a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta dá bhforáiltear faoin Treoir seo maidir le brú-threalamh nó cóimeálacha den sórt sin.

7.Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon chinneadh chun údarú a thabhairt maidir le brú-threalamh nó cóimeálach a chur ar an margadh i gcomhréir le mír 1.

8.Le cur i bhfeidhm Airteagail 43a go 43g agus le húsáid an nós imeachta um údarú a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, ní dhéantar difear do chur i bhfeidhm na nósanna imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 14 ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann.

Airteagal 43d 
Toimhde comhréireachta bunaithe ar chaighdeáin náisiúnta agus idirnáisiúnta

Déanfaidh na Ballstáit gach beart is iomchuí chun a áirithiú, chun críocha cur ar an margadh, go measfaidh a n‑údaráis inniúla, maidir leis an mbrú-threalamh nó na cóimeálacha a chomhlíonann na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta nó aon chaighdeán náisiúnta atá i bhfeidhm sa Bhallstát ina monaraítear an brú-threalamh nó na cóimeálacha, lena n‑áirithítear an leibhéal sábháilteachta a cheanglaítear leis na buncheanglais sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, go gcomhlíonann sé nó siad na buncheanglais sábháilteachta sin i gceachtar de na cásanna seo a leanas:

(a)i gcás nach bhfoilsítear aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais sábháilteachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(b)i gcás ina gcuireann suaitheadh tromchúiseach i bhfeidhmiú an Mhargaidh Aonair, a cuireadh san áireamh agus modh éigeandála an Mhargaidh Aonair á ghníomhachtú i gcomhréir le hAirteagal 15(4) de [Rialachán SMEI], srian suntasach ar na féidearthachtaí atá ag monaróirí úsáid a bhaint as na caighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais sábháilteachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo agus a foilsíodh cheana in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

Airteagal 43e 
Sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh lena mbronntar toimhde comhréireachta

1.I gcás inar ainmníodh brú-threalamh agus cóimeálacha mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh le haghaidh an bhrú-threalaimh agus na gcóimeálach sin lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna chun na buncheanglais sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a chumhdach, i gceachtar de na cásanna seo a leanas:

(a)i gcás nár foilsíodh aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais sábháilteachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(b)i gcás ina gcuireann suaitheadh tromchúiseach i bhfeidhmiú an Mhargaidh Aonair, a raibh gníomhachtú mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair mar thoradh air, srian suntasach ar na féidearthachtaí atá ag monaróirí úsáid a bhaint as na caighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais sábháilteachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo a foilsíodh cheana in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

2.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh tar éis dul i gcomhairle leis na saineolaithe earnála agus i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(3). Beidh feidhm acu maidir leis an mbrú-threalamh agus an cóimeálach a chuirtear ar an margadh go dtí an lá deireanach den tréimhse a mbeidh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair gníomhach lena linn. Le linn luathullmhúchán na ndréachtghníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear na sonraíochtaí coiteanna, baileoidh an Coimisiún tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha nó na ngrúpaí saineolaithe ábhartha arna mbunú faoi reachtaíocht earnála ábhartha an Aontais. Bunaithe ar an gcomhairliúchán sin, ullmhóidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme.

3.Gan dochar d’Airteagal 12, toimhdeofar go bhfuil an brú-threalamh nó na cóimeálacha atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna a glacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo i gcomhréir leis na buncheanglais sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna sin nó le codanna díobh.

4.De mhaolú ar Airteagal 43a(3), an chéad fhomhír, mura bhfuil cúis leordhóthanach ann lena chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine leis an mbrú-threalamh agus na cóimeálacha a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, an brú-threalamh agus na cóimeálacha atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna sin agus a cuireadh ar an margadh, measfar go mbeidh sé nó siad i gcomhréir leis an Treoir seo tar éis dul in éag nó aisghairm gnímh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus tar éis dhul in éag nó dhíghníomhachtú mhodh Éigeandála an Mhargaidh Aonair i gcomhréir le [Rialachán SMEI].

5.Nuair a mheasann Ballstát nach gcomhlíonann sonraíocht choiteann dá dtagraítear i mír 1 na buncheanglais sábháilteachta go hiomlán a bhfuil sé d’aidhm acu a chumhdach agus atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin le míniú mionsonraithe agus déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis sin agus, más iomchuí, leasóidh sé nó tarraingeoidh sé siar an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist.

Airteagal 43f 
Sonraíochtaí coiteanna éigeantacha a ghlacadh

1.I gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna éigeantacha chun na buncheanglais sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II le haghaidh brú-threalaimh agus cóimeálach, a ainmníodh mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a chumhdach.

2.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna éigeantacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh tar éis dul i gcomhairle leis na saineolaithe earnála agus i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(3). Beidh feidhm acu maidir le brú-threalamh agus cóimeálacha a chuirtear ar an margadh go dtí an lá deireanach den tréimhse a mbeidh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair gníomhach lena linn. Le linn luathullmhúchán na ndréachtghníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear na sonraíochtaí coiteanna, baileoidh an Coimisiún tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha nó na ngrúpaí saineolaithe ábhartha arna mbunú faoi reachtaíocht earnála ábhartha an Aontais. Bunaithe ar an gcomhairliúchán sin, ullmhóidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme.

3.De mhaolú ar Airteagal 43a(3), an chéad fhomhír, mura bhfuil cúis leordhóthanach ann lena chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine leis an mbrú-threalamh agus na cóimeálacha a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, an brú-threalamh agus na cóimeálacha atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna sin agus a cuireadh ar an margadh, measfar go mbeidh sé nó siad i gcomhréir leis an Treoir seo tar éis dul in éag nó aisghairm gnímh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus tar éis dhul in éag nó dhíghníomhachtú mhodh Éigeandála an Mhargaidh Aonair i gcomhréir le [Rialachán SMEI].

Airteagal 43g 
Tosaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí faireachais margaidh agus do chúnamh frithpháirteach i measc na núdarás

1.Tabharfaidh na Ballstáit tosaíocht do na gníomhaíochtaí faireachais margaidh maidir le brú-threalamh agus cóimeálacha a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime.

2.Déanfaidh údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát a ndícheall chun cúnamh a chur ar fáil d’údaráis faireachais margaidh eile le linn éigeandála sa Mhargadh Aonair, lena náirítear trí fhoirne saineolaithe a shlógadh agus a sheoladh chun foireann na núdarás faireachais margaidh a iarrann cúnamh a threisiú ar bhonn sealadach nó trí thacaíocht lóistíochta a sholáthar amhail atreisiú na hacmhainne tástála le haghaidh brú-threalaimh agus cóimeálach a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime.’

Airteagal 15

Trasuí

1.Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach an dáta – 6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl láithreach don Choimisiún.

2.Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón […[Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta – 6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

3.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 17

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)

    https://www.consilium.europa.eu/media/45910/021020-euco-final-conclusions.pdf .

(2)

   COM(2021)350 final.

(3)

    https://ec.europa.eu/info/publications/2022-commission-work-programme-key-documents_en .

(4)

    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Feabhra 2022 maidir le dul i ngleic le bacainní neamhtharaife agus neamhchánacha sa mhargadh aonair (2021/2043(INI) .

(5)

    https://www.consilium.europa.eu/en/policies/ipcr-response-to-crises/ .

(6)

   Bunaíodh go foirmiúil é le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Freagairt Chomhtháite Pholaitiúil an Aontais ar Ghéarchéimeanna, ar bhonn na socruithe a bhí ann cheana.

(7)

   Arna leagan síos le Cinneadh (AE) 1313/2013 lena rialaítear feidhmiú Shásra Aontais um Chosaint Shibhialta.

(8)

   Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle an 7 Nollaig 1998 maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh i ndáil le saorghluaiseacht earraí i measc na mBallstát, IO L 337, 12.12.1998, lch. 8.

(9)

   Rialachán (AE) 2015/479 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015.

(10)

   Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2071 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2021.

(11)

   Féadfar iad a ghlacadh ar bhonn Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE.

(12)

   COM(2021)689 final.

(13)

   COM(2022)211 final.

(14)

   Áirítear an méid seo a leanas ar na bearta breise sin: sreafaí dídeanaithe a bhainistiú agus paisinéirí agus oibrithe iompair atá sáinnithe a aisdúichiú, nascacht íosta agus cosaint paisinéirí a áirithiú, comhordú beartais iompair a neartú trí Líonra na bPointí Teagmhála Náisiúnta Iompair, an chibearshlándáil agus comhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta a neartú.

(15)

   Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle, IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(16)

   Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19, IO L 211, 15.6.2021, lch. 1.

(17)

   Moladh (AE) 2020/1475 ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2020 maidir le cur chuige comhordaithe i leith an tsaorghluaiseacht a shrianadh mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, IO L 337, 14.10.2020, lch. 3 agus a leasuithe ina dhiaidh sin.

(18)    COM(2020)730 final.
(19)    Rialachán (AE) 2022/123 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Eanáir 2022 maidir le ról treisithe don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach in ullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna do tháirgí íocshláinte agus d’fheistí leighis. IO L 20, 31.1.2022, lch. 1
(20)

   C(2021)6712 final. 

(21)

   COM(2020)727 final.

(22)    Tuigtear go gcumhdaítear leis an téarma ‘trasteorainn’ aon chás a dhéanann difear do níos mó ná Ballstát amháin (‘thar theorainneacha’) agus, go sonrach, cás a dhéanann difear do réigiúin in dhá Bhallstát nó níos mó a bhfuil teorainn choiteann acu (‘réigiúin teorann’).
(23)    COM/2020/726 final
(24)

   COM(2021)577 final.

(25)

   COM(2022)46 final.

(26)

   COM (2022)68 final.

(27)

   COM(2021)891 final.

(28)

   COM(2020)829 final.

(29)    IO L 218, 13.8.2008, lch. 82.
(30)

   Mar a measadh sa staidéar tacaíochta meastóireachta agus sa mheastóireacht Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin SWD(2019)371 final an 8 Deireadh Fómhair 2019.

(31)    Féach an Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis seo.
(32)    Faoi réir truicear breise
(33)

   Faoi réir truicear breise

(34)    Faoi réir truicear breise
(35)    IO C , , lch. .
(36)    IO C , , lch. .
(37)    Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an xxx (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an xxx.
(38)    Treoir 2000/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Bealtaine 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát i ndáil le hastaíocht torainn sa chomhshaol ó threalamh atá le húsáid lasmuigh (IO L 162, 3.7.2000, lch. 1).
(39)    Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hinnealra, agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (IO L 157, 9.6.2006, lch. 24).    
(40)    Treoir 2010/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 2010 maidir le brú-threalamh iniompartha agus lena n-aisghairtear Treoracha 76/767/CEE, 84/525/CEE, 84/526/CEE, 84/527/CEE agus 1999/36/CE ón gComhairle (IO L 165, 30.6.2010, lch. 1).    
(41)    Treoir 2013/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hearraí piriteicniúla a chur ar fáil ar an margadh (IO L 178, 28.6.2013, lch. 27).    
(42)    Treoir 2014/28/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le pléascáin le haghaidh úsáidí sibhialta a chur ar fáil ar an margadh agus a mhaoirsiú (IO L 96, 29.3.2014, lch. 1).    
(43)    Treoir 2014/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú ar dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hárthaí brú simplí a chur ar fáil ar an margadh (IO L 96, 29.3.2014, lch. 45).    
(44)    Treoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach (IO L 96, 29.3.2014, lch. 79).    
(45)    Treoir 2014/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le huirlisí neamh-uathoibríocha meáite a chur ar fáil ar an margadh (IO L 96, 29.3.2014, lch. 107).
(46)    Treoir 2014/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le huirlisí tomhais a chur ar fáil ar an margadh (IO L 96, 29.3.2014, lch. 149).    
(47)    Treoir 2014/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát i dtaca le hardaitheoirí agus le comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí (IO L 96, 29.3.2014, lch. 251).    
(48)    Treoir 2014/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh agus córais chosanta atá ceaptha chun úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh bheith pléascach (IO L 96, 29.3.2014, lch. 309).    
(49)    Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (IO L 96, 29.3.2014, lch. 357).    
(50)    Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 62).    
(51)    Treoir 2014/68/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le brú-threalamh a chur ar fáil ar an margadh (IO L 189, 27.6.2014, lch. 164).    
(52)    Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le comhchreat le haghaidh margú táirgí, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, 13.8.2008, lch. 82).
(53)    IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.
(54)    Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).