An Bhruiséil,2.9.2022

COM(2022) 436 final

2022/0258(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR) agus ar na Rialacháin atá i gceangal leis an gComhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha ar Uiscebhealaí Intíre (ADN)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir leis na leasuithe ar Iarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR) agus ar na Rialacháin atá i gceangal leis an gComhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha ar Uiscebhealaí Intíre (ADN), de réir mar is infheidhme ón 1 Eanáir 2023, i ndáil leis an deireadh atá beartaithe a chur leis an tréimhse neamhghníomhaíochta ina bhféadann comhaltaí na bpáirtithe conarthacha sa Mheitheal um Iompar Earraí Contúirteacha (WP.15) agus ar an gCoiste Riaracháin ADN agóid a dhéanamh in aghaidh na leasuithe atá beartaithe le haghaidh eagrán 2023.

2.Comhthéacs an Togra

Is leis na hIarscríbhinní agus na Rialacháin thuasluaite, ar a dtugtar na hIarscríbhinní a ghabhann le ADR agus na Rialacháin atá i gceangal le ADN, a rialaítear iompar idirnáisiúnta earraí contúirteacha de bhóthar, agus ar uiscebhealaí intíre faoi seach, idir chomhaltaí de Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) ar páirtithe conarthacha in ADR agus in ADN iad freisin.

Is cuid lárnach de bheartas coiteann iompair na hEorpa é an t‑iompar earraí contúirteacha de bhóthar, agus ar uiscebhealaí intíre a fhorbairt, laistigh den Aontas agus idir an tAontas agus tíortha comharsanachta araon, agus áirithítear leis feidhmiú ceart na mbrainsí tionsclaíocha uile a tháirgeann nó a úsáideann earraí a aicmítear a bheith contúirteach faoi ADR agus ADN. Tá sé fíor-riachtanach, dá bhrí sin, na comhaontuithe sin a oiriúnú leis an dul chun cinn teicneolaíoch agus eolaíoch chun an t‑iompar agus na brainsí tionsclaíocha lena mbaineann a fhorbairt. Leis na leasuithe seo, dírítear ar ADR agus ADN a ailíniú le Samhailrialacháin na Náisiún Aontaithe, lena n‑áirítear sainmhínithe, critéir aicmiúcháin agus uimhreacha Náisiún Aontaithe nua, ceanglais maidir le pacáistiú/lipéadú, agus nuashonrú ar na caighdeáin agus ar na forálacha teicniúla is infheidhme mar aon le ceartúcháin eagarthóireachta.

Forálacha idirnáisiúnta maidir le hiompar earraí contúirteacha, leag eagraíochtaí idirnáisiúnta éagsúla síos iad, amhail UNECE, an Eagraíocht Idir-rialtasach um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (OTIF) agus comhlachtaí speisialaithe éagsúla de chuid na Náisiún Aontaithe. Ós rud é nach mór na rialacha a bheith comhoiriúnach le chéile, cheap na heagraíochtaí lena mbaineann córas idirnáisiúnta casta le haghaidh comhordú agus comhchuibhiú. Oiriúnaítear na forálacha thar thréimhsí 2 bhliain.

2.1.An Comhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR)

Leis an gComhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR), rialaítear iompar idirnáisiúnta earraí contúirteacha de bhóthar idir Bhallstáit UNECE agus tíortha eile a chuireann ADR i bhfeidhm (páirtithe conarthacha ADR) a rialú. Tháinig ADR i bhfeidhm an 29 Eanáir 1968.

Níl an tAontas Eorpach ina pháirtí in ADR, ach tá na Bhallstáit uile ina bpáirtithe conarthacha.

2.2.An Comhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha ar Uiscebhealaí Intíre (ADN)

Leis an gComhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha ar Uiscebhealaí Intíre (ADN) rialaítear iompar idirnáisiúnta earraí contúirteacha ar uiscebhealaí intíre idir Bhallstáit UNECE agus na stáit eile a chuireann ADN i bhfeidhm (páirtithe conarthacha ADN) a rialú. Tháinig ADN i bhfeidhm an 28 Feabhra 2008.

Níl an tAontas Eorpach ina pháirtí in ADN, cé go bhfuil 13 Bhallstát ina bpáirtithe conarthacha ann.

2.3.An Mheitheal um Iompar Earraí Contúirteacha (WP.15) agus Coiste Riaracháin ADN

Is comhlachtaí iad an Mheitheal um Iompar Earraí Contúirteacha (WP.15) agus Coiste Riaracháin ADN agus Coiste Sábháilteachta ADN (WP.15/AC.2) a chuir UNECE ar bun chun cinneadh a dhéanamh maidir leis na leasuithe ar ADR agus ADN. Ionadaithe ó Bhallstáit UNECE a chuireann ADR agus ADN i bhfeidhm atá sna comhlachtaí sin. Tá vóta ag gach páirtí conarthach ADR agus ADN.

De réir Chaibidil VII – ‘Vótáil’ – ar na Téarmaí Tagartha agus Rialacha Nós Imeachta WP.15, ní bheidh vóta ach ag lánrannpháirtithe in WP.15, agus is trí chomhthoil a ghlacfar a chinntí den chuid is mó. Vótálann WP.15 trí vótáil le lámha.

In Airteagal 17(7) de ADN, luaitear go bhfuil vóta ag gach páirtí conarthach a bhfuil ionadaíocht aige ag seisiún Choiste Riaracháin ADN.

Áirítear leis na leasuithe a glacadh le linn na tréimhse dhá bhliain 2020-2022 sraith leathan d’oiriúnuithe don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.

Maidir leis na leasuithe sin atá molta ar ADR, ghlac WP.15 a chinneadh ag gach uile sheisiún a luaitear i Roinn 2.4 thíos. Ba é an Coiste Riaracháin a rinne an cinneadh maidir leis na leasuithe ar ADN le linn an 27ú seisiún de sa Ghinéiv, an 28 Eanáir 2022.

I gcomhréir le hAirteagal 14 de ADR, a luaithe a dhéanfaidh WP.15 cinneadh, ní mór aon leasú ar Iarscríbhinní ADR a mholtar a mheas a bheith glactha mura dtugann ar a laghad trian de na páirtithe conarthacha, nó cúig pháirtí díobh más mó aon trian ná cúig pháirtí, mura dtugann siad fógra i scríbhinn i leith na hagóide in aghaidh an leasaithe atá molta laistigh de 3 mhí ón dáta a scaipeann Ard‑Rúnaí na Náisiún Aontaithe é.

I gcomhréir le hAirteagal 20 de ADN, a luaithe a dhéanfaidh ADN cinneadh, ní mór na leasuithe a mheas a bheith glactha mura dtugann ar a laghad trian de na páirtithe conarthacha, nó cúig phairtí díobh más mó aon trian ná cúig pháirtí, mura dtugann siad fógra i scríbhinn i leith na hagóide in aghaidh an leasuithe a mholtar laistigh de 3 mhí ón dáta a scaipeann Ard‑Rúnaí na Náisiún Aontaithe é.

Na leasuithe arna nglacadh ag WP.15, mar a leagtar amach iad sna doiciméid atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an togra seo, cuireadh chuig ArdRúnaí na Náisiún Aontaithe iad ionas gur féidir fógra a thabhairt ina leith do pháirtithe conarthacha ADR an 6 Iúil 2022 lena nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 14 de ADR. Tá siad le fáil ar líne freisin 1 .

Na leasuithe arna nglacadh ag Coiste Riaracháin ADN, mar a leagtar amach iad sna doiciméid atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an togra seo, thug ArdRúnaí na Náisiún Aontaithe fógra ina leith do pháirtithe conarthacha ADN an 1 Iúil 2022 lena nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 20 de ADN. Tá siad le fáil ar líne freisin 2 .

Go dtí an 30 Meán Fómhair 2022 i gcás ADN agus go dtí an 5 Deireadh Fómhair 2022 i gcás ADR, is féidir le hArdrúnaí na Náisiún Aontaithe, ina cháil mar thaiscí, glacadh le hagóidí in aghaidh na leasuithe, mar a glacadh sna seisiúin dá dtagraítear thuas.

2.4.Na gníomhartha atá beartaithe ag WP.15 agus ag Coiste Riaracháin ADN

Is é is cuspóir do na gníomhartha atá beartaithe iompar sábháilte agus slán earraí contúirteacha de bhóthar agus ar uiscebhealaí intíre a áirithiú, trí fhorálacha áirithe a thabhairt cothrom le dáta. Áirítear orthu sin, i measc nithe eile, liosta na n‑earraí contúirteacha a cheadaítear a n‑iompar, na treoracha pacála, liosta na gcaighdeán is infheidhme agus riachtanais theicniúla eile maidir le gabhdáin éagsúla.

Leag eagraíochtaí éagsúla idirnáisiúnta forálacha idirnáisiúnta síos maidir le hiompar earraí contúirteacha. Áirítear leo Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) agus comhlachtaí speisialaithe éagsúla de chuid na Náisiún Aontaithe, amhail an Fochoiste Saineolaithe um Iompar Earraí Contúirteacha de chuid na Comhairle Eacnamaíche agus Sóisialta (ECOSOC). Ós rud é nach mór na rialacha a bheith comhoiriúnach le chéile, cheap na heagraíochtaí atá rannpháirteach córas idirnáisiúnta casta le haghaidh comhordú agus comhchuibhiú. Oiriúnaítear na forálacha thar thréimhsí 2 bhliain.

Chuathas i gcomhairle le réimse leathan saineolaithe ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach nuair a bhí na leasuithe sin á n‑ullmhú. Reáchtáladh na cruinnithe teicniúla seo a leanas nuair a bhí na leasuithe á n‑ullmhú:

Fochoiste Saineolaithe ECOSOC um Iompar Earraí Contúirteacha de chuid na Náisiún Aontaithe :

(1)le linn an 57ú seisiún de sa Ghinéiv, an 27 Samhain go dtí an 8 Nollaig 2020;

(2)le linn an 58ú seisiún de sa Ghinéiv, an 28 Meitheamh go dtí an 2 Iúil 2021;

(3)le linn an 59ú seisiún de sa Ghinéiv, an 29 Samhain go dtí an 8 Nollaig 2021;

cruinniú comhpháirteach UNECE-OTIF i ndáil leis an Rialachán maidir leis an gCoiste Saineolaithe um Iompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID) agus an Mheitheal um Iompar Earraí Contúirteacha :

(4)le linn sheisiún an fhómhair 2020 de sa Ghinéiv, an 10-18 Meán Fómhair 2020;

(5)le linn sheisiún an earraigh 2021 de i mBeirn, an 15-19 Márta 2021;

(6)le linn sheisiún an fhómhair 2021 de sa Ghinéiv, an 21 Meán Fómhair - an 1 Deireadh Fómhair 2021;

(7)le linn sheisiún an earraigh 2022 de i mBeirn, an 14-18 Márta 2022;

UNECE-WP.15 (ADR) sna seisiúin seo a leanas:

(8)le linn an 108ú seisiún de sa Ghinéiv, an 10-13 Samhain 2020;

(9)le linn an 109ú seisiún de sa Ghinéiv, an 4-7 Bealtaine 2021;

(10)le linn an 110ú seisiún de sa Ghinéiv, an 8-12 Samhain 2021;

(11)le linn an 111ú seisiún de sa Ghinéiv, an 9-13 Bealtaine 2022;

UNECE-WP.15 (ADN) sna seisiúin seo a leanas:

(12)le linn an 37ú seisiún de sa Ghinéiv, an 25-29 Eanáir 2021;

(13)le linn an 38ú seisiún de sa Ghinéiv, an 23-27 Lúnasa 2021;

(14)le linn an 39ú seisiún de sa Ghinéiv, an 24-28 Eanáir 2022;

agus le linn an 27ú seisiún de Choiste Riaracháin ADN sa Ghinéiv, an 28 Eanáir 2022.

Sna cruinnithe sin, rinne saineolaithe na gcoistí thuasluaite anailís agus próiseáil ar na tograí aonair le haghaidh leasuithe. Den chuid is mó, tugadh tacaíocht d’aon toil don ghníomhaíocht a moladh. I gcás tograí áirithe, thacaigh tromlach na saineolaithe leis na moltaí.

Na leasuithe a mholtar ar na hIarscríbhinní a ghabhann le ADR, a thug Ard‑Rúnaí na Náisiún Aontaithe fógra ina leith, mura meastar iad a bheith diúltaithe de bhun Airteagal 14(3) laistigh de 3 mhí ón dáta a tugadh fógra ina leith i.e. an 6 Deireadh Fómhair 2022, tiocfaidh na leasuithe sin i bhfeidhm an 1 Eanáir 2023.

Na leasuithe a mholtar ar na Rialacháin atá i gceangal le ADN, mura measfar iad a bheith diúltaithe de bhun Airteagal 20 (5) laistigh de 3 mhí ón dáta a tugadh fógra ina leith i.e. an 1 Deireadh Fómhair 2022, tiocfaidh na leasuithe sin i bhfeidhm an 1 Eanáir 2023.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh

Ní páirtí conarthach é an tAontas Eorpach in ADR ná in ADN. Mar sin féin, cé nach nglacann an tAontas Eorpach páirt i gcomhaontú idirnáisiúnta, ní chuireann sin cosc air a inniúlacht a fheidhmiú trí sheasamh atá le glacadh thar a cheann a chur ar bun sa chomhlacht sin a cuireadh ar bun leis an gcomhaontú sin, agus é sin a dhéanamh trína institiúidí, go háirithe trína Bhallstáit atá ina bPáirtithe Conarthacha sa chomhaontú sin, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun a leasa (féach an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12 (‘OIV’), mír 52 agus an cásdlí dá dtagraítear).

Faoi láthair, tá 53 Pháirtí Chonarthacha in ADR agus tá Ballstáit uile an Aontais Eorpaigh ina bPáirtithe Conarthacha sa Chomhaontú sin. Tá 18 bPáirtí Chonarthacha in ADN, agus tá 13 Bhallstát den Aontas ina bPáirtithe Conarthacha sa Chomhaontú sin.

Ó bhí an 1 Eanáir 1997 ann, tá forálacha ADR maidir le hiompar earraí contúirteacha á gcur i bhfeidhm ag an Aontas ar chríoch an Aontais Eorpaigh, ar dtús de bhun Threoir 94/55/CE ón gComhairle an 21 Samhain 1994 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát maidir le hiompar earraí contúirteacha de bhóthar 3 . In 2008, cuireadh Treoir 2008/68/CE 4 , lena saothraítear prionsabail na Treorach roimhe sin agus lena gcumhdaítear iompar earraí contúirteacha ar uiscebhealaí intíre, in ionad Threoir 94/55/CE. I bhfianaise na treorach sin, tá forálacha ADN maidir le hiompar earraí contúirteacha ar uiscebhealaí intíre, á gcur i bhfeidhm ag an Aontas Eorpach ó bhí an 1 Iúil 2009 ann.

Meastar gurb iomchuí na leasuithe atá beartaithe le haghaidh iompar sábháilte earraí contúirteacha ar bhealach atá costéifeachtach, agus dul chun cinn teicneolaíochta á chur san áireamh, agus féadfar tacú leo dá bhrí sin.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Na prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Tá feidhm ag Airteagal 218(9) CFAE gan beann ar cibé acu atá an tAontas ina bhall den chomhlacht nó ina pháirtí sa chomhaontú, nó nach bhfuil 5 .

Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha sin den dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear air freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a ‘d’fhéadfadh tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh 6 .

4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é WP.15 a bunaíodh le comhaontú, eadhon an Comhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR).

Is comhlacht é Coiste Riaracháin ADN a bunaíodh le comhaontú, eadhon an Comhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha ar Uiscebhealaí Intíre (ADN).

Gníomhartha beartaithe WP.15 agus Coiste Riaracháin ADN, is gníomhartha iad a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo. Faoi na coinníollacha a bhfuil cur síos déanta orthu thuas, beidh na gníomhartha beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 14 de ADR agus Airteagal 20 de ADN agus d’fhéadfadh siad tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar reachtaíocht an Aontais, mar atá Treoir 2008/68/CE. Is é is cúis leis sin Airteagal 1 de Threoir 2008/68/CE lena ndéantar éigeantach úsáid na rialacha sin le haghaidh iompar earraí contúirteacha de bhóthar agus ar uiscebhealaí intíre laistigh de na Ballstáit agus eatarthu éigeantach agus déantar foráil in Airteagal 4 de Threoir 2008/68/CE, Airteagal a bhaineann le tríú tíortha, go n‑údarófar ‘iompar earraí contúirteacha idir na Ballstáit agus tríú tíortha a mhéid a chomhlíonfar riachtanais ADR, RID nó ADN, mura dtabharfar a mhalairt le fios sna hIarscríbhinní’. Thairis sin, beidh feidhm ag na leasuithe thuasluaite ar fheidhmiú Threoir 2008/68/CE i bhfianaise Airteagal 8 den Treoir sin. Faoin bhforáil sin, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún Iarscríbhinn I, Roinn I.1 agus Iarscríbhinn III, Roinn III.1 a ghabhann le Treoir 2008/68/CE a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, go háirithe ‘chun leasuithe ar an gComhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR) (...) agus an Comhaontú Eorpach Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Uiscebhealaí Intíre (ADN) a chur san áireamh’.

Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar creat institiúideach na gComhaontuithe ná ní leasaítear é.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí don nós imeachta le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Na prionsabail

An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chuid de ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na codanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó príomhchuid agus an ceann eile mar aidhm teagmhasach nó cuid theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear faoin bpríomhaidhm nó faoin bpríomhchuid.

4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Baineann príomhchuspóir agus ábhar an Chinnidh le hiompar earraí contúirteacha de bhóthar agus ar uiscebhealaí intíre. Dá bhrí sin, is é Airteagal 91 CFAE an bunús dlí substainteach dó.

4.3.Conclúid

Ba cheart Airteagal 91 CFAE a bheith ina bhunús dlí don Chinneadh ón gComhairle atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Ar chúiseanna trédhearcachta agus tagartha cuí, foilseofar cinntí ón Meitheal um Iompar Earraí Contúirteacha (WP.15) agus ó Choiste Sábháilteachta ADN in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus ba cheart dáta a dteacht i bhfeidhm a bheith luaite leo.

2022/0258 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR) agus ar na Rialacháin atá i gceangal leis an gComhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha ar Uiscebhealaí Intíre (ADN)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tháinig an Comhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR) i bhfeidhm an 29 Eanáir 1968. Tháinig an Comhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha ar Uiscebhealaí Intíre (ADN) i bhfeidhm an 28 Feabhra 2008.

(2)De bhun Airteagal 14 ADR, féadfaidh aon pháirtí conarthach leasú amháin nó níos mó ar Iarscríbhínní ADR a mholadh. Ciallaíonn sé sin go bhféadfaidh an Mheitheal um Iompar Earraí Contúirteacha (“WP.15”) leasuithe ar Iarscríbhinní a ghabhann le ADR a ghlacadh. De bhun Airteagal 20 de ADN, féadfaidh an Coiste Sábháilteachta agus an Coiste Riaracháin leasuithe ar na Rialacháin atá i gceangal le ADN a ghlacadh.

(3)Na leasuithe a ghlac WP.15 agus Coiste Riaracháin ADN um iompar earraí contúirteacha de bhóthar agus ar uiscebhealaí intíre le linn an dá bhliain 2020-2022, tugadh fógra ina leith do pháirtithe conarthacha ADR an 6 Iúil 2022 agus do pháirtithe conarthacha ADN an 1 Iúil 2022.

(4)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir leis na leasuithe sin ar ADR agus ADN a leagan síos toisc go mbeidh siad ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta agus toisc go bhféadfaidh siad tionchar cinntitheach a bheith acu ar a bhfuil i ndlí an Aontais, eadhon Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 . Leagtar síos leis an Treoir sin, riachtanais le haghaidh iompar earraí contúirteacha de bhóthar, d’iarnród agus ar uiscebhealaí intíre laistigh, riachtanais a mbeidh feidhm leo laistigh de na Ballstáit nó eatarthu i gcomhréir le hAirteagal 1, trí thagairt a dhéanamh do ADR agus ADN. In Airteagal 4 den Treoir, luaitear go núdarófar iompar earraí contúirteacha idir na Ballstáit agus tríú tíortha a mhéid a chomhlíonfar riachtanais ADR, RID agus ADN, mura dtabharfar a mhalairt le fios sna hIarscríbhinní. Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2008/68/CE, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún Iarscríbhinn I, Roinn I.1 agus Iarscríbhinn III, Roinn III.1 a ghabhann le Treoir 2008/68/CE a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, go háirithe chun na leasuithe ar ADR, RID nó ADN a chur san áireamh.

(5)Ní páirtí conarthach é an tAontas Eorpach in ADR ná in ADN. Mar sin féin, ní chuireann sin bac air a inniúlacht a fheidhmiú trí sheasamh a chur ar bun trína institiúidí, seasamh atá le glacadh thar a cheann sa chomhlacht a cuireadh ar bun le ceachtar de na comhaontuithe, go háirithe trí na Ballstáit ar páirtithe iad i gceachtar de na comhaontuithe sin ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun a leasa.

(6)Is páirtithe conarthacha in ADR iad na Ballstáit uile agus cuireann siad ADR i bhfeidhm, agus tá 13 Bhallstát ina bpáirtithe conarthacha in ADN agus cuireann siad ADN i bhfeidhm.

(7)Na leasuithe atá beartaithe, is é is aidhm dóibh a áirithiú gur go sábháilte éifeachtúil a iomprófar earraí contúirteacha, agus dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil san earnáil, chomh maith le forbairt substaintí agus earraí nua a d’fhéadfadh a bheith contúirteach le linn a niompartha, á gcur san áireamh. Is cuid lárnach de bheartas coiteann iompair na hEorpa é iompar earraí contúirteacha de bhóthar agus ar uiscebhealaí intíre a fhorbairt, laistigh den Aontas agus idir an tAontas agus tíortha comharsanachta araon, agus áirithítear leis feidhmiú ceart na mbrainsí tionsclaíocha uile a tháirgeann nó a úsáideann earraí atá aicmithe mar earraí contúirteacha faoi ADR nó ADN.

(8)Meastar gurb iomchuí na leasuithe atá beartaithe le haghaidh iompar sábháilte earraí contúirteacha ar bhealach atá costéifeachtach agus féadfar tacú leo dá bhrí sin.

(9)Tá údar cuí leis na leasuithe uile a mholtar agus tá tairbhe le baint astu, agus ar an ábhar sin ba cheart don Aontas tacú leo.

(10)Tá Ballstáit an Aontais atá ina bpáirtithe conarthacha in ADR agus in ADN chun seasamh an Aontais a chur in iúl, ag gníomhú go comhpháirteach dóibh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir leis na leasuithe a glacadh ag an Meitheal um Iompar Earraí Contúirteacha (WP.15) agus ag Coiste Riaracháin ADN ar na hIarscríbhinní a ghabhann le ADR agus ar na Rialacháin atá i gceangal le ADN, faoi seach, dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, leagtar amach é san Iarscríbhinn sin.

Féadfaidh mionathruithe ar an seasamh sin a chomhaontú gan cinneadh eile ón gComhairle, i gcomhréir le hAirteagal 2.

Airteagal 2

Na Ballstáit den Aontas atá ina bpáirtithe conarthacha in ADR agus in ADN, cuirfidh siad in iúl an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1, ag gníomhú go comhpháirteach dóibh chun leas an Aontais.

Airteagal 3

A luaithe a ghlacfar na cinntí ón Meitheal um Iompar Earraí Contúirteacha (WP.15) agus ó Choiste Sábháilteachta ADN, foilseofar iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus ba cheart dáta a dteacht i bhfeidhm a bheith luaite leo.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    https://unece.org/transport/dangerous-goods
(2)    https://unece.org/transport/documents/2022/06/standards/european-agreement-concerning-international-carriage
(3)    IO L 319, 12.12.1994, lch. 7.
(4)    IO L 260, 30.9.2008, lch. 13.
(5)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, mír 64.
(6)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(7)    Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha, (IO L 260, 30.9.2008, lch. 13.)

An Bhruiséil,2.9.2022

COM(2022) 436 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR) agus ar na Rialacháin atá i gceangal leis an gComhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha ar Uiscebhealaí Intíre (ADN)


IARSCRÍBHINN

Moladh

Doiciméad tagartha

Fógra

Saincheist

Nótaí

Seasamh an Aontais

1.

ECE/TRANS/WP.15/256

C.N.171.2022.TREATIES‑XI.B.14

Dréachtleasuithe ar iarscríbhinní A agus B de ADR

Comhthoil theicniúil ag an Meitheal um Iompar Earraí Contúirteacha – WP.15

Aontaigh leis na leasuithe

2.

ECE/TRANS/WP.15/256/Add.1

C.N.171.2022.TREATIES‑XI.B.14

Dréachtleasuithe ar iarscríbhinní A agus B de ADR - Aguisín

Comhthoil theicniúil ag an Meitheal um Iompar Earraí Contúirteacha – WP.15

Aontaigh leis na leasuithe

3.

ECE/TRANS/WP.15/256/Corr.1

C.N.171.2022.TREATIES‑XI.B.14

Dréachtleasuithe ar iarscríbhinní A agus B de ADR - Ceartúchán 1

Comhthoil theicniúil ag an Meitheal um Iompar Earraí Contúirteacha – WP.15

Aontaigh leis na leasuithe

4.

ECE/TRANS/WP.15/256/Corr.2

C.N.171.2022.TREATIES‑XI.B.14

Dréachtleasuithe ar iarscríbhinní A agus B de ADR - Ceartúchán 2

Comhthoil theicniúil ag an Meitheal um Iompar Earraí Contúirteacha – WP.15

Aontaigh leis na leasuithe

5.

ECE/ADN/61

C.N.158.2022.TREATIES‑XI.D.6

Dréachtleasuithe ar na Rialacháin atá i gceangal le ADN

Comhthoil theicniúil ag Coiste Riaracháin ADN

Aontaigh leis na leasuithe