An Bhruiséil,31.8.2022

COM(2022) 428 final

2022/0254(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhchoiste AE-CTC arna bhunú ag Coinbhinsiún an 20 Bealtaine 1987 maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach a mhéid a bhaineann le leasuithe ar an gCoinbhinsiún sin


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste AE-CTC (‘an Comhchoiste’) a bunaíodh le Coinbhinsiún an 20 Bealtaine 1987 maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach 1 (‘an Coinbhinsiún’) i ndáil le Cinneadh a bhfuil sé beartaithe a ghlacadh lena leasófar roinnt Iarscríbhinní in Aguisín III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Coinbhinsiún maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach

Is éard is aidhm don Choinbhinsiún gluaiseacht earraí a éascú idir an tAontas Eorpach agus tíortha is Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún. Tugadh i gcrích é an 20 Bealtaine 1987 idir an Comhphobal Eorpach agus Tíortha CSTE ar dtús agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 1988.

Bunaítear leis an gCoinbhinsiún bearta lena n‑éascaítear gluaiseacht earraí idir an tAontas Eorpach, Poblacht na hÍoslainne, Poblacht na Macadóine Thuaidh, Ríocht na hIorua, Cónaidhm na hEilvéise, Poblacht Türkiye, Poblacht na Seirbia agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann.

Is Páirtí Conarthach sa Choinbhinsiún atá san Aontas Eorpach.

Tíortha ar Páirtithe Conarthacha iad sa Choinbhinsiún ach nach comhaltaí den Aontas iad, tagraítear dóibh sa Choinbhinsiún mar thíortha comhchoiteanna idirthurais (‘CTC’).

2.2.Comhchoiste AE-CTC

Is é an cúram atá ar an gComhchoiste AE-CTC an Coinbhinsiún a riar agus cur chun feidhme cuí an Choinbhinsiúin a áirithiú. Glacann an Coiste leasuithe a dhéantar ar fhoscríbhinní an Choinbhinsiúin, agus is trí bhíthin cinntí a dhéanann sé sin.

Na cinntí a dhéanann an Comhchoiste, déanann na Páirtithe Conarthacha iad a ghlacadh de chomhaontú frithpháirteach.

2.3.An Cinneadh atá beartaithe ag Coiste AE-CTC

Ag seisiún atá le teacht nó trí bhíthin nós imeachta i scríbhinn, tá Comhchoiste AE-CTC le dréachtchinneadh Uimh. 3/2022 ón gComhchoiste AE-CTC maidir leis an nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach a ghlacadh.

Is é is cuspóir don dréachtchinneadh aontachas na hÚcráine leis an gCoinbhinsiún maidir le Nós Imeachta Comhchoiteann um Earraí faoi Bhealach a chur san áireamh. Baineann sé le tagairtí teanga nua a thabhairt isteach maidir leis an tír sin, agus ainm na hÚcráine a chur le liosta na dtíortha atá sna doiciméid ráthaíochta faoi seach. Tá gá leis sin chun an nós imeachta comhchoiteann maidir le hearraí faoi bhealach idir na Páirtithe Conarthacha a chur chun feidhme.

Beidh an Cinneadh ón gComhchoiste lena leasaítear an Coinbhinsiún ceangailteach ar na Páirtithe Conarthacha i gcomhréir le hAirteagal 2(1) den Chinneadh sin, lena bhforáiltear ‘Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ón dáta a ndéanfar páirtí conarthach sa Choinbhinsiún den Úcráin’.

I gcomhréir le hAirteagal 15(3) den Choinbhinsiún, is iad na Páirtithe Conarthacha a chuireann cinneadh den chineál seo i bhfeidhm i gcomhréir lena gcuid reachtaíochta féin.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Baineann an seasamh atá beartaithe le leasú a dhéanamh ar roinnt iarscríbhinní i bhFoscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, d’fhonn na doiciméid ráthaíochta a oiriúnú agus téarmaí teicniúla áirithe a chur isteach san Úcráinis le haghaidh aontachas na hÚcráine leis an gCoinbhinsiún. Is de chineál teicniúil é raon feidhme na leasuithe sin.

Is é an aidhm atá ann a áirithiú go nglacfaidh Comhchoiste AE-CTC na hathruithe teicniúla uile ar an gCoinbhinsiún chun an nós imeachta comhchoiteann maidir le hearraí faoi bhealach idir an Úcráin agus Páirtithe Conarthacha eile a chur chun feidhme.

Ba cheart tairbhí suntasacha nithiúla a bheith ann do thrádálaithe agus do riaracháin chustaim mar thoradh air sin trí fhoirmiúlachtaí idirthurais a shimpliú agus trí ghluaiseacht earraí a éascú, rud atá i gcomhréir le tacaíocht an Choimisiúin don Úcráin.

Tá an cinneadh atá beartaithe comhsheasmhach le beartais an Aontais Eorpaigh i réimsí na trádála agus an iompair.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Na prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe’.

Ordaíonn Airteagal 15(3)(a) den Choinbhinsiún don Chomhchoiste AE-CTC leasuithe ar Fhoscríbhinní an Choinbhinsiúin a leasú trí bhíthin cinnidh.

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is éard atá sa Chomhchoiste comhlacht arna bhunú le hAirteagal 14 den Choinbhinsiún.

Is éard atá sa Chinneadh a iarrtar ar an gComhchoiste a ghlacadh gníomh a bhfuil éifeacht dlí aige. Beidh an Cinneadh sin ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 20 den Choinbhinsiún.

Ní fhorlíontar creat institiúideach an Choinbhinsiúin leis an gCinneadh ná ní leasaítear é.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE bunús dlí nós imeachta an chinnidh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Na prionsabail

Braitheann an bunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith.

Is é Airteagal 207 CFAE bunús substaintiúil dlí an chinnidh atá beartaithe.

4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is le comhbheartas tráchtála a bhaineann príomhchuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 207 CFAE bunús substaintiúil dlí an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Ba cheart Airteagal 207 CFAE a bheith ina bhunús dlí don chinneadh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

2022/0254 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhchoiste AE-CTC arna bhunú ag Coinbhinsiún an 20 Bealtaine 1987 maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach a mhéid a bhaineann le leasuithe ar an gCoinbhinsiún sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An Coinbhinsiún maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach 2 (‘an Coinbhinsiún’), is amhlaidh a tugadh i gcrích é idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Fionlainne, Poblacht na hÍoslainne, Ríocht na hIorua, Ríocht na Sualainne agus Cónaidhm na hEilvéise an 20 Bealtaine 1987, agus is ar an 1 Eanáir 1988 a tháinig sé i bhfeidhm.

(2)De bhun Airteagal 15(3)(a) den Choinbhinsiún, is féidir le Comhchoiste AE-CTC maidir leis an nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach, ar comhchoiste é a socraíodh faoin gCoinbhinsiún sin (‘an Comhchoiste’), is féidir leis leasuithe ar Fhoscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a ghlacadh, agus is trí bhíthin cinntí a dhéanann sé sin.

(3)Chuir an Úcráin in iúl gur mian léi aontú don Choinbhinsiún agus iarrfar uirthi é sin a dhéanamh.

(4)Le haontachas na hÚcráine, beidh gá leis na doiciméid ráthaíochta faoi seach a oiriúnú agus téarmaí teicniúla áirithe a chur isteach i dteanga na hÚcráine.

(5)Is iomchuí an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a leagan síos, ós rud é go mbeidh an cinneadh chun an Coinbhinsiún a leasú ina cheangal ar an Aontas.

(6)Chuir Ballstáit uile an Aontais a dtuairim dhearfach in iúl a mhéid a bhaineann leis na leasuithe atá beartaithe sa Mheitheal AE-CTC maidir leis an nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach.

(7)Ós rud é go leasóidh Cinneadh an Chomhchoiste an Coinbhinsiún, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, ag seisiún atá le teacht nó trí bhíthin nós imeachta i scríbhinn, i gComhchoiste AE-CTC arna bhunú ag Coinbhinsiún an 20 Bealtaine 1987 maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach i dtaca le leasuithe ar Fhoscríbhinní an Choinbhinsiúin, is seasamh é a bheidh bunaithe ar an dréachtchinneadh den Chomhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Féadfaidh ionadaí an Aontais sa Chomhchoiste mionathruithe ar an dréacht Chinneadh a aontú gan Cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 2

Tar éis a ghlactha, foilseofar an Cinneadh ón gComhchoiste in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 226, 13.8.1987, lch. 2.
(2)    IO L 226, 13.8.1987, lch. 2.

An Bhruiséil,31.8.2022

COM(2022) 428 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhchoiste AE-CTC arna bhunú ag Coinbhinsiún an 20 Bealtaine 1987 maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach a mhéid a bhaineann le leasuithe ar an gCoinbhinsiún sin


IARSCRÍBHINN

IARSCRÍBHINN

Togra le haghaidh Cinneadh Uimh. 3/2022 ó Chomhchoiste AE-CTC a bunaíodh faoi Choinbhinsiún an 20 Bealtaine 1987 maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach

an ….2022

lena leasaítear an Coinbhinsiún sin

COMHCHOISTE AE-CTC,

Ag féachaint do Choinbhinsiún an 20 Bealtaine 1987 maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach, agus go háirithe Airteagal 15(3), pointe (a) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Chuir an Úcráin in iúl gur mian léi aontú do Choinbhinsiún an 20 Bealtaine 1987 maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach 1 (‘an Coinbhinsiún’) agus iarradh uirthi é sin a dhéanamh tar éis Chinneadh Uimh. 2/2022 an [25 Lúnasa] 2022 ón gComhchoiste AE-CTC arna bhunú leis an gCoinbhinsiún.

(2) Le haontachas na hÚcráine, beidh gá leis na doiciméid ráthaíochta faoi seach a oiriúnú agus téarmaí teicniúla áirithe a chur isteach i dteanga na hÚcráine.

(3) Chun úsáid foirmeacha ráthaíochta arna gcló i gcomhréir leis na critéir a bhí i bhfeidhm roimh dháta aontachais na hÚcráine a cheadú, ba cheart idirthréimhse a bhunú ina bhféadfaí leanúint de na foirmeacha clóite, maille le roinnt oiriúnuithe, a úsáid.

(4) Ba cheart teacht i bhfeidhm an Chinnidh seo a nascadh le dáta aontachais na hÚcráine leis an gCoinbhinsiún.

(5) Dá bhrí sin, ba cheart an Coinbhinsiún a leasú dá réir.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Foscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

1. Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ón dáta a ndéanfar páirtí conarthach sa Choinbhinsiún den Úcráin.

2. Na foirmeacha atá bunaithe ar na foirmeacha samplacha in Iarscríbhinní C1 go C6 a ghabhann le Foscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, sa leagan is infheidhme an lá roimh theacht i bhfeidhm an chinnidh seo, féadfar leanúint dá n‑úsáid faoi réir na n‑oiriúnuithe geografacha is gá agus faoi réir na n‑oiriúnuithe a bhaineann leis an seoladh le haghaidh seirbheála nó leis an ngníomhaire údaraithe, go dtí an 1 Aibreán 2024.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, ……….

                       Thar ceann an Chomhchoiste

An tUachtarán

Matthias PETSCHKE

IARSCRÍBHINN

1. In Iarscríbhinn B1, i mbosca 51, cuirtear isteach an fhleasc seo a leanas idir an Tuirc agus Tuaisceart Éireann:

UA     An Úcráin

2. In Iarscríbhinn B6, leasaítear Teideal III mar a leanas:

2.1. Sa chéad chuid den tábla ‘Bailíocht theoranta – 99200’ cuirtear isteach an fhleasc seo a leanas i ndiaidh TR:

- UA    Дія обмежена

2.2. Sa dara cuid den tábla ‘Tarscaoileadh – 99201’ cuirtear isteach an fhleasc seo a leanas i ndiaidh TR:

- UA    Звільнення

2.3. Sa tríú cuid den tábla ‘Cruthúnas malartach – 99202’ cuirtear isteach an fhleasc seo a leanas i ndiaidh TR

- UA    Альтернативне підтвердження

2.4. Sa cheathrú cuid den tábla ‘Difríochtaí: Oifig inar tíolacadh earraí...(ainm agus tír) – 99203’ cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach tar éis TR:

- UA    Розбіжності: митниця, де товари були пред’явлені …… (назва і країна)

2.5. Sa chúigiú cuid den tábla ‘Imeacht ón.................faoi réir srianta nó muirear faoi Rialachán/Threoir/Chinneadh Uimh. …- 99204”, cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach tar éis TR:

- UA    Вибуття із …………… з урахуванням обмежень та зі сплатою зборів відповідно до Регламенту/Директиви/Рішення № …

2.6. Sa seachtú cuid den tábla ‘Coinsíneoir údaraithe – 99206’ cuirtear isteach an fhleasc seo a leanas i ndiaidh TR:

- UA    Авторизований вантажовідправник

2.7. San ochtú cuid den tábla ‘Síniú tarscaoilte – 99207’ cuirtear isteach an fhleasc seo a leanas i ndiaidh TR:

- UA    Звільнено від підпису

2.8. Sa naoú cuid den tábla ‘    RÁTHAÍOCHT CHUIMSITHEACH TOIRMISCTHE – 99208’ cuirtear isteach an fhleasc seo a leanas i ndiaidh TR:

- UA    ЗАГАЛЬНА ГАРАНТІЯ ЗАБОРОНЕНА

2.9. Sa deichiú cuid den tábla ‘ÚSÁID NEAMHSHRIANTA – 99209’ cuirtear isteach an fhleasc seo a leanas i ndiaidh TR:

- UA    ВИКОРИСТАННЯ БЕЗ ОБМЕЖЕНЬ

2.10. San aonú cuid déag den tábla ‘Eisithe go cúlghabhálach – 99210’ cuirtear isteach an fhleasc seo a leanas i ndiaidh TR:

- UA    Видано згодом

2.11. Sa dara cuid déag den tábla ‘Nithe éagsúla – 99211’ cuirtear isteach an fhleasc seo a leanas i ndiaidh TR:

- UA    Різне

2.12 Sa tríú cuid déag den tábla ‘Ar an mórchóir – 99212’ cuirtear isteach an fhleasc seo a leanas i ndiaidh TR:

- UA    Навалювальний вантаж

2.13. Sa cheathrú cuid déag den tábla ‘Coinsíneoir – 99213’ cuirtear isteach an fhleasc seo a leanas i ndiaidh TR:

- UA    Вантажовідправник

3. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn C1:

IARSCRÍBHINN C1

GEALLTANAS AN RÁTHÓRA — RÁTHAÍOCHT AONAIR

I. Gealltanas ón ráthóir

1. An duine/na daoine thíos‑sínithe (1)

…………………………………………………………………………………………………..…………………………………………………………………………………………………..

a chónaíonn i/in/sa/san(2)

…………………………………………………………………………………………………... ……….…………………………………………………………………………………………...

ráthaíonn sé/siad leis seo, i gcomhpháirt agus go leithleach, in oifig custaim na ráthaíochta

…………………………………………………………………………………………………...

ráthaíocht suas le huasmhéid de

…………………………………………………………………………………………………...

i bhfabhar an Aontais Eorpaigh (ina bhfuil Ríocht na Beilge, Poblacht na Bulgáire, Poblacht na Seice, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na hEastóine, an Phoblacht Heilléanach, Poblacht na Cróite, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Éire, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Ard‑Diúcacht Lucsamburg, an Ungáir, Poblacht Mhálta, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne) agus Phoblacht na hÍoslainne, Phoblacht na Macadóine Thuaidh, Ríocht na hIorua, Phoblacht na Seirbia, Chónaidhm na hEilvéise, Phoblacht na Tuirce, na hÚcráine, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann(3) (4), Phrionsacht Andóra agus Phoblacht San Mairíne(5), aon mhéid ar ina leith atá an duine a thugann an ráthaíocht seo(6):

…………………………………………………………………………………………………..

d’fhéadfadh sé a bheith faoi dhliteanas nó d’fhéadfadh sé teacht i gceist go mbeadh sé faoi dhliteanas ag na tíortha thuasluaite i leith fiach i bhfoirm dleachta agus muirear eile(7) i ndáil leis na hearraí a thuairiscítear thíos agus a chumhdaítear leis an oibríocht chustaim seo a leanas(8):

…………………………………………………………………………………………………...…………………………………………………………………………………………………...

Tuairisc ar na hearraí……………………………………………………………………………….

…………………………………………………………………………………………………...

…………………………………………………………………………………………………..

…………………………………………………………………………………………………..

2. Geallann an duine/na daoine thíos‑sínithe go n‑íocfaidh sé/siad an tsuim a iarrtar ar an gcéad iarratas i scríbhinn ó údaráis inniúla na dtíortha dá dtagraítear i bpointe 1 agus é/iad gan a bheith in ann an íocaíocht a chur siar thar thréimhse 30 lá ó dháta an iarratais, mura rud é go suífidh sé/siad nó aon duine eile lena mbaineann roimh dhul in éag na tréimhse sin, chun sástacht na n‑údarás custaim, gur urscaoileadh an nós imeachta speisialta seachas an nós imeachta úsáide deiridh, go bhfuil deireadh ceart curtha leis an maoirseacht chustaim ar earraí úsáide deiridh nó leis an stóráil shealadach nó, i gcás na n‑oibríochtaí seachas nósanna imeachta speisialta agus stóráil shealadach, gur tugadh staid na n‑earraí chun rialtachta.

Arna iarraidh sin don duine/do na daoine thíos‑sínithe agus ar aon chúis a aithnítear a bheith bailí, féadfaidh na húdaráis inniúla an tréimhse ar laistigh di a bhfuil sé d’oibleagáid air/orthu na suimeanna arna n‑iarraidh a íoc a chur siar thar thréimhse 30 lá ón dáta a ndéantar iarratas ar íocaíocht. Ní mór na costais arna dtabhú mar thoradh ar an tréimhse bhreise sin a dheonú, go háirithe aon ús, a ríomh ionas go mbeidh an méid coibhéiseach leis an méid a mhuirearófaí in imthosca den chineál céanna ar an margadh airgid nó ar an margadh airgeadais sa tír lena mbaineann.

3. Beidh an gealltanas sin bailí ón lá a fhormheasfaidh oifig na ráthaíochta é. Leanfaidh an duine/na daoine thíos‑sínithe de bheith faoi dhliteanas aon fhiach a íoc ar fiach é a tabhaíodh le linn na hoibríochta custaim a chumhdaítear leis an ngnóthas sin agus a tosaíodh sular tháinig aon chúlghairm nó aon chealú ar an ráthaíocht i bhfeidhm, fiú má dhéantar an t‑éileamh ar íocaíocht tar éis an dáta sin.

4. Chun críche an ghnóthais seo, tugann an duine/na daoine thíos‑sínithe a sheoladh/a seoltaí le haghaidh seirbheála(9) i ngach ceann de na tíortha eile dá dtagraítear i bpointe 1 mar a leanas:

Tír

Sloinne agus céadainmneacha, nó ainm an ghnólachta, agus seoladh iomlán

Maidir leis an gcomhfhreagras agus leis na fógraí go léir agus le haon fhoirmiúlacht nó nós imeachta a bhaineann leis an ngnóthas sin a dhíreofar chuig ceann dá s(h)eoltaí le haghaidh seirbhísí, nó a dhéanfar i scríbhinn ag ceann dá s(h)eoltaí le haghaidh seirbhísí, aithníonn an duine/na daoine thíos‑sínithe go nglacfar leis na nithe sin mar nithe arna seachadadh chuige go cuí.

Aithníonn an duine/na daoine thíos‑sínithe dlínse chúirteanna na n‑áiteanna ina bhfuil seoladh seirbheála aige/acu.

Geallann an duine/na daoine thíos‑sínithe gan a sheoladh/a seoltaí le haghaidh seirbheála a athrú nó, má bhíonn air/orthu ceann amháin nó níos mó de na seoltaí sin a athrú, an oifig ráthaíochta a chur ar an eolas roimh ré.

Arna dhéanamh i/in/sa/san…………………………an…………………………………………………………….

…………………………………………………………………………………………………..

(Síniú)(10)

II. Formheas oifig na ráthaíochta

Oifig na ráthaíochta……………………………………………………………………………..

…………………………………………………………………………………………………..

…………………………………………………………………………………………………..

Gealltanas an ráthóra arna fhormheas an………………………………………… chun an oibríocht chustaim a chumhdach ar oibríocht chustaim í a rinneadh faoi dhearbhú custaim/dearbhú stórála sealadaí Uimh. …………………………..an …………………………………………………………….....(11)

…………………………………………………………………………………………………...

(Stampa agus Síniú)

(1)    Sloinne agus céadainm nó ainm an ghnólachta.

(2)    Seoladh iomlán.

(3)    De bhun an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach don Fhuinneamh Adamhach, is mar chuid den Aontas Eorpach atá Tuaisceart Éireann le meas chun críoch na ráthaíochta seo. Dá bhrí sin, ráthóir atá bunaithe i limistéar custaim an Aontais Eorpaigh, cuirfidh sé seoladh le haghaidh seirbheála in iúl, nó ceapfaidh sé gníomhaire, i dTuaisceart Éireann más féidir an ráthaíocht a úsáid ann. Mar sin féin má bhailíochtaítear ráthaíocht san Aontas Eorpach agus sa Ríocht Aontaithe i gcomhthéacs na nidirthuras comhchoiteann, ba leor aon seoladh amháin le haghaidh seirbheála nó gníomhaire ceaptha sa Ríocht Aontaithe le gach cuid den Ríocht Aontaithe a chumhdach, Tuaisceart Éireann san áireamh.

(4)    Scrios ainm/ainmneacha an Stáit/na Stát nach bhféadfar an ráthaíocht a úsáid ar a chríoch/a gcríocha.

(5)    Ní bheidh feidhm ag na tagairtí do Phrionsacht Andóra agus do Phoblacht San Mairíne ach amháin maidir le hoibríochtaí idirthurais an Chomhphobail.

(6)    Sloinne agus céadainm, nó ainm an ghnólachta agus seoladh iomlán an duine a sholáthraíonn an ráthaíocht.

(7)    Infheidhme maidir leis na muirir eile atá dlite i ndáil le hallmhairiú nó le honnmhairiú na nearraí i gcás ina núsáidtear an ráthaíocht chun earraí a chur faoi nós imeachta idirthurais an Chomhphobail/faoin nós imeachta comhchoiteann maidir le hearraí faoi bhealach nó i gcás ina bhféadfar í a úsáid i níos mó ná Ballstát amháin.

(8)    Iontráil ceann de na hoibríochtaí custaim seo a leanas:

(a) stóráil shealadach,

(b) Nós imeachta idirthurais an Chomhphobail/ nós imeachta comhchoiteann idirthurais,

(c) nós imeachta stórasaithe custaim,

(d) nós imeachta um chead isteach sealadach lena ngabhann faoiseamh iomlán ó dhleacht ar allmhairí,

(e) próiseáil isteach,

(f) nós imeachta úsáide deiridh,

(g) scaoileadh i saorchúrsaíocht faoi ghnáthdhearbhú custaim gan íocaíocht iarchurtha,

(h) scaoileadh i saorchúrsaíocht faoi ghnáthdhearbhú custaim le híocaíocht iarchurtha,

(i) scaoileadh i saorchúrsaíocht faoi dhearbhú custaim arna thaisceadh i gcomhréir le hAirteagal 166 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais,

(j) scaoileadh i saorchúrsaíocht faoi dhearbhú custaim arna thaisceadh i gcomhréir le hAirteagal 182 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais,

(k) cead isteach sealadach lena ngabhann faoiseamh páirteach ó dhleacht ar allmhairí,

(l) más oibríocht eile é — sonraigh an cineál oibríochta eile.

(9)    Más rud é, i ndlí na tíre, nach bhfuil aon fhoráil ann maidir le seoladh le haghaidh seirbheála, ceapfaidh an ráthóir, sa tír seo, gníomhaire atá údaraithe aon chumarsáid a fháil a dhíreofar chuige agus ní mór an dearbhú sa dara fomhír agus an gealltanas sa cheathrú fomhír de phointe 4 a dhéanamh chun freagairt don chumarsáid. Beidh dlínse ag cúirteanna na náiteanna ina bhfuil seoltaí seirbheála an ráthóra nó a ghníomhairí suite i ndíospóidí a bhaineann leis an ráthaíocht sin.

(10)    Ní mór don duine a shíníonn an doiciméad an méid seo a leanas a chur isteach de láimh roimh a shíniú: ‘Ráthaíocht do mhéid...’ (an méid á scríobh amach i litreacha)

(11)    Le comhlánú ag an oifig inar cuireadh na hearraí faoin nós imeachta nó ina raibh siad á stóráil go sealadach

 

4. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn C2:

IARSCRÍBHINN C2

GEALLTANAS AN RÁTHÓRA — RÁTHAÍOCHT AONAIR I BHFOIRM DEARBHÁN

I. Gealltanas ón ráthóir

1. An duine/na daoine thíossínithe (1)            

…………………………………………………………………………………………………..

…………………………………………………………………………………………………..

a chónaíonn i/in/sa/san(2)

…………………………………………………………………………………………………..

…………………………………………………………………………………………………..

ráthaíonn sé/siad leis seo, i gcomhpháirt agus go leithleach, in oifig custaim na ráthaíochta

…………………………………………………………………………………………………...

i bhfabhar an Aontais Eorpaigh (ina bhfuil Ríocht na Beilge, Poblacht na Bulgáire, Poblacht na Seice, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na hEastóine, an Phoblacht Heilléanach, Poblacht na Cróite, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Éire, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Ard‑Diúcacht Lucsamburg, Poblacht na hUngáire, Poblacht Mhálta, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne) agus Phoblacht na hÍoslainne, Phoblacht na Macadóine Thuaidh, Ríocht na hIorua, Phoblacht na Seirbia, Chónaidhm na hEilvéise, Phoblacht na Tuirce, na hÚcráine, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann(3), Phrionsacht Andóra agus Phoblacht San Mairíne(4), aon mhéid ar ina leith a d’fhéadfadh an duine/na daoine a thugann an ráthaíocht seo bheith faoi dhliteanas ina leith nó d’fhéadfadh sé teacht i gceist go mbeadh sé/siad faoi dhliteanas ina leith ag na tíortha thuasluaite maidir fiach i bhfoirm dleachta agus muirear eile atá dlite i dtaca le hallmhairiú nó onnmhairiú na n‑earraí a cuireadh faoi nós imeachta idirthurais an Chomhphobail/faoin nós imeachta comhchoiteann maidir le hearraí faoi bhealach, agus ar ina leith a gheall an duine/na daoine thíos‑sínithe dearbhán ráthaíochta aonair a eisiúint, suas le híosmhéid EUR 10 000 in aghaidh an dearbháin.

2. Geallann an duine/na daoine thíos‑sínithe go n‑íocfaidh sé/siad an tsuim a iarrtar ar an gcéad iarratas i scríbhinn ó údaráis inniúla na dtíortha dá dtagraítear i bpointe 1 agus é/iad gan a bheith in ann an íocaíocht a chur siar thar thréimhse 30 lá ó dháta an iarratais, na suimeanna a iarradh, suas le EUR 10 000 in aghaidh an dearbháin ráthaíochta aonair, mura rud é go suífidh sé/siad nó aon duine eile lena mbaineann roimh dhul in éag na tréimhse sin, chun sástacht na n‑údarás custaim, gur urscaoileadh an oibríocht.

Arna iarraidh sin don duine/do na daoine thíos‑sínithe agus ar aon chúis a aithnítear a bheith bailí, féadfaidh na húdaráis inniúla an tréimhse ar laistigh di a bhfuil sé d’oibleagáid air/orthu na suimeanna arna n‑iarraidh a íoc a chur siar thar thréimhse 30 lá ón dáta a ndéantar iarratas ar íocaíocht. Ní mór na costais arna dtabhú mar thoradh ar an tréimhse bhreise sin a dheonú, go háirithe aon ús, a ríomh ionas go mbeidh an méid coibhéiseach leis an méid a mhuirearófaí in imthosca den chineál céanna ar an margadh airgid nó ar an margadh airgeadais sa tír lena mbaineann.

3. Beidh an gealltanas sin bailí ón lá a fhormheasfaidh oifig na ráthaíochta é. Leanfaidh an duine/na daoine thíos‑sínithe de bheith faoi dhliteanas aon fhiach a íoc a tabhaíodh le linn na hoibríochta maidir le nós imeachta comhchoiteann nó na hoibríochta Comhphobail a chumhdaítear leis an ngnóthas sin agus a tosaíodh sular tháinig aon chúlghairm nó aon chealú ar an ráthaíocht i bhfeidhm, fiú má dhéantar an t‑éileamh ar íocaíocht tar éis an dáta sin.

4. Chun críche an ghnóthais seo, tugann an duine/na daoine thíos‑sínithe a sheoladh/a seoltaí le haghaidh seirbheála(5) i ngach ceann de na tíortha eile dá dtagraítear i bpointe 1 mar a leanas:

Tír

Sloinne agus céadainmneacha, nó ainm an ghnólachta, agus seoladh iomlán

Maidir leis an gcomhfhreagras agus leis na fógraí go léir agus le haon fhoirmiúlacht nó nós imeachta a bhaineann leis an ngnóthas sin a dhíreofar chuig ceann dá s(h)eoltaí le haghaidh seirbhísí, nó a dhéanfar i scríbhinn ag ceann dá s(h)eoltaí le haghaidh seirbhísí, aithníonn an duine/na daoine thíos‑sínithe go nglacfar leis na nithe sin mar nithe arna seachadadh chuige go cuí.

Aithníonn an duine/na daoine thíos‑sínithe dlínse chúirteanna na n‑áiteanna ina bhfuil seoladh seirbheála aige/acu.

Geallann an duine/na daoine thíos‑sínithe gan a sheoladh/a seoltaí le haghaidh seirbheála a athrú nó, má bhíonn air/orthu ceann amháin nó níos mó de na seoltaí sin a athrú, an oifig ráthaíochta a chur ar an eolas roimh ré.

Arna dhéanamh i/in/sa/san………………………………………………………………………………………….

an……………………………………………………………………………………………….

………………………………………………………………………………………………….

                       (Síniú)(6)

II. Formheas oifig na ráthaíochta

Oifig na ráthaíochta

…………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………….

Gealltanas an ráthóra arna fhormheas an…………………………………………………………..

…………………………………………………………………………………………………..                        

(Stampa agus Síniú)

   (1)    Sloinne agus céadainm nó ainm an ghnólachta

(2)    Seoladh iomlán

(3)    De bhun an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach don Fhuinneamh Adamhach, is mar chuid den Aontas Eorpach atá Tuaisceart Éireann le meas chun críoch na ráthaíochta seo. Dá bhrí sin, ráthóir atá bunaithe i limistéar custaim an Aontais Eorpaigh, cuirfidh sé seoladh le haghaidh seirbheála in iúl, nó ceapfaidh sé gníomhaire, i dTuaisceart Éireann más féidir an ráthaíocht a úsáid ann. Mar sin féin má bhailíochtaítear ráthaíocht san Aontas Eorpach agus sa Ríocht Aontaithe i gcomhthéacs na nidirthuras comhchoiteann, ba leor aon seoladh amháin le haghaidh seirbheála nó gníomhaire ceaptha sa Ríocht Aontaithe le gach cuid den Ríocht Aontaithe a chumhdach, Tuaisceart Éireann san áireamh.

(4)    Ní bheidh feidhm ag na tagairtí do Phrionsacht Andóra agus do Phoblacht San Mairíne ach amháin maidir le hoibríochtaí idirthurais an Chomhphobail

(5)    Más rud é, i ndlí na tíre, nach bhfuil aon fhoráil ann maidir le seoladh le haghaidh seirbheála, ceapfaidh an ráthóir, sa tír seo, gníomhaire atá údaraithe aon chumarsáid a fháil a dhíreofar chuige agus ní mór an dearbhú sa dara fomhír agus an gealltanas sa cheathrú fomhír de phointe 4 a dhéanamh chun freagairt don chumarsáid. Beidh dlínse ag cúirteanna na náiteanna ina bhfuil seoltaí seirbheála an ráthóra nó a ghníomhairí suite i ndíospóidí a bhaineann leis an ráthaíocht sin.

(6)    Ní mór an méid seo a leanas a chur roimh an síniú i lámhscríbhneoireacht an tsínitheora féin: ‘Bailí mar dhearbhán ráthaíochta’.

5. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn C4:

IARSCRÍBHINN C4

GEALLTANAS AN RÁTHÓRA — RÁTHAÍOCHT CHUIMSITHEACH

I.    Gealltanas ón ráthóir

1.    An duine/na daoine thíossínithe (1) 

…………………………………………………………………………………………...

…………………………………………………………………………………………...

a chónaíonn i/in/sa/san(2) 

…………………………………………………………………………………………...

…………………………………………………………………………………………...

ráthaíonn sé/siad leis seo, i gcomhpháirt agus go leithleach, in oifig custaim na ráthaíochta

…………………………………………………………………………………………...

ráthaíocht suas le huasmhéid de…………………………………………………………….

i bhfabhar an Aontais Eorpaigh (ina bhfuil Ríocht na Beilge, Poblacht na Bulgáire, Poblacht na Seice, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na hEastóine, Éire, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na Cróite, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Ard‑Diúcacht Lucsamburg, an Ungáir, Poblacht Mhálta, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne) agus Phoblacht na hÍoslainne, Phoblacht na Macadóine Thuaidh, Ríocht na hIorua, Phoblacht na Seirbia, Chónaidhm na hEilvéise, Phoblacht na Tuirce, na hÚcráine, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann(3) (4), Phrionsacht Andóra agus Phoblacht San Mairíne(5),

 
aon mhéid d’fhéadfadh an duine a chuireann an ráthaíocht seo ar fáil
(6)…………………………………….. a bheith faoi dhliteanas ina leith nó d’fhéadfadh sé teacht i gceist go mbeadh sé faoi dhliteanas ina leith ag na tíortha thuasluaite i leith fiach i bhfoirm dleachta agus muirear eile(7) a d’fhéadfaí a thabhú nó a tabhaíodh i ndáil leis na hearraí a chumhdaítear leis na hoibríochtaí custaim a luaitear i bpointe 1a agus/nó i bpointe 1b.

Tá uasmhéid na ráthaíochta comhdhéanta de mhéid na nithe seo a leanas:

……………………………………………………………………………………….

(a)    beidh sé cothrom le 100/50/30 %(8) den chuid den mhéid tagartha a chomhfhreagraíonn do mhéid fiach custaim agus muirear eile a d’fhéadfaí a thabhú, arb ionann é agus suim na méideanna a liostaítear i bpointe 1a,

agus

……………………………………………………………………………………….

(b)    beidh sé cothrom le 100/30 %(8) den chuid den mhéid tagartha a chomhfhreagraíonn do mhéid fiach custaim agus muirear eile a tabhaíodh, arb ionann é agus suim na méideanna a liostaítear i bpointe 1b,

1a.    Is iad seo a leanas na méideanna atá sa chuid den mhéid tagartha a chomhfhreagraíonn do mhéid fiach custaim agus, i gcás inarb infheidhme, do mhuirir eile a d’fhéadfaí a thabhú maidir le gach ceann de na críocha atá liostaithe thíos(9):

(a)    stóráil shealadach - …,

(b)    Nós imeachta idirthurais an Chomhphobail/ nós imeachta comhchoiteann idirthurais...,

(c)    nós imeachta stórasaithe custaim - …,

(d)    nós imeachta um chead isteach sealadach lena ngabhann faoiseamh iomlán ó dhleacht ar allmhairí - …,

(e)    próiseáil isteach - …,

(f)    nós imeachta úsáide deiridh - …,

(g)    más oibríocht eile é — sonraigh an cineál oibríochta eile - ….

1b.    Is iad seo a leanas na méideanna atá sa chuid den mhéid tagartha a chomhfhreagraíonn do mhéid fiach custaim agus, i gcás inarb infheidhme, do mhuirir eile a tabhaíodh maidir le gach ceann de na críocha atá liostaithe thíos(9):

(a)    scaoileadh i saorchúrsaíocht faoi ghnáthdhearbhú custaim gan íocaíocht iarchurtha - …,

(b)    scaoileadh i saorchúrsaíocht faoi ghnáthdhearbhú custaim agus íocaíocht iarchurtha ann - …,


(c)    scaoileadh i saorchúrsaíocht faoi dhearbhú custaim arna thaisceadh i gcomhréir le hAirteagal 166 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais - …,

(d)    scaoileadh i saorchúrsaíocht faoi dhearbhú custaim arna thaisceadh i gcomhréir le hAirteagal 182 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais - …,

(e)    nós imeachta um chead isteach sealadach lena ngabhann faoiseamh páirteach ó dhleacht ar allmhairí - …,

(f)    nós imeachta úsáide deiridh - …(10) ,

(g)    más oibríocht eile é — sonraigh an cineál oibríochta eile - ….

2.    Geallann an duine/na daoine thíossínithe go níocfaidh sé/siad an tsuim a iarrtar ar an gcéad iarratas i scríbhinn ó údaráis inniúla na dtíortha dá dtagraítear i bpointe 1 agus é/iad gan a bheith in ann an íocaíocht a chur siar thar thréimhse 30 lá ó dháta an iarratais suas go dtí an uasmhéid a luadh thuas, mura rud é go suífidh sé/siad nó aon duine eile lena mbaineann roimh dhul in éag na tréimhse sin, chun sástacht na núdarás custaim, gur urscaoileadh an nós imeachta speisialta seachas an nós imeachta úsáide deiridh, go bhfuil deireadh ceart curtha leis an maoirseacht chustaim ar earraí úsáide deiridh nó leis an stóráil shealadach nó, i gcás na noibríochtaí seachas nósanna imeachta speisialta, gur tugadh staid na nearraí chun rialtachta.

Arna iarraidh sin don duine/do na daoine thíos‑sínithe agus ar aon chúis a aithnítear a bheith bailí, féadfaidh na húdaráis inniúla an tréimhse ar laistigh di a bhfuil sé d’oibleagáid air/orthu na suimeanna arna n‑iarraidh a íoc a chur siar thar thréimhse 30 lá ón dáta a ndéantar iarratas ar íocaíocht. Ní mór na costais arna dtabhú mar thoradh ar an tréimhse bhreise sin a dheonú, go háirithe aon ús, a ríomh ionas go mbeidh an méid coibhéiseach leis an méid a mhuirearófaí in imthosca den chineál céanna ar an margadh airgid nó ar an margadh airgeadais sa tír lena mbaineann.

Ní fhéadfar an méid sin a laghdú le haon suim a íocadh cheana faoi théarmaí an ghealltanais seo mura n‑iarrfar ar an duine/na daoine thíos‑sínithe fiach a íoc a tabhaíodh le linn oibríocht chustaim a tosaíodh sula bhfuarthas an t‑éileamh ar íocaíocht roimhe sin nó laistigh de 30 lá ina dhiaidh sin.

3.    Beidh an gealltanas sin bailí ón lá a fhormheasfaidh oifig na ráthaíochta é. Leanfaidh an duine/na daoine thíossínithe de bheith faoi dhliteanas aon fhiach a íoc a thiocfaidh chun cinn le linn na hoibríochta custaim a chumhdaítear leis an ngnóthas sin agus a tosaíodh sular tháinig aon chúlghairm nó aon chealú ar an ráthaíocht i bhfeidhm, fiú má dhéantar an téileamh ar íocaíocht tar éis an dáta sin.

4.    Chun críche an ghnóthais seo, tugann an duine/na daoine thíossínithe a sheoladh/a seoltaí le haghaidh seirbheála(11) i ngach ceann de na tíortha eile dá dtagraítear i bpointe 1 mar a leanas:

Tír

Sloinne agus céadainmneacha, nó ainm an ghnólachta, agus seoladh iomlán

Maidir leis an gcomhfhreagras agus leis na fógraí go léir agus le haon fhoirmiúlacht nó nós imeachta a bhaineann leis an ngnóthas sin a dhíreofar chuig ceann dá s(h)eoltaí le haghaidh seirbhísí, nó a dhéanfar i scríbhinn ag ceann dá s(h)eoltaí le haghaidh seirbhísí, aithníonn an duine/na daoine thíos‑sínithe go nglacfar leis na nithe sin mar nithe arna seachadadh chuige go cuí.

Aithníonn an duine/na daoine thíos‑sínithe dlínse chúirteanna na n‑áiteanna ina bhfuil seoladh seirbheála aige/acu.

Geallann an duine/na daoine thíos‑sínithe gan a sheoladh/a seoltaí le haghaidh seirbheála a athrú nó, má bhíonn air/orthu ceann amháin nó níos mó de na seoltaí sin a athrú, an oifig ráthaíochta a chur ar an eolas roimh ré.

Arna dhéanamh i/in/sa/san …………………………………………………………………………………………
an ………………………………..…………………………….………………………………..

…………………………………………………………………………………………………...

(Síniú)(12)



II.    Formheas oifig na ráthaíochta

Oifig na ráthaíochta
………………………………………………………………………………………………

Gealltanas an ráthóra arna ghlacadh an
………………………………………………………………………………………………..

…………………………………………………………………….

   (Stampa agus Síniú)

________________

(1)    Sloinne agus céadainm, nó ainm an ghnólachta.

(2)    Seoladh iomlán.

(3)    De bhun an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach don Fhuinneamh Adamhach, is mar chuid den Aontas Eorpach atá Tuaisceart Éireann le meas chun críoch na ráthaíochta seo. Dá bhrí sin, ráthóir atá bunaithe i limistéar custaim an Aontais Eorpaigh, cuirfidh sé seoladh le haghaidh seirbheála in iúl, nó ceapfaidh sé gníomhaire, i dTuaisceart Éireann más féidir an ráthaíocht a úsáid ann. Mar sin féin má bhailíochtaítear ráthaíocht san Aontas Eorpach agus sa Ríocht Aontaithe i gcomhthéacs na nidirthuras comhchoiteann, ba leor aon seoladh amháin le haghaidh seirbheála nó gníomhaire ceaptha sa Ríocht Aontaithe le gach cuid den Ríocht Aontaithe a chumhdach, Tuaisceart Éireann san áireamh.

(4)    Scrios ainm/ainmneacha na tíre/na dtíortha nach bhféadfar an ráthaíocht a úsáid ar a críoch/a gcríocha.

(5)    Ní bheidh feidhm ag na tagairtí do Phrionsacht Andóra agus do Phoblacht San Mairíne ach amháin maidir le hoibríochtaí idirthurais an Chomhphobail.

(6)    Sloinne agus céadainm, nó ainm an ghnólachta agus seoladh iomlán an duine a sholáthraíonn an ráthaíocht.

(7)    Infheidhme maidir leis na muirir eile atá dlite i ndáil le hallmhairiú nó le honnmhairiú na nearraí i gcás ina núsáidtear an ráthaíocht chun earraí a chur faoi nós imeachta idirthurais an Chomhphobail/faoin nós imeachta comhchoiteann maidir le hearraí faoi bhealach nó i gcás ina bhféadfar í a úsáid i níos mó ná Ballstát amháin nó níos mó ná Páirtí Conarthach amháin.

(8)    Scrios aon rud nach mbaineann le hábhar.

(9)    Is san Aontas amháin atá feidhm ag nósanna imeachta seachas an nós imeachta maidir le nós imeachta comhchoiteann.

(10)    Le haghaidh méideanna arna ndearbhú i ndearbhú custaim don nós imeachta úsáide deiridh.

(11)    Más rud é, i ndlí na tíre, nach bhfuil aon fhoráil ann maidir le seoladh le haghaidh seirbheála, ceapfaidh an ráthóir, sa tír seo, gníomhaire atá údaraithe aon chumarsáid a fháil a dhíreofar chuige agus ní mór an dearbhú sa dara fomhír agus an gealltanas sa cheathrú fomhír de phointe 4 a dhéanamh chun freagairt don chumarsáid. Beidh dlínse ag cúirteanna na háite ina bhfuil seoltaí seirbheála an ráthóra nó a ghníomhairí suite i ndíospóidí a bhaineann leis an ráthaíocht sin.

(12)    Ní mór don duine a shíníonn an doiciméad an méid seo a leanas a chur isteach de láimh roimh a shíniú: ‘Ráthaíocht do mhéid...’ (an méid á scríobh amach i litreacha).



6. I mbosca 7 Iarscríbhinn C5, cuirtear na focail ‘AN ÚCRÁIN’ isteach idir na focail ‘AN TUIRC’ agus ‘AN RÍOCHT AONTAITHE’.

7. I mbosca 6 Iarscríbhinn C6, cuirtear na focail ‘AN ÚCRÁIN’ isteach idir na focail ‘AN TUIRC’ agus ‘AN RÍOCHT AONTAITHE’.

(1)    IO Uimh. L 226, 13.8.1987, lch. 2