An Bhruiséil,2.9.2022

COM(2022) 435 final

2022/0257(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Cinneadh (AE) 2015/2169 maidir le cur i gcrích an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

Forais agus cuspóirí an togra

An 1 Deireadh Fómhair 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2015/2169 maidir le cur i gcrích an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile 1 .

Leis an bPrótacal maidir le Comhar Cultúrtha 2 , atá i gceangal leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile 3 (‘an Prótacal’), bunaítear in Airteagal 1 an creat ina gcomhoibríonn na Páirtithe chun malartuithe a éascú maidir le gníomhaíochtaí cultúrtha, earraí agus seirbhísí, lena náirítear malartuithe san earnáil chlosamhairc.

Áirítear sa Phrótacal forálacha maidir le teidlíocht i ndáil le comhléiriúcháin closamhairc chun tairbhe a bhaint as na scéimeanna faoi seach.

De bhun Airteagal 5(8)(b) den Phrótacal, tar éis thréimhse thosaigh 3 bliana déanfar an teidlíocht a athnuachan go ceann tréimhsí leantacha eile den fhad céanna, mura gcuireann Páirtí deireadh leis an teidlíocht trí fhógra i scríbhinn a thabhairt ar a laghad 3 mhí sula rachaidh an tréimhse thosaigh nó aon tréimhse dá héis sin in éag.

I gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Chinneadh (AE) 2015/2169 mar atá sé faoi láthair, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Phoblacht na Cóiré má bhíonn sé i gceist ag an Aontas gan síneadh a chur le tréimhse na teidlíochta chun comhléiriúcháin de bhun Airteagal 5 den Phrótacal de réir an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 5(8), pointe (b) den Phrótacal sin, ach amháin má aontaíonn an Chomhairle d’aon toil, ar thogra ón gCoimisiún, 4 mhí roimh dheireadh thréimhse na teidlíochta, leanúint ar aghaidh leis an teidlíocht.

Le breithiúnas an 1 Márta 2022 sa chás an Coimisiún v an Chomhairle 4 , chinn an Chúirt Bhreithiúnais nach raibh an nós imeachta a bhunaítear in Airteagal 3(1) de Chinneadh (AE) 2015/2169 ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE a mhéid a chuir sé de cheangal ar an gComhairle vótáil d’aon toil. Ní mór gurb í an riail vótála a leagtar síos in Airteagal 218(8) CFAE, an chéad fhomhír, eadhon vótáil trí thromlach cáilithe sa Chomhairle, an riail vótála is infheidhme maidir le cinntí a ghlacadh amhail na cinntí a bheartaítear le hAirteagal 3(1) de Chinneadh (AE) 2015/2169 ón gComhairle.

Dá bhrí sin, ní mór an ceanglas atá ar an gComhairle gníomhú d’aon toil a scriosadh chun cinneadh a dhéanamh maidir le leanúint leis an teidlíocht.

2.BUNÚS DLÍ

Bunús dlí

Leis an togra leasaítear Cinneadh (AE) 2015/2169 ón gComhairle agus ba cheart, dá bhrí sin, é a ghlacadh ar an mbunús dlí céanna, eadhon Airteagal 91, Airteagal 100(2), Airteagal 167(3) agus Airteagal 207 i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a)(v) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), an Chomhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe tar éis toiliú a fháil ón bParlaimint.

An rogha ionstraime

Leasaítear leis an togra Cinneadh (AE) 2015/2169 ón gComhairle.

2022/0257 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Cinneadh (AE) 2015/2169 maidir le cur i gcrích an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91, Airteagal 100(2), Airteagal 167(3) agus Airteagal 207 i gcomhar le hAirteagal 218(6), pointe (a)(v) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An 1 Deireadh Fómhair 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2015/2169 maidir le cur i gcrích an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile 5 .

(2)Leis an bPrótacal maidir le Comhar Cultúrtha 6 , atá i gceangal leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile 7 (‘an Prótacal’), bunaítear in Airteagal 1 an creat ina gcomhoibríonn na Páirtithe chun malartuithe a éascú maidir le gníomhaíochtaí cultúrtha, earraí agus seirbhísí, lena náirítear malartuithe san earnáil chlosamhairc.

(3)Áirítear sa Phrótacal forálacha maidir le teidlíocht i ndáil le comhléiriúcháin closamhairc chun tairbhe a bhaint as na scéimeanna faoi seach.

(4)De bhun Airteagal 5(8), pointe (b), den Phrótacal, tar éis thréimhse thosaigh 3 bliana déanfar an teidlíocht a athnuachan go ceann tréimhsí leantacha eile den fhad céanna, mura gcuireann Páirtí deireadh leis an teidlíocht trí fhógra i scríbhinn a thabhairt ar a laghad 3 mhí sula rachaidh an tréimhse thosaigh nó aon tréimhse dá héis sin in éag.

(5)I gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Chinneadh (AE) 2015/2169, tabharfaidh an Coimisiún fógra don Chóiré má bhíonn sé i gceist ag an Aontas gan síneadh a chur le tréimhse na teidlíochta chun comhléiriúcháin de bhun Airteagal 5 den Phrótacal de réir an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 5(8), pointe (b), den Phrótacal sin, ach amháin má aontaíonn an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, 4 mhí roimh dheireadh thréimhse na teidlíochta sin, leanúint ar aghaidh leis an teidlíocht.

(6)Le breithiúnas an 1 Márta 2022 sa chás an Coimisiún v an Chomhairle 8 , chinn an Chúirt Bhreithiúnais nach raibh an nós imeachta a bhunaítear in Airteagal 3(1) de Chinneadh (AE) 2015/2169 i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE a mhéid a chuir sé de cheangal ar an gComhairle vótáil d’aon toil. Ní mór gurb í an riail vótála a leagtar síos in Airteagal 218(8) CFAE, an chéad fhomhír, eadhon vótáil trí thromlach cáilithe sa Chomhairle, an riail vótála is infheidhme maidir le cinntí a ghlacadh amhail na cinntí a bheartaítear le hAirteagal 3(1) de Chinneadh (AE) 2015/2169.

(7)Dá bhrí sin, ba cheart an ceanglas atá ar an gComhairle gníomhú d’aon toil chun cinneadh a dhéanamh maidir le leanúint leis an teidlíocht a scriosadh.

(8)I gcomhréir le hAirteagal 266 CFAE, chun an breithiúnas a chur chun feidhme go gasta, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a ghlactha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 3(1) de Chinneadh (AE) 2015/2169, scriostar an tríú habairt.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)     IO L 307, 25.11.2015, lch. 2 .
(2)     IO L 127, 14.5.2011, lch. 1418 .
(3)     IO L 127, 14.5.2011, lch. 6 .
(4)     Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 1 Márta 2022, an Coimisiún v an Chomhairle, C-275/20, ECLI:EU:C:2022:142.
(5)     IO L 307, 25.11.2015, lch. 2 .
(6)     IO L 127, 14.5.2011, lch. 1418 .
(7)     IO L 127, 14.5.2011, lch. 6 .
(8)     Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 1 Márta 2022, an Coimisiún v an Chomhairle, C-275/20, ECLI:EU:C:2022:142.